02022R0127 — GA — 13.02.2025 — 003.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/127 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Nollaig 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro

(IO L 020 31.1.2022, lch. 95)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/57 ÓN gCOIMISIÚN  an 31 Deireadh Fómhair 2022

  L 5

7

6.1.2023

►M2

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1309 ÓN gCOIMISIÚN  an 26 Aibreán 2023

  L 162

3

28.6.2023

►M3

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1448 ÓN gCOIMISIÚN  an 10 Bealtaine 2023

  L 179

2

14.7.2023

►M4

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/310 ÓN gCOIMISIÚN  an 5 Nollaig 2024

  L 310

1

12.2.2025




▼B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/127 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Nollaig 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro



CAIBIDIL I

Gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile

Airteagal 1

Na coinníollacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta a chreidiúnú

1.  

Déanfaidh na Ballstáit na ranna nó na comhlachtaí sin a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo agus a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 a chreidiúnú mar ghníomhaireachtaí íocaíochta. Maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta a dhéanann an bhainistíocht agus an rialú ar chaiteachas dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, i leith íocaíochtaí a dhéanann siad agus maidir le faisnéis a chur in iúl agus a choimeád, soláthróidh siad ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

a mhéid a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115, go meaitseálfaidh an caiteachas an t-aschur tuairiscithe comhfhreagrach agus go ndéanfar é i gcomhréir leis na córais rialachais is infheidhme;

(b) 

go mbeidh na híocaíochtaí dlíthiúil agus rialta a mhéid a bhaineann leis na bearta a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 ( 1 ), (AE) Uimh. 229/2013 ( 2 ), (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 1144/2014 ( 3 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(c) 

go gcoinneofar cuntais bheachta agus uileghabhálacha ar na híocaíochtaí a rinneadh;

(d) 

go ndéanfar na seiceálacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais;

(e) 

go dtíolacfar na doiciméid riachtanacha laistigh de na teorainneacha ama agus san fhoirm a leagtar amach le rialacha an Aontais;

(f) 

go mbeidh rochtain ar na doiciméid agus go gcoinneofar iad ar bhealach lena n-áiritheofar a n-iomláine, a mbailíocht agus a n-inléiteacht go fadtéarmach, lena n-áirítear doiciméid leictreonacha de réir bhrí rialacha an Aontais.

2.  

Chun go ndéanfar gníomhaireacht íocaíochta a chreidiúnú, ní mór dóibh eagrúchán riaracháin agus córas rialaithe inmheánaigh a bheith acu lena gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

timpeallacht inmheánach;

(b) 

gníomhaíochtaí rialaithe;

(c) 

faisnéis agus cumarsáid;

(d) 

faireachán.

3.  
Féadfaidh na Ballstáit critéir chreidiúnaithe bhreise a leagan síos chun méid, freagrachtaí agus gnéithe sonracha eile na gníomhaireachta íocaíochta a chur san áireamh.

Airteagal 2

Na coinníollacha maidir le comhlachtaí comhordúcháin a chreidiúnú

1.  
I gcás ina gcreidiúnófar níos mó ná gníomhaireacht íocaíochta amháin, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na ranna nó na comhlachtaí sin a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4 a chreidiúnú mar chomhlachtaí comhordúcháin. Déanfaidh an Ballstát sin, le gníomh foirmiúil ar leibhéal na n-airí, cinneadh maidir le creidiúnú an chomhlachta comhordúcháin tar éis dó deimhniú dó féin go dtugtar ráthaíocht le socruithe riaracháin an chomhlachta sin go bhfuil sé ábalta na cúraimí dá dtagraítear san Airteagal sin a dhéanamh.
2.  

