02015R1017 — GA — 01.01.2021 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2015/1017 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Meitheamh 2015 (IO L 169 1.7.2015, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2017/2396 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2017 |
L 345 |
34 |
27.12.2017 |
|
RIALACHÁN (AE) 2021/523 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 24 Márta 2021 |
L 107 |
30 |
26.3.2021 |
RIALACHÁN (AE) 2015/1017 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Meitheamh 2015
maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 – an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha
CAIBIDIL I
FORÁLACHA TOSAIGH
Airteagal 1
Ábhar
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘Comhaontú CEIS’ an ionstraim dlí trína sonraíonn an Coimisiún agus BEI na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo chun CEIS a bhainistiú;
ciallaíonn ‘Comhaontú MCEI’ an ionstraim dlí trína sonraíonn an Coimisiún agus BEI na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le cur chun feidhme MCEI;
ciallaíonn ‘bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh’ eintitis dhlíthiúla a dhéanann gníomhaíochtaí airgeadais ar bhonn gairmiúil a dtugann Ballstát nó eintiteas Ballstáit sainordú ina leith, ar leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil, chun dul i mbun gníomhaíochtaí forbartha nó spreagtha;
ciallaíonn 'ardáin infheistíochta' meáin shainchuspóra, cuntais bhainistithe, cómhaoiniú conradh-bhunaithe nó socruithe roinnte riosca nó socruithe a bhunaítear ar aon slí eile trína dtarchuireann eintitis ranníocaíocht airgeadais d'fhonn roinnt tionscadal infheistíochta a mhaoiniú, agus a bhféadfadh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh iontu:
ardáin náisiúnta nó fhonáisiúnta, a dhéanann roinnt tionscadal infheistíochta ar chríoch Ballstáit ar leith a ghrúpáil le chéile;
ardáin trasteorann, ilnáisiúnta, réigiúnacha nó macrairéigiúnacha a dhéanann comhpháirtithe ó roinnt Ballstát, réigiún nó tríú tíortha a bhfuil suim acu i dtionscadail i limistéar geografach ar leith a ghrúpáil le chéile;
ardáin théamacha a dhéanann tionscadail infheistíochta in earnáil ar leith a ghrúpáil le chéile;
ciallaíonn ‘fiontair bheaga agus mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún ( 1 );
ciallaíonn ‘cuideachtaí lárchaipitlithe beaga’ eintitis ina bhfuil suas le 499 fostaí nach FBManna iad;
ciallaíonn ‘cuideachtaí lárchaipitlithe’ eintitis ina bhfuil suas le 3 000 fostaí agus nach fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad ná cuideachtaí lárchaipitlithe beaga;
ciallaíonn ‘breisíocht’ breisíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 5(1) í.
CAIBIDIL II
CISTE EORPACH LE HAGHAIDH INFHEISTÍOCHTAÍ STRAITÉISEACHA
Airteagal 3
Cuspóir
Is é an cuspóir a bheidh ag CEIS tacaíocht a thabhairt, san Aontas, don mhéid seo a leanas, trí chumas seasaimh riosca a thabhairt do BEI:
infheistíochtaí;
rochtain mhéadaithe ar mhaoiniú d'eintitis a bhfuil suas le 3 000 fostaí acu, agus béim ar leith á leagan ar FBManna agus ar chuideachtaí lárchaipitlithe beaga.
Airteagal 4
Téarmaí Chomhaontú CEIS
Beidh i gComhaontú CEIS, go háirithe, forálacha maidir leis an méid seo a leanas:
CEIS a bhunú, lena n-áirítear:
CEIS a bhunú mar shaoráid leithleach, atá inaitheanta go soiléir agus trédhearcach agus mar chuntas ar leithligh arna mbainistiú ag BEI, a bhfuil a chuid oibríochtaí idirdhealaithe go soiléir ó oibríochtaí eile BEI;
méid, nach lú ná EUR 7 500 000 000 i ráthaíochtaí nó in airgead tirim, agus téarmaí na ranníocaíochta airgeadais a bheidh le cur ar fáil ag BEI trí CEIS;
téarmaí an chistithe nó na ráthaíochtaí atá le soláthar ag BEI, trí CEIS, do CEI;
praghsáil oibríochtaí faoi ráthaíocht AE atá le bheith i gcomhréir le beartas praghsála BEI;
na nósanna imeachta, gan dochar do Phrótacal Uimh. 5 ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta atá i gceangal le CAE agus le CFAE agus le sainphribhléidí BEI a leagtar amach ann, chun laghdú a dhéanamh ar chostas maoinithe na hoibríochta a íocann tairbhí mhaoiniú BEI faoi CEIS, go háirithe trí mhodhnú a dhéanamh ar luach saothair ráthaíocht AE, i gcás inar gá sin go háirithe i gcás ina mbeadh dálaí struis sa mhargadh airgeadais ina mbac ar thionscadal inmharthana a chur i gcrích nó inar gá iad chun éascú a dhéanamh ar ardáin infheistíochta a bhunú nó ar thionscadail in earnálacha nó i réimsí ina bhfuil cliseadh suntasach sa mhargadh nó ina bhfuil staid ina ndéantar infheistíocht fho-optamach, a mhéid nach mbeadh tionchar suntasach aige ar an maoiniú is gá chun an Ciste Ráthaíochta a sholáthar;
socruithe rialachais a bhaineann le CEIS, i gcomhréir le hAirteagal 7, gan dochar do Phrótacal Uimh. 5 ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta atá i gceangal le CAE agus le CFAE (Reacht BEI), lena n-áirítear:
comhdhéanamh an Bhoird Stiúrtha agus líon na gcomhaltaí atá le bheith air;
foráil go bhfuil ionadaí de chuid an Choimisiúin le cathaoirleach a dhéanamh ar chruinnithe an Bhoird Stiúrtha;
foráil gur ar an mBord Stiúrtha atá sé cinntí a dhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7(3);
an nós imeachta chun an Stiúrthóir Bainistíochta agus an Leas-Stiúrthóir Bainistíochta a cheapadh, a luach saothair agus a gcoinníollacha oibre, i gcomhréir le Rialacha Foirne BEI, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le duine nó daoine eile a chur ag feidhmiú a bhfeidhmeanna ina n-ionad agus na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le cuntasacht, gan dochar don Rialachán seo;
an nós imeachta chun comhaltaí an Choiste Infheistíochta a cheapadh agus a bhriseadh as a bpoist, a luach saothair agus a gcoinníollacha oibre agus na socruithe maidir le vótáil laistigh den Choiste Infheistíochta, lena sonraítear an córam agus lena leithroinntear vóta amháin ar gach comhalta;
an ceanglas go ndéanfaidh an Bord Stiúrtha agus an Coiste Infheistíochta a rialacha nós imeachta faoi seach a ghlacadh;
an ceanglas go ndéanfaidh comhlachtaí rialála BEI formheas deiridh, i gcomhréir le Reacht BEI, ar oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
forálacha maidir le coinbhleachtaí leasa féideartha a sheachaint, agus déileáil leo;
ráthaíocht AE, atá le bheith ina ráthaíocht neamhchoinníollach, neamh-inchúlghairthe, chéadéilimh i bhfabhar BEI, lena n-áirítear:
i gcomhréir le hAirteagal 11, rialacha mionsonraithe maidir le ráthaíocht AE a sholáthar, lena n-áirítear a cuid socruithe maidir le cumhdach, a cumhdach sainithe maidir le punanna ionstraimí de chineálacha sonracha agus na teagmhais ábhartha a spreagann gairmeacha féideartha ar ráthaíocht AE;
ceanglais go ndéanfar an luach saothair maidir le riosca a leithdháileadh i measc ranníocóirí do CEIS i gcomhréir lena sciar faoi seach ó thaobh riosca a sheasamh agus go ndéanfar luach saothair leis an Aontas agus íocaíochtaí maidir le ráthaíocht AE ar bhealach tráthúil ach ní dhéanfar iad go dtí go mbeidh íocaíochtaí agus caillteanais ó oibríochtaí glanluacháilte;
i gcomhréir le hAirteagal 9, ceanglais maidir le ráthaíocht AE a úsáid, lena n-áirítear na coinníollacha íocaíochta, amhail tréimhsí ama sonracha, an t-ús atá le híoc ar na méideanna dlite agus na socruithe leachtachta is gá;
i gcomhréir le hAirteagal 11(5), forálacha agus nósanna imeachta a bhaineann le héilimh a ghnóthú atá le cur de chúram ar BEI;
i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go háirithe Airteagal 7(12) agus Airteagal 9(5) de, Iarscríbhinn II a ghabhann leis, agus aon ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an Rialacháin seo, na socruithe a bhaineann le formheas ag an gCoiste Infheistíochta maidir le ráthaíocht AE a úsáid le haghaidh tionscadail aonair nó le haghaidh tacaíocht a thabhairt d'ardáin infheistíochta nó do chistí infheistíochta, nó do bhhainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh;
na nósanna imeachta chun moltaí infheistíochta a chur isteach agus iad a fhormheas chun ráthaíocht AE a úsáid, lena n-áirítear:
an nós imeachta chun tograí infheistíochta a tharchur chuig an gCoiste Infheistíochta;
forálacha maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar agus tograí infheistíochta á gcur isteach chuig an gCoiste Infheistíochta;
an ceanglas go bhfuil an nós imeachta chun tograí infheistíochta a chur isteach agus a fhormheas chun ráthaíocht AE a úsáid gan dochar do rialacha cinnteoireachta BEI a leagtar síos i Reacht BEI, agus go háirithe Airteagal 19 de;
rialacha ina sonraítear tuilleadh na forálacha idirthréimhseacha a chomhlíonann Airteagal 24 den Rialachán seo, agus go háirithe an chaoi a bhfuil oibríochtaí a bheidh formheasta ag BEI le linn na tréimhse dá dtagraítear san Airteagal sin le háireamh faoi chumhdach ráthaíocht AE;
tuairisciú, faireachán, agus cuntasacht maidir le CEIS, lena n-áirítear;
i gcomhréir le hAirteagal 16, na hoibleagáidí a thiteann ar BEI i dtaca le tuairisciú a dhéanamh ar oibríochtaí, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le CEI;
na hoibleagáidí a bhaineann le tuairisciú airgeadais maidir le CEIS;
i gcomhréir le hAirteagal 20 agus Airteagal 21, rialacha maidir le hiniúchóireacht agus le calaois a chosc;
príomhtháscairí feidhmíochta, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáid ráthaíocht AE, comhlíonadh na gcuspóirí agus na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 6 agus in Airteagal 9 agus in Iarscríbhinn II, tiomsú ar chaipiteal príobháideach agus tionchar maicreacnamaíoch CEIS, lena n-áirítear an tionchar atá aige ar thacaíocht don infheistíocht;
meastóireachtaí ar fheidhmiú CEIS i gcomhréir le hAirteagal 18;
straitéis chumarsáide agus chur chun cinn CEIS;
na nósanna imeachta agus coinníollacha chun leasú a dhéanamh ar Chomhaontú CEIS, ar thionscnamh an Choimisiúin nó BEI, lena n-áirítear an oibleagáid tuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le leasú den sórt sin;
aon choinníollacha eile riaracháin nó eagrúcháin ar gá iad chun bainistiú a dhéanamh ar CEIS sa mhéid is go ngabhann úsáid chuí ráthaíocht AE leo.
