02009R0079 — GA — 26.07.2019 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 79/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Eanáir 2009

maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 035 4.2.2009, lch. 32)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2019/1243 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019

  L 198

241

25.7.2019




▼B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 79/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Eanáir 2009

maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear na ceanglais maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí i dtaca le tiomáint hidrigine, agus maidir le cineál-cheadú na gcomhpháirteanna hidrigine agus na gcóras hidrigine. Leis an Rialachán seo bunaítear freisin ceanglais maidir le suiteáil comhpháirteanna agus córas den sórt sin.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

1. feithiclí faoi thiomáint hidrigine de chatagóir M agus de chatagóir N, faoi mar a shainmhínítear iad i Roinn A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, lena n-áirítear cosaint ar thuairt agus sábháilteacht leictreach feithiclí den sórt sin;

2. comhpháirteanna hidrigine a cheaptar le haghaidh mótarfheithiclí de chatagóir M agus de chatagóir N, a liostaítear in Iarscríbhinn I;

3. córais hidrigine a cheaptar le haghaidh mótarfheithiclí de chatagóir M agus de chatagóir N, lena n-áirítear modhanna nua stórála nó úsáide hidrigine.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.  Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(a) ciallaíonn “feithicil faoi thiomáint hidrigine” mótarfheithicil ar bith a bhaineann úsáid as hidrigin mar bhreosla chun an fheithicil a thiomáint;

(b) ciallaíonn “córas tiomána” an t-inneall dócháin inmheánaigh nó an córas breosla-chille a úsáidtear chun an fheithicil a thiomáint;

(c) ciallaíonn “comhpháirt hidrigine” an coimeádán hidrigine agus na páirteanna eile go léir den fheithicil faoi thiomáint hidrigine a bhíonn i dteagmháil dhíreach le hidrigin nó ar cuid de chóras hidrigine iad;

(d) ciallaíonn “córas hidrigine” cóimeáil de chomhpháirteanna hidrigine agus de pháirteanna cónascacha a fheistítear ar fheithiclí faoi thiomáint hidrigine, seachas córais tiomána nó na haonaid chumhachta chúnta;

(e) ciallaíonn “Uasbhrú Incheadaithe Oibre” (UBIO) an t-uasbhrú a gceaptar comhpháirt a bheith faoina réir agus atá ina bhunús le neart na comhpháirte atá faoi bhreithniú a dheimhniú;

(f) ciallaíonn “Brú Oibre Ainmniúil” (BOA), maidir le coimeádáin, an brú socraithe ag teocht aonfhoirmeach de 288K (15 °C) i gcás coimeádáin láin, nó maidir le comhpháirteanna eile, an leibhéal brú ag a bhfeidhmíonn comhpháirt go hiondúil;

(g) ciallaíonn “umar laistigh” an chuid sin den choimeádán hidrigine a cheaptar le haghaidh úsáid hidrigine leachtaí ina bhfuil hidrigin chrióigineach.

2.  Chun críocha phointe (d) de mhír 1, áirítear, iad seo a leanas, inter alia, ar “córais hidrigine”:

(a) córais monatóireachta úsáide agus córais rialaithe;

(b) córais comhéadáin feithicle;

(c) córais róshreafa;

(d) córais cosanta róbhrú;

(e) córais braite i gcás ina gcliseann an malartóir teasa.

Airteagal 4

Oibleagáidí na monaróirí

1.  Léireoidh monaróirí go mbeidh na feithiclí nua uile faoi thiomáint hidrigine a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís laistigh den Chomhphobal agus na comhpháirteanna hidrigine nó na córais hidrigine uile a dhíolfar nó a chuirfear i seirbhís laistigh den Chomhphobail cineál-cheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme.

2.  Chun críocha chineál-cheadú na feithicle, feisteoidh na monaróirí na feithiclí faoi thiomáint hidrigine le comhpháirteanna hidrigine agus le córais lena gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme agus a shuiteálfar i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme.

3.  Chun críocha chineál-cheadú na gcomhpháirteanna agus na gcóras, áiritheoidh na monaróirí go gcomhlíonfaidh na comhpháirteanna agus na córais hidrigine na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus ina bhearta cur chun feidhme.

4.  Cuirfidh monaróirí faisnéis iomchuí faoi shonraíochtaí na feithicle agus faoi na coinníollacha tástála ar fáil do na húdaráis formheasa.

5.  Cuirfidh na monaróirí faisnéis ar fáil chun críocha iniúchadh na gcóras agus na gcomhpháirteanna hidrigine i gcaitheamh shaol seirbhíse na feithicle.

Airteagal 5

Ceanglais ghinearálta maidir le comhpháirteanna agus córais hidrigine

Áiritheoidh na monaróirí:

(a) go bhfeidhmeoidh na comhpháirteanna agus na córais hidrigine ar bhealach ceart agus sábháilte agus go seasfaidh siad go hiontaofa in aghaidh na gcoinníollacha oibriúcháin leictreacha, meicniúla, teirmeacha agus ceimiceacha gan sceitheadh agus gan dífhoirmiú infheicthe;

(b) go mbeidh na córais hidrigine cosanta in aghaidh ró-bhrúchóirithe;

(c) go mbeidh na hábhair a úsáidtear le haghaidh na gcodanna sin de na comhpháirteanna agus de na córais hidrigine a bheidh díreach i dteagmháil le hidrigin comhoiriúnach do hidrigin;

(d) go seasfaidh comhpháirteanna agus córais hidrigine go hiontaofa in aghaidh an raoin teochta agus brú a mbeifí ag súil leis ar feadh a saolré ionchasaigh;

(e) go seasfaidh comhpháirteanna agus córais hidrigine go hiontaofa in aghaidh an raoin teochta oibríochta a leagtar síos sna bearta cur chun feidhme;

(f) go marcálfar comhpháirteanna hidrigine i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme;

(g) go mbeidh treo an tsreafa curtha in iúl go soiléir ar na comhpháirteanna hidrigine a bhfuil sreabhadh treoch acu.

