02008R1099 — GA — 07.02.2024 — 007.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (CE) Uimh. 1099/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (Téacs atá ábhartha ma idir leis an LEE) (IO L 304 14.11.2008, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
COMMISSION REGULATION (EU) No 844/2010 of 20 September 2010 (*) |
L 258 |
1 |
30.9.2010 |
|
|
COMMISSION REGULATION (EU) No 147/2013 of 13 February 2013 (*) |
L 50 |
1 |
22.2.2013 |
|
|
L 131 |
1 |
1.5.2014 |
||
|
L 292 |
3 |
10.11.2017 |
||
|
COMMISSION REGULATION (EU) 2019/2146 of 26 November 2019 (*) |
L 325 |
43 |
16.12.2019 |
|
|
L 20 |
208 |
31.1.2022 |
||
|
L |
1 |
18.1.2024 |
||
|
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 1099/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Deireadh Fómhair 2008
maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh
(Téacs atá ábhartha ma idir leis an LEE)
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘staidreamh Comhphobail’ staidreamh Comhphobail mar a shainmhínítear é sa chéad fhleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;
ciallaíonn ‘staidreamh a chur ar fáil’ staidreamh a chur ar fáil mar a shainmhínítear é sa dara fleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;
ciallaíonn ‘an Coimisiún (Eurostat)’ an t-údarás Comhphobail mar a shainmhínítear é sa cheathrú fleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;
ciallaíonn ‘táirgí fuinnimh’ breoslaí indóite, teas, fuinneamh inathnuaite, leictreachas, nó aon fhoirm eile fuinnimh;
ciallaíonn ‘comhiomláin’ sonraí comhiomlánaithe ar an leibhéal náisiúnta maidir le cóireáil nó le húsáid táirgí fuinnimh, eadhon táirgeadh, trádáil, stoic, claochlú, tomhaltas, agus saintréithe struchtúracha an chórais fuinnimh amhail toilltí suiteáilte maidir le giniúint leictreachais nó toilltí táirgthe maidir le táirgí ola;
ciallaíonn ‘cáilíocht sonraí’ na gnéithe seo a leanas de cháilíocht staidrimh: ábharthacht, cruinneas, tráthúlacht agus poncúlacht, inrochtaineacht agus soiléire, inchomparáideacht, comhleanúnachas agus iomláine.
Airteagal 3
Foinsí sonraí
Agus na bprionsabal maidir le hualach laghdaithe a chur ar fhreagróirí agus maidir le simpliú riaracháin a choinneáil á bhfeidhmiú, tiomsóidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le táirgí fuinnimh agus lena gcomhiomláin sa Chomhphobal ó na foinsí seo a leanas:
suirbhéanna sonracha staidrimh a bheidh dírithe ar na táirgeoirí agus trádalaithe fuinnimh phríomhúil agus ar na táirgeoirí agus trádalaithe fuinnimh chlaochlaithe agus ar dháileoirí agus iompróirí, ar allmhaireoirí agus onnmhaireoirí táirgí fuinnimh;
suirbhéanna staidrimh eile a bheidh dírithe ar úsáideoirí deiridh fuinnimh in earnáil an tionscail déantúsaíochta, in earnáil an iompair, agus in earnálacha eile, lena n-áirítear líonta tí;
nósanna imeachta eile maidir le meastachán staidrimh nó foinsí eile, lena n-áirítear foinsí riaracháin, amhail rialtóirí na margaí leictreachais agus gáis.
Airteagal 4
Comhiomláin, táirgí fuinnimh agus minicíocht tarchuir an staidrimh náisiúnta
Leagtar amach sna hIarscríbhinní an staidreamh náisiúnta a thuairisceofar. Déanfar é a tharchur ag na minicíochtaí seo a leanas:
go bliantúil, maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh in Iarscríbhinn B;
go míosúil, maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh in Iarscríbhinn C;
go míosúil gearrthéarmach, i dtaca le staidreamh fuinnimh in Iarscríbhinn D.
Airteagal 5
Tarchur agus scaipeadh
Airteagal 6
Measúnú cháilíochta agus tuarascálacha cáilíochta
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na gnéithe measúnachta cáilíochta seo a leanas i leith na sonraí a bheidh le tarchur:
tagróidh ‘ábharthacht’ don mhéid a fhreastalaíonn an staidreamh ar riachtanais reatha agus féideartha na n-úsáideoirí;
tagróidh ‘cruinneas’ do ghaireacht na meastachán do na fíorluachanna anaithnide;
tagróidh ‘tráthúlacht’ don aga moille idir fáil a bheith ar an bhfaisnéis agus an teagmhas nó an feiniméan a dtugann sí tuairisc air;
tagróidh ‘poncúlacht’ don aga moille idir dáta scaoilte na sonraí agus an spriocdháta faoinar chóir iad a bheith seachadta;
tagróidh ‘inrochtaineacht’ agus ‘soiléireacht’ do na coinníollacha agus do na modúlachtaí trína bhféadfaidh úsáideoirí sonraí a fháil, a úsáid agus a léirmhíniú;
tagróidh ‘inchomparáideacht’ don tomhas ar thionchar na ndifríochtaí idir coincheapa feidhmeacha staidrimh agus uirlisí agus nósanna imeachta tomhais i gcás ina ndéantar comparáid idir staidreamh ó thaobh limistéar geografach nó fearann earnála, nó thar thréimhse ama;
tagróidh ‘comhleanúnachas’ dá leordhóthanaí atá na sonraí lena nascadh go hiontaofa ar bhealaí difriúla agus le haghaidh úsáidí éagsúla.
Airteagal 7
Am tagartha agus minicíocht
Tiomsóidh na Ballstáit na sonraí go léir a shonraítear sa Rialachán seo ó thús na bliana féilire tar éis ghlacadh an Rialacháin seo, agus tarchuirfidh siad iad as sin amach ag na minicíochtaí a leagtar síos in Airteagal 4(1).
Airteagal 8
Staidreamh bliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach
Sainmhíneoidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis an earnáil fuinnimh núicléach san AE, tacar staidrimh bhliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach a bheidh le tuairisciú agus le scaipeadh ón mbliain 2009 ar aghaidh, arb í an bhliain sin an chéad bhliain tuairiscithe, gan dochar do rúndacht, i gcás inar gá sin, agus seachnófar aon dúbailt ar bhailiú sonraí agus, ag an am céanna, coinneofar an costas a bhaineann lena chur ar fáil íseal agus an t-ualach tuairiscithe réasúnta.
Bunófar an tacar staidrimh bhliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach agus féadfar é a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
Airteagal 9
Staidreamh i dtaca le fuinneamh inathnuaite agus staidreamh i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh
D’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht an staidrimh i dtaca le fuinneamh inathnuaite agus i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh, áiritheoidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit, go mbeidh an staidreamh seo inchomparáideach, trédhearcach, mionsonraithe agus solúbtha:
trí athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht a úsáidtear chun staidreamh i dtaca le fuinneamh inathnuaite a chruthú d’fhonn staidreamh breise, ábhartha agus mionsonraithe a chur ar fáil i dtaca le gach foinse fuinnimh inathnuaite, go bliantúil agus ar shlí chostéifeachtach. Tíolacfaidh an Coimisiún (Eurostat) an staidreamh a chruthófar ón mbliain 2010 (an bhliain thagartha) ar aghaidh agus scaipfidh sé an staidreamh sin;
tríd an mhodheolaíocht a bheidh in úsáid ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Chomhphobail i gcruthú an staidrimh maidir le tomhaltas deiridh fuinnimh (foinsí, athróga, cáilíocht, costais) a athbhreithniú agus a shocrú bunaithe ar an staid reatha, ar staidéir atá ann cheana agus ar threoirstaidéir féidearthachta, chomh maith le hanailísí costais/sochair atá fós le déanamh, agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na dtreoirstaidéar agus na n-anailísí costais/sochair d’fhonn eochracha miondealaithe a bhunú do na fuinnimh deiridh de réir earnála agus de réir príomhúsáide fuinnimh agus na míreanna comhthoraidh a lánpháirtiú sa staidreamh de réir a chéile ón mbliain 2012 (an bhliain tagartha) ar aghaidh.
Airteagal 10
Bearta cur chun feidhme
Na bearta seo a leanas, atá riachtanach do chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2):
modhnuithe ar liosta na bhfoinsí sonraí (Airteagal 3(3));
modhnuithe ar an staidreamh náisiúnta agus ar na soiléirithe nó ar na sainmhínithe is infheidhme (Airteagal 4(3));
modhnuithe ar na socruithe tarchuir (Airteagal 5(3));
an staidreamh bliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach a bhunú agus modhnuithe a dhéanamh air (Airteagal 8(2));
modhnuithe ar an staidreamh i dtaca le fuinneamh inathnuaite (Airteagal 9(2));
staidreamh i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh a bhunú agus modhnuithe a dhéanamh air (Airteagal 9(3)).
Airteagal 11
An Coiste
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.
Airteagal 12
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN A
SOILÉIRITHE AR THÉARMAÍOCHT
Soláthraítear san Iarscríbhinn seo míniúcháin, nótaí geografacha agus sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear sna hiarscríbhinní eile, mura sonraítear a mhalairt sna hiarscríbhinní seo.
1. NÓTAÍ GEOGRAFACHA
Chun críocha staidreamh a thuairisciú, agus chun na críche sin amháin, beidh feidhm ag na sainmhínithe geografacha seo a leanas:
2. COMHIOMLÁIN
Aicmeofar táirgeoirí leictreachais agus teasa de réir chuspóir an táirgthe:
Tabhair ar aird: féadfaidh an Coimisiún an téarmaíocht a shoiléiriú a thuilleadh trí thagairtí ábhartha NACE ( 2 ) a chur leis an téarmaíocht i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2) tar éis teacht i bhfeidhm d’athbhreithniú ar aicmiú NACE.
2.1. Soláthar
2.1.1. TÁIRGEADH/TÁIRGEADH DÚCHASACH
Déantar cainníochtaí breoslaí a eastósctar nó a tháirgtear a ríomh tar éis aon oibríocht chun an támhábhar a bhaint. Folaítear leis an táirgeadh na cainníochtaí arna dtomhailt ag an táirgeoir le linn an phróisis táirgthe (e.g. chun trealamh agus trealamh cúnta a théamh nó a oibriú), mar aon le soláthairtí fuinnimh do tháirgeoirí eile le haghaidh claochlaithe nó le haghaidh úsáidí eile.
Ciallaíonn “táirgeadh dúchasach” táirgeadh ó acmhainní laistigh de chríoch ar leith — críoch náisiúnta na tíre tuairiscithe.
2.1.2. TÁIRGÍ GNÓTHAITHE
Níl feidhm aige seo ach amháin maidir le gual crua. Sciodar agus scealla cairn dramhaíola arna ngnóthú ag mianaigh.
2.1.3. FÁLTAIS Ó FHOINSÍ EILE
Cainníochtaí breoslaí lena bhfolaítear a dtáirgeadh i dtuairisciú eile maidir le breosla ach a mheasctar le breoslaí eile agus a thomhlaítear mar mheascán. Déanfar sonraí breise maidir leis an gcomhpháirt sin a sholáthar leis na nithe seo a leanas:
2.1.4. ALLMHAIRÍ/ONNMHAIRÍ
Mura sonraítear a mhalairt, tagraíonn “allmhairí” don tionscnamh faoi dheoidh (an tír inar táirgeadh an táirge fuinnimh) lena n-úsáid sa tír agus tagraíonn “onnmhairí” don tír ina dtomhlaítear faoi dheoidh an táirge fuinnimh arna tháirgeadh. Measfar méideanna a bheith allmhairithe nó onnmhairithe nuair a thrasnóidh siad teorainneacha polaitiúla na tíre, cibé acu a bheidh imréiteach custam déanta nó nach mbeidh.
I gcás nach féidir aon tionscnamh nó ceann scríbe a shonrú féadfar “Neamhshonraithe/Eile” a úsáid.
2.1.5. UMAIR MHUIRÍ IDIRNÁISIÚNTA
Cainníochtaí breoslaí a sheachadtar chuig longa de gach bratach atá ag gabháil do loingseoireacht idirnáisiúnta. Féadfaidh an loingseoireacht idirnáisiúnta a bheith ar siúl ar muir, ar lochanna agus ar uiscebhealaí intíre, agus in uiscí cósta. Cuirtear na nithe seo a leanas as an áireamh:
2.1.6. EITLÍOCHT IDIRNÁISIÚNTA
Cainníochtaí breoslaí a sheachadtar chuig aerárthaí le haghaidh eitlíocht idirnáisiúnta. Ba cheart an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an tsuímh imeachta agus an tsuímh tuirlingthe agus ní ar bhonn náisiúntacht na haerlíne. Ní fholaítear breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair (atá le tuairisciú i “Nach sonraítear in áit eile - Iompar”) agus úsáid mhíleata breoslaí eitlíochta (atá le tuairisciú i “Nach sonraítear in áit eile - Eile”).
2.1.7. ATHRUITHE AR STOIC
An difríocht idir an leibhéal stoic tosaigh agus an leibhéal stoic deiridh le haghaidh stoc atá á gcoinneáil ar chríoch náisiúnta. Mura sonraítear a mhalairt, taispeántar carnadh stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dheimhneach.
2.1.8. STOIC IOMLÁNA TOSAIGH AGUS DEIRIDH AR CHRÍOCH NÁISIÚNTA
Gach stoc ar chríoch náisiúnta, lena bhfolaítear stoic atá á gcoinneáil ag rialtais, ag mórthomhaltóirí nó ag eagraíochtaí stocshealbhaíochta, stoic atá á gcoinneáil ar bord soithí farraige ag teacht isteach, stoic atá á gcoinneáil i limistéir faoi bhanna agus stoic atá á gcoinneáil le haghaidh daoine eile, bíodh sé sin faoi chomhaontú déthaobhach rialtais nó ná bíodh. Tagraíonn stoc “tosaigh” agus stoc “deiridh” don chéad lá agus don lá deiridh den tréimhse tuarascála, faoi seach. Folaítear le stoc na stoic a choinnítear i ngach cineál saoráide stórála, ar an talamh nó faoin talamh.
2.1.9. ÚSÁID DHÍREACH
Ola (táirgí amhola agus táirgí peitriliam) a úsáidtear go díreach gan iad a phróiseáil i scaglanna peitriliam. Folaítear amhola a dhóitear chun leictreachas a ghiniúint.
2.1.10. FÁLTAIS TÁIRGÍ PRÍOMHÚLA
Folaítear cainníochtaí amhola dúchasaí nó allmhairithe (lena bhfolaítear comhdhlúthán) agus LGN dúchasach ( 3 ) a úsáidtear go díreach gan iad a bheith próiseáilte i scaglann peitriliam, agus cainníochtaí cúlsreabha ón tionscal peitriceimiceach, ar cainníochtaí iad a úsáidtear go díreach cé nach breoslaí príomhúla iad.
2.1.11. OLL-ASCHUR SCAGLAINNE
Táirgí críochnaithe a tháirgeadh i scaglann nó i ngléasra cumaiscthe. Ní fholaítear caillteanais scaglainne ach folaítear breosla scaglainne.
2.1.12. TÁIRGÍ ATHCHÚRSÁILTE
Críochtháirgí a théann tríd an líonra margaíochta den dara huair, tar éis iad a bheith seachadta chuig na tomhaltóirí deiridh (e.g. bealaidh úsáidte a ndéanfar athphróiseáil orthu). Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir na cainníochtaí sin agus na cúlsreabha peitriceimiceacha.
2.1.13. CÚLSREABHA
Táirgí críochnaithe nó táirgí leathchríochnaithe a aischuirfear ó thomhaltóirí deiridh chuig scaglanna lena bpróiseáil, lena gcumasc nó lena ndíol. Is fotháirgí de mhonarú peitriceimiceach iad de ghnáth.
2.1.14. AISTRITHE IDIR-THÁIRGÍ
Cainníochtaí a athaicmítear toisc gur athraigh a sonraíocht nó toisc go ndearnadh iad a chumasc ina dtáirge eile. Déanfar iontráil dhiúltach le haghaidh táirge amháin a chúiteamh le hiontráil dheimhneach (nó roinnt iontrálacha) le haghaidh táirge amháin nó roinnt táirgí agus vice versa; ba cheart glanéifeacht iomlán de nialas a bheith ann.
2.1.15. TÁIRGÍ AISTRITHE
Táirgí peitriliam allmhairithe a athaicmítear mar bhunábhair lena bpróiseáil a thuilleadh sa scaglann, agus nach ndéanfar a sheachadadh chuig tomhaltóirí deiridh.
2.1.16. DIFRÍOCHTAÍ STAIDRIMH
Luach ríofa, arna shainiú mar an difríocht idir an ríomh ó thaobh an tsoláthair de (cur chuige ón mbarr anuas) agus an ríomh ó thaobh an tomhaltais de (cur chuige ón mbun aníos). Ba cheart do na tíortha tuairiscithe aon difríocht mhór maidir le staidreamh a mhíniú.
2.2. Earnáil an chlaochlaithe
In earnáil an chlaochlaithe, níor cheart ach na cainníochtaí breosla a claochlaíodh i gcineálacha eile breosla a thuairisciú. Cainníochtaí breosla a úsáidtear le haghaidh téimh, chun trealamh a oibriú agus mar thacaíocht ghinearálta don chlaochlú, ba cheart na cainníochta breosla sin a dhearbhú in earnáil an fhuinnimh.
2.2.1. TÁIRGEOIR PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTA LEICTREACHAS AMHÁIN
Cainníochtaí breoslaí a bhíonn á n-úsáid ag táirgeoirí príomhghníomhaíochta chun leictreachas a tháirgeadh in aonaid/gléasraí leictreachais amháin.
2.2.2. TÁIRGEOIR PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTA AONAID TEASA AGUS CUMHACHTA IN ÉINEACHT (CTÉ)
Cainníochtaí breoslaí a bhíonn á n-úsáid ag táirgeoirí príomhghníomhaíochta chun leictreachas agus/nó teas a tháirgeadh in aonaid CTÉ.
2.2.3. TÁIRGEOIR PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTA TEAS AMHÁIN
Cainníochtaí breoslaí a bhíonn á n-úsáid ag táirgeoirí príomhghníomhaíochta chun teas a tháirgeadh in aonaid/gléasraí teasa amháin.
2.2.4. UATH-THÁIRGEOIR LEICTREACHAS AMHÁIN
Cainníochtaí breoslaí a bhíonn á n-úsáid ag uath-tháirgeoirí chun leictreachas a tháirgeadh in aonaid/gléasraí leictreachais amháin.
2.2.5. UATH-THÁIRGEOIR AONAID TEASA AGUS CUMHACHTA IN ÉINEACHT (CTÉ)
Gach cainníocht breosla a bhíonn á húsáid ag uath-tháirgeoirí chun leictreachas a tháirgeadh agus an chuid chomhréireach breoslaí a úsáidtear chun teas a tháirgeadh ar teas é a dhíoltar in aonaid CTÉ. Maidir leis an gcuid chomhréireach breoslaí a úsáidtear chun teas a tháirgeadh ar teas é nár díoladh (teas a thomhlaítear go huathoibríoch), tá sí le tuairisciú san earnáil ábhartha de thomhaltas deiridh fuinnimh bunaithe ar aicmiú NACE. Teas nach ndíoltar ach a sheachadtar chuig eintitis eile faoi chomhaontuithe neamhairgeadais nó chuig eintitis faoi úinéireacht dhifriúil, ba cheart an tuairisciú a dhéantar air a bhunú ar an bprionsabal céanna leis an teas a dhíoltar.
2.2.6. UATH-THÁIRGEOIR TEAS AMHÁIN
An chuid chomhréireach breoslaí a úsáidtear chun an teas a tháirgeadh, teas a dhíolann na huath-tháirgeoirí in aonaid/gléasraí teasa amháin. Maidir leis an gcuid chomhréireach breoslaí a úsáidtear chun teas a tháirgeadh ar teas é nár díoladh (teas a thomhlaítear go huathoibríoch), tá sí le tuairisciú san earnáil ábhartha de thomhaltas deiridh fuinnimh bunaithe ar aicmiú NACE. Teas nach ndíoltar ach a sheachadtar chuig eintitis eile faoi chomhaontuithe neamhairgeadais nó chuig eintitis faoi úinéireacht dhifriúil, ba cheart an tuairisciú a dhéantar air a bhunú ar an bprionsabal céanna leis an teas a dhíoltar.
2.2.7. GLÉASRAÍ BREOSLA PAITINNE
Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear i ngléasraí breosla paitinne chun breosla paitinne a tháirgeadh.
2.2.8. OIGHINN CHÓIC
Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear in oighinn chóic chun cóc oighinn chóic agus gás oighinn chóic a tháirgeadh.
2.2.9. GLÉASRAÍ BKB/PB
Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun brícíní guail doinn (BKB) a tháirgeadh i ngléasraí BKB agus cainníochtaí breoslaí a úsáidtear i ngléasraí bricíní móna chun brícíní móna (PB) a tháirgeadh.
2.2.10. OIBREACHA GÁIS
Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun gás oibreacha gáis a tháirgeadh in oibreacha gáis agus i ngléasraí gásúcháin guail.
2.2.11. FOIRNÉIS SOINNEÁIN
Cainníochtaí breoslaí a théann isteach sa soitheach foirnéise soinneáin, cé acu tríd an mbarr in éineacht leis an amhiarann nó tríd na píopaí ag an mbun in éineacht leis an aer soinneáin téite.
2.2.12. LEACHTÚ GUAIL
Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun ola shintéiseach a tháirgeadh.
2.2.13. GLÉASRAÍ GÁS GO LEACHT
Cainníochtaí breoslaí gásacha a tiontaíodh ina mbreoslaí leachtacha.
2.2.14. GLÉASRAÍ TÁIRGTHE FIOGHUAIL
Cainníochtaí bithbhreoslaí soladacha a tiontaíodh ina bhfioghual.
2.2.15. SCAGLANNA PEITRILIAM
Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun táirgí peitriliam a tháirgeadh.
2.2.16. GLÉASRAÍ CUMAISCTHE GÁIS NÁDÚRTHA (LE HAGHAIDH GÁS NÁDÚRTHA CUMAISCTHE)
Cainníochtaí na ngás a chumasctar le gás nádúrtha isteach san eangach gháis (líonra gáis).
2.2.17. CHUN A CHUMASC LE GÁSAILÍN MÓTAIR / LE DÍOSAL / LE CEIRISÍN:
Cainníochtaí bithbhreoslaí leachtacha a chumasctar lena macasamhlacha iontaise. Cainníochtaí hidrigine a mheasctar sna breoslaí.
2.2.18. TÁIRGEADH HIDRIGINE
Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun hidrigin a tháirgeadh
2.2.19. NACH SONRAÍTEAR IN ÁIT EILE
Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí claochlaithe nach bhfolaítear in áit eile. Má úsáidtear iad, ba cheart an méid atá ar áireamh faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.
2.3. An Earnáil Fuinnimh
Cainníochtaí arna dtomhailt ag an tionscal fuinnimh chun tacú le hoibríochtaí eastósctha (mianadóireacht, táirgeadh ola agus gáis) nó le hoibríochtaí gléasra a bhaineann le gníomhaíochtaí claochlaithe. Comhfhreagraíonn sé sin do Rannáin NACE 05, 06, 19 agus 35, Grúpa NACE 09.1 agus aicmí NACE 07.21 agus 08.92.
Ní fholaíonn sé cainníochtaí breoslaí arna gclaochlú i bhfoirm eile fuinnimh (ba cheart iad sin a thuairisciú faoi earnáil an chlaochlaithe) nó cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun tacú le hoibriú píblínte ola, gáis agus sciodair guail (ba cheart iad sin a thuairisciú in earnáil an iompair).
2.3.1. LEICTREACHAIS, GLÉASRAÍ CTÉ AGUS TEASA DÁ N-ÚSÁID FÉIN
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag gléasraí le haonad leictreachais amháin, le haonad teasa amháin agus le haonad CTÉ.
2.3.2. MIANAIGH GHUAIL
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh chun tacú le gual a eastóscadh agus a ullmhú laistigh de thionscal na gualmhianadóireachta. Ba cheart gual arna dhó i stáisiúin chumhachta bhéal an tsloic a thuairisciú in earnáil an chlaochlaithe.
2.3.3. GLÉASRAÍ BREOSLA PAITINNE
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag gléasraí breosla paitinne.
2.3.4. OIGHINN CHÓIC
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta in oighinn chóic (gléasraí cóic).
2.3.5. GLÉASRAÍ BKB/PB
Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i ngléasraí BKP/PB (gléasraí bricíní).
2.3.6. OIBREACHA GÁIS/OIBREACHA GÁSÚCHÁIN GUAIL
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag oibreacha gáis agus gléasraí gásúcháin guail.
2.3.7. FOIRNÉISÍ SOINNEÁIN
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag foirnéisí soinneáin.
2.3.8. LEACHTÚ GUAIL
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag gléasraí leachtaithe guail.
2.3.9. LEACHTÚ (GNL) / ATHGHÁSÚCHÁN
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag gléasraí leachtaithe gáis nádúrtha agus ag gléasraí athghásúcháin.
2.3.10. GLÉASRAÍ GÁSÚCHÁIN (BITHGHÁS)
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i ngléasraí gásúcháin bithgháis.
2.3.11. GLÉASRAÍ GÁS GO LEACHT (GTL)
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i ngléasraí tiontaithe gás go leacht.
2.3.12. GLÉASRAÍ TÁIRGTHE FIOGHUAIL
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i ngléasraí táirgthe fioghuail.
2.3.13. SCAGLANNA PEITRILIAM
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag scaglanna peitriliam.
2.3.14. AN TIONSCAL NÚICLÉACH
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí an tionscail núicléach (mianadóireacht, próiseáil, athphróiseáil ábhar núicléach le haghaidh comhleá agus eamhnú adamhach) agus lena n-áirítear cóireáil, diúscairt agus stóráil dramhaíola núicléiche.
2.3.15. EASTÓSCADH OLA AGUS GÁIS
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt i saoráidí eastósctha ola agus gáis nádúrtha. Ní áirítear caillteanais ó phíblíne (atá le tuairisciú mar chaillteanais dáilte) agus cainníochtaí a úsáidtear chun píblínte a oibriú (atá le tuairisciú in earnáil an iompair).
2.3.16. GINIÚINT, LEACHTÚ AGUS GÁSÚ HIDRIGINE.
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh chun tacú le giniúint, leachtú agus gású hidrigine.
2.3.17. NACH SONRAÍTEAR IN ÁIT EILE - FUINNEAMH
Cainníochtaí breoslaí a bhaineann le gníomhaíochtaí fuinnimh nach n-áirítear in áit eile. Má úsáidtear iad, ba cheart an méid atá ar áireamh faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.
