02024L1405 — GA — 17.05.2024 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2024/1405 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Márta 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunábhair chun bithbhreoslaí agus bithghás a tháirgeadh a chur leis

(IO L 1405 17.5.2024, lch. 1)


Arna ceartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 90316, 27.5.2024, lch.  1 ((AE) 2024/14052024/1405)




▼B

TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2024/1405 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Márta 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunábhair chun bithbhreoslaí agus bithghás a tháirgeadh a chur leis



Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.  
►C1  Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 14 Meán Fómhair 2025 ar a dhéanaí. ◄ Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.  
Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.




IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir 2018/2001 mar a leanas:

(1) 

i gCuid A, cuirtear na bunábhair seo a leanas leis:

‘(r) 

Olaí fiúsail ó dhriogadh alcólach;

(s) 

Meatánól amh ó chraftlaíon de thoradh laíon adhmaid a tháirgeadh;

(t) 

Barra breise, amhail barra eatraimh agus barra cumhdaigh a fhástar i gceantar ina bhfuil táirgeadh na mbarr bia agus beatha teoranta do bhuain amháin mar thoradh ar thréimhse fáis ghearr, agus ar choinníoll nach ngníomhachtaítear lena n-úsáid éileamh ar thalamh breise, agus ar choinníoll go gcoinnítear an t-ábhar orgánach san ithir ar bun, i gcás ina n-úsáidtear iad chun bithbhreosla a tháirgeadh le haghaidh earnáil na heitlíochta;

(u) 

Barra a fhástar ar thalamh atá díghrádaithe go mór, seachas barra bia agus beatha, i gcás ina n-úsáidtear iad chun bithbhreosla a tháirgeadh le haghaidh earnáil na heitlíochta;

(v) 

Cianabaictéir.’;

(2) 

i gCuid B, cuirtear na bunábhair seo a leanas leis:

‘(c) 

Barra damáistithe nach bhfuil oiriúnach lena n-úsáid sa slabhra bia agus beatha, seachas substaintí atá modhnaithe nó éillithe d’aon ghnó chun an sainmhíniú seo a chomhlíonadh;

(a) 

Fuíolluisce cathrach agus díorthaigh seachas sloda séarachais;

(b) 

Na barra a fhástar ar thalamh atá díghrádaithe go mór, seachas barra bia agus beatha, agus bunábhair a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn seo, i gcás nach n-úsáidtear iad chun bithbhreosla a tháirgeadh le haghaidh earnáil na heitlíochta;

(c) 

Barra breise, amhail barra eatraimh agus barra cumhdaigh, seachas bunábhair a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn seo, a fhástar i gceantar ina bhfuil táirgeadh na mbarr bia agus beatha teoranta do bhuain amháin mar thoradh ar thréimhse fáis ghearr, agus ar choinníoll nach ngníomhachtaítear lena n-úsáid éileamh ar thalamh breise, agus ar choinníoll go gcoinnítear an t-ábhar orgánach san ithir ar bun, i gcás nach n-úsáidtear iad chun bithbhreosla a tháirgeadh le haghaidh earnáil na heitlíochta.’.