na socruithe a bhaineann leis na ranníocaíochtaí ó Bhallstáit le CEIS i bhfoirm ráthaíochtaí nó airgead tirim, agus ó thríú páirtithe eile i bhfoirm airgead tirim amháin, ar socruithe iad nach bhfuil i gceist leo ceart ar bith chun a bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht agus i vótáil an Bhoird Stiúrtha a thabhairt do na Ballstáit sin nó do thríú páirtithe eile;
Forálfar don mhéid seo a leanas freisin le Comhaontú CEIS:
go mbeidh gníomhaíochtaí CEIS a dhéanann CEI faoi rialú chomhlachtaí rialála CEI;
go mbeidh gníomhaíochtaí CEIS a dhéanann CEI faoi réir ceanglas tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 16;
go gcuirfear luach saothair is inchurtha i leith an Aontais ó oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar fáil tar éis asbhaint na n-íocaíochtaí a dhéanfar de bharr gairmeacha ar ráthaíocht AE agus, ina dhiaidh sin, costas i gcomhréir le hAirteagal 9(6) agus le Comhaontú MCEI.
Airteagal 5
Breisíocht
Chun dul i ngleic le clistí sa mhargadh nó le staideanna infheistíochta fo-optamacha ar bhealach níos fearr, agus chun éascú a dhéanamh, go háirithe, ar úsáid a bhaint as ardáin infheistíochta do thionscadail ar mhionscála agus, dá réir sin, comhlántacht a áirithiú agus mar sin plódú amach rannpháirtithe sa mhargadh céanna a sheachaint, mar rogha slí agus má bhíonn údar iomchuí leis, beidh na nithe seo a leanas ag baint le gníomhaíochtaí speisialta BEI:
gnéithe an fho-ordaithe a bheith acu, lena n-áirítear róil shóisearacha a ghlacadh maidir le hinfheisteoirí eile;
a bheith rannpháirteach in ionstraimí comhroinnte riosca;
gnéithe trasteorann a léiriú;
a bheith i mbaol toisc rioscaí sonracha; nó
gnéithe eile a bheith acu mar a chuirtear síos orthu tuilleadh i bpointe (d) de Roinn 3 d’Iarscríbhinn II.
Gan dochar don cheanglas sainmhíniú ar bhreisíocht a chomhlíonadh mar a leagtar amach sa chéad fhomhír, is léiriú maith ar bhreisíocht iad na gnéithe seo a leanas:
I gcás ina n-éileoidh an leibhéal riosca amhlaidh, bainfear úsáid níos forleithne as gníomhaíochtaí speisialta BEI ná mar a bheadh déanta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh feidhm ag an méid seo go háirithe maidir leis na Ballstáit sin nach mbeidh gníomhaíochtaí speisialta BEI úsáidte iontu nó nach mbeidh úsáid bainte astu ach go heisceachtúil roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo chun go bhféadfar oibríochtaí breise agus tionscadail bhreise a chur chun feidhme, chomh maith le maoiniú breise ag BEI agus ag bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh nó ag ardáin infheistíochta.
Airteagal 6
Na critéir incháilitheachta chun ráthaíocht AE a úsáid
►M1 Beidh foráil i gComhaontú CEIS go dtacóidh CEIS le tionscadail a thugann aghaidh ar chlistí sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha agus: ◄
atá inmharthana go heacnamaíoch de réir anailís costais agus tairbhe de réir chaighdeáin an Aontais, agus tacaíocht fhéideartha ó chomhpháirtithe príobháideacha agus poiblí le tionscadal agus cómhaoiniú ag comhpháirtithe príobháideacha agus poiblí le tionscadal á gcur san áireamh;
atá comhsheasmhach le beartais an Aontais, lena n-áirítear cuspóir an fháis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh, poist ardcháilíochta a chruthú, agus an comhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh;
go gcuirtear breisíocht ar fáil leo:
i gcás inar féidir, an tiomsú ar chaipiteal na hearnála príobháidí a uasmhéadú; agus
atá inmharthana go teicniúil.
Airteagal 7
Rialachas CEIS
Forálfar le Comhaontú CEIS go mbeidh CEIS á rialú ag bord stiúrtha, is é sin bord, chun ráthaíocht AE a úsáid, atá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 9(2):
treoshuíomh straitéiseach CEIS, lena n-áirítear leithdháileadh ráthaíocht AE laistigh den bhonneagar agus de na hionuithe nuálaíochta agus aon chinneadh atá le glacadh faoi Airteagal 11(3) agus faoi Roinn 7(b) d'Iarscríbhinn II;
na beartais agus na nósanna imeachta oibriúcháin is gá d'fheidhmiú CEIS;
na rialacha is infheidhme maidir leis na hoibríochtaí le hardáin infheistíochta agus maidir le bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh;
próifíl riosca CEIS.
Déanfaidh an Bord Stiúrtha Cathaoirleach a thoghadh as measc a chomhaltaí go ceann téarma seasta 3 bliana, agus beidh sé in-athnuaite uair amháin. Déanfaidh an Bord Stiúrtha seasamh a chomhaltaí uile a phlé agus cuirfear iad i lánchuntas a oiread is féidir. Mura féidir leis na comhaltaí teacht ar aon intinn faoin seasamh atá acu, glacfaidh an Bord Stiúrtha a chuid cinntí trí vóta d’aon ghuth i measc a chomhaltaí vótála. Cuirfear cuntas substainteach ar fáil ar sheasamh na gcomhaltaí uile i miontuairiscí chruinnithe an Bhoird Stiúrtha.
Déanfar miontuairiscí mionsonraithe chruinnithe an Bhoird Stiúrtha a fhoilsiú a luaithe a bheidh siad formheasta ag an mBord Stiúrtha. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas a luaithe agus a fhoilseofar iad.
Déanfaidh an Bord Stiúrtha comhairliúchán a eagrú go rialta leis na geallsealbhóirí ábhartha - go háirithe comh-infheisteoirí, údaráis phoiblí, saineolaithe, institiúidí oideachais, oiliúna agus taighde, na comhpháirtithe sóisialta ábhartha agus ionadaithe na sochaí sibhialta - maidir le treoshuíomh agus cur chun feidhme an bheartais infheistíochta a chuireann BEI i bhfeidhm faoin Rialachán seo.