(h) go ndéanfar na comhpháirteanna agus na córais hidrigine ar shlí ina bhféadfar iad a shuiteáil i gcomhréir le na ceanglais Iarscríbhinn VI.

Airteagal 6

Ceanglais maidir le coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid

Déanfar tástálacha i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn II ar na coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid.

Airteagal 7

Ceanglais maidir le comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid

1.  Déanfar tástálacha i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ag féachaint dá gcineál, ar na comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid.

2.  Déanfar gléasanna faoisimh chun a áirithiú nach rachaidh an brú san umar laistigh nó in aon chomhpháirt hidrigine ar bith eile thar luach incheadaithe. Socrófar na luachanna i gcomhréir le hUasbhrú Incheadaithe Oibre (UBIO) an chórais hidrigine. Cuirfear córas sábháilteachta ar fáil le haghaidh malartóirí teasa lena gcliseadh a bhrath.

Airteagal 8

Ceanglais maidir le coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid

1.  Aicmeofar na coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn IV.

2.  Tástálfar na coimeádáin dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, ag féachaint dá gcineál.

3.  Déanfar cur síos mionsonraithe ar phríomhairíonna uile an ábhair agus ar na phríomhlamháltais uile a úsáidtear i ndearadh an choimeádáin a chur ar fáil, lena n-áirítear torthaí tástálacha a rinneadh ar an ábhar.

Airteagal 9

Ceanglais maidir le comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid

Déanfar tástálacha, ag féachaint dá gcineál, i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn V, ar chomhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid.

Airteagal 10

Ceanglais ghinearálta maidir le comhpháirteanna agus córais hidrigine a shuiteáil

Suiteálfar na comhpháirteanna agus na córais hidrigine i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VI.

Airteagal 11

Amchlár le haghaidh cur i bhfeidhm

1.  Le héifeacht ón 24 Feabhra 2011, diúltóidh na húdaráis náisiúnta:

(a) cineál-cheadú CE nó cineál-cheadú náisiúnta i leith cineálacha nua feithiclí a dheonú ar fhorais a bhaineann le tiomáint hidrigine, i gcás nach gcomhlíonfaidh an fheithicil sin ceanglais an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme; agus

(b) cineál-cheadú CE a dheonú i leith cineálacha nua comhpháirte nó córais hidrigine, i gcás nach gcomhlíonfaidh an chomhpháirt nó an córas sin ceanglais an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme.

2.  Le héifeacht ón 24 Feabhra 2012, déanfaidh na húdaráis náisiúnta an méid seo a leanas:

(a) ar fhorais a bhaineann le tiomáint hidrigine, measfaidh siad nach mbeidh na deimhnithe comhréireachta d’fheithiclí nua bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 26 de Threoir 2007/46/CE, agus cuirfidh siad toirmeasc ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís na bhfeithiclí sin, i gcás nach gcomhlíonfaidh na feithiclí sin ceanglais an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme; agus

(b) cuirfidh siad toirmeasc ar dhíol agus ar chur i seirbhís comhpháirteanna nua hidrigine nó córas nua hidrigine, i gcás nach gcomhlíonfaidh na comhpháirteanna sin nó na córais sin ceanglais an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme.

3.  Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2, agus faoi réir theacht i bhfeidhm na mbearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 12(1), má iarrann monaróir amhlaidh ní dhéanfaidh na húdaráis náisiúnta an méid seo a leanas:

(a) ar fhorais a bhaineann le tiomáint hidrigine, cineál-cheadú CE nó cineál-cheadú náisiúnta a dhiúltú le haghaidh cineálacha nua feithicle nó cineál-cheadú CE le haghaidh cineálacha nua comhpháirteanna nó córas hidrigine a dhiúltú, i gcás ina gcomhlíonfaidh na feithiclí sin, na comhpháirteanna sin nó na córais sin ceanglais an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme; nó

(b) toirmeasc a chur ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís feithiclí nua nó toirmeasc a chur ar dhíol agus ar chur i seirbhís comhpháirteanna nua nó córas nua hidrigine, i gcás ina gcomhlíonfaidh na feithiclí sin, na comhpháirteanna sin nó na córais sin ceanglais an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme.