2.4. Caillteanais tarchurtha agus caillteanais dáilte
2.4.1. CAILLTEANAIS TARCHURTHA
Cainníochtaí caillteanas breoslaí a tharlaíonn de bharr tarchuir, mar chuid den chóras arna oibriú ag an oibreoir córais tarchurtha. Áirítear leis caillteanais theicniúla agus caillteanais neamh-theicniúla. Maidir le leictreachas, áirítear leis caillteanais i gclaochladáin a measfar nach codanna dílse de ghléasraí cumhachta iad. Maidir le gás, áirítear leis gnáthscaoileadh agus bladhmadh le linn tarchuir.
2.4.2. CAILLTEANAIS DÁILTE
Cainníochtaí caillteanas breoslaí a tharlaíonn de bharr tarchuir, mar chuid den chóras arna oibriú ag an oibreoir córais tarchuir. Áirítear leis caillteanais theicniúla agus caillteanais neamh-theicniúla. Maidir le gás, áirítear leis gnáthscaoileadh agus bladhmadh le linn dáilte.
2.5. Tomhaltas neamhfhuinnimh deiridh
Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun críoch neamhfhuinnimh - breoslaí nach ndéantar iad a dhó.
2.6. Tomhaltas fuinnimh deiridh (sonraíochtaí úsáide deiridh)
2.6.1. EARNÁIL AN TIONSCAIL
Tagraíonn sé seo do chainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag an ngnóthas tionscail chun tacú lena chuid príomhghníomhaíochtaí.
Maidir le haonaid teasa amháin nó le haonaid CTÉ, ní bheidh le tuairisciú ach na cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt chun teas a tháirgeadh, ar teas é a úsáidfidh an t-eintiteas féin (teas a thomhailt go huathoibríoch). Maidir le cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt chun teas a tháirgeadh a bheidh le díol, agus chun leictreachas a tháirgeadh, ba cheart iad a thuairisciú faoin earnáil claochlaithe iomchuí.
2.6.1.1. Mianadóireacht agus cairéalacht: Rannáin NACE 07 (seachas 07.21) agus 08 (seachas 08.92); Grúpa NACE: 09.9.
2.6.1.1.1. Mianadóireacht ar mhianraí miotail [Rannán NACE 07); ní áirítear leis Aicme NACE 07.21 Mianadóireacht ar mhianta úráiniam nó tóiriam]
2.6.1.1.2. Mianadóireacht agus cairéalacht eile [Rannán NACE 08; ní áirítear leis Aicme NACE 08.92 Móin a bhaint]
2.6.1.1.3. Seirbhísí tacaíochta gníomhaíochta mianadóireachta [Rannán NACE 09; ní áirítear leis Grúpa NACE 09.1 Gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh eastósctha peitriliam agus gáis nádúrtha]
2.6.1.2. Bia, deochanna agus tobac: Rannáin NACE 10, 11 agus 12.
2.6.1.2.1. Monarú táirgí bia [Rannán NACE 10]
2.6.1.2.2. Monarú deochanna [Rannán NACE 11]
2.6.1.2.3. Monarú táirgí tabac [Rannán NACE 12]
2.6.1.3. Teicstíl agus leathar [Rannáin NACE 13, 14 agus 15; áirítear leis Monarú teicstílí, Monarú corpbhirt agus Monarú táirgí leathair agus táirgí gaolmhara]
2.6.1.4. Adhmad agus táirgí adhmaid — Monarú adhmaid agus táirgí adhmaid agus coirc, seachas troscán; Monarú earraí tuí agus ábhair thrilseacha [Rannán NACE 16]
2.6.1.5. Laíon, páipéar agus clódóireacht: Rannáin NACE 17 agus 18.
2.6.1.5.1. Monarú páipéir agus táirgí páipéir [Rannán NACE 17]
2.6.1.5.1.1. Monarú laín [Aicme NACE 17.11]
2.6.1.5.1.2. Páipéar agus táirgí páipéir eile [Aicme NACE 17.12. agus Grúpa NACE 17.2]
2.6.1.5.2 Priontáil agus atáirgeadh meán taifeadta [Rannán NACE 18]
2.6.1.6. Ceimiceach agus peitriceimiceach: Rannáin NACE 20 agus 21.
2.6.1.6.1. Monarú ceimiceán agus táirgí ceimiceacha [Rannán NACE 20]
2.6.1.6.2. Monarú buntáirgí cógaisíochta agus ullmhóidí cógaisíochta [Rannán NACE 21]
2.6.1.7. Mianracha neamh-mhiotalacha [Rannán NACE 23]
2.6.1.7.1. Monarú gloine agus táirgí gloine [Grúpa NACE 23.1]
2.6.1.7.2. Monarú stroighne, aoil agus plástair (lena n-áirítear Clincear) [Grúpa NACE 23.5]
2.6.1.7.3. Táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile [Grúpaí NACE 23.2, 23.3, 23.4, 23.6, 23.7 agus 23.9]
2.6.1.8. Iarann agus cruach [Monarú miotal bunúsach A: Grúpaí NACE 24.1, 24.2 agus 24.3 agus Aicmí 24.51 agus 24.52]
2.6.1.9. Tionscal miotal neamhfheiriúil [Monarú miotal bunúsach B: Grúpa NACE 24.4 agus Aicmí 24.53 agus 24.54]
2.6.1.9.1. Táirgeadh alúmanaim [Aicme NACE 24.42]
2.6.1.9.2. Tionscal miotal neamhfheiriúil eile [Grúpa NACE 24.4 — seachas Aicme NACE 24.42; Aicmí NACE 24.53 agus 24.54]
2.6.1.10. Innealra: Rannáin NACE 25, 26, 27 agus 28.
2.6.1.10.1. Monarú táirgí déanta as miotal, ach amháin innealra agus trealamh [Rannán NACE 25]
2.6.1.10.2. Monarú ceimiceán agus táirgí ceimiceacha [Rannán NACE 26]
2.6.1.10.3. Monarú trealaimh leictreonaigh [Rannán NACE 27]
2.6.1.10.4. Monarú innealra agus trealaimh nach n-aicmítear in aon áit eile [Rannán NACE 28]
2.6.1.11. Trealamh iompair: Tionscail a bhaineann leis an trealamh a úsáidtear le haghaidh iompair [NACE Ranna 29 agus 30; Áirítear leo Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí agus Monarú trealamh iompair eile]
2.6.1.12. Nach sonraítear in áit eile - Tionscal: Rannáin NACE 22, 31 agus 32
2.6.1.12.1. Monarú táirgí rubair agus plaisteacha [NACE Roinn 22]
2.6.1.12.2. Monarú troscáin [Rannán NACE 31]
2.6.1.12.3. Monarú eile [Rannán NACE 32]
2.6.1.13. Foirgníocht [Rannáin NACE 41, 42 agus 43]
2.6.2. EARNÁIL AN IOMPAIR
Fuinneamh a úsáidtear i ngach gníomhaíocht iompair gan beann ar earnáil NACE (an earnáil gheilleagair) ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht. Breoslaí a úsáidtear le haghaidh téamh agus soilsiú ag stáisiúin iarnróid, stáisiúin bus, céanna loingseoireachta agus aerfoirt, ba cheart iad a thuairisciú faoi “Sheirbhísí Tráchtála agus Poiblí” agus ní in earnáil an iompair.
2.6.2.1. Iarnród
Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear ag trácht iarnróid, lena bhfolaítear iarnróid thionsclaíocha agus iompar iarnróid ina chuid de chórais iompair uirbigh agus fo-uirbigh (mar shampla, traenacha, tramanna, an meitreo).
2.6.2.1.1. Iarnróid ardluais
Fuinneamh a bhíonn á úsáid ag traenacha a ritheann ar línte ar a bhféadfar luas breis is 200 ciliméadar in aghaidh na huaire a bhaint amach.
2.6.2.1.2. Gnáthchórais iarnróid
Fuinneamh a bhíonn á úsáid ag trácht iarnróid, seachas iarnróid ardluais agus meitreo agus tram.
2.6.2.1.2.1. Iompar paisinéirí d’iarnród
Fuinneamh a bhíonn á úsáid ag iarnróid chun paisinéirí a iompar, is é sin, le haghaidh gluaiseacht paisinéirí agus úsáid á baint as feithiclí iarnróid idir an t-ionad bordála agus an t-ionad díbhordála. Is paisinéir é aon duine, seachas baill d’fhoireann na traenach, a dhéanann turas d’iarnród.
2.6.2.1.2.2. Iompar lastais d’iarnród
Fuinneamh a bhíonn á úsáid ag iarnród le haghaidh earraí a iompar, rud a chiallaíonn aistriú earraí agus úsáid á baint as feithiclí iarnróid idir an t-ionad luchtaithe agus an t-ionad díluchtaithe.
2.6.2.1.3. Meitreo agus tram
Fuinneamh a bhíonn á úsáid ag an meitreo, ag an tram, ag iarnród éadrom agus ag córais eile iarnród uirbeach ardaithe nó iarnród uirbeach faoi thalamh.
2.6.2.2. Loingseoireacht intíre
Cainníochtaí breoslaí arna seachadadh chuig longa de gach bratach nach bhfuil ag gabháil do loingseoireacht idirnáisiúnta (feic umair mhuirí idirnáisiúnta). Ba cheart go ndéanfaí an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an chalafoirt imeachta agus an chalafoirt teachta seachas ar bhonn bhratach nó náisiúntacht na loinge.
2.6.2.3. Iompar de bhóthar
Cainníochtaí breoslaí a bhíonn á n-úsáid i bhfeithiclí bóthair. Áirítear leo breosla a bhíonn á úsáid ag feithiclí talmhaíochta ar mhórbhealaí agus bealaí lena n-úsáid i bhfeithiclí bóthair.
Ní áirítear leis fuinneamh a bhíonn á úsáid in innill dho-aistrithe (féach “Earnáil eile”), le haghaidh úsáid neamh-mhórbhealaí i dtarracóirí (féach “Talmhaíocht”), úsáid míleata i bhfeithiclí bóthair (féach “Earnáil eile – Nach bhfuil sonraithe in aon áit eile”), biotúman a úsáidtear i bhforéadanú bóthair agus fuinneamh a úsáidtear in innill ar láithreáin foirgníochta (féach “Tionscail” fo-earnáil “Foirgníochta”).
2.6.2.3.1. Feithiclí tromshaothair lena n-iompraítear lastas
Cainníochtaí breosla a úsáidtear i dtrucailí 3,5 tona toilleadh ualaigh na feithicle a mbíonn lasta á iompar acu (feithiclí i gcatagóirí N2 agus N3 de réir aicmiú na hEorpa le haghaidh catagóir feithicle, bunaithe ar chaighdeáin UNECE).
2.6.2.3.2. Iompar comhchoitinn
Cainníochtaí breosla a úsáidtear i bhfeithiclí móra, a mbíonn paisinéirí á n-iompar acu, amhail busanna, cóistí, veaineanna móra, etc. (feithiclí de chatagóirí M2 agus M3 de réir aicmiú na hEorpa le haghaidh catagóir feithicle, bunaithe ar chaighdeáin UNECE).
2.6.2.3.3. Carranna agus veaineanna
Cainníochtaí breosla a úsáidtear i bhfeithiclí beaga, amhail carranna agus veaineanna, a mbíonn paisinéirí nó lasta á n-iompar acu (feithiclí i gcatagóirí N1 agus M1 de réir aicmiú na hEorpa le haghaidh catagóir feithicle, bunaithe ar chaighdeáin UNECE).
2.6.2.3.4. Iompar eile de bhóthar:
Cainníochtaí breosla a úsáidtear i ngach foirm iompar bóthair seachas feithiclí tromshaothair a mbíonn lasta á iompar acu, iompar comhchoitinn agus carranna agus veaineanna.
2.6.2.4. Iompar píblíne
Cainníochtaí breoslaí arna n-úsáid mar fhuinneamh chun tacú le píblínte a oibriú, píblínte a mbíonn gás, leachtanna, sciodar agus tráchtearraí eile á n-iompar acu. Áirítear leo fuinneamh a úsáidtear le haghaidh stáisiúin caidéil agus chun píblínte a chothabháil. Ní áirítear leo fuinneamh a úsáidtear chun gás nádúrtha nó gás monaraithe, uisce te nó gal a dháileadh trí phíblínte ón dáileoir chuig úsáideoirí deiridh (atá le tuairisciú in earnáil an fhuinnimh), fuinneamh a úsáidtear maidir le dáileadh deiridh uisce chuig úsáideoirí tí, úsáideoirí tionscail, úsáideoirí tráchtála agus úsáideoirí eile (atá le folú san earnáil seirbhísí tráchtála agus poiblí) agus caillteanais a tharlaíonn le linn an iompair idir an dáileoir agus úsáideoirí deiridh (atá le tuairisciú mar chaillteanais dáilte).
2.6.2.5. Eitlíocht intíre
Cainníochtaí breoslaí a sheachadtar chuig aerárthaí le haghaidh eitlíocht intíre. Áirítear leo breosla a úsáidtear le haghaidh cuspóirí eile seachas eitilt, e.g. tagarthástáil na n-inneall. Ba cheart an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an tsuímh imeachta agus an tsuímh tuirlingthe agus ní ar bhonn náisiúntacht na haerlíne. Folaítear leis sin fad suntasach na dturas idir dhá aerfort i dtír a bhfuil críoch thar lear aici. Ní fholaítear breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair (atá le tuairisciú i “Nach sonraítear in áit eile - Iompar”) agus úsáid mhíleata breoslaí eitlíochta (atá le tuairisciú i “Nach sonraítear in áit eile - Eile”).
2.6.2.6. Nach sonraítear in áit eile - Iompar
Cainníochtaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí iompair agus nach bhfolaítear in áit eile. Folaíonn sé breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair agus breoslaí arna n-úsáid sna calafoirt le haghaidh dílódairí long, cineálacha éagsúla craenacha. Má úsáidtear iad, ba cheart an méid atá ar áireamh faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.
2.6.3. EARNÁLACHA EILE
Folaítear sa chatagóir seo cainníochtaí breoslaí a úsáidtear in earnálacha nach bhfuil luaite go sonrach nó nach mbaineann le fuinneamh, le tionscal nó le hiompar.
2.6.3.1. Seirbhísí tráchtála agus poiblí
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag gnóthaí agus ag oifigí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Rannáin NACE 33, 36, 37, 38, 39, 45, 46, 47, 52, 53, 55, 56, 58, 59, 60, 61, 62, 63, 64, 65, 66, 68, 69, 70, 71, 72, 73, 74, 75, 77, 78, 79, 80, 81, 82, 84 (seachas Aicme 84.22), 85, 86, 87, 88, 90, 91, 92, 93, 94, 95, 96 agus 99. Breoslaí a úsáidtear le haghaidh téamh agus soilsiú ag stáisiúin iarnróid, ag stáisiúin bus, ag céanna loingseoireachta agus ag aerfoirt, ba cheart iad a thuairisciú sa chatagóir seo. Folaíonn sé seo breoslaí a úsáidtear le haghaidh gach gníomhaíocht neamh-iompair de Rannáin NACE 49, 50 agus 51.
2.6.3.1.1. Deisiú agus suiteáil innealra agus trealamh [NACE Roinn C rannán 33]
2.6.3.1.2. Soláthar uisce; séarachas, gníomhaíochtaí bainistithe agus leasúcháin dramhaíola [NACE Roinn E]
2.6.3.1.3. Trádáil mhórdhíola agus trádáil mhiondíola; Deisiú mótarfheithiclí agus gluaisrothar [NACE Roinn G]
2.6.3.1.3.1. Trádáil mhórdhíola [NACE Roinn G, Rannán 46]
2.6.3.1.3.2. Trádáil mhiondíola [NACE Roinn G, Rannán 47]
2.6.3.1.4. Ollstóráil agus gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh iompair [NACE Roinn H, Rannán 52]
2.6.3.1.5. Gníomhaíochtaí poist agus cúiréireachta [NACE Roinn H, Rannán 53]
2.6.3.1.6. Gníomhaíochtaí seirbhísí cóiríochta agus bia [NACE Roinn I]
2.6.3.1.6.1. Cóiríocht [NACE Roinn I, Rannán 55]
2.6.3.1.6.2. Gníomhaíochtaí seirbhísí bia [NACE Roinn I, Rannán 56]
2.6.3.1.7. Faisnéis agus cumarsáid [NACE Roinn J]
2.6.3.1.8. Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais agus gníomhaíochtaí Réadmhaoine [NACE Roinn K agus NACE Roinn L]
2.6.3.1.9. Gníomhaíochtaí riaracháin agus gníomhaíochtaí seirbhísí tacaíochta [ NACE Roinn N]
2.6.3.1.10. Riarachán poiblí agus cosaint; Slándáil shóisialta éigeantach [NACE Roinn O]
2.6.3.1.11. Oideachas [NACE Roinn P]
2.6.3.1.12. Gníomhaíochtaí i dtaca le sláinte an duine agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta [NACE Roinn Q]
2.6.3.1.12.1. Gníomhaíochtaí ospidéil [NACE Roinn Q, Grúpa 86.1]
2.6.3.1.13. Na healaíona, siamsaíocht agus áineas [NACE Roinn R]
2.6.3.1.13.1. Gníomhaíochtaí spórt [NACE Roinn R, Rannán 93]
2.6.3.1.14. Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí seach-chríochacha [NACE Roinn U]
2.6.3.1.15. Seirbhísí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla agus Seirbhísí eile [NACE Roinn M agus NACE Roinn S]
2.6.3.1.16. Lárionaid sonraí. Sainmhínítear lárionad sonraí mar struchtúr nó grúpa de struchtúir a úsáidtear chun áit a chur ar fáil do chórais ríomhaireachta/do fhreastalaithe ríomhaireachta, chun iad a nascadh agus chun iad a oibriú, chomh maith leis an trealamh gaolmhar le haghaidh sonraí a stóráil, a phróiseáil agus/nó a dháileadh, mar aon le gníomhaíochtaí gaolmhara.
2.6.3.2. Teaghlaigh
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag gach teaghlach lena bhfolaítear “teaghlaigh ina bhfuil daoine fostaithe”. NACE Rannáin 97 agus 98.
Beidh feidhm ag na sainmhínithe sonracha seo a leanas maidir le hearnáil na dteaghlach:
Is éard is teaghlach ann duine a chónaíonn ina aonar, teaghlach, nó grúpa daoine atá ina gcónaí le chéile sa teaghais phríobháideach chéanna agus a chomhroinneann fóntais agus costais mhaireachtála riachtanacha eile. Dá bhrí sin, is comhthiomsú comhchoiteann de gach teaghlach i dtír í earnáil na dteaghlach, ar a dtugtar an earnáil chónaithe nó an earnáil intíre freisin.
Ba cheart áiteanna cónaithe comhchoiteanna, bídís buan (e.g. príosúin) nó sealadach (e.g. ospidéil), a eisiamh toisc go bhfolaítear iad faoi thomhaltas in earnáil na seirbhíse. Fuinneamh a úsáidtear i ngníomhaíochtaí iompair, ba cheart é a thuairisciú in earnáil an iompair agus ní in earnáil na dteaghlach.
Maidir le tomhaltas fuinnimh a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha suntasacha a dhéanann teaghlaigh, ba cheart iad a eisiamh freisin ó thomhaltas iomlán fuinnimh na dteaghlach. Folaítear le gníomhaíochtaí den sórt sin gníomhaíochtaí eacnamaíocha talmhaíochta ar fheirmeacha beaga agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a dhéantar in áit chónaithe teaghlaigh agus ba cheart iad a thuairisciú in earnáil iomchuí an tomhaltais chríochnaithigh.
2.6.3.2.1. Téamh spáis
Tagraíonn an tseirbhís fuinnimh seo d’úsáid fuinnimh chun teas a sholáthar in áit taobh istigh de theaghais.
2.6.3.2.2. Fuarú spáis
Tagraíonn an tseirbhís fuinnimh seo d’úsáid fuinnimh chun críocha fuaraithe i dteaghais, trí chóras cuisnithe agus/nó trí aonad cuisnithe.
Ní fholaítear sa roinn seo gaothráin, séidirí agus fearais eile nach bhfuil ceangailte le haonad cuisnithe, ach ba cheart iad a fholú sa roinn “Soilsiú agus fearais leictreacha”.
2.6.3.2.3. Téamh uisce
Tagraíonn an tseirbhís fuinnimh seo d’úsáid fuinnimh chun uisce a théamh le haghaidh uisce reatha te, le haghaidh folcadán a thógáil, le haghaidh glantacháin agus feidhmeanna eile neamhchócaireachta.
Ní fholaítear ann téamh linnte snámha, ach ba cheart é sin a fholú sa roinn “Úsáidí deiridh eile”.
2.6.3.2.4. Cócaireacht
Tagraíonn an tseirbhís fuinnimh seo d’úsáid fuinnimh chun béilí a ullmhú.
Ní fholaítear ann fearais chócaireachta cúnta (oighinn mhicreathonnacha, citil, déantóirí caife, etc.) agus ba cheart iad sin a fholú sa roinn “Soilsiú agus fearais leictreacha”.
2.6.3.2.5. Soilsiú agus fearais leictreacha (leictreachas amháin):
Leictreachas a úsáid le haghaidh soilsiú agus aon fhearas leictreach eile in áit chónaithe nach meastar a bheith laistigh d’úsáidí deiridh eile.
2.6.3.2.6. Úsáidí deiridh eile
Aon tomhaltas fuinnimh eile i dteaghlaigh, amhail fuinneamh a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí amuigh faoin aer agus aon ghníomhaíocht eile nach n-áirítear sna cúig úsáid fuinnimh a luaitear thuas (e.g. lomairí faiche, téamh linn snámha, téitheoirí amuigh faoin aer, beárbaiciúnna amuigh faoin aer, seomraí allais etc.).
2.6.3.3. Talmhaíocht
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag úsáideoirí arna n-aicmiú mar tháirgeadh barr agus táirgeadh ainmhithe, mar shealgaireacht agus mar ghníomhaíochtaí seirbhíse gaolmhara; NACE Roinn 01.
2.6.3.4. Foraoiseacht
Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag úsáideoirí arna n-aicmiú mar fhoraoiseacht agus lománaíocht; NACE Roinn 02.
2.6.3.5. Iascaireacht
Cainníochtaí breoslaí a sheachadtar le haghaidh iascaireacht intíre, iascaireacht chósta agus iascaireacht dhomhainfharraige. Ba cheart a fholú leis an iascaireacht breoslaí a sheachadtar chuig longa de gach bratach a athlíonann le breosla sa tír (lena bhfolaítear iascaireacht idirnáisiúnta) agus an fuinneamh a úsáidtear in earnáil na hiascaireachta. NACE Roinn 03.
2.6.3.6. Nach bhfuil sonraithe in áit eile - Eile
Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí nach n-áirítear in aon áit eile (amhail NACE Aicme 84.22). Folaítear sa chatagóir seo úsáid mhíleata breoslaí le haghaidh tomhaltas soghluaiste agus doghluaiste (e.g. longa, aerárthaí, bóthar agus fuinneamh a úsáidtear in áit chónaitheach), is cuma cé acu a dhéanfar an breosla a sheachadadh d’arm na tíre sin nó d’arm tíre eile. Má úsáidtear iad, ba cheart an méid atá ar áireamh faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.
3. TÁIRGÍ
3.1. GUAL (breoslaí iontaise soladacha agus gáis mhonaraithe)
3.1.1. GUAL CRUA
Is éard atá i ngual crua comhiomlán táirge atá cothrom le suim antraicíte, guail chóic agus guail bhiotúmanaigh eile.
3.1.2. ANTRAICÍT
Gual ardghráid a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna tionsclaíocha agus feidhmeanna tís. Go hiondúil bíonn níos lú ná 10 % ábhar soghalaithe agus cion ard de charbón (thart ar 90 % carbón fosaithe) ann. Is mó ná 24 000 kJ/kg a oll-luach calrach ar bhonn atá saor ó luaith ach atá tais.
3.1.3. GUAL CÓIC
Gual biotúmanach ag a bhfuil cáilíocht a éascaíonn táirgeadh cóic (cóc oighinn chóic) atá oiriúnach chun lánán foirnéise soinneáin a sheasamh. Is mó ná 24 000 kJ/kg a oll-luach calrach ar bhonn atá saor ó luaith ach atá tais.
3.1.4. GUAL BIOTÚMANACH EILE
Gual a úsáidtear chun gal a ardú agus lena bhfolaítear gach gual biotúmanach nach bhfolaítear faoi ghual cóic ná faoi antraicít. Saintréith de is ea ábhar soghalaithe níos airde ná antraicít (níos mó ná 10 %) agus cion de charbón níos ísle (níos lú ná 90 % carbón fosaithe). Is mó ná 24 000 kJ/kg a oll-luach calrach ar bhonn atá saor ó luaith ach atá tais.
3.1.5. GUAL DONN
Is éard atá sa ghual donn comhiomlán táirge atá cothrom le suim an ghuail fho-bhiotúmanaigh agus na ligníte.
3.1.6. GUAL FO-BHIOTÚMANACH
Tagraíonn sé do ghual neamh-chomhdhlúthaithe ag a bhfuil luach calrach comhlán idir 20 000 kJ/kg agus 24 000 kJ/kg ina bhfuil níos mó ná 31 % ábhar soghalaithe ar bhonn atá saor ó ábhar mianrach tirim.
3.1.7. LIGNÍT
Gual neamh-chomhdhlúthaithe ag a bhfuil luach calrach comhlán níos lú ná 20 000 kJ/kg agus níos mó ná 31 % ábhar soghalaithe ar bhonn atá saor ó ábhar mianrach tirim.
3.1.8. BREOSLA PAITINNE
Breosla comhdhéanta a mhonaraítear as mínbhrus guail chrua trí oibreán nasctha a chur leis. Dá bhrí sin, féadfaidh méid an bhreosla paitinne a tháirgtear a bheith beagán níos airde ná an méid iarbhír guail a thomhlaítear sa phróiseas claochlaithe.
3.1.9. CÓC OIGHINN CÓIC
An táirge soladach a fhaightear ó charbónú guail, go príomha gual cóic, ag teocht ard; tá sé íseal in ábhar taise agus in ábhar so-ghalaithe. Úsáidtear cóc oighinn chóic go príomha i dtionscal an iarainn agus na cruach, ag gníomhú dó mar fhoinse fuinnimh agus mar oibreán ceimiceach.
Tá bríos cóic agus cóc teilgcheárta le tuairisciú sa chatagóir seo.
Ba cheart breac-chóc (táirge soladach a fhaightear ó charbónú guail ag teocht íseal) a fholú sa chatagóir seo. Úsáidtear breac-chóc mar bhreosla téimh nó úsáideann an gléasra claochlaithe féin é.
Folaíonn an ceannteideal seo cóc, bríos cóic agus breac-chóc a dhéantar as lignít.
3.1.10. CÓC GÁIS
Fotháirge guail chrua a úsáidtear chun gás baile a tháirgeadh in oibreacha gáis. Úsáidtear cóc gáis chun críocha téimh.
