02020R1998 — GA — 19.04.2024 — 015.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2020/1998 ÓN gCOMHAIRLE an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410I 7.12.2020, lch. 1) |
Arna leasú le:
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2020/1998 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Nollaig 2020
maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
Airteagal 1
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “éileamh” aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlíthiúla nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó dá éis, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus go háirithe:
éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;
éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;
éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;
frithéileamh;
éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar iad, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí bhíthin an nós imeachta exequatur;
ciallaíonn “conradh nó idirbheart” aon idirbheart gan beann ar an bhfoirm agus gan beann ar an dlí is infheidhme, bíodh sé comhdhéanta de chonradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó idir páirtithe éagsúla; chun na críche sin áirítear le “conradh” banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ábhartha a eascraíonn as an idirbheart nó a mbeadh baint aici leis an idirbheart;
le “húdaráis inniúla” tagraítear d’údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II;
ciallaíonn “acmhainní eacnamaíocha” sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;
ciallaíonn “reo acmhainní eacnamaíocha” cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;
ciallaíonn “reo cistí” cosc a chur le haon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, nó láimhseáil cistí nó le haon rochtain ar chistí ar aon bhealach a bheadh faoi deara aon athrú ar a dtoirt, a méid, a suíomh, a n-úinéireacht, a seilbh, a dtréith, a gceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, lena n-áirítear bainistiú punainne;
ciallaíonn “cistí” sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta don mhéid seo a leanas:
airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;
taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;
urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;
ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn uathu nó arna nginiúint astu;
creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;
litreacha creidmheasa, billí luchta, billí díola;
doiciméid atá ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;
ciallaíonn “críoch an Aontais” críocha na mBallstát a bhfuil an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) infheidhme maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa CAE, lena n-áirítear a n-aerspás.
Airteagal 2
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le:
cinedhíothú;
coireanna in aghaidh an chine dhaonna;
Na sáruithe nó na mí-úsáidí tromchúiseacha seo a leanas:
céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach,
sclábhaíocht,
básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha,
daoine a fhuadaítear,
gabháil agus coinneáil threallach,
sáruithe nó mí-úsáidí eile chearta an duine, lena n-áirítear iad seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh, a mhéid a bhíonn na sáruithe nó na mí-úsáidí sin forleathan, córasach nó ina gcúis imní thromchúiseach ar bhealach eile maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE:
gáinneáil ar dhaoine, chomh maith le sáruithe chearta an duine a dhéanann smuigléirí imirceach dá dtagraítear san Airteagal seo,
foréigean gnéis agus inscnebhunaithe,
sáruithe nó mí-úsáidí saoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais,
sáruithe nó mí-úsáidí saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh,
sáruithe nó mí-úsáidí saoirse reiligiúin nó creidimh.
Chun críocha mhír 1 a chur i bhfeidhm, ba cheart aird a thabhairt ar dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus ar ionstraimí dlí idirnáisiúnta a bhfuil glacadh leo go forleathan, amhail:
an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;
an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;
an Coinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú,
an Coinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach;
an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú;
an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú;
an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh;
an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir leis an Uile Dhuine a Chosaint ón bhFuadach;
an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas;
Prótacal chun Gáinneáil ar Dhaoine, go háirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi chois agus Pionós a ghearradh ina leith, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta;
Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;
an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.
Chun críocha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh na páirtithe seo a leanas a áireamh mar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí:
Gníomhaithe stáit;
gníomhaithe eile a bhfuil rialú nó údarás éifeachtach á fheidhmiú ar chríoch acu;
gníomhaithe neamhstáit eile faoi réir Airteagal 1(4) de Chinneadh (CFSP) 2020/1999.
Airteagal 3
Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh in Iarscríbhinn I, faoi mar a shainaithníonn an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1999:
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, atá freagrach as gníomhartha a leagtar amach in Airteagal 2(1);
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais, theicniúil, nó ábhartha nó a bhfuil baint acu ar bhealach eile leis na gníomhartha a dtugtar tuairisc a leagtar amach in Airteagal 2(1), lena n-áirítear trí na gníomhartha sin a phleanáil, a threorú, a ullmhú, a éascú, a spreagadh nó cúnamh a thabhairt ina leith;
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a bhaineann leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a chumhdaítear le pointí (a) agus (b);
Airteagal 4
De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:
go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;
go bhfuil siad ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;
go bhfuil siad ceaptha chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;
gur riachtanach iad i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar ar cheart údarú sonrach a dheonú, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó
go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.
Airteagal 5
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad is gá chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;
eagraíochtaí idirnáisiúnta;
eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;
eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí dár dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;
gníomhaireachtaí speisialaithe na mBallstát; nó
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid a ghníomhaíonn siad sna cáileanna sin.
Airteagal 6
De mhaolú ar Airteagal 3(1), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 3 a liostú in Iarscríbhinn I, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;
ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;
ní chun leas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I é an cinneadh; agus
níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.
Airteagal 7
De mhaolú ar Airteagal 3(1), agus ar choinníoll gurb íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn I, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:
go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I; agus
nach sárú ar Airteagal 3(2) í an íocaíocht sin.
Airteagal 8
Ní bheidh Airteagal 3(2) infheidhme maidir le breiseanna mar a leanas a chuirtear le cuntais reoite:
ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;
íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 3 a áireamh in Iarscríbhinn I; nó
íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh sa Bhallstát nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,
ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) fós atá aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile.
Airteagal 9
Gan dochar do na rialacha infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:
soláthróidh siad láithreach aon fhaisnéis a d’éascódh comhlíonadh an Rialacháin seo, amhail faisnéis faoi chuntais agus méideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 3(1), d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad ina gcónaí nó lonnaithe, agus an fhaisnéis sin a tharchur, go díreach nó trí bhíthin an Bhallstáit, chuig an gCoimisiún; agus
rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun an faisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú.
Airteagal 10
Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 3.
Airteagal 11
Airteagal 12
Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna nó ar ráthaíocht nó ar shlánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann amháin de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).
Airteagal 13
Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:
cistí arna reo faoi Airteagal 3 agus údaruithe arna ndeonú faoi Airteagail 4, 5, 6 agus 7;
sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais arna dtabhairt ag cúirteanna náisiúnta.
Airteagal 14
Airteagal 15
Airteagal 16
Airteagal 17
Déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích. Airítear ar na cúraimí sin:
maidir leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú agus a dhéanamh;
maidir leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú;
maidir leis an gCoimisiún:
inneachar Iarscríbhinn I a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;
próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo amhail fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.
Airteagal 18
Airteagal 19
Beidh feidhm ag an Rialachán seo:
laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear a aerspás;
ar bord aon aerárthaigh nó soithigh faoi dhlínse Bhallstáit;
maidir le haon duine nádúrtha, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, ar náisiúnach Ballstáit é;
maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;
maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.
Airteagal 20
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Liosta de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3
Daoine nádúrtha
|
►M2 Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine) ◄ |
►M2 Ainmneacha (litriú Rúisise) ◄ |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
1. |
Aлександр Петрович КАЛАШНИКОВ (Litriú Rúisise) |
Post/Poist: Iar-stiúrthóir ar Russian Federal Penitentiary Service (FSIN) Dáta breithe: 27.1.1964 Áit bhreithe: Tatarsk, Novosibirsk Region/Oblast, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois) |
Bhí Alexander Petrovich Kalashnikov ina stiúrthóir ar Russian Federal Penitentiary Service (FSIN) ón 8 Deireadh Fómhair 2019 go dtí an 25 Samhain 2021. Sa cháil sin, rinne sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile FSIN. Ina cháil mar stiúrthóir ar FSIN, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha. |
2.3.2021 |
|
|
|
|
Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
I gcás Alexei Navalny, agus an Navalny ag teacht chuige féin sa Ghearmáin (Meán Fómhair 2020-Eanáir 2021) tar éis gur nimhíodh é le néar-oibreán tocsaineach de ghrúpa Novichok, d'éiligh FSIN, an 28 Nollaig 2020, go gcuirfeadh sé é féin i láthair oifigeach promhaidh láithreach nó go mbeadh pianbhreith príosúnachta os a chomhair amach mar gheall ar phianbhreith ar fionraí mar gheall ar chiontú i gcalaois a shárú. In 2018, bhí an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine tar éis a chinneadh go raibh an ciontú sin treallach agus éagórach. An 17 Eanáir 2021, agus iad ag gníomhú ar ordú Alexander Kalashnikov, chuir oifigigh de chuid FSIN Alexei Navalny faoi choinneáil ar theacht isteach in aerfort Mhoscó dó. |
|
|
|
|
|
Tá gabháil Alexei Navalny bunaithe ar chinneadh ó chúirt chathair Khimki, ar cinneadh é a eisíodh ar a uain ar iarraidh ó FSIN. Déanach i mí na Nollag 2020, bhí FSIN tar éis a iarraidh cheana féin go gcuirfeadh cúirt téarma príosúnachta in ionad phianbhreith ar fionraí Alexei Navalny. An 17 Feabhra 2021, d'ordaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine do Rialtas na Rúise Alexei Navalny a scaoileadh saor. |
|
2. |
Алексaндр Ивaнович БАСТРЫКИН |
Post/poist: Cathaoirleach ar Choiste Fiosrúcháin Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 27.8.1953 Áit bhreithe: Pskov, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Alexander Ivanovich Bastrykin ina chathaoirleach ar Choiste Fiosrúcháin Chónaidhm na Rúise (“an Coiste”) ó mhí Eanáir 2011 i leith (agus bhí sé ina chathaoirleach gníomhach ó mhí Dheireadh Fómhair go mí na Nollag 2010). Sa cháil sin, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile an Choiste. Go hoifigiúil, is é Uachtarán na Rúise a dhéanann cathaoirleacht ar an gCoiste. Ina cháil mar chathaoirleach an Choiste, tá Alexander Bastrykin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha. Tá Alexander Bastrykin freagrach as feachtais diansmachta fhorleathana chórasacha an Choiste in aghaidh fhreasúra na Rúise, feachtais atá dírithe ar chomhaltaí an fhreasúra agus a dhéanann imscrúdú ina leith. An 29 Nollaig 2020, sheol an Coiste imscrúdú maidir le ceannaire an fhreasúra Alexei Navalny, agus cúisíodh é as calaois fhorleathan. D’fhoilsigh Alexei Navalny agus daoine eile ailt maidir le húinéireacht Alexander Bastrykin ar ghnólacht réadmhaoine Seiceach LAW Bohemia sna 2000í. In 2022, tá an Coiste Fiosrúcháin, a bhfuil Alexander Bastrykin fós ina chathaoirleach air, tar éis 92 shaighdiúir de chuid na hÚcráine a chúiseamh as coireanna in aghaidh an chine dhaonna le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. |
2.3.2021 |
|
3. |
Игорь Викторович КРАСНОВ |
Post (Poist): Príomh-Ionchúisitheoir Russian Federation (Cónaidhm na Rúise) Dáta breithe: 24.12.1975 Áit bhreithe: Arkhangelsk, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Igor Viktorovich Krasnov ina Phríomh-Ionchúisitheoir Chónaidhm na Rúise ón 22 Eanáir 2020 leith agus is é iar Leas-Chathaoirleach the Investigative Committee of the Russian Federation. Ina cháil mar an Príomh-Ionchúisitheoir, déanann sé formhaoirseacht ar Oifigí an Ionchúisitheora i gCónaidhm na Rúise, ar Oifigí an Ionchúisitheora Speisialta agus ar Oifig an Ionchúisitheora Mhíleata. Ina cháil mar an Príomh-Ionchúisitheoir, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear coinneál acha treallacha agóideoirí, agus as cos ar bolg forleathan córasach na saoirse comhthionóil síochánta agus comhlachais, agus na saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh. Roimh na hagóidí an 23 Eanáir 2021, thug Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora rabhadh go leagfaí freagracht ar na rannpháirtithe. Ina theannta sin, d'éiligh Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora go gcuirfeadh Federal Service for Supervision in the Sphere of Communications, Information Technology and Mass Communications (Roskomnadzor) srian ar rochtain ar shuíomhanna gréasáin an fhreasúra agus ar chuntais ar líonraí sóisialta a raibh faisnéis maidir le cruinnithe beartaithe lucht tacaíochta Alexei Navalny orthu. An 29 Eanáir 2021, d'éiligh Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora an athuair go gcuirfeadh Roskomnadzor srian ar rochtain ar shuíomhanna gréasáin agus cuntais líonraí sóisialta an fhreasúra, roimh agóidí ar son Navalny an 30 agus an 31 Eanáir 2021 an uair seo. Seoladh rabhaidh chuig comhlachtaí idirlín (Facebook, TikTok, Twitter, Google, Mail.ru Group). Ina theannta sin, d'fhógair Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora go ndéanfaí iad siúd a ghlacfadh páirt sna hagóidí a ionchúiseamh. Thacaigh Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta le hiarraidh FSIN chun pianbhreith fionraithe Alexei Navalny i gcás calaoise líomhnaithe a choigeartú ina pianbreith príosúnachta. In ainneoin an fhíric go raibh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine tar éis a chinneadh in 2018 go raibh sé treallach agus éagórach gur ciontaíodh é sa chás sin, Gabhadh Alexei Navalny ar theacht chuig aerfort Moscó dó an 17 Eanáir 2021. |
2 Márta 2021 |
|
4. |
Виктор Васильевич ЗОЛОТОВ |
Post/Poist: Stiúrthóir ar Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia) Dáta breithe: 27.1.1954 Áit bhreithe: Sasovo, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Viktor Vasilievich Zolotov ina Stiúrthóir ar Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia) ón 5 Aibreán 2016 i leith agus, dá bhrí sin, ina Ardcheannasaí ar National Guard Troops of the Russian Federation, agus ina Cheannasaí ar OMON, aonad soghluaiste sainchuspóireach arna chomhtháthú in Rosgvardia. Sa cháil seo, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile thrúpaí Rosgvardia agus OMON. Ina cháil mar stiúrthóir Rosgvardia, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha, agus sáruithe forleathana córasacha ar shaoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais, go háirithe trí chur faoi chois foréigneach agóidí agus léirsithe. |
2.3.2021 |
|
|
|
|
|
Fostaíodh Rosgvardia chun deireadh a chur leis na léirsithe ar son Navalny a reáchtáladh an 23 Eanáir agus an 21 Aibreán 2021, agus tuairiscíodh gur úsáid roinnt mhaith oifigigh de chuid OMON agus an Gharda Náisiúnta brúidiúlacht agus foréigean in aghaidh na n-agóideoirí. D’ionsaigh na fórsaí slándála na scórtha iriseoirí, lena n-áirítear comhfhreagraí Meduza, Kristina Safronova, ar bhuail oifigeach OMON í agus iriseoir ó Novaya Gazeta, Yelizaveta Kirpanova, a bhí ag cur fola i ndiaidh buille a fháil sa cheann le smachtín. Le linn na léirsithe an 23 Eanáir 2021, chuir na fórsaí slándála níos mó ná 300 mionaoiseach faoi choinneáil go treallach. |
|
5. |
ZHU Hailun |
朱海仑 (Litriú Síneach) |
Post/Poist: Comhalta den 13th National People’s Congress of the People’s Republic of China (ina suí ó 2018 go 2023) agus ionadaíocht á déanamh aige ar Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR); Ball den National People’s Congress Supervisory and Judicial Affairs Committee (ón 19 Márta 2018 i leith) |
IarRúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR) agus iarLeas-Rúnaí an Party Committee of the XUAR (2016 go 2019). IarLeas-Cheann ar Standing Committee of the13th People’s Congress of the XUAR, comhlacht reachtach réigiúnach (2019 go dtí an 5 Feabhra 2021, ach gníomhach i gcónaí go dtí Márta 2021, ar a laghad). Comhalta den 13th National People’s Congress of the People’s Republic of China (ar seisiún ó 2018 go 2023) agus ionadaíocht á déanamh aige ar XUAR. Comhalta den National People’s Congress Supervisory and Judicial Affairs Committee ón 19 Márta 2018 i leith. |
22.3.2021 |
|
|
|
Dáta breithe: Eanáir 1958 Áit bhreithe: Lianshui, Jiangsu (China) Náisiúntacht: Síneach Inscne: fireann |
Ina cháil mar Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR (2016 go 2019), is é Zhu Hailun a bhí freagrach as an tslándáil inmheánach agus forfheidhmiú an dlí in XUAR. Mar sin, bhí príomhról polaitiúil aige agus maoirseacht ar chlár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar mórscála, agus cur chun feidhme an chláir sin, faoina chúram aige ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Tá trácht déanta ar Zhu Hailun mar “ailtire” an chláir sin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneálacha treallacha ar mórscála a rinneadh ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Mar Leas-Cheann an Standing Committee of the 13th People’s Congress of the XUAR (2019 go dtí an 5 Feabhra 2021), lean Zhu Hailun de thionchar cinntitheach a imirt in XUAR mar a bhfuil an clár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar mórscála ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile ag dul ar aghaidh. |
|
6. |
WANG Junzheng |
王君正 (Litriú Sínise) |
Post/poist: Comhalta de 20ú Páirtí Cumannach na Síne (CCP) an Coiste Lárnach (mí na Nollag 2022 - mí na Nollag 2026); Leas-Uachtarán ar an 14ú Daon-Chomhdháil Náisiúnta (NPC, mí Feabhra 2023 - mí Feabhra 2027); Rúnaí Páirtí Pháirtí Cumannach na Síne (CCP) i Réigiún Féinrialaitheach na Tibéide (TAR); iar-Rúnaí Páirtí an Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC), agus Leas-Rúnaí Choiste Pháirtí Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang na Síne; Coimeasár polaitiúil XPCC agus POF an China Xinjian Group Dáta breithe: Bealtaine 1963 Áit bhreithe: Linyi, Shandong (an tSín) Náisiúntacht: Síneach Inscne: fireann |