Chun go ndéanfar an comhlacht comhordúcháin a chreidiúnú, áiritheoidh sé na nithe seo a leanas:

(a) 

go mbeidh dearbhuithe don Choimisiún bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas ó fhoinsí a údaraíodh go cuí;

(b) 

go mbeidh an tuarascáil feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115 cumhdaithe faoi raon feidhme na tuairime dá dtagraítear in Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus go mbeidh dearbhú bainistíochta, lena gcumhdófar cur le chéile na tuarascála iomláine, ag gabháil léi nuair a tharchuirfear í;

(c) 

go ndéanfar na dearbhuithe don Choimisiún a údarú go cuí roimh an tarchur;

(d) 

go mbeidh rian iniúchta cuí ann chun tacú leis an bhfaisnéis a tarchuireadh chuig an gCoimisiún;

(e) 

go stórálfar go slán i bhformáid ríomhairithe taifead ar an bhfaisnéis a fuarthas agus a tarchuireadh.

3.  
Chun go ndéanfar comhlacht comhordúcháin a chreidiúnú, beidh eagrúchán riaracháin agus córas rialaithe inmheánaigh aige a mhéid a bhaineann le cur le chéile na tuarascála feidhmíochta bliantúla, lena gcomhlíontar na ceanglais arna socrú ag an údarás inniúil a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta ábhartha, agus go háirithe na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn II maidir le faisnéis agus cumarsáid.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit critéir chreidiúnaithe bhreise a leagan síos chun méid, freagrachtaí agus gnéithe sonracha eile an chomhlachta comhordúcháin a chur san áireamh.

Airteagal 3

Oibleagáidí na gníomhaireachta íocaíochta a mhéid a bhaineann le hidirghabháil phoiblí

1.  
Na gníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, déanfaidh siad rialú na n-oibríochtaí sin a bhfuil nasc acu le bearta idirghabhála poiblí a bhaineann leis an stóráil phoiblí as a bhfuil siad freagrach a bhainistiú agus a áirithiú faoi na téarmaí a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus, más iomchuí, sa reachtaíocht talmhaíochta earnálach, go háirithe ar bhonn na rátaí seiceála íosta arna socrú san Iarscríbhinn sin.

Féadfaidh na gníomhaireachtaí íocaíochta a gcumhachtaí i ndáil le bearta idirghabhála poiblí a tharmligean chuig gníomhaireachtaí idirghabhála a chomhlíonann na coinníollacha formheasta a leagtar síos in Iarscríbhinn I, pointe 1.D, a ghabhann leis an Rialachán seo nó féadfaidh siad gníomhú trí ghníomhaireachtaí íocaíochta eile.

2.  

Féadfaidh na gníomhaireachtaí íocaíochta nó na gníomhaireachtaí idirghabhála na nithe seo a leanas a dhéanamh, gan dochar dá bhfreagracht fhoriomlán a bhaineann le stóráil phoiblí:

(a) 

bainistíocht bearta áirithe maidir le stóráil phoiblí a chur de chúram ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a stórálann táirgí talmhaíochta a cheannaítear isteach (“stórálaithe”);

(b) 

sainordú a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha chun cúraimí sonracha áirithe a leagtar síos leis an reachtaíocht talmhaíochta earnálach a dhéanamh.

Má chuireann na gníomhaireachtaí íocaíochta an bhainistíocht de chúram ar stórálaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), déanfar an bhainistíocht sin faoi chonarthaí stórála ar bhonn na n-oibleagáidí agus na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

3.  

Beidh oibleagáidí na ngníomhaireachtaí íocaíochta maidir le stóráil phoiblí, go háirithe, mar seo a leanas:

(a) 

cuntais stoic agus cuntais airgeadais a choinneáil i leith gach táirge a chumhdaítear le beart idirghabhála a bhaineann le stóráil phoiblí, bunaithe ar na hoibríochtaí a dhéanann siad idir an 1 Deireadh Fómhair bliain amháin agus an 30 Meán Fómhair an bhliain dár gcionn, agus gairtear “bliain chuntasaíochta” ar an tréimhse sin;

(b) 

liosta cothrom le dáta a choinneáil de na stórálaithe lenar chuir siad conradh maidir le stóráil phoiblí i gcrích. Beidh tagairtí sa liosta sin lenar féidir gach pointe stórála, a chumas, líon na dtrádstóras, na bhfuarstóras agus na sadhlanna, agus na líníochtaí agus na léaráidí de a shainaithint go cruinn;