3.1.11. TARRA GUAIL
Toradh ar dhriogadh deighilteach guail bhiotúmanaigh. Maidir le tarra guail is fotháirge leachtach é as driogadh guail chun cóc a dhéanamh i bpróiseas an oighinn chóic nó déantar é as gual donn (“tarra ísealteochta”).
3.1.12. BKB (BRÍCÍNÍ GUAIL DHOINN)
Is éard atá in BKB breosla comhdhéanta a mhonaraítear as lignít nó as gual fobhiotúmanach, a tháirgtear trí fháisceadh faoi ardbhrú gan oibreán ceangailteach a chur leis, lena bhfolaítear fíneálacha ligníte triomaithe agus deannach.
3.1.13. GÁIS MHONARAITHE
Is éard i ngáis mhonaraithe comhiomlán táirge atá cothrom le suim an gháis oibreacha gáis, an gháis oighinn chóic, an gháis foirnéise soinneáin agus na ngás gnóthaithe eile.
3.1.14. GÁS OIBREACHA GÁIS
Folaíonn sé gach cineál gás a tháirgtear i ngléasraí fóntais phoiblí nó príobháideacha, arb é is cuspóir dóibh gás a mhonarú, a iompar agus a dháileadh. Folaíonn sé gás a tháirgtear trí charbónú (lena bhfolaítear gás arna tháirgeadh trí oighinn chóic agus a aistrítear chuig gás oibreacha gáis), trí ghásúchán iomlán le táirgí ola nó gan é (GPL, ola bhreosla iarmharach, etc.), agus trí gháis agus/nó aer a athchóiriú agus a mheascadh go simplí, lena bhfolaítear cumasc le gás nádúrtha a dháilfear agus a thomhlófar tríd an eangach gáis nádúrtha. Ba cheart méid an gháis a eascraíonn ó aistriú gás guail eile go gás oibreacha gáis a thuairisciú mar tháirgeadh an gháis oibreacha gáis.
3.1.15. GÁS OIGHINN CHÓIC
Is éard is gás oighinn chóic ann gás a fhaightear mar fhotháirge ó mhonarú cóic oighinn chóic chun iarann agus cruach a tháirgeadh.
3.1.16. GÁS FOIRNÉISE SOINNEÁIN
Déantar gás foirnéise soinneáin a tháirgeadh le linn cóc a dhó i bhfoirnéis soinneáin sa tionscal guail agus cruach. Déantar é a ghnóthú agus é a úsáid mar bhreosla laistigh den ghléasra go páirteach agus i bpróisis eile thionscal na cruach go páirteach nó i stáisiúin ghiniúna atá trealmhaithe chun é a dhó.
3.1.17. GÁIS GHNÓTHAITHE EILE
Fotháirge den táirgeadh cruach i bhfoirnéis ocsaigine, agus a gnóthaíodh ar fhágáil na foirnéise dó. Tugtar gás tiontaire, gás LD nó gás BOS air chomh maith. Ba cheart cainníocht an bhreosla a fhaightear ar ais a thuairisciú ar bhonn oll-luacha chalraigh. Folaíonn sé freisin gáis mhonaraithe neamhshonraithe nach luaitear thuas, amhail gáis indóite de thionscnamh carbónúil soladach a gnóthaíodh ó phróisis mhonaraíochta agus cheimiceacha nach sainmhínítear in aon áit eile.
3.1.18. MÓIN
Fosú iontaise dríodrach atá indóite, bog, póiriúil nó comhbhrúite, de bhunadh plandaí agus ag a bhfuil cion uisce ard (suas go 90 % i staid amh), a ghearrtar go héasca, agus atá ar dhath donn éadrom nó dúdhonn. Folaíonn móin móin fód agus móin mheilte. Ní fholaíonn sé móin a úsáidtear chun críocha neamhfhuinnimh.
3.1.19. TÁIRGÍ MÓNA
Táirgí amhail brícíní móna a fhaightear go díreach nó go hindíreach ó mhóin fód agus ó mhóin mheilte.
3.1.20. SCEALLA OLA AGUS GAINEAMH OLA
Is carraig dhríodar atá i scealla ola agus gaineamh ola a bhfuil ábhar orgánach i bhfoirm ceirigin inti. Is ábhar ar mhórán hiodracarbóin céarach é ceirigin a mheastar a bheith ina réamhtheachtaí de pheitriliam. Féadfar scealla ola a dhó go díreach nó a phróiseáil trína théamh chun ola scealla a úscadh. Ba cheart ola scealla agus táirgí eile a bhaintear as leachtú a thuairisciú mar hidreacarbón eile laistigh de tháirgí peitriliam.
3.2. GÁS NÁDÚRTHA
3.2.1. GÁS NÁDÚRTHA
Is éard atá i ngás nádúrtha gáis a tharlaíonn i bhfosuithe faoi thalamh, iad leachtaithe nó gásach, arb é atá iontu go príomha meatán, neamhspleách ar an modh eastósctha (an ghnáthmhodh agus an modh neamhghnách). Áirítear gás “neamhghaolmhar” a thagann as ceantair a tháirgeann hidreacarbóin i bhfoirm ghásach amháin, agus gás “gaolmhar” a tháirgtear in éineacht le hamhola mar aon le meatán a gnóthaíodh ó mhianaigh ghuail (gás gualchan) nó ó shíoga guail (gás síge guail). Ní áirítear bithghás ná gáis mhonaraithe i ngás nádúrtha. Déanfar aistrithe na dtáirgí sin chuig an líonra gáis nádúrtha a thuairisciú ar leithligh ó ghás nádúrtha. Áirítear le gás nádúrtha gás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus gás nádúrtha comhbhrúite (GNC).
3.3. LEICTREACHAS AGUS TEAS
3.3.1. LEICTREACHAS
Le leictreachas tagraítear d’aistriú fuinnimh tríd an bhfeiniméan fisiceach lena mbaineann lánáin leictreacha agus a n-éifeachtaí nuair a bhíonn siad ar fos agus ag gluaiseacht. Ní mór tuairisciú a dhéanamh ar an leictreachas go léir a úsáidtear, a tháirgtear agus a thomhlaítear, lena bhfolaítear leictreachas eis-eangach agus féintomhalta. Is ó shuiteálacha atá dínasctha ón eangach ó thaobh an táirgthe de a tháirgtear leictreachas eis-eangach; ní féidir leis an tsuiteáil leictreachas a tháirgthe a instealladh san eangach. Is éard atá i leictreachas féintomhalta leictreachas arna thomhailt ag an táirgeoir sula ndéantar é a instealladh san eangach.
3.3.2. TEAS (TEAS DÍORTHAITHE)
Tagraíonn teas don fhuinneamh a fhaightear ó ghluaisne aistritheach, rothlach agus chreathach chomhábhair an ábhair mar aon le hathruithe ar a staid fhisiceach. An teas go léir a tháirgtear, seachas teas arna tháirgeadh ag uath-tháirgeoirí chun a n-úsáide féin agus nach ndíoltar, tá sé le tuairisciú; tuairiscítear gach cineál eile teasa mar úsáid táirgí as ar táirgeadh an teas.
3.4. OLA (Amhola agus táirgí peitriliam)
3.4.1. AMHOLA
Is ola mhianrach í amhola de thionscnamh nádúrtha ina bhfuil meascán de hidreacarbóin agus d’eisíonachtaí léi, ar nós sulfair. Bíonn sí ann i staid leachtach faoi ghnáth-theocht agus faoi ghnáth-bhrú dromchla agus bíonn a saintréithe fisiciúla (dlús, slaodacht, etc.) fíor-athraitheach. Folaíonn an chatagóir seo comhdhlúthán loig nó léasa a gnóthaíodh ó ghás gaolmhar agus ó ghás neamh-ghaolmhar ina bhfuil sé cumaiscthe leis an sruth amhola tráchtálach. Ba cheart na cainníochtaí a thuairisciú go neamhspleách ar an modh eastósctha (an gnáthnós agus an nós neamhghnách). Ní fholaítear LGN le hamhola.
3.4.2. LEACHTANNA GÁIS NÁDÚRTHA (LGN)
Is hidreacarbóin leachta nó leachtaithe iad LGN a gnóthaíodh ó ghás nádúrtha i saoráidí deighilte nó i ngléasraí próiseála gáis. Folaíonn leachtanna gáis nádúrtha eatán, própán, bútán (gnáthbhútán agus iseabútán), (isea)peantán agus pluspheantáin (dá ngairtear uaireanta comhdhlúthán gásailín nádúrtha nó comhdhlúthán gléasra).
3.4.3. BUNÁBHAIR SCAGLAINNE
Is éard is bunábhar scaglainne ola phróiseáilte atá ceaptha dul i gcomhair tuilleadh próiseála (e.g. ola bhreosla comhrite nó ola fholúsgháis) gan cumasc a áireamh. Déanfar é a chlaochlú, le tuilleadh próiseála, i gcomhpháirt agus/nó i gcríochtháirge amháin nó níos mó. Folaíonn an sainmhíniú seo freisin aischuir ón tionscal peitriceimiceach go dtí an tionscal scagtha (e.g. gásailín pirealaithe, codáin C4, codáin ola gáis agus ola breosla).
3.4.4. BREISEÁIN/ OCSAIGIONÁITÍ
Maidir le breiseáin is comhdhúile neamh-hidreacarbóin iad a chuirfear le táirge nó a chumascfar le táirgí peitriliam chun a n-airíonna breosla a mhodhnú (ochtán, ceatán, fuar-airíonna, etc.). I measc na mbreiseán áirítear ocsaiginí (amhail alcóil (meatánól, eatánól), éitear (éitear búitileach treasach meitile(MTBE), éitear búitileach treasach eitileach (ETBE), éitear meitile aimileach threasach (TAME) etc.), eistir (ola ráibe nó dé-mheitileistir, etc.), comhdhúile ceimiceacha (amhail luaidhe theitrimeitile (TML), luaidhe theitreitile (TEL) agus glantaigh). Ba cheart baint a bheith ag na cainníochtaí breiseán/ocsaigionáití (alcóil, éiteir, eistir agus comhdhúile ceimiceacha eile) arna dtuairisciú san aicme seo leis na cainníochtaí a mheascfar le breoslaí nó a úsáidfear mar bhreosla. Áirítear sa chatagóir seo bithbhreoslaí a chumasctar le breoslaí iontaise leachtacha.
3.4.5. BITHBHREOSLAÍ IN BREISEÁIN/OCSAIGIONÁITÍ
Baineann cainníochtaí bithbhreoslaí leachtacha arna dtuairisciú sa chatagóir seo le bithbhreoslaí leachtacha cumaiscthe agus ní thagraíonn siad ach do chuid an leachtaigh bhithbhreosla seachas le toirt iomlán na leachtanna a ndéantar na bithbhreoslaí leachtacha a chumasc leo. Ní fholaítear gach bithbhreosla leachtach nár cumascadh.
3.4.6. HIDREACARBÓIN EILE
Amhola shintéiseach ó tharraghainimh, ola scealla, etc., leachtanna ó leachtú guail, aschuir leachtanna ó chlaochlú gáis nádúrtha go gásailín, go hidrigin agus go holaí eiblithe (e.g. orimulsion); ní fholaítear scealla ola; Folaíonn sé an ola scealla (táirge tánaisteach).
3.4.7. TÁIRGÍ PEITRILIAM
Is éard atá i dtáirgí peitriliam comhiomlán táirge atá cothrom le suim an gháis scaglainne, eatán, gáis pheitriliam leachtaithe, nafta, gásailín mótair, gásailín eitlíochta, scaird-bhreosla de chineál gásailín, scaird-bhreosla den chineál ceirisín, ceirisín eile, ola gháis/díosail, ola bhreosla, biotáille bhán ad SPB, bealaí, biotúman, céireacha pairifín, cóc peitriliam agus táirgí eile.
3.4.8. GÁS SCAGLAINNE
Folaíonn gás scaglainne meascán de gháis neamh-inchomhdhlúite arb éard iad go príomha hidrigin, meatán, eatán agus olaifíní a fhaightear le linn amhola a dhriogadh nó táirgí ola a chóireáil (e.g. cnagadh) i scaglanna. Folaíonn sé seo freisin gáis a aischuirfear ón tionscal peitriceimiceach.
3.4.9. EATÁN
Hidreacarbón dronslabhra atá gásach go nádúrtha, (C2H6) a eastósctar ó shruthanna gáis nádúrtha agus ó shruthanna gáis scaglainne.
3.4.10. GÁS PEITRILIAM LEACHTAITHE (GPL)
Is hidreacarbóin phairifíneacha éadroma iad GPL a díorthaítear ó na próisis scaglainne, ó ghléasraí cobhsúcháin amhola agus ó ghléasraí próiseála gais nádúrtha. Is éard atá iontu go príomha própán (C3H8) agus bútán (C4Hl0) nó meascán den dá cheann. Féadfar próipiléin, búitiléin, iseapróipiléin agus iseabúitiléin a áireamh iontu freisin. Go hiondúil, déantar GPL a leachtú faoi bhrú ar mhaithe lena n-iompar agus lena stóráil.
3.4.11. NAFTA
Is bunábhar é nafta atá ceaptha don tionscal peitriceimiceach (e.g. monarú eitiléine nó táirgeadh cumhránaice) nó chun gásailín a tháirgeadh trí athfhoirmiú nó isiméiriú laistigh den scaglann. Is éard atá i nafta ábhar atá sa réimse driogtha 30oC agus 210oC nó i gcuid den réimse seo.
3.4.12. GÁSAILÍN MÓTAIR
Is éard atá i ngásailín mótair meascán de hidreacarbóin éadroma a dhriogann idir 35 °C agus 215 °C. Úsáidtear é mar bhreosla d’innill spréachadhainte ar talamh. Féadfaidh breiseáin, ocsaigináití agus feabhsaitheoirí ochtáin, lena bhfolaítear comhdhúile luaidhe, a bheith san áireamh le gásailín mótair. Folaítear comhpháirteanna cumaiscthe gásailín mótair (seachas breiseáin/ocsaigionáití), e.g. ailcioláití, isimearáit, athfhormáit, gásailín cnagtha atá ceaptha le húsáid mar ghásailín mótair críochnaithe. Is éard atá i ngásailín mótair comhiomlán táirge atá cothrom le suim an bhithghásailín cumaiscthe (bithghásailín i ngásailín mótair) agus an neamh-bhithghásailín.
3.4.12.1. Bithghásailín cumaiscthe (bithghásailín i ngásailín mótair)
Bithghásailín a cumascadh i ngásailín mótair.
3.4.12.2. Neamh-bhithghásailín
An chuid eile de ghásailín mótair – gásailín mótair gan bithghásailín cumaiscthe san áireamh (is gásailín mótair de bhunadh iontaise den chuid is mó é sin).
3.4.13. GÁSAILÍN EITLÍOCHTA
Biotáille mótair arna ullmhú go sonrach d’innill loine eitlíochta ag a bhfuil uimhir ochtáin atá oiriúnach don inneall, reophointe -60 °C agus réimse driogtha laistigh de na teorainneacha 30 °C agus 180 °C de ghnáth.
3.4.14. SCAIRD-BHREOSLA DE CHINEÁL GÁSAILÍNEACH (SCAIRD-BHREOSLA DE CHINEÁL NAFTA NÓ JP4)
Folaíonn sé sin gach ola hidreacarbóin éadrom atá le húsáid in aonaid chumhachta tuirbín eitlíochta, agus iad ag driogadh idir 100 °C agus 250 °C. Faightear iad trí cheirisíní agus gásailín nó nafta a chumasc sa chaoi nach mó ná 25 % toirte an cion aramatach, agus go bhfuil an galbhrú idir 13.7 kPa agus 20.6 kPa.
3.4.15. SCAIRD-BHREOSLA DE CHINEÁL CEIRISÍNEACH
Driogáit a úsáidtear d’aonaid chumhachta tuirbín eitlíochta. Tá na hairíonna driogtha céanna aige idir 150 °C agus 300 °C (nach airde go hiondúil ná 250 °C) agus an splancphointe céanna aige agus atá ag ceirisín. Ina theannta sin, tá sonraíochtaí áirithe aige (ar nós an reophointe) atá bunaithe ag an gComhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (CAII). Folaítear comhpháirteanna cumaiscthe ceirisín. Is éard atá i scaird-bhreosla den chineál ceirisín comhiomlán táirge atá cothrom le suim an bhithcheirisín scairdeitleáin cumaiscthe (bithcheirisín scairdeitleáin i scaird-bhreosla den chineál ceirisín) agus an neamh-bhithcheirisín scairdeitleáin.
3.4.15.1. Bithcheirisín scairdeitleáin cumaiscthe (bithcheirisín scairdeitleáin i scaird-bhreosla den chineál ceirisín)
Bithcheirisín scairdeitleáin a chumascadh i scaird-bhreosla den chineál ceirisín.
3.4.15.2. Neamh-bhithcheirisín scairdeitleáin
An chuid eile de scaird-bhreosla den chineál ceirisín – scaird-bhreosla den chineál ceirisín gan bithcheirisín scairdeitleáin cumaiscthe san áireamh (is scaird-bhreosla den chineál ceirisín de bhunadh iontaise den chuid is mó é sin).
3.4.16. CEIRISÍN EILE
Driogáit pheitriliam scagtha a úsáidtear in earnálacha seachas iompar aerárthaí. Driogann sé idir 150 °C agus 300 °C.
3.4.17. OLA GHÁIS/OLA DHÍOSAIL (OLA BHREOSLA DHRIOGÁITE)
Driogáit mheánach is ea ola gháis/ola dhíosail go príomha a dhriogtar idir 180 °C agus 380 °C. Folaítear comhpháirteanna cumaiscthe leis sin. Tá roinnt grád ar fáil ag brath ar úsáidí. Le hola gháis/ola dhíosail áirítear ola dhíosail ar bhóthar le haghaidh innill adhainte comhbhrú díosail gluaisteán agus trucailí. Le hola gháis/ola dhíosail áirítear ola teasa éadrom le haghaidh úsáidí tionscail agus tráchtála, díosal mara agus díosal a úsáidtear i dtrácht iarnróid, ola gháis eile lena bhfolaítear olaí gáis troma a dhriogann idir 380 °C agus 540 °C agus a úsáidtear mar bhunábhair pheitriceimiceacha. Is éard is ola gháis/díosail ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na mbithdhíosal cumaiscthe (bithdhíosail in ola gháis/ola dhíosail) agus na neamh-bhithdhíosal.
3.4.17.1. Bithdhíosail chumaiscthe (bithdhíosail in ola gháis/díosail)
Bithdhíosail a cumascadh in ola gáis/ola dhíosail.
3.4.17.2. Neamhbhithdhíosail
An chuid eile d’ola gháis/ola dhíosail - ola gháis/ola dhíosail gan bithdhíosail cumaiscthe san áireamh (is é seo den chuid is mó ola gháis/ola dhíosail de thionscnamh iontaise).
3.4.18. OLA BHREOSLA (OLA BHREOSLA THROM)
Gach ola bhreosla iarmharach (throm) (lena bhfolaítear iad sin a fhaightear trí chumasc). Tá an tslaodacht chinéimiteach os cionn 10 cSt ag 80 °C. Bíonn an splancphointe i gcónaí os cionn 50 °C agus bíonn an dlús i gcónaí os cionn 0.90 kg/l. Is éard is ola bhreosla ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim ola bhreosla de shulfar ard agus ola bhreosla de shulfar íseal.
3.4.18.1. Ola bhreosla sulfair íseal (LSFO)
Ola bhreosla ina bhfuil cion sulfair níos lú ná 0.5 %.
3.4.18.2. Ola bhreosla sulfair ard (HSFO)
Ola bhreosla ina bhfuil cion sulfair 0.5 % nó níos mó.
3.4.19. BIOTÁILLE BHÁN AGUS FPS
Sainmhínítear biotáille bhán agus SBP mar earraí idirmheánacha driogáite scagtha le driogadh sa raon nafta/ceirisín. Áirítear leo biotáille thionsclaíoch (ar a dtugtar SBP freisin; olaí éadroma a dhriogann idir 30 °C agus 200 °C i 7 ngrád nó 8 ngrád de bhiotáille thionsclaíoch, ag brath ar shuíomh na gearrtha sa raon driogtha - sainmhínítear na gráid de réir na héagsúlachta teochta idir na pointí driogtha de thoirt 5 % agus de thoirt 90 %, nach bhfuil níos airde ná 60 °C) agus biotáillí bána (biotáille thionsclaíoch a bhfuil splancphointe os cionn 30 °C aici agus an raon driogtha idir 135 °C agus 200 °C).
3.4.20. BEALAÍ
Hidreacarbóin a tháirgtear ó fhotháirge driogáite. Úsáidtear iad go príomha chun frithchuimilt idir dromchlaí imthaca a laghdú. Folaítear gach grád d’ola bhealaithe, ó ola fearsaide go hola sorcóra, agus iad sin a úsáidtear i ngréisc, in olaí mótair agus i ngach grád de stoic olabhunacha bhealaithe.
3.4.21. BIOTÚMAN
Hidreacarbón soladach, leathsholadach nó slaodach ag a bhfuil struchtúr collóideach, atá ar dhath donn go dubh, agus a fhaightear mar iarmhar i ndriogadh amhola, trí fholúsdriogadh iarmhar ola ó dhriogadh atmaisféarach. Tagraítear do bhiotúman go minic mar asfalt agus úsáidtear go príomha é chun bóithre a thógáil agus le haghaidh ábhar dín. Folaíonn sé biotúman sreabhánaithe agus siartha.
3.4.22. CÉIREACHA PAIRIFÍN
Is hidreacarbóin alafatacha sáithithe iad seo. Is iarmhair iad a úsctar agus olaí bealaidh á ndíchéiriú. Tá struchtúr criostalach acu atá mín a bheag nó a mhór de réir an ghráid. Is iad seo a leanas a bpríomhghnéithe: tá siad éadathach, neamhbholaitheach agus tréshoilseach, agus tá leáphointe os cionn 45 °C acu.
3.4.23. CÓC PEITRILIAM
Fotháirge soladach dubh, a fhaightear go príomha trí bhunábhar a fhaightear ó pheitriliam, folúsghrinnill, tarra agus pic a chnagadh agus a charbónú i bpróisis amhail cócú moillithe nó leachtchócú. Is éard atá ann go príomha carbón (90-95 %) agus tá cion luatha íseal aige. Úsáidtear é mar bhunábhar in oighinn chóic i dtionscal na cruach, chun críocha téimh, chun leictreoidí a mhonarú agus chun ceimiceáin a tháirgeadh. Is iad “cóc amh” agus “cóc cailcínithe” an dá cháilíocht is tábhachtaí. Folaíonn sé “cóc catalaíoch” arna dheascadh ar an gcatalaíoch le linn próiseas scagtha; níl an cóc seo inathghnóthaithe agus de ghnáth dóitear é mar bhreosla scaglainne.
3.4.24. TÁIRGÍ EILE
Gach táirge nach luaitear go sonrach thuas, mar shampla: tarra agus sulfar. Folaítear cumhránaic (e.g. BTX nó beinséin, tolúéin agus xiléin) agus olaifíní (e.g. próipiléin) a tháirgtear i scaglanna.
3.5. FUINNEAMH IN-ATHNUAITE AGUS DRAMHAÍL
3.5.1. CUMHACHT HIDRILEICTREACH
Fuinneamh poitéinsiúil agus cinéiteach an uisce arna thiontú ina leictreachas i ngléasraí hidrileictreacha. Is éard is fuinneamh hidrileictreach ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na ngléasraí hidrileictreacha íona, na ngléasraí hidrileictreacha measctha agus na ngléasraí taisce íonchaidéalaithe.
3.5.1.1. Gléasraí hidrileictreacha íona
Gléasraí hidrileictreacha nach n-úsáideann ach insreabhadh díreach uisce nádúrtha agus nach bhfuil aon acmhainn acu chun hidreachaidéal a stóráil (uisce a phumpáil in aghaidh fána).
3.5.1.2. Gléasraí hidrileictreacha measctha
Gléasraí hidrileictreacha le hinsreabhadh nádúrtha uisce isteach i taiscumar uachtair inar féidir páirt nó an trealamh ar fad a úsáid chun uisce a phumpáil in aghaidh fána; tá an leictreachas a ghintear mar thoradh ar insreabhadh uisce nádúrtha agus uisce a pumpáladh in aghaidh an fhána roimhe sin.
3.5.1.2.1. Sciar pumpála
Is é seo an sciar den leictreachas a ghintear i ngléasraí hidreachumhachta measctha sa mhód hidreachumhachta pumpála (ó uisce a pumpáladh in aghaidh an aird roimhe sin).
3.5.1.3. Gléasraí taisce pumpála íona
Gléasraí hidrileictreacha gan aon insreabhadh nádúrtha uisce isteach sa taiscumar uachtarach; rinneadh formhór mór an uisce a ghineann leictreachas a phumpáil in aghaidh fána roimhe sin; gan báistí ná sneachta a áireamh.
3.5.2. BREOSLAÍ GEOITEIRMEACHA
Fuinneamh atá ar fáil mar theas a astaítear ó fhorscreamh na talún, a bhíonn i bhfoirm uisce the nó gaile de ghnáth; gan teas comhthimpeallach arna ghabháil ag teaschaidéil fhoinse na talún a áireamh. Is ionann táirgeadh an fhuinnimh gheoiteirmigh agus an difríocht idir eantalpacht an tsreabháin a tháirgtear sa táirgeadh tollphoill agus eantalpacht an tsreabháin a dhiúscraítear ar deireadh.
3.5.3. GRIANFHUINNEAMH
Is éard is grianfhuinneamh ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na fótavoltach gréine agus na teirmeach gréine.
3.5.3.1. Grianfhuinneamh fótavoltach
Solas na gréine arna thiontú ina leictreachas trí ghrianchealla a úsáid a ghinfidh leictreachas nuair a nochtar do sholas iad. Tá an leictreachas go léir a tháirgtear le tuairisciú (lena bhfolaítear táirgeadh ar mhionscála agus suiteálacha eis-eangach).
3.5.3.1.1. Ar leibhéal an dín
Tuairisceofar anseo an méid fuinnimh a tháirgtear ag painéil ghréine fhótavoltacha suite ar fhoirgnimh a bhfuil cuspóir eile príomhúil acu ná táirgeadh fuinnimh. Áirítear BIPV ann freisin (ábhair fhótavoltacha comhtháite san fhoirgneamh), áit nach bhfuil na painéil fhótavoltacha ar an díon, ach a bhfuil siad ceangailte den fhoirgneamh mar shampla. Ní mheastar gur painéil dhíonta iad painéil Gréine PV má chuirtear ar limistéar leathan iad, ar an talamh, mar shampla, spás breise a úsáid (e.g. limistéir thalmhaíochta).
3.5.3.1.2. Eis-eangach
Tuairisceofar eiseangach anseo, faoi mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn A, 3.3.1.