Déanfaidh an Bord Stiúrtha agus an Stiúrthóir Bainistíochta, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Infheistíochta, formheas comhpháirteach ar na hionstraimí a úsáideann CEI chun na hoibríochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a dhéanamh.
Beidh Leas-Stiúrthóir Bainistíochta de chúnamh ag an Stiúrthóir Bainistíochta. Glacfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta agus an Leas-Stiúrthóir Bainistíochta páirt i gcruinnithe an Bhoird Stiúrtha mar bhreathnóirí. Tuairisceoidh an Stiúrthóir Bainistíochta gach ráithe maidir le gníomhaíochtaí CEIS chuig an mBord Stiúrtha.
Déanfar Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go cuí agus go tráthúil ag gach céim den nós imeachta roghnúcháin, faoi réir ceanglais dhiana rúndachta. Tá feidhm aige sin gan beann ar an gcomhaontú a thabhairt i gcrích idir Parlaimint na hEorpa agus BEI dá dtagraítear in Airteagal 17(5).
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, chomh tapa agus is féidir, agus ar a dhéanaí laistigh de cheithre seachtaine ón tráth a chuirtear ainm an iarrthóra roghnaithe in iúl, éisteacht a eagrú leis an iarrthóir do gach post.
Tar éis formheas a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, ceapfaidh Uachtarán BIE an Stiúrthóir Bainistíochta agus an Leas-Stiúrthóir Bainistíochta ar feadh téarma socraithe trí bliana, a bheidh in-athnuaite uair amháin.
Agus saineolaithe an Choiste Infheistíochta á gceapadh aige, áiritheoidh an Bord Stiúrtha go mbeidh comhdhéanamh an Choiste Infheistíochta éagsúlaithe, chun a áirithiú go mbeidh a chomhaltaí ar an eolas tríd is tríd faoi na hearnálacha sin dá dtagraítear in Airteagal 9 agus faoi na margaí geografacha san Aontas.
Beidh comhdhéanamh an Choiste Infheistíochta cothrom ó thaobh na hinscne de. Féachfaidh an Bord Stiúrtha le saineolaithe a bhfuil taithí infheistíochta i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas acu a roghnú:
taighde, forbairt agus nuálaíocht;
bonneagair iompair agus teicneolaíochtaí nuálacha le haghaidh iompair;
bonneagair fuinnimh, éifeachtacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite;
bonneagair teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;
gníomhú ar son na haeráide, cosaint agus bainistiú comhshaoil;
oideachas agus oiliúint;
sláinte agus cógais leighis;
FBManna;
tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha;
soghluaisteacht uirbeach;
bonneagair shóisialta agus an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta;
talmhaíocht inbhuanaithe, foraoiseacht, iascach, dobharshaothrú agus gnéithe eile den bhithgheilleagar i gcoitinne.
Déanfaidh an Coiste Infheistíochta cinntí trí thromlach simplí. ►M1 Beidh cinntí lena bhformheastar úsáid ráthaíocht AE ar fáil go poiblí agus inrochtana, agus folóidh siad an réasúnaíocht don chinneadh, le béim ar leith ar chomhlíonadh an chritéir bhreisíochta. Tagróidh siad chomh maith don mheasúnú iomlán a eascraíonn as an scórchlár táscairí dá dtagraítear i mír 14. Ní bheidh faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de sa mhéid a fhoilsítear. Le linn dó teacht ar a chinneadh, beidh na doiciméid arna soláthar ag BEI mar thacaíocht don Choiste Infheistíochta.
Déanfar an scórchlár, ar uirlis é a úsáideann an Coiste Infheistíochta chun tosaíochtaí a leagan síos maidir le húsáid ráthaíocht AE in oibríochtaí a léiríonn scórtha níos airde agus luach breise, a chur ar fáil go poiblí tar éis tionscadal a bheith sínithe. Ní bheidh faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de sa mhéid a fhoilseofar.
Cuirfidh BEI codanna de na cinntí atá íogair ó thaobh na tráchtála de ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa nuair a iarrfar sin agus faoi réir diancheanglais rúndachta. ◄
Dhá uair sa bhliain, déanfaidh BEI liosta de chinntí uile an Choiste Infheistíochta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid an Choimisiúin chomh maith leis na scórchláir a bhaineann leis na cinntí uile sin. Beidh an aighneacht sin faoi réir diancheanglais rúndachta.
Déanfaidh an Bord Stiúrtha, mar chuid de threoshuíomh straitéiseach CEIS, scór íosta a bhunú do gach colún sa scórchlár d’fhonn measúnú ar thionscadail a fheabhsú.
Féadfaidh an Bord Stiúrtha, arna iarraidh sin ó BEI, a lamháil don Choiste Infheistíochta tionscadal a scrúdú a bhfuil a scór in aon cheann de na colúin níos ísle ná an scór íosta nuair is é tátal an mheasúnaithe iomláin atá sa scórchlár go dtabharfadh an oibríocht a bhaineann leis an tionscadal sin aghaidh ar chliseadh suntasach sa mhargadh nó go gcuirfeadh sí leibhéal ard breisíochta i láthair.
CAIBIDIL III
RÁTHAÍOCHT AE AGUS CISTE RÁTHAÍOCHTA AE
Airteagal 8
Ráthaíocht AE
Déanfaidh an tAontas ráthaíocht neamh-inchúlghairthe agus neamhchoinníollach a sholáthar do BEI le haghaidh oibríochtaí maoinithe nó infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus le Comhaontú CEIS (ráthaíocht AE) sa chás gur fíor an méid seo a leanas i dtaobh na n-oibríochtaí sin:
go gcuirtear i gcrích iad laistigh den Aontas; nó
go bhfuil baint acu le heintitis atá lonnaithe nó bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó agus a leathnaíonn amach do thríú tír amháin nó níos mó a thagann faoi raon feidhme Bheartas Comharsanachta na hEorpa, lena n-áirítear an Chomhpháirtíocht Straitéiseach, an beartas um méadú, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó Comhlachas Saorthrádála na hEorpa, nó do thír nó críoch thar lear, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CFAE, bíodh comhpháirtí nó ná bíodh sna tríú tíortha sin nó sna tíortha nó na críocha thar lear.
Déanfar ráthaíocht AE a dheonú mar ráthaíocht ar éileamh i leith ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 10.
Airteagal 9
Ceanglais chun ráthaíocht AE a úsáid
Deonófar ráthaíocht AE i gcomhair oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a bheidh formheasta ag an gCoiste Infheistíochta nó i gcomhair cistiú nó ráthaíochtaí do CEI d’fhonn oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11(3).
Déanfaidh BEI, i gcás inarb iomchuí, an breithmheas, an roghnú agus an faireachán a bhaineann le fothionscadail ar mhionscála a tharmligean chuig idirghabhálaithe airgeadais nó meáin incháilithe formheasta, go háirithe ardáin infheistíochta agus bainc náisiúnta chur chun cinn nó institiúidí náisiúnta cur chun cinn mar mhodh chun rochtain ar mhaoiniú do thionscadail ar mhionscála a mhéadú agus éascú. D’ainneoin an tríú fomhír de mhír 5 den Airteagal seo, ní choimeádfaidh an Coiste Infheistíochta an ceart chun úsáid ráthaíocht AE a fhormheas le haghaidh fothionscadal arna dtarmligean chuig idirghabhálaithe airgeadais nó meáin incháilithe formheasta i gcás go mbeidh ranníocaíocht CEIS leis na fothionscadail sin faoi bhun EUR 3 000 000 . I gcás inar gá, soláthróidh an Bord Stiúrtha treoir maidir leis an nós imeachta trína bhfuil an Coiste Infheistíochta le cinneadh a dhéanamh faoi úsáid ráthaíocht AE le haghaidh fothionscadal ina bhfuil ranníocaíocht CEIS cothrom le EUR 3 000 000 nó os a chionn.