▼M1

Airteagal 12

Cumhachtaí tarmligthe

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil lena mbunaítear:

(a) rialacha mionsonraithe le haghaidh na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinní II go V;

(b) rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na ceanglais le haghaidh suiteáil comhpháirteanna agus córas hidrigine a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;

(c) rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na ceanglais maidir le feidhmiú sábháilte agus iontaofa comhpháirteanna agus córas hidrigine a leagtar amach in Airteagal 5;

(d) sonraíochtaí le haghaidh na gceanglas a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:

(i) hidrigin íon nó meascán de hidrigin agus gás nádúrtha/bithmheatáin a úsáid;

(ii) modhanna nua stórála nó úsáide hidrigine;

(iii) cosaint na feithicle ar thuairt maidir le sláine na gcomhpháirteanna agus na gcóras hidrigine;

(iv) ceanglais sábháilteachta le haghaidh córas lánpháirtithe, lena gcumhdaítear ar a laghad an brath sceite agus na ceanglais a bhaineann le gás sciúrtha;

(v) aonrú leictreachais agus sábháilteacht leictreachais;

(e) forálacha riaracháin le haghaidh cineál-cheadú feithiclí CE i dtaca le tiomáint hidrigine, agus le haghaidh cineál-cheadú comhpháirteanna agus córas hidrigine;

(f) rialacha maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil ag monaróirí chun críocha an chineál-cheadaithe agus an iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus (5);

(g) rialacha mionsonraithe maidir le lipéadú nó le bealaí eile chun na feithiclí faoi thiomáint hidrigine dá dtagraítear i bpointe 16 d’Iarscríbhinn VI a shainaithint go soiléir agus go mear; agus

(h) bearta eile is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

▼M1

Airteagal 12a

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr ( 1 ).

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 14

Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE

Leasaítear Iarscríbhinn IV, Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir 2007/46/CE i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 15

Pionóis mar gheall ar neamh-chomhlíonadh

1.  Leagfaidh na Ballstáit síos na forálacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme i gcás ina sáróidh monaróirí forálacha an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme agus déanfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforálfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 24 Lúnasa 2010, agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.  Beidh na cineálacha sáruithe seo a leanas, ar a laghad, faoi réir pionóis:

(a) dearbhuithe bréagacha a dhéanamh le linn nós imeachta cineál-cheadaithe nó le linn nós imeachta as a dtagann aisghlaoch;

(b) torthaí tástála le haghaidh cineál-cheadú nó le haghaidh comhlíonadh in-usáide a fhalsú;

(c) sonraí nó sonraíochtaí teicniúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le haisghlaoch nó le haistarraingt cineál-cheadaithe a choinneáil siar;

(d) rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú;

(e) feistí sáraithe a úsáid.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 24 Feabhra 2011, cé is moite d’Airteagal 11(3) agus d’Airteagal 12, a mbeidh feidhm acu ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus Airteagal 11(2), a mbeidh feidhm aige ón dáta a leagtar amach sa Rialachán seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

Liosta na gcomhpháirteanna hidrigine a bheidh le cineál-cheadú

I gcás ina bhfeistítear iad le feithicil faoi thiomáint hidrigine, ní mór na comhpháirteanna hidrigine seo a leanas a chineál-cheadú:

(a) comhpháirteanna a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid:

(1) coimeádán;

(2) comhla stoptha uathoibríoch;

(3) comhla choiscthe nó comhla neamhchúlaithe (más in úsáid mar fheiste sábháilteachta atá sí);

(4) píobán solúbtha breosla (más feistithe roimh an gcéad chomhla stoptha uathoibríoch nó roimh fheistí sábháilteachta eile atá sé);

(5) malartóir teasa;

(6) comhla láimhe nó uathoibríoch;

(7) rialtóir brú;

(8) comhla faoisimh brú;

(9) braiteoirí brú, teochta agus sreafa (más in úsáid mar fheiste sábháilteachta atá siad);

(10) cónascaire nó gabhdán athbhreoslaithe;

(11) braiteoirí chun sceitheadh hidrigine a bhrath.

(b) comhpháirteanna arna gceapadh chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid agus a bhfuil brú oibre ainmniúil d’os cionn 3,0 MPa acu:

(1) coimeádán;

(2) comhla stoptha uathoibríoch;

(3) cóimeáil coimeádáin;

(4) feistis;

(5) píobán breosla solúbtha;

(6) malartóir teasa;

(7) scagaire hidrigine;

(8) comhla láimhe nó uathoibríoch;

(9) comhla neamhchúlaithe;

(10) rialtóir brú;

(11) feiste faoisimh brú;

(12) comhla faoisimh brú;

(13) cónascaire nó gabhdán athbhreoslaithe;

(14) cónascaire córais stórála inbhainte;

(15) braiteoirí brú, teochta, hidrigine agus sreafa (más in úsáid mar fheiste sábháilteachta atá siad);

(16) braiteoirí chun sceitheadh hidrigine a bhrath.




IARSCRÍBHINN II

Nósanna imeachta is infheidhme maidir le coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid



Cineál tástála

Tástáil pléasctha

Tástáil tine chnámh

Tástáil an uasleibhéil líonta

Tástáil brú

Tástáil sceite

Ní mór iad seo a leanas a áireamh ar na nósanna imeachta tástála a chuirfear i bhfeidhm le haghaidh chineál-cheadú na gcoimeádán hidrigine a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid:

(a) Tástáil pléasctha: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil nach gclisfidh ar an gcoimeádán hidrigine sula mbeidh leibhéal sonraithe ardbhrú, an brú pléasctha (an UBOI arna mhéadú faoin bhfachtóir sábháilteachta), sáraithe. Le cineál-cheadú a fháil, ní mór go mbeidh luach an bhrú phléasctha réadúil i rith na tástála níos airde ná an t-íosbhrú pléasctha a éilítear.

(b) Tástáil tine chnámh: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach bpléascann an coimeádán lena chóras cosanta dóiteáin nuair a thástáiltear é faoi na coinníollacha sonraithe dóiteáin.

