02021R1230 — GA — 08.04.2024 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2021/1230 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Iúil 2021

maidir le híocaíochtaí trasteorann san Aontas

(códú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 274 30.7.2021, lch. 20)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2024/886 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Márta 2024

  L 886

1

19.3.2024




▼B

RIALACHÁN (AE) 2021/1230 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Iúil 2021

maidir le híocaíochtaí trasteorann san Aontas

(códú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  
Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le híocaíochtaí trasteorann agus maidir le trédhearcacht na muirear comhshó airgeadra laistigh den Aontas.
2.  
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí trasteorann, i gcomhréir le forálacha Threoir (AE) 2015/2366, atá ainmnithe in euro nó in airgeadraí náisiúnta na mBallstát a bhfuil fógra tugtha acu maidir lena gcinneadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leathnú go dtí a n-airgeadra féin, i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo.

D’ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, tá feidhm ag Airteagal 4 agus Airteagal 5 maidir le híocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann atá ainmnithe in euro nó in airgeadra náisiúnta de chuid Ballstáit seachas an euro agus a dhéantar le seirbhís comhshó airgeadra.

3.  
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí a dhéanann soláthraithe seirbhíse íocaíochta ar a gcuntas féin nó thar ceann soláthraithe eile seirbhíse íocaíochta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “íocaíocht trasteorann” idirbheart íocaíochta a phróiseáiltear go leictreonach a thionscnaíonn íocóir nó íocaí nó a thionscnaítear trí íocaí, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí lonnaithe i mBallstáit dhifriúla.

(2) 

ciallaíonn “íocaíocht náisiúnta” idirbheart íocaíochta a phróiseáiltear go leictreonach a thionscnaíonn íocóir nó íocaí nó a thionscnaítear trí íocaí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna.

(3) 

ciallaíonn “íocóir” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thugann ordú íocaíochta.

(4) 

ciallaíonn “íocaí” duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá ceaptha mar fhaighteoir cistí lenar bhain idirbheart íocaíochta.

(5) 

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse íocaíochta” aon cheann de chatagóirí de dhaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/2366 agus na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 32 den Treoir sin, ach déanann sé na hinstitiúidí sin a eisiamh atá liostaithe i bpointe (2) go pointe (23) d’Airteagal 2(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) a thairbhíonn de tharscaoileadh Ballstáit arna fheidhmiú faoi Airteagal 2(5) de Threoir (AE) 2015/2366.

(6) 

ciallaíonn “úsáideoir seirbhíse íocaíochta” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta mar íocóir nó mar íocaí, nó sa dá cháil.

(7) 

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta” gníomh, arna thionscnamh ag íocóir nó ag íocaí nó trí íocaí, lena gcuirtear, lena n-aistrítear nó lena n-aistarraingítear cistí, beag beann ar aon bhunoibleagáidí idir an t-íocóir agus an t-íocaí.

(8) 

ciallaíonn “ordú íocaíochta” treoir a thugann íocóir nó íocaí dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta ag iarraidh go ndéanfar idirbheart íocaíochta.

(9) 

ciallaíonn “muirear” aon mhéid a thoibhíonn soláthraí seirbhíse íocaíochta ar úsáideoir seirbhíse íocaíochta ar méid é atá nasctha go díreach nó go hindíreach le hidirbhearta íocaíochta, aon mhéid a thoibhíonn soláthraí seirbhíse íocaíochta nó páirtí a sholáthraíonn seirbhísí comhshó airgeadra i gcomhréir le hAirteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 ar úsáideoir seirbhíse íocaíochta le haghaidh seirbhís comhshó airgeadra, nó teaglaim díobh sin.

(10) 

ciallaíonn “cistí” nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).

(11) 

ciallaíonn “tomhaltóir” duine dlítheanach atá ag gníomhú chun críocha eile seachas a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm.

(12) 

ciallaíonn “micreaghnóthas” gnóthas ar gnóthas é tráth an chonartha seirbhíse íocaíochta a thabhairt chun críche, faoi mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 agus in Airteagal 2(1) agus (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún ( 3 ).

(13) 

ciallaíonn “táille idirmhalartaithe” táille a íoctar idir soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí do gach idirbheart dochair dhírigh.

(14) 

ciallaíonn “dochar díreach” seirbhís íocaíochta ina gcuirtear cuntas íocaíochta íocóra do dhochar, i gcás ina dtionscnaíonn an t-íocaí idirbheart íocaíochta ar bhonn chomhthoil an íocóra, comhthoil do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nó do sholáthraí seirbhíse íocaíochta féin an íocóra.