Beidh na hoibríochtaí lena mbaineann i gcomhréir le beartais an Aontais agus tacóidh siad le haon cheann de na cuspóirí ginearálta seo a leanas:
taighde, forbairt agus nuálaíocht, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
tionscadail atá i gcomhréir le Fís 2020;
bonneagair taighde;
tionscadail agus cláir taispeána chomh maith le leas a bhaint as bonneagair, teicneolaíochtaí agus próisis a bhaineann leo sin;
tacú leis an saol acadúil lena n-áirítear comhar leis an tionsclaíocht;
aistriú eolais agus teicneolaíochta;
an earnáil fuinnimh a fhorbairt i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais Fuinnimh, lena n-áirítear slándáil an tsoláthair fuinnimh, agus creataí aeráide agus fuinnimh 2020, 2030 agus 2050, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
úsáid nó soláthar fuinnimh in-athnuaite a leathnú;
éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh (le fócas ar éileamh a laghdú trí bhainistíocht ar éileamh agus trí athchóiriú foirgneamh);
an bonneagar fuinnimh a fhorbairt agus a nuachóiriú (go háirithe idirnaisc, eangacha cliste ar an leibhéal dáileacháin, stóráil fuinnimh agus sioncrónú líonraí);
bonneagair iompair, agus trealaimh agus teicneolaíochtaí nuálacha le haghaidh iompair a fhorbairt, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
tionscadail agus tosaíochtaí cothrománacha atá incháilithe faoi Rialachán (AE) Uimh 1315/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013;
tionscadail chliste agus inbhuanaithe soghluaisteachta uirbí (ag díriú ar inrochtaineacht, ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú, ar ídiú fuinnimh agus ar thionóiscí);
tionscadail a nascann nód le bonneagair TEN-T;
bonneagair iarnróid, tionscadail iarnróid eile, agus calafoirt mhuirí;
tacaíocht airgeadais trí CEI agus BEI le heintitis eile a bhfuil suas le 3 000 fostaí acu, le fócas ar leith ar FBManna agus ar chuideachtaí lárchaipitlithe beaga, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
caipiteal oibre agus infheistíocht a sholáthar;
maoiniú riosca a sholáthar ó shíol go céimeanna leathnúcháin do FBManna, do chuideachtaí nuathionscanta, do chuideachtaí lárchaipitlithe beaga agus do chuideachtaí lárchaipitlithe, chun ceannaireacht teicneolaíoch in earnálacha nuálacha agus inbhuanaithe a áirithiú;
teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a fhorbairt agus leas a bhaint astu, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
inneachar digiteach;
teicneolaíocht bhlocshlabhra;
idirlíon na rudaí nithiúla;
bonneagair chibearshlándála agus cosanta líonraí;
seirbhísí digiteacha;
bonneagair ardluais teileachumarsáide;
líonra leathanbhanda;
éifeachtúlacht comhshaoil agus acmhainní, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
tionscadail agus bonneagair i réimse na cosanta agus na bainistíochta comhshaoil;
seirbhísí éiceachórais a neartú;
forbairt inbhuanaithe uirbeach agus tuaithe;
gníomhaíochtaí maidir leis an athrú aeráide;
caipiteal daonna, cultúr agus sláinte, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
oideachas agus oiliúint;
tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha, a mbeidh sásraí airgeadais earnáilsonracha le húdarú dóibh trí idirghníomhaíocht le Clár Eoraip na Cruthaitheachta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) agus le Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta a bunaíodh de bhun an Rialacháin sin, d’fhonn iasachtaí atá oiriúnach don fheidhm a chur ar fáil i gcomhair na dtionscadal sin;
réitigh nuálacha sláinte;
cógais leighis nua éifeachtacha;
bonneagair shóisialta, seirbhísí sóisialta, an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta;
turasóireacht;
talmhaíocht inbhuanaithe, foraoiseacht, iascach, dobharshaothrú agus gnéithe eile den bhithgheilleagar i gcoitinne;
laistigh de cheanglais an Rialacháin seo i gcás na réigiún beagfhorbartha agus na réigiún trasdula a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II faoi seach a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/99/AE ón gCoimisiún ( 3 ), tionscail agus seirbhísí eile atá incháilithe do thacaíocht BEI.
Agus é á aithint gur faoi thionchar an éilimh a bheidh CEIS, ag an am céanna, beidh sé mar sprioc ag BEI go dtacóidh 40 % ar a laghad de mhaoiniú CEIS faoin ionú bonneagair agus nuálaíochta le comhpháirteanna tionscadail a rannchuidíonn le gníomhú ar son na haeráide, i gcomhréir le gealltanais a rinneadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21). Ní dhéanfar maoiniú CEIS do FBManna ná do chuideachtaí beaga lárchaipitlithe a áireamh sa ríomh sin. Bainfidh BEI úsáid as a mhodheolaíocht a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta chun na comhpháirteanna tionscadail maidir le gníomhú ar son na haeráide nó na scaireanna costais sin a shainaithint. Tabharfaidh an Bord Stiúrtha treoir mhionsonraithe chuige sin, i gcás inar gá sin.
Mairfidh an tréimhse infheistíochta ar lena linn a fhéadfar ráthaíocht AE a dheonú chun tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo go dtí:
an 31 Nollaig 2020, i gcás oibríochtaí BEI a mbeidh conradh sínithe ina leith idir BEI agus an tairbhí nó an t-idirghabhálaí airgeadais faoin 31 Nollaig 2022;
an 31 Nollaig 2020, i gcás oibríochtaí CEI a mbeidh conradh sínithe ina leith idir CEI agus an t-idirghabhálaí airgeadais faoin 31 Nollaig 2022.
Déanfaidh an Bord Stiúrtha beartais a shonrú, i gcomhréir le hAirteagal 7(2), maidir le meáin incháilithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfaidh an Coiste Infheistíochta meastóireacht ar chomhréireacht meán den sórt sin agus a n-ionstraimí sonracha atá ag lorg tacaíochta ó CEIS leis na beartais atá sonraithe ag an mBord Stiúrtha.
Féadfaidh an Coiste Infheistíochta a chinneadh an ceart a choimeád chun thionscadail nua a fhormheas atá curtha ar aghaidh ag idirghabhálaithe airgeadais nó laistigh de mheáin incháilithe formheasta.
Féadfaidh BEI ráthaíocht AE a úsáid laistigh d'uasteorainn charnach a chomhfhreagraíonn do 1 % d'oibleagáidí iomlána ráthaíocht AE atá gan réiteach chun costais a íoc a bheadh íoctha ag tairbhithe na n-oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta ach nár gnóthaíodh iad tráth na mainneachtana.
Ina theannta sin, féadfaidh BEI ráthaíocht AE a úsáid chun sciar ábhartha aon chostas gnóthúcháin a d'fhéadfadh a bheith ann a íoc, mura n-asbhaintear iad as fáltais gnóthúcháin, agus aon chostais a bhaineann le bainistiú leachtachta.
Sa chás go gcuireann BEI cistiú nó ráthaíochtaí ar fáil do CEI thar ceann CEIS, ar cistiú agus ráthaíochtaí iad a fhaigheann tacaíocht ó ráthaíocht AE i gcomhréir le hAirteagal 11(3), féadfaidh buiséad ginearálta an Aontais táillí CEI a íoc sa méid nach n-asbhaintear iad ón luach saothair dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(c)(ii) nó ó ioncaim, ó ghnóthúcháin nó ó íocaíochtaí eile arna bhfáil ag CEI.
Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, treoir a chur ar fáil ar úsáid ionstraimí an Aontais a chur le chéile le maoiniú BEI faoi ráthaíocht AE, chun comhordú, comhlántacht agus sineirgí a áirithiú.
Airteagal 10
Ionstraimí incháilithe
Beidh na hionstraimí seo a leanas incháilithe do chumhdach trí ráthaíocht AE:
iasachtaí BEI, ráthaíochtaí, contra-ráthaíochtaí, ionstraimí margaidh caipitil, aon fhoirm eile d’ionstraim cistithe nó feabhsaithe creidmheasa, fofhiachas san áireamh, rannpháirtíochtaí cothromais nó cuasachothromais, lena n-áirítear i bhfábhar bainc náisiúnta chur chun cinn nó institiúidí náisiúnta cur chun cinn, ardáin infheistíochta nó cistí infheistíochta;
cistiú BEI nó ráthaíochtaí le CEI ionas gur féidir leis tabhairt faoi iasachtaí, ráthaíochtaí, contra-ráthaíochtaí, aon fhoirm eile d'ionstraim feabhsaithe creidmheasa, ionstraimí margaidh caipitil agus rannpháirtíochtaí cothromais nó cuasachothromais, lena n-áirítear i bhfábhar bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, ardáin infheistíochta nó cistí infheistíochta;
ráthaíochtaí BEI do bhainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, d'ardáin infheistíochta nó do chistí infheistíochta faoi chontra-ráthaíocht ráthaíocht AE.
Déanfar na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír a dheonú, a fháil nó a eisiúint ar mhaithe le hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 agus a comhlíonann ceanglais an Rialacháin seo, má tá maoiniú BEI nó CEI deonaithe i gcomhréir le comhaontú maoinithe nó idirbheart a shínigh nó a rinne BEI nó CEI nach bhfuil imithe in éag ná curtha ar ceal.