(c) Tástáil an uasleibhéil líonta: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go n-oibríonn an córas a choscann rólíonadh an choimeádáin go sásúil agus nach gcuireann an leibhéal hidrigine faoi deara choíche go n-osclófaí na feistí faoisimh brú le linn an líonta.

(d) Tástáil brú: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann leibhéal sonraithe ardbhrú a sheasamh. Leis sin a chruthú, cuirfear an coimeádán faoi bhrú de mhéid áirithe ar feadh achar sonraithe. Tar éis na tástála, ní mór nach mbeidh aon chomhartha dífhoirmithe nó aon sceitheadh infheicthe le sonrú ar an gcoimeádán.

(e) Tástáil sceite: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach bhfuil comhartha sceite ar bith le sonrú ar an gcoimeádán hidrigine faoi na coinníollacha sonraithe. Leis sin a chruthú, teannfar an coimeádán go brú arb ionann é agus a bhrú oibre ainmniúil. Ní mór nach mbeidh aon chomhartha sceite a bhraithfí trí scoilteanna, trí phiocháin nó trí fhabhtanna comhchosúla eile le sonrú air.




IARSCRÍBHINN III

Nósanna imeachta tástála is infheidhme le haghaidh comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid



 

AN CINEÁL TÁSTÁLA

COMHPHÁIRT HIDRIGINE

Tástáil brú

Tástáil sceite sheachtraigh

Tástáil seasmhachta

Tástáil oibríochtúil

Tástáil ar an seasamh in aghaidh creimthe

Tástáil ar an seasamh in aghaidh teasa thirim

Tástáil aosú ózóin

Tástáil timthriall teochta

Tástáil timthriall brú

Tástáil comhoiriúnachta le hidrigin

Tástáil sceite suite

Feistí faoisimh brú

image

image

 

image

image

 

 

image

 

image

 

Comhlaí

image

image

image

 

image

image

image

image

 

image

image

Malartóirí teasa

image

image

 

 

image

image

image

image

 

image

 

Cónascairí nó gabhdáin athbhreoslaithe.

image

image

image

 

image

image

image

image

 

image

image

Rialtóirí brú

image

image

image

 

image

image

image

image

 

image

image

Braiteoirí

image

image

 

 

image

image

image

image

 

image

 

Píobáin bhreosla sholúbtha

image

image

 

 

image

image

image

image

image

image

 

Faoi réir ceanglas sonrach maidir le haon cheann de na comhpháirteanna hidrigine, ní mór go n-áireofar ar na nósanna imeachta tástála a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le cineál-cheadú comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid:

(a) Tástáil brú: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann brú a sheasamh atá níos airde ná brú oibre na comhpháirte. Ní mór nach mbeidh aon chomhartha sceite, dífhoirmiú, réabadh nó scoilteanna ann nuair a mhéadaítear an brú go dtí ráta áirithe le sonrú ar chomhpháirt hidrigine.

(b) Tástáil sceite sheachtraigh: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine saor ó aon sceitheadh seachtrach. Ní mór nach mbeidh aon chomhartha póiriúlachta le sonrú.

(c) Tástáil seasmhachta: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann oibriú go hiontaofa ar bhonn leanúnach. Is éard atá i gceist leis an tástáil go ndéanfar líon sonrach de thimthriallta tástála maidir leis an gcomhpháirt hidrigine faoi choinníollacha sonraithe teochta agus brú. Is éard is ciall le timthriall tástála gnáthoibriú na comhpháirte hidrigine (i.e. aon oscailt amháin agus aon dúnadh amháin).

(d) Tástáil oibríochtúil: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann oibriú go hiontaofa.

(e) Tástáil ar an seasamh in aghaidh creimthe: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann seasamh in aghaidh creimthe. Leis sin a chruthú, cuirfear na comhpháirteanna i dteagmháil le ceimiceáin shonraithe.

(f) Tástáil ar an seasamh in aghaidh teasa thirim: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine neamh-mhiotalacha in ann ardteocht a sheasamh. Leis sin a chruthú, nochtfar na comhpháirteanna d’aer ag an uasteocht oibriúcháin.

(g) Tástáil aosú ózóin: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine neamh-mhiotalacha in ann aosú de bharr ózóin a sheasamh. Leis sin a chruthú, nochtfar na comhpháirteanna d’aer le tiúchan ard ozóin.

(h) Tástáil teocht-timthriallta: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann mórathruithe teochta a sheasamh. Leis sin a chruthú, cuirfear na comhpháirteanna hidrigine faoi thimthriall teochta ar feadh achar sonraithe ón íosteocht oibriúcháin go dtí an uasteocht oibriúcháin.

(i) Tástáil brú-thimthriallta: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann mórathruithe brú a sheasamh. Leis sin a chruthú, nochtfar na comhpháirteanna hidrigine d’athrú brú ó bhrú an atmaisféir go dtí an tUasbhrú Oibre Incheadaithe (UBOI) agus laghdófar an brú arís go dtí brú an atmaisféir laistigh d’achar gearr ama.

(j) Tástáil comhoiriúnachta le hidrigin: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach mbeidh na comhpháirteanna hidrigine miotalacha (i.e. sorcóirí agus comhlaí) so-ghabhálach i leith brioscú hidrigine. I gcomhpháirteanna hidrigine a chuirtear faoi thimthriallta minice ualaithe, seachnófar coinníollacha as a dtiocfaidh strustuirse logánta agus tionscnamh agus scaipeadh scoilteanna strustuirse sa struchtúr.