(15) 

ciallaíonn “scéim dochair dhírigh” sraith choiteann rialacha, cleachtas agus caighdeán arna n-aontú idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta maidir le hidirbhearta dochair dhírigh a fhorghníomhú.

Airteagal 3

Muirir ar íocaíochtaí trasteorann agus íocaíochtaí náisiúnta comhfhreagracha

1.  
Na muirir a thoibheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta ar úsáideoir seirbhísé íocaíochta maidir le híocaíochtaí trasteorann in euro, beidh siad mar an gcéanna leis na muirir a thoibheoidh an soláthraí seirbhísé íocaíochta sin le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta comhfhreagracha den luach céanna in airgeadra náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an úsáideora seirbhíse íocaíochta lonnaithe.
2.  
Na muirir a thoibheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta ar úsáideoir seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí trasteorann san airgeadra náisiúnta de chuid Ballstáit a thug fógra faoin gcinneadh uaidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leathnú chuig a airgeadra náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 13, beidh siad mar an gcéanna leis na muirir a thoibheoidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta sin ar úsáideoirí seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí náisiúnta comhfhreagracha den luach céanna agus san airgeadra céanna.
3.  
Agus measúnú á dhéanamh ag soláthraí seirbhíse íocaíochta ar leibhéal na muirear ar íocaíocht trasteorann, chun críche mír 1 a chomhlíonadh, déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaíocht náisiúnta chomhfhreagrach a aithint. Eiseoidh na húdaráis inniúla treoirlínte chun íocaíochtaí náisiúnta comhfhreagracha a aithint nuair a mheasann siad go bhfuil sé riachtanach. Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go gníomhach laistigh den Choiste um Íocaíochtaí arna bhunú le hAirteagal 85(1) de Threoir 2007/64/CE chun comhsheasmhacht treoirlínte maidir le híocaíochtaí comhfhreagracha náisiúnta a áirithiú.
4.  
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 ar mhuirir comhshó airgeadra.

▼M1

5.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo i gcás ina gceanglófaí le hAirteagal 5b(1) de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, maidir le haistriú creidmheasa meandrach, muirear a thobhach a bheadh níos ísle ná an muirear a thoibheofaí, maidir leis an aistriú creidmheasa meandrach céanna, dá gcuirfí mír 1 den Airteagal seo i bhfeidhm.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, ciallaíonn an téarma “aistriú creidmheasa meandrach” aistriú creidmheasa meandrach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1a), de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, atá in euro agus trasteorann.

▼B

Airteagal 4

Muirir comhshó airgeadra a bhaineann le hidirbhearta cártabhunaithe

1.  
I ndáil leis na ceanglais faisnéise maidir le muirir comhshó airgeadra agus leis an ráta malairte is infheidhme, mar a leagtar amach in Airteagal 45(1), Airteagal 52, pointe (3), agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366, déanfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta, agus páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí comhshó airgeadra ag uathmheaisín bainc (UMB) nó ag an díolphointe, amhail dá dtagraítear in Airteagal 59(2) den Treoir sin, na muirir iomlána comhshó airgeadra a shloinneadh mar chéatadán marcála suas os cionn na rátaí tagartha malairte eachtraí euro is déanaí atá ar fáil arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE). Déanfar an mharcáil suas sin a nochtadh don íocóir sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta.
2.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta an mharcáil suas dá dtagraítear i mír 1 poiblí freisin ar bhealach intuigthe a bhfuil sé éasca rochtain a fháil air ar ardán leictreonach atá ar fáil go forleathan agus inrochtana go héasca.
3.  

De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh páirtí a sholáthraíonn seirbhís comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don íocóir sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta:

(a) 

an méid atá le híoc leis an íocaí san airgeadra atá in úsáid ag an íocaí;

(b) 

an méid atá le híoc ag an íocóir in airgeadra chuntas an íocóra.

4.  
Déanfaidh páirtí a sholáthraíonn seirbhísí comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar taispeáint go soiléir ag an UMB nó ag an díolphointe. Sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta, cuirfidh an páirtí sin an t-íocóir ar an eolas freisin go bhfuil an fhéidearthacht ann íoc san airgeadra a úsáideann an t-íocaí agus go bhféadfadh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra an comhshó airgeadra a dhéanamh ina dhiaidh sin. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 a chur ar fáil gan mhoill don íocóir ar mheán marthanach tar éis thús an idirbhirt íocaíochta freisin.
5.  
Maidir le gach cárta íocaíochta a d’eisigh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra chuig an íocóir agus atá nasctha leis an gcuntas céanna, seolfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra teachtaireacht leictreonach chuig an íocóir ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 gan mhoill mhíchuí tar éis do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ordú íocaíochta a fháil le haghaidh aistarraingt airgid ag UMB nó le haghaidh íocaíocht ag an díolphointe atá ainmnithe in aon airgeadra Aontais atá éagsúil ó airgeadra chuntas an íocóra.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, seolfar teachtaireacht den sórt sin uair amháin i ngach mí ina bhfaigheann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ordú íocaíochta ón íocóir atá ainmnithe san airgeadra céanna.