Airteagal 11
Cumhdach agus téarmaí ráthaíocht AE
Déanfar ráthaíocht AE a dheonú mar ráthaíocht ar éileamh i leith ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 10 agus cumhdóidh sí an méid seo a leanas:
maidir leis na hionstraimí fiachais dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(a):
an phríomhshuim agus an t-ús go léir agus na méideanna uile a bheidh dlite do BEI ach gan a bheith faighte aige i gcomhréir le téarmaí na n-oibríochtaí maoiniúcháin go dtí tráth na mainneachtana; i gcás fofhiachais measfar cur siar, laghdú nó dul amach éigeantach bheith ina theagmhas mainneachtana;
caillteanais a eascraíonn as luaineachtaí airgeadraí eile seachas an euro i margaí nach bhfuil ach féidearthachtaí teoranta iontu fálú fadtéarmach a dhéanamh;
maidir leis na hinfheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(a), na méideanna a infheistíodh agus a gcostas cistithe gaolmhar agus caillteanais a eascraíonn as luaineachtaí airgeadraí eile seachas an euro;
maidir le hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(b), na méideanna a úsáideadh agus a gcostas cistithe gaolmhar.
Le ráthaíocht AE, cumhdófar freisin na méideanna dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír d’Airteagal 9(6).
Airteagal 11a
Punann CEIS a chomhcheangal le punanna eile
De mhaolú ar Airteagal 11(6) den Rialachán seo agus ar an dara fomhír d’Airteagal 10(2) den Rialachán seo, féadfar caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 11(6) den Rialachán seo a chumhdach le ráthaíocht AE i ndáil leis an bpunann iomlán d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ó na táirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ).
Airteagal 12
Ciste ráthaíochta AE
Leis na nithe seo a leanas a dhearlacfar an ciste ráthaíochta:
ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais;
torthaí ar acmhainní an chiste ráthaíochta arna n-infheistiú;
méideanna arna ngnóthú ó fhéichiúnaithe mainneachtana i gcomhréir leis an nós imeachta um ghnóthú a leagtar síos i gComhaontú CEIS mar a foráiltear dó in Airteagal 4(2)(c)(iv);
ioncaim agus aon íocaíochtaí eile arna bhfáil ag an Aontas i gcomhréir le Comhaontú CEIS.
Tar éis measúnú ar a leormhaith atá leibhéal an chiste ráthaíochta i gcomhréir leis an tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 16(6), déanfar na híocaíochtaí seo a leanas:
déanfar aon bharrachas a íoc le buiséad ginearálta an Aontais mar ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 d'aon línte buiséid a d'fhéadfadh a bheith úsáidte mar fhoinse ath-imlonnaithe chuig an gciste ráthaíochta;
déanfar aon athshlánú ar an gciste ráthaíochta a íoc i dtráinsí bliantúla le linn uastréimhse trí bliana a thosóidh sa bhliain n+1.
Airteagal 13
Maoiniú an chiste ráthaíochta ó bhuiséad ginearálta an Aontais
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Más gá, féadfar leithreasaí íocaíochta a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh tréimhse thar 2020 agus suas go dtí an bhliain airgeadais 2023, agus an bhliain sin san áireamh, chun na hoibleagáidí a eascraíonn ón dara fomhír d'Airteagal 12(5) a chomhlíonadh.
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla ó bhuiséad ginearálta an Aontais chun soláthar don chiste ráthaíochta a údarú faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle á chomhlíonadh go hiomlán ( 6 ).
CAIBIDIL IV
MOL COMHAIRLEACH EORPACH MAIDIR LE HINFHEISTÍOCHT
Airteagal 14
Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht
Beidh MCEI in ann tacaíocht theicniúil a sholáthar sna réimsí a liostaítear in Airteagal 9(2), go háirithe éifeachtúlacht fuinnimh, TEN-T agus soghluaisteacht uirbeach. ►M1 Tacóidh sé freisin le tionscadail a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide agus le tionscadail an gheilleagair chiorclaigh, nó comhpháirteanna díobh, a ullmhú, go háirithe i gcomhthéacs COP21, le tionscadail san earnáil dhigiteach a ullmhú, agus le tionscadail dá dtagraítear sa dara fleasc den tríú fomhír d’Airteagal 5(1) a ullmhú chomh maith. ◄
Soláthróidh MCEI seirbhísí sa bhreis orthu siúd atá ar fáil cheana féin faoi chláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear:
pointe iontrála aonair a sholáthar maidir le cúnamh teicniúil d'údaráis agus do thionscnóirí tionscadail;
cabhrú le tionscnóirí tionscadail, i gcás inarb iomchuí, i bhforbairt a dtionscadal chun go gcomhlíonfaidh siad na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 6;
leas a bhaint as eolas áitiúil chun tacaíocht CEIS a éascú ar fud an Aontais agus rannchuidiú go gníomhach, i gcás inar féidir, le haidhm éagsúlú earnála agus geografach CEIS dá dtagraítear i Roinn 8 d’Iarscríbhinn II trí thacaíocht a thabhairt do BEI agus do bhainc náisiúnta chur chun cinn nó institiúidí náisiúnta cur chun cinn chun oibríochtaí a thionscnamh agus a fhorbairt, go háirithe i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, agus, i gcás inar gá, trí chabhrú chun an t-éileamh ar thacaíocht CEIS a struchtúrú, i gcás inar gá;
ardán a chur ar fáil ar mhaithe le malartú piar go piar agus le fios gnó maidir le forbairt tionscadal a roinnt;
tacaíocht chomhairleach, réamhghníomhach, i gcás inar gá trí láithreacht áitiúil, a sholáthar maidir le hardáin infheistíochta a bhunú, go háirithe ardáin infheistíochta trasteorann agus macrairéigiúnacha a bhfuil roinnt Ballstát agus/nó réigiún páirteach iontu;
an acmhainneacht a úsáid chun tionscadail ar mhionscála a mhealladh agus a mhaoiniú, lena n-áirítear trí ardáin infheistíochta;
comhairle a sholáthar maidir le foinsí eile cistithe ón Aontas, amhail Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, Fís 2020 agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, a mheascadh le CEIS d’fhonn fadhbanna praiticiúla atá nasctha le húsáid na bhfoinsí comhcheangailte cistithe sin a réiteach;
tacaíocht réamhghníomhach a chur ar fáil chun na hoibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 8 a chur chun cinn agus a spreagadh.
Is é a bheidh i gComhaontú MCEI, go háirithe, forálacha maidir leis an maoiniú is gá do MCEI, i gcomhréir le mír 7.
CAIBIDIL V
TAIRSEACH EORPACH DE THIONSCADAIL INFHEISTÍOCHTA
Airteagal 15
Tairseach Eorpach de Thionscadal Infheistíochta
CAIBIDIL VI
TUAIRISCIÚ, CUNTASACHT AGUS MEASTÓIREACHT
Airteagal 16
Tuairisciú agus cuntasacht
Cuirfidh BEI, i gcomhar le CEI, i gcás inarb iomchuí, tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí agus beidh an méid seo a leanas ar áireamh inti:
measúnú ar oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI ag leibhéil oibríochta, earnála, tíre agus réigiúin agus i dtaobh an gcomhlíonann siad an Rialachán seo, go háirithe an critéar breisíocht a sholáthar, i dteannta measúnú ar leithdháileadh oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI idir na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 9(2);
measúnú ar an mbreisluach, ar úsáid acmhainní na hearnála príobháidí, ar an aschur measta agus iarbhír agus ar thorthaí agus ar thionchar oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI ar bhonn comhiomlánaithe, lena n-áirítear an tionchar ar chruthú fostaíochta;
measúnú ar an méid a rannchuidíonn na hoibríochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo le baint amach na gcuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 9(2) lena n-áirítear measúnú ar leibhéal infheistíochtaí CEIS i réimsí an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta agus an iompair (lena n-áirítear TEN-T agus soghluaisteacht uirbeach), na teileachumarsáide, an bhonneagair fuinnimh agus na héifeachtúlachta fuinnimh;
measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid ráthaíocht AE agus leis na príomhtháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(f)(iv);
measúnú ar an éifeacht ghiarála a bhaintear amach le tionscadail CEIS-thacaithe;
tuairisc ar na tionscadail ina gcumasctar tacaíocht Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa le tacaíocht CEIS, agus ar mhéid iomlán na ranníocaíochtaí ó gach foinse;
an méid airgeadais a aistrítear chuig tairbhithe agus measúnú ar oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI ar bhonn comhiomlánaithe;
measúnú ar bhreisluach oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI, agus ar an riosca comhiomlán a bhaineann leis na hoibríochtaí sin;
faisnéis mhionsonraithe ar ghairmeacha ar ráthaíocht AE, ar chaillteanais, ar thorthaí, ar mhéideanna a ghnóthaítear agus ar aon íocaíochtaí eile a fhaightear;
na tuarascálacha airgeadais maidir le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo arna n-iniúchadh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách.