(k) Tástáil sceite suite: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh comhpháirteanna hidrigine saor ó sceitheadh le linn dóibh a bheith suiteáilte sa chóras hidrigine.




IARSCRÍBHINN IV

Nósanna imeachta is infheidhme maidir le coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid



Cineál tástála

Infheidhme maidir le Coimeádán de Chineál

1

2

3

4

Tástáil Pléasctha

image

image

image

image

Tástáil Bhrú-Timthriallta Teochta Comhthimpeallaí

image

image

image

image

Tástáil Feidhmíochta SRB

image

image

image

image

Tástáil Tine Chnámh

image

image

image

image

Tástáil Treáite

image

image

image

image

Tástáil um Nochtadh do Cheimiceáin

 

image

image

image

Tástáil Lamháltas Fabhtanna Ilchodacha

 

image

image

image

Tástáil Réabtha Struis Luathaithe

 

image

image

image

Tástáil Bhrú-Thimthriallta Teochta Foircní

 

image

image

image

Tástáil Damáiste Tuairte

 

 

image

image

Tástáil Sceite

 

 

 

image

Tástáil Tréscaoilte

 

 

 

image

Tástáil Casmhóiminte Cabhra

 

 

 

image

Tástáil Ghás-Timthriallta Hidrigine

 

 

 

image

1.

Aicmiú coimeádán hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid:

Cineál 1

Coimeádán miotalach gan uaim

Cineál 2

Coimeádán fonsathimpeallaithe le líneáil mhiotalach gan uaim

Cineál 3

Coimeádán lánchlúdaithe le líneáil mhiotalach gan uaim nó táthaithe

Cineál 4

Coimeádán lánchlúdaithe le líneáil neamh-mhiotalach.

2.

Ní mór a áireamh ar na nósanna imeachta tástála a chuirfear i bhfeidhm maidir le cineál-cheadú coimeádán hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid:

(a) Tástáil pléasctha: is é cuspóir na tástála luach an bhrú ag a bpléascann an coimeádán a chur ar fáil. Leis sin a chruthú, cuirfear an coimeádán faoi bhrú de mhéid áirithe ar cheart dó a bheith níos mó ná brú oibre ainmniúil an choimeádáin. Ní mór go mbeidh brú pléasctha an choimeádáin níos mó ná brú sonraithe. Ní mór don mhonaróir brú pléasctha an choimeádáin a thaifeadadh agus an taifead a choimeád ar feadh shaolré seirbhíse an choimeádáin.

(b) Tástáil bhrú-thimthriallta teochta comhthimpeallaí: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann mórathruithe brú a sheasamh. Leis sin a chruthú, déanfar brú-thimthriallta ar an gcoimeádán go dtí go dtarlaíonn cliseadh nó go dtí go sroichtear líon sonraithe timthriallta tríd an mbrú a mhéadú agus a laghdú go méid sonraithe. Ní mór nach gclisfidh ar na coimeádáin go dtí go sroichfear líon sonraithe timthriallta. Ní mór líon na dtimthriallta go dtí an cliseadh, maille le suíomh an chliste agus tuairisc ar an gcliseadh, a dhoiciméadú. Ní mór don mhonaróir na torthaí a choimeád ar feadh shaolré seirbhíse an choimeádáin.

(c) Tástáil feidhmíochta sceitheadh roimh bhriseadh (SRB): is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go gcliseann ar an gcoimeádán hidrigine trí sceitheadh roimh réabadh. Leis sin a chruthú, déanfar brú-thimthriallta ar an gcoimeádán tríd an mbrú a mhéadú agus a laghdú go luach sonraithe. Ní mór nach gclisfidh ar na coimeádáin a ndéanfar tástáil orthu trí sceitheadh, sin nó ní mór nach ngabhfaidh siad thar líon sonraithe timthriallta tástála gan cliseadh. Ní mór líon na dtimthriallta go cliseadh, maille le suíomh an chliste agus tuairisc ar an gcliseadh a thaifeadadh.

(d) Tástáil tine chnámh: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach bpléascann an coimeádán lena chóras cosanta dóiteáin nuair a thástáiltear é faoi na coinníollacha sonraithe dóiteáin. Ní mór nach scaoilfidh an coimeádán, arna theannadh go brú oibre, ach tríd an fheiste faoisimh brú agus ní mór nach réabfaidh sé.

(e) Tástáil treáite: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach réabfaidh an coimeádán nuair a threáitear le piléar é. Leis sin a chruthú, teanntar an coimeádán iomlán lena bhratú cosanta agus treáitear le piléar é. Ní mór nach réabfaidh an coimeádán.

(f) Tástáil um nochtadh do cheimiceáin: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán in ann nochtadh do shubstaintí sonraithe ceimiceacha a sheasamh. Leis sin a chruthú, beidh an coimeádán nochta do thuaslagáin éagsúla cheimiceacha. Méadófar an brú sa choimeádán go luach áirithe agus déanfar tástáil pléasctha. Ní mór go sroichfidh an coimeádán brú pléasctha sonraithe agus ní mór an brú sin a thaifeadadh.