6.  
Tiocfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta ar chomhaontú leis an úsáideoir seirbhíse íocaíochta maidir leis an mbealach nó na bealaí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go forleathan agus atá inrochtana go héasca trína ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 5 a sheoladh.

Déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an fhéidearthacht a thairiscint d’úsáideoirí seirbhíse íocaíochta diúltú na teachtaireachtaí leictreonacha a fháil, ar teachtaireachtaí iad dá dtagraítear i mír 5.

Féadfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus an t-úsáideoir seirbhíse íocaíochta teacht ar chomhaontú nach bhfuil feidhm ag mír 5 ná ag an mír seo go hiomlán nó go páirteach i gcás nach tomhaltóir é an t-úsáideoir seirbhíse íocaíochta.

7.  
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar saor in aisce agus ar bhealach neodrach agus intuigthe.

Airteagal 5

Muirir comhshó airgeadra a bhaineann le haistrithe creidmheasa

1.  
I gcás ina ndéanann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra seirbhís comhshó airgeadra a thairiscint i ndáil le haistriú creidmheasa, mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366, a gcuirtear tús leis go díreach ar líne, ag úsáid shuíomh gréasáin nó feidhmchlár baincéireachta móibílí an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta, déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta, i dtaca le hAirteagal 45(1) agus Airteagal 52, pointe (3), den Treoir sin, an t-íocóir a chur ar an eolas sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta, ar bhealach soiléir, neodrach agus intuigthe, maidir leis na muirir mheasta ar na seirbhísí comhshó airgeadra is infheidhme i leith an aistrithe creidmheasa.
2.  
Sula gcuirfear tús le hidirbheart íocaíochta, déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an t-íocóir a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir, neodrach agus intuigthe, faoi mhéid mheasta iomlán an aistrithe creidmheasa in airgeadra chuntas an íocóra, lena n-áirítear aon táille idirbhirt agus aon mhuirir comhshó airgeadra. Tabharfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta eolas freisin faoin méid measta atá le haistriú leis an íocaí san airgeadra atá in úsáid ag an íocaí.

Airteagal 6

Bearta chun uathoibriú íocaíochtaí a éascú

1.  
Déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta, i gcás inarb infheidhme, aitheantóir uimhreach cuntais íocaíochta idirnáisiúnta (IBAN) úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus cód aitheantóra gnó (BIC) an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta a chur in iúl don úsáideoir seirbhíse íocaíochta.

Ina theannta sin, i gcás inarb infheidhme, léireoidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta IBAN úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus BIC an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta ar ráitis chuntais, nó in iarscríbhinn a ghabhann leo.

Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an fhaisnéis a cheanglaítear faoin mír seo ar fáil saor in aisce don úsáideoir seirbhíse íocaíochta.

▼M1

2.  
Féadfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta muirir a thobhach sa bhreis ar na muirir a toibhíodh i gcomhréir le hAirteagal 3(1) den Rialachán seo ar úsáideoir na seirbhíse íocaíochta i gcás ina dtreoraíonn an t-úsáideoir sin don soláthraí seirbhíse íocaíochta íocaíocht trasteorann a chur i gcrích gan an IBAN a chur in iúl agus i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, an BIC gaolmhar le haghaidh an chuntais íocaíochta sa Bhallstát eile. Beidh na muirir sin iomchuí agus i gcomhréir leis na costais. Aontófar iad idir an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus úsáideoir na seirbhíse íocaíochta. Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta úsáideoir na seirbhíse íocaíochta ar an eolas maidir le méid na muirear breise in am agus i dtráth sula mbeidh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta faoi cheangal ag comhaontú den chineál sin.

▼B

3.  
I gcás inarb iomchuí, maidir leis an gcineál idirbhirt íocaíochta atá i gceist, le haghaidh sonraisciú earraí agus seirbhísí san Aontas, cuirfidh soláthróir earraí agus seirbhísí a ghlacann le híocaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a IBAN féin agus BIC a sholáthraí seirbhíse íocaíochta in iúl dá chustaiméirí.