Chun críocha chuntasaíocht an Choimisiúin, a thuairiscithe ar na rioscaí a chumhdaítear le ráthaíocht AE agus a bhainistithe ar an gciste ráthaíochta, cuirfidh BEI, i gcomhar le CEI de réir mar is iomchuí, an méid seo a leanas ar fáil don Choimisiún agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa go bliantúil:
measúnú riosca BEI agus CEI agus faisnéis ghrádaithe maidir le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo;
an oibleagáid airgeadais atá gan íoc don Aontas a eascraíonn as ráthaíocht AE arna soláthar le haghaidh oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo, arna miondealú de réir oibríochtaí aonair;
an brabús nó an caillteanas iomlán a dhíorthaítear ó oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI laistigh de na punanna dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(c)(i).
Airteagal 17
Cuntasacht
Airteagal 18
Meastóireacht agus Athbhreithniú
Faoin 30 Meitheamh 2018 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin:
foilseoidh BEI tuarascáil chuimsitheach maidir le feidhmiú CEIS, ina n-áireofar meastóireacht ar thionchar CEIS ar infheistíocht san Aontas, ar chruthú fostaíochta agus ar rochtain ar mhaoiniú do FBManna agus do chuideachtaí lárchaipitlithe;
foilseoidh an Coimisiún tuarascáil chuimsitheach maidir le húsáid ráthaíocht AE agus le feidhmiú an chiste ráthaíochta.
Sula gcuirfear síos aon togra nua i gcreat an chreata airgeadais ilbhliantúil dar tús 2021 agus faoi dheireadh na tréimhse infheistíochta, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh meastóireacht neamhspleách ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áireofar an méid seo a leanas:
measúnú ar fheidhmiú CEIS, ar úsáid ráthaíocht AE agus ar fheidhmiú MCEI;
measúnú ar an úsáidtear, le CEIS, acmhainní de chuid bhuiséad ginearálta an Aontais ar bhealach maith, an slógtar leibhéal leordhóthanach de chaipiteal príobháideach, agus an ndéantar infheistíocht phríobháideach a charnadh isteach;
measúnú ar an cabhair í scéim a choinneáil chun tacú le hinfheistíocht ó thaobh na maicreacnamaíochta de;
faoi dheireadh na tréimhse infheistíochta, measúnú ar fheidhmiú an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(a)(v).
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 19
Trédhearcacht agus nochtadh poiblí faisnéise
I gcomhréir lena bheartais trédhearcachta agus le prionsabail ghinearálta an Aontais maidir le rochtain ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis, cuirfidh BEI ar fáil go poiblí ar a láithreán gréasáin faisnéis a bhaineann le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta uile BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le ról na idirghabhálaithe airgeadais, agus a bhaineann leis an gcaoi a rannchuidíonn na hoibríochtaí sin leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 9(2).
Cuirfidh BEI agus CEI na tairbhithe deiridh, FBManna san áireamh, ar an eolas go bhfuil tacaíocht le fáil ó CEIS, nó cuirfidh sé iallach ar idirghabhálaithe airgeadais iad a chur ar an eolas faoi sin tríd an bhfaisnéis sin a thaispeáint ar dhóigh infheicthe, go háirithe i gcás FBManna, sa chomhaontú ábhartha lena gcuirtear tacaíocht CEIS ar fáil, rud a dhéanfaidh feasacht an phobail a mhéadú agus infheictheacht a fheabhsú.
Airteagal 20
Iniúchóireacht ag an gCúirt Iniúchóirí
Airteagal 21
Bearta frithchalaoise
I gcás ina gcruthófar gurb ann do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha den sórt sin, gabhfaidh BEI iarrachtaí gnóthaithe de láimh maidir lena oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus lena mbaineann gníomhaíochtaí den sórt sin.
Airteagal 22
Gníomhaíochtaí eisiata agus dlínsí neamh-chomhoibríocha
Thairis sin, ní dhéanfaidh BEI agus CEI oibríochtaí nua nó athnuaite le heintitis atá ionchorpraithe nó bunaithe i ndlínsí a liostaítear faoi bheartas ábhartha an Aontais maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha, nó a shainaithnítear mar thríú tíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ), nó nach gcomhlíonann go héifeachtach na caighdeáin chánach maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise atá ag AE nó atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta.
Nuair a bheidh comhaontuithe á dtabhairt i gcrích le hidirghabhálaithe airgeadais, déanfaidh BEI agus CEI na ceanglais dá dtagraítear san Airteagal seo a thrasuí sna comhaontuithe ábhartha agus iarrfaidh siad ar na hidirghabhálaithe airgeadais tuairisciú a dhéanamh maidir lena n-urramú.
Déanfaidh BEI agus CEI athbhreithniú ar a mbeartas maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha ar a dhéanaí tar éis ghlacadh liosta an Aontais de dhlínsí atá neamh-chomhoibríoch chun críocha cánach.
Gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh BEI agus CEI tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme a mbeartas i ndáil le dlínsí neamh-chomhoibríocha i dtaca le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta CEIS lena n-áirítear faisnéis de réir gach tíre agus liosta d’idirghabhálaithe lena bhfuil BEI agus CEI ag comhoibriú.
Airteagal 23
An tarmligean a fheidhmiú
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(13) agus (14) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
Maidir le haon ghníomh tarmligthe breise a ghlactar de bhun Airteagal 7(14), beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 4 den Airteagal seo.
CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 24
Foráil idirthréimhseach
Airteagal 25
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
LEASUITHE AR RIALACHÁN (AE) UIMH. 1291/2013 AGUS AR RIALACHÁN (AE) UIMH. 1316/2013
(1) Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 mar a leanas:
In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla a údarú laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Déanfar an méid le haghaidh gníomhaíochtaí faoi Theideal XIX CFAE a dháileadh i measc na dtosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 5(2) den Rialachán seo mar a leanas:
Eolaíocht den scoth, EUR 24 232,1 mhilliún i bpraghsanna reatha;
Ceannaireacht thionsclaíoch, EUR 16 466,5 mhilliún i bpraghsanna reatha;
Dúshláin shochaíocha, EUR 28 629,6 milliún i bpraghsanna reatha.
Is mar a leanas a bheidh an t-uasmhéid foriomlán le haghaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais ó Fhís 2020 leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5(3) agus le gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT:
Barr feabhais a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú, EUR 816,5 mhilliún i bpraghsanna reatha;
Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí, EUR 444,9 mhilliún i bpraghsanna reatha;
Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT, EUR 1 855,7 mhilliún i bpraghsanna reatha.
Déantar an miondealú táscach i gcomhair na dtosaíochtaí agus na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 5(3) a leagan amach in Iarscríbhinn II.
Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II:
'IARSCRÍBHINN II
Miondealú ar an mbuiséad
Seo a leanas an miondealú táscach le haghaidh Fís 2020, faoi réir an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil:
|
EUR milliún i bpraghsanna reatha |
I Eolaíocht den scoth, ar de sin: |
24 232,1 |
1. An Chomhairle Eorpach um Thaighde (CET) |
13 094,8 |
2. Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn (FET) |
2 585,4 |
3. Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie |
6 162,3 |
4. Bonneagair thaighde |
2 389,6 |
II Ceannaireacht thionsclaíoch, ar de sin: |
16 466,5 |
1. Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha (*1), (*4) |
13 035 |
2. Rochtain ar mhaoiniú riosca (*2) |
2 842,3 |
3. Nuálaíocht in FBManna (*3) |
589,2 |
III Dúshláin shochaíocha, ar de sin (*4): |
28 629,6 |
1. An tsláinte, an t-athrú déimeagrafach agus an fholláine |
7 256,7 |
2. Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí mara, ar chúrsaí muirí agus ar uisce intíre, agus an bithgheilleagar |
3 707,7 |
3. Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil |
5 688,1 |
4. Iompar atá cliste, glas agus comhtháite |
6 149,4 |
5. Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair |
2 956,5 |
6. An Eoraip i ndomhan atá ag athrú - Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus machnamhacha |
1 258,5 |
7. Sochaithe slána – Saoirse agus slándáil na hEorpa agus a cuid saoránach a chosaint |
1 612,7 |
IV Barr feabhais a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú |
816,5 |
V Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí |
444,9 |
VI Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (ACT) |
1 855,7 |
VII An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) |
2 383 |
IOMLÁN |
74 828,3 |
(*1)
Lena n-áirítear EUR 7 423 mhilliún le haghaidh Teicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC), ar de sin EUR 1 549 milliún le haghaidh fótónaice, na micrileictreonaice agus na nanaileictronaice, EUR 3 741 mhilliún le haghaidh nanaitheicneolaíochtaí, ábhar sárfhorbartha, na hardmhonaraíochta agus na hardphróiseála, EUR 501 mhilliún le haghaidh na biteicneolaíochta agus EUR 1 403 mhilliún le haghaidh cúrsaí spáis. Dá thoradh sin, beidh 5 792 mhilliún ar fáil mar thacaíocht d'Eochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin.