Rúnaí Páirtí Pháirtí Cumannach na Síne (CCP) i Réigiún Féinrialaitheach na Tibéide (TAR) ó mhí Dheireadh Fómhair 2021. Comhalta de Choiste Lárnach (mí na Nollag 2022 — mí na Nollag 2026) 20ú Pháirtí Cumannach na Síne (CCP). Leas-Uachtarán ar an 14ú Daon-Chomhdháil Náisiúnta (NPC, mí Feabhra 2023 - mí Feabhra 2027). Iar-Rúnaí Páirtí ar Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) agus Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí de Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiangr (XUAR) na Síne ó mhí Aibreáin 2020 go mí Dheireadh Fómhair 2021, agus coimeasár polaitiúil XPCC ó mhí na Bealtaine 2020 go mí Dheireadh Fómhair 2021. Iar-Rúnaí ar Choiste um Ghnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla XUAR, ó mhí Feabhra 2019 go dtí mí Mheán Fómhair 2020. Bhí poist shinsireacha eile ag Wang Junzheng in XPCC. Is eagraíocht eacnamaíoch pharamíleateach faoi úinéireacht an stáit in XUAR é XPCC, a bhfuil an t-údarás riaracháin á fheidhmiú aige agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha á rialú aige in Xinjiang. Ina cháil mar Rúnaí Páirtí agus coimeasár polaitiúil ar XPCC, bhí páirt ag Wang Junzheng sna beartais go léir a chuir XPCC chun feidhme a mhaoirsiú. Sa phost sin, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus táiríde ar Uigiúraigh agus ar dhaoine de chuid mionlach eitneach Moslamach eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh, mar chuid, inter alia, den chur chun feidhme a rinne an XPCC ar chlár mórscála faireachais, coinneála agus síolteagaisc a bhí spriocdhírithe ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Bhí sé freagrach freisin as an úsáid chórasach a bhaineann XPCC as Uigiúraigh agus daoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile mar lucht saothair éignithe, go háirithe i ngoirt chadáis. Ina cháil mar Leas-Rúnaí ar Choiste Páirtí XUAR, bhí páirt ag Wang Junzheng i maoirsiú na mbeartas slándála atá á gcur chun feidhme in Xinjiang, lena n-áirítear an clár réamhluaite lena spriocdhírítear ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Ina cháil mar Rúnaí ar Choiste um Ghnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla XUAR ó mhí Feabhra 2019 go dtí mí Mheán Fómhair 2020, bhí Wang Junzheng freagrach as an tslándáil inmheánach a choimeád agus forfheidhmiú an dlí in XUAR. Mar sin, bhí príomhphost polaitiúil aige i gceannas ar mhaoirsiú agus ar chur chun feidhme an chláir réamhluaite. |
22.3.2021 |
7. |
WANG Mingshan |
王明山 (Litriú Sínise) |
Post/poist: Leas-Uachtarán ar an 14ú Daon-Chomhdháil Náisiúnta (NPC, mí Feabhra 2023 - mí Feabhra 2027); Comhalta de Bhuanchoiste Choiste Páirtí Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang (XUAR); Rúnaí ar Choiste um Ghnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla XUAR Dáta breithe: Eanáir 1964 Áit bhreithe: Wuwei, Gansu (An tSín) Náisiúntacht: Síneach Inscne: fireann |
Comhalta de Bhuanchoiste Choiste Páirtí Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang (XUAR) agus Rúnaí ar Choiste um Ghnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla XUAR ó mhí Mheán Fómhair 2020. Leas-Uachtarán ar an 14ú Daon-Chomhdháil Náisiúnta (NPC, mí Feabhra 2023 go mí Feabhra 2027). Iar-Stiúrthóir agus Leas-Rúnaí an Pháirtí ar Bhiúró Slándála Poiblí Xinjiang (XPSB) idir 2017 agus mí Eanáir 2021. Ina cháil mar Rúnaí ar Choiste um Ghnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla XUAR ó mhí Mheán Fómhair 2020, is é Wang Mingshan atá freagrach as an slándáil inmheánach agus forfheidhmiú an dlí a chothabháil in XUAR. Mar sin, tá príomhról polaitiúil aige agus maoirseacht ar chlár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar an mórscála faoina chúram aige ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Ina cháil mar Iar-Stiúrthóir agus Leas-Rúnaí an Pháirtí ar XPSB (2017 go Eanáir 2021), bhí príomhról aige i bhfearas slándála Xinjiang agus bhí sé freagrach go díreach as an gclár thuasluaite a chur chun feidhme. Go háirithe, rinne XPSB ardán do “Oibríochtaí Comhpháirteacha Comhtháite” (IJOP) a imscaradh, clár mórshonraí a úsáidtear chun na milliúin Uigiúrach a lorg agus aird a tharraingt orthu siúd a mheastar “baol bagartha” a bheith ag baint leo lena gcur go campa coinneála. Mar gheall ar an bpost atá aige faoi láthair agus na feidhmeanna a bhí aige roimhe sin, tá Wang Mingshan freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus íde tháireach ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh. |
22.3.2021 |
8. |
CHEN Mingguo |
陈明国 (Litriú Síneach) |
Post/Poist: Stiúrthóir ar Xinjiang Public Security Bureau (XPSB) agus Leaschathaoirleach ar Xinjiang Uygur Autonomous Region (XUAR) People’s Government Dáta breithe: Deireadh Fómhair 1966 Áit bhreithe: Yilong, Sichuan (China) Náisiúntacht: Síneach Inscne: fireann |
Stiúrthóir ar Xinjiang Public Security Bureau (XPSB) ó mhí Eanáir 2021 agus Leaschathaoirleach ar Xinjiang Uygur Autonomous Region (XUAR) People’s Government. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Ina cháil mar Stiúrthóir ar XPSB, tá príomhról ag Chen Mingguo i bhfearas slándála Xinjiang agus baint dhíreach aige le cur chun feidhme cláir faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar an mórscála ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Go háirithe, rinne XPSB Integrated Joint Operations Platform (IJOP) [Ardán d’oibríochtaí comhpháirteacha comhtháite]a imscaradh, clár mórshonraí a úsáidtear chun na milliúin Uigiúrach a lorg agus aird a tharraingt orthu siúd a mheastar “baol bagartha” a bheith ag baint leo lena gcur go campa coinneála. Dá bhrí sin, tá Chen Mingguo freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach agus íde tháireach ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh. |
|
9. |
JONG Kyong-thaek (ar a dtugtar freisin CHO’NG Kyo’ng-t’aek) |
정경택 (Litriú Cóiréise) |
Post/Poist: Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army; Aire Slándála Stáit an Democratic People’s Republic of Korea (DPRK) Dáta breithe: idir 1.1.1961 agus 31.12. 1963 Náisiúntacht: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) Inscne: fireann |
Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army. Is é a bhí ina Aire Slándála Stáit Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) ó 2017 go dtí 2022. Tá Aireacht Slándála Stáit DPRK ar cheann de na hinstitiúidí ceannródaíocha a bhfuil de chúram orthu beartais slándála choisctheacha DPRK a chur chun feidhme, lena ndírítear ar easaontas polaitiúil, teacht isteach faisnéise “treascraí” ó thar lear agus aon iompar eile a mheastar a bheith ina bhagairt thromchúiseach ar an gcóras polaitiúil agus ar a cheannaireacht a shainaithint agus a chur faoi chois. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Ina cháil mar iar-Cheann ar an Aireacht Slándála Stáit, tá Jong Kyong-thaek freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach, mar aon le saothar éignithe forleathan agus foréigean gnéasach i gcoinne na mban. |
|
10. |
RI Yong Gil ar a dtugtar freisin RI Yong Gi, RI Yo’ng-kil, YI Yo’ng-kil |
리영길 (Litriú Cóiréise) |
Post/poist: Ceann Foirne an Fhoireann Ghinearálta Arm Pobail na Cóiré(KPA) Grád: Leas-Mharascal Dáta breithe: 1955 Náisiúntacht: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) Inscne: fireann |
Is é Ri Yong Gil Ceann Foirne Fhoireann Ghinearálta Arm Pobail na Cóiré (KPA). Ba é Aire Cosanta Náisiúnta Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) é ó mhí an Mheithimh nó ó mhí Iúil 2021 go dtí mí na Nollag 2022. Ba é an tAire Slándála Sóisialta é ó mhí Eanáir 2021 go dtí mí an Mheithimh nó mí Iúil 2021. Ba é an Ceann Foirne ar Fhoireann Ghinearálta KPA é freisin idir 2018 agus mí Eanáir 2021. Tugadh ardú céime dó go Leas-Mharascal KPA an 14 Aibreán 2022. Ina cháil mar Cheann Foirne ar Fhoireann Ghinearálta KPA, agus ina cháil mar iar-Aire Cosanta Náisiúnta, is é Ri Yong Gil atá freagrach as na sáruithe tromchúiseacha forleathana ar chearta an duine a rinne an KPA, lena n-áirítear na sáruithe sin a rinne comhaltaí den Aonad Slándála Míleata agus d’aonaid eile de KPA. Is iad Aireacht Slándála Stáit DPRK (ar a dtugtaí Aireacht Slándála na nDaoine nó Aireacht Slándála Poiblí tráth) agus an tAonad Slándála Míleata na príomhinstitiúidí a bhfuil de chúram orthu beartais slándála choisctheacha DPRK a chur chun feidhme, lena n-áirítear ceastóireacht agus pionós a chur ar dhaoine a bhí ag teitheadh “go neamhdhleathach” ó DPRK. Tá an Aireacht Slándála Sóisialta i bhfeighil na gcampaí príosúin agus na n-ionad coinneála oibre trína Biúró Príosúin, áit ina mbíonn príosúnaigh agus cimí faoi réir ocras d’aon ghnó agus íde mhídhaonna agus tháireach eile. Ina cháil mar iarCheann ar an Aireacht Slándála Sóisialta, tá Ri Yong Gil freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine in DPRK, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach, mar aon le saothar éignithe forleathan agus foréigean gnéasach i gcoinne na mban. |
22.3.2021 |
▼M3 ————— |
|||||
12. |
Abderrahim AL-KANI (ar a dtugtar freisin Abdul-Rahim AL-KANI, Abd-al-Rahim AL-KANI, Abdel Rahim KHALIFA Abdel Rahim AL-SHAQAQI) |
عبد الرحيم الكاني(Litriú Araibise) |
Post/Poist: comhalta den Kaniyat Militia Dáta breithe: 7.9.1997. Náisiúntacht: Libiach Uimhir an phas: PH3854LY Uimhir aitheantais: 119970331820 Inscne: fireann |
Tá Abderrahim Al-Kani ina chomhalta lárnach den Kaniyat Militia agus is deartháir le Ceann an Kaniyat Militia, Mohammed Khalifa Al-Khani é (a d’éag i mí Iúil 2021). Bhí smacht ag an Kaniyat Militia ar bhaile Tarhuna sa Libia idir 2015 agus Meitheamh 2020. Tá Abderrahim Al-Kani i gceannas ar an tslándáil inmheánach thar ceann an Kaniyat Militia. Sa cháil sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Libia, go háirithe daoine a mharú go seachbhreithiúnach agus a fhuadach le forneart idir 2015 agus Meitheamh 2020 in Tarhuna. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Theith Abderrahim Al-Kani agus an Kaniyat Militia ó Tarhuna go luath i mí an Mheithimh 2020 chuig oirthear na Libia. Ina dhiaidh sin, aimsíodh roinnt olluaigheanna in Tarhuna agus meastar gurb é an Kaniyat Militia is cúis leo. |
|
13. |
Aiub Vakhaevich KATAEV (ar a dtugtar freisin: Ayubkhan Vakhaevich KATAEV) ►M17 (*1) ◄ |
Аюб Вахаевич КАТАЕВ (ar a dtugtar freisin: Аюбхан Вахаевич КАТАЕВ) (litriú Rúisise) |
Post/Poist: IarCheann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise i gcathair Argun sa Chechen Republic Dáta breithe: 1.12.1980 nó 1.12. 1984 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Ceann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise i gcathair Argun i bPoblacht na Seisnia go dtí 2018. Ina cháil mar Cheann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise in Argun, rinne Aiub Kataev maoirseacht ar ghníomhaíochtaí a dhéanann gníomhaireachtaí áitiúla um shlándáil an stáit agus gníomhaireachtaí áitiúla póilíneachta. Ina cháil sin, rinne sé féin maoirseacht ar an ngéarleanúint fhorleathan chórasach sa tSeisnia a thosaigh in 2017. Dírítear an chos ar bolg ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI), ar dhaoine a mheastar gur de ghrúpaí LGBTI iad, agus ar dhaoine eile a bhfuil amhras ina dtaobh go gcuireann siad i gcoinne Cheann Phoblacht na Seisnia. Tá Aiub Kataev agus fórsaí a bhí faoina cheannas tráth freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach chomh maith leis an ngabháil agus an choinneáil threallach agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha nó treallacha. Dar le go leor finnéithe, ghlac Aiub Kataev féin, páirt i gcéasadh coinnéalaithe agus rinne sé maoirseacht ar an gcéasadh sin. |
22.3.2021 |
14. |
Абузайд Джандарович ВИСМУРАДОВ (litriú Rúisise) |
Post/Poist: IarCheannasaí ar fhoireann “Terek” de chuid an Special Rapid-Response Unit (SOBR), Leas-Phríomh-Aire an Chechen Republic, garda cosanta neamhoifigiúil Cheann an Chechen Republic, Ramzan Kadyrov Dáta breithe: 24.12.1975 |
IarCheannasaí ar Fhoireann “Terek” de chuid an Special Rapid-Response Unit (SOBR). Leas-Phríomh-Aire Phoblacht na Seisnia ón 23 Márta 2020. Garda cosanta neamhoifigiúil Cheann Phoblacht na Seisnia, Ramzan Kadyrov. Ba é Abuzaid Vismuradov ceannasaí fhoireann “Terek” de chuid an SOBR ó Mhárta 2012 go dtí Márta 2020. Ina cháil sin, rinne sé féin maoirseacht ar an ngéarleanúint fhorleathan chórasach sa tSeisnia a thosaigh in 2017. Dírítear an chos ar bolg ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI), ar dhaoine a mheastar gur de ghrúpaí LGBTI iad agus ar dhaoine eile a bhfuil amhras ina dtaobh go gcuireann siad i gcoinne Ceann Phoblacht na Seisnia Ramzan Kadyrov. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Áit bhreithe: Akhmat-Yurt/Khosi-Yurt, Checheno-Ingush Autonomous Soviet Socialist Republic (ASSR) mar a thugtaí air, Chechen Republic mar a thugtar anois uirthi (Cónaidhm na Rúise) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Abuzaid Vismuradov agus an t-aonad “Terek” a bhí faoina cheannas roimhe seo freagrach as sárú tromchúiseach a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach chomh maith leis an ngabháil agus an choinneáil threallach agus maruithe agus básuithe seachbhreithiúnacha agus treallacha. Dar le go leor finnéithe, ghlac Abuzaid Vismuradov féin, páirt i gcéasadh coinnéalaithe agus rinne sé maoirseacht ar an gcéasadh sin. Is dlúthchomhlach le Ramzan Kadyrov, Ceann Phoblacht na Seisnia, é, atá i mbun feachtas cos ar bolg i gcoinne a fhreasúra pholaitiúil le roinnt mhaith blianta. |
|
15. |
Gabriel Moses LOKUJO |
- |
Post/Poist: Maorghinearál sa South Sudan People’s Defense Forces (SSPDF) Náisiúntacht: ón tSúdáin Theas Inscne: fireann |
Maorghinearálsa South Sudan People’s Defense Forces (SSPDF). Tá Gabriel Moses Lokujo freagrach as sárú tromchúiseach a dhéanamh ar chearta an duine sa tSúdáin Theas, go háirithe básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha. I mí na Bealtaine 2020, fuadaíodh agus básaíodh triúr oifigeach den Sudan People's Liberation Army in Opposition (SPLA-IO) ar ordú ó Mhaorghinearál Lokujo. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
I mí Mheán Fómhair 2020, thug Maorghinearál Lokujo cúl leis an SPLA-IO agus chuaigh leis an SSPDF agus tá sé freagrach as na caismirtí a tharla ina dhiaidh sin sa Moroto Training Center agus an ceantar máguaird i ndeisceart Central Equatoria. De thoradh air sin, tuairiscíodh roinnt básanna agus gortuithe ar an dá thaobh i ráithe dheiridh 2020, agus rinneadh sibhialtaigh a easáitiú freisin, go háirithe i gceantar Kajo-Keji den Central Equatoria State. D'fhan fórsaí Mhaorghinearál Lokujo sa cheantar, mar ar tuairiscíodh roinnt caismirtí eile agus mar ar leanann sábháilteacht agus slándáil na gcomhphobal sibhialtach de bheith i mbaol. |
|
16. |
Dimitriy (Dimitry, Dmitri, Dmitry) Valerievich UTKIN ►M17 (*1) ◄ |
Дмитрий Валерьевич Уткин (Litriú Rúisise) |
Post/Poist: Bunaitheoir agus ceannasaí an Wagner Group Grád: Leifteanantchoirnéal (cúltaca) Ar a dtugtar freisin: Vagner, Wagner, The Nineth Sonraí aitheantais an Wagner Group: M-0209 Dáta breithe: 1.6.1970 nó 11.6.1970 Áit bhreithe: Asbest, Sverdlovsk Oblast, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Seoladh: Pskov, Russian Federation Inscne: fireann |
Is é Dimitriy Utkin, iaroifigeach faisnéise míleata Rúiseach (GRU), bunaitheoir Ghrúpa Wagner agus tá sé freagrach as oibríochtaí a chomhordú agus a phleanáil chun amhais de Ghrúpa Wagner a imscaradh i dtíortha éagsúla. Agus ról ceannaireachta aige laistigh de Ghrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an grúpa, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha. Áirítear leis seo an céasadh chun báis a rinne ceathrar comhalta de Ghrúpa Wagner ar thréigtheoir Siriach i mí an Mheithimh 2017 maidir le bás tréigtheoir Siriach i ngobharnóireacht Homs na Siria. De réir iarchomhalta de Ghrúpa Wagner, d’ordaigh Dimitriy Utkin féin céasadh chun báis an tréigtheora chomh maith le scannánú ar an ngníomh. |
13.12.2021 |
17. |
Станислав Евгеньевич Дычко (Litriú Rúisise) |
Post/Poist: Amhas Ghrúpa Wagner Dáta breithe: 1990 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is amhas de Ghrúpa Wagner é Stanislav Dychko, iarfhostaí de phóilíní Stavropol. In éineacht le triúr amhas eile de Ghrúpa Wagner, ghlac sé páirt i gcéasadh chun báis tréigtheora Shiriaigh i mí an Mheithimh 2017 i ngobharnóireacht Homs na Siria. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSiria. |
13.12.2021 |
|
18. |
Валерий Николаевич Захаров (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Comhairleoir slándála d’Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL) Uimhir aitheantais an Ghrúpa Wagner: M-5658 Dáta breithe: 12.1.1970 Áit bhreithe: Leningrad, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Valery Zakharov, iarchomhalta de Sheirbhís Chónaidhme Slándála Chónaidhm na Rúise (FSB), iarchomhairleoir slándála Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL). Is duine ríthábhachtach é i struchtúr ceannais an Ghrúpa Wagner agus coimeádann sé dlúthnaisc ar bun le húdaráis na Rúise. Mar gheall ar an tionchar a bhí aige ar PAL agus ar a ról ceannasach sa Ghrúpa Wagner, tá Valery Zakharov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL, lena n-áirítear básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha. Áirítear leis seo dúnmharú triúr iriseoirí Rúiseacha in 2018, a raibh Valery Zakharov freagrach as a slándáil. |
13.12.2021 |
|
19. |
Maxim SHUGALEY ar a dtugtar freisin |
Максим ШУГАЛЕЙ (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Uachtarán an Foundation for the Defence of National Values (FDNV) Dáta breithe: 24.2.1966 Áit bhreithe: Leningrad, iarUSSR (St. Petersburg, Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Pasuimhir/uimhir aitheantais: 710508436 (Pas Rúiseach) |
Is é Maxim Shugaley ceann an Foundation for the Defence of National Values (FDNV), eintiteas a bhaineann leis an nGrúpa Wagner. Feidhmíonn FDNV mar ghéag caidrimh phoiblí an Ghrúpa Wagner agus baineann ról Maxim Shugaley in FDNV le feachtais bholscaireachta agus bhréagaisnéise a stiúradh ar son an Ghrúpa Wagner, lena n-áirítear chun clú an Ghrúpa Wagner a fheabhsú agus tacú lena imscaradh, chomh maith le cur isteach ceilte a dhéanamh ar son an Ghrúpa Wagner sna tíortha éagsúla ina bhfuil sé gníomhach. Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an Libia, Mailí, agus Poblacht na hAfraice Láir. Tá baint ag Maxim Shugaley leis an nGrúpa Wagner agus tá sé freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner agus é a spreagadh trí bholscaireacht agus bréagaisnéis atá ar son an Ghrúpa Wagner. |
25.2.2023 |
20. |
Александр Григорьевич МАЛОЛЕТКО (Litriú Rúisise) |
|
Comhoibríonn Aleksandr Grigorievitch Maloletko go dlúth le Yevgeny Prigozhin. Mhol Yevgeny Prigozhin go poiblí a ghníomh mar “cosantóir na Máthairthíre” agus mar Cheann an “Veteran’s Interests Defenders League”. Tá sé ag obair mar theagascóir don Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL). Tá baint aige leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL agus tá sé freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner. |
25.2.2023 |
|
21. |
Константин Александрович ПИКАЛОВ (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Duine de Cheannasaithe PMC an Ghrúpa Wagner san Afraic Dáta breithe: 23.7.1968 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Konstantin Pikalov, códainm “Mazaï” (Mazay), ar dhuine de cheannairí an Ghrúpa Wagner agus tá sé freagrach as gníomhaíochtaí oibríochtúla an Ghrúpa Wagner san Afraic, go háirithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL). Cuirtear ina leith gurb eisean a thionscain dúnmharú triúr iriseoirí Rúiseacha i mí Iúil 2018. Ó mhí Aibreáin 2023 i leith, is é atá i gceannas ar ghrúpa nua paraimíleata (Convoy) a cruthaíodh i mí na Samhna 2022 chun gníomhaíocht a dhéanamh i gcogadh foghach na Rúise I gcoinne na hÚcráine. Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL. Agus ról ceannaireachta aige laistigh den Ghrúpa Wagner, tá Konstantin Pikalov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL. |
25.2.2023 |
|
22. |
Dimitri SYTII ar a dtugtar freisin |
Дмитрий СЫТИЙ (Litriú Rúisise) |
Post/Poist:Stiúrthóir an Russian house of Bangui Dáta breithe: 23.3.1989 Áit bhreithe: Minsk (Belarus) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Seoladh: NA-SYTAIA/A1-TANKISTAZ KHRUSTITSKOGO 62 APT25/ZP-198217/CI St Petersburg, Cónaidhm na Rúise |
Tá ról ceannaireachta ag Dimitri Sytii laistigh den Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), agus tá dlúthnaisc aige le Yevgeny Prigozhin. Tá sé i gceannas ar bheartas tionchair an Ghrúpa Wagner a stiúradh in PAL. Tá sé ina cheann ar chraobh áitiúil an Russian House, géag chultúrtha aireacht eachtrach na Rúise. Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL. Mar gheall ar a ról a bhfuil tionchar aige in PAL agus ar a ról ceannaireachta i nGrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL. |