3.5.3.2. Breoslaí grianfhuinnimh theirmigh
Teas ó radaíocht na gréine (solas na gréine) arna shaothrú chun críocha fuinnimh úsáideacha. Folaítear leis sin, mar shampla, gléasraí grianfhuinnimh teirmeacha-leictreacha agus córais ghníomhacha chun uisce te sláintíoch a tháirgeadh nó chun spás i bhfoirgnimh a théamh. Is é an táirgeadh fuinnimh sin an teas atá ar fáil don mheán aistrithe teasa, i.e. an grianfhuinneamh ionsaitheach lúide na caillteanais optúla agus caillteanais na dtiomsaitheoirí. Ní fholaítear grianfhuinneamh arna ghabháil ag córais éighníomhacha maidir le téamh, le fuarú agus le soilsiú foirgneamh; ní fholaítear ach fuinneamh na gréine i ndáil leis na córais ghníomhacha.
3.5.4. FUINNEAMH TAOIDE, TONNFHUINNEAMH, FUINNEAMH FARRAIGE
Fuinneamh meicniúil a fhaightear ó ghluaiseachtaí taoide, ó thonnghluaiseacht nó ó shruth farraige agus a shaothraítear chun leictreachas a ghiniúint.
3.5.5. GAOTH
Fuinneamh cinéiteach gaoithe a shaothraítear chun leictreachas a ghiniúint i dtuirbíní gaoithe. Is éard is gaoth ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na gaoithe ar talamh agus na gaoithe amach ón gcósta.
3.5.5.1. Gaoth ar talamh
Táirgeadh leictreachais ag an ngaoth i suímh ar talamh (intíre, lena bhfolaítear lochanna agus dobharlaigh eile atá suite intíre).
3.5.5.2. Gaoth ón talamh
Táirgeadh leictreachais i suíomhanna amach ón gcósta (e.g. an fharraige, oileáin aigéin agus oileáin shaorga). Maidir le táirgeadh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta lasmuigh d’uiscí teorann na críche lena mbaineann, ba cheart gach suiteáil atá suite i limistéar eacnamaíoch eisiach tíre a chur san áireamh.
3.5.6. DRAMHAÍL THIONSCLAÍOCH (AN CHUID NEAMH-INATHNUAITE)
Dramhaíl de thionscnamh tionsclaíoch atá neamh-inathnuaite a dhóitear go díreach ag suiteálacha sonracha chun críocha fuinnimh fhóintigh. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh. Ní fholaítear dramhaíl a loisctear gan ghnóthú fuinnimh. Ba cheart an chuid in-athnuaite den dramhaíl thionsclaíoch a thuairisciú sa chatagóir bithbhreoslaí is fearr a dhéanann cur síos air.
3.5.7. DRAMHAÍL CHATHRACH:
Dramhaíl arna táirgeadh ag teaghlaigh, ag ospidéil agus ag an earnáil threasach (go ginearálta, an dramhaíl ar fad atá cosúil le dramhaíl tí), a dhóitear go díreach i suiteálacha sonracha chun críocha fuinnimh fhóintigh. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh. Ní fholaítear dramhaíl a loisctear gan ghnóthú fuinnimh. Is éard is dramhaíl chathrach ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na dramhaíola cathrach in-athnuaite agus na dramhaíola cathrach neamh-inathnuaite.
3.5.7.1. Dramhaíl chathrach in-athnuaite
An chuid de dhramhaíl chathrach atá de thionscnamh bitheolaíoch.
3.5.7.2. Dramhaíl chathrach neamh-inathnuaite
An chuid de dhramhaíl chathrach atá de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.
3.5.8. BITHBHREOSLAÍ
Is éard is bithbhreoslaí ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na mbithbhreoslaí soladacha, na mbithghás agus na mbithbhreoslaí leachtacha. Eisiatar bithbhreoslaí a úsáidtear chun críoch neamhfhuinnimh ó raon feidhme an staidrimh fuinnimh (mar shampla adhmad a úsáidtear le haghaidh tógála nó mar throscán, bithbhealadh a úsáidtear chun innill a bhealú agus bithbhiotúman a úsáidtear le haghaidh dhromchla an bhóthair).
3.5.8.1. Bithbhreoslaí soladacha
Cumhdaítear ábhar orgánach soladach, neamh-iontaiseach de thionscnamh bitheolaíoch (ar a dtugtar bithmhais freisin) a fhéadfar a úsáid mar bhreosla chun teas a tháirgeadh nó chun leictreachas a ghiniúint. Is éard is bithbhreoslaí soladacha ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim an fhioghuail, an chonnaidh, na n-iarmhar adhmaid agus na bhfotháirgí, an licéir dhuibh, an bhagáis, na dramhaíola ó ainmhithe, na n-ábhar cothaitheach eile agus na n-iarmharach agus an chodáin in-athnuaite den dramhaíl thionsclaíoch.
3.5.8.1.1. Fioghual
Is breosla monaraithe é an fioghual ó bhithbhreoslaí soladacha - an t-iarmhar soladach ó dhriogadh millteach agus pirealú adhmaid agus ábhar cothaitheach eile.
3.5.8.1.2. Connadh, iarmhair agus seachtháirgí adhmaid
Connadh nó adhmad tine (i bhfoirm lomáin, scuabadhmaid, millíní nó slise) a fhaightear ó fhoraoisí nádúrtha nó ó fhoraoisí bainistithe nó ó chrainn scoite. Folaítear iarmhair adhmaid a úsáidtear mar bhreosla agus ina gcoinnítear comhdhéanamh bunaidh an adhmaid; folaítear millíní adhmaid. Eisiatar fioghual agus licéar dubh. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.
3.5.8.1.2.1. Millíní adhmaid
Is táirge sorcóireach iad millíní adhmaid atá ceirtleánaithe ó iarmhair adhmaid trí chomhbhrú.
3.5.8.1.3. Licéar dubh
Fuinneamh ón licéar atá alcaileach spíonta a fhaightear ó na díleáiteoirí le linn tháirgeadh na suilfáite nó an laín sóide atá riachtanach chun páipéar a mhonarú. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.
3.5.8.1.4. Bagás
Breosla a fhaightear ón snáithín atá fágtha tar éis úscadh sú a dhéanamh i bpróiseáil cána siúcra. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.
3.5.8.1.5. Dramhaíl ainmhithe
Fuinneamh ó eisfhearadh ainmhithe, iarmhair fheola agus éisc a úsáidtear go díreach mar bhreosla agus iad tirim. Ní fholaítear leis sin dramhaíl a úsáidtear i ngléasraí coipthe anaeróbaigh. Folaítear gáis bhreosla ó na gléasraí sin faoi bhithgháis. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.
3.5.8.1.6. Ábhair eile cothaitheacha agus iarmharaigh
Bithbhreoslaí nach bhfuil sonraithe in aon áit eile agus lena bhfolaítear tuí, crotail ghlasraí, blaoscanna pis talún, scuab-adhmad bearrtha, ola prabhaite olóige agus dramhaíl eile a eascraíonn as cothabháil, curaíocht agus próiseáil plandaí. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.
3.5.8.1.7. An chuid in-athnuaite de dhramhaíl thionsclaíoch
An chuid sholadach in-athnuaite den dramhaíl thionsclaíoch a dhóitear go díreach ag suiteálacha sonracha chun críocha fuinnimh fhóintigh (mar shampla, an sciar de rubar nádúrtha i mboinn rubair dramhaíola nó an sciar de shnáithíní nádúrtha i ndramhaíl teicstíle – ó chatagóirí dramhaíola 07.3 agus 07.6, faoi seach, mar a shainmhínítear iad i Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 maidir le staidreamh dramhaíola). Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.
3.5.8.2. Bithghás
Gás atá comhdhéanta go príomha de mheatán agus de dhé-ocsaíd charbóin arna tháirgeadh trí dhíleá anaeróbach bithmhaise nó trí phróisis theirmeacha ó bhithmhais, lena bhfolaítear bithmhais sa dramhaíl. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh. Is éard is bithghás ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim an gháis líonta talún, an gháis sloda séarachais, na mbithghás eile ó dhíleá anaeróbach agus na mbithghás ó phróisis theirmeacha.
3.5.8.2.1. Gás líonta talún
Bithghás a tháirgtear ó dhíleá anaeróbach ar dhramhaíl líonta talún.
3.5.8.2.2. Gás sludaigh séarachais
Bithghás a tháirgtear ó choipeadh anaeróbach sludaigh séarachais.
3.5.8.2.3. Bithgháis eile ó dhíleá anaeróbach
Bithghás a tháirgtear ó choipeadh anaeróbach sciodair ainmhí agus ó dhramhaíola i seamlais, i ngrúdlanna agus i dtionscail agrai-bhia eile.
3.5.8.2.4. Bithgháis ó phróisis theirmeacha
Bithghás a tháirgtear ó phróisis theirmeacha (trí ghásúchán nó trí phirealú) bithmhaise.
3.5.8.3. Bithbhreoslaí leachtacha
Folaítear sa chatagóir seo gach breosla leachtach de thionscnamh nádúrtha (e.g. arna dtáirgeadh ó bhithmhais agus/nó ón gcodán in-bhithmhillte de dhramhaíl) atá oiriúnach lena gcumasc le breoslaí leachtacha de thionscnamh iontaise nó le cur in ionad na mbreoslaí sin. Ba cheart na cainníochtaí de bhithbhreoslaí leachtacha nár cumascadh le breoslaí iontaise a chur san áireamh sna cainníochtaí bithbhreoslaí leachtacha arna dtuairisciú sa chatagóir seo. I gcás áirithe allmhairí agus onnmhairí bithbhreoslaí leachtacha, níl ábhartha ach trádáil cainníochtaí nár cumascadh le breoslaí iompair (i.e. ina bhfoirm íon); ba cheart trádáil bithbhreoslaí leachtacha arna gcumasc ina mbreoslaí iompair a thuairisciú laistigh den chatagóir ola táirgí. Ní dhéanfar ach bithbhreoslaí leachtacha a úsáidtear chun críocha fuinnimh - a dhóitear go díreach nó arna gcumasc le breoslaí iontaise - a thuairisciú. Is éard is bithbhreoslaí leachtacha ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim an bhithghásailín, na mbithdhíosal, an bhithcheirisín scairdeitleáin agus na mbithbhreoslaí leachtacha eile.
3.5.8.3.1. Bithghásailín
Bithbhreoslaí leachtacha atá oiriúnach lena gcumasc le gásailín mótair is de bhunadh iontaise nó atá le cur ina áit.
3.5.8.3.1.1. Bitheatánól
Eatánól mar chuid de bhithghásailín.
3.5.8.3.2. Bithdhíosail
Bithbhreoslaí leachtacha atá oiriúnach lena gcumasc le hola gháis/díosail de thionscnamh iontaise nó lena gcur in ionad ola gháis/díosail de thionscnamh iontaise.
3.5.8.3.3. Bithcheirisín scairdeitleáin
Bithbhreoslaí leachtacha atá oiriúnach lena gcumasc le ceirisín scairdeitleáin de thionscnamh iontaise nó lena gcur in ionad ceirisín scairdeitleáin de thionscnamh iontaise.
3.5.8.3.4. Bithbhreoslaí leachtacha eile
Bithbhreoslaí leachtacha nach n-áirítear in aon cheann de na catagóirí roimhe seo.
3.5.9. TEICNEOLAÍOCHT AN FHUINNIMH CHOMHTHIMPEALLAIGH
Fuinneamh teasa ar leibhéal teochta úsáidigh, a bhaintear (arna ghabháil) trí theaschaidéil a bhfuil leictreachas nó fuinneamh cúnta eile ag teastáil uathu chun go bhfeidhmeoidh siad. Is féidir an fuinneamh teasa seo a stóráil san aer comhthimpeallach, faoi dhromchla an domhain sholadaigh nó in uisce dromchla. Ba cheart luachanna a thuairisciú trí bhíthin na modheolaíochta céanna a úsáidtear chun fuinneamh teasa arna ghabháil ag teaschaidéil faoi Threoir 2009/28/CE agus faoi Threoir (AE) 2018/2001 a thuairisciú, ach ní mór gach teaschaidéal a chur san áireamh gan beann ar an leibhéal feidhmíochta atá leo.
3.6. HIDRIGIN
Ní mór hidrigin a úsáidtear mar bhunábhar, mar bhreosla nó mar iompróir fuinnimh/stóráil fuinnimh a thuairisciú. Déanfar hidrigin a thuairisciú, nuair a tháirgtear go huathoibríoch í agus nuair a thomhlaítear go huathoibríoch í freisin. An hidrigin atá i meascáin, níl sé le tuairisciú ach amháin i gcás ina n-eastóscfar (ina ndeighlfear) í le haghaidh úsáid fuinnimh nó úsáid neamhfhuinnimh.
IARSCRÍBHINN B
STAIDREAMH BLIANTÚIL FUINNIMH
Tugtar tuairisc san iarscríbhinn seo ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse thuairiscithe, ar an minicíocht, ar an sprioc agus ar na socruithe maidir le tarchur i ndáil leis an mbailiú bliantúil ar staidreamh fuinnimh.
Mura sonrófar a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach bailiúchán sonraí a shonraítear san iarscríbhinn seo:
Tréimhse thuairiscithe: Is bliain féilire (1 Eanáir go 31 Nollaig) a bheidh i dtréimhse thuairiscithe na sonraí dearbhaithe, a thosóidh ag an mbliain tagartha 2022.
Minicíocht: Ba cheart sonraí a dhearbhú ar bhonn bliantúil.
An spriocdháta maidir le sonraí a tharchur: Ba cheart sonraí a chur isteach faoin 31 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na bliana tuairiscithe, mura sonraítear a mhalairt.
Formáid an tarchuir: Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir leis an gcaighdeán idirmhalartaithe ábhartha arna shonrú ag Eurostat.
Modh an tarchuir: Ba cheart sonraí a chur isteach chuig pointe iontrála aonair le haghaidh tarchur sonraí Eurostat nó ba cheart na sonraí sin a uaslódáil chuig an bpointe sin ar mhodh leictreonach.
In Iarscríbhinn A tabharfar míniú ar théarmaí nár míníodh san Iarscríbhinn seo.
1. BREOSLAÍ IONTAISE SOLADACHA AGUS GÁIS MHONARAITHE
1.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach táirge fuinnimh a liostaítear in Iarscríbhinn A, Caibidil 3.1. GUAL (breoslaí iontaise soladacha agus gáis mhonaraithe).
1.2. Liosta na gcomhiomlán
Ní mór an liosta seo a leanas de na comhiomláin a dhearbhú maidir le gach táirge fuinnimh a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.
1.2.1. SOLÁTHAR
1.2.1.1. Táirgeadh
1.2.1.1.1. Táirgeadh faoi thalamh
Níl sé infheidhme ach amháin maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fobhiotúmanach agus lignít.
1.2.1.1.2. Táirgeadh dromchla
Níl sé infheidhme ach amháin maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fobhiotúmanach agus lignít.
1.2.1.2. Fáltais ó fhoinsí eile
Tá dhá ghné i gceist leis seo:
1.2.1.3. Fáltais ó fhoinsí eile: ó tháirgí ola
Neamhbhainteach maidir le hantraicít, le gual cóic, le gual biotúmanach eile, le gual fo-bhiotúmanach, le lignít, le móin, agus le scealla ola agus gainimh ola.
1.2.1.4. Fáltais ó fhoinsí eile: ó ghás nádúrtha
Neamhbhainteach maidir le hantraicít, le gual cóic, le gual biotúmanach eile, le gual fo-bhiotúmanach, le lignít, le móin, agus le scealla ola agus gainimh ola.
1.2.1.5. Fáltais ó fhoinsí eile: ó fhuinneamh in-athnuaite
Neamhbhainteach maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fo-bhiotúmanach, lignít, móin, scealla ola agus gainimh ola.
1.2.1.6. Allmhairí
1.2.1.7. Onnmhairí
1.2.1.8. Umair Mhuirí Idirnáisiúnta
1.2.1.9. Athruithe ar stoic
1.2.2. EARNÁIL AN CHLAOCHLAITHE
1.2.2.1. Leictreachas an táirgeora príomhghníomhaíochta amháin
1.2.2.2. Aonaid teasa agus cumhachta in éineacht (CTÉ) an táirgeora príomhghníomhaíochta
1.2.2.3. Teas an táirgeora príomhghníomhaíochta amháin
1.2.2.4. Uath-tháirgeoirí - Táirgeadh leictreachais amháin
1.2.2.5. Uath-tháirgeoirí - Aonaid táirgthe teasa agus cumhachta in éineacht (CTÉ)
1.2.2.6. Teas uath-tháirgeoir amháin
1.2.2.7. Gléasraí breosla paitinne
1.2.2.8. Oighinn cóic
1.2.2.9. Gléasraí BKB/PB
1.2.2.10. Oibreacha gáis
1.2.2.11. Foirnéisí soinneáin
1.2.2.12. Leachtú guail
1.2.2.13. Maidir le gás nádúrtha cumaiscthe
1.2.2.14. Giniúint hidrigine
1.2.2.15. Nach sonraítear in áit eile – Claochlú
1.2.3. AN EARNÁIL FUINNIMH
1.2.3.1. Gléasraí leictreachais, CTÉ agus teasa
1.2.3.2. Mianaigh ghuail
1.2.3.3. Gléasraí breosla paitinne
1.2.3.4. Oighinn cóic
1.2.3.5. Gléasraí BKB/PB
1.2.3.6. Oibreacha gáis
1.2.3.7. Foirnéisí soinneáin
1.2.3.8. Scaglanna peitriliam
1.2.3.9. Leachtú guail
1.2.3.10. Giniúint, leachtú agus gású hidrigine
1.2.3.11. Nach bhfuil Sonraithe in Aon Áit Eile - Fuinneamh
1.2.4. TARCHUR AGUS CAILLTEANAIS DÁILTE
1.2.5. ÚSÁID NEAMHFHUINNIMH
1.2.5.1. Earnáil an tionscail, earnáil an chlaochlaithe agus earnáil an fhuinnimh
Úsáid neamhfhuinnimh i bhfo-earnálacha uile an tionscail, an chlaochlaithe agus an fhuinnimh.
1.2.5.1.1. An earnáil cheimiceach agus an earnáil pheitriceimiceach
Rannáin NACE 20 agus 21 folaíonn úsáid neamhfhuinnimh guail an úsáid a bhaintear as ina mbunábhair chun leasachán a tháirgeadh agus ina mbunábhair le haghaidh táirgí peitriceimiceacha eile.
1.2.5.2. An earnáil iompair
Úsáid neamhfhuinnimh i bhfo-earnálacha uile an iompair.
1.2.5.3. Earnálacha eile
Úsáid neamhfhuinnimh i Seirbhísí tráchtála agus seirbhísí poiblí, i dteaghlaigh, sa talmhaíocht agus áiteanna nach sonraítear in áit eile - Eile.
1.2.6. TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH — EARNÁIL AN TIONSCAIL
1.2.6.1. Iarann agus cruach
1.2.6.2. Ceimiceach agus peitriceimiceach
1.2.6.3. Miotail neamhfheiriúla
1.2.6.4. Mianraí neamh-mhiotalacha
1.2.6.5. Trealamh iompair
1.2.6.6. Innealra
1.2.6.7. Mianadóireacht agus cairéalú
1.2.6.8. Bia, deochanna agus tobac
1.2.6.9. Laíon, páipéar agus clódóireacht
1.2.6.10. Adhmad agus táirgí adhmaid
1.2.6.11. Tógáil
1.2.6.12. Teicstíl agus leathar
1.2.6.13. Nach sonraítear in aon áit eile - Tionscal
1.2.7. TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH — EARNÁIL AN TIONSCAIL
1.2.7.1. Iarnród
1.2.7.2. Loingseoireacht Intíre
1.2.7.3. Nach bhfuil Sonraithe in Áit Eile - Iompar
1.2.8. TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH — EARNÁLACHA EILE
1.2.8.1. Seirbhísí tráchtála agus poiblí
1.2.8.2. Teaghlaigh
1.2.8.3. Talmhaíocht
1.2.8.4. Foraoiseacht
1.2.8.5. Iascaireacht
1.2.8.6. Nach bhfuil sonraithe in áit eile - Eile
1.2.9. ALLMHAIRÍ DE RÉIR TÍR TIONSCNAIMH AGUS ONNMHAIRÍ DE RÉIR TÍR CINN SCRÍBE
Ba cheart allmhairí de réir tír tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tír cinn scríbe a thuairisciú. Infheidhme maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fo-bhiotúmanach, lignít, breosla paitinne, cóc oighinn, tarra guail, tarra guail, móin, táirgí móna agus scealla ola agus gainimh ola.
1.2.10. LUACHANNA CALRACHA
Infheidhme maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fo-bhiotúmanach, lignít, breosla paitinne, cóc oighinn, cóc gáis, tarra guail, tarra guail, móin, táirgí móna agus scealla ola agus gainimh ola.
Ní mór glanluachanna agus luachanna calracha araon a dhearbhú i leith na dtáirgí seo a leanas:
Táirgeadh
Allmhairí
Onnmhairí
A úsáidtear in oighinn chóic
A úsáidtear i bhfoirnéisí soinneáin
A úsáidtear i ngléasraí an táirgeora príomhghníomhaíochta leictreachais amháin, an táirgeora príomhghníomhaíochta teasa amháin agus an táirgeora príomhghníomhaíochta leictreachais agus teasa
A úsáidtear in earnáil an tionscail
Le haghaidh úsáidí eile
1.3. Aonaid tomhais
Ní mór cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in kt (cileathonaí), seachas gáis mhonaraithe (gás oibreacha gáis, gás oighinn chóic, gás foirnéise soinneáin, gáis ghnóthaithe eile), áit inar gá an chainníocht thuairiscithe a dhearbhú in TJ GCV (teirighiúil bunaithe ar oll-luachanna calracha).
Ní mór na luachanna calracha a dhearbhú in MJ/t (meigighiúil in aghaidh an tona).
1.4. Maoluithe agus díolúintí
Neamhbhainteach.
2. GÁS NÁDÚRTHA
2.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú gáis nádúrtha.
2.2. Liosta na gcomhiomlán
Ní mór liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú le haghaidh gás nádúrtha.
2.2.1. SOLÁTHAR
Ní mór na cainníochtaí dearbhaithe le haghaidh earnáil an tsoláthair a shloinneadh in aonaid toirte agus fuinnimh, agus ní mór na holl-luachanna agus na glanluachanna calracha a bheith san áireamh iontu.
2.2.1.1. Táirgeadh dúchasach
Áirítear ann táirgeadh amach ón gcósta.
2.2.1.1.1. Gás Gaolmhar
Gás a tháirgtear in éineacht le hamhola.
2.2.1.1.2. Gás neamhghaolmhar
Gás nádúrtha a thagann as goirt a tháirgeann hiodracarbóin i bhfoirm ghásach amháin.
2.2.1.1.3. Gás Gualchan
Meatán a tháirgtear i mianaigh ghuail nó ó shíoga guail, agus a sheoltar trí phíopaí chuig an dromchla agus a thomhlaítear i ngualchana nó a tharchuirfear trí phíblíne chuig tomhaltóirí.
2.2.1.2. Fáltais ó fhoinsí eile
2.2.1.2.1. Fáltais ó fhoinsí eile: Ola agus táirgí peitriliam
2.2.1.2.2. Fáltais ó fhoinsí eile: Gual
2.2.1.2.3. Fáltais ó fhoinsí eile: Fuinneamh in-athnuaite
2.2.1.2.4. Fáltais ó fhoinsí eile: Hidrigin
2.2.1.3. Allmhairí
2.2.1.4. Onnmhairí
2.2.1.5. Umair mhuirí idirnáisiúnta
2.2.1.6. Athruithe ar stoic
Ba cheart leibhéil an stoic tosaigh agus deiridh a dhearbhú ar leithligh, mar stoic ar chríoch náisiúnta agus stoic a shealbhaítear thar lear, faoi seach. Ciallaíonn “leibhéal stoic” an chainníocht gháis atá ar fáil lena seachadadh le linn aon timthrialla ionchuir-aschurtha.
2.2.1.7. Tomhaltas intíre (Breathnaithe)
2.2.1.8. Gás inghnóthaithe
Tagraíonn sé seo do ghás inghnóthaithe arna stóráil i saoráidí stórála speisialta (gás laghdaithe agus/nó olacheantar, uiscíoch, cuas salainn, uaimheanna measctha, nó eile) mar aon le stóráil gháis nádúrtha leachtaithe. Ní cóir gás stuáilte a fholú. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le luachanna calracha a dhearbhú anseo.
2.2.1.9. Gás arna Scaoileadh
Toirt an gháis a scaoiltear isteach san aer ar an láithreán táirgthe nó ag an ngléasra próiseála gáis. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le luachanna calracha a dhearbhú anseo.
2.2.1.10. Gás arna Bhrúchtadh
Toirt an gháis a dhóitear i mbladhmanna ar an láithreán táirgthe nó ag an ngléasra próiseála gáis. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le luachanna calracha a dhearbhú anseo.
2.2.2. EARNÁIL AN CHLAOCHLAITHE
2.2.2.1. Leictreachas na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta amháin
2.2.2.2. Uath-tháirgeoirí - Táirgeadh leictreachais amháin
2.2.2.3. Aonaid CTÉ na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta
2.2.2.4. Aonaid CTÉ uath-tháirgeoirí
2.2.2.5. Teas an táirgeora príomhghníomhaíochta amháin
2.2.2.6. Teas uath-tháirgeoir amháin
2.2.2.7. Oibreacha gáis
2.2.2.8. Oighinn cóic
2.2.2.9. Foirnéisí soinneáin
2.2.2.10. Gás go leachtanna
2.2.2.11 Giniúint hidrigine
2.2.2.12. Nach bhfuil sonraithe - Claochlú
2.2.3. AN EARNÁIL FUINNIMH
2.2.3.1. Mianaigh ghuail
2.2.3.2. Ola agus gás a eastóscadh
2.2.3.3 Scaglanna peitriliam
2.2.3.4. Oighinn cóic
2.2.3.5. Foirnéisí soinneáin
2.2.3.6. Oibreacha gáis
2.2.3.7. Gléasraí leictreachais, CTÉ agus teasa
2.2.3.8. Leachtú (GNL) nó gású (GNG)
2.2.3.9. Gás go leachtanna
2.2.3.10. Giniúint, leachtú agus gású hidrigine
2.2.3.11. Nach bhfuil Sonraithe in Aon Áit Eile - Fuinneamh
2.2.4. CAILLTEANAIS TARCHUIR
2.2.5. CAILLTEANAISI DÁILTE
2.2.6. EARNÁIL AN IOMPAIR
Ba cheart tomhaltas fuinnimh deiridh agus tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh a dhearbhú ar leithligh le haghaidh na gcomhiomlán seo a leanas.
2.2.6.1. Iompar de bhóthar
2.2.6.2. Iompar píblíne
2.2.6.3. Loingseoireacht intíre
2.2.6.4. Nach bhfuil sonraithe in áit eile - iompar
2.2.7. EARNÁIL AN TIONSCAIL
Ba cheart tomhaltas fuinnimh deiridh agus tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh a dhearbhú ar leithligh le haghaidh na gcomhiomlán seo a leanas.