Airteagal 7

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le comhardú na n-íocaíochtaí

1.  
Ní dhéanfaidh na Ballstáit foráil maidir le hoibleagáidí tuairiscthe náisiúnta atá bunaithe ar shocraíocht agus a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta i gcomhair staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta a gcustaiméirí.
2.  
Gan dochar do mhír 1, féadfaidh Ballstáit sonraí comhiomlánaithe nó faisnéis ábhartha eile atá ar fáil go héasca a bhailiú, ar choinníoll nach mbeidh aon tionchar ag an mbailiúchán sin ar phróiseáil dhíreach íocaíochtaí agus gur féidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta é a uathoibriú go hiomlán.

Airteagal 8

Na hÚdaráis inniúla

Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú i dtaobh na n-údarás inniúil ar tugadh fógra dó maidir leo i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009.

Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na húdaráis inniúla faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus gach beart is gá a ghlacadh chun an comhlíonadh sin a áirithiú.

Airteagal 9

Nósanna imeachta gearáin do sháruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo

1.  
Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le nósanna imeachta chun go bhféadfaidh úsáideoirí seirbhíse íocaíochta agus páirtithe leasmhara eile gearáin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil maidir le cásanna ina gcuirfear i leith soláthraithe seirbhíse íocaíochta gur sháraigh siad an Rialachán seo.
2.  
I gcás inarb iomchuí agus gan dochar don cheart chun imeachtaí a thabhairt os comhair cúirte i gcomhréir le dlí náisiúnta nós imeachta, cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl d’aon pháirtí a chuir gearán isteach go bhfuil nósanna imeachta um ghearán agus sásamh ann lasmuigh den chúirt dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 10.

Airteagal 10

Nósanna imeachta ghearán agus sásamh lasmuigh den chúirt

1.  
Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le nósanna imeachta leordhóthanacha agus éifeachtacha i dtaca le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt chun díospóidí a bhaineann le cearta agus oibleagáidí a eascraíonn ón Rialachán seo idir úsáideoirí seirbhíse íocaíochta a réiteach. Chun na críche sin déanfaidh na Ballstáit na comhlachtaí freagracha a ainmniú.
2.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú i dtaobh na gcomhlachtaí ar tugadh fógra dó maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach bhfuil feidhm ag an Airteagal seo ach amháin i gcás úsáideoirí seirbhíse íocaíochta ar tomhaltóirí nó micreaghnóthais iad. Sa chás sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún dá réir sin.

Airteagal 11

Comhar trasteorann

Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus na comhlachtaí atá freagrach as na nósanna imeachta um ghearán agus sásamh lasmuigh den chúirt sna Ballstáit dhifriúla, dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 10, go gníomhach agus go pras chun díospóidí trasteorann a réiteach. Áiritheoidh na Ballstáit go dtarlóidh an comhar sin.

Airteagal 12

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfaidh difear do na rialacha agus na bearta ar tugadh fógra dó ina leith i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009.

Airteagal 13

Cur i bhfeidhm maidir le hairgeadraí eile seachas an euro

Cuirfidh Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige agus a chinneann cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leathnú chuig a airgeadra náisiúnta fógra chuig an gCoimisiún dá réir sin.

Foilseofar an fógra sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh éifeacht ag cur i bhfeidhm leathnaithe an Rialacháin seo maidir le hairgeadra náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann 14 lá tar éis an fhoilseacháin sin.

Airteagal 14

Athbhreithniú

1.  

Faoin 19 Aibreán 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm agus tionchar an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, BCE agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar tuarascáil í ina mbeidh, go háirithe:

(a) 

meastóireacht ar an gcaoi a gcuireann soláthraithe seirbhíse íocaíochta Airteagal 3 den Rialachán seo i bhfeidhm;

(b) 

meastóireacht ar fhorbairt líon na n-íocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann agus na muirear ar na híocaíochtaí sin in airgeadraí náisiúnta na mBallstát agus in euro ón dáta a glacadh Rialachán (AE) 2019/518 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), eadhon, an 19 Márta 2019;

(c) 

meastóireacht ar thionchar Airteagal 3 den Rialachán seo maidir le forbairt na muirear comhshó airgeadra agus muirear eile a bhaineann le seirbhísí íocaíochta, d’íocóirí agus d’íocaithe araon;

(d) 

meastóireacht ar thionchar measta Airteagal 3(1) den Rialachán seo a leasú ionas go gcumhdófaí airgeadraí na mBallstát uile;