25.2.2023 |
23. |
Михаил Сергеевич ПОТЕПКИН (Litriú Rúisise) |
Post(poist): Stiúrthóir ar Meroe Gold Dáta breithe: 19.9.1981 nó 29.9.1981 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir an phas: 651697952 (pas Rúiseach) Seoladh: An tSúdáin Cuideachtaí comhlachaithe: Megaline; Concord; IT-Debugger |
Tá Mikhail Potepkin ina stiúrthóir ar Meroe Gold, eintiteas cumhdaigh do ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus tá baint aige freisin le M-Invest, máthairchuideachta Meroe. Tá ról ceannasach aige laistigh den Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus dlúthnaisc aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe le míleata na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis. Tá baint ag Potepkin leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn freisin sé leis na sáruithe sin a dhéantar sa tSúdáin. |
25.2.2023 |
|
24. |
Alexander Alexandrovich IVANOV ar a dtugtar freisin Aleksandr Alexandrovich IVANOV; Alexander Alexandrovich IVANOV ►M17 (*1) ◄ |
Александр Александрович ИВАНОВ (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Ionadaí theagascóirí Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir Dáta breithe: 14.6.1960 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Seoladh: Bangui, Poblacht na hAfraice Láir |
Is é Alexander Ivanov urlabhraí don Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL). Is é freisin atá ina cheann ar “Aontas na nOifigeach don tSlándáil Idirnáisiúnta” sa Rúis, ar a dtugtar freisin “Pobal na nOifigeach don tSlándáil Idirnáisiúnta” (COSI), cuideachta thosaigh Wagner a sheolann teagascóirí míleata na Rúise chuigPAL. Is amhais de chuid an Ghrúpa Wagner iad na teagascóirí sin. Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL. Ina phost mar ionadaí oifigiúil ar theagascóirí míleata na Rúise, tá baint ag Alexander Ivanov leis na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL. |
25.2.2023 |
25. |
Виталий Викторович ПЕРФИЛЬЕВ (Litriú Rúisise) |
Dáta breithe: 11.9.1983 Áit bhreithe: Novossibirsk USSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Seoladh: Bangui (Poblacht na hAfraice Láir) Inscne: fireann Uimhir an phas: NR 75 2987491 An dáta seachadta; 30.3.2016 Dáta éaga: 30.3.2026 |
Comhairleoir slándála d’Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL) é Perfilev. Tá sé ina phearsa lárnach i nGrúpa Wagner in PAL. Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL. Mar gheall ar a ról a bhfuil tionchar aige in PAL agus ar a ról ceannasach i nGrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL. |
25.2.2023 |
|
26. |
Андрей Сергеевич МАНДЕЛЬ (Litriú Rúisise) |
Dáta breithe: 2.3.1990 Áit bhreithe: an Ghearmáin Inscne: fireann Uimhir an phas: 753615660 |
Tá Andrei Mandel ina cheann ar M-Invest, eintiteas cumhdaigh d’oibríochtaí an Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus tá baint aige freisin lena fhochuideachta, Meroe Gold. Tá ról ceannasach aige laistigh den Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus tá dlúthnaisc aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe go dlúth le lucht míleata na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis. Tá baint ag Mandel leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn sé freisin leis na sáruithe sin arna ndéanamh sa tSúdáin. |
25.2.2023 |
|
27. |
Neda Mohammad NADEEM |
نداء محمد ندیم (Litriú Paistise) |
Post/poist: Aire Ardoideachais gníomhach an Taliban Náisiúntacht: Afganastánach Inscne: fireann |
Is é Neda Mohammed Nadeem Aire Ardoideachais gníomhach an Taliban ón 22 Deireadh Fómhair 2022 i leith. Ó chuaigh sé i mbun a phoist, tá foraitheanta foilsithe ag an Taliban lena gcuirtear cosc ar mhná ón ardoideachas ar fud na tíre. Leis na foraitheanta sin baintear de mhná a gceart chun oideachais chomh maith lena rochtain chomhionann ar oideachas, rud a sháraíonn prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná. Dá bhrí sin, ina cháil mar Aire Ardoideachais gníomhach an Taliban, tá Neda Mohammed Nadeem freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú forleathan ar cheart na mban chun oideachais agus an ceart chun cóir chomhionann idir fir agus mná i réimse an oideachais. |
7.3.2023 |
28. |
Sheikh Muhammad Khalid HANAFI |
شیخ محمد خالد (Litriú Paistise) |
Post/poist: Aire gníomhach an Taliban um fhorleathadh na suáilce agus cosc na duáilce Dáta breithe: thart ar 1970 Áit bhreithe: Sráidbhaile Kolam Shaheed, ceantar Doabi, Nurestan province, Afghanistan Náisiúntacht: Afganastánach Inscne: fireann |
Is é Sheikh Muhammad Khalid Hanafi Aire gníomhach an Taliban um fhorleathadh na suáilce agus cosc na duáilce a thagann in ionad an Aire um Ghnóthaí na mBan. Ó chuaigh sé i mbun a phoist, tá foraitheanta foilsithe ag an Taliban lena gcuirtear srian ar shaoirse agus ar dhínit na mban agus na gcailíní ar fud na tíre, ag cur srian ar a saoirse cainte agus ar a saoirse chun tuairimí a nochtadh, agus ag gearradh pionóis ghéara agus foréigean orthu siúd nach n-urramaíonn forógra an Taliban. Go háirithe, le linn a chuid ama in oifig, glacadh foraitheanta maidir leis an hijab chomh maith le hamchláir atá deighilte ó thaobh inscne de chun spásanna poiblí a úsáid. Ina cháil mar Aire gníomhach an Taliban um fhorleathadh na suáilce agus cosc na duáilce, tá Sheikh Muhammad Khalid Hanafi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú forleathan ar chearta na mban, amhail a saoirse chun tuairimí a nochtadh, chomh maith leis an gceart chun cóir chomhionann idir fir agus mná. |
7.3.2023 |
29. |
Александр Георгиевич ФЕДОРИНОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: oifigeach ceannais Moscow Police Station Grád: Leifteanantchoirnéal Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é an Leifteanantchoirnéal Alexander Georgievich Fedorinov oifigeach ceannais Moscow Police Station. Ina cháil mar cheann gníomhach ar an stáisiún póilíneachta i mí an Mhárta 2022, d’údaraigh sé gabháil agus coinneáil threallach, chomh maith le céasadh ar bhanagóideoirí frithchogaidh ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, tá Alexander Georgievich Fedorinov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach chomh maith le foréigean córasach gnéasach agus inscnebhunaithe. |
7.3.2023 |
|
30. |
Иван РЯБОВ (Litriú Rúisise) |
Post/poist: póilín i Moscow Police Station Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is póilín é Ivan Ryabov i Moscow Police Station. Rinne sé banagóideoirí frithchogaidh a choinneáil agus a chéasadh go treallach i mí an Mhárta 2022, agus é sin ordaithe ag an Leifteanantchoirnéal Alexander Georgievich Fedorinov. Tuairiscíonn íospartaigh go ndearna sé iad a bhualadh, gur phlúch sé le málaí plaisteacha iad agus go ndearna siad mí-úsáid orthu go fisiciúil agus ó bhéal ar feadh sé uair an chloig. Dá bhrí sin, tá Ivan Ryabov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus gabháil nó coinneáil threallach. |
7.3.2023 |
|
31. |
Nikolay Anatolevich KUZNETSOV ar a dtugtar freisin Nikolaj Anatolevich Kuznetsov, Nikolaj Kuznetsov, Nikolay Kuznetsov ►M17 (*1) ◄ |
Николай Анатольевич Кузнецов (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Comhalta d’fhórsaí armtha an Russian Federation, ceannasaí aonad fórsaí speisialta roinn Dzerzhinsky de Rosgvardia (Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation) Grád: Maor-Ghinearál Dáta breithe: 13.4.1978 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Cánach: 645407737871 |
Tá an Maor-Ghinearál Nikolay Anatolevich Kuznetsov ina chomhalta d’fhórsaí armtha an Russian Federation agus ina cheannasaí ar aonad fórsaí speisialta roinn Dzerzhinsky de Rosgvardia (Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation). Bhí aonad Kuznetsov mar chuid d’ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin agus ghlac comhaltaí dá aonad páirt chórasach i ngníomhartha foréigin ghnéasaigh agus éignithe san Úcráin i mí an Mhárta/mí Aibreáin 2022. Léiríonn scála agus déine na ngníomhartha foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe atá ag tarlú i limistéir san Úcráin atá faoi fhorghabháil na Rúise “pleanáil ar leibhéal níos córasaí” agus go bhfuil ceannasaithe na Rúise ar an eolas faoin bhforéigean gnéis atá á dhéanamh ag pearsanra míleata san Úcráin agus, i gcásanna áirithe, go raibh sé “á spreagadh nó á ordú acu, fiú”. Ina cháil mar cheannasaí ar an aonad, tá Kuznetsov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Úcráin, lena n-áirítear foréigean córasach gnéis agus inscnebhunaithe. |
7.3.2023 |
32. |
Рамиль Рахматуллович Ибатуллин (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Comhalta d’fhórsaí armtha an Russian Federation, iarcheannasaí ar an 90th guards tank division Grád: Coirnéal Dáta breithe: 22.10.1976 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Cánach: 631409144707 Uimhir phearsanra fhórsaí armtha na Rúise: U-927425 |
Rinne an Coirnéal Ramil Rakhmatulovich Ibatullin seirbhís i dtrúpaí forghabhála na Rúise i réigiún Donbas (2014-2017) agus ghlac sé páirt in ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin mar cheannasaí ar 90th Guards Tank Division. I mí an Mhárta 2022, ghlac an roinn faoina cheannas páirt san ionsaí i dtreo Chernihiv agus Chív. Le linn an ionsaithe, rinne comhaltaí a rannáin gníomhartha foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe i gcoinne phobal sibhialta na hÚcráine. Tar éis do na fíricí seo a bheith curtha ar fáil don phobal, thug an Russian Ministry of Defense ardú céime do Ibatullin go dtí céim coilíneach. Chuir údaráis na hÚcráine líomhaintí i leith roinnt ball den 90th Guards Tank Division maidir le foréigean gnéis agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú mná torraí gar do Chív, maidir le sibhialtach a dúnmharaíodh tar éis dá bhean chéile a bheith éignithe arís agus arís eile i láthair leanbh óg, chomh maith le rannpháirtíocht chomhaltaí an rannáin sin in éigniú droinge. Léiríonn scála agus déine na ngníomhartha foréigin gnéis agus inscnebhunaithe atá ag tarlú i limistéir san Úcráin atá faoi fhorghabháil na Rúise “pleanáil ar leibhéal níos córasaí” agus go bhfuil ceannasaithe na Rúise ar an eolas faoin bhforéigean gnéis atá á dhéanamh ag pearsanra míleata san Úcráin agus, i gcásanna áirithe, go raibh sé “á spreagadh nó á ordú acu fiú”. Dá bhrí sin, tá Ibatullin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Úcráin, lena n-áirítear foréigean córasach gnéis agus inscnebhunaithe. |
7.3.2023 |
|
33. |
Gatluak Nyang HOTH |
|
Post/poist: Coimisinéir Contae ar chontae Mayiandit Náisiúntacht: ón tSúdáin Theas Inscne: fireann |
Is é Gatluak Nyang Hoth an coimisinéir contae ar chontae Mayiandit (Unity State, South Soudan) ó mhí Feabhra 2021 i leith. Sa phost sin, d’ordaigh sé mílístí a bhí ailínithe leis an rialtas chun ionsaithe a dhéanamh i ndeisceart Unity State, idir Feabhra agus Bealtaine 2022. Le linn na tréimhse sin, bhain trúpaí faoina cheannas úsáid fhorleathan chórasach as foréigean gnéis mar oirbheart cogaidh agus is mar luach saothair agus mar theidlíocht íocaíochta d’fhir a bhí páirteach sa choimhlint a cuireadh i bhfearas é. Dá bhrí sin, ina cháil mar choimisinéir contae, tá Hoth freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSúdáin Theas, lena n-áirítear foréigean córasach forleathan gnéis agus inscnebhunaithe. |
7.3.2023 |
34. |
Gordon Koang BIEL ar a dtugtar freisin Gordon Koang Char BIEL, Koang Biel CHAR, Koang NYALUALGO |
|
Post/poist: Coimisinéir Contae ar chontae Koch Áit bhreithe: South Sudan Náisiúntacht: ón tSúdáin Theas Inscne: fireann |
Is é Gordon Koang Biel an coimisinéir contae ar chontae Koch (Unity State, South Soudan) ó mhí Feabhra 2021 i leith. Sa phost sin, d’ordaigh sé mílístí a bhí ailínithe leis an rialtas chun ionsaithe a dhéanamh i ndeisceart Unity State, idir Feabhra agus Bealtaine 2022. Le linn na tréimhse sin, bhain trúpaí faoina cheannas úsáid fhorleathan chórasach as foréigean gnéis mar oirbheart cogaidh agus is mar luach saothair agus mar theidlíocht íocaíochta d’fhir a bhí páirteach sa choimhlint a cuireadh i bhfearas é. Dá bhrí sin, ina cháil mar choimisinéir contae, tá Biel freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSúdáin Theas, lena n-áirítear foréigean córasach forleathan gnéis agus inscnebhunaithe. |
7.3.2023 |
35. |
Toe UI ar a dtugtar freisin Toe YI |
|
Post/poist: Leas-Aire Gnóthaí Baile Grád: Maor-Ghinearál Náisiúntacht: Maenmar/Burma Inscne: fireann |
Ceapadh Maorghinearál Toe Ui mar Leas-Aire Gnóthaí Baile an 3 Feabhra 2023. Is é an iar-leas-ardcheannsaí ar Oifig an Cheannasaí um Ghnóthaí Slándála Míleata (OCMSA). Tá OCMSA freagrach as na hionaid choinneála agus cheistiúcháin i Maenmar/Burma a bhainistiú agus tá sé de chúram air faisnéis a bhailiú freisin. Baineann foireann OCMSA faoi údarás Ui úsáid as nochtacht éignithe, éigniú, turraingí leictreacha, baill ghiniúna a dhó agus foréigean iomarcach le linn coinneáil agus ceistiúchán treallach fear, ban agus ball den phobal LADTIA. Ina cháil mar leas-ardcheannasaí OCMSA, tá an Maor-Ghinearál Toe Ui freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma, lena n-áirítear coinneáil agus ceastóireacht threallach, agus as foréigean córasach forleathan gnéis agus inscnebhunaithe. |
7.3.2023 |
36. |
Олег Михайлович СВИРИДЕНКО (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Leas-Aire Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 29.7.1962 Áit bhreithe: Potapovka, Buda-Koshelyovsky district, réigiún Gomel, an Bhealarúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir Chánach Aonair: 772704610955 |
Ina cháil mar Leas-Aire Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise, déanann Oleg Sviridenko maoirseacht dhíreach ar an Roinn Reachtaíochta agus Forfheidhmithe Dlí i réimse na nEagraíochtaí Neamhthráchtála chomh maith leis an Roinn Leasa Náisiúnta um Chosaint ar Thionchar Seachtrach, atá freagrach as an reachtaíocht “gníomhairí eachtracha” a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear údarás chun cinneadh a dhéanamh maidir le hainmniúcháin sa “Liosta de Ghníomhairí Coigríche”. Tá an reachtaíocht maidir le gníomhairí eachtracha i gcroílár rabharta dlíthe diansmachta lena ndéantar cniogbheartaíocht ar an tsochaí shibhialta neamhspleách, ar na meáin agus ar dhaoine easaontacha, rud a sháraíonn a saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh. Mar thoradh air sin, cuireadh na céadta eagraíochtaí neamhrialtasacha agus daoine aonair, go leor daoine mór le rá de chuid shochaí shibhialta na Rúise agus de lucht freasúra polaitiúil na Creimile, Vladimir Kara-Murza san áireamh, ar an liosta de ghníomhairí eachtracha, rud athagann go díreach faoi fhreagracht Sviridenko in Aireacht Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá Sviridenko freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh |
5.6.2023 |
|
37. |
Андрей Андреевич ЗАДАЧИН (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Imscrúdaitheoir i MórAonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise; Maor Dáta breithe: 22.8.1990 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir Chánach Aonair: 771577190559 |
Ina phost mar Imscrúdaitheoir i MórAonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise, d’eisigh Zadachin, ar chúiseanna polaitiúla, cúiseamh coiriúil in aghaidh Vladimir Kara-Murza. Ba é Zadachin, freisin, a d’iarr ar an gcúirt go gcoinneofaí Kara Murza agus chuir sé fianaise tacaíochta ar fáil sa chúirt. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
5.6.2023 |
|
38. |
Данила Юрьевич МИХЕЕВ (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Stiúrthóir na heagraíochta neamhbhrabúis “Saineolaí neamhspleách” Dáta breithe: 1.3.1999 Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir Chánach Aonair: 771577190559 |
Feidhmíonn Mikheev mar “fhinné shaineolach” do rialtas na Rúise i gcásanna cúirte a ritear ar chúiseanna polaitiúla. D’fheidhmigh sé mar shaineolaí sna himeachtaí cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, tá sé freagrach, trí na gníomhaíochtaí a rinne sé, as tacú le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
5.6.2023 |
|
39. |
Денис Владимирович КОЛЕСНИКОВ (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Ceannaire ar MhórAonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise. Céim an Leifteanant-Ghinearál Dáta breithe: 29.6.1976 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Ina phost mar Cheannaire ar Mhór-Aonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise, d’údaraigh Kolesnikov eisiúint an chúisimh choiriúil, ar chúiseanna polaitiúla, in aghaidh Vladimir Kara-Murza. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, ina phost, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus tuairimí a nochtadh. |
5.6.2023 |
|
40. |
Diana Igorevna MISHCHENKO |
Диана Игоревнa МИЩЕНКО (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Khamovniki, Moscó Dáta breithe: 12.5.1977 Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Baineann |
Ina post mar Bhreitheamh sa Chúirt Dúiche in Khamovniki, Moscó, tá baint ag Mishchenko leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. D’eisigh sí pianbhreith chun gabháil riaracháin Kara-Murza a fhormheas ar feadh 15 lá. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
5.6.2023 |
41. |
Елена Анатольевна ЛЕНСКАЯ (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó Dáta breithe: 22.1.1979 Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Baineann Uimhir Chánach Aonair: 770905658030 |
Ina post mar Bhreitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó, tá baint ag Lenskaya leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. D’eisigh sí an rialú chun gabháil Kara-Murza a fhormheas ar feadh 2 mhí. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
5.6.2023 |
|
42. |
Илья Павлович КОЗЛОВ (Litriú Rúisise) |
Feidhm: Breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó Dáta breithe: 17.10.1973 Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Ina phost mar Bhreitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó, tá baint ag Kozlov leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. Shéan sé iarratas ar achomharc Kara-Murza ar a ghabháil riaracháin. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh |
5.6.2023 |
|
43. |
Сергей Геннадьевич ПОДОПРИГОРОВ (Litriú Rúisise) |
Feidhm: Breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó Dáta breithe: 8.1.1974 Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Seoladh Shmitovskiy Proyezd, 16c2, Moscó, an Rúis, 123100. Árasán 52. (Шмитовский пр-д, 16с2, Москва, Россия, 123100. Квартира 52) |
Ina phost mar Bhreitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó, tá baint ag Podoprigorov leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. Bhí sé ina chathaoirleach ar collegium na mBreithiúna i gCúirt Chathair Mhoscó, agus an 17 Aibreán 2023 gearradh 25 bliana ar ghníomhaí freasúra, Kara-Murza, i bpríosún/campa saothair ardslándála. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Roimhe seo, thug Podoprigorov, mar Bhreitheamh sa chúirt dúiche in Tverskoi, Moscó, dhá rialú i ndáil le Sergei Magnitsky, a nocht éilliú agus mí-iompar a rinne oifigigh rialtais na Rúise, agus rinneadh géarleanúint air ina dhiaidh sin agus fuair sé bás i bpríosún Rúiseach. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
5.6.2023 |
|
44. |
Дмитрий Викторович КОМНОВ (Litriú Rúisise) |
Feidhm: Leifteanant-Choirnéal, Ceann ionad coinneála réamhthrialach Mhoscó, SIZO-5 “Vodnik”. Dáta breithe: 17.5.1977 Áit bhreithe: Réigiún Kashira, Moscó, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is oifigeach sinsearach é Komnov i gcóras peannaideach na Rúise. Tá sé ina Cheann ar ionad coinneála réamhthrialach Mhoscó SIZO-5 “Vodnik,” áit a bhfuil Vladimir Kara-Murza á choinneáil. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Tá meath suntasach tagtha ar riocht sláinte Kara-Murza ó cuireadh tús lena choinneáil i mí Aibreáin 2022. Tá Komnov freagrach as cóireáil tháireach Kara-Murza mar gur cuireadh chuig cill phionóis é in ainneoin neamhord néaróg tromchúiseach de bharr dhá nimhiú níos luaithe. Deimhníonn drochíde Kara-Murza san ionad coinneála réamhthrialach arna bhainistiú ag Komnov patrún an chleachtais sheanbhunaithe maidir le cóir mhídhaonna a chur ar lucht freasúra atá faoi choinneáil sa réimeas. Bhí sé ina mhaor ar ionad coinneála réamhthrialach “Butyrka” ag am nuair a bhásaigh an gníomhaí frith-éillithe Sergei Magnitsky mar thoradh ar choinníollacha dofhulaingthe. Dá bhrí sin, tá Komnov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm sa Rúis, lena n-áirítear íde tháireach agus sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