2.2.7.1. Iarann agus cruach
2.2.7.2. Ceimiceach agus peitriceimiceach
2.2.7.3. Miotail neamhfheiriúla
2.2.7.4. Mianraí neamh-mhiotalacha
2.2.7.5. Trealamh iompair
2.2.7.6. Innealra
2.2.7.7. Mianadóireacht agus cairéalú
2.2.7.8. Bia, deochanna agus tobac
2.2.7.9. Laíon, páipéar agus clódóireacht
2.2.7.10. Adhmad agus táirgí adhmaid
2.2.7.11. Foirgníocht
2.2.7.12. Teicstíl agus leathar
2.2.7.13. Nach bhfuil sonraithe in áit eile - tionscal
2.2.8. EARNÁLACHA EILE
Ba cheart tomhaltas fuinnimh deiridh agus tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh a dhearbhú ar leithligh le haghaidh na gcomhiomlán seo a leanas.
2.2.8.1. Seirbhísí tráchtála agus poiblí
2.2.8.2. Teaghlaigh
2.2.8.3. Talmhaíocht
2.2.8.4. Foraoiseacht
2.2.8.5. Iascaireacht
2.2.8.6. Nach bhfuil sonraithe in áit eile - Eile
2.2.9. ALLMHAIRÍ DE RÉIR TÍR THIONSCNAIMH AGUS ONNMHAIRÍ DE RÉIR TÍR CINN SCRÍBE
Déanfar cainníochtaí an gháis nádúrtha iomláin, agus na coda GNL de, a dhearbhú de réir na tíre tionscnaimh le haghaidh allmhairí agus de réir na tíre cinn scríbe le haghaidh onnmhairí.
2.2.10. TOILLTÍ STÓRÁLA GÁIS
Le tuairisciú ar leithligh mar shaoráidí stórála gáis gásacha agus críochfoirt le haghaidh gás nádúrtha leachtaithe (le hidirdhealú tuilleadh mar chríochfoirt allmhairíochta GNL nó críochfoirt onnmhairíochta GNL).
2.2.10.1. Ainm
Ainm láithreán na saoráide stórála nó an chríochfoirt GNL.
2.2.10.2. Cineál (le haghaidh na saoráidí stórála gáis gásacha amháin)
Cineál na stórála, ar nós gáscheantair laghdaithe, cuais salainn, etc.
2.2.10.3. Toilleadh oibre
Le haghaidh saoráidí stórála speisialta gáis gásacha: toilleadh iomlán gáis stórála, lúide an gás stuáilte. Is é an gás stuáilte an toilleadh iomlán gáis atá ag teastáil mar fhardal buan chun brúnna leordhóthanacha taiscumar stórála faoi thalamh agus rátaí inseachadachta ar feadh an timthrialla aschuir a chothabháil.
Le haghaidh críochfoirt GNL: Toilleadh stórála gáis arna sloinneadh i gcoibhéis gháis ghásach.
2.2.10.4. Aschur Buaice
An ráta uasta ag a bhféadfaí gás a bhaint ón stóráil lena mbaineann; tá sé sin ag comhfhreagairt don toilleadh uasta aistarraingthe.
2.2.10.5. Toilleadh athdhéanta gáis nó leachtaithe (le haghaidh críochfoirt GNL amháin)
Ní mór an toilleadh athdhéanta gáis a thuairisciú le haghaidh críochfoirt allmhairíochta agus an toilleadh leachtaithe a thuairisciú le haghaidh críochfoirt onnmhairíochta.
2.3. Aonaid tomhais
Ba cheart cainníochtaí gáis nádúrtha a dhearbhú de réir a luach fuinnimh, i.e. in TJ, bunaithe ar an oll-luach calrach. I gcás ina mbeidh cainníochtaí fisiciúla ag teastáil, beidh an t-aonad in 106 m3 agus coinníollacha gáis tagartha á gcur i gcás (15 °C, 101 325 Pa).
Ba cheart luachanna calracha a dhearbhú in kJ/m3, agus coinníollacha gáis tagartha á gcur i gcás (15 °C, 101 325 Pa).
Ba cheart toilleadh oibre a dhearbhú in 6 m3, agus coinníollacha gáis tagartha á gcur i gcás (15 °C, 101 325 Pa).
Ba cheart buaic-chumhacht, toilleadh athdhéanta gáis agus toilleadh leachtaithe a dhearbhú in 106 m3/in aghaidh an lae, agus coinníollacha gáis tagartha á gcur i gcás (15 °C, 101 325 Pa).
3. LEICTREACHAS AGUS TEAS
3.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Cumhdaíonn an chaibidil seo teas agus leictreachas.
3.2. Liosta na gcomhiomlán
Ba cheart liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú le haghaidh teasa agus leictreachais mura sonraítear a mhalairt.
3.2.1. TÁIRGEADH LEICTREACHAIS AGUS TEASA
Beidh feidhm ag na sainmhínithe sonracha seo a leanas maidir leis na comhiomláin leictreachais agus teasa a phléitear sa chaibidil seo:
Ní mór comhiomláin 3.2.1.1 go dtí 3.2.1.11 a dhearbhú le haghaidh táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus uath-tháirgeoirí. Laistigh den dá chineál gléasraí seo, ní mór olltáirgeadh leictreachais agus teasa agus glantáirgeadh leictreachais agus teasa maidir le aonaid leictreachais amháin, aonaid CTÉ agus aonaid teasa amháin a dhearbhú ar leithligh más cuí, le haghaidh na gcomhiomlán seo a leanas. Maidir le holl-leictreachas a tháirgtear in aonaid CTÉ, ba cheart fochatagóir an oll-leictreachais i modh iomlán CTÉ a dhearbhú. Maidir le hollteas a tháirgtear in aonaid CTÉ, ba cheart mír ar leithligh ar theas a thomhlaítear go huathoibríoch a dhearbhú.
3.2.1.1. Breoslaí núicléacha
3.2.1.2. Hidreafhuinneamh (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
3.2.1.3. Breoslaí geoiteirmeacha
3.2.1.4. Grianfhuinneamh
3.2.1.5. Fuinneamh taoide, tonnfhuinneamh, fuinneamh aigéin (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
3.2.1.6. Fuinneamh gaoithe (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
3.2.1.7. Breoslaí indóite
Breoslaí is féidir a lasadh nó a dhó, i.e. a imoibríonn le hocsaigin chun ardú teochta suntasach a chruthú agus a dhóitear go díreach chun leictreachas agus/nó teas a tháirgeadh.
3.2.1.8. Teaschaidéil (infheidhme maidir le teas amháin)
3.2.1.9. Coirí leictreacha (infheidhme maidir le teas amháin)
3.2.1.10. Teas ó Phróisis Cheimiceacha
Teas a thagann as próisis gan ionchur fuinnimh, ar nós imoibriú ceimiceach. Ní fholaíonn sé teas dramhaíola a thagann as próisis faoi thiomáint fuinnimh, agus is cóir a thuairisciú mar theas a tháirgtear ón mbreosla comhfhreagrach.
3.2.1.11. Foinsí eile
3.2.2. SOLÁTHAR
Le haghaidh 3.2.2.1 agus 3.2.2.2., ba cheart na cainníochtaí a dhearbhaítear a bheith comhleanúnach leis na luachanna a dhearbhaítear le haghaidh chomhiomláin 3.2.1.1 go dtí 3.2.1.11.
3.2.2.1. Olltáirgeadh Iomlán
3.2.2.2 Glanghiniúint iomlán
3.2.2.3. Allmhairí
Measfar méideanna leictreachais a bheith allmhairithe nó onnmhairithe nuair a thrasnóidh siad teorainneacha polaitiúla na tíre, cibé acu a bheidh imréiteach custam déanta nó nach mbeidh. I gcás ina ndéanfar leictreachas a iompar trí thír, ba chóir an méid den chéanna a thuairisciú mar allmhaire agus mar onnmhaire.
3.2.2.4. Onnmhairí
Féach míniú faoi 3.2.2.3. “Allmhairí”.
3.2.2.5. Umair mhuirí idirnáisiúnta
3.2.2.6. A úsáidtear le haghaidh caidéil teasa (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
3.2.2.7. A úsáidtear le haghaidh coirí leictreacha (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
3.2.2.8. A úsáidtear le haghaidh taisce pumpála - gléasraí taisce pumpála íona (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
3.2.2.9. A úsáidtear le haghaidh taisce pumpála - Gléasraí hidreachumhachta measctha (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
3.2.2.10. A úsáidtear chun leictreachas a tháirgeadh (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
3.2.2.11. Úsáidtear chun hidrigin a ghiniúint (a chlaochlú)
3.2.3. CAILLTEANAIS TARCHURTHA
3.2.4. CAILLTEANAIS DÁILTE
3.2.5. TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH - EARNÁIL AN TIONSCAIL
Ba cheart tomhaltas fuinnimh deiridh agus tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh a dhearbhú ar leithligh le haghaidh na gcomhiomlán seo a leanas.
3.2.5.1. Iarnród
3.2.5.2. Iompar píblíne
3.2.5.3. Iompar de bhóthar
3.2.5.4. Loingseoireacht intíre
3.2.5.5. Nach sonraítear in áit eile - Iompar
3.2.6. TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH - EARNÁIL AN TIONSCAIL
3.2.6.1. Seirbhísí tráchtála agus poiblí
3.2.6.2. Teaghlaigh
3.2.6.3. Talmhaíocht
3.2.6.4. Foraoiseacht
3.2.6.5. Iascaireacht
3.2.6.6. Nach bhfuil sonraithe in aon áit eile - Eile
3.2.7. AN EARNÁIL FUINNIMH
Ní fholaíonn sé féinúsáid na ngléasraí, a úsáidtear le haghaidh taisce pumpála, caidéil teasa agus coirí leictreachais.
3.2.7.1. Mianaigh ghuail
3.2.7.2. Ola agus gás a eastóscadh
3.2.7.3. Gléasraí breosla paitinne
3.2.7.4. Oighinn cóic
3.2.7.5. Gléasraí BKB/PB
3.2.7.6. Oibreacha gáis
3.2.7.7. Foirnéisí soinneáin
3.2.7.8. Scaglanna peitriliam
3.2.7.9. An Tionscal Núicléach
3.2.7.10. Gléasraí leachtaithe guail
3.2.7.11. Gléasraí leachtaithe (GNL) / Athghásaithe (GNG)
3.2.7.12. Gléasraí gásúcháin (bithghás)
3.2.7.13. Gás go leachtanna
3.2.7.14. Giniúint, leachtú agus gású hidrigine.
3.2.7.16. Gléasraí táirgthe fioghuail
3.2.7.17. Nach bhfuil Sonraithe in Aon Áit Eile - Fuinneamh
3.2.8. EARNÁLACHA TIONSCAIL
3.2.8.1. Iarann agus cruach
3.2.8.2. Ceimiceach agus peitriceimiceach
3.2.8.3. Miotail neamhfheiriúla
3.2.8.4. Mianraí neamh-mhiotalacha
3.2.8.5. Trealamh iompair
3.2.8.6. Innealra
3.2.8.7. Mianadóireacht agus cairéalú
3.2.8.8. Bia, deochanna agus tobac
3.2.8.9. Laíon, páipéar agus clódóireacht
3.2.8.10. Adhmad agus táirgí adhmaid
3.2.8.11. Tógáil
3.2.8.12. Teicstíl agus leathar
3.2.8.13. Nach sonraítear in aon áit eile - Tionscal
3.2.9. ALLMHAIRÍ AGUS ONNMHAIRÍ
Ní mór allmhairí agus onnmhairí cainníochtaí leictreachais agus teasa de réir tír thionscnaimh agus tír cinn scríbe, faoi seach, a thuairisciú. Féach míniú faoi 3.2.2.3. “Allmhairí”.
3.2.10. GLANTÁIRGEADH Ó UATH-THÁIRGEOIRÍ
Maidir leis na gléasraí nó na gníomhaíochtaí seo a leanas, ba cheart glantáirgeadh leictreachais agus glanghiniúint teasa ó uath-tháirgeoirí a dhearbhú ar leithligh le haghaidh aonaid leictreachais amháin, aonaid CTÉ agus aonaid teasa amháin:
Earnáil an fhuinnimh: Mianaigh ghuail
Earnáil an fhuinnimh: Ola agus gás a eastóscadh
Earnáil an fhuinnimh: Gléasraí breosla paitinne
Earnáil an fhuinnimh: Oighinn cóic
Earnáil an fhuinnimh: Gléasraí BKB/PB
Earnáil an fhuinnimh: Oibreacha gáis
Earnáil an fhuinnimh: Foirnéisí soinneáin
Earnáil an fhuinnimh: Scaglanna peitriliam
Earnáil an fhuinnimh: Gléasraí leachtaithe guail
Earnáil an fhuinnimh: Gléasraí Leachtaithe (GNL)/Athghásúcháin
Earnáil an fhuinnimh: Gléasraí gásúcháin (bithghás)
Earnáil an fhuinnimh: Gás go leachtanna
Earnáil an fhuinnimh: Gléasraí táirgthe fioghuail
Earnáil an fhuinnimh: Giniúint, leachtú agus gású hidrigine.
Earnáil an fhuinnimh: Nach sonraítear in áit eile - Fuinneamh
Earnáil an tionscail: Iarann agus cruach
Earnáil an tionscail: Ceimiceach agus peitriceimiceach
Earnáil an tionscail: Miotail neamhfheiriúla
Earnáil an tionscail: Mianraí neamh-mhiotalacha
Earnáil an tionscail: Trealamh iompair
Earnáil an tionscail: Innealra
Earnáil an tionscail: Mianadóireacht agus cairéalú
Earnáil an tionscail: Bia, deochanna agus tobac
Earnáil an tionscail: Laíon, páipéar agus clódóireacht
Earnáil an tionscail: Adhmad agus táirgí adhmaid
Earnáil an tionscail: Foirgníocht
Earnáil an tionscail: Teicstíl agus leathar
Earnáil an tionscail: Nach sonraítear in áit eile - Earnáil an tionscail
Earnáil an Iompair: Iarnród
Earnáil an Iompair: Iompar píblíne
Earnáil an Iompair: Iompar de bhóthar
Earnáil an Iompair: Nach sonraítear in áit eile - Iompar
Earnálacha eile: Teaghlaigh
Earnálacha eile: Seirbhísí tráchtála agus poiblí
Earnálacha eile: Talmhaíocht/Foraoiseacht
Earnálacha eile: Iascaireacht
Earnálacha eile: Nach bhfuil sonraithe in áit eile - Eile
3.2.11. OLLTÁIRGEADH FUINNIMH DE RÉIR EARNÁLA
Ní mór olltáirgeadh iomlán leictreachais agus an chuid a thomhlaítear go huathoibríoch (gan deighilt a dhéanamh idir táirgeoir príomhghníomhaíochta agus uath-tháirgeoir) a dhearbhú ar leithligh i gcás teaghlach, seirbhísí tráchtála agus poiblí, earnáil an fhuinnimh, earnáil an tionscail agus earnálacha eile maidir le gach ceann de na grúpaí breoslaí seo a leanas:
Grianfhuinneamh - PV
Bithbhreoslaí soladacha, leachtacha nó gásacha
Fuinneamh in-athnuaite eile
Gás nádúrtha
Eile (fuinnimh neamh-inathnuaite)
3.2.12. OLLTÁIRGEADH LEICTREACHAIS AGUS TEASA Ó BHREOSLAÍ INDÓITE
Ní mór an t-oll-leictreachas a tháirgtear, an teas a dhíoltar agus na cainníochtaí breosla a úsáidtear, lena n-áirítear a bhfuinneamh iomlán comhfhreagrach ó na hábhair indóite a liostaítear thíos, a dhearbhú ar leithligh le haghaidh táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus uath-tháirgeoirí. Le haghaidh an dá chineál táirgeoirí sin, ní mór táirgeadh leictreachais agus teasa a dhearbhú ar leithligh i ngach cás inarb infheidhme le haghaidh aonaid leictreachais amháin, aonaid CTÉ agus aonaid teasa amháin.
3.2.12.1. Antraicít
3.2.12.2. Gual Cóic
3.2.12.3. Gual biotúmanach eile
3.2.12.4. Gual fo-bhiotúmanach
3.2.12.5. Lignít
3.2.12.6. Móin
3.2.12.7. Breosla paitinne
3.2.12.8. Cóc oighinn cóic
3.2.12.9. Cóc gáis
3.2.12.10. Tarra guail
3.2.12.11. BKB (Brícíní Guail Dhoinn)
3.2.12.12. Gás Oibreacha Gáis
3.2.12.13. Gás oighinn cóic
3.2.12.14. Gás foirnéise soinneáin
3.2.12.15. Gáis ghnóthaithe eile
3.2.12.16. Táirgí móna
3.2.12.17. Scealla ola agus gaineamh ola
3.2.12.18. Amhola
3.2.12.19. LGN
3.2.12.20. Gás scaglainne
3.2.12.21. GPL
3.2.12.22. Nafta
3.2.12.23. Scaird-bhreosla de chineál ceirisíneach
3.2.12.24. Ceirisín eile
3.2.12.25. Ola gáis/Ola dhíosail
3.2.12.26. Olaí breosla
3.2.12.27. Biotúman
3.2.12.28. Cóc peitriliam
3.2.12.29. Táirgí ola eile
3.2.12.30. Gás nádúrtha
3.2.12.31. Dramhaíl thionsclaíoch
3.2.12.32. Dramhaíl chathrach in-athnuaite
3.2.12.33. Dramhaíl chathrach neamh-inathnuaite
3.2.12.34. Bithbhreoslaí soladacha
3.2.12.35. Bithgháis
3.2.12.36. Bithdhíosail
3.2.12.37. Bithghásailíní
3.2.12.38. Bithbhreoslaí leachtacha eile
3.2.12.39. Hidrigin
3.2.13. GLANTOILLEADH UASTA LEICTREACHAIS
Ba cheart an toilleadh a dhearbhú amhail ón 31 Nollaig den bhliain thuairiscithe iomchuí agus le haghaidh na mbreoslaí a léirítear thíos. Áirítear toilleadh leictreach gléasraí leictreachais (amháin) agus gléasraí TCÉ. Ní mór an glantoilleadh uasta leictreachais a dhearbhú maidir le táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus uath-tháirgeoirí araon. Is é suim ghlantoilltí uasta na stáisiún go léir á dtógáil ar leithligh i gcaitheamh tréimhse áirithe oibríochta. Glacfar leis chun na gcríoch sin gur feidhmiú leanúnach a bheidh i gceist leis an tréimhse oibríochta: le fírinne, is ionann sin agus 15 uaire an chloig nó níos mó in aghaidh an lae. Is é an glantoilleadh uasta an chumhacht uasta a thoimhdeofar gur cumhacht ghníomhach amháin í agus gur féidir í a sholáthar, go leanúnach, le linn don ghléasra uile a bheith ag oibriú, ag an bpointe asraoin chuig an líonra.
3.2.13.1. Breoslaí núicléacha
3.2.13.2. Gléasraí hidrileictreacha íona
3.2.13.3. Gléasraí hidrileictreacha measctha
3.2.13.4. Gléasraí taisce pumpála íona
3.2.13.5. Breoslaí geoiteirmeacha
3.2.13.6. Grianfhuinneamh fótavoltach
3.2.13.7. Breoslaí grianfhuinnimh theirmigh
3.2.13.8. Fuinneamh taoide, fuinneamh toinne, fuinneamh aigéin
3.2.13.9. Gaoth
3.2.13.10. Breoslaí indóite
3.2.13.10.1. An cineál giniúna: Gal
3.2.13.10.2. An cineál giniúna: Dóchán inmheánach
3.2.13.10.3. An cineál giniúna: Gástuirbín
3.2.13.10.4. An cineál giniúna: Oibríocht chomhthimthrialla
3.2.13.10.5. An cineál giniúna: Eile
3.2.13.11. Hidrigin (bhreosla-chille)
3.2.13.12. Foinsí eile
3.2.14. OLLTOILLEADH LEICTREACH UASTA DE BHREOSLAÍ INDÓITE
Ní mór glantoilleadh uasta leictreachais de chuid breoslaí indóite a dhearbhú do tháirgeoirí príomhghníomhaíochta agus d’uath-tháirgeoirí araon, agus ar leithligh le haghaidh gach gléasra aonbhreoslaithe nó ilbhreoslaithe a luaitear sa chéad tábla eile. Is iad aonaid a fhéadfaidh níos mó ná cineál breosla amháin a dhó ar bhonn leanúnach, agus iad sin amháin, atá i gceist le córais ilbhreoslaithe. Ba cheart stáisiúin a bhfuil aonaid ar leithligh acu ina n-úsáidtear breoslaí éagsúla a roinnt ina n-aicmí aonbhreoslaithe iomchuí. Ní mór sonraí a thabhairt maidir leis an gcineál breosla a úsáidtear mar bhreosla príomhúil agus mar bhreosla malartach i gcás gach gléasra ilbhreoslaithe.
3.2.14.1. Gléasraí aonbhreoslaithe (i gcás catagóirí uile na bpríomhbhreoslaí)
3.2.14.2. Ilbhreoslaithe, solaid agus leachtanna
3.2.14.3. Ilbhreoslaithe, solaid agus gás nádúrtha
3.2.14.4. Ilbhreoslaithe, leachtanna agus gás nádúrtha
3.2.14.5. Ilbhreoslaithe, solaid, leachtanna agus gás nádúrtha
3.2.15. TOILLEADH LEICTREACH NUASHUITEÁILTE AGUS DÍCHOIMISIÚNAITHE
Is é an toilleadh nuashuiteáilte glantoilleadh uasta leictreachais na n-aonad giniúna a bheidh in ann feidhmiú sa bhliain tagartha. Is é an toilleadh díchoimisiúnaithe glantoilleadh uasta leictreachais na n-aonad giniúna nach mbeidh in ann feidhmiú le linn na bliana tagartha.
I gcás gach breosla a léirítear faoi 3.2.13 agus 3.2.14, ba cheart an toilleadh nuashuiteáilte agus díchoimisiúnaithe a thuairisciú le haghaidh na bliana tagartha.
3.2.16. Ceallraí
Is é toilleadh stórála nó toilleadh fuinnimh an cheallra an chainníocht iomlán fuinnimh is féidir leis an gceallra a stóráil. Is é an toilleadh cumhachta ainmniúil an t-uasráta díluchtaithe is féidir leis an gceallra a bhaint amach, ag tosú ó staid lánluchtaithe. Ba cheart an fhaisnéis thíos a dhearbhú le haghaidh ceallraí atá nasctha leis an eangach agus a úsáidtear mar ghné stórála/chothromúcháin. Ní gá ach ceallraí a bhfuil toilleadh stórála atá cothrom le 1 MWh nó níos mó ná sin acu agus malartuithe leis an eangach a dhearbhú.
3.2.16.1. Toilleadh stórála ceallraí
3.2.16.2. Toilleadh cumhachta ainmniúil ceallraí
3.2.16.3. Leictreachas a chuirtear isteach san eangach ó cheallraí
3.2.16.4. Leictreachas ón eangach a úsáidtear chun ceallraí a luchtú
Ba cheart na heilimintí thuas a dheighilt sna grúpaí méide seo a leanas bunaithe ar thoilleadh stórála:
3.3. Aonaid tomhais
Ba cheart leictreachas a dhearbhú in GWh (gigeavatuaireanta), teas in TJ (teirighiúil) agus toilleadh in MW (meigeavatanna). Le haghaidh ceallraí, ba cheart toilleadh stórála. A dhearbhú in MWh agus toilleadh cumhachta ainmniúil a dhearbhú in MW.
Le haghaidh táirgí fuinnimh eile a bhfuil tuairisciú de dhíth ina leith, sainmhínítear na haonaid is infheidhme sna caibidlí ábhartha den iarscríbhinn seo.
4. OLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM
4.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh a liostaítear in Iarscríbhinn A, Caibidil 3.4. OLA (Amhola agus táirgí peitriliam)
4.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.
4.2.1. SOLÁTHAR AMHOLA, LGN, STOIC COTHAITHE SCAGLAINNE, BREISEÁIN AGUS HIDREACARBÓIN EILE
Ba cheart na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú maidir le hamhola, stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí i mbreiseáin/ocsaigionáití agus hidreacarbóin eile:
4.2.1.1. Táirgeadh dúchasach
Neamh-infheidhme maidir le stoic chothaithe scaglainne agus le bithbhreoslaí.
4.2.1.2. Fáltais ó fhoinsí eile.
Neamh-infheidhme maidir le hamhola, le LGN agus le stoic chothaithe scaglainne.
4.2.1.2.1. Fáltais ó fhoinsí eile: ó ghual
4.2.1.2.2. Fáltais ó fhoinsí eile: ó ghás nádúrtha
4.2.1.2.3. Fáltais ó fhoinsí eile: ó fhuinneamh in-athnuaite
4.2.1.2.4. Fáltais ó fhoinsí eile: ó hidrigin
4.2.1.3. Cúlsreabha ón earnáil pheitriceimiceach
Nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne.
4.2.1.4. Táirgí aistrithe
Nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne.
4.2.1.5. Allmhairí
Folaítear cainníochtaí amhola agus táirgí arna n-allmhairiú nó arna n-onnmhairiú faoi chomhaontuithe próiseála (i.e. scagadh ar chuntas). Ba chóir amhola agus LGN a thuairisciú mar chainníochtaí a tháinig ón tír thionscnaimh faoi dheoidh; ba chóir stoic chothaithe scaglainne agus táirgí críochnaithe a thuairisciú mar stoic agus mar tháirgí a tháinig ó thír an choinsínithe deiridh. Folaítear aon leachtanna gáis (e.g. GPL) a eastósctar le linn athghásúchán a dhéanamh ar ghás nádúrtha leachtaithe allmhairithe agus táirgí peitriliam a ndéanann an earnáil pheitriceimiceach iad a allmhairiú nó a onnmhairiú go díreach. Tabhair faoi deara: níor cheart aon trádáil i mbithbhreoslaí, ar bithbhreoslaí iad nach mbeidh cumaiscthe le breoslaí iompair (i.e. ina bhfoirm íon) a thuairisciú anseo. Ba chóir athonnmhairí ola arna hallmhairiú le haghaidh próiseála laistigh de limistéir faoi bhanna a áireamh mar onnmhaire táirge ón tír phróiseála go dtí an ceann scríbe críochnaitheach.
4.2.1.6. Onnmhairí
Tá feidhm ag an nóta le haghaidh allmhairí i Roinn (4.2.1.5.) anseo freisin.