(c) 

na conarthaí caighdeánacha a úsáidtear le haghaidh stóráil phoiblí a chur ar fáil don Choimisiún, chomh maith leis na rialacha arna leagan síos maidir le táirgí a ghabháil ar láimh, a stóráil agus a aistriú as stórais na stórálaithe, agus na rialacha is infheidhme maidir le dliteanas na stórálaithe;

(d) 

cuntais stoic ríomhairithe lárnacha a choinneáil ar gach stoc, lena gcumhdaítear gach áit stórála, gach táirge agus cainníochtaí agus cáilíochtaí uile na dtáirgí éagsúla, lena sonraítear i ngach cás an meáchan (glanmheáchan agus ollmheáchan, i gcás inarb infheidhme) nó an toirt;

(e) 

gach oibríocht a bhaineann le stóráil, caomhnú, iompar nó aistriú táirgí idirghabhála a dhéanamh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta, gan dochar d’fhreagracht na gceannaitheoirí, d’fhreagracht na ngníomhaireachtaí íocaíochta eile a bhfuil baint acu le hoibríocht ná d’fhreagracht aon duine eile a ghníomhaíonn de réir treoracha maidir leis seo;

(f) 

seiceálacha a dhéanamh ar áiteanna ina gcoinnítear stoic idirghabhála, i rith na bliana, ar bhonn mírialta agus gan rabhadh roimh ré. Mar sin féin, a fhad is nach bhfuil cuspóir an rialaithe i gcontúirt, féadfar réamhfhógra a thabhairt, ach beidh an réamhfhógra sin teoranta go docht don tréimhse riachtanach íosta. Ní rachaidh an fógra sin thar 24 uair an chloig, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo;

(g) 

stocáireamh bliantúil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 4.

Más rud é, i mBallstát, go ndéanann níos mó ná gníomhaireacht íocaíochta amháin cuntais stórála poiblí a bhainistiú le haghaidh táirge amháin nó níos mó ná táirge amháin, déanfar na cuntais stoic agus na cuntais airgeadais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a) agus pointe (d), a chomhdhlúthú ar leibhéal an Bhallstáit sula gcuirfear an fhaisnéis chomhfhreagrach in iúl don Choimisiún.

4.  

Áiritheoidh na gníomhaireachtaí íocaíochta na nithe seo a leanas:

(a) 

go ndéanfar na táirgí sin a chumhdaítear le bearta idirghabhála an Aontais a chaomhnú i gceart trí cháilíocht na dtáirgí a stóráiltear a sheiceáil uair amháin sa bhliain ar a laghad;

(b) 

ionracas na stoc idirghabhála.

5.  

Cuirfidh na gníomhaireachtaí íocaíochta an Coimisiún ar an eolas láithreach:

(a) 

faoi chásanna inar dócha go dtiocfadh meath ar tháirge de dheasca síneadh a chur lena thréimhse stórála;

(b) 

faoi chaillteanas cainníochtúil nó meath ar an táirge de dheasca tubaistí nádúrtha.

I gcás inarb infheidhme na cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, glacfaidh an Coimisiún an cinneadh iomchuí:

(a) 

a mhéid a bhaineann leis na cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b) 

a mhéid a bhaineann leis na cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 102(3) de Rialachán (AE) 2021/2116.

6.  
Beidh na gníomhaireachtaí íocaíochta freagrach as aon iarmhairt airgeadais a bhaineann le droch-chaomhnú táirgí arna gcumhdach ag bearta idirghabhála an Aontais, go háirithe iarmhairtí a eascraíonn as modhanna stórála neamhoiriúnacha. Gan dochar d’aon cheart cúitimh in aghaidh stórálaithe, is ar na gníomhaireachtaí íocaíochta a bheidh an fhreagracht airgeadais as mainneachtain a ngnóthas nó a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.
7.  
Na cuntais stórála poiblí agus na doiciméid, na conarthaí agus na comhaid uile arna dtarraingt suas nó arna bhfáil i gcomhthéacs na n-oibríochtaí idirghabhála, cuirfidh na gníomhaireachtaí íocaíochta ar fáil iad go buan do ghníomhairí an Choimisiúin nó do dhaoine arna sainordú ag an gCoimisiún, bíodh sin go leictreonach nó in áitreabh na ngníomhaireachtaí íocaíochta.