5.6.2023 |
|
45. |
Олег Анатольевич БАРАНОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ceann Main Directorate of Internal Affairs of the City of Moscow (Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó); Leifteanant-Ghinearál na bPóilíní Dáta breithe: 16.3.1969 Áit bhreithe: Potsdam, an Ghearmáin Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Eintitis chomhlachaithe: Main Directorate of Internal Affairs of the City of Moscow (Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó) Center for Combating Extremism (An tIonad um an Antoisceachas a Chomhrac); Department of Information Technologies of the City of Moscow (Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó); NTechLab; Tevian |
Is é Oleg Baranov Ceann Phríomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó. Sa cháil sin, déanann sé maoirseacht ar fhórsaí póilíneachta, ar imscrúdaitheoirí coiriúla, ar shaoráidí coinneála, ar an Ionad um an Antoisceachas a Chomhrac agus ar aonaid forfheidhmithe dlí eile i Moscó. Faoina cheannas, rinne Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó faireachán ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny, i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus choinnigh sí go treallach iad. Chomh maith leis sin, d’aimsigh agus choinnigh sí coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Chun na gcríoch sin, bhain sí úsáid as córas aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh. Dá bhrí sin, tá Oleg Baranov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais. |
20.7.2023 |
|
46. |
Эдуард Анатольевич ЛЫСЕНКО (litriú Rúisise) |
Post/poist: Aire i Rialtas Mhoscó; Ceann Department of Information Technologies of the City of Moscow (Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó) Dáta breithe: 22.1.1975 Áit bhreithe: Yaroslavl, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: Natalia Sergunina Eintitis chomhlachaithe: Department of Information Technologies of the City of Moscow (Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó); The Main Directorate of Internal Affairs of the City of Moscow (Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó) |
Aire i Rialtas Mhoscó é Eduard Lysenko agus is é Ceann Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó é. Is í Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó a fhorbraíonn agus a úsáideann an córas aitheantais aghaidhe i Moscó. Déanann sí sonraí ón gcóras aitheantais aghaidhe a tharchur chuig aonaid forfheidhmithe dlí Príomh Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh, go háirithe chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil go treallach. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe freisin chun coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a aimsiú agus a choinneáil. Dá bhrí sin, tá Eduard Lysenko freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais. |
20.7.2023 |
|
47. |
Наталья Алексеевна СЕРГУНИНА (litriú Rúisise) |
Post/poist: Leas-Mhéara i Rialtas Mhoscó; Ceann Fhearas Mhéara agus Rialtas Mhoscó Dáta breithe: 22.8.1978 Áit bhreithe: Moscow, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann Seoladh: (Oifig) Voznesensky pereulok, 22, 125009 Moscow, Russian Federation Daoine aonair comhlachaithe: Eduard Lysenko Eintitis chomhlachaithe: Department of Information Technologies of the City of Moscow (Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó); Main Directorate of Internal Affairs of the City of Moscow (Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó); Faisnéis aitheantais eile: Teil.: +74956298447 (oifig) |
Leas-Mhéara ar Mhoscó í Natalia Sergunina. Is í Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó, a thagann faoina hinniúlacht, a fhorbraíonn agus a úsáideann an córas aitheantais aghaidhe i Moscó. Déanann sí sonraí ón gcóras aitheantais aghaidhe a tharchur chuig aonaid forfheidhmithe dlí Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh, go háirithe chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil go treallach. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe freisin chun coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a aimsiú agus a choinneáil. Dá bhrí sin, tá Natalia Sergunina freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais. |
20.7.2023 |
|
48. |
Дмитрий Юрьевич НОЖКИН (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ceann phríosúin IK-6 i réigiún Vladimir Dáta breithe: 3.7.1981 Seoladh: Suzdalskaya St., 2, 118, Vladimir, Vladimir region, Russia, 600009 Uimhir Chánach Aonair: 583520944622 |
Is é Dmitry Nozhkin ceann choilíneacht phionósach IK-6 in Melekhovo i réigiún Vladimir, mar a bhfuil Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, á choinneáil ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022. Rinneadh gaibhniú aonair ar Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár-gheala), agus tá freagracht láithreach ar Dmitry Nozhkin as an méid sin ina cháil mar cheann na saoráide. Dá bhrí sin, tá Dmitry Nozhkin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus sárú nó mí-úsáid na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh. |
20.7.2023 |
|
49. |
Юрий Александрович ФОМИН (litriú Rúisise) |
Post/poist: Leas-Cheann phríosúin IK-6 i réigiún Vladimir Dáta breithe: 28.8.1986 Seoladh: Komsomolskaya St., 95/2, 13, Kovrov, Vladimir region, Russia, 601914 |
Is Leas-Cheann choilíneacht phionósach IK-6 é Yuri Fomin in Melekhovo i réigiún Vladimir, mar a bhfuil Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, á choinneáil ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022. Rinneadh gaibhniú aonair ar Alexei Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár-gheala), agus tá freagracht láithreach ar Yuri Fomin as an méid sin ina cháil mar leas-cheann na saoráide. Dá bhrí sin, tá Yuri Fomin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus sárú nó mí-úsáid na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh. |
20.7.2023 |
|
50. |
Данила Андреевич СИНЮХИН (litriú Rúisise) |
Post/poist: Leas-Cheann phríosúin IK-6 i réigiún Vladimir Dáta breithe: 8.8.1990 Seoladh: Narodnaya St., 8, 91, Vladimir, Vladimir region, Russia, 600026 |
Is Leas-Cheann choilíneacht phionósach IK-6 é Danila Sinyukhin in Melekhovo i réigiún Vladimir, mar a bhfuil Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, á choinneáil ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022. Rinneadh gaibhniú aonair ar Alexei Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár-gheala), agus tá freagracht láithreach ar Danila Sinyukhin as an méid sin ina cháil mar leas-cheann na saoráide. Dá bhrí sin, tá Danila Sinyukhin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus sárú nó mí-úsáid na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh. |
20.7.2023 |
|
51. |
Анатолий Алексеевич ГОРШКОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Leas-Cheann phríosúin IK-6 i réigiún Vladimir Dáta breithe: 6.5.1984 Seoladh: Sergey Lazo St., 4/1, 75, Kovrov, Vladimir region, Russia, 601911 |
Is Leas-Cheann choilíneacht phionósach IK-6 é Anatoly Gorshkov in Melekhovo i réigiún Vladimir, mar a bhfuil Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, á choinneáil ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022. Rinneadh gaibhniú aonair ar Alexei Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár-gheala), agus tá freagracht láithreach ar Anatoly Gorshkov as an méid sin ina cháil mar leas-cheann na saoráide. Dá bhrí sin, tá Anatoly Gorshkov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus sárú nó mí-úsáid na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh. |
20.7.2023 |
|
52. |
Дмитрий Иванович МАКОРИН (litriú Rúisise) |
Post/poist: Leascheann phríosúin IK-6 i réigiún Vladimir Dáta breithe: 23.6.1984 Seoladh: Dachny proezd, 3, apt. 3, Melehovo, réigiún Vladimir, an Rúis |
Is Leas-Cheann choilíneacht phionósach IK-6 é Dmitry Makorin in Melekhovo i réigiún Vladimir, mar a bhfuil Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, á choinneáil ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022. Rinneadh gaibhniú aonair ar Alexei Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár-gheala), agus tá freagracht láithreach ar Dmitry Makorin as an méid sin ina cháil mar leas-cheann na saoráide sin. Dá bhrí sin, tá Dmitry Makorin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus sárú nó mí-úsáid na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh. |
20.7.2023 |
|
53. |
Михаил Алексеевич НEИМОВИЧ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Leifteanant i bpríosúin IK-6 i réigiún Vladimir Dáta breithe: 25.11.1997 Seoladh: Muromskaya St., 9, 22, Kovrov, réigiún Vladimir, an Rúis, 601909 |
Is Leifteanant é Mikhail Neimovich i Seirbhís Pheannaideach Cónaidhme na Rúise ag coilíneacht phionósach IK-6 in Melekhovo i réigiún Vladimir, mar a bhfuil Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, á choinneáil ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022. Rinneadh gaibhniú aonair ar Alexei Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár gheala), agus tá freagracht láithreach ar Mikhail Neimovich as an méid sin ina cháil. Dá bhrí sin, tá Mikhail Neimovich freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus sárú nó mí-úsáid na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh. |
20.7.2023 |
|
54. |
Алексей Иванович ГИРИЧЕВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: (Iar) Ceann réigiúnach FSIN i réigiún Vladimir (Seirbhís Pheannaideach Cónaidhme) go dtí mí an Mhárta 2023; leascheann reatha FSIN Dáta breithe: 3.8.1975 Áit bhreithe: Kalach, Dúiche Kalacheyevsky, Voronezh Oblast, Poblacht Shóisialach Chónaidhme (SFSR) na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois) Seoladh: (roimhe seo) Zoe Kosmodemyanskaya St., 5 Corps 1, 95, Kovrov, Réigiún Vladimir, an Rúis, 601911 Uimhir Chánach Aonair: 382101379684 |
Is Leas-Cheann ar Sheirbhís Pheannaideach Cónaidhme na Rúise (FSIN) é Alexey Girichev, áit a bhfuil ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, Alexei Navalny, á choinneáil ina phríosúnach aici ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022. Rinneadh gaibhniú aonair ar Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár gheala), agus tá freagracht dhíreach ar Alexey Girichev as an méid sin ina cháil mar leas-cheann FSIN. Dá bhrí sin, tá Alexey Girichev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus gabháil nó coinneáil threallach. |
20.7.2023 |
|
55. |
Аркадий Александрович ГОСТЕВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Stiúrthóir FSIN (iar-Leas-Aire Gnóthaí Baile, go dtí 2021) Dáta breithe: 11.2.1961 Áit bhreithe: Dúiche Shatsky, Réigiún Ryazan, Poblacht Shóisialach Chónaidhme (SFSR) na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois) Seoladh: lobachevskogo, 92-12, Moscó, 117453 Uimhir phas: 620120675 |
Is é Arkady Gostev an Stiúrthóir ar Sheirbhís Pheannaideach Cónaidhme na Rúise (FSIN), a bhfuil ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, Alexei Navalny, á choinneáil ina phríosúnach aici ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022. Rinneadh gaibhniú aonair ar Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár gheala), agus tá freagracht dhíreach ar Arkady Gostev as an méid sin ina cháil mar Stiúrthóir ar FSIN. Dá bhrí sin, tá Arkady Gostev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus gabháil nó coinneáil threallach. |
20.7.2023 |
|
56. |
Alexander Alexandrovich |
Александр Александрович САМОФАЛ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Gníomhaire de Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 23.8.1981 Áit bhreithe: Moscó, Poblacht Shóisialach Chónaidhme (SFSR) na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois) Seoladh: (roimhe seo) Aonad Míleata 2568, FSB Border Service Academy (Acadamh na Seirbhíse Teorann FSB), Golitsyno, Cónaidhm na Rúise |
Is oifigeach de Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) é Alexander Samofal. Sa cháil sin, bhí baint phearsanta aige le hoibríocht FSB chun príomhcheannaire an fhreasúra Rúisigh Wladimir Kara-Murza a fheallmharú trí neurotoxin a úsáid. Dóbair do Kara-Murza bás a fháil mar thoradh ar an nimhniú agus bhí tionchar diúltach aige sin ar a riocht fisiciúil fadtéarmach. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus tar éis dó fogha na Rúise a cháineadh go poiblí. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá Alexander Samofal freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. |
20.7.2023 |
57. |
Habibullah AGHA ar a dtugtar freisin. Mawlawi, Maulvi, Hadith, Sheikh |
حبیب الله اغا (Litriú Paistise) |
Post/poist: Aire gníomhach Oideachais Talabanach Dáta breithe: 1954 nó 1955 Áit bhreithe: Vach Bakhto, Shah Wali Kot, Kandahar province, an Afganastáin Náisiúntacht: Afganastánach Inscne: fireann |
Ceapadh Habibullah Agha ina hAire gníomhach Oideachais i mí Mheán Fómhair 2022. Sa cháil sin, chuir Habibullah Agha beartas an Talaban i bhfeidhm maidir le rochtain a dhiúltú do chailíní ar an meánoideachas trí shíneadh a chur leis an toirmeasc ar mhic léinn baineanna páirt a ghlacadh i scolaíocht mheánoideachais os cionn an 6ú grád. Thairis sin, rinne Habibullah Agha géarú go pearsanta ar pholasaithe inscne-idirdhealaitheacha an Talaban trí ordú a thabhairt go ndúnfaí ionaid oideachais phríobháideacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhí ina n-ionad oideachais do chailíní roimhe sin. Dá bhrí sin, tá freagracht phearsanta air as sáruithe ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe cur faoi chois córasach inscne-bhunaithe in earnáil an oideachais. Tá sé freagrach go pearsanta as sárú ar an gceart bunúsach atá ag cailíní Afganastánacha chun meánoideachais agus an ceart chun na córa comhionainne idir buachaillí agus cailíní i réimse an mheánoideachais, ar an gcaoi sin, cailíní a eisiamh ón tsochaí a thuilleadh. Dá bhrí sin, ina cháil mar Aire gníomhach Oideachais an Talaban, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú ar cheart na gcailíní agus na mban chun oideachais agus an ceart chun córa comhionainne idir fir agus mná. |
20.7.2023 |
58. |
Abdul Hakim HAQQANI ar a dtugtar freisin Mawlawi Sheikh Abdul Hakim Haqqani Ishaqzai; “Shaikhul Hadis” Maulvi Abdul Hakim “Haqqani” |
شیخ الحدیث مولوي عبدالحکیم حقاني لقضات شیخ عبدالحکیم حقاني (Litriú Paistise) |
Post/poist: Príomh-Bhreitheamh gníomhach Talabanach de Chúirt Uachtarach na hAfganastáine Qazi al-Quzzat (Breitheamh Uachtarach) Dáta breithe: 1967 Áit bhreithe: Panjwayi, Kandahar province, an Afganastáin Náisiúntacht: Afganastánach Inscne: fireann |
Is é Abdul Hakim Haqqani Príomh-Bhreitheamh gníomhach Talabanach de Chúirt Uachtarach na hAfganastáine, a cheap ceannaireacht an Talaban in 2021. Sa cháil sin, bhain sé úsáid éifeachtach as an gcóras dlí chun cur faoi chois inscnebhunaithe a chur chun feidhme ar mhná trína n-eisiamh ó chóras cúirte na hAfganastáine agus trí rochtain na mban ar cheartas a shrianadh go córasach, rud a sháraíonn prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná. Taobh amuigh dá ról mar Phríomh-Bhreitheamh Talabanach, feidhmíonn Abdul Hakim Haqqani mar cheannaire idé-eolaíoch laistigh den Talaban. Trína rochtain phearsanta ar cheannaire an Talaban Haibatullah Akhundzada, d’fheidhmigh sé tionchar polaitiúil chun hidé-eolaíocht an Talaban maidir le cur faoi chois inscnebhunaithe a mhúnlú, go háirithe trí threoir a eisiúint chun mná agus cailíní a eisiamh go córasach ón saol poiblí san Afganastáin. Dá bhrí sin, ina cháil mar Príomh-Bhreitheamh gníomhach Talabanach de Chúirt Uachtarach na hAfganastáine, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú ar cheart na mban rochtain a bheith acu ar an gceartas agus ar an gceart chun córa comhionainne idir fir agus mná. |
20.7.2023 |
59. |
Abdul-Hakim SHAREI ar a dtugtar freisin Sharae; Sharie; Shara’i |
عبدالحکیم شریری (Litriú Paistise) |
Post/poist: Aire gníomhach Dlí agus Cirt Talabanach Teideal: Shaikh-al-Hadith Mawlawi Dáta breithe: 1961 Áit bhreithe: Ayub Khil, Khost province, an Afganastáin Náisiúntacht: Afganastánach Inscne: fireann |
Tar éis don Talaban cumhacht a urghabháil san Afganastáin, thionscain Abdul-Hakim Sharei, ina cháil mar Aire Dlí agus Cirt Talabanach, iarracht chomhbheartaithe an córas ceartais náisiúnta a chasadh i gcoinne mhná na hAfganastáine. Chuir sé bac, go héifeachtach, ar cheadúnú dlíodóirí mná agus ar chumas na mban ionadaíocht dhlíthiúil a fháil agus chuir sé mná as poist sa chóras ceartais. Leis an treoir a thug sé creat dlíthiúil iomlán na hAfganastáine a athbhreithniú, cuireadh deireadh freisin le cur i bhfeidhm an Dlí maidir le Foréigean in aghaidh na mBan a Dhíothú. Is iarracht chomhbheartaithe na beartais sin chun séanadh ceartais a úsáid mar uirlis éifeachtach chun córas cur faoi chois inscnebhunaithe a chothú trí mhná agus cailíní a dhéanamh neamhchosanta ar staid neamhdhlíthiúil agus saoirse ó phionós, agus tá an fhreagracht dhíreach phearsanta as sin ar Abdul-Hakim Sharei. Dá bhrí sin, ina cháil mar Aire Dlí agus Cirt Talabanach, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú ar chearta na mban rochtain a bheith acu ar an gceartas agus ar an gceart chun córa comhionainne idir fir agus mná. |
20.7.2023 |
60. |
James Mark NANDO |
|
Post/poist: Maorghinearál, Fórsaí Cosanta Phobal na Súdáine Theas (SSPDF); Áit bhreithe: Ezo, Ezo County, Western Equatoria [Meánchiorcal Thiar], an tSúdáin Theas Seoladh: Juba, an tSúdáin Theas Náisiúntacht: ón tSúdáin Theas Inscne: fireann |
Tá James Nando ina oifigeach sinsearach i bhFórsaí Cosanta Phobal na Súdáine Theas (SSPDF) ag a bhfuil an chéim Maorghinearál. Tá sé i gceannas ar fhórsaí i stát na Meánchiorcal Thiar sa tSúdáin Theas a rinne ionsaithe forleathana i gcoinne an phobail shibhialta. D’úsáid a chuid fórsaí foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe go córasach mar mhodh chun sceimhle a chur ar an bpobal. Dá bhrí sin, ina cháil mar Mhaorghinearál, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSúdáin Theas, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe. |
20.7.2023 |
61. |
Mahamat SALLEH Adoum Kette ar a dtugtar freisin Mahamet Salleh |
|
Post/poist: Ginearál den Fronta Pobail le haghaidh Athbhreithe Phoblacht na hAfraice Láir (FPRC) Náisiúntacht: Poblacht na hAfraice Láir Áit bhreithe: Haute-Kotto Prefecture, Poblacht na hAfraice Láir Inscne: fireann |
Ina cháil mar phríomhphearsa den Fhronta Pobail le haghaidh Athbhreithe Phoblacht na hAfraice Láir (FPRC), bhí Mahamat Salleh i gceannas ar fhórsaí i bPoblacht na hAfraice Láir a rinne ionsaithe forleathana i gcoinne an phobail shibhialta. Ar feadh na mblianta, rinne Salleh féin agus fórsaí faoina cheannas coireanna a bhaineann le foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe arís agus arís eile ar scála ollmhór chun sceimhle a chur ar an bpobal sibhialtach. Dá bhrí sin, ina cháil mar Ghinearál den FPRC, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i bPoblacht na hAfraice Láir, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe. |
20.7.2023 |
62. |
Iгор Леонiдович КОЛЕДА (Litriú Úcráinise) Игорь Леонидович КОЛЕДА (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ceannasaí an an 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe Céim: Coirnéal Dáta breithe: 11.12.1973 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais na bhfórsaí armtha: 540530367155 |
Tá Igor Leonidovich Koleda ina cheannasaí ar 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe de Fhórsaí Armtha na Rúise agus tá an chéim Coirnéal aige. Ghlac an bhriogáid faoina cheannas páirt in ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin go luath in 2022. Go luath in 2022, bhí gníomhartha foréigin ghnéasaigh agus foréigin inscnebhunaithe in úsáid ag baill den 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe i gcoinne phobal sibhialta na hÚcráine, lena n-áirítear i gcoinne mionaoiseach amháin ar a laghad. Tá comhalta amháin den 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe aitheanta ag údaráis na hÚcráine mar dhuine a bhfuil amhras ann faoi fhoréigean gnéasach a úsáid in aghaidh na mban. Léiríonn scála agus déine na ngníomhartha foréigin gnéis atá ag tarlú i limistéir san Úcráin atá faoi fhorghabháil na Rúise pleanáil ar leibhéal níos córasaí agus go bhfuil ceannasaithe na Rúise ar an eolas faoin bhforéigean gnéis atá á dhéanamh ag pearsanra míleata san Úcráin agus i gcásanna áirithe go bhfuil sé á spreagadh nó á ordú acu fiú. Ina cháil mar cheannasaí ar an 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe, tá Igor Koleda freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe ar chearta an duine san Úcráin, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe. |