4.2.1.7. Úsáid Dhíreach
4.2.1.8. Athruithe ar stoic
4.2.1.9. Iontógáil scaglainne bhreathnaithe
Méideanna arna dtomhas mar ionchur i scaglanna
4.2.1.10. Caillteanais scaglainne
An difríocht idir Iontógáil scaglainne (breathnaithe) agus Oll-aschur scaglainne. Féadfaidh caillteanais tarlú i rith na bpróiseas driogtha mar gheall ar ghalú. Beidh caillteanais thuairiscithe deimhneach. Féadfaidh gnóchain thoirtmhéadracha a bheith ann ach ní fhéadfaidh gnóchain i mais a bheith ann.
4.2.1.11. Stoic iomlána tosaigh ar chríoch náisiúnta
4.2.1.12. Stoic iomlána deiridh ar chríoch náisiúnta
4.2.1.13. Glanluach calrach
4.2.1.13.1. Táirgeadh (nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne agus Bithbhreoslaí i mBreiseáin/Ocsaigionáití)
4.2.1.13.2. Allmhairí (nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le bithbhreoslaí i mbreiseáin/ocsaigionáití)
4.2.1.13.3. Onnmhairí (nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le breiseáin/osaigionáití)
4.2.1.13.4. Meán iomlán
4.2.2. SOLÁTHAR TÁIRGÍ OLA
Beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le táirgí críochnaithe [gás scaglainne, eatán, GPL, nafta, gásailín mótair (lena n-áirítear an chuid sin de thionscnamh bitheolaíoch), gásailín eitlíochta, scaird-bhreosla den chineál gásailíneach (lena n-áirítear an chuid sin de thionscnamh bitheolaíoch), scaird-bhreosla de chineál ceirisíneach, ola gháis/ola dhíosail, ola bhreosla de shulfar ard agus ola bhreosla de shulfar íseal, biotáille bhán agus FPS, bealaí, biotúman, céireacha pairifín, cóc peitriliam agus táirgí eile). Ba cheart amhola agus LGN a dhófar go díreach a áireamh i seachadtaí táirgí críochnaithe agus in aistrithe idirtháirge.
4.2.2.1. Fáltais táirgí príomhúla
4.2.2.2. Oll-aschur Scaglainne
4.2.2.3. Táirgí Athchúrsáilte
4.2.2.4. Breosla scaglainne (scaglanna peitriliam)
Ba cheart breoslaí a úsáidtear chun leictreachas agus teas arna ndíol a tháirgeadh i scaglanna a chur san áireamh.
4.2.2.4.1. A úsáidtear in aonaid/gléasraí leictreachais amháin
4.2.2.4.2. A úsáidtear in aonaid CTÉ
4.2.2.4.3. A úsáidtear in aonaid/gléasraí teasa amháin
4.2.2.5. Allmhairí
Tá feidhm ag an nóta le haghaidh allmhairí i Roinn 4.2.1.5. anseo freisin.
4.2.2.6. Onnmhairí
Tá feidhm ag an nóta le haghaidh allmhairí i Roinn 4.2.1.5. anseo freisin.
4.2.2.7. Umair mhuirí idirnáisiúnta
4.2.2.8. Aistrithe idir-tháirgí
4.2.2.9. Táirgí aistrithe
4.2.2.10. Athruithe ar stoic
4.2.2.11. Leibhéil an stoic tosaigh
4.2.2.12. Leibhéil an stoic deiridh
4.2.2.13 Athruithe ar stoic ag táirgeoirí príomhghníomhaíochta
Athruithe ar stoic atá á sealbhú ag fóntais phoiblí agus nach bhfuil ar áireamh i Leibhéil Stoic agus in Athruithe ar Stoic a thuairiscítear in áit eile. Taispeántar tógáil stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dheimhneach.
4.2.2.14. Glanluachanna calracha meánacha
4.2.3. SEACHADTAÍ CHUIG AN EARNÁIL PHEITRICEIMICEACH
Seachadadh breathnaithe táirgí peitriliam críochnaithe ó fhoinsí príomhúla (e.g. scaglanna, gléasraí cumaiscthe, etc.) chuig an margadh intíre.
4.2.3.1. Ollseachadtaí chuig an Earnáil Pheitriceimiceach
4.2.3.2. Úsáid Fuinnimh san Earnáil Pheitriceimiceach
Cainníochtaí ola a úsáidtear mar bhreosla le haghaidh próiseas peitriceimiceach ar nós cnagadh gaile.
4.2.3.3. Úsáid Neamhfhuinnimh san Earnáil Pheitriceimiceach
Cainníochtaí ola a úsáidtear san earnáil pheitriceimiceach chun eitiléin, próipiléin, búitiléin, gás sintéise, cumhránaic, bútaidhé-éin agus amhábhair hidreacarbón-bhunaithe eile i bpróisis ar nós cnagadh gaile, gléasraí cumhránaice agus athfhoirmiú gaile. Ní fholaíonn sé méideanna ola a úsáidtear chun críocha breosla.
4.2.3.4. Cúlsreabha ón Earnáil pheitriceimiceach chuig scaglanna
4.2.4. EARNÁIL AN CHLAOCHLAITHE
Ní mór na cainníochtaí atá i gceist leis an úsáid fuinnimh agus leis an úsáid neamhfhuinnimh araon a dhearbhú.
4.2.4.1. Táirgeoir príomhghníomhaíochta - leictreachas amháin
4.2.4.2. Uath-tháirgeoir - leictreachais amháin
4.2.4.3. Táirgeoir príomhghníomhaíochta - aonaid CTÉ
4.2.4.4. Uath-tháirgeoir - Aonaid CTÉ
4.2.4.5. Táirgeoir príomhghníomhaíochta - teas amháin
4.2.4.6. Uath-tháirgeoir -teas amháin
4.2.4.7. Oibreacha Gáis/Gléasraí Gásúcháin
4.2.4.8. Gás Nádúrtha Cumaiscthe
4.2.4.9. Oighinn cóic
4.2.4.10. Foirnéisí soinneáin
4.2.4.11. Tionscal peitriceimiceach
4.2.4.12. Gléasraí breosla paitinne
4.2.4.13. Giniúint hidrigine
4.2.4.14. Nach sonraítear in áit eile – Claochlú
4.2.5. AN EARNÁIL FUINNIMH
Dearbhófar na cainníochtaí atá i gceist leis an úsáid fuinnimh agus leis an úsáid neamhfhuinnimh araon.
4.2.5.1. Mianaigh Ghuail
4.2.5.2. Ola agus Gás a Eastóscadh
4.2.5.3. Oighinn Chóic
4.2.5.4. Foirnéisí Soinneáin
4.2.5.5. Oibreacha Gáis
4.2.5.6. Féinúsáid Leictreachais, Gléasraí CTÉ agus Teasa
4.2.5.7. Giniúint, leachtú agus gású hidrigine.
4.2.5.8. Nach bhfuil Sonraithe in Áit Eile - Fuinneamh
4.2.6. CAILLTEANAIS TARCHUIR AGUS DÁILTE
Ní mór na cainníochtaí atá i gceist leis an úsáid fuinnimh agus leis an úsáid neamhfhuinnimh araon a dhearbhú.
4.2.7. TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH — EARNÁIL AN TIONSCAIL
Ní mór na cainníochtaí atá i gceist leis an úsáid fuinnimh agus leis an úsáid neamhfhuinnimh araon a dhearbhú.
4.2.7.1. Iarann agus cruach
4.2.7.2. Ceimiceach agus peitriceimiceach
4.2.7.3. Miotail neamhfheiriúla
4.2.7.4. Mianraí neamh-mhiotalacha
4.2.7.5. Trealamh iompair
4.2.7.6. Innealra
4.2.7.7. Mianadóireacht agus cairéalú
4.2.7.8. Bia, deochanna agus tobac
4.2.7.9. Laíon, páipéar agus clódóireacht
4.2.7.10. Adhmad agus táirgí adhmaid
4.2.7.11. Tógáil
4.2.7.12. Teicstíl agus leathar
4.2.7.13. Nach sonraítear in aon áit eile - Tionscal
4.2.8. TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH — EARNÁIL AN TIONSCAIL
Ní mór na cainníochtaí atá i gceist leis an úsáid fuinnimh agus leis an úsáid neamhfhuinnimh araon a dhearbhú.
4.2.8.1. An eitlíocht idirnáisiúnta
4.2.8.2. Eitlíocht intíre
4.2.8.3. Iompar de bhóthar
4.2.8.4. Iarnród
4.2.8.5. Loingseoireacht intíre
4.2.8.6. Iompar píblíne
4.2.8.7. Nach sonraítear in áit eile - Iompar
4.2.9. TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH - EARNÁLACHA EILE
Ní mór na cainníochtaí atá i gceist leis an úsáid fuinnimh agus leis an úsáid neamhfhuinnimh araon a dhearbhú.
4.2.9.1. Seirbhísí tráchtála agus poiblí
4.2.9.2. Teaghlaigh
4.2.9.3. Talmhaíocht
4.2.9.4. Foraoiseacht
4.2.9.5. Iascaireacht
4.2.9.6. Nach bhfuil sonraithe in áit eile - Eile
4.2.10. ALLMHAIRÍ DE RÉIR TÍR THIONSCNAIMH AGUS ONNMHAIRÍ DE RÉIR TÍR CINN SCRÍBE
Ba cheart allmhairí de réir tír thionscnaimh, agus onnmhairí de réir tír cinn scríbe a dhearbhú. Tá feidhm ag an nóta maidir le hallmhairí i Roinn 4.2.1.5. anseo freisin.
4.2.11. TOILLEADH SCAGLAINNE
Tuairiscigh an toilleadh scagtha iomlán náisiúnta agus an miondealú ar thoilleadh bliantúil de réir scaglainne de réir míle tonna méadrach in aghaidh na bliana. Ba cheart na nithe seo a leanas a thuairisciú:
4.2.11.1. Ainm/Suíomh
4.2.11.2. Driogadh atmaisféarach
4.2.11.3. Driogadh folúis
4.2.11.4. Scoilteadh (teirmeach)
4.2.11.4.1. Lena n-áirítear slaodlaghdú
4.2.11.4.2. Lena n-áirítear cócú
4.2.11.5. Scoilteadh (catalaíoch)
4.2.11.5.1. Lena n-áirítear leachtscoilteadh catalaíoch (FCC)
4.2.11.5.2. Lena n-áirítear hidreascoilteadh (HCK)
4.2.11.6. Leasú
4.2.11.7. Díshulfarú
4.2.11.8. Ailciliú, polaiméiriú, isiméireacht
4.2.11.9. Éitearú
4.3. Aonaid tomhais
Ní mór na cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in kt (cilea-tonaí). Ní mór na luachanna calracha a dhearbhú in MJ/t (meigighiúil in aghaidh an tona).
4.4. Díolúintí
Tá an Chipir díolmhaithe ó na comhiomláin arna sainiú i Roinn 4.2.9 (Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnálacha eile); níor cheart ach na luachanna iomlána a bheith infheidhme. Tá an Chipir díolmhaithe freisin ó neamhfhuinneamh a thuairisciú faoi Ranna 4.2.4 (Earnáil an Chlaochlaithe), 4.2.5 (Earnáil an fhuinnimh), 4.2.7 (Tionscal), 4.2.7.2 (Earnáil an tionscail, mar atá: ceimiceach agus peitriceimiceach), 4.2.8 (Iompar) agus 4.2.9 (Earnálacha eile).
5. FUINNEAMH IN-ATHNUAITE AGUS FUINNEAMH Ó DHRAMHAÍL
5.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh a liostaítear in Iarscríbhinn A, Caibidil 3.5. FUINNEAMH IN-ATHNUAITE AGUS DRAMHAÍL. Níor cheart ach cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun críoch fuinnimh a thuairisciú (mar shampla, breoslaí a úsáidtear i nginiúint leictreachais agus teasa, dóchán le téarnamh fuinnimh, in innill shoghluaiste san iompar agus chun úsáide in innill dhoghluaiste). Maidir le cainníochtaí táirgí fuinnimh in-athnuaite a úsáidtear in ionad breoslaí iontaise chun críoch neamhfhuinnimh, ba cheart iad a thuairisciú i Roinn 5.2.9, ach níor cheart iad a áireamh sa chuid eile de na ranna sa chaibidil seo. Táirgí in-athnuaite nár forbraíodh chun teacht in ionad breoslaí iontais, ba cheart iad a eisiamh ó thuairisciú i Roinn 5.2.9, amhail bithbhreoslaí soladacha a úsáidtear le haghaidh troscáin, tógála agus táirgeadh páipéir/cairtchláir, alcóil a úsáidtear i dtionscal an bhia agus snáithíní cadáis/nádúrtha a úsáidtear sa tionscal teicstílí. Ba cheart fuinneamh teirmeach éighníomhach a eisiamh ó thuairisciú i gCaibidil 5 (mar shampla, teas griantheirmeach éighníomhach foirgneamh).
5.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú le haghaidh na táirgí fuinnimh uile a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt. Ní gá teas comhthimpeallach (teaschaidéil) a thuairisciú ach le haghaidh na n-earnálacha seo a leanas: Claochlú (le haghaidh na gcomhiomlán a bhaineann le teas a dhíoltar), fuinneamh (fuinneamh iomlán amháin, gan fochatagóirí) seirbhísí tráchtála agus poiblí, teaghlaigh agus nach sonraítear in aon áit eile - Eile. Le haghaidh teas comhthimpeallach (teaschaidéil), ba cheart na fochatagóirí fuinneamh aeraiteirmeach, geoiteirmeeach nó hidriteirmeach a dhearbhú faoin táirgeadh dúchasach. I gcás gach ceann de na trí chatagóir sin, ba cheart an fhochatagóir “Lena n-áirítear ó theaschaidéil os cionn na tairsí” a dhearbhú. Ba cheart an chomhéifeacht feidhmiúcháin shéasúraigh (SPF) a bheith i gcomhréir le Treoir 2009/28/CE agus Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn.
5.2.1. OLLTÁIRGEADH LEICTREACHAIS AGUS TEASA
Tá feidhm leis na sainmhínithe a leagtar amach i gCaibidil 3.2.1. Ní mór na comhiomláin 5.2.1.1 go dtí 5.2.1.18 a dhearbhú le haghaidh táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus uath-tháirgeoirí. Maidir leis an dá chineál gléasraí seo, ní mór an táirgeadh leictreachais agus teasa a dhearbhú ar leithligh le haghaidh aonaid leictreachais amháin, gléasraí CTÉ agus aonaid teasa amháin i ngach cás inarb infheidhme.
5.2.1.1. Gléasraí hidrileictreacha íona (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
5.2.1.2. Gléasraí hidrileictreacha measctha (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
5.2.1.2.1. An sciar pumpála (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
5.2.1.3. Gléasraí taisce pumpála measctha (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
5.2.1.4. Breoslaí geoiteirmeacha
5.2.1.5. Grianfhuinneamh fótavoltach (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
Ba cheart na fochatagóirí méide a dhearbhú i leith grianfhuinneamh fótavoltach:
5.2.1.5.1. Is lú ná 30 kW
5.2.1.5.2. Ó 30 go dtí 1 000 kW
5.2.1.5.3. Is mó ná 1 000 kW
Le haghaidh 5.2.1.5.1 go dtí 5.2.1.5.3, ba cheart na fochatagóirí grianphainéil ar dhíonta agus grianphainéil eis-eangacha a dhearbhú. Níl an chatagóir eiseangach éigeantach ach amháin más 1 % nó níos mó é den toilleadh fótavoltach ina chatagóir méide féin.
5.2.1.6. Breoslaí grianfhuinnimh theirmigh
5.2.1.7. Fuinneamh taoide, tonnfhuinneamh, fuinneamh aigéin (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
5.2.1.8. Fuinneamh gaoithe (infheidhme maidir le leictreachas amháin)
5.2.1.9. Gaoth ar talamh
5.2.1.10. Gaoth ón talamh
5.2.1.11. Dramhaíl chathrach in-athnuaite
5.2.1.12. Dramhaíl chathrach neamh-inathnuaite
5.2.1.13. Bithbhreoslaí soladacha
5.2.1.14. Bithgháis
5.2.1.15. Bithdhíosail
5.2.1.16. Bithghásailíní
5.2.1.17. Bithbhreoslaí leachtacha eile
5.2.1.18. Teaschaidéil (infheidhme maidir le teas amháin)
5.2.2. SOLÁTHAR
5.2.2.1. Táirgeadh
5.2.2.2. Allmhairí
5.2.2.3. Onnmhairí
5.2.2.4. Umair mhuirí idirnáisiúnta
5.2.2.5. Athruithe ar stoic
5.2.3. EARNÁIL AN CHLAOCHLAITHE
5.2.3.1. Táirgeoir príomhghníomhaíochta - leictreachas amháin
5.2.3.2. Táirgeoir príomhghníomhaíochta - aonaid teasa agus cumhachta in éineacht (CTÉ)
5.2.3.3. Táirgeoir príomhghníomhaíochta - teas amháin
5.2.3.4. Uath-tháirgeoir - leictreachas amháin
5.2.3.5. Uath-tháirgeoir - Aonaid táirgthe teasa agus cumhachta in éineacht (CTÉ)
5.2.3.6. Uath-tháirgeoir - teas amháin
5.2.3.7. Gléasraí breosla paitinne
5.2.3.8. Gléasraí BKB/PB
5.2.3.9. Foirnéisí Soinneáin
5.2.3.10. Cumaiscthe san eangach gáis (e.g .Gléasraí cumaiscthe gáis nádúrtha)
5.2.3.11. Cumaiscthe le breoslaí iontaise leachtacha (e.g. gásailín mótair / díosal / ceirisín)
5.2.3.12. Gléasraí táirgthe fioghuail
5.2.4.13. Giniúint hidrigine
5.2.3.14. Nach bhfuil sonraithe in aon áit eile – Claochlú
5.2.4. AN EARNÁIL FUINNIMH
5.2.4.1. Gléasraí gásúcháin (bithghás)
5.2.4.2. Gléasraí leictreachais, CTÉ agus teasa
5.2.4.3. Mianaigh ghuail
5.2.4.4. Gléasraí breosla paitinne
5.2.4.5. Oighinn cóic
5.2.4.6. Scaglanna peitriliam
5.2.4.7. Gléasraí BKB/PB
5.2.4.8. Oibreacha gáis
5.2.4.9. Foirnéisí soinneáin
5.2.4.10. Gléasraí táirgthe fioghuail
5.2.4.11. Giniúint, leachtú agus gású hidrigine
5.2.4.12. Nach bhfuil Sonraithe in Aon Áit Eile - Fuinneamh
5.2.5. CAILLTEANAIS TARCHUR AGUS DÁILTE
5.2.6. TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH — EARNÁIL AN TIONSCAIL
5.2.6.1. Iarann agus cruach
5.2.6.2. Ceimiceach agus peitriceimiceach
5.2.6.3. Miotail neamhfheiriúla
5.2.6.4. Mianraí neamh-mhiotalacha
5.2.6.5. Trealamh iompair
5.2.6.6. Innealra
5.2.6.7. Mianadóireacht agus cairéalú
5.2.6.8. Bia, deochanna agus tobac
5.2.6.9. Laíon, páipéar agus clódóireacht
5.2.6.10. Adhmad agus táirgí adhmaid
5.2.6.11. Tógáil
5.2.6.12. Teicstíl agus leathar
5.2.6.13. Nach sonraítear in aon áit eile - Tionscal
5.2.7. TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH — EARNÁIL AN IOMPAIR
5.2.7.1. Iarnród
5.2.7.2. Iompar de bhóthar
5.2.7.3. Loingseoireacht intíre
5.2.7.4. Eitlíocht intíre
5.2.7.5. An eitlíocht idirnáisiúnta
5.2.7.6. Nach sonraítear in áit eile - Iompar
5.2.8. TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH — EARNÁLACHA EILE
5.2.8.1. Seirbhísí tráchtála agus poiblí
5.2.8.2. Teaghlaigh
5.2.8.3. Talmhaíocht
5.2.8.4. Foraoiseacht
5.2.8.5. Iascaireacht
5.2.8.6. Nach bhfuil sonraithe in áit eile - Eile
5.2.9. TOMHALTAS DEIRIDH - ÚSÁID NEAMHFHUINNIMH
Le haghaidh na nithe seo a leanas:
An earnáil iompair
Earnáil an tionscail
Earnálacha eile
An tomhaltas deiridh – ba cheart úsáid neamhfhuinnimh a dhearbhú le haghaidh na ngrúpaí breoslaí seo a leanas:
Bithbhreoslaí soladacha
Bithbhreoslaí leachtacha
Bithgháis
Is é 2024 an chéad bhliain tagartha chun na heilimintí i Roinn 5.2.9 a dhearbhú. Go dtí bliain tagartha 2027, ní féidir ach an tomhaltas deiridh iomlán comhiomlán – úsáid neamhfhuinnimh a dhearbhú seachas míreanna 5.2.9.1 go dtí 5.2.9.3 ar leithligh. Níor cheart na cainníochtaí a thuairiscítear in 5.2.9 a áireamh in 5.2.2 go dtí 5.2.8.
5.2.10. GLANTOILLEADH UASTA LEICTREACHAIS
Ba cheart an toilleadh a dhearbhú amhail ón 31 Nollaig den bhliain thuairiscithe iomchuí. Áirítear toilleadh leictreachais na n-aonad leictreachais amháin agus aonaid CTÉ araon. Is é an glantoilleadh uasta leictreachais suim ghlantoilltí uasta na stáisiún uile á dtógáil ar leithligh i gcaitheamh tréimhse áirithe oibríochta. Glacfar leis chun na gcríoch sin gur feidhmiú leanúnach a bheidh i gceist leis an tréimhse oibríochta: le fírinne, is ionann sin agus 15 uaire an chloig nó níos mó in aghaidh an lae. Is é an glantoilleadh uasta an chumhacht uasta a thoimhdeofar gur cumhacht ghníomhach amháin í agus gur féidir í a sholáthar, go leanúnach, le linn don ghléasra uile a bheith ag oibriú, ag an bpointe asraoin chuig an líonra.
5.2.10.1. Gléasraí hidrileictreacha íona
5.2.10.2. Gléasraí hidrileictreacha measctha
5.2.10.3. Gléasraí taisce pumpála íona
5.2.10.4. Breoslaí geoiteirmeacha
5.2.10.5. Grianfhuinneamh fótavoltach
Ba cheart na fochatagóirí méide a dhearbhú i leith grianfhuinneamh fótavoltach:
Is lú ná 30 kW
Idir 30 agus 1 000 kW
Is mó ná 1 000 kW
Le haghaidh 5.2.10.5.1 go dtí 5.2.10.5.3, ba cheart na fochatagóirí grianphainéil ar dhíonta agus grianphainéil eis-eangacha a dhearbhú. Níl an chatagóir eiseangach éigeantach ach amháin más 1 % nó níos mó é den toilleadh ina chatagóir méide féin.
5.2.10.6. Breoslaí grianfhuinnimh theirmigh
5.2.10.7. Fuinneamh taoide, fuinneamh toinne, fuinneamh aigéin
5.2.10.8. Gaoth ar talamh
5.2.10.9. Gaoth ón talamh
5.2.10.10. Dramhaíl thionsclaíoch
5.2.10.11. Dramhaíl chathrach
5.2.10.12. Bithbhreoslaí soladacha
5.2.10.13. Bithgháis
5.2.10.14. Bithdhíosail
5.2.10.15. Bithghásailíní
5.2.10.16. Bithbhreoslaí leachtacha eile
5.2.11. SAINTRÉITHE TEICNIÚLA
5.2.11.1. Dromchla tiomsaitheoirí gréine
Dearbhófar achar dromchla iomlán na gceapadóirí grianfhuinnimh. Ní bhaineann an dromchla tiomsaitheoirí gréine ach le tiomsaitheoirí gréine a úsáidtear chun grianteas teirmeach a tháirgeadh; ní gá an dromchla tiomsaitheoirí gréine a úsáidtear chun leictreachas a ghiniúint a thuairisciú anseo (grianfhuinneamh PV agus cumhacht ghrianfhuinnimh dírithe). Ba cheart achar dromchla iomlán na dtiomsaitheoirí gréine uile a áireamh: tiomsaitheoirí glónraithe agus neamhghlónraithe, tiomsaitheoirí leacaithe agus folúsfheadáin a bhaineann úsáid as leacht nó aer mar iompróir fuinnimh.
5.2.11.2. Toilleadh táirgthe le haghaidh Bithghásailín
5.2.11.3. Toilleadh táirgthe le haghaidh Bithdhíosal
5.2.11.4. Toilleadh táirgthe le haghaidh Bithcheirisín scairdeitleáin
5.2.11.5. Toilleadh táirgthe le haghaidh Bithbhreoslaí leachtacha eile
5.2.11.6. Glanluach calrach meánach le haghaidh Bithghásailín
5.2.11.7. Glanluach calrach meánach le haghaidh Bitheatánóil
5.2.11.8. Glanluachanna calracha meánacha le haghaidh Bithdhíosal
5.2.11.9. Glanluachanna calracha meánacha le haghaidh Bithcheirisín scairdeitleáin
5.2.11.10. Glanluach calrach meánach le haghaidh Bithbhreoslaí leachtacha eile
5.2.11.11. Glanluach calrach meánach le haghaidh Fioghuail
5.2.11.12. Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach
5.2.11.12.1. Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach Aeir/Aeir
5.2.11.12.2. Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach Aeir/Uisce
5.2.11.12.3. Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach Aeir/Aeir (in-aisiompaithe)
5.2.11.12.4. Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach Aeir/Uisce (in-aisiompaithe)
5.2.11.12.5. Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach Sceite Aeir/Aeir
5.2.11.12.6. Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach Sceite Aeir/Aeir
5.2.11.13. Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh geoiteirmeach
5.2.11.13.1. Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh geoiteirmeach Talún/Aeir
5.2.11.13.2. Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh geoiteirmeach Talún/Uisce
5.2.11.14. Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Teas hidriteirmeach
5.2.11.14.1. Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Teas hidriteirmeach Uisce/Aeir
5.2.11.14.2. Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Teas hidriteirmeach Uisce/Uisce
I gcás na míreanna uile ó 5.2.11.12 go dtí 5.2.11.14.2, ba cheart an fhochatagóir “Lena n-áirítear ó theaschaidéil os cionn na tairsí” a dhearbhú. Ba cheart an chomhéifeacht feidhmiúcháin shéasúraigh (SPF) a bheith i gcomhréir le Treoracha 2009/28/CE agus (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn.