(g) Tástáil lamháltas fabhtanna ilchodacha: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann nochtadh d’ardbhrú a sheasamh. Leis sin a chruthú, gearrfar fabhtanna de chruth sonraithe i dtaobh-bhalla an choimeádáin agus cuirfear líon sonraithe brú-thimthriallta i gcrích. Ní mór nach sceithfidh nó nach réabfaidh an coimeádán laistigh de líon timthriallta, ach féadfaidh sé cliseadh trí sceitheadh le linn na dtimthriallta tástála ina dhiaidh sin. Ní mór líon na dtimthriallta go cliseadh maille le suíomh an chliste agus tuairisc ar an gcliseadh a thaifeadadh.

(h) Tástáil réabtha struis luathaithe: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann nochtadh d’ardbhrú agus d’ardteocht ag teorainn an raon oibriúcháin incheadaithe a sheasamh ar feadh tréimhse fhada ama. Leis sin a chruthú, nochtfar an coimeádán ar feadh tréimhse sonraithe do choinníollacha sonraithe brú agus teochta agus ina dhiaidh sin gabhfaidh sé faoi thástáil phléasctha dá dtagraítear faoi phointe (a). Ní mór go sroichfidh an coimeádán brú pléasctha sonraithe.

(i) Tástáil bhrú-thimthriallta teochta foircní: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann athruithe brú a sheasamh faoi choinníollacha difriúla teochta. Leis sin a chruthú, déanfar tástáil timthriallta go hidreastatach ar an gcoimeádán, a bheidh saor ó aon bhratú cosanta, trína nochtadh do choinníollacha comhthimpeallacha foircneacha agus ansin tástáil sceite agus tástáil phléasctha a dhéanamh faoi mar a dtagraítear dóibh faoi phointe (a) agus faoi phointe (k). Le linn tástáil timthriallta ar na coimeádáin ní mór nach mbeidh comhartha ar bith de réabadh, sceitheadh nó roiseadh snáithín le sonrú orthu. Ní mór nach bpléascfaidh na coimeádáin ag brú sonraithe.

(j) Tástáil damáiste tuairte: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go bhfanfaidh an coimeádán hidrigine de bheith oibríochtúil tar éis é a nochtadh do na tuairteanna sonraithe meicniúla. Leis sin a chruthú, cuirfear an coimeádán faoi thástáil titime agus déanfar líon sonraithe brú-thimthriallta. Ní mór nach sceithfidh nó nach réabfaidh an coimeádán laistigh de líon sonraithe timthriallta, ach féadfaidh sé cliseadh trí sceitheadh le linn na dtimthriallta tástála ina dhiaidh sin.

(k) Tástáil sceite: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach bhfuil comhartha sceite ar bith le sonrú ar an gcoimeádán hidrigine faoi na coinníollacha sonraithe. Leis sin a chruthú, teannfar an coimeádán go brú arb ionann é agus a bhrú oibre ainmniúil. Ní mór nach mbeidh comhartha ar bith de sceitheadh arna bhrath trí scoilteanna, trí phiocháin nó trí fhabhtanna comhchosúla eile le sonrú air.

(l) Tástáil tréscaoilte: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach dtréscaoileann an coimeádán hidrigine níos mó ná ráta sonraithe. Leis sin a chruthú, teannfar an coimeádán le gás hidrigine go brú oibre ainmniúil agus déantar faireachán air ansin i dtaca le tréscaoileadh i seoimrín iata ar feadh achar sonraithe faoi choinníollacha sonraithe teochta.

(m) Tástáil casmhóiminte cabhra: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann an chasmhóimint shonraithe a sheasamh. Leis sin a chruthú, cuirfear casmhóimint leis an gcoimeádán ó threonna éagsúla. Ansin, déanfar tástáil sceite agus tástáil pléasctha dá dtagraítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (k) thuas. Ní mór don choimeádán na ceanglais maidir leis an tástáil sceite agus leis an tástáil phléasctha a chomhlíonadh. Ní mór an chasmhóimint, an brú sceite agus an brú pléasctha a chuirfear leis a thaifeadadh.

(n) Tástáil ghás-timthriallta hidrigine: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann mórathruithe brú a sheasamh nuair a bhaintear úsáid as gás hidrigine. Leis sin a chruthú, cuirfear an coimeádán faoi roinnt brú-thimthriallta trí úsáid a bhaint as gás hidrigine agus tástáil sceite dá dtagraítear faoi phointe (k) thuas. Déanfar iniúchadh ar an meathlú, amhail scoilteadh strustuirse nó diúscairt leictreastatach an choimeádáin. Ní mór go dtiocfaidh an coimeádán leis na ceanglais maidir leis an tástáil sceite. Ní mór go mbeidh an coimeádán saor ó mheathlú ar bith, amhail scoilteadh strustuirse nó diúscairt leictreastatach.