20.7.2023 |
|
63. |
Елена Викторовна ПОДОЛЬНАЯ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ionchúisitheoir Rúiseach; Leas-Ionchúisitheoir ag “Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé” Dáta breithe: 5.9.1978 Inscne: baineann Uimhir aitheantais chánach: 261803847664 |
Is Leas-Ionchúisitheoir í Elena Podolnaya ag “Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé” arna bunú ag fórsa forghabhála na Rúise sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa phost sin, ghlac Elena Podolnaya páirt sna himeachtaí cúirte arb í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne Vladyslav Yesypenko, iriseoir, agus mhol sí pianbhreith príosúnachta 11 bhliain dó. Gearradh téarma príosúnachta 6 bliana ar Vladyslav Yesypenko. Dhírigh na himeachtaí cúirte i gcoinne Vladyslav Yesypenko ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh faoin Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
8.9.2023 |
|
64. |
Денис Владимирович КОРОВИН (litriú Rúisise) |
Post/poist: Oifigeach de Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) Inscne: fireann |
Is oifigeach de Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) é Denis Korovin. Ina phost, ghlac sé páirt i gcéasadh Vladyslav Yesypenko, iriseoir, ar gearradh téarma príosúnachta 6 bliana air. Dhírigh na himeachtaí cúirte i gcoinne Denis Korovin ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh faoin Úcráine. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n áirítear céasadh, íde mhídhaonna agus tháireach, agus sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
8.9.2023 |
|
65. |
Длявер Меметович БЕРБЕРОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh ag “Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé” Dáta breithe: 17.8.1978 Áit bhreithe: an Úisbéiceastáin Inscne: fireann |
Is breitheamh é Dliaver Berberov ag “Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé” arna bunú ag fórsa forghabhála na Rúise sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa phost sin, ghlac sé páirt sna himeachtaí arb í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne Vladyslav Yesypenko, iriseoir. An 16 Feabhra 2021, d’fhógair Dliaver Berberov fíorasc chás Vladyslav Yesypenko agus ghearr sé téarma príosúnachta 6 bliana air. |
8.9.2023 |
|
|
|
|
Seoladh: 6 Turkenicha St., Simferopol, an Chríme, An Úcráin АР Крим, г. Симферополь, ул. Туркенича 6 Cód DRFO: 2871801456 |
Dhírigh na himeachtaí cúirte i gcoinne Vladyslav Yesypenko ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh faoin Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh |
|
66. |
Виталий Олегович ВЛАСОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Imscrúdaitheoir ag Seirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) Dáta breithe: 7.5.1986 Áit bhreithe: Shimanovsk/Amur Oblast/Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is imscrúdaitheoir ag Seirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) é Vitaliy Vlasov. Sa phost sin, bhí sé i mbun na n-imscrúduithe i gcásanna an iriseora Vladyslav Yesypenko, i gcásanna bhaill de phobal Tatarach na Crimé sa Chrimé, lena n-áirítear Nariman Dzhelyalov, agus i gcásanna bhaill d’Fhinnéithe Iehova, lena n-áirítear Aleksandr Dubovenko agus Aleksandr Litvinyuk. Sa chomhthéacs sin, bhí baint ag Vlasov leis na feachtais ghéarleanúna chórasacha lena ndírítear ar phobal Tatarach na Crimé agus ar bhaill d’Fhinnéithe Iehova as a gcreideamh reiligiúnach. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear céasadh, íde mhídhaonna agus tháireach, gabháil agus coinneáil threallach, sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
8.9.2023 |
|
67. |
Виктор Викторович КРАПКО (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh de “Chúirt Uachtarach Phoblacht na Crimé”; Iar-Bhreitheamh i gCúirt Dúiche Chív Simferopol Dáta breithe: 22.1.1989 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh é Viktor Krapko ag “Cúirt Uachtarach Phoblacht na Crimé” arna bunú fórsa forghabhála na Rúise sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa phost sin, ghlac sé páirt sna himeachtaí cúirte arb í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne Vladyslav Yesypenko, iriseoir, agus Nariman Dzhelyalov, Tatarach na Crimé. Tá Krapko freagrach freisin as cuardaigh a údarú i dtithe bhaill d’Fhinnéithe Iehova in 2021 sa Chrimé atá faoi fhorghabháil ag an Rúis. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. Sa chomhthéacs sin, bhí baint ag Krapko leis na feachtais ghéarleanúna chórasacha lena ndírítear ar phobal Tatarach agus ar bhaill d’Fhinnéithe Iehova na Crimé as a gcreideamh reiligiúnach. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
8.9.2023 |
|
68. |
Анастасия Ивановна СУПРЯГА (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ionchúisitheoir in “Oifig an Ionchúisitheora na Crimé” Dáta breithe: 15.3.1983 Áit bhreithe: Vinohradove, ceantar Saksky, Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé, an Úcráin Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is ionchúisitheoir í Anastasia Supryaga in “Oifig Ionchúisitheora na Crimé” a bhunaigh fórsa forghabhála na Rúise sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa phost sin, ghlac sí páirt in imeachtaí cúirte arb í an pholaitíocht ba shiocair leo agus in ionchúiseamh Akhtem Chiygoz, leas-Chathaoirleach Mejlis de chuid phobal Thatarach na Crimé, agus baill de phobal Tatarach na Crimé, lena n-áirítear Nariman Dzhelyalov. Sa chomhthéacs sin, bhí baint ag Supryaga leis na feachtais ghéarleanúna chórasacha lenar díríodh ar phobal Tatarach na Crimé agus ar bhaill d’Fhinnéithe Iehova as a gcreideamh reiligiúnach. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear gabháil nó coinneáil threallach. |
8.9.2023 |
|
69. |
Екатерина Михайловна МИЗУЛИНА (litriú Rúisise) |
Post/poist: Cathaoirleach ar an Safe Internet League [an Léig um Idirlíon Sábháilte]; Comhalta de Sheomra Sibhialta Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 1.9.1984 Áit bhreithe: Yaroslavl, Poblacht Shóisialach Chónaidhme na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann Daoine aonair comhlachaithe: Elena Borisovna Mizulina; Konstantin Valerevich Malofeev |
Is pearsa phoiblí Rúiseach í Ekaterina Mizulina agus tá sí ina Cathaoirleach ar an Léig um Idirlíon Sábháilte. Sa phost seo, bíonn sí ag forfheidhmiú cleachtais cinsireachta i gcoinne cruthaitheoirí ábhair Idirlín agus ealaíontóirí chun leasa rialtas na Rúise agus a cuid beartas. Mar Chathaoirleach ar an Léig um Idirlíon Sábháilte, cuireann Ekaterina Mizulina tús le gearáin oifigiúla le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí na Rúise i gcoinne cruthaitheoirí ábhair Idirlín, i.e. blagálaithe, chomh maith le ceoltóirí, daoine cáiliúla agus tionchairí. Mar thoradh air sin, tá Ekaterina Mizulina ag cur iallach ar chruthaitheoirí ábhair Idirlín Rúiseacha agus ealaíontóirí Idirlín Rúiseacha ábhar frith-rialtais a scriosadh nó ábhar a chruthú a rachadh chun leasa rialtas na Rúise agus a chuid beartas. Dá bhrí sin, tá Ekaterina Mizulina freagrach as mí úsáid thromchúiseach chórasach i ndáil an tsaoirse tuairimíochta agus cainte, ar cúis mhór imní iad freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
29.1.2024 |
|
70. |
Valentina Evgenievna LEVASHOVA ar a dtugtar freisin |
Валентина Евгеньевна ЛЕВАШОВА ar a dtugtar freisin Валентина Євгенiївна ЛЄВАШОВА (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó Dáta breithe:14.10.1978 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann Seoladh: Preobrazhenskiy Val St., 24 building 1, Flat 69, Moscó, an Rúis, 107061 |
Is breitheamh í Valentina Levashova sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó. Sa cháil sin, tá baint aici le sáruithe tromchúiseacha córasacha ar chearta an duine i gcoinne cheannairí fhreasúra na Rúise. Is ionadaí í ar na breithiúna a rinne cinntí claonta i gcásanna a bhfuil cuspóir polaitiúil leo i gcoinne daoine a chur i gcoinne an ionraidh mhíleata ar an Úcráin, nó cinntí lenar tugadh údar le gníomhaíochtaí míleata agus gníomhaíochtaí eile Chónaidhm na Rúise ar chríoch na hÚcráine, lena n-áirítear sa chás i gcoinne Vladimir Kara-Murza. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Tosaíodh imeachtaí cúirte ina choinne a raibh cuspóir polaitiúil leo in 2022 bunaithe ar líomhaintí bréagacha tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus fogha na Rúise a cháineadh go poiblí. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha. |
29.1.2024 |
71. |
Олег Викторович АЛЫПОВ Олег Вiкторович АЛИПОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ionchúisitheoir Idircheantair, Golovinsky, Moscó Dáta breithe: 7.3.1981 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Oleg Alypov an tIonchúisitheoir Idircheantair in Golovinsky, Moscó. Sa cháil sin, tá baint aige le sáruithe tromchúiseacha córasacha ar chearta an duine i gcoinne cheannairí fhreasúra na Rúise, lena n-áirítear cás Vladimir Kara-Murza. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Tosaíodh imeachtaí cúirte ina choinne a raibh cuspóir polaitiúil leo in 2022 bunaithe ar líomhaintí bréagacha tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus fogha na Rúise a cháineadh go poiblí. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha. |
29.1.2024 |
|
72. |
Людмила Михайловна СМОЛКИНA Людмила Михайлiвна СМОЛКIНА (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó Dáta breithe: 6.8.1961 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann Seoladh: 45 Angarskaya St., building 1, 51, Moscó, an Rúis, 125412 |
Is breitheamh í Ludmila Smolkina i gCúirt Chathrach Mhoscó. Sa cháil sin, tá baint aici le sáruithe tromchúiseacha córasacha ar chearta an duine i gcoinne cheannairí fhreasúra na Rúise, lena n-áirítear cás Vladimir Kara-Murza. Bhain údaráis na Rúise úsáid as cúisimh choiriúla chun cosantóirí chearta an duine, iriseoirí agus lucht freasúra polaitiúil a ghabháil, a ionchúiseamh agus a chiontú i gcás inar cháin na daoine sin an t-ionradh ar an Úcráin. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Tosaíodh imeachtaí cúirte ina choinne a raibh cuspóir polaitiúil leo in 2022 bunaithe ar líomhaintí bréagacha tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus fogha na Rúise a cháineadh go poiblí. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha. |
29.1.2024 |
|
73. |
Юрий КОНОВЕЕВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ceann díorma SUS ‘PKT’ i gcoilíneacht phionósach IK-3 Dáta breithe: 7.5.1987 Áit bhreithe: Rivne, iarUSSR (an Úcráin anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Yuri Konoveev ceann díorma SUS agus na gcealla pionóis PKT (ar a dtugtar freisin ceann na roinne oibre oideachais) i gcoilíneacht phionósach IK-3, áit a bhfuil sé ag obair ó 2019 ar a laghad. Cuireadh Alexei Navalny faoina údarás ón 25 Nollaig 2023 go dtí go bhfuair Navalny bás an 16 Feabhra 2024. Sa phost sin, rinne Konoveev maoirseacht ar na bardaí a bhí freagrach as an drochíde a thugtaí do Alexei Navalny agus dhéanadh sé teagmháil go díreach leis uair sa mhí ar a laghad. Mar gheall ar a fhreagracht as na cealla pionóis, chinntigh sé go ndearnadh réimeas leithlisithe fhisicigh arb fhéidir a chur ar Navalny. Sa ról atá aige maoirseacht a dhéanamh aige ar (ath)oideachas na ndaoine faoi choinneáil, bhí sé freagrach as tacú le córas atá bunaithe ar spiorad na ndaoine faoi choinneáil a chloí, rud a chothaíonn easpa dóchais iomlán agus dálaí maireachtála mídhaonna. Thug finnéithe fianaise gur tharla sáruithe ar chearta an duine i gcomhthéacs obair oideachasúil na ndaoine faoi choinneáil agus forordaíodh an céasadh go neamhbhalbh i ndoiciméid oibriúcháin na ranna. Bhí Yuri Konoveev i gceannas freisin ar na tástálacha imscrúdaithe agus ar na clóis aclaíochta inar buaileadh breoite Alexei Navalny, más fíor. Tá míchlú ar chóilíneacht phionósach IK-3 mar gheall ar an mbrú fisiceach agus síceolaíoch, an leithlisiú iomlán, an céasadh agus an foréigean a dhéantar ar phríosúnaigh inti. Dá bhrí sin, tá Konoveev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
74. |
Alexei Vassilyevich LISYUK ar a dtugtar freisin |
Алексей Васильевич ЛИСЮК (litriú Rúisise) |
Post/poist: Dochtúir sláinteachais ghinearálta; Ceann an aonad leighis i gcoilíneacht phionósach IK-3 Dáta breithe: 1984 Áit bhreithe: Ussuriysk, Poblacht Shóisialach Chónaidhme na Rúise, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is dochtúir sláinteachais ghinearálta é Alexei Lisyuk agus tá sé ina cheann ar aonad leighis choilíneacht phionósach IK-3 ó mhí Lúnasa 2023 ar a laghad. Sa phost sin, bhí Lisyuk freagrach as sláinte Alexei Navalny ón 25 Nollaig 2023 go dtí go bhfuair Navalny bás an 16 Feabhra 2024. Rinne Lisyuk faillí ar dhálaí coinneála agus sláinte uafásacha Navalny, theip air a chinntiú go raibh acmhainneachtaí athbheochana leordhóthanacha san aonad agus theip air a ordú go dtabharfaí go dtí an t-ospidéal is gaire in am é tar éis dó titim as a sheasamh an 16 Feabhra 2024. Tá míchlú ar choilíneacht phionósach IK-3 mar gheall ar an mbrú fisiceach agus síceolaíoch, an leithlisiú iomlán, an céasadh agus an foréigean a dhéantar ar phríosúnaigh inti agus as droch-chaighdeán na seirbhísí leighis. Dá bhrí sin, tá Lisyuk freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. |
22.3.2024 |
75. |
Вадим Kонстантинович КАЛИНИН |
Post/poist: Ceann chóilíneacht phionósach IK-3 Dáta breithe: 7.3.1973 Áit bhreithe: an Rúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Wadim Konstantinowitsch Kalinin Ceann choilíneacht phionósach IK-3. Laistigh de shlabhra ceannais choilíneacht phionósach IK-3, agus é mar chuid oifigiúil de ‘foireann ceannais shinsearach’ Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise (FSIN) agus a bhfuil ról bainistíochta aige, cuirtear de chúram go díreach air cinntí feidhmiúcháin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as na dálaí foriomlána príosúnachta I gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar an ‘Polar Wolf’ de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta a bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3 bhí foréigean fisiceach, mar shampla céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce chomh maith. Dá bhrí sin, tá Wadim Konstantinowitsch Kalinin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneálacha treallacha, agus sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
76. |
Сергей Николаевич КОРЖОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Leas-cheann choilíneacht phionósach IK-3 Áit bhreithe: an Rúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Sergey Nikolaevich Korzov ina leas-cheann ar choilíneacht phionósach IK-3. Laistigh de shlabhra ceannais choilíneacht phionósach IK-3, agus é mar chuid oifigiúil de ‘foireann ceannais shinsearach’ Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise (FSIN) agus ról bainistíochta á ghlacadh aige, cuirtear de chúram go díreach air cinntí feidhmiúcháin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as na dálaí foriomlána príosúnachta i gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar an ‘Polar Wolf’ de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta a bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3 bhí foréigean fisiceach, mar shampla, céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce chomh maith. Dá bhrí sin, tá Sergey Nikolaevich Korzhov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
77. |
Василий Александрович ВЫДРИН (litriú Rúisise) |
Post/poist: Leas-cheann choilíneacht phionósach IK-3 Áit bhreithe: an Rúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Vasily Alexandrovich Vydrin ina leas-cheann ar choilíneacht phionósach IK-3. Laistigh de shlabhra ceannais choilíneacht phionósach IK-3, agus é mar chuid oifigiúil de ‘foireann ceannais shinsearach’ Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise (FSIN) agus ról bainistíochta á ghlacadh aige, cuirtear de chúram go díreach air cinntí feidhmiúcháin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as na dálaí foriomlána príosúnachta i gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar an ‘Polar Wolf’ de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta a bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3 bhí foréigean fisiceach, mar shampla, céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce chomh maith. Dá bhrí sin, tá Vasily Alexandrovich Vydrin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
78. |
Владимир Иванович ПИЛИПЧИК |
Post/poist: Leas-cheann chóilíneacht phríosúnach IK-3 Áit bhreithe: an Rúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Vladimir Ivanovich Pilipchik ina leas-cheann ar chóilíneacht phríosúnach IK-3. Laistigh de shlabhra ceannais choilíneacht phionósach IK-3, agus é mar chuid oifigiúil de ‘foireann ceannais shinsearach’ Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise (FSIN) agus ról bainistíochta á ghlacadh aige, cuirtear de chúram go díreach air cinntí feidhmiúcháin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as na dálaí foriomlána príosúnachta i gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar ‘Polar Wolf’ de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta a bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3, bhí foréigean fisiceach, mar shampla céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce chomh maith. Dá bhrí sin, tá Vladimir Ivanovich PILIPICHIK freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
79. |
Александр Владимирович ГОЛЯКОВ |
Post/poist: Leas-cheann chóilíneacht phríosúnach IK-3 Áit bhreithe: an Rúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Alexander Vladimirovich Golyakov ina leas-cheann ar chóilíneacht phríosúnach IK-3. Laistigh de shlabhra ceannais choilíneacht phionósach IK-3, agus é mar chuid oifigiúil de ‘foireann ceannais shinsearach’ Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise (FSIN) agus ról bainistíochta á ghlacadh aige, cuirtear de chúram go díreach air cinntí feidhmiúcháin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as na dálaí foriomlána príosúnachta i gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar ‘Polar Wolf’ de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta a bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3, bhí foréigean fisiceach, mar shampla céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce. Dá bhrí sin, tá Alexander Vladimirovich Golyakov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
80. |
Александр Валерьевич ОБРАЗЦОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Leas-cheann chóilíneacht phríosúnach IK-3 Áit bhreithe: an Rúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Alexander Valerievich Obraztsov ina leas-cheann ar chóilíneacht phríosúnach IK-3. Sa phost sin, tá sé freagrach go díreach as na dálaí príosúnachta i gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar ‘Polar Wolf’ de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta a bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3, bhí foréigean fisiceach, mar shampla céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce. Dá bhrí sin, tá Alexander Valerievich Obraztsov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus sárú córasach ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
81. |
Игорь Борисович РАКИТИН (litriú Rúisise) |
Post/poist: Stiúrthóir ar an Stiúrthóireacht um Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme do Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets Dáta breithe: 5.10.1973 Áit bhreithe: Réigiún Tyumen, Poblacht iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 100602094834 |
Tá Igor Borisovich Rakitin ina stiúrthóir ar an Stiúrthóireacht um Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme do Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets Chónaidhm na Rúise ó bhí an 28 Iúil 2020 ann. Faoina cheannas, bunaíodh patrún forleathan córasach céastóireachta i gcoilíneachtaí pionósacha i Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets. Faoina cheannas, tharla cleachtais chéastóireachta i gcoilíneachtaí pionósacha IK-3 ‘Polar Wolf’ agus IK-8 ‘Polar Bear’. Áirítear leis an bpatrún sin díothacht cúraim leighis, bascadh, tréimhsí fada gaibhniúcháin aonair, díothacht bhia agus instealladh substaintí anaithnide. Sa phost atá aige mar stiúrthóir ar an Stiúrthóireacht um Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme do Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets, tá Igor Borisovich Rakitin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
82. |