(*2)
Féadfar thart ar EUR 994 mhilliún den tsuim seo a thabhairt do thionscadail de chuid an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET) a chur chun feidhme. Féadfar thart ar thrian di a thabhairt do FBManna.
(*3)
Laistigh den sprioc íosmhéid 20 % de na buiséd chomhcheangailte iomlána don chuspóir sonrach 'Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha' agus don tosaíocht 'Dúshláin shochaíocha' a leithdháileadh ar FBManna, leithdháilfear íosmhéid 5 % de na buiséid chomhcheangailte sin ar an ionstraim tiomanta FBM i dtús báire. Leithdháilfear íosmhéid 7 % de bhuiséid iomlána an chuspóra shonraigh 'Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha' agus na tosaíochta 'Dúshláin shochaíocha' ar an ionstraim tiomanta FBM agus é meánaithe thar thréimhse Fhís 2020.
(*4)
Cisteofar treoirghníomhaíochtaí na Conaire Mire i dtreo na Nuálaíochta (CMN) ón gcuspóir sonrach a bhaineann le 'Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha' agus ó chuspóirí ábhartha sonracha na tosaíochta 'Dúshláin shochaíocha'. Déanfar líon leordhóthanach tionscadal a sheoladh chun go bhféadfar meastóireacht iomlán a dhéanamh ar threoirghníomhacht CMN.'. |
(2) Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 mar a leanas:
In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
Tá an t-imchlúdach airgeadais chun SCE a chur chun feidhme don tréimhse 2014 go 2020 socraithe ag EUR 30 442 259 000 i bpraghsanna reatha. Leithdháilfear an méid sin mar a leanas:
an earnáil iompair: EUR 24 050 582 000 , as a n-aistreofar EUR 11 305 500 000 ón gCiste Comhtháthaithe le caitheamh i gcomhréir leis an Rialachán seo go heisiach i mBallstáit a bheidh incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháthaithe;
an earnáil teileachumarsáide: EUR 1 041 602 000 ;
an earnáil fuinnimh: EUR 5 350 075 000 .
Tá na méideanna sin gan dochar don sásra solúbthachta a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle ( *1 ).
In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
In Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an t-uasmhéid a leagtar amach in Airteagal 14(2) a ardú suas go 10 %, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
go bhfuil toradh dearfach ar an measúnú arna dhéanamh in 2015 ar threoirchéim an Tionscnaimh Bannaí Tionscadal; agus
go bhfuil roghnú na n-ionstraimí airgeadais níos airde ná 6,5 % i dtéarmaí gealltanas conarthach tionscadail.’.
IARSCRÍBHINN II
TREOIRLÍNTE INFHEISTÍOCHTA CEIS
1. Raon Feidhme
Is é cuspóir na dtreoirlínte infheistíochta ná fónamh mar aon leis an Rialachán seo mar bhunús don Choiste Infheistíochta chun úsáid ráthaíocht AE d'oibríochtaí BEI atá incháilithe faoi CEIS i gcomhréir leis na cuspóirí agus aon riachtanais ábhartha eile a leagtar síos sa Rialachán seo a chinneadh ar mhodh trédhearcach agus neamhspleách.
Tá na treoirlínte infheistíochta bunaithe ar na prionsabail arna mbunú ag an Rialachán seo maidir le cuspóirí ginearálta, critéir incháilitheachta, ionstraimí incháilithe agus an sainmhíniú ar bhreisíocht. Chomhlánaíonn siad an Rialachán seo (i) trí threoir bhreise ar incháilitheacht a thabhairt, (ii) trí chreat riosca d'oibríochtaí a sholáthar, (iii) trí thairseacha éagsúlaithe earnála agus geografacha a shainiú, agus (iv) trí chritéir a shainiú chun an rannchuidiú le cuspóirí CEIS le héascú tosaíochta a mheasúnú.
Níl feidhm ag na treoirlínte infheistíochta ach amháin maidir le hoibríochtaí CEIS a bhaineann le hionstraimí fiachais agus cothromais dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(a) den Rialachán seo agus mar sin ní hinfheidhme iad i leith oibríochtaí CEIS a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(b).
2. Contrapháirteanna Incháilithe, Cineálacha Tionscadail agus Ionstraimí
(a) Beidh ar áireamh sna contrapháirteanna incháilithe a thairbheoidh de ráthaíocht AE:
(b) Deonófar ráthaíocht AE chun tacú, go díreach nó go hindíreach, le hoibríochtaí nua a mhaoiniú. I réimse an bhonneagair, ba cheart infheistíochtaí úrnua (cruthú sócmhainne) a spreagadh. Is féidir tacú le hinfheistíochtaí athfhorbraíochta (leathnú agus nuachóiriú sócmhainní láithreacha) freisin. De ghnáth, ní dheonófar ráthaíocht AE chun tacú le hoibríochtaí athmhaoinithe (amhail athchur comhaontuithe iasachta láithreacha nó cineálacha eile tacaíochta airgeadais do thionscadail atá tar éis corprú cheana féin i bpáirt nó go hiomlán), ach amháin in imthosca eisceachtúla agus an-dlisteanaithe i gcás ina léirítear go gcumasóidh idirbheart den sórt sin infheistíocht nua de mhéid a bheidh ar a laghad coibhéiseach le méid an idirbhirt, ar infheistíocht í a chomhlíonfadh na critéir incháilitheachta agus na cuspóirí ginearálta a leagtar síos in Airteagal 6 agus in Airteagal 9(2) faoi seach.
Beidh tacaíocht CEIS do mhótarbhealaí teoranta d’infheistíocht phríobháideach agus/nó d’infheistíocht phoiblí maidir leis an méid seo a leanas:
Beidh tacaíocht CEIS inúsáidte go sainráite chun bonneagar iompair atá ann cheana a chothabháil agus a uasghrádú.
(c) Tacóidh ráthaíocht AE le raon leathan táirgí a chuirfidh ar chumas CEIS oiriúnú do riachtanais an mhargaidh le linn infheistíocht phríobháideach a spreagadh i dtionscadail, gan airgeadas an mhargaidh phríobháidigh a phlódú. ►M1 Sa chomhthéacs sin, táthar ag súil go gcuirfidh BEI maoiniú ar fáil faoi CEIS d’fhonn teacht ar sprioc fhoriomlán EUR 500 000 000 000 ar a laghad d’infheistíocht phoiblí nó phríobháideach, lena n-áirítear maoiniú a shlógtar trí CEI faoi oibríochtaí CEIS a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(b), trí bhainc náisiúnta chur chun cinn nó institiúidí náisiúnta cur chun cinn agus rochtain níos fearr ar mhaoiniú d’eintitis a bhfuil suas le 3 000 fostaí acu. ◄ Beidh ar áireamh sna táirgí incháilithe, inter alia ( 13 ), iasachtaí, ráthaíochtaí/contra-ráthaíochtaí, airgeadas mezzanine agus fonordaithe, ionstraimí margaidh caipitil lena n-áirítear feabhsú creidmheasa, agus rannpháirtíochtaí cothromais nó cuasachothromais, lena n-áirítear trí bhainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, trí ardáin infheistíochta nó trí chistí infheistíochta. Sa chomhthéacs seo, ionas go mbeidh réimse leathan infheisteoirí in ann infheistiú i dtionscadail CEIS, beidh ar chumas BEI punanna iomchuí a struchtúrú.
(d) Beidh bainc náisiúnta nó institiúidí le haghaidh spreagadh agus ardáin infheistíochta nó cistí infheistíochta incháilithe do chlúdach ag ráthaíocht BEI faoi chontra-ráthaíocht ráthaíocht AE i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(c). Beidh an cinneadh ráthaíocht BEI sin a dheonú ag dréim le hinfheistíochtaí a shlógadh ag an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon agus an saineolas comhlántach, na buntáistí comparáideacha ar leith, agus raon eintiteas den sórt sin a shaothrú, chun tairbhe thionscnamh CEIS.
3. Breisíocht
Deonófar ráthaíocht AE chun tacú le hoibríochtaí a chomhlíonann an critéar breisíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo a sholáthar.
