02021R0096 — GA — 29.01.2023 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/96 ÓN GCOIMISIÚN an 28 Eanáir 2021 lena n-údaraítear salann sóidiam 3’-siailiol-lachtóis a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 031 29.1.2021, lch. 201) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/65 ÓN gCOIMISIÚN an 6 Eanáir 2023 |
L 6 |
1 |
9.1.2023 |
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/96 ÓN GCOIMISIÚN
an 28 Eanáir 2021
lena n-údaraítear salann sóidiam 3’-siailiol-lachtóis a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Cuideachta: Glycom A/S;
Seoladh: Kogle Allé 4, DK-2970 Hørsholm, an Danmhairg,
atá údaraithe an bia núíosach dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh sin gan tagairt do na sonraí arna gcosaint de bhun Airteagal 2 nó le comhaontú ón iarratasóir tosaigh.
Airteagal 2
Na sonraí atá sa chomhad iarratais, sonraí arb iad an bonn ar a ndearna an tÚdarás salann sóidiam 3’-siailiol-lachtóis a mheas, agus ar mhaígh an t-iarratasóir go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear na sonraí sin chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú an iarratasóra.
Airteagal 3
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:
|
“Bia núíosach údaraithe |
Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid |
Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise |
Ceanglais eile |
Cosaint Sonraí |
|
|
Salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis (3’-SL) (foinse mhiocróbach) |
Catagóir bhia shonraithe |
Uasleibhéil (arna sloinneadh mar 3’-Siailiol-lachtós) |
Is é ‘salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis’ ainmniú an bhia núíosaigh ar lipéadú na n-earraí bia a bhfuil sé iontu. Ar lipéadú forbhianna ina bhfuil salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis, beidh ráiteas ina luafar na cásanna nár cheart iad a thomhailt: a) sa chás go dtomhlaítear bianna eile ina bhfuil salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis ar an lá céanna. b) sa chás gur naíonáin agus leanaí óga atá á dtomhailt |
|
Údaraithe an 18 Feabhra 2021. Is ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 atá an t-áireamh sin bunaithe. Iarratasóir: Glycom A/S, Kogle Allé 4, DK-2970 Hørsholm, an Danmhairg. Is é Glycom A/S amháin atá údaraithe chun salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíochta arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Glycom A/S. Dáta deiridh na cosanta sonraí: 18 Feabhra 2026.” |
|
Táirgí bainne paistéartha neamhbhlaistithe agus táirgí bainne steirilithe neamhbhlaistithe (lena n-áirítear UHT) |
0,25 g/L |
||||
|
Táirgí bainnebhunaithe coipthe neamhbhlaistithe |
0,25 g/L (deochanna) |
||||
|
0,5 g/kg (táirgí nach deochanna iad) |
|||||
|
Táirgí bainnebhunaithe coipthe blaistithe lena n-áirítear táirgí teaschóireáilte |
0,25 g/L (deochanna) |
||||
|
2,5 g/kg (táirgí nach deochanna iad) |
|||||
|
Deochanna (deochanna blaistithe, seachas deochanna ar lú ná 5 an pH iontu) |
0,25 g/L |
||||
|
Barraí gránaigh |
2,5 g/kg |
||||
|
Bainne foirmle do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 |
0,2 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir |
||||
|
Bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 |
0,15 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir |
||||
|
Bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 |
0,15 g/L (deochanna) sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir |
||||
|
1,25 g/kg le haghaidh táirgí nach deochanna iad |
|||||
|
Deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a bheartaítear do leanaí óga |
0,15 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir |
||||
|
Bianna ionadacha ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 |
0,5 g/L (deochanna) |
||||
|
5 g/kg (táirgí nach deochanna iad) |
|||||
|
Bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 |
I gcomhréir le riachtanais chothaitheacha shonracha na ndaoine a bhfuil na táirgí beartaithe dóibh |
||||
|
Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, seachas forbhianna do naíonán agus do leanaí óga |
0,5 g/lá |
||||
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:
|
“Bia núíosach údaraithe |
Sonraíochtaí |
|
Salann sóidiam 3’-siailiol-lachtóis (3’-SL) (foinse mhiocróbach) |
Tuairisc: Is púdar nó ceirtleán idir bán agus neasbhán é salann sóidiam 3’-siailiol-lachtóis (3’-SL) a tháirgtear trí phróiseas miocróbach agus ina bhfuil leibhéil theoranta lachtóis, 3’-siailiol-lachtúlóis, agus aigéid shialaigh Foinse: Tréithchineál géinmhodhnaithe de K-12 DH1 Escherichia coli Sainmhíniú: Foirmle cheimiceach: C23H38NO19Na Ainm ceimiceach: salann sóidiam N-aicéitil-α-D-néaraimínil-(2→3)-β-D-galachtaipioranóisil-(1→4)-D-glúcóis Mais mhóilíneach: 655,53 Da Uimh. CAS 128596-80-5 Saintréithe/Comhdhéanamh: Cuma: Púdar nó ceirtleán idir bán agus neasbhán Suim salainn sóidiam 3’-siailiol-lachtóis, D-lachtóis, agus aigéid shialaigh (% d’ábhar tirim): ≥ 90,0 % (meáchan/meáchan) Salann sóidiam 3’-siailiol-lachtóis (% d’ábhar tirim): ≥ 88,0 % (meáchan/meáchan) D-Lachtós: ≥ 5,0 % (meáchan/meáchan) Aigéad sialach: ≥ 1,5 % (meáchan/meáchan) 3’-Siailiol-lachtúlós: ≥ 5,0 % (meáchan/meáchan) Suim na gcarbaihiodráití eile: ≥ 3,0 % (meáchan/meáchan) Taisleach: ≥ 8,0 % (meáchan/meáchan) Sóidiam: 2,5 – 4,5 % (meáchan/meáchan) Clóiríd: ≥ 1,0 % (meáchan/meáchan) pH (20 °C, tuaslagán 5 %): 4,5 -6,0 Próitéin iarmharach: ≥ 0,01 % (meáchan/meáchan) Critéir mhicribhitheolaíocha: Áireamh iomlán na gcoilíneachtaí baictéar aeróbach méisifileach: ≤ 1000 CFU/g Enterobacteriaceae: ≤ 10 CFU/g Salmonella sp.: Neamhláithreacht in 25 g Giosta: ≤ 100 CFU/g Múscán: ≤ 100 CFU/g Iontocsainí iarmharacha: ≤ 10 EU/mg |
CFU: Aonaid Déanta Choilíneachta; EU: Aonaid Iontocsaine”