5.2.12. TÁIRGEADH BITHBHREOSLAÍ SOLADACHA AGUS BITHGHÁIS
Ba cheart táirgeadh iomlán bithbhreoslaí soladacha (gan fioghual a chur san áireamh) a dheighilt idir na breoslaí seo a leanas:
5.2.12.1. Connadh, iarmhair agus seachtháirgí adhmaid
5.2.12.1.1. Millíní adhmaid mar chuid de Chonnadh, iarmhar agus seachtháirgí adhmaid
5.2.12.2. Licéar dubh
5.2.12.3. Bagás
5.2.12.4. Dramhaíl ainmhithe
5.2.12.5. Ábhair eile cothaitheacha agus iarmhair
5.2.12.6. An chuid in-athnuaite de dhramhaíl thionsclaíoch
Ba cheart táirgeadh iomlán bithgháis a dheighilt idir na modhanna táirgthe seo a leanas:
5.2.12.7. Bithgháis ó choipeadh anaeróbach: Gás Líonta Talún
5.2.12.8. Bithgháis ó choipeadh anaeróbach: gás sludaigh séarachais
5.2.12.9. Bithgháis ó choipeadh anaeróbach: bithgháis eile ó choipeadh anaeróbach
5.2.12.10. Bithgháis ó phróisis theirmeacha
5.2.13. ALLMHAIRÍ DE RÉIR TÍR THIONSCNAIMH, AGUS ONNMHAIRÍ DE RÉIR TÍR CINN SCRÍBE
Ba cheart allmhairí a thuairisciú de réir tír tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tír cinn scríbe. Infheidhme maidir le bithgháisilíní, bitheatánól, bithcheirisín scairdeitleáin, bithdhíosail, bithbhreoslaí leachtacha eile, millíní adhmaid.
5.3. Aonaid tomhais
Ní mór leictreachas a dhearbhú in GWh (gigeavatuaireanta), teas in TJ (teirighiúil) agus toilleadh leictreachais in MW (meigeavatanna).
Ní mór cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in TJ NCV (teirighiúil bunaithe ar ghlanluach calrach), ach amháin maidir le fioghual, bithghásailín, bitheatánól, bithcheirisín scairdeitleáin, bithdhíosal, agus bithbhreoslaí leachtacha eile, nach mór iad a dhearbhú in kt (cilea-tonaí).
Ní mór na luachanna calracha a dhearbhú in MJ/t (meigighiúil in aghaidh an tona).
Ní mór an dromchla tiomsaitheoirí gréine a dhearbhú in 1 000 m2.
Ní mór toilleadh táirgthe a dhearbhú in kt (cilea-tonaí) in aghaidh na bliana.
6. STAIDREAMH BLIANTÚIL I DTACA LE FUINNEAMH NÚICLÉACH
Ní mór na sonraí seo a leanas maidir le húsáid shibhialta an fhuinnimh núicléigh a dhearbhú:
6.1. Liosta na gcomhiomlán
6.1.1. TOILLEADH SAIBHRIÚCHÁIN
Toilleadh oibre deighilte bliantúil na ngléasraí saibhriúcháin (deighilt iseatóp úráiniam).
6.1.2. TOILLEADH TÁIRGTHE NA N-EILIMINTÍ BREOSLA ÚIR
Toilleadh táirgthe bliantúil na ngléasraí monaraithe breosla. Cuirtear gléasraí monaraithe breosla MOX as an áireamh.
6.1.3. TOILLEADH TÁIRGTHE GLÉASRAÍ MONARAITHE BREOSLA MOX
Toilleadh táirgthe bliantúil gléasraí monaraithe breosla MOX.
Is breosla é MOX ina bhfuil meascán de phlútóiniam agus úráiniam (ocsaíd mheasctha).
6.1.4. TÁIRGEADH EILIMINTÍ BREOSLA ÚIR
Táirgeadh eilimintí breosla úir críochnaithe i ngléasraí monaraithe breosla núicléigh. Ní chuirtear slata nó táirgí páirteacha san áireamh. Cuirtear as an áireamh gléasraí monaraithe a tháirgeann breosla MOX freisin.
6.1.5. TÁIRGEADH EILIMINTÍ BREOSLA MOX
Táirgeadh na n-eilimintí breosla úir críochnaithe i ngléasraí monaraithe breosla úir. Ní chuirtear slata nó táirgí páirteacha san áireamh.
6.1.6. TÁIRGEADH AN TEASA NÚICLÉIGH
Méid iomlán an teasa a ghineann imoibreoirí núicléacha le haghaidh táirgeadh leictreachais nó le haghaidh feidhmeanna eile úsáideacha teasa.
6.1.7. GNÁTHDHÓ BLIANTÚIL NA N-EILIMINTÍ BREOSLA IONRADAITHE A URSCAOILEADH GO CINNTITHEACH
Gnáthdhó ríofa na n-eilimintí breosla a urscaoileadh go cinntitheach ó imoibritheoirí núicléacha le linn na bliana tagartha lena mbaineann. Ní fholaíonn sé eilimintí breosla a urscaoiltear go sealadach agus ar dócha go n-athluchtófar iad arís níos déanaí.
6.1.8. TÁIRGEADH ÚR AN ÚRÁINIAM AGUS AN PHLÚTÓINIAM I NGLÉASRAÍ ATHPHRÓISEÁLA
Úráiniam agus plútóiniam a tháirgtear i ngléasraí athphróiseála le linn na bliana acadúla.
6.1.9. TOILLEADH (ÚRÁINIAM AGUS PLÚTÓINIAM) NA NGLÉASRAÍ ATHPHRÓISEÁLA
Toilleadh athphróiseála bliantúil an úráiniam agus an phlútóiniam.
6.2 Aonaid tomhais
7. HIDRIGIN
Ní mór na sonraí seo a leanas a dhearbhú den chéad uair le haghaidh na bliana tagartha 2024:
7.1. Liosta na gcomhiomlán
7.1.1. SOLÁTHAR
7.1.1.1. Táirgeadh dúchasach
7.1.1.1.1. Ó ghás nádúrtha
7.1.1.1.2. Ó tháirgí ola agus peitriliam
7.1.1.1.3. Ó bhreoslaí soladacha
7.1.1.1.4. Ó fhuinneamh in-athnuaite (lena n-áirítear dramhaíl in-athnuaite)
7.1.1.1.5. Ó dhramhaíl in-athnuaite
7.1.1.1.6. Ó leictrealú
7.1.1.1.6.1. Lena n-áirítear: leictreachas ón bhfuinneamh núicléach - líne tarchurtha díreach
7.1.1.1.6.2. Lena n-áirítear: leictreachas ón bhfuinneamh núicléach - líne tarchurtha díreach
7.1.1.1.6.3. Lena n-áirítear: leictreachas ó bhreoslaí iontaise - líne tarchurtha díreach
7.1.1.1.7. Ó leictreachas - Eile
7.1.1.1.8. Ó fhoinsí eile (Eile)
7.1.1.2. Allmhairí
7.1.1.3. Onnmhairí
7.1.1.4. Athruithe ar stoic
7.1.1.5. Umair mhuirí idirnáisiúnta
7.1.1.6. An eitlíocht idirnáisiúnta
7.1.2. EARNÁIL AN CHLAOCHLAITHE
7.1.2.1. Táirgeoirí príomhghníomhaíochta - leictreachas
7.1.2.2. Uath-tháirgeoir - leictreachas
7.1.2.3. Táirgeoir príomhghníomhaíochta - comhghiniúint cumhachta agus teasa
7.1.2.4. Uath-tháirgeoir - comhghiniúint cumhachta agus teasa
7.1.2.5. Táirgeoirí príomhghníomhaíochta - teas
7.1.2.6. Uath-tháirgeoir - teas
7.1.2.7. Oibreacha gáis (agus tiontú eile chuig gáis)
7.1.2.8. Scaglanna peitriliam
7.1.2.9. Gléasraí cumaiscthe gáis nádúrtha
7.1.2.10. Lena chumasc le gásailín mótair / le díosal / le ceirisín
7.1.2.11. Lena chumasc le fuinnimh in-athnuaite
7.1.2.12. Hidrigin arna cumasc le breoslaí in-athnuaite
7.1.2.13. Nach sonraítear in aon áit eile – Claochlú
7.1.3. EARNÁIL FUINNIMH
7.1.3.1. Mianaigh ghuail
7.1.3.2. Ola agus gás a eastóscadh
7.1.3.3. Scaglanna peitriliam
7.1.3.4. Soirn Chóic (Fuinneamh)
7.1.3.5. Foirnéisí soinneáin (Fuinneamh)
7.1.3.6. Oibreacha gáis (Fuinneamh)
7.1.3.7. Leictreachas, comhghiniúint cumhachta agus teasa agus teas
7.1.3.8. Giniúint, leachtú agus gású hidrigine
7.1.3.10. Nach sonraítear in aon áit eile (Fuinneamh)
7.1.4. TARCHUR AGUS CAILLTEANAIS DÁILTE
7.1.5 TOMHALTAS DEIRIDH NEAMHFHUINNIMH - EARNÁIL AN TIONSCAIL
7.1.5.1. Iarann agus cruach
7.1.5.2. Ceimiceach agus peitriceimiceach
7.1.5.3. Miotail neamhfheiriúla
7.1.5.4. Mianraí neamh-mhiotalacha
7.1.5.5. Trealamh iompair
7.1.5.6. Innealra
7.1.5.7. Mianadóireacht agus cairéalú
7.1.5.8. Bia, deochanna agus tobac
7.1.5.9. Páipéar, laíon agus clódóireacht
7.1.5.10. Adhmad agus táirgí adhmaid
7.1.5.11. Foirgníocht
7.1.5.12. Teicstílí agus leathar
7.1.5.13. Nach sonraítear in áit eile (Tionscal)
7.1.5.14. Earnálacha eile
7.1.6 TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH — EARNÁIL AN TIONSCAIL
7.1.6.1. Iarann agus cruach
7.1.6.2. Ceimiceach agus peitriceimiceach
7.1.6.3. Miotail neamhfheiriúla
7.1.6.4. Mianraí neamh-mhiotalacha
7.1.6.5. Trealamh iompair
7.1.6.6. Innealra
7.1.6.7. Mianadóireacht agus cairéalú
7.1.6.8. Bia, deochanna agus tobac
7.1.6.9. Páipéar, laíon agus clódóireacht
7.1.6.10. Adhmad agus táirgí adhmaid
7.1.6.11. Foirgníocht
7.1.6.12. Teicstílí agus leathar
7.1.6.13. Nach sonraítear in áit eile (Tionscal)
7.1.7 TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH — EARNÁIL AN IOMPAIR
7.1.7.1. Eitlíocht intíre
7.1.7.2. Iompar de bhóthar
7.1.7.3. Iarnród
7.1.7.4. Loingseoireacht intíre
7.1.7.5. Iompar píblíne
7.1.7.6. Nach sonraítear in áit eile (Iompar)
7.1.8 TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH — EARNÁIL EILE
7.1.8.1. Seirbhísí tráchtála agus poiblí
7.1.8.2. Teaghlaigh
7.1.8.3. Talmhaíocht
7.1.8.4. Foraoiseacht
7.1.8.5. Iascaireacht
7.1.8.6. Nach sonraítear in áit eile (Eile)
7.2. Cumas táirgeachta
Ní mór toilleadh táirgthe hidrigine an 31 Nollaig den bhliain tagartha a dhearbhú agus an leibhéal céanna sonraí ann agus a bhí ann le haghaidh an táirgthe (míreanna 7.1.1.1 go 7.1.1.1.8).
7.3. Aonaid tomhais
Ní mór cainníochtaí a dhearbhú in TJ (OLC) agus toilleadh táirgthe in TJ (OLC) in aghaidh na bliana.
8. STAIDREAMH MIONSONRAITHE MAIDIR LE TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH
Ní mór na sonraí imdhealaithe seo a leanas maidir le tomhaltas fuinnimh deiridh a dhearbhú.
8.1. Liosta na gcomhiomlán
8.1.1. EARNÁIL AN TIONSCAIL
Le tuairisciú de réir na sainmhínithe a cuireadh ar fáil i Roinn 2.6.1 d’Iarscríbhinn A.
8.1.1.1. Mianadóireacht agus cairéalú
8.1.1.1.1. Mianadóireacht mianta miotail
8.1.1.1.2. Mianadóireacht agus cairéalú eile
8.1.1.1.3. Gníomhaíochtaí seirbhísí tacaíochta mianadóireachta
8.1.1.2. Bia, deochanna agus tobac
8.1.1.2.1. Monarú táirgí bia
8.1.1.2.2. Monarú deochanna
8.1.1.2.3. Monarú táirgí tobac
8.1.1.3. Teicstíl agus leathar
8.1.1.4. Adhmad agus táirgí adhmaid
8.1.1.5. Laíon, páipéar agus clódóireacht
8.1.1.5.1. Monarú páipéir agus táirgí páipéir
8.1.1.5.1.1. Monarú laín
8.1.1.5.1.2. Páipéar eile agus táirgí páipéir
8.1.1.5.2 Priontáil agus atáirgeadh meán taifeadta
8.1.1.6. Ceimiceach agus peitriceimiceach
8.1.1.6.1. Monarú ceimiceán agus táirgí ceimiceacha
8.1.1.6.2. Monarú buntáirgí cógaisíochta agus ullmhóidí cógaisíochta
8.1.1.7. Mianraí neamh-mhiotalacha
8.1.1.7.1. Monarú gloine agus táirgí gloine
8.1.1.7.2. Monarú stroighne, aoil agus plástair (lena n-áirítear Clincear)
8.1.1.7.3. Táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile
8.1.1.8. Iarann agus cruach [Monarú miotal bunúsach A]
8.1.1.9. Tionscal miotal neamhfheiriúil [Monarú miotal bunúsach B]
8.1.1.9.1. Táirgeadh alúmanaim
8.1.1.9.2. Tionscal miotal neamhfheiriúil eile
8.1.1.10. Innealra
8.1.1.10.1. Monarú táirgí miotail déanta, seachas innealra agus trealamh
8.1.1.10.2. Monarú táirgí ríomhaireachta, leictreonacha agus optúla
8.1.1.10.3. Monarú trealaimh leictreonaigh
8.1.1.10.4. Monarú innealra agus trealaimh n.e.c.
8.1.1.11. Trealamh iompair
8.1.1.12. Nach sonraítear in aon áit eile - Tionscal
8.1.1.12.1. Monarú táirgí rubair agus plaisteacha
8.1.1.12.2. Monarú troscáin
8.1.1.12.3. Monarú eile
8.1.2. AN EARNÁIL IOMPAIR
Le tuairisciú de réir na sainmhínithe a cuireadh ar fáil i Roinn 2.6.2 d’Iarscríbhinn A.
8.1.2.1. Iarnród
8.1.2.1.1. Iarnróid ardluais
8.1.2.1.2. Gnáthchóras iarnróid
8.1.2.1.2.1. Iompar paisinéirí d’iarnród
8.1.2.1.2.2. Iompar lastais d’iarnród
8.1.2.1.3. Meitreo agus tram
8.1.2.2. Iompar de bhóthar
8.1.2.2.1. Feithiclí tromshaothair lena n-iompraítear lastas
8.1.2.2.2. Iompar comhchoitinn
8.1.2.2.3. Carranna agus veaineanna
8.1.2.2.4. Iompar eile de bhóthar
8.1.3. EARNÁIL NA SEIRBHÍSÍ TRÁCHTÁLA AGUS POIBLÍ
Le tuairisciú de réir na sainmhínithe a cuireadh ar fáil i Roinn 2.6.3.1 d’Iarscríbhinn A.
8.1.3.1. Deisiú agus suiteáil innealra agus trealaimh
8.1.3.2. Soláthar uisce; séarachas, gníomhaíochtaí bainistíochta agus leasúcháin dramhaíola
8.1.3.3. Trádáil mhórdhíola agus trádáil mhiondíola; deisiú mótarfheithiclí agus gluaisrothar
8.1.3.3.1. Trádáil mhórdhíola
8.1.3.3.2. Trádáil mhiondíola
8.1.3.4 Gníomhaíochtaí ollstórála agus tacaíochta le haghaidh iompair
8.1.3.5. Gníomhaíochtaí poist agus cúiréara
8.1.3.6. Gníomhaíochtaí cóiríochta agus seirbhísí bia
8.1.3.6.1. Cóiríocht
8.1.3.6.2. Gníomhaíochtaí seirbhíse bia
8.1.3.7. Faisnéis agus cumarsáid
8.1.3.8. Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais agus gníomhaíochtaí eastáit réadaigh
8.1.3.9. Gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta
8.1.3.10. Riarachán poiblí agus cosaint; slándáil shóisialta éigeantach
8.1.3.11. Oideachas
8.1.3.12. Gníomhaíochtaí shláinte an duine agus oibre sóisialta
8.1.3.12.1. Gníomhaíochtaí ospidéil
8.1.3.13. Gníomhaíochtaí ealaíon, siamsaíochta agus áineasa
8.1.3.13.1 Gníomhaíochtaí spóirt
8.1.3.14 Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí seach-chríche
8.1.3.15. Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla agus seirbhísí eile
8.1.3.16 Lárionaid sonraí.
Is gá lárionaid sonraí le toilleadh cumhachta iomlán 1 MW nó níos mó a dhéanann aonaid tuairiscithe a stóráil (beag beann ar a gcód NACE) a dhearbhú. Is é an chéad thuairisciú éigeantach don ítim seo an bhliain tagartha 2024.
8.1.4. EARNÁIL NA DTEAGHLACH
Le tuairisciú de réir na sainmhínithe a cuireadh ar fáil i Roinn 2.6.3.2 d’Iarscríbhinn A.
8.1.4.1. Teaghlaigh: Téamh spáis
8.1.4.2. Teaghlaigh: Fuarú spáis
8.1.4.3. Teaghlaigh: Téamh uisce
8.1.4.4. Teaghlaigh: Cócaireacht
8.1.4.5. Teaghlaigh: Soilsiú agus fearais
Baineann sé seo le leictreachas amháin
8.1.4.6. Teaghlaigh: Úsáidí deiridh eile
8.2. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas a liostaítear in Iarscríbhinn A.
Sonróidh Eurostat liosta deiridh na dtáirgí fuinnimh ar cheart sonraí arna gcumhdach ag pointe 7 d’Iarscríbhinn B a thuairisciú sa teimpléad tuairiscithe, mar fho-thacar sonraí de na sonraí a liostaítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn A.
8.3. Aonaid tomhais
Ní mór cainníochtaí breoslaí iontaise soladacha a dhearbhú in kt (cilea-tonaí).
Ní mór cainníochtaí táirgí amhola agus peitriliam a dhearbhú in kt (cilea-tonaí).
Ní mór cainníochtaí gáis nádúrtha agus gás monaraithe (gás oibreacha gáis, gás soirn cóic, gás foirnéis soinneáin, gáis athshlánaithe eile) a dhearbhú de réir cion fuinnimh, in TJ OLC (teirighiúil bunaithe ar oll-luach calrach).
Ní mór leictreachas a dhearbhú in GWh (gigeavatuair).
Ní mór cainníochtaí teasa a dhearbhú in TJ (teirighiúil bunaithe ar ghlanluachanna calracha).
Ní mór cainníochtaí foinsí fuinnimh in-athnuaite agus dramhaíola a dhearbhú in TJ NCV (teirighiúil bunaithe ar ghlanluach calrach), ach amháin maidir le fioghual, bithghásailín, bitheatánól, scaird-bhithbhreosla den chineál ceirisíneach, bithdhíosal, agus bithbhreoslaí leachtacha eile, nach mór iad a dhearbhú in kt (cilea-tonaí).
Ní mór luachanna calracha le haghaidh breoslaí iontaise soladacha, táirgí amhola agus peitriliam agus foinsí fuinnimh in-athnuaite agus dramhaíola in MJ/t (meigighiúil in aghaidh an tona).
Ní mór luachanna calracha le haghaidh gás nádúrtha agus gáis monaraithe a dhearbhú in kJ/m3, ag glacadh leis go mbeidh coinníollacha gáis tagartha (15 °C, 101 325 Pa) ann.
Le haghaidh táirgí fuinnimh eile a bhfuil tuairisciú de dhíth ina leith, sainmhínítear na haonaid is infheidhme sna caibidlí ábhartha den iarscríbhinn seo.
8.4. An spriocdháta do tharchur sonraí:
Ba cheart sonraí a chur isteach faoin 31 Márta den dara bliain tar éis na bliana tuairiscithe.
8.5. Díolúintí
Tá an Chipir díolmhaithe ó thomhaltas fuinnimh deiridh imdhealaithe táirgí amhola agus peitriliam (mar a shainítear i Roinn 3.4 d’Iarscríbhinn A) a thuairisciú i gcás gach comhiomlán arna chumhdach le Roinn 8.1.4 den iarscríbhinn seo (Teaghlaigh).
9. RÉAMHSHONRAÍ BLIANTÚLA
9.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí a thuairiscítear i Ranna 1.1., 2.1., 3.1., 4.1. agus 5.1. den Iarscríbhinn seo.
9.2. Liosta na gcomhiomlán
Ní mór liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú:
I gcás breoslaí iontaise soladacha agus gáis mhonaraithe: 1.2.1.1., 1.2.1.2., 1.2.1.6., 1.2.1.7., 1.2.1.8., 1.2.1.9. mar a shainmhínítear i gCaibidil 1 den Iarscríbhinn seo.
I gcás gás nádúrtha: 2.2.1.1., 2.2.1.2., 2.2.1.3., 2.2.1.4., 2.2.1.5., 2.2.1.6., 2.2.9. mar a shainmhínítear i gCaibidil 2 den Iarscríbhinn seo.
I gcás leictreachais agus teasa: olltáirgeadh de réir an táirge le haghaidh gach táirge aonair, féinúsáid, iomlán tarchuir agus caillteanais dáilte (3.2.3. agus 3.2.4.) agus 3.2.2.3., 3.2.2.4, 3.2.2.5, 3.2.2.6., 3.2.2.7., 3.2.2.8., 3.2.2.9. faoi mar a shainmhínítear i gCaibidil 3 den iarscríbhinn seo.
I gcás táirgí ola agus peitriliam: 4.2.1.1., 4.2.1.2., 4.2.1.3., 4.2.1.4., 4.2.1.5., 4.2.1.6., 4.2.1.7., 4.2.1.8., 4.2.1.9., 4.2.1.10., 4.2.2.1., 4.2.2.2., 4.2.2.3., 4.2.2.4., 4.2.2.5., 4.2.2.6., 4.2.2.7., 4.2.2.8., 4.2.2.9., 4.2.2.10. mar a shainmhínítear i gCaibidil 4 den Iarscríbhinn seo.
I gcás fuinneamh in-athnuaite agus fuinneamh ó dhramhaíl: 5.2.2.1., 5.2.2.2., 5.2.2.3., 5.2.2.4., 5.2.10.1., 5.2.10.2., 5.2.10.3., 5.2.10.8., 5.2.10.9. mar a shainmhínítear i gCaibidil 5 den Iarscríbhinn seo.
9.3. Aonaid tomhais
Ní mór cainníochtaí a dhearbhú in aonaid a shainítear i Ranna 1.3., 2.3., 3.3., 4.3. agus 5.3. den iarscríbhinn seo.
9.4. An spriocdháta do tharchur sonraí
Ba cheart sonraí a chur isteach faoin 31 Bealtaine den bhliain tar éis na bliana tuairiscithe.
IARSCRÍBHINN C
STAIDREAMH MÍOSÚIL FUINNIMH
Tugann an iarscríbhinn seo tuairisc ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse thuairiscithe, ar an minicíocht agus ar na socruithe tarchuir i ndáil le staidreamh fuinnimh a bhailiú go míosúil.
In Iarscríbhinn A tabharfar míniú ar théarmaí nár míníodh san Iarscríbhinn seo.
Tá feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach bailiú sonraí mar a shonraítear san Iarscríbhinn seo:
Tréimhse thuairiscithe: Is é mí féilire amháin an tréimhse thuairiscithe maidir leis na sonraí dearbhaithe.
Minicíocht: Ba cheart sonraí a dhearbhú ar bhonn míosúil.
Formáid an tarchuir: Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir leis an gcaighdeán idirmhalartaithe ábhartha arna shonrú ag Eurostat.
Modh an tarchuir: Ba cheart sonraí a chur isteach chuig an bpointe iontrála aonair i gcás sonraí ag Eurostat nó ba cheart na sonraí sin a uaslódáil chuig an bpointe sin ar mhodh leictreonach.
1. BREOSLAÍ SOLADACHA
1.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú an mhéid seo a leanas:
1.1.1. Gual crua
1.1.2. Gual donn
1.1.3. Móin
1.1.4. Scealla ola agus gaineamh ola
1.1.5. Cóc oighinn cóic
1.2. Liosta na gcomhiomlán
1.2.1. Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh gual crua:
1.2.1.1. Táirgeadh
1.2.1.2. Táirgí gnóthaithe
1.2.1.3. Allmhairí
1.2.1.4. Allmhairí ó lasmuigh den Aontas
1.2.1.5. Onnmhairí
1.2.1.6. Stoic iomlána tosaigh ar chríoch náisiúnta
Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag mianaigh, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach.
1.2.1.7. Stoic iomlána deiridh ar chríoch náisiúnta
Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag mianaigh, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach.
1.2.1.8. Seachadtaí chuig táirgeoirí príomhghníomhaíochta
1.2.1.9. Seachadtaí chuig gléasraí cóic
Ní áirítear gual crua arna thomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i dtaca le hoighinn chóic, atá le tuairisciú i “Seachadtaí chuig earnáil an tionscail ina hiomláine”.
1.2.1.10. Seachadtaí chuig an tionscal iomlán
Áirítear gual crua a sheachadtar chuig earnáil an chlaochlaithe (seachas gual crua a thuairiscítear i “Seachadtaí chuig táirgeoirí príomhghníomhaíochta” agus “Seachadtaí chuig oighinn chóic”), an earnáil fuinnimh, agus tomhaltas deiridh fuinnimh guail chrua in earnáil an tionscail.
1.2.1.10.1 Seachadtaí chuig an tionscal iarainn agus cruach
Áirítear gual crua a théann isteach i bhfoirnéisí soinneáin mar a shainítear in Iarscríbhinn A, Airteagal 2.2.11, agus tomhaltas deiridh fuinnimh guail chrua san earnáil iarainn agus cruach mar a shainítear in Iarscríbhinn A, Airteagal 2.6.1.8.
Ní áirítear gual crua arna thomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i bhfoirnéisí soinneáin, atá le tuairisciú i “Seachadtaí chuig earnáil an tionscail ina hiomláine”.
1.2.1.11. Seachadtaí eile (seirbhísí, teaghlaigh, etc.).
Méid an ghuail chrua a seachadtar chuig earnálacha nach luaitear go sonrach.
1.2.2. Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh gual donn, móna agus sceall ola agus gainimh ola:
1.2.2.1. Táirgeadh
1.2.2.2. Allmhairí
1.2.2.3. Onnmhairí
1.2.2.4. Stoic iomlána tosaigh ar chríoch náisiúnta
Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag mianaigh, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach.
1.2.2.5. Stoic iomlána deiridh ar chríoch náisiúnta
Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag mianaigh, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach.
1.2.2.6. I gcás móna, is féidir athruithe ar stoic a dhearbhú in ionad stoic tosaigh agus deiridh.
1.2.2.7. Seachadtaí chuig táirgeoirí príomhghníomhaíochta
1.2.3. Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh cóc oighinn chóic:
1.2.3.1. Táirgeadh
1.2.3.2. Allmhairí
1.2.3.3. Allmhairí ó lasmuigh den Aontas
1.2.3.4. Onnmhairí
1.2.3.5. Stoic iomlána tosaigh ar chríoch náisiúnta
Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag táirgeoirí, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach.