Валерий Геннадьевич БОЯРИНЕВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Céad-leas-stiúrthóir ar Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme Chónaidhm na Rúise Grád: Maorghinearál Náisiúntacht: Rúiseach Dáta breithe: 2.9.1970 Áit bhreithe: Berezovskiy, Krasnoyarskiy Kray, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois) Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 190113308460 |
Tá Valeriy Gennadyevich Boyarinev ina chéad-leas-stiúrthóir ar Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme Chónaidhm na Rúise ó bhí an 4 Iúil 2022 ann. Ceapadh é le foraithne ó Uachtarán Chónaidhm na Rúise. Faoina cheannas, bunaíodh patrún forleathan córasach céastóireachta i gcoilíneachtaí pionósacha na Rúise, lena n-áirítear an choilíneacht phríosúin inar coinníodh Alexei Navalny. Áirítear leis an bpatrún sin díothacht cúraim leighis, bascadh, tréimhsí fada gaibhniúcháin aonair, díothacht bhia agus instealladh substaintí anaithnide. Sa phost atá aige mar Chéad Leas-Stiúrthóir, thug Valeriy Gennadyevich Boyarinev na horduithe go pearsanta chun teorainn a chur leis an méid bia a bhí ag Navalny agus é ag fanacht i gcoilíneacht phionósach IK-6 i Réigiún Vladimirskaya. Trí lá tar éis bhás Navalny i gcoilíneacht phionósach faoina mhaoirseacht, rinneadh Maor-Ghinearál den tseirbhís inmheánach de Boyarinev le foraithne ón Uachtarán. Dá bhrí sin, tá Valeriy Gennadyevich Boyarinev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
83. |
Дмитрий Андреевич АРТЮХОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Gobharnóir Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets Náisiúntacht: Rúiseach Dáta breithe: 17.2.1988 Áit bhreithe: Réigiún Tyumen, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois) Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 720414941639 |
Is é Dmitriy Andreevich Artyukhov Gobharnóir Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets Chónaidhm na Rúise ó bhí an 29 Bealtaine 2018 ann. Faoina rialtas, rinneadh doiciméadú ar phatrún forleathan córasach céastóireachta i gcoilíneachtaí pionósacha, lena n-áirítear an choilíneacht inar coinníodh Alexei Navalny, ar fud an réigiúin. Áirítear leis an bpatrún sin díothacht cúraim leighis, bascadh, tréimhsí fada gaibhniúcháin aonair, díothacht bhia agus instealladh substaintí anaithnide. Léiríonn cruinnithe idir Dmitriy Andreevich Artyukhov agus ceannaire an chórais phionósaigh go raibh an rialtas réigiúnach ar an eolas faoi na cleachtais sin agus go raibh glacadh acu leo agus léiríonn siad an dlúthchomhar idir an rialtas réigiúnach agus an tseirbhís pheannaideach. Sa phost atá aige mar Ghobharnóir ar Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets, thacaigh Dmitriy Andreevich Artyukhov le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis agus bhí baint aige leis na sáruithe sin, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
84. |
Кирилл Сергеевич НИКИФОРОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh ar Chúirt Chathair Kovrov Dáta breithe: 14.3.1992 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh ar Chúirt Chathair Kovrov é Kirill Sergeevich Nikiforov, a dhiúltaigh cás dlí cheannaire an fhreasúra Alexei Navalny i gcoinne IK-6 chun achomharc a dhéanamh ar a aistriú chuig cillín pionóis ar feadh 12 lá. Agus é sa phríosún in IK-6, is minic a cuireadh na hoifigigh Alexei Navalny i gcillín pionóis i gcás mionsáruithe líomhnaithe. Dá bhrí sin, chaith sé míonna ar leithlis, rud a d’fhág gur tháinig meath suntasach ar a shláinte. Dá bhrí sin, ina cháil mar bhreitheamh de Chúirt Chathair Kovrov, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear coinneáil threallach chomh maith le céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, mar aon leis an sárú ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar cúis mhór imní é an méid sin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE. |
22.3.2024 |
|
85. |
Андрей Александрович СУВОРОВ |
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Chathair Mhoscó Dáta breithe: 2.3.1980 Áit bhreithe: an Rúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh é Andrey Aleksandrovich Suvorov i gCúirt Chathair Mhoscó, a ghearr téarma 19 mbliana ar Alexei Navalny i gcoilíneacht réimis speisialta faoi dhálaí mídhaonna in 2023, as ar eascair meath tromchúiseach ar shláinte Navalny. Dá bhrí sin, ina cháil mar bhreitheamh de Chúirt Chathair Mhoscó, tá Suvorov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear coinneáil threallach, céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chomh maith leis an sárú ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar cúis mhór imní é an méid sin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE. |
22.3.2024 |
|
86. |
Александр Александрович МУХАНОВ |
Post/poist: Stiúrthóir ar IK-2 Dáta breithe: 7.12.1984 Áit bhreithe: an Rúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Aleksandr Aleksandrovich Mukhanov ina Stiúrthóir ar choilíneacht cheartúcháin Uimh. 2 (IK-2), áit ar coinníodh Alexei Navalny ó mhí an Mhárta 2021 go dtí mí an Mheithimh 2022. Tá míchlú ar IK-2 mar gheall ar na drochdhálaí coinneála atá ann. Diúltaíodh rochtain a thabhairt do Navalny, a nimhíodh le déanaí, ar dhochtúirí sibhialtacha sa choilíneacht sin, in ainneoin na bagartha ar a shláinte. Sa phost sin, tá Aleksandr Aleksandrovich Mukhanov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chomh maith leis an sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
87. |
Роман Александрович ВИДЮКОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Imscrúdaitheoir ag Coiste Imscrúdaitheach Stáit Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 30.7.1980 Áit bhreithe: an Rúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is imscrúdaitheoir ag Coiste Imscrúdaitheach Stáit Chónaidhm na Rúise é Roman Alexandrovitch Vidyukov. Is é a bhí i gceannas ar an imscrúdú ar cheann de na cásanna ina raibh Alexei Navalny páirteach agus inar gearradh téarma príosúnachta 9 mbliana air in 2022. Bhí sé ina bhall freisin den fhoireann réamh-imscrúdaithe don chás ‘sciúrtha airgid’ i gcoinne fhondúireacht Navalny in aghaidh éilliú. Ina theannta sin, bhí sé i gceannas ar an imscrúdú i gcoinne Lilia Chanysheva, iarcheann cheanncheathrú Navalny in Ufa, a ciontaíodh as ‘pobal antoisceach a chruthú’. Gearradh téarma príosúnachta 7 mbliana go leith in 2023 ar Lilia Chanysheva. Le linn na gcásanna cúirte sin, líomhnaíodh go ndearna Roman Alexandrovitch Vidyukov bagairt ar fhinné, chun iallach a chur air fianaise a thabhairt a bheadh fabhrach don imscrúdú le linn chás calaoise Navalny. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabháil nó coinneáil threallach, agus as an sárú ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar cúis mhór imní é an méid sin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE. |
22.3.2024 |
|
88. |
Евгения Сергеевна НИКОЛАЕВА (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó Dáta breithe: 9.7.1981 Áit bhreithe: an Rúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is breitheamh í Evgenia Sergeevna Nikolaeva sa Chúirt Dúiche in Basmanny, Moscó ó bhí 2016 ann. Tá roinnt rialuithe eisithe aici i gcoinne freasúraí polaitiúla (lena n-áirítear Alexei Navalny, Ilia Yashin agus Vladimir Kara-Murza), rud a chuireann, dá bhrí sin, leis an gcos ar bolg polaitiúil sa Rúis. I mí Dheireadh Fómhair 2023, chuir sí Alexey Liptser agus Igor Sergunin, dlíodóirí Navalny, faoi choinneáil réamhthrialach ar feadh 2 mhí. Roimhe sin, chruthaíodh sí deacrachtaí do phríosúnaigh pholaitiúla arís is arís eile, lena n-áirítear trí shíneadh a chur leis na téarmaí coinneála in ionad coinneála réamhthrialach d’iarcheann cheanncheathrú Navalny in Ufa, Lilia Chanysheva. Dhiúltaigh sí freisin aghaidh a thabhairt ar ghearáin i dtaobh neamhghníomh Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise ar líomhain nimhiú Navalny. Dá bhrí sin, sa phost atá aici, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabháil nó coinneáil threallach, agus as an sárú ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar cúis mhór imní é an méid sin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE. |
22.3.2024 |
|
89. |
Наталия Николаевна ДУДАРЬ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó Dáta breithe: 13.6.1974 Áit bhreithe: an Rúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is breitheamh í Natalia Nikolaevna Dudar sa Chúirt Dúiche in Basmanny, Moscó. Ina post, d’eisigh sí roinnt rialuithe i gcoinne agóideoirí síochánta agus lucht an fhreasúra pholaitiúil, lena n-áirítear fostaithe Fhondúireacht Alexey Navalny in aghaidh Éilliú (FBK), Ilia Yashin agus Vladimir Kara-Murza. D’eisigh sí orduithe chun cuardaigh a dhéanamh ar fhostaithe FBK agus gairis chúléisteachta a shuiteáil ar a gcuid guthán. Chuir sí síneadh leis an ngabháil in ionad coinneála réamhthrialach Lilia Chanysheva, iarcheann cheanncheathrú Navalny in Ufa, ar cuireadh ina leith pobal antoisceach a chruthú. Dá bhrí sin, tá Natalia Nikolaevna Duda freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe gabháil nó coinneáil threallach, agus as sárú ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar cúis mhór imní é maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE. |
22.3.2024 |
|
90. |
Олег Владимирович СЕВОСТЬЯНОВ |
Post/poist: Ceann Roinne Aireacht Dlí agus Cirt na Rúise do Réigiún Féinrialaitheach Yamalo-Nenets Dáta breithe: 16.10.1968 Áit bhreithe: Bratsk, réigiún Irkutsk, iarUSSR(Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 622701024605 |
Is oifigeach ardleibhéil de chuid na Rúise é Oleg Vladimirovich Sevostyanov. Is Ceann Roinne Aireacht Dlí agus Cirt na Rúise do Réigiún Féinrialaitheach Yamalo-Nenets é. Sa phost sin, tá sé freagrach as cosaint chearta agus shaoirsí an duine agus cosaint cearta agus saoirsí sibhialta a áirithiú i Réigiún Féinrialaitheach Yamalo-Nenets. Tá coilíneacht phionósach IK-3, áit inar éag Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, agus áit a bhfuil míchlú uirthi mar gheall ar an mbrú fisiceach agus síceolaíoch, leithlisiú iomlán, céasadh agus foréigean a dhéantar ar phríosúnaigh chomh maith le droch-chaighdeán na seirbhísí leighis, lonnaithe in Réigiún Féinrialaitheach Yamalo-Nenets. Dá bhrí sin, tá Oleg Vladimirovich Sevostyanov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
91. |
Всеволод Львович ВУКОЛОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Leas-Aire Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 7.4.1969 Áit bhreithe: Moscó, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 770405292394 |
Is oifigeach ardleibhéil de chuid na Rúise é Vsevolod Lvovich Vukolov. Is é Leas-Aire Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise é. Sa phost sin, tá sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an tSeirbhís Pheannaideach Chónaidhme agus ar an Roinn Beartais Stáit i Réimse an Chórais Pionóis. Dá réir sin, bhí sé freagrach as pianbhreitheanna príosúin Alexei Navalny, polaiteoir Rúiseach de chuid an fhreasúra, a fhorghníomhú, agus as a shábháilteacht agus a dhea-bhail i bpríosúin na Rúise. Ós rud é gurbh é a rinne maoirseacht ar phríosúnú Alexei Navalny, is é atá freagrach faoi dheoidh as bás Alexei Navalny i gcoilíneacht phionósach IK-3. Dá bhrí sin, tá Vsevolod Lvovich Vukolov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
92. |
Виктор Евдокимович ГАВРИЛОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ceann na Roinne Iompair i Seirbhís Slándála Eacnamaíochta de chuid Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) Dáta breithe: 1961 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: Aleksandr Vasilievich Bortnikov |
Is é Viktor Evdokimovich Gavrilov Ceann na Roinne Iompair i Seirbhís Slándála Eacnamaíochta na Seirbhíse Slándála Cónaidhme. Sa phost sin, bhí sé freagrach as gníomhaireachtaí rialtais éagsúla a chomhordú nuair a d'fhill Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, ar Mhoscó tar éis dó cóireáil a fháil don nimh Novichok in 2021. Gabhadh Alexei Navalny agus cuireadh i bpríosún é mar gheall ar a chuid gníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, tá Viktor Evdokimovich Gavrilov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
93. |
Илья Николаевич КРУГЛЫШЕВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Comhairleoir Dlí Sinsearach i Seirbhís Dlí na Roinne Eagraíochtúla agus Anailísí de chuid Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme Réigiún Vladimir Grád: Captaen Dáta breithe: 23.2.1986 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is oifigeach ardleibhéil de chuid na Rúise é Ilya Nikolayevich Kruglyshev. Is Comhairleoir Dlí Sinsearach i Seirbhís Dlí na Roinne Eagraíochtúla agus Anailísí de chuid Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme Réigiún Vladimir é, agus rinne sé ionadaíocht do choilíneacht phionósach IK-6 i gcásanna cúirte arna gcomhdú ag Alexei Navalny i gcoinne choilíneacht phionósach IK-6. Sa phost sin, bhí baint dhíreach aige le ceapadh na ndálaí céastóireachta do Alexei Navalny i gcoilíneacht phionósach Uimh. 6 in Melekhovo, réigiún Vladimir. Chomh maith leis sin, níor mheas sé na gearáin a rinne Alexei Navalny maidir leis na coinníollacha a bhaineann le pianbhreith (lena n-áirítear na gearáin a rinneadh i dtaca le gan a bheith in ann cion breise bia a cheannach). Dá bhrí sin, tá Ilya Nikolayevich Kruglyshev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
94. |
Дмитрий Евгеньевич САМОЙЛОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh ar Chúirt Chathair Kovrov Dáta breithe: 6.4.1970 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh Rúiseach é Dmitry Evgenievich Samoilov atá ag obair i gCúirt Chathair Kovrov. Sa phost sin, dhiúltaigh sé arís agus arís eile éisteacht le héilimh Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, i gcoinne choilíneacht cheartúcháin IK-6, a bhí dírithe ar a chearta a athbhunú agus a chosaint, cearta a sháraigh ceannaireacht an IK-6. Bhain éilimh Navalny le rochtain ar chúnamh leighis, rochtain ar fhaisnéis, agus an ceart teagmháil a dhéanamh lena theaghlach. Dá bhrí sin, tá Dmitry Evgenievich Samoilov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
95. |
Ильнар Ирфанович БАСЫРОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó Dáta breithe: 8.6.1981 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Eintitis chomhlachaithe: Cúirt Cathrach Mhoscó |
Tá Ilnar Irfanovich Basyrov ag obair mar bhreitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó ón 28 Bealtaine 2014. Ceapadh é le foraithne ó uachtarán. Sa phost sin, bhí baint dhíreach aige le triail Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra. I dtriail a raibh údar polaitiúil léi, d’fhógair sé Alexei Navalny ciontach, agus chuir sé i gcóilíneacht phionósach ardslándála é chun nach mbeadh Navalny in ann a bheith páirteach i ngníomhaíocht pholaitiúil. Dá bhrí sin, tá Ilnar Irfanovich Basyrov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
96. |
Сергей Анатольевич МОРОЗ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ceann Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme Chónaidhm na Rúise le haghaidh Moscó Dáta breithe: 15.9.1968 Áit bhreithe: Zaporozhye, PPS na hÚcráine, (an Úcráin anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is oifigeach de chuid na Rúise é Sergey Anatolevich Moroz. Is é Ceann na Seirbhíse Peannaidí Cónaidhme i Moscó é. Sa phost sin, chuir sé Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, ar liosta cónaidhme na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu. Cúisítear Moroz mar gheall ar uirísliú agus foréigean foircneach a bheith déanta aige ar dhaoine atá faoi choinneáil ar theacht dóibh faoi choinneáil. Dá bhrí sin, tá Sergey Anatolevich Moroz freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
97. |
Елена Евгеньевна МОРОЗОВА (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Cathrach Khimki Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is breitheamh Rúiseach í Elena Evgenievna Morozova atá ag obair i gCúirt Cathrach Khimki. Ina post, chinn sí Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, a chur faoi choimeád ar feadh 30 lá, nuair a d’fhill sé ar Mhoscó tar éis dó cóireáil a fháil nuair a tugadh an nimh novichok dó. Sháraigh an triail ar a raibh sí ina cathaoirleach caighdeáin maidir le triail chóir, lena n-áirítear an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar na ndoiciméad díotála agus trialach, an deis dul i gcomhairle le dlíodóir, agus rochtain phoiblí ar an triail. Dá bhrí sin, tá Elena Evgenievna Morozova freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
98. |
Муса Абдурахманович МУСАЕВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Réigiúnach Mhoscó Dáta breithe: 14.10.1951 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh Rúiseach é Musa Abdurakhmanovich Musaev atá ag obair i gCúirt Réigiúnach Mhoscó. Ina phost, chuir sé tús le himeachtaí dlíthiúla maidir le ceannaire fhreasúra na Rúise, Alexei Navalny, a ghabháil nuair a d’fhill sé ón nGearmáin, áit a raibh cóireáil á fáil aige tar éis an nimh Novichok a ghlacadh. Sheas sé leis an gcinneadh Navalny a ghabháil ar feadh 30 lá, agus dhiúltaigh sé dá achomharc. Rinneadh an cinneadh le linn éisteacht ghairid nár mhair ach cúig nóiméad. Dá bhrí sin, tá Musa Abdurakhmanovich Musaev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
99. |
Михаил Юрьевич ПТИЦЫН (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is Cathaoirleach ar Chúirt Cathrach Mhoscó é Mikhail Yurievich Ptitsyn. Sa phost sin, rinne sé cinneadh dearfach i leith thogra Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise maidir le pianbhreith iomlán a chur in ionad phianbhreith phromhaidh cheannaire an fhreasúra, Alexei Navalny. Dá bhrí sin, ní raibh Navalny in ann gníomhú sa saol poiblí sa Rúis mar gur cuireadh i bpríosún i gcóilíneacht phionósach é. Dá bhrí sin, tá Mikhail Yurievich Ptitsyn freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
100. |
Сергей Алексеевич РЯБЦЕВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Dúiche Lefortovo i Moscó Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh Rúiseach é Sergey Alekseevich Ryabtsev atá ag obair i gCúirt Dúiche Lefortovo i Moscó. Sa phost sin, bhí baint aige le sabaitéireacht a dhéanamh ar an imscrúdú maidir le nimhiú Alexei Navalny trí dhiúltú aghaidh a thabhairt ar an ngearán faoi neamhghníomh Stiúrthóireacht Imscrúdaitheach Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB). Thairis sin, tugann sé pianbhreitheanna i gcoinne saoirse cainte sa Rúis go leanúnach. Dá bhrí sin, tá Sergey Alekseevich Ryabtsev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
101. |
Пётр Павлович СЕРКОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: An Chéad Leas-Chathaoirleach ar Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 7.6.1955 Áit bhreithe: Poldamasovo, réigiún Ulyanovsk, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Petr Pavlovich Serkov an Chéad Leas-Chathaoirleach ar Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise. Sa phost sin, sheas sé leis an bhfíorasc i gcoinne Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, in 2018. Dá thoradh sin, ciontaíodh Alexei Navalny agus cuireadh i bpríosún i gcóilíneacht phionósach ardslándála é chun nach mbeadh sé in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht pholaitiúil. Fuair Alexei Navalny bás de bharr gur cuireadh i gcóilíneacht phionósach é. Dá bhrí sin, tá Petr Pavlovich Serkov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
102. |
Юрий Васильевич СИТНИКОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh de Chúirt Uachtarach na Rúise (ar scor faoi láthair) Dáta breithe: 17.4.1961 Áit bhreithe: Krutogorye, réigiún Lipetsk, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is iarbhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Rúise é Yuri Vasilievich Sitnikov, a bhí ina chomhalta de Sheomra Achomhairc Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise. Sa phost sin, níor lig sé do Alexei Navalny seasamh sa toghchán uachtaránachta sa Rúis in 2018 i dtriail a raibh údar polaitiúil léi. Dá bhrí sin, tá Yuri Vasilievich Sitnikovis freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe córasacha ar an gceart chun comhthionól síochánta agus chun comhlachais, agus chun saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
103. |
Николай Викторович ТИМОШИН (litriú Rúisise) |