Airteagal 4

Fardal

1.  
Le linn gach bliana cuntasaíochta, déanfaidh na gníomhaireachtaí íocaíochta fardal a tharraingt suas maidir le gach táirge a bhí faoi réir idirghníomhú an Aontais.

Cuirfidh siad torthaí an fhardail i gcomparáid leis na sonraí cuntasaíochta. Cuirfear san áireamh aon difríocht i gcainníochtaí a fuarthas, agus na méideanna a eascraíonn as na difríochtaí sa cháilíocht a fuarthas le linn seiceálacha, de réir na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 47(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116.

2.  
Chun críocha mhír 1, beidh na cainníochtaí ar iarraidh a eascróidh as gnáthoibríochtaí stórála comhionann leis an difríocht idir an stoc teoiriciúil a thaispeántar le fardal na gcuntas, de pháirt, agus an stoc fisiceach iarbhír arna bhunú ar bhonn an fhardail dá bhforáiltear i mír 1 nó an stoc iarmhair a thaispeántar ar na leabhair tar éis do stoc fisiceach stóir ar leith a bheith ídithe, den pháirt eile, agus beidh siad faoi réir na dteorainneacha lamháltais a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

CAIBIDIL II

Bainistíocht airgeadais

Airteagal 5

Neamhchomhlíontacht leis an sprioc-am íocaíochta is déanaí

1.  
Measfar go mbeidh íocaíochtaí le tairbhí a dhéantar tar éis an dáta is déanaí is féidir íocaíocht a dhéanamh incháilithe faoi na himthosca agus na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 6.
2.  
Caiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) faoi Airteagal 5(2) nó caiteachas an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) faoi Airteagal 6 maidir le hidirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 a dhéantar tar éis an sprioc-am a leagtar síos i ndlí an Aontais, ní dhéanfar aon laghdú ar na híocaíochtaí míosúla nó eatramhacha i gcás gur mar a chéile é agus an tairseach 5 % nó níos lú den chaiteachas a dhéantar roimh na sprioc-amanna le haghaidh CERT agus CETFT faoi seach.

Caiteachas CERT nó CETFT a dhéanfar tar éis na sprioc-amanna a leagtar síos i ndlí an Aontais, i gcás ina mbeidh sé os cionn na tairsí 5 % maidir le CERT agus CETFT faoi seach, laghdófar gach caiteachas breise a dhéanfar go déanach i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a) 

maidir le caiteachas CERT:

(i) 

déanfar laghdú 10 % ar chaiteachas a dhéanfar sa chéad mhí tar éis na míosa a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(ii) 

déanfar laghdú 25 % ar chaiteachas a dhéanfar sa dara mí tar éis na míosa a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(iii) 

déanfar laghdú 45 % ar chaiteachas a dhéanfar sa tríú mí tar éis na míosa a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(iv) 

déanfar laghdú 70 % ar chaiteachas a dhéanfar sa cheathrú mí tar éis na míosa a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(v) 

déanfar laghdú 100 % ar chaiteachas a dhéanfar níos déanaí ná an ceathrú mí tar éis na míosa a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(b) 

maidir le caiteachas CETFT:

(i) 

déanfar laghdú 25 % ar chaiteachas a dhéanfar idir 1 Iúil agus 15 Deireadh Fómhair na bliana a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(ii) 

déanfar laghdú 60 % ar chaiteachas a dhéanfar idir 16 Deireadh Fómhair agus 31 Nollaig na bliana a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(iii) 

déanfar laghdú 100 % ar chaiteachas a dhéanfar níos déanaí ná 31 Nollaig na bliana a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag.

3.  