IARSCRÍBHINN V

Nósanna imeachta is infheidhme maidir le comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid



 

AN CINEÁL TÁSTÁLA

COMHPHÁIRT HIDRIGINE

Tástálacha ábhair

Tástáil ar an seasamh in aghaidh creimthe

Tástáil seasmhachta

Tástáil bhrú-thimthriallta hiodrálaigh

Tástáil sceite inmheánaigh

Tástáil sceite sheachtraigh

Feistí faoisimh brú

image

image

image

image

image

image

Comhlaí uathoibríocha

image

image

image

image

image

image

Comhlaí láimhe

image

image

image

image

image

image

Comhlaí neamhchúlaithe

image

image

image

image

image

image

Comhlaí faoisimh brú

image

image

image

image

image

image

Malartóirí teasa

image

image

 

image

 

image

Cónascairí nó gabhdáin athbhreoslaithe

image

image

image

image

image

image

Rialtóirí brú

image

image

image

image

image

image

Braiteoirí le haghaidh córais hidrigine

image

image

image

image

 

image

Píobáin bhreosla sholúbtha

image

image

image

image

 

image

Feistí

image

image

image

image

 

image

Scagairí hidrigine

image

image

 

image

 

image

Cónascairí córais stórála inbhainte

image

image

image

image

 

image

Faoi réir ceanglas sonrach maidir le haon cheann de na comhpháirteanna hidrigine, ní mór a áireamh ar na nósanna imeachta tástála a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le cineál-cheadú comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin:

1.

Tástálacha ábhair:

1.1. Tástáil comhoiriúnachta le hidrigin mar atá leagtha amach i bpointe (j) d’Iarscríbhinn III.

1.2. Tástáil aosaithe: is é cuspóir na tástála a sheiceáil cibé an mbeidh an t-ábhar a mbaintear úsáid as i gcomhpháirt hidrigine neamh-mhiotalach in ann aosú a sheasamh. Ní cheadaítear aon scoilteadh infheicthe ar na samplaí tástála.

1.3. Tástáil comhoiriúnachta le hózón: is é cuspóir na tástála a sheiceáil cibé an mbeidh an t-ábhar leaistiméire sa chomhpháirt hidrigine comhoiriúnach le nochtadh d’ózón. Ní cheadaítear aon scoilteadh infheicthe ar na samplaí tástála.

2.

An tástáil ar sheasamh in aghaidh creimthe atá leagtha amach i bpointe (e) d’Iarscríbhinn III.

3.

An tástáil seasmhachta atá leagtha amach i bpointe (c) d’Iarscríbhinn III.

4.

An tástáil bhrú-thimthriallta hiodrálaigh atá leagtha amach i bpointe (i) d’Iarscríbhinn III. Ní mór nach mbeidh aon chomhartha infheicthe de dhífhoirmiú nó d’easbhrú le sonrú ar na comhpháirteanna hidrigine agus ní mór go gcomhlíonfaidh siad ceanglais na tástála sceite sheachtraigh agus inmheánaigh.

5.

Tástáil sceite inmheánaigh: is é cuspóir na tástála sceite inmheánaigh fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine sonraithe saor ó sceitheadh inmheánach. Leis sin a chruthú, teannfar na comhpháirteanna hidrigine faoi choinníollacha éagsúla teochta agus beifear ag faire amach do sceitheadh. Ní mór go bhfanfaidh an chomhpháirt hidrigine saor ó shúilíní agus ní mór nach mbeidh sceitheadh inmheánach ann ag ráta níos airde ná uimhir shonraithe.

6.

An tástáil sceite sheachtraigh atá leagtha amach i bpointe (b) d’Iarscríbhinn III.




IARSCRÍBHINN VI

Ceanglais ghinearálta maidir le comhpháirteanna agus córais hidrigine a shuiteáil

1.

Suiteálfar an córas hidrigine sa chaoi is go mbeidh sé cosanta ar dhamáiste.

Ní mór go mbeadh sé scoite ó fhoinsí teochta san fheithicil.

2.

Ní fhéadfar an coimeádán hidrigine a aistriú, ach amháin chun coimeádán hidrigine eile a chur in áit, chun críche athbhreoslaithe nó le haghaidh obair chothabhála.

I gcás inneall dócháin inmheánaigh, ní mór nach suiteálfar an coimeádán in urrann inneall na feithicle.

Ní mór go mbeidh a leordhóthain cosanta aige in aghaidh creimthe de chineál ar bith.

3.

Ní foláir bearta a ghlacadh chun míbhreoslú na feithicle agus sceitheadh hidrigine a chosc le linn athlíonta agus le deimhin a dhéanamh de go n-aistreofar córas stórála hidrigine inaistrithe go sábháilte.

4.

Ní mór go ndaingneofar an cónascaire nó an gabhdán athbhreoslaithe in aghaidh an mhíchoigeartaithe agus ní mór go ndéanfar é a chosaint ó shalachar agus ó uisce. Ní mór go mbeidh an cónascaire nó an gabhdán athbhreoslaithe lánpháirtithe le comhla neamhchúlaithe nó le comhla a bhfuil an fheidhm chéanna aici. Mura mbeidh an cónascaire athbhreoslaithe suite go díreach ar an gcoimeádán, ní mór go ndéanfar an píobán athbhreoslaithe a dhaingniú le comhla neamhchúlaithe nó le comhla a bhfuil an fheidhm chéanna aici, a bheidh suite go díreach ar an gcoimeádán nó a bheidh laistigh den choimeádán.

5.

Ní mór go suiteálfar agus go bhfosófar an coimeádán hidrigine sa dóigh gur féidir na luasghéaruithe sonraithe a shú gan damáiste do na comhpháirteanna a bhaineann le sábháilteacht nuair a bhíonn na coimeádáin hidrigine lán.

6.