Post/poist: Comhalta Presidium Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 14.8.1959 Áit bhreithe: Sráidbhaile Zhidkoe, ceantar Znamensky, réigiún Oryol, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is comhalta Presidium Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise é Nikolay Viktorovich Timoshin. Sa phost sin, sheas sé leis an bhfíorasc i gcoinne Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, in 2018. Dá thoradh sin, ciontaíodh Alexei Navalny agus cuireadh i bpríosún i gcóilíneacht phionósach ardslándála é chun nach mbeadh sé in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht pholaitiúil. Dá bhrí sin, tá Nikolay Viktorovich Timoshin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
104. |
Владимир Юрьевич ЗАЙЦЕВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Cathaoirleach ar Dhlísheomra Achomhairc Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is Cathaoirleach ar Dhlísheomra Achomhairc Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise é Vladimir Yurievich Zaitsev. Sa phost sin, níor lig sé do Alexei Navalny seasamh sa toghchán uachtaránachta sa Rúis in 2018 i dtriail a raibh údar polaitiúil léi. Dá bhrí sin, tá Vladimir Yurievich Zaitsev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe córasacha ar an gceart chun comhthionól síochánta agus chun comhlachais, agus chun saoirse tuairimíochta agus tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
105. |
Владимир Сергеевич ШВЕДОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ceann na Roinne Beartais Stáit i Réimse Fhorghníomhú na bPianbhreitheanna Coiriúla in Aireacht Dlí agus Cirt na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: Vsevolod Lvovich Vukolov Eintitis chomhlachaithe: Aireacht Dlí agus Cirt na Rúise |
Is oifigeach ardleibhéil de chuid na Rúise é Ilya Nikolayevich Kruglyshev. Is é Ceann na Roinne Beartais Stáit i Réimse Fhorghníomhú na bPianbhreitheanna Coiriúla in Aireacht Dlí agus Cirt na Rúise. Sa phost sin, agus é i gceannas ar bheartas an stáit i réimse fhorghníomhú pianbhreitheanna coiriúla agus achomhairc saoránach á meas aige, bhí sé freagrach as pianbhreitheanna príosúin Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra sa Rúis, a fhorghníomhú. Dá bhrí sin, tá Vladimir Sergeevich Shvedov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
106. |
Neria BEN PAZI ar a dtugtar freisin Naria BEN FAZI |
|
Dáta breithe: 28.11.1993 Náisiúntacht: Iosraelach Inscne: fireann Uimhir aitheantais: 311509004 |
Bhunaigh Neria Ben Pazi ceithre cinn de na hurphoist ba fhoréigní ar an mBruach Thiar in 2019. Tá sé ar dhuine de na daoine lárnacha atá taobh thiar d’easáitiú éigeantais phobal Bedouin in Wadi Seeq, atá gar do Ramallah. Ó 2021, cuireadh i leith Neria Ben Pazi go ndearna sé ionsaí arís agus arís eile ar Phalaistínigh in Wadi Seeq agus in Deir Jarir agus go bhfuil a chuid gníomhaíochtaí ar aon dul le céasadh. An 12 Deireadh Fómhair 2023, ghlac sé páirt in ionsaí foréigneach in Wadi Seeq, inar buaileadh Palaistínigh go dona, cuireadh glais lámh orthu agus glacadh grianghraf díobh ina bhfo-éadaí. Rinne lonnaitheoirí fual orthu agus mhúch siad toitíní orthu. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine a rinneadh in aghaidh na bPalaistíneach lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, ar cúis mhór imní iad freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
19.4.2024 |
107. |
Yinon LEVI |
|
Dáta breithe: 12.12.1992 Náisiúntacht: Iosraelach Inscne: fireann Uimhir aitheantais: 203807276 |
Ghlac Yinon Levi páirt san iliomad gníomhartha foréigneacha ar shráidbhailte chomharsanacha gar dá áit chónaithe ar fheirm urphoist neamhdhleathach in Mitarim. Áirítear leis sin go háirithe tithe na dteaghlach Palaistíneach a réabadh agus díobháil a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear i láthair ban agus leanaí, chomh maith le madraí a chur sa tóir ar aoirí Palaistíneacha chun iad a ionsaí go fisiciúil agus ligean dá thréad a bheith ag innilt ar a dtailte atá faoi úinéireacht phríobháideach. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha forleathana ar chearta an duine atá dírithe ar an gceart atá ag Palaistínigh chun iomláine coirp agus intinne, an ceart chun maoine agus an ceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh, ar cúis mhór imní iad freisin a mhéid a bhaineann le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
19.4.2024 |
108. |
Meir Mordechai ETTINGER |
מאיר אטינגר (Litriú Eabhrais) |
Post/poist: comhalta de Hilltop Youth Dáta breithe: 4.10.1991 Áit bhreithe: Kiryat Moshe, Iarúsailéim, Iosrael Náisiúntacht: Iosraelach Inscne: fireann Eintitis chomhlachaithe: Hilltop Youth |
Meastar duine ceannródaíoch é Meir Ettinger sa ghrúpa Hilltop Youth, grúpa radacach atá comhdhéanta de dhaoine óga a bhfuil míchlú ar a bhaill mar gheall ar ghníomhartha foréigneacha a dhéanamh i gcoinne na bPalaistíneach agus a sráidbhailte ar an mBruach Thiar. Socraíonn an grúpa Hilltop Youth ar bharra cnoic ar an mBruach Thiar agus bíonn sé rannpháirteach i bhforéigean lonnaitheoirí trí “ionsaithe ar chlib phraghais” mar a thugtar orthu, a dhéanamh. Is foréigean de chineál córasach é an foréigean in aghaidh na bPalaistíneach, lena n-áirítear ciapadh fisiciúil agus síceasóisialta, bascadh, dúnmharú agus scartáil maoine. Spreagann agus gríosaíonn Meir Ettinger ionsaithe agus glacann sé páirt san imeaglú chun Palaistínigh a ruaigeadh as a dtailte. Chuidigh sé le lonnaíochtaí agus urphoist neamhdhleathacha a bhunú ar thailte Palaistíneacha ar fud an Bhruacha Thiar, agus bhain sé úsáid as imeaglú, ciapadh agus foréigean agus bhí glacadh aige leo siúd. Bhí baint aige le hionsaí marfach in 2015, a mheastar cheana féin a raibh baint ag an ngrúpa Hilltop Youth leis, ar theach a bhí ar an mBruach Thiar sa Phalaistín inar maraíodh beirt tuismitheoirí agus a mac a bhí 18 mí d’aois. Dá bhrí sin, tá Meir Ettinger freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chomh maith le sáruithe nó mí-úsáidí ar an gceart chun maoine agus an ceart chun saol príobháideach agus saol teaghlaigh atá ag Palaistínigh ar an mBruach Thiar agus as tacú leis na gníomhartha sin agus iad a spreagadh. Is cúis mhór imní iad na mí-úsáidí agus na sáruithe sin freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
19.4.2024 |
109. |
Elisha YERED |
אלישע ירד (Litriú Eabhrais) |
Post/poist: comhalta de Hilltop Youth Dáta breithe: 2001 Náisiúntacht: Iosraelach Inscne: fireann Eintitis chomhlachaithe: Hilltop Youth |
Is gníomhaí lonnaithe in Iosrael é Elisha Yered agus tuigtear go bhfuil baint aige le “Hilltop Youth”, grúpa radacach atá comhdhéanta de dhaoine óga a bhíonn ag gabháil do ghníomhartha foréigneacha i gcoinne na bPalaistíneach agus a sráidbhailte ar an mBruach Thiar. Tá Hilltop Youth rannpháirteach i bhforéigin lonnaitheoirí trí “ionsaithe ar chlib phraghais”, mar a thugtar orthu, a dhéanamh. Is foréigean de chineál córasach é an foréigean lonnaitheoirí sin in aghaidh na bPalaistíneach, lena n-áirítear ciapadh fisiciúil agus síceasóisialta, bascadh, dúnmharú agus scartáil maoine. Spreagann Elisha Yered na gníomhartha sin agus glacann sé páirt iontu. Is minic a ghríosaíonn sé an foréigean in aghaidh na bPalaistíneach ar an mBruach Thiar, lena n-áirítear trí theachtaireachtaí a scaipeadh ina ndeirtear, mar shampla, “scrios” sráidbhaile Palaistíneach. Rinne sé féin teaghlach Palaistíneach a chiapadh, ag úsáid teanga imeaglaithe bhagrach chun bac a chur ar a saoirse gluaiseachta ar a dtalamh féin agus tá baint aige le maoin na bPalaistíneach ar an mBruach Thiar a scriosadh. Bhí Elisha Yered mar chuid de ghrúpa lonnaitheoirí armtha a chuaigh ó urphost neamhdhleathach Oz Zion go dtí sráidbhaile Palaistíneach Burqa atá gar do Ramallah an 4 Lúnasa 2023. Scaoil na lonnaitheoirí urchair leis na Palaistínigh, maraíodh an Palaistíneach Qusai Jammal Mi’tan, a bhí 19 mbliana d’aois, agus gortaíodh roinnt Palaistíneach eile. Dá bhrí sin, tá Elisha Yered freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chomh maith le sáruithe nó mí-úsáidí ar an gceart chun maoine agus an ceart chun saol príobháideach agus saol teaghlaigh atá ag Palaistínigh ar an mBruach Thiar agus as tacú leis na gníomhartha sin agus tá sé freagrach as iad a spreagadh, agus tacú le fuath náisiúnta, ciníoch nó reiligiúnach arb ionann é agus gríosú chun idirdhealaithe, naimhdis nó foréigin. Is cúis mhór imní iad na sáruithe nó na mí-úsáidí sin freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
19.4.2024 |
(*1)
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(-1) maidir le hiontrálacha a shainaithnítear le réiltín. |
Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí
|
Ainm (Traslitriú isteach i script na Laidine) |
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostiú |
Dáta an liostaithe |
1. |
Xinjiang Production and Construction Corps Public Security Bureau |
新疆生产建设兵团公安局 (Litriú Síneach) |
Seoladh: 106 Guangming Road, Urumqi, Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR), an tSín Teileafón: +86 991 598 8114 |
Tá an Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) Public Security Bureau i gceannas ar bheartais uile XPCC i ndáil le gnóthaí slándála a chur chun feidhme, lena n-áirítear bainistiú ionad coinneála. Is eagraíocht eacnamaíoch pharamíleateach faoi úinéireacht an stáit in Xinjiang Uyghur Autonomous Region na Síne é XPCC, a bhfuil an t-údarás riaracháin á fheidhmiú aige agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha á rialú aige in Xinjiang. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Mar an eagraíocht atá i gceannas beartais slándála laistigh de XPCC, tá an XPCC Public Security Bureau freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus táiríde ar Uigiúraigh agus ar dhaoine de chuid mionlach eitneach Moslamach eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh, mar chuid, inter alia, den chur chun feidhme a rinne an XPCC ar chlár mórscála faireachais, coinneála agus síolteagaisc a bhí dírithe ar mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha. Mar chuid den chlár sin, úsáideann XPCC Uigiúraigh agus daoine eile ar de chuid mionlach eitneach Moslamach iad mar lucht saothair éignithe, go háirithe i ngoirt chadáis. Mar an eagraíocht atá i gceannas ar bheartais slándála laistigh de XPCC, tá an XPCC Public Security Bureau freagrach as úsáid chórasach a bhaint as saothar éignithe. |
|
2. |
Central Public Prosecutor’s Office (dá ngairtear Office of the Prosecutor of the Democratic People’s Republic of Korea (DPRK) freisin) |
조선민주주의인민공화국 중앙검찰소(Litriú Cóiréach) |
|
Is institiúid í an Central Public Prosecutor’s Office a dhéanann maoirseacht ar na himeachtaí coiriúla uile sa Democratic People’s Republic of Korea (DPRK), lena n-áirítear imscrúdú, ceistiú, coinneáil réamhthrialach agus trialacha. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Úsáidtear an Central Public Prosecutor’s Office chun daoine a ionchúiseamh agus a phionósú as mí-iompar polaitiúil i dtrialacha atá go héagórach ón mbonn aníos. Tá freagracht institiúideach uirthias sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine i ngnáthphríosúin agus i ngnáthionaid choinneála cheistiúcháin freisin ós rud é nach ndéanann sé cearta na gcimí réamhthrialacha nó na bpríosúnach ciontaithe a fhorfheidhmiú. I ndlúthchomhar leis na hAireachtaí Slándála Stáit agus Slándála Sóisialta, tá freagracht uirthi as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine, agus is í a thugann dlisteanacht dóibh, ar sáruithe iad a dhéanann fearas slándála DPRK, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach. |
|
3. |
Kaniyat Militia (ar a dtugtaí 7th Brigade, Tarhuna 7th Brigade, Tarhuna Brigade tráth) (ar a dtugtar freisin 9th Brigade, Al-Kani Militia, Al-Kaniyat, Kani Brigade, Kaniat, Kaniyat, Kanyat) |
مليشيا كانيات(Litriú Araibise) |
|
Is mílíste arna armáil ag an Libia í an Kaniyat Militia a raibh smacht aige ar bhaile Tarhuna sa Libia idir 2015 agus Meitheamh 2020. Tar éis don mhílíste sin teitheadh chuig Oirthear Libia ó mhí an Mheithimh 2020, aimsíodh olluaigheanna in Tarhuna, arb é an Kaniyat Militia ba chúis leo, ceaptar. Tá an Kaniyat Militia freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine, go háirithe maruithe seachbhreithiúnacha agus fuadach. |
22.3.2021 |
4. |
National Security Office (dá ngairtear National Security Agency freisin) of the Government of Eritrea |
- |
Faoi cheannas Maorghinearál Abraha Kassa |
Tá National Security Office (dá ngairtear National Security Agency freisin) of the Government of Eritrea faoi cheannas Maorghinearál Abraha Kassa agus faoi mhaoirseacht Oifig an Uachtaráin. Tá an National Security Office eagraithe ina sé cinn d'oifigí, agus gach ceann díobh siúd roinnte ina trí roinn a bhfuil freagracht orthu faoi seach as faisnéis, gabhálacha agus ceistiúchán. Tá an National Security Office freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Eiritré, go háirithe gabhálacha treallacha, maruithe seachbhreithiúnacha, fuadach agus céasadh arna dhéanamh ag a cuid gníomhaithe. |
22.3.2021 |
5. |
Wagner Group (ar a dtugtar freisin Vagner Group, PMC Wagner, Liga, League) ►M17 (*1) ◄ |
Группа Вагнера (Litriú Rúisise) |
|
Is eintiteas neamhchorpraithe míleata príobháideach atá bunaithe sa Rúis é Grúpa Wagner, a bunaíodh in 2014 mar eagraíocht a tháinig i gcomharbacht ar Chór Slavach. Tá sé faoi stiúir Dimitriy Utkin agus maoinithe ag Yevgeny Prigozhin. Trí eintitis áitiúla a bhunú, agus le tacaíocht ó rialtais áitiúla, maoiníonn agus déanann Grúpa Wagner a chuid oibríochtaí. Tá Grúpa Wagner freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Úcráin, sa tSiria, sa Libia, i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), sa tSúdáin, i Mailí agus i Mósaimbíc, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha. |
13.12.2021 |
6. |
|
Áit chláraithe: Bangui (Central African Republic) Dáta clárúcháin: 24.10.2017 Cláruimhir: M 354838 D 0001 (Uimhir “NIF”, Uimhir aitheantais chánach) Príomhionad gnó: Poblacht na hAfraice Láir Faisnéis eile: Branch of M-Finans |
Is cuideachta phríobháideach é Lobaye Invest SARLU atá cláraithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), fochuideachta de chuid na cuideachta Rúisigh M-Finans, arna rialú ag Yevgeny Prigozhin. Tá sé á bhainistiú ag Dimitri Sytii, feidhmeannach sinsearach i nGrúpa Wagner agus ag Yevgeny Khodotov, a bhfuil baint aige le Yevgeny Prigozhin. Oibríonn Lobaye Invest mianaigh óir agus diamant in PAL. Tá sé bainteach le hoibríochtaí an Ghrúpa Wagner in PAL. Maoiníonn sé chomh maith eagraíochtaí éagsúla meán, amhail an stáisiún raidió Lengo Songo, stáisiún raidió a dhéanann feachtais bhréagaisnéise agus a chuireann láithreacht an Ghrúpa Wagner in PAL chun cinn. Tá baint ag Lobaye Invest leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Lobaye Invest freisin leis na sáruithe sin arna ndéanamh in PAL. |
25.2.2023 |
|
7. |
|
Dáta clárúcháin: 28.3.2019 Cláruimhir: cá/BG2019B519 Príomhionad gnó: Poblacht na hAfraice Láir Faisnéis eile: daoine agus eintitis chomhlachaithe Yevgeny Prigozhin, Grúpa Wagner, Dimitri Sytii, Valery Zakharov, Perfilev, Svetlana Troitskaya, Lobaye Invest |
Is cuideachta scáileáin é Diamville a úsáideann an Grúpa Wagner atá i láthair i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) chun diamaint a thrádáil go neamhdhleathach. Tá dlúthbhaint aige le príomhghníomhaithe uile an Ghrúpa Wagner in PAL, amhail Yevgeny Prigozhin, agus Dimitri Sytii. Tá bhaint ag Diamsville leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn sé leis na sáruithe sin arna ndéanamh in PAL. |
25.2.2023 |
|
8. |
Foundation for the Defence of National Values (FDNV) Fund for the Defence of National Values (FDNV) Foundation/organization for the Protection of National Values (FPNV)/(FZNC) |
|
Áit chlárúcháin: Moscó (64 Zemlyanoy Val str., building 2, office 201, Moscow, Cónaidhm na Rúise) Suíomh gréasáin: https://en.fznc.ru/ |
Tá baint ag an Foundation for the Defence of National Values (FDNV) leis an nGrúpa Wagner. Feidhmíonn FDNV mar ghéag caidrimh phoiblí an Ghrúpa Wagner. Stiúrann sé feachtais bholscaireachta agus bhréagaisnéise ar son an Ghrúpa Wagner, lena n-áirítear chun clú Wagner a fheabhsú agus chun tacú lena imscaradh, agus bíonn sé rannpháirteach i gcur isteach ceilte thar ceann an Ghrúpa Wagner sna tíortha éagsúla ina bhfuil sé gníomhach. Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an Libia, Mailí, agus Poblacht na hAfraice Láir. Tá baint ag FDNV leis an nGrúpa Wagner agus tá sé freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner agus é a spreagadh trí bholscaireacht ar son an Ghrúpa Wagner, trí chur isteach polaitiúil agus tríd an mbréagaisnéis. |
25.2.2023 |
9. |
|
Áit chláraithe: Bangui, Poblacht na hAfraice Láir Dáta clárúcháin: Mí na Samhna 2018 Príomhionad gnó: Galabadja Bangui, Commune de Bangui Galabadja, 8eme Arr. [GPS]-> 4.4070, 18.5465 |
Is stáisiún raidió de chuid na hAfraice Láir é Radio Lengo Sengo a bhíonn ag gabháil d’oibríochtaí tionchair ar líne thar ceann an Ghrúpa Wagner. Is é an cuspóir deiridh atá aige ná tuairimí an phobail a ionramháil. Reáchtálann an chuideachta feachtais bhréagaisnéise agus cuireann sí láithreacht an Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Lair (PAL) chun cinn. Déanann Lobaye Invest, cuideachta phríobháideach a bhfuil baint aici le Yevgeny Prigozhin agus atá ceangailte leis an nGrúpa Wagner, a fheidhmíonn mar chlúdach dá ghníomhaíochtaí i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), Radio Lengo Sengo a mhaoiniú. Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL. Tá Radio Lengo Sengo freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner in PAL agus as é a spreagadh. |
25.2.2023 |
|
10. |
Meroe Gold Co. Ltd. ar a dtugtar freisin Meroe For Agricultural & Animal Production; Al-Solag; Al-Sarraj Mining Company Ltd; Al-Sawlaj Mining Company Ltd; Al-Solaj Mining Company) ►M17 (*1) ◄ |
|
Áit chlárúcháin: Al-jref Gharb Plot 134 Blok 1h, Khartoum, an tSúdáin Faisnéis eile: Mianadóireacht mianta miotail neamhfheiriúla eile Bainteach le: Al Sawlaj for Mining Ltd الصولج Aswar Multi Activities Co., Ltd |
Is eintiteas cumhdaigh é Meroe Gold d’oibríochtaí an Ghrúpa Wagner sa tSúdáin agus tá dlúthbhaint aige leis na hoibríochtaí sin. Trína bheith cleamhnaithe le harm na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis. Tá baint ag Meroe Gold leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear sa tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Meroe Gold freisin leis na sáruithe sin arna ndéanamh sa tSúdáin. |
25.2.2023 |
11. |
|
Áit chlárúcháin: d. 76 korp. 4 litera A ofis N620, prospekt Obukhovskoi Oborony St. Petersburg, Cónaidhm na Rúise Cláruimhir: 1177847044066 Príomhionad gnó: Khartoum, an tSúdáin Faisnéis eile: Uimhir Aitheantais Chánach: 7811636632, Uimhir na hIrise Rialtais: 06513574 |
Is eintiteas cumhdaigh é M-Invest do ghníomhaíochtaí Ghrúpa Wagner sa tSúdáin. Tá dlúthbhaint aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe go dlúth le lucht míleata na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis. Tá baint ag M-Invest leis an nGrúpa Wagner atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear sa tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Sewa Security Services freisin leis na sáruithe sin a dhéantar sa tSúdáin. |
25.2.2023 |
|
12. |
|
Áit chláraithe: Bangui (Poblacht na hAfraice Láir) Príomhionad gnó: Poblacht na hAfraice Láir Faisnéis eile: fochuideachta Lobaye Invest |
Is cuideachta phríobháideach atá lonnaithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) í Sewa Security Services a chuireann cosaint ar fáil d’oifigigh shinsearacha rialtais PAL. Is clúdach é do ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner in PAL. Is fochuideachta Lobaye Invest é, á bhainistiú ag Dimitri Sytii, feidhmeannach sinsearach i nGrúpa Wagner agus ag Yevgeny Khodotov, a bhfuil baint aige le Yevgeny Prigozhin. Bhí baint ag SEWA Security in éineacht leis an nGrúpa Wagner i sraith ionsaithe foréigneacha a tharla in PAL ó bhí toghcháin uachtaránachta mhí na Nollag 2020 ann. Tá baint ag Sewa Security leis an nGrúpa Wagner atá liostaithe do sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear sa tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Meroe Gold leis na sáruithe sin arna ndéanamh sa tSúdáin. |
25.2.2023 |
|
13. |
Qarchak Prison Ar a dtugtarfreisin Gharchak Prison, Zendân-e-Qarchak, Qarchak Women’s Prison, Shahr-e Rey Prison |
زندان قرچک (Litriú Fairsise) |
Áit chlárúcháin: Varamin County, Tehran province, Iran Dáta clárúcháin: 2010 |