(e) 

meastóireacht ar an gcaoi a ndéanann seirbhísí comhshó airgeadra na ceanglais faisnéise a chur i bhfeidhm a leagtar síos in Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Rialachán seo agus sna dlíthe náisiúnta lena ndéantar Airteagal 45(1), Airteagal 52, pointe (3), agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 a chur chun feidhme agus cibé an bhfuil na rialacha sin tar éis feabhas a chur ar thrédhearcacht na muirear comhshó airgeadra;

(f) 

meastóireacht ar cibé an raibh ar sheirbhísí comhshó airgeadra aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí le cur i bhfeidhm praiticiúil Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Rialachán seo agus na dlíthe náisiúnta lena ndéantar Airteagal 45(1), Airteagal 52, pointe (3), agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 a chur chun feidhme agus, más rud é go raibh orthu, cá mhéad;

(g) 

anailís chostais-tairbhe ar na bealaí agus na teicneolaíochtaí cumarsáide atá in úsáid ag soláthraithe seirbhísí comhshó airgeadra, nó atá ar fáil dóibh, agus ar féidir leo feabhas breise a chur ar thrédhearcacht na muirear comhshó airgeadra, lena n-áirítear meastóireacht ar cibé an bhfuil bealaí áirithe ar cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta iad a chur ar fáil i gcomhair sheoladh na faisnéise dá dtagraítear in Aireagal 4; ba cheart go n-áireofaí san anailís sin freisin measúnú ar a indéanta atá sé go teicniúil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (3) den Rialachán seo a nochtadh go comhuaineach, roimh thús gach idirbhirt, le haghaidh na roghanna comhshó airgeadra go léir atá ar fáil ag an UMB nó ag an díolphointe;

(h) 

anailís chostais-tairbhe ar thabhairt isteach na féidearthachta le haghaidh íocóirí an rogha a bhlocáil glacadh le comhshó airgeadra a thairgeann páirtí seachas soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ag UMB nó ag an díolphointe agus a roghanna ina leith sin a athrú;

(i) 

anailís chostais-tairbhe ar cheanglas a thabhairt isteach ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra, go gcuirfidís i bhfeidhm, agus iad ag soláthar seirbhísí comhshó airgeadra a bhaineann le hidirbheart indibhidiúil íocaíochta, an ráta comhshó is infheidhme tráth a chuirtear tús le hidirbheart agus an t-idirbheart á imréiteach agus á ghlanadh.

2.  
Cumhdóidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 ar a laghad an tréimhse ón 15 Nollaig 2019 go dtí an 19 Deireadh Fómhair 2021. Agus an tuarascáil á hullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as sonraí arna mbailiú ag Ballstáit i ndáil le mír 1 agus cuirfidh sé san áireamh sainiúlachtaí na n-idirbheart éagsúil íocaíochta, ag idirdhealú go háirithe idir idirbhearta a tosaíodh ag UMB agus ag an díolphointe.

Airteagal 15

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air



Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 266, 9.10.2009, lch. 11)

 

Rialachán (AE) Uimh. 260/2012

ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 94, 30.3.2012, lch. 22)

Na tagairtí a dhéantar le hAirteagal 17 d’Airteagail 2, 3, 4, 5, 7 agus 8 agus an méid sin amháin

Rialachán (AE) 2019/518

ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 91, 29.3.2019, lch. 36)

 




IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil



Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

An Rialachán seo

Airteagal 1(1), (2) agus (3)

Airteagal 1(1), (2) agus (3)

Airteagal 1(4)

-

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1a)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3a

Airteagal 4

Airteagal 3b

Airteagal 5

Airteagal 4(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 4(3)

Airteagal 6(2)

Airteagal 4(4)

Airteagal 6(3)

Airteagal 5

Airteagal 7

Airteagal 6

-

Airteagal 7

-

Airteagal 9, an chéad mhír

Airteagal 8, an chéad mhír

Airteagal 9, an dara mír

Airteagal 8, an dara mír

Airteagal 9, an tríú mír

-

Airteagal 9, an ceathrú mír

Airteagal 8, an tríú mír

Airteagal 10(1), an chéad fhomhír

Airteagal 9(1)

Airteagal 10(1), an dara fomhír

-

Airteagal 10(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 12

Airteagal 11

Airteagal 13

Airteagal 12

Airteagal 14(1)

Airteagal 13

Airteagal 14(2)

-

Airteagal 14(3)

-

Airteagal 15

Airteagal 14

Airteagal 16

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

-

Iarscríbhinn I

-

Iarscríbhinn II



( 1 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

( 2 ) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh, leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

( 3 ) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).

( 5 ) Rialachán (AE) 2019/518 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 maidir le muirir áirithe ar íocaíochtaí trasteorann san Aontas agus muirir comhshó airgeadra (IO L 91, 29.3.2019, lch. 36).