Beidh feidhm ag na prionsabail ghinearálta seo a leanas freisin:
d'fhonn dúbailt ar ionstraimí airgeadais atá ann cheana a sheachaint, féadfaidh ráthaíocht AE cláir Aontais atá ann cheana nó foinsí eile de chistí Aontais nó comhionstraimí a chomhlánú, a neartú nó a fheabhsú, nó féadfar ráthaíocht AE a chomhcheangal leo.
thar chúrsa thréimhse infheistíochta CEIS, ní phlódóidh, i bprionsabal, infheistíocht arna tacú le CEIS úsáid ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais.
tabharfar aird ar a mhéid atá táirgí nua den ionú bonneagair agus nuálaíochta a bhíonn ag díriú isteach ar FBManna agus ar chuideachtaí lárchaipitlithe beaga comhlántach le hionstraimí airgeadais AE atá ann cheana agus ionstraimí airgeadais CEIS faoi ionú FBM, ionas go mbainfear amach an úsáid éifeachtach is airde d'acmhainní airgeadais. Mar sin féin, beidh úsáid charnach ionstraimí indéanta i gcásanna ar leith sa chás nach leor an ghnáth-thacaíocht chun an chéad aithinne a chur sna hinfheistíochtaí.
go ginearálta, dhéanfaí oibríochtaí a aicmiú mar ghníomhaíochtaí speisialta má tá ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas iontu:
4. Breisluach: rannchuidiú le cuspóirí CEIS
Urramóidh tionscadail a thairbhíonn de ráthaíocht AE na critéir incháilitheachta agus na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 6 agus in Airteagal 9(2) faoi seach.
5. Scórchlár
Úsáidfidh an Coiste Infheistíochta an scórchlár dá dtagraítear in Airteagal 7 d'fhonn a áirithiú go ndéanfar measúnú neamhspleách agus trédhearcach ar úsáid fhéideartha ráthaíocht AE. ►M1 Cuirfear an scórchlár ar fáil go poiblí a luaithe a shínítear oibríocht faoi ráthaíocht AE, ach nach n-áireofar ann faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála. ◄
6. Ionuithe Infheistíochta
(a) Cuirfear na hionstraimí fiachais agus cothromais dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(a) ar fáil faoi Ionú Bonneagair agus Nuálaíochta, ina mbeidh Forionú Fiachais agus Fo-ionú de Chineál Cothromais. Beidh leithroinnt oibríochtaí ( 14 ) chuig ceann den dá Fho-ionú bunaithe ar chóras BEI de ghrádú iasachta agus ar mheasúnú riosca caighdeánach BEI agus faoi réir treoir arna cur ar fáil ag an mBord Stiúrtha.
(b) Ionú Bonneagair agus Nuálaíochta - Fo-ionú Fiachais
(c) Ionú Bonneagair agus Nuálaíochta - Fo-ionú de Chineál Cothromais
7. Teorainneacha nochta in aghaidh na catagóire riosca
(a) Laghdaíonn na teorainneacha nochta do chatagóirí gníomhaíochtaí speisialta le méadú leibhéil riosca, mar a luaitear sa Ghrádú Iasachta Idirbhirt. Dá bhrí sin, bíonn an teorainn níos airde go ginearálta i gcás riosca de chineál fiachais ná i gcás riosca de chineál cothromais.
(b) Mar léiriú ar infhaighteacht an fheabhsú creidmheasa arna chur ar fáil ag ráthaíocht AE, déanfaidh BEI na teorainneacha nochta faoi CEIS a shocrú ag leibhéal níos airde ná an teorainn choibhéiseach faoi ghnó riosca dílis BEI. Gheobhaidh comhaltaí an Bhoird Stiúrtha agus an Choiste Infheistíochta forbhreathnú mionsonraithe ar theorainneacha riosca CEIS. Déanfaidh an Bord Stiúrtha maoirseacht go rialta ar fhorbairt phróifíl riosca phunainn CEIS agus glacfaidh sé bearta iomchuí má mheastar gur gá.
(c) Is féidir idirbhearta do mhéideanna is airde ná sainteorainneacha CEIS a áireamh i bpunann CEIS ar bhonn eisceachtúil, le comhaontú an Bhoird Stiúrtha, ar choinníoll go léirítear breisíocht agus breisluach go soiléir agus nach dócha go gcuirfeadh a n-áireamh spriocleibhéil riosca foriomlán na punainne i mbaol ag deireadh na tréimhse infheistíochta ►M1 ————— ◄ .
8. Éagsúlú earnála agus geografach
Tá CEIS éileamhthiomanta ach díríonn sé ar thacú le tionscadail incháilithe ar fud an Aontais, chomh maith le tionscadail thrasteorann, a chumhdaítear le hAirteagal 8 den Rialachán seo, gan aon réamh-leithroinnt earnála ná gheografach. Déanfar sárniarrachtaí, áfach, chun a áirithiú go gcumhdófar ag deireadh na tréimhse infheistíochta ►M1 ————— ◄ raon leathan earnálacha agus réigiún agus go ndéantar comhchruinniú earnála nó gheografach iomarcach a sheachaint.
(a) Comhchruinniú Earnála
Chun éagsúlú agus comhchruinniú earnála i bpunann CEIS a bhainistiú, socróidh an Bord Stiúrtha teorainneacha comhchruinnithe táscacha i leith thoirt na nCoibríochtaí arna dtacú ag ráthaíocht AE ag deireadh na tréimhse infheistíochta ►M1 ————— ◄ . Déanfar na teorainneacha comhchruinnithe táscacha a phoibliú.
Féadfaidh an Bord Stiúrtha a chinneadh go modhnófar na teorainneacha táscacha seo, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Infheistíochta. Sa chás sin, tabharfaidh an Bord Stiúrtha míniú i scríbhinn ar a chinneadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
(b) Comhchruinniú Geografach
Ní bheidh oibríochtaí CEIS-thacaithe comhchruinnithe in aon chríoch ar leith ag deireadh na tréimhse infheistíochta ►M1 ————— ◄ . Chuige sin glacfaidh an Bord Stiúrtha treoirlínte táscacha maidir le héagsúlú agus comhchruinniú geografach. Féadfaidh an Bord Stiúrtha a chinneadh go modhnófar na teorainneacha táscacha sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Infheistíochta. Tabharfaidh an Bord Stiúrtha míniú i scríbhinn do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir lena chinntí a bhaineann leis na teorainneacha táscacha. Ba cheart go ndíreodh CEIS ar na Ballstáit uile a chumhdach.
1. Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an miondealú d’Fhís 2020
“Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún nach rannchuideoidh na línte buiséid a leanas le cistiú CEIS: “Taighde beag beann ar theorainneacha a neartú sa Chomhairle Eorpach um Thaighde”, “gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie” agus “Barr Feabhais a Leathnú agus Rannpháirtíocht a Ardú”. Maidir leis an méid atá fágtha a eascraíonn ó úsáid bhreise an chorrlaigh i comparáid leis an togra ón gCoimisiún, tabharfar ar ais é do línte eile buiséid Fhís 2020 i gcomhréir leis na laghduithe arna moladh ag an gCoimisiún. Déantar an miondealú táscach a leagan amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán CEIS.”
2. Ráiteas ón gCoimisiún maidir le dréachtbhuiséad 2016
“Déanfaidh an Coimisiún anailís ar thionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na ranníocaíochtaí le CEIS ó línte buiséid éagsúla Fhís 2020 ar chur chun feidhme éifeachtach na gclár faoi seach agus déanfaidh sé, más iomchuí, litir leasaitheach do dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais do 2016 a mholadh chun an miondealú ar línte buiséid Fhís 2020 a choigeartú.”
3. Ráiteas ón gCoimisiún maidir lena mheasúnú ar rannchuidithe aon uaire i gcomhthéacs thionscnamh CEIS chun an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a chur chun feidhme.
“Gan dochar do shainchumais na Comhairle i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh ranníocaíochtaí aon uaire a dhéanann Ballstáit, cibé acu Ballstát nó bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh atá aicmithe in earnáil ghinearálta an rialtais nó ag gníomhú thar ceann Ballstáit, le CEIS nó le hardáin infheistíochta théamacha nó iltíortha arna mbunú le haghaidh chur chun feidhme an Phlean Infheistíochta, in ann cáiliú mar bhearta aon uaire, de réir bhrí Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle agus Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle.”
( 1 ) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micreafhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 221).
( 3 ) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/99/AE ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2014 lena leagtar amach liosta na réigiún a bheidh incháilithe do chistiú ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus na mBallstát a bheidh incháilithe do chistiú ón gCiste Comhtháthaithe don tréimhse 2014-2020 (IO L 50, 20.2.2014, lch. 22).
( 4 ) Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107 26.3.2021, lch. 30).
( 5 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298 26.10.2012, lch. 1).
( 6 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
( 7 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
( 8 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún d'fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
( 9 ) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
( 10 ) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
( 11 ) Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).
( 12 ) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
( *1 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).'.
( 13 ) Is léiriú neamheisiach é seo de tháirgí a fhéadfar a thairiscint trí an CEIS.
( 14 ) Baineann an téarma ‘oibríocht’ le hinfheistíocht dhíreach i dtionscadal (fiachas nó cothromas) nó ‘oibríocht’ (tionscadail, cláir nó áiseanna) le hidirghabhálaí airgeadais nó eile ach ní bhaineann sé, chun amhras a sheachaint, leis na tionscadail fholuiteacha arna dtacú le hoibríocht idirghafa den sórt sin.