Tá Qarchak Prison ar cheann de shaoráidí coinneála réimeas na hIaráine do mhná in Varamin County (Teheran province). I measc na ndaoine atá á gcoinneáil tá príosúnaigh pholaitiúla agus rannpháirtithe in agóidí síochánta ar son an daonlathais chomh maith le mná torracha agus máithreacha a bhfuil leanaí acu. Is déistineach mídhaonna na dálaí maireachtála in Qarchak Prison. Na mná atá á gcoinneáil in Qarchak Prison, tá siad faoi réir céastóireachta, éignithe agus foirmeacha eile den fhoréigean gnéis. Is i gcillíní róphlódaithe atá siad á gcoinneáil, gan rochtain ar uisce óil glan, bia ná cúnamh leighis, agus is cruálach mídhaonna táireach an íde í. Tá sé á thuarascáil ag príosúnaigh a scaoileadh saor go bhfuil cásanna ann ina bhfuil mí-úsáid ghnéasach á déanamh ag gardaí príosúin agus pearsanra slándála. Is minic a bhagraítear éigniú ar bhanagóideoirí a chuirtear in Qarchak Prison chun admhálacha a bhaint astu. Dá bhrí sin, tá Qarchak Prison freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin, lena n-áirítear céasadh agus íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach chomh maith le foréigean córasach gnéis agus inscnebhunaithe. |
7.3.2023 |
14. |
Syrian Republican Guard |
|
Áit chlárúcháin: An tSiria Daoine aonair comhlachaithe: An Briogáidire-Ghinearál Mohamed Qasem (leascheannasaí), An Ginearál Malik Aliaa (ceannasaí uachtarach), Mohammad Nayouf, Mohamed Kaddor (ceannasaí), An tUachtarán Bashar Al-Assad |
Is eintiteas é an Syrian Republican Guard atá freagrach as slándáil na n-oifigeach agus is cuid d’fhórsaí slándála na Siria é. Ina rannáin, tá foréigean gnéis agus inscnebhunaithe á dhéanamh go forleathan i gcoinne na mban, go háirithe le linn na coinbhleachta sa tSiria atá ar siúl faoi láthair. Tá tuairiscí tugtha ag íospartaigh faoi éignithe foréigneacha agus céasadh tar éis dóibh a bheith faoi réir gabháil threallach agus le linn coinneáil threallach. Tá an Syrian Republican Guard mar chuid de chur chuige córasach de chuid réimeas na Siria chun foréigean gnéis agus inscnebhunaithe a úsáid chun muintir na Siria, go háirithe mná agus cailíní, a chur faoi chois agus a imeaglú. Dá bhrí sin, tá an Syrian Republican Guard freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSiria, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach chomh maith le foréigean forleathan gnéis agus inscnebhunaithe. |
7.3.2023 |
15. |
Office of the Chief of Military Security Affairs (OCMSA) |
|
Áit chlárúcháin: Naypyitaw, Maenmar/Burma |
Tá Office of the Chief of Military Security Affairs (OCMSA) freagrach as na hionaid choinneála agus cheistiúcháin i Maenmar/Burma a bhainistiú agus tá sé de chúram uirthi faisnéis a bhailiú. Baineann foireann OCMSA úsáid as nochtacht éignithe, éigniú, turraingí leictreacha, baill ghiniúna a dhó agus foréigean iomarcach le linn coinneáil agus ceistiúchán treallach fear, ban agus ball den phobal LGBTIQ. Dá bhrí sin, tá OCMSA freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma, lena n-áirítear coinneáil agus céastóireacht threallach, agus as foréigean córasach forleathan gnéis agus inscnebhunaithe. |
7.3.2023 |
16. |
Main Directorate of Internal Affairs of the City of Moscow (Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó) ►M17 (*1) ◄ |
Главное Управление Внутренних дел по городу Москве (litriú Rúisise) |
Seoladh: 127994, Moscó, 38 Petrovka St., an Rúis Teileafón: +8 (495) 694-92-29 Suíomh gréasáin: https://77.xn--b1aew.xn--p1ai/ |
Is é Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó fórsaí póilíneachta, imscrúdaitheoirí coiriúla, saoráidí coinneála, an Ionad um an Antoisceachas a Chomhrac agus aonaid forfheidhmithe dlí eile i Moscó. Is é Oleg Baranov atá mar cheann uirthi. Rinne an Phríomh-Stiúrthóireacht faireachán ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus choinnigh sí go treallach iad. Chomh maith leis sin, d’aimsigh agus choinnigh sí coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Chun na gcríoch sin, bhain sí úsáid as córas aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais. |
20.7.2023 |
17. |
Department of Information Technologies of the City of Moscow (Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó) ►M17 (*1) ◄ |
Департамент Информационных Технологий города Москвы (litriú Rúisise) |
Seoladh: (dlíthiúil) Russia, 123100 Moscow, 1-Y Krasnogvardeyskiy Proyezd, 21, bld 1; (Fíor) Russia, 105064 Moscow Yakovoapostol'skiy Pereulok, 12с1 Teileafón: +7 (495) 957-01-31 Facs: +7 (495) 957-75-42 Rphost: dit@mos.ru Suíomh gréasáin: https://www.mos.ru/dit/ |
Is í Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó a fhorbraíonn agus a úsáideann an córas aitheantais aghaidhe i Moscó. Déanann sí sonraí ón gcóras aitheantais aghaidhe a tharchur chuig aonaid forfheidhmithe dlí Phríomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó leas as an gcóras aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis cos ar bolg. Bhain sí leas as chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil go treallach. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe freisin chun coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a aimsiú agus a choinneáil. Dá bhrí sin, tá Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais. |
20.7.2023 |
18. |
Нтехлаб (litriú Rúisise) |
Seoladh: 127055, Russia, Moscow, Novolesnaya St., 2, prem. 1/3 (BC “Brigantina Hall”) Teileafón: +7 (499) 110-22-54 Rphost: info@ntechlab.ru Suíomh gréasáin: https://ntechlab.ru/ |
Is cuideachta teicneolaíochta aitheantais aghaidhe Rúiseach é NtechLab. Chomhoibrigh sí le Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó maidir le forbairt an chórais aitheantais aghaidhe i Moscó. Déantar na sonraí ón gcóras aitheantais aghaidhe a tharchur chuig aonaid forfheidhmithe dlí Phríomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó leas as an gcóras aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis cos ar bolg. Bhain sí leas as chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil go treallach. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe freisin chun coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a aimsiú agus a choinneáil. Dá bhrí sin, tá Ntechlab freagrach as tacaíocht theicniúil nó ábhartha a thabhairt chun sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais. |
20.7.2023 |
|
19. |
Tevian dá ngairtear freisin Tekhnologii Videoanaliza LLC ►M17 (*1) ◄ |
ООО Технологии видеоанализа (litriú Rúisise) |
Seoladh: (dlíthiúil) 119634 Moscow, Skulptora Mukhina St. 7, 1st floor, II, room 2B, Russia; (oifig) 119048, Moscow, Efremova St., 10, building 2, Office 11, Russia Teileafón: +7 (917) 531-86-41 Suíomh gréasáin: https://tevian.ai Rphost: info@tevian.ru; support@tevian.ai |
Is cuideachta teicneolaíochta aitheantais aghaidhe é Tevian. Chomhoibrigh sí le Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó maidir le forbairt an chórais aitheantais aghaidhe i Moscó. Déantar na sonraí ón gcóras aitheantais aghaidhe a tharchur chuig aonaid forfheidhmithe dlí Phríomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó leas as an gcóras aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis cos ar bolg. Bhain sí leas as chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil go treallach. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe freisin chun coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a aimsiú agus a choinneáil. Dá bhrí sin, tá Tevian freagrach as tacaíocht theicniúil nó ábhartha a thabhairt chun sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais. |
20.7.2023 |
20. |
AO “Электронная Москва” (litriú Rúisise) |
Seoladh: (Fíor) 105064, Moscow, Nizhny Susalny pereulok, building 5, building 19, floor a1, room X, room 1 (Dlíthiúil) 105064, Moscow, Nizhny Susalny lane, 5, building 19, floor a1, room X, room 1 (Poist) 107078, Moscó, Bosca PO 185 Teileafón: +7 (495) 988-2270 Rphost: e-moskva@e-moskva.ru Suíomh gréasáin: https://www.e-moskva.ru/ Uimh. INN 7707314029 |
Is cuideachta TFC é Elektronnaya Moskva a bhunaigh Rialtas Mhoscó. D’eagraigh sé tairiscintí chun bogearraí aitheantais aghaidhe a sholáthar, a úsáideadh níos déanaí i gcur chun feidhme an chórais aitheantais aghaidhe i Moscó. D’fhorbair agus d’úsáid Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Moscó an córas aitheantais aghaidhe i Moscó. Rinneadh na sonraí ón gcóras a tharchur chuig aonaid forfheidhmithe dlí Phríomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó leas as an gcóras aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis cos ar bolg. Bhain sí leas as chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil go treallach. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe freisin chun coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a aimsiú agus a choinneáil. Dá bhrí sin, tá Elektronnaya Moskva freagrach as tacaíocht theicniúil nó ábhartha a thabhairt chun sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais. |
20.7.2023 |
|
21. |
Лига безопасного интернета (litriú Rúisise) |
Seoladh: Usovo, flat 100, Moscow Oblast, an Rúis, 143084 Teileafón: +7 8 800 700-56-76 Rphost: info@ligainternet.ru Suíomh gréasáin: https://ligainternet.ru Daoine aonair comhlachaithe: Ekaterina Mikhailovna Mizulina; Konstantin Valerevich Malofeev |
Is eagraíocht phara-rialtasach Rúiseach é Safe Internet League [an Léig um Idirlíon Sábháilte] a bhunaigh úinéir an chainéil teilifíse Tsargrad Konstantin Malofeev, le tacaíocht ó rialtas na Rúise. Ceadaíonn an Léig um Idirlíon Sábháilte do rialtas na Rúise cleachtais chinsireachta a threisiú trí chruthaitheoirí ábhair Idirlín agus ealaíontóirí Idirlín a chur ina dtost, i gcás inar daoine iad a dhéanann ábhar nach bhfuil ag teacht le tuairim oifigiúil rialtas na Rúise. Déanann an léig gearáin oifigiúla le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí na Rúise i gcoinne cruthaitheoirí ábhair Idirlín Rúiseacha, i.e. blagálaithe, chomh maith le ceoltóirí, daoine cáiliúla agus tionchairí. Agus an bhagairt orthu go n-úsáidfí bearta pionósacha nó eacnamaíochta ina gcoinne, tá an Léig um Idirlíon Sábháilte ag cur iallach ar chruthaitheoirí ábhar Idirlín agus ealaíontóirí Idirlín ábhar frith-rialtais a scriosadh nó ábhar a chruthú a rachadh chun leasa rialtas na Rúise agus a mholfadh a cuid beartas. Dá bhrí sin, tá an Léig um Idirlíon Sábháilte freagrach as mí-úsáid thromchúiseach chórasach i ndáil an tsaoirse tuairimíochta agus cainte, ar cúis mhór imní iad freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
29.1.2024 |
|
22. |
IK-3 penal colony ar a dtugtar freisin The Federal State Institution ‘Correctional Colony No. 3’ (IK-3); IK-3 men's maximum security correctional colony; |
ФКУ ИК-3 ar a dtugtar freisin Полярный волк (litriú Rúisise) |
Seoladh: 629420, st. Gagarina, 1 A, Yamalo-Nenets Autonomous Okrug, Kharp village Dáta clárúcháin: 1961 Príomhionad gnó: Réigiún Féinrialaitheach Yamalo-Nenets, Cónaidhm na Rúise Daoine aonair comhlachaithe: Ceann chóilíneacht phionósach IK-3, Coirnéal Vadim Konstantinovich KALININ |
Is cóilíneacht phionósach é IK-3 i seirbhísí ceartúcháin na Rúise, atá á reáchtáil ag Vadim Kalinin. Mar chuid de chóras pionóis na Rúise, tá sé faoi údarás Aireacht Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise. Tá míchlú ar choilíneacht phionósach IK-3 mar gheall ar an mbrú fisiceach agus síceolaíoch, leithlisiú iomlán, céasadh agus foréigean a dhéantar ar phríosúnaigh chomh maith le droch-chaighdeán na seirbhísí leighis. D’fhulaing Alexei Navalny, a coinníodh i gcóilíneacht phionósach IK-3 ón 25 Nollaig 2023 go dtí go bhfuair sé bás an 16 Feabhra 2024, mí-úsáid sa chóilíneacht phionósach sin, lena n-áirítear trí ghaibhniú aonair i gcill phionóis agus íde cruálach, mídhaonna agus táireach, rud a d’fhág go ndeachaigh a shláinte in olcas go mór agus go bhfuair sé bás ar deireadh. Dá bhrí sin, tá cóilíneacht phionósach IK-3 freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
23. |
IK-6 penal colony ar a dtugtar freisin Penal colony No. 6, Vladimir Oblast; IK-6 Melekhovo; |
ИК-6 Мелехово ar a dtugtar freisin ФКУ «ИК № 6 УФСИН по Владимирской области» (litriú Rúisise) |
Seoladh: village of Melekhovo (Vladimir region), Kovrovsky district, at Pervomaiskaya str., 261-A. An cineál eintitis: Cóilíneacht cheartúcháin Rúiseach le haghaidh na bhfear Áit chlárúcháin: an Rúis Dáta clárúcháin: 1959 |
Is cóilíneacht phionósach é IK-6 i seirbhísí ceartúcháin na Rúise, atá á reáchtáil ag Dmitry Nozhkin. Mar chuid de chóras pionóis na Rúise, tá sé faoi údarás Aireacht Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise. Tá míchlú ar choilíneacht phionósach IK-6 mar gheall ar an mbrú fisiceach agus síceolaíoch, leithlisiú iomlán, céasadh agus foréigean a dhéantar ar phríosúnaigh. D’fhulaing Alexei Navalny, a coinníodh i gcóilíneacht phionósach IK-6 ó mhí an Mheithimh 2022 go dtí an 25 Nollaig 2023, mí-úsáid sa chóilíneacht phionósach sin, lena n-áirítear trí ghaibhniú aonair i gcill phionóis agus íde cruálach, mídhaonna agus táireach, rud a d’fhág go ndeachaigh a shláinte in olcas go mór. Dá bhrí sin, tá cóilíneacht phionósach IK-6 freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
24. |
Al-Quds Brigades dá ngairtear freisin Sarāyā al-Quds |
سرايا القدس (litriú Araibise) |
Réigiúin ghníomhacha: Stráice Gaza, an Bruach Thiar, Deisceart na Liobáine |
Is iad al-Quds Brigades sciathán armtha Jiohád Ioslamach na Palaistíne, eagraíocht sceimhlitheoireachta atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais. An 7 Deireadh Fómhair 2023, rinne trodaithe al-Quds Brigades, i gcomhpháirt le Hamas, ionsaithe brúidiúla sceimhlitheoireachta gan idirdhealúó cheann ceann Iosrael. Agus an méid sin á dhéanamh acu, rinne siad foréigean forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe ar bhealach córasach, agus iad á úsáid mar arm cogaidh. Go háirithe, bhí trodaithe al-Quds Brigades páirteach in ionsaithe ar kibbutzim ar nós Kfar Aza agus Nahal Oz, áit a ndearnadh cineálacha tromchúiseacha foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú, dúnmharú naíonán baineann agus fuadach spriocdhírithe ban agus cailíní. Dá bhrí sin, tá al-Quds Brigades freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe córasach agus forleathan, ar cúis mhór imní iad freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
12.4.2024 |
25. |
Nukhba Force dá ngairtear freisin al-Nukhba |
نخبة (litriú Araibise) |
Réigiúin ghníomhacha: Stráice Gaza, an Bruach Thiar, Deisceart na Liobáine |
Is aonad fórsaí speisialta é Nukhba Force de chuid Hamas, eagraíocht sceimhlitheoireachta atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais. An 7 Deireadh Fómhair 2023, rinne trodaithe de chuid Fhórsa Nukhba ionsaithe brúidiúla sceimhlitheoireachta gan idirdhealúó cheann ceann Iosrael. Agus an méid sin á dhéanamh acu, rinne siad foréigean forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe ar bhealach córasach, agus iad á úsáid mar arm cogaidh. Go háirithe, chuaigh trodaithe de chuid Nukhba Force, i measc dreamanna eile, isteach in Kibbutz Kfar Aza agus rinne siad parafaoileoireacht isteach i bhféile cheoil Re’im (Nova). Sa dá áit, rinne trodaithe de chuid Nukhba Force foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe forleathan agus córasach, lena n-áirítear éigniú agus dúnmharú mionaoiseach baineann, ciorrú corp, chomh maith le ciorrú ball giniúna ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, tá Nukhba Force freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe córasach agus forleathan, ar cúis mhór imní iad freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
12.4.2024 |
26. |
Qassam Brigades dá ngairtear freisin Izz ad-Din al-Qassam Brigades; AQB |
|
Réigiúin ghníomhacha: Stráice Gaza, an Bruach Thiar, Deisceart na Liobáine |
Is iad Qassam Brigades sciathán míleata Hamas, eagraíocht sceimhlitheoireachta atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais. An 7 Deireadh Fómhair 2023, rinne trodaithe Qassam Brigades ionsaithe brúidiúla sceimhlitheoireachta gan idirdhealú ó cheann ceann Iosrael. Agus an méid sin á dhéanamh acu, rinne siad foréigean forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe ar bhealach córasach, agus iad á úsáid mar arm cogaidh, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach mionaoiseach agus corp, ciorrú ball giniúna agus fuadach spriocdhírithe ban agus cailíní. Dá bhrí sin, tá Qassam Brigades freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe córasach agus forleathan, ar cúis mhór imní iad freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
12.4.2024. |
27. |
Lehava ar a dtugtar freisin Prevention of Assimilation in the Holy Land |
להב"ה (Litriú Eabhrais) |
Teileafón: 079-9130000 Ríomhphost: o.leava@gmail.com Suíomh gréasáin: www.lehava-us.com; vod.leava.co.il |
Is grúpa radacach forchíníoch Giúdach den eite dheis é Lehava atá faoi stiúir a bhunaitheora, Ben-Zion “Bentzi” Gopstein. Úsáideann Lehava foréigean agus gríosaíonn sé foréigean in aghaidh na bPalaistíneach, na gCríostaithe agus na nGiúdach Meisiasach, mar shampla, gháir comhaltaí de Lehava “go bhfaighidh na hArabaigh bás” agus iarradh orthu airm a bhailiú le linn slógaí. Eagraíonn Lehava agóidí foréigneacha i gcoinne bainiseacha idir Giúdaigh agus Moslamacha agus an pobal LADTIA. Déanann baill Lehava ciaptha agus ionsaí ar lánúineacha Arabacha-Giúdacha. Dá bhrí sin, tá Lehava freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe a bheith tacú go córasach le fuath náisiúnta, ciníoch nó reiligiúnach arb ionann é agus gríosú chun idirdhealaithe, naimhdis nó foréigin ar cúis mhór imní é freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
19.4.2024 |
28. |
Hilltop Youth ar a dtugtar freisin No’ar HaGva’ot |
נוער הגבעות (Litriú Eabhrais) |
Daoine aonair comhlachaithe: Meir Mordechai ETTINGER; Elisha YERED |
Grúpa radacach atá comhdhéanta de dhaoine óga is ea Hilltop Youth a bhfuil míchlú ar a bhaill mar gheall ar ghníomhartha foréigneacha i gcoinne na bPalaistíneach agus a sráidbhailte ar an Bruach Thiar. Socraíonn an grúpa ar bharra cnoic ar an mBruach Thiar agus bíonn sé rannpháirteach i bhforéigean lonnaitheoirí trí “ionsaithe ar chlib phraghais”, mar a thugtar orthu, a dhéanamh. Is foréigean de chineál córasach é an foréigean lonnaitheoirí sin í in aghaidh na bPalaistíneach agus a sráidbhailte, lena n-áirítear ciapadh fisiciúil agus síceasóisialta, bascadh, dúnmharú agus scartáil maoine. Dá bhrí sin, tá Hilltop Youth freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chomh maith le sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar an gceart chun maoine agus an ceart chun saol príobháideach agus saol teaghlaigh atá ag na bPalaistínigh ar an mBruach Thiar, ar cúis mhór imní iad freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
19.4.2024 |
(*1)
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(-1) maidir le hiontrálacha a shainaithnítear le réiltín. |
IARSCRÍBHINN II
Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún
AN BHEILG
https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions
AN BHULGÁIR
https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions
AN tSEICIA
www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html
AN DANMHAIRG
http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/
AN GHEARMÁIN
https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html
AN EASTÓIN
https://vm.ee/et/rahvusvahelised-sanktsioonid
ÉIRE
https://www.dfa.ie/our-role-policies/ireland-in-the-eu/eu-restrictive-measures/
AN GHRÉIG
http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html
AN SPÁINN
https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx
AN FHRAINC
http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/
AN CHRÓIT
https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955
AN IODÁIL
https://www.esteri.it/it/politica-estera-e-cooperazione-allo-sviluppo/politica_europea/misure_deroghe/
AN CHIPIR
https://mfa.gov.cy/themes/
AN LAITVIA
http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539
AN LIOTUÁIN
http://www.urm.lt/sanctions
LUCSAMBURG
https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html
AN UNGÁIR
https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato
MÁLTA
https://foreignandeu.gov.mt/en/Government/SMB/Pages/SMB-Home.aspx
AN ÍSILTÍR
https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties
AN OSTAIR
https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/
AN PHOLAINN
https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe
https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions
AN PHORTAINGÉIL
https://www.portaldiplomatico.mne.gov.pt/politica-externa/medidas-restritivas
AN RÓMÁIN
http://www.mae.ro/node/1548
AN tSLÓIVÉIN
http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi
AN tSLÓVAIC
https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu
AN FHIONLAINN
https://um.fi/pakotteet
AN tSUALAINN
https://www.regeringen.se/sanktioner
Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:
An Coimisiún Eorpach
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)
Rue de Spa/Spastraat 2
1049 Bruxelles/Brussel, BELGIQUE/BELGIË
R-phost: relex-sanctions@ec.europa.eu