Ní mór go ndaingneofar na píobáin soláthair breosla hidrigine le comhla stoptha uathoibríoch a bheidh suite go díreach ar an gcoimeádán nó a bheidh laistigh den choimeádán. Dúnfaidh an chomhla má éilíonn mífheidhmiú an chórais hidrigine go ndúnfaidh sí nó má tharlaíonn aon rud eile a mbeidh sceitheadh hidrigine de thoradh air. Nuair a chasfar an córas tiomána as, ní mór go gcasfar an soláthar breosla ón gcoimeádán go dtí an córas tiomána as agus ní mór go bhfanfaidh sé dúnta go dtí go gcaithfear an córas a oibriú arís.

7.

I gcás tionóiscí, cuirfidh an chomhla stoptha uathoibríoch a bheidh suite go díreach ar an gcoimeádán, nó a bheidh laistigh den choimeádán, bac ar an sreabhadh gáis ón gcoimeádán.

8.

Ní ghobfaidh aon chomhpháirt hidrigine, lena n-áirítear aon ábhar cosanta ar cuid de chomhpháirteanna den sórt sin é, amach thar imeall na feithicle nó thar an struchtúr cosanta. Ní bheidh feidhm aige sin má bhíonn comhpháirt hidrigine cosanta go leordhóthanach agus mura mbíonn aon chuid den chomhpháirt hidrigine suite lasmuigh den struchtúr cosanta sin.

9.

Ní mór go suiteálfar an córas hidrigine sa chaoi is go mbeidh sé cosanta ó dhamáiste, amhail damáiste de bharr comhpháirteanna feithicle faoi ghluaiseacht, tuairteanna, griothal nó de bharr luchtú nó folmhú na feithicle nó luchtanna a aistriú, a oiread agus is praiticiúil go réasúnta.

10.

Ní mór nach suiteálfar aon chomhpháirt hidrigine in aice le píobán sceite innill dócháin inmheánaigh nó in aice le haon fhoinse eile teasa, mura mbeidh comhpháirt den sórt sin go leordhóthanach á cosaint ar theas.

11.

Ní mór go gceapfar an córas aerála nó teasa don urrann phaisinéara agus d’áiteanna inar féidir le sceitheadh nó bailiú hidrigine tarlú sa chaoi is nach mbeidh hidrigin á tarraingt isteach san fheithicil.

12.

I gcás tionóisce, ní mór a áirithiú a mhéid is féidir ar bhonn réasúnta go mbeidh an fheiste faoisimh brú agus an córas scaoilte a bhaineann leis in ann feidhmiú. Ní mór go mbeidh córas scaoilte na feiste faoisimh brú cosanta leordhóthanach i gcoinne salachair agus uisce.

13.

Ní mór go mbeidh urrann phaisinéara na feithicle scartha ón gcóras hidrigine le go seachnófar bailiú hidrigine san urrann sin. Ní mór go gcinnteofar nach n-éalóidh aon bhreosla a sceitheann ón gcoimeádán nó óna chuid chomhghabhálas go dtí urrann phaisinéara na feithicle.

14.

Ní mór go mbeidh comhpháirteanna hidrigine a d’fhéadfadh hidrigin a sceitheadh laistigh den urrann phaisinéara nó d’urrann an bhagáiste nó laistigh d’aon urrann neamhaeraithe eile imfhálaithe le feireadh gás-obach nó lena choibhéis ó thaobh éifeachta mar atá sonraithe sna bearta cur chun feidhme.

15.

Ní mór go n-insleofar feistí faoi oibriú leictreach ina bhfuil hidrigin sa dóigh nach mbeidh aon sruth ag dul trí na codanna ina bhfuil hidrigin d’fhonn cosc a chur ar spréacha leictreacha i gcás briste.

Ní mór go mbeidh nasc leanúnach leictreach ag comhpháirteanna miotalacha an chórais hidrigine le talmhú na feithicle.

16.

Ní mór go ndéanfar lipéid nó modhanna aitheanta eile a úsáid lena chur in iúl do sheirbhísí tarrthála gur le cumhacht hidrigine a thiomáintear an fheithicil agus go n-úsáidtear hidrigin leachtach nó chomhbhrúite (gásach).




IARSCRÍBHINN VII

Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE

Leasaítear Treoir 2007/46/CE leis seo mar a leanas:

1.

I gCuid I d’Iarscríbhinn IV, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:



Ítim

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

Tagairt don Iris Oifigiúil

Infheidhmeacht

M1

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

“62.

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

L 35, 4.2.2009, lch. 32

X

X

X

X

X

X”

 

 

 

 

2.

San Aguisín a ghabhann le Cuid I d’Iarscríbhinn IV, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:



 

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

An tagairt don Iris Oifigiúil

M1

“62

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

L 35, 4.2.2009, lch. 32

X”

3.

San Aguisín a ghabhann le hIarscríbhinn VI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:



 

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin (1)

Arna leasú le

Infheidhme maidir le leaganacha

“62.

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009”

 

 

4.

In Aguisín 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:



Ítim

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

M1 ≤ 2 500 (1) kg

M1 > 2 500 (1) kg

M2

M3

“62

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

Q

G + Q

G + Q

G + Q”

5.

In Aguisín 2 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:



Ítim

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

M1

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

“62

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

A

A

A

A

A

A”

 

 

 

 

6.

In Aguisín 3 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:



Ítim

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

M1

“62

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

X”

7.

In Aguisín 4 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:



Ítim

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

“62

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

Q

Q

Q

Q

Q”

 

 

 

 

8.

In Aguisín 5 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:



Ítim

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

Crann tógála soghluaiste de chatagóir N3

“62

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

X”



( 1 ) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.