1.2.3.6. Stoic iomlána deiridh ar chríoch náisiúnta
Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag táirgeoirí, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach.
1.2.3.7. Seachadtaí chuig an tionscal iarainn agus cruach
Áirítear cóc oighinn cóic a théann isteach i bhfoirnéisí soinneáin mar a shainítear in Iarscríbhinn A, Airteagal 2.2.11, agus tomhaltas deiridh fuinnimh guail cóic oighinn cóic san earnáil iarainn agus cruach mar a shainítear in Iarscríbhinn A, Airteagal 2.6.1.8.
Ní áirítear cóc oighinn cóic arna thomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i bhfoirnéisí soinneáin.
1.3. Aonaid tomhais
Ní mór na cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in kt (cilea-tonaí).
1.4. An spriocdháta do tharchur sonraí
Laistigh de dhá mhí féilire tar éis na míosa tuairiscithe.
2. LEICTREACHAS
2.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú leictreachais.
2.2. Liosta na gcomhiomlán
Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh leictreachais:
2.2.1. Glantáirgeadh leictreachais ó ghléasraí núicléacha
2.2.2. Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta ag baint úsáid as gual
2.2.3. Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta ag baint úsáid as ola
2.2.4. Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta ag baint úsáid as gás
2.2.5. Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta agus úsáid á baint as foinsí fuinnimh in-athnuaite indóite (amhail bithbhreoslaí soladacha, bithgháis, bithbhreoslaí leachtacha, dramhaíl chathrach in-athnuaite)
2.2.6. Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta ag baint úsáid as breoslaí indóite neamh-inathnuaite (amhail dramhaíl thionsclaíoch neamh-inathnuaite agus dramhaíl chathrach neamh-inathnuaite)
2.2.7. Glantáirgeadh leictreachais ó ghléasraí glan-hidreafhuinnimh
2.2.8. Glantáirgeadh leictreachais ó ghléasraí hidreafhuinnimh mheasctha
2.2.9. Glantáirgeadh leictreachais ó ghléasraí taisce pumpála glan-hidreafhuinnimh
2.2.10. Glantáirgeadh leictreachais ó fhearais ghaoithe cósta
2.2.11. Glantáirgeadh leictreachais ó fhearais ghaoithe amach ón gcósta
2.2.12. Glantáirgeadh leictreachais ó fhearais ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh
2.2.13. Glantáirgeadh leictreachais ó fhearais ghrianfhuinnimh theirmigh
2.2.14. Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh gheoiteirmeaigh
2.2.15. Glantáirgeadh leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite eile (amhail fuinneamh taoide, tonnfhuinneamh, fuinneamh farraige agus foinsí eile in-athnuaite neamh-indóite)
2.2.16. Glantáirgeadh leictreachais ó fhoinse nach sonraítear
2.2.17. Allmhairí
2.2.17.1. Ón Aontas
2.2.18. Onnmhairí
2.2.18.1. Chuig an Aontas
2.2.19. Leictreachas a mbaintear úsáid as le haghaidh taisce pumpála
2.3. Aonaid tomhais
Ní mór cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in GWh (gigeavatuaireanta).
2.4. An spriocdháta do tharchur sonraí
Laistigh de dhá mhí féilire tar éis na míosa tuairiscithe.
3. OLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM
3.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh a liostaítear in Iarscríbhinn A, Caibidil 3.4. OLA (táirgí amhola agus peitriliam).
Folaítear leis an aicme “Táirgí Eile” na cainníochtaí a fhreagraíonn don sainmhíniú i gCaibidil 3.4 d'Iarscríbhinn A) agus na cainníochtaí de bhiotáille bhán agus FPS, de bhealaí, de bhiotúman agus de chéireacha pairifín; níor cheart na táirgí seo a dhearbhú ar leithligh.
3.2. Liosta na gcomhiomlán
Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh na dtáirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.
3.2.1. SOLÁTHAR AMHOLA, GNL, STOIC CHOTHAITHE SCAGLAINNE, BREISEÁIN AGUS HIDREACARBÓIN EILE
Nóta le haghaidh breiseáin agus bithbhreoslaí: folaítear anseo ní hamháin méideanna atá cumaiscthe cheana, ach na cainníochtaí uile atá ceaptha lena gcumasc freisin.
Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh amhola, GNL, stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí agus hidreacarbóin eile:
3.2.1.1. Táirgeadh Dúchais (neamh-infheidhme maidir le stoic chothaithe scaglainne agus le bithbhreoslaí).
3.2.1.2. Fáltais ó fhoinsí eile (neamh-infheidhme maidir le hamhola, GNL, stoic chothaithe scaglainne)
3.2.1.3. Cúlsreabha
Táirgí críochnaithe nó leathchríochnaithe a aischuireann tomhaltóirí deiridh chuig scaglanna lena bpróiseáil, lena gcumasc nó lena ndíol. Is fotháirgí de mhonarú peitriceimiceach iad de ghnáth. Nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne.
3.2.1.4. Táirgí aistrithe
Táirgí peitriliam allmhairithe a dhéanfar a athaicmiú mar stoic chothaithe lena bpróiseáil tuilleadh sa scaglann, agus nach ndéanfar a sheachadadh chuig tomhaltóirí deiridh. Nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne.
3.2.1.5. Allmhairí
3.2.1.6. Onnmhairí
Nóta le haghaidh allmhairiú agus onnmhairiú: Folaítear cainníochtaí amhola agus táirgí arna n-allmhairiú nó arna n-onnmhairiú faoi chomhaontuithe próiseála (i.e. scagadh ar chuntas). Ba chóir amhola agus LGN a thuairisciú mar chainníochtaí a tháinig ón tír thionscnaimh faoi dheoidh; ba chóir stoic chothaithe scaglainne agus táirgí críochnaithe a thuairisciú mar stoic agus mar tháirgí a tháinig ó thír an choinsínithe deiridh. Folaítear aon leachtanna gáis (e.g. GPL) a eastósctar le linn athghásúchán a dhéanamh ar ghás nádúrtha leachtaithe allmhairithe agus táirgí peitriliam a ndéanann an earnáil pheitriceimiceach iad a allmhairiú nó a onnmhairiú go díreach.
3.2.1.7. Úsáid dhíreach
3.2.1.8. Athruithe ar stoic
Taispeántar tógáil stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dhiúltach.
3.2.1.9. Iontógáil scaglainne bhreathnaithe
Sainmhínítear é seo mar mhéid iomlán na hola (lena n-áirítear hidreacarbóin eile agus breiseáin) breathnaithe a tháinig isteach sa phróiseas scaglainne (ionchur i scaglanna).
3.2.1.10. Caillteanais scaglainne
An difríocht idir iontógáil scaglainne bhreathnaithe agus oll-aschur scaglainne. Féadfaidh caillteanais a bheith ann i rith próiseas driogtha mar gheall ar ghalú. Beidh caillteanais thuairiscithe deimhneach. Féadfaidh gnóchain thoirtmhéadracha a bheith ann ach ní fhéadfaidh gnóchain i mais a bheith ann.
3.2.2. SOLÁTHAR TÁIRGÍ CRÍOCHNAITHE
Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh Amhola, GNL, Gáis scaglainne, Eatáin, GPL, Nafta, Bithghásailín, Neamh-bhithghásailín, Gásailín eitlíochta, Scaird-bhreosla den chineál gásailíneach, Scaird-bhithbhreosla den chineál ceirisíneach, Scaird-neamh-bhithbhreosla den chineál ceirisíneach, Ceirisín eile, Bithdhíosail, Gás neamh-bhitheolaíoch/ola dhíosail, Ola bhreosla ina bhfuil leibhéal íseal sulfair, Ola bhreosla ina bhfuil ardleibhéal sulfair, Cóc peitriliam, agus Táirgí eile:
3.2.2.1. Fáltais táirgí príomhúla
3.2.2.2. Oll-aschur scaglainne (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL)
3.2.2.3. Táirgí athchúrsáilte (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL)
3.2.2.4. Breosla Scaglainne (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL)
Iarscríbhinn A Caibidil 2.3. Earnáil an fhuinnimh - Scaglanna peitriliam; Folaítear breoslaí a mbaintear úsáid astu sna scaglanna chun leictreachas agus teas arna dhíol a tháirgeadh.
3.2.2.5. Allmhairí (neamh-infheidhme maidir le hamhola, le GNL agus le gás scaglainne)
3.2.2.6. Onnmhairí (neamh-infheidhme maidir le hamhola, le GNL agus le gás scaglainne)
Tá feidhm ag an nóta a bhaineann le hallmhairí agus le honnmhairí i Roinn 3.2.1. anseo freisin.
3.2.2.7. Umair Mhuirí Idirnáisiúnta (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL)
3.2.2.8. Aistrithe idir-tháirgí
3.2.2.9. Táirgí aistrithe (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL)
3.2.2.10. Athruithe ar stoic (neamh-infheidhme maidir le hamhola, le GNL agus le gás scaglainne)
Taispeántar tógáil stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dhiúltach.
3.2.2.11. Ollseachadtaí intíre ríofa breathnaithe
Seachadadh breathnaithe táirgí peitriliam críochnaithe ó fhoinsí príomhúla (e.g. scaglanna, gléasraí cumaiscthe, etc.) chuig an margadh intíre.
3.2.2.11.1. Eitlíocht idirnáisiúnta (infheidhme maidir le Gásailín eitlíochta, Scaird-bhreosla den chineál gásailíneach, Scaird-bhithbhreosla den chineál ceirisíneach, Scaird-neamh-bhithbhreosla den chineál ceirisíneach)
3.2.2.11.2. Gléasraí cumhachta na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta
3.2.2.11.3. Bóthar (níl sé infheidhme ach amháin maidir le GPL)
3.2.2.11.4. Loingseoireacht intíre agus Iarnród (níl sé infheidhme ach amháin maidir le Bithdhíosail, Gás neamh-bhitheolaíoch/ola dhíosail)
3.2.2.12. Peitriceimiceach
3.2.2.13. Cúlsreabha chuig scaglanna (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL)
3.2.3. ALLMHAIRÍ DE RÉIR ÁIT TIONSCNAIMH — ONNMHAIRÍ DE RÉIR CEANN SCRÍBE
Ba cheart allmhairí a thuairisciú de réir tír tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tír cinn scríbe. Tá feidhm ag an nóta a bhaineann le hallmhairí agus le honnmhairí i Roinn 3.2.1. anseo freisin.
3.2.4. LEIBHÉIL STOIC
Ní mór na stoic tosaigh agus deiridh seo a leanas a dhearbhú maidir leis na táirgí fuinnimh go léir, lena n-áirítear maidir le breiseáin/ocsaigionáití ach seachas gás scaglainne:
3.2.4.1. Stoic ar chríoch náisiúnta
Stoic sna láithreacha seo a leanas: umair scaglainne, bulc-chríochfoirt, umar píblíne, báirsí agus tancaeir cósta (i gcás ina mbeidh an calafort imeachta agus cinn scríbe sa tír chéanna), tancaeir i gcalafort balltíre (i gcás ina ndéanfar a lasta a dhíluchtú ag an gcalafort), umair long intíre. Ní fholaítear stoic ola arna sealbhú i bpíblínte, i gcarranna umar iarnróid, i gcarranna umar trucaile, in umair long farraige, i stáisiúin seirbhíse, i siopaí miondíola agus in umair ar farraige.
3.2.4.2. Stoic arna sealbhú do thíortha eile faoi chomhaontuithe déthaobhacha rialtais
Stoic ar chríoch náisiúnta de chuid tír eile agus a bhfuil rochtain orthu ráthaithe ag comhaontú idir na rialtais faoi seach.
3.2.4.3. Stoic a bhfuil ceann scríbe coigríche acu
Stoic nach bhfuil ar áireamh i bpointe 3.2.4.2 maidir le críoch náisiúnta agus a bhaineann le tír eile agus a chuirfear chuig tír eile. Beidh na stoic seo laistigh nó lasmuigh de limistéir faoi bhanna.
3.2.4.4. Stoic eile arna sealbhú i limistéir faoi bhanna
Folaítear stoic nach bhfuil ar áireamh i bpointe 3.2.4.2 nó 3.2.4.3 is cuma cé acu atá nó nach bhfuil imréiteach custam faighte acu.
3.2.4.5. Stoic arna sealbhú ag mórthomhaltóirí
Folaítear stoic atá faoi réir rialú rialtais. Ní fholaíonn an sainmhíniú seo stoic thomhaltóirí eile.
3.2.4.6. Stoic arna sealbhú ar bord soithí farraige ag teacht isteach i gcalafort nó i bhfeistiú
Stoic is cuma cibé acu atá nó nach bhfuil imréiteach custam faighte acu. Ní fholaíonn an aicme seo stoic ar bord soithí ar an mórmhuir.
Folaítear ola i dtancaeir cósta i gcás ina mbeidh a gcalafort imeachta agus cinn scríbe sa tír chéanna. Maidir le soithí ag teacht isteach a mbeidh níos mó ná calafort díluchtaithe amháin acu, ná tabhair tuairisc ach ar an méid a dhéanfar a dhíluchtú sa tír thuairiscithe.
3.2.4.7. Stoic arna sealbhú ag rialtas ar chríoch náisiúnta
Folaítear stoic neamh-mhíleata arna sealbhú ag an rialtas laistigh den chríoch náisiúnta, agus a bheidh faoi úinéireacht nó á rialú agus á sealbhú ag an rialtas chun críocha éigeandála amháin.
Ní fholaítear stoic arna sealbhú ag cuideachtaí ola stáit nó fóntais leictreacha nó stoic arna sealbhú go díreach ag cuideachtaí ola thar ceann rialtas.
3.2.4.8. Stoic arna sealbhú ag eagraíocht stocshealbhaíochta ar chríoch náisiúnta
Stoic arna sealbhú ag corparáidí poiblí agus príobháideacha, ar corparáidí iad a bunaíodh chun stoic atá ann chun críoch éigeandála a chothabháil, agus chun na críche sin amháin.
Ní fholaítear stoic éigeantacha arna sealbhú ag cuideachtaí príobháideacha.
3.2.4.9. Gach stoc eile arna shealbhú ar chríoch náisiúnta
Gach stoc eile a chomhlíonann na coinníollacha a thuairiscítear i bpointe 3.2.4.1 thuas.
3.2.4.10. Stoic arna sealbhú thar lear faoi chomhaontuithe déthaobhacha
Stoic de chuid na tíre tuairiscithe ach atá á sealbhú i dtír eile, agus a bhfuil rochtain orthu ráthaithe ag comhaontú idir na rialtais faoi seach.
3.2.4.10.1. Lena n-áirítear: Stoic rialtais
3.2.4.10.2. Lena n-áirítear: Stoic eagraíochta sealbhaíochta
3.2.4.10.3. Lena n-áirítear: Stoic eile
3.2.4.11. Stoic arna sealbhú thar lear agus arna n-ainmniú mar stoic a allmhaireofar
Stoic de chuid an stáit thuairiscithe nach bhfolaítear in aicme 10 ach atá á sealbhú i stát eile agus ag fanacht le hallmhairiú ansin.
3.2.4.12. Stoic eile arna sealbhú i limistéir faoi bhanna
Stoic eile sa chríoch náisiúnta nach bhfuil ar áireamh sna haicmí thuas.
3.2.4.13. Líonadh píblíne
Ola (amhola agus táirgí peitriliam) i bpíblínte a bheidh ag teastáil chun sreabhadh sna píblínte a chothabháil.
Ina theannta sin, ní mór miondealú ar chainníochtaí de réir na tíre comhfhreagraí a dhearbhú maidir leo seo a leanas:
stoic deiridh arna sealbhú ar son tíortha eile faoi chomhaontú oifigiúil, de réir tairbhí,
stoic deiridh arna sealbhú ar son tíortha eile faoi chomhaontú oifigiúil, i seilbh mar thicéid stoic, de réir tairbhí,
stoic deiridh eile a bhfuil ceann scríbe coigríche acu, de réir tairbhí,
stoic deiridh arna sealbhú ar an gcoigríoch faoi chomhaontú oifigiúil, de réir suímh,
stoic deiridh arna sealbhú ar an gcoigríoch faoi chomhaontú oifigiúil, i seilbh mar thicéid stoic, de réir suímh,
stoic deiridh arna sealbhú ar an gcoigríoch agus atá ainmnithe go deimhnitheach mar stoic a allmhaireofar isteach i dtír an dearbhóra, de réir suímh.
Ciallaíonn “stoic tosaigh” na stoic a bheidh ann an lá deireanach den mhí díreach roimh an mí thuairiscithe. Ciallaíonn “stoic deiridh” na stoic a bheidh ann an lá deireanach den mhí thuairiscithe.
3.3. Aonaid tomhais
Ní mór na cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in kt (cilea-tonaí).
3.4. An spriocdháta do tharchur sonraí
Laistigh de 55 lá tar éis na míosa tuairiscithe.
3.5. Nótaí geografacha
Chun staidreamh a thuairisciú, agus chuige sin amháin, beidh feidhm ag soiléirithe i gCaibidil 1 d'Iarscríbhinn A ach an eisceacht seo a leanas a bheith ann: Cuimsítear leis an Eilvéis Lichtinstéin
4. GÁS NÁDÚRTHA
4.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú gáis nádúrtha.
4.2. Liosta na gcomhiomlán
Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh gás nádúrtha.
4.2.1. TÁIRGEADH DÚCHASACH
Gach táirgeadh inmhargaidh tirim laistigh de theorainneacha náisiúnta, lena n-áirítear táirgeadh amach ón gcósta. Déanfar táirgeadh a thomhas tar éis an íonúcháin agus tar éis LGN agus sulfar a eastóscadh. Ní fholaíonn sé caillteanais eastósctha nó cainníochtaí a chuirtear ar ais isteach, a scaoiltear nó a bhrúchtaítear. Folaítear cainníochtaí a mbaintear úsáid astu i dtionscal an gháis nádúrtha, in eastóscadh gáis, i gcórais phíblíne agus i ngléasraí próiseála.
4.2.2. ALLMHAIRÍ (IONTRÁLACHA)
4.2.3. ONNMHAIRÍ (IMEACHTAÍ)
Nóta le haghaidh allmhairiú agus onnmhairiú: Gach méid gáis nádúrtha a thrasnaigh teorainneacha náisiúnta na tíre go fisiceach a thuairisciú, cé acu a bheidh imréiteach custam déanta nó nach mbeidh. Folaítear leis sin cainníochtaí faoi bhealach i do thír; ba cheart méideanna idirthurais a fholú mar allmhairiú agus mar onnmhairiú. Ba cheart go gcumhdófaí allmhairí gáis nádúrtha leachtaithe a gcoibhéis inmhargaidh thirim, lena n-áirítear méideanna a mbaintear úsáid astu le haghaidh tomhaltas dílis sa phróiseas athghásaithe. Ba cheart na méideanna a mbaintear úsáid astu le haghaidh tomhaltas dílis le linn athghásaithe a thuairisciú faoi Fhéinúsáid agus caillteanais thionscal an gháis nádúrtha (féach 4.2.11). Ba cheart aon leacht gáis (e.g. GPL) a eastóscadh le linn phróiseas athghásaithe GNL arna allmhairiú a thuairisciú faoi “Fáltais ó fhoinsí eile” de “Hidreacarbóin eile” mar a shainmhínítear i gCaibidil 3 den iarscríbhinn seo (OLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM).
4.2.4. ATHRUITHE AR STOIC
Taispeántar tógáil stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dhiúltach.
4.2.5. OLLSEACHADTAÍ INTÍRE RÍOFA BREATHNAITHE
Léirítear sa chatagóir seo seachadtaí gáis inmhargaidh chuig an margadh intíre, lena n-áirítear gás a mbaintear úsáid as i dtionscal an gháis chun a threalamh a théamh agus a oibriú (i.e. tomhaltas in eastóscadh gáis, sa chóras píblíne agus i ngléasraí próiseála); ba cheart caillteanais tarchuir agus dáileacháin a fholú freisin.
4.2.6. LEIBHÉIL TOSAIGH STOC ARNA SEALBHÚ AR CHRÍOCH NÁISIÚNTA
4.2.8. LEIBHÉIL DEIRIDH STOC ARNA SEALBHÚ AR CHRÍOCH NÁISIÚNTA
4.2.9. LEIBHÉIL TOSAIGH STOC ARNA SEALBHÚ AR AN GCOIGRÍOCH
4.2.10. LEIBHÉIL DEIRIDH STOC ARNA SEALBHÚ AR AN GCOIGRÍOCH
Nóta le haghaidh leibhéil stoic: folaíonn sé sin gás nádúrtha atá á stóráil i bhfoirm ghásach agus i bhfoirm leachtach.
4.2.11. FÉINÚSÁID AGUS CAILLTEANAIS THIONSCAL AN GHÁIS NÁDÚRTHA
Cainníochtaí a mbaintear úsáid astu i dtionscal an gháis chun a threalamh a théamh agus a oibriú (i.e. tomhaltas in eastóscadh gáis, sa chóras píblíne agus i ngléasraí próiseála); folaíonn sé sin caillteanais tarchuir agus dáileacháin.
4.2.12. ALLMHAIRÍ (IONTRÁLACHA) DE RÉIR ÁIT TIONSCNAIMH AGUS ONNMHAIRÍ (IMEACHTAÍ) DE RÉIR CEANN SCRÍBE
Ba cheart allmhairí (iontrálacha) a thuairisciú de réir tír thionscnaimh, agus onnmhairí (imeachtaí) de réir tír ceann scríbe. Tá feidhm ag an nóta a bhaineann le hallmhairí agus le honnmhairí i roinn 4.2.3. anseo freisin. Níl allmhairí agus onnmhairí le dearbhú ach amháin le haghaidh na tíre comharsanaí nó na tíre a bhfuil cónasc píblíne díreach aici nó, i gcás GNL, le haghaidh na tíre ina luchtaítear an gás ar long iompair.
4.2.13. SEACHADTAÍ CHUIG GINIÚINT FUINNEAMH
4.3. Aonaid tomhais
Ní mór cainníochtaí a dhearbhú in dhá aonad:
i gcainníocht fhisiceach, i milliún m3 (milliún méadar ciúbach) agus talamh slán á dhéanamh de go mbeidh coinníollacha gáis tagartha (15 °C, 101 325 Pa) ann,
i gcion fuinnimh, in TJ (teirighiúil), bunaithe ar an oll-luach calrach.
4.4. An spriocdháta do tharchur sonraí
Laistigh de 55 lá tar éis na míosa tuairiscithe.
IARSCRÍBHINN D
STAIDREAMH MÍOSÚIL GEARRTHÉARMACH
Tugann an iarscríbhinn seo tuairisc ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse thuairiscithe, ar an minicíocht agus ar na socruithe tarchuir maidir le bailiú míosúil gearrthéarmach sonraí staidrimh.
In Iarscríbhinn A tabharfar míniú ar théarmaí nár míníodh san Iarscríbhinn seo.
Tá feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach bailiú sonraí mar a shonraítear san iarscríbhinn seo:
Tréimhse thuairiscithe: Is é mí féilire amháin an tréimhse thuairiscithe maidir leis na sonraí dearbhaithe.
Minicíocht: Ba cheart sonraí a dhearbhú ar bhonn míosúil.
Formáid an tarchuir: Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir leis an gcaighdeán idirmhalartaithe ábhartha arna shonrú ag Eurostat.
Modh an tarchuir: Ba cheart sonraí a chur isteach chuig pointe iontrála aonair le haghaidh tarchur sonraí Eurostat nó ba cheart na sonraí sin a uaslódáil chuig an bpointe sin ar mhodh leictreonach.
1. Allmhairí agus soláthar amhola
1.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú amhola.
1.2. Sainmhínithe
1.2.1. Allmhairí
Cuimsíonn allmhairí gach cainníocht amhola a thagann isteach i gcríoch custaim an Bhallstáit nó a thagann ó Bhallstát eile chun críoch eile seachas idirthuras. Ní mór amhola a mbaintear úsáid aisti le haghaidh stoc-charnadh a fholú.
Ba cheart ola a eastóscadh ó ghrinneall na farraige ar a bhfeidhmíonn Ballstát cearta eisiacha chun saothrú a dhéanamh agus a thagann isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail a eisiamh ó allmhairí.
1.2.2. Soláthar:
Cuimsíonn soláthar an amhola a allmhairítear agus an amhola a tháirgtear sa Bhallstát le linn na tréimhse tagartha. Eisiatar soláthar amhola ó stoic a carnadh roimhe seo.
1.2.3. Praghas CAL:
Folaítear le praghas CAL (costas, árachas agus lastas) an praghas SAB (saor ar bord), is é sin an praghas arna shonrasc go hiarbhír ag an gcalafort/ionad luchtaithe anuas ar chostas an iompair, an árachais agus na muirear a bhaineann le hoibríochtaí aistrithe amhola.
Beidh praghas CAL na hamhola a tháirgtear i mBallstát le ríomh saor in aisce ag an gcalafort scaoilte nó saor in aisce ag an teorainn, i.e. tráth a thiocfaidh amhola faoi dhlínse chustaim na tíre allmhairíochta.
1.2.4. Sainmheáchan API:
Is tomhas é sainmheáchan API ar cé chomh trom/éadrom agus atá amhola i gcomparáid le huisce. Tá sainmheáchan API le tuairisciú de réir na foirmle seo a leanas, maidir le sainmheáchan (SG): API = (141.5 ÷ SG) – 131.5
1.3. Liosta na gcomhiomlán
1.3.1. Ní mór liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú le haghaidh allmhairí amhola roinnte de réir cineál agus limistéar geografach táirgeachta:
sonrú na hamhola
meán-shainmheáchan API
an meánchion sulfair
an méid iomlán a allmhairíodh
praghas iomlán CAL
líon na n-eintiteas tuairiscithe.
1.3.2. Ní mór liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú le haghaidh soláthar amhola:
an méid a soláthraíodh
meánphraghas ualaithe CAL
1.4. Aonaid tomhais
bbl (bairille) le haghaidh 2.3.1.4. agus 2.3.2.1.
kt (míle tona) le haghaidh 2.3.2.1.
% (céatadán) le haghaidh 2.3.1.3.
° (céim) le haghaidh 2.3.1.2.
$ (dollar na Stát Aontaithe) in aghaidh gach bairille le haghaidh 1.3.1.5 agus 1.3.2.2.
$ (dollar na Stát Aontaithe) in aghaidh gach tona le haghaidh 1.3.2.2.
1.5. Na forálacha is infheidhme
1. Tréimhse thuairiscithe:
2. Minicíocht:
3. An spriocdháta do tharchur sonraí:
4. Formáid an tarchuir:
5. Modh an tarchuir:
( ) IO L 55, 1.3.2005, lch. 57.
( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).
( 2 ) Leachtanna gáis nádúrtha.