De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

maidir le caiteachas as idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha nó caiteachas CETFT i gcás nach ndearnadh an tairseach dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, a úsáid go hiomlán le haghaidh íocaíochtaí a rinneadh sa bhliain féilire N tráth nach déanaí ná 15 Deireadh Fómhair na bliana N + 1 le haghaidh CERT agus tráth nach déanaí ná 31 Nollaig na bliana N + 1 le haghaidh CETFT agus go bhfuil iarmhar na tairsí níos mó ná 2 %, laghdófar an t-iarmhar sin go 2 %;

(b) 

le linn na bliana airgeadais N + 1, i ndáil leis na blianta féilire N -1 nó níos luaithe, ní bheidh íocaíochtaí as idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad seachas na híocaíochtaí dá bhforáiltear i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 agus (AE) Uimh. 229/2013 a dhéantar tar éis sprioc-am na híocaíochta incháilithe le haghaidh maoiniú ó CERT ach amháin más rud é nach bhfuil méid iomlán na n-idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha a dhéantar laistigh den bhliain airgeadais N + 1, arna gceartú i gcás inarb infheidhme go suimeanna roimh an gcoigeartú dá bhforáiltear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2021/2116, os cionn na huasteorann a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 i ndáil leis an mbliain féilire N, i gcomhréir le hAirteagal 87(1) den Rialachán sin;

(c) 

déanfar laghdú 100 % ar chaiteachas atá os cionn na dteorainneacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b).

Ní chuirfear san áireamh méideanna na n-aisíocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116 chun comhlíontacht leis an gcoinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo a sheiceáil.

4.  
I gcás ina dtiocfaidh coinníollacha bainistíochta eisceachtúla chun cinn le haghaidh idirghabhálacha agus bearta áirithe nó i gcás ina gcuirfidh na Ballstáit cúiseanna chun cinn a bhfuil údar cuí leo, cuirfidh an Coimisiún scálaí ama i bhfeidhm a bheidh difriúil leis na cinn a leagtar síos i mír 2 agus mír 3 agus/nó cuirfidh sé laghduithe níos ísle i bhfeidhm nó ní chuirfear laghdú ar bith i bhfeidhm.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le caiteachas atá os cionn na teorann dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, pointe (b).

5.  
Déanfar comhlíonadh na sprioc-amanna íocaíochta a sheiceáil, uair amháin i ngach bliain airgeadais maidir le caiteachas a rinneadh faoin 15 Deireadh Fómhair.

Maidir le haon sárú ar an sprioc-am íocaíochta, cuirfear san áireamh é sa chinneadh maidir le himréiteach cuntas dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116, ar a dhéanaí.

6.  
Cuirfear na laghduithe dá dtagraítear san Airteagal seo i bhfeidhm gan dochar don chinneadh a dhéanfar ina dhiaidh sin maidir le himréiteach feidhmíochta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 ná don nós imeachta comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 den Rialachán sin.

Airteagal 6

Neamhchomhlíontacht leis an dáta íocaíochta is luaithe

Maidir le caiteachas CERT, má cheadaítear do na Ballstáit réamhíocaíochtaí a dhéanamh suas le huasmhéid áirithe roimh an dáta íocaíochta is luaithe a leagtar síos i ndlí an Aontais, measfar go mbeidh an caiteachas sin ina chaiteachas atá incháilithe le haghaidh maoiniú ón Aontas. Ní bheidh aon chaiteachas atá os cionn an uasmhéid sin incháilithe le haghaidh maoiniú ón Aontas ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina dtagann coinníollacha bainistíochta eisceachtúla chun cinn le haghaidh idirghabhálacha nó bearta áirithe nó i gcás ina gcuirfidh na Ballstáit in iúl go bhfuil údar cuí leo. Sna cásanna sin, beidh an caiteachas a íocfar atá os cionn an uasmhéid incháilithe le haghaidh maoiniú ón Aontas faoi réir laghdú 10 %.

Cuirfear an laghdú comhfhreagrach san áireamh sa chinneadh maidir le himréiteach cuntas dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116, ar a dhéanaí.

Airteagal 7

Cúiteamh ag gníomhaireachtaí íocaíochta

1.  
Ina chinneadh maidir leis na híocaíochtaí míosúla atá le glacadh de bhun Airteagal 21(3) de Rialachán (AE) 2021/2116, bunóidh an Coimisiún iarmhéid an chaiteachais arna dhearbhú ag gach Ballstát ina dhearbhú míosúil, lúide an t-ioncam sannta arna chur san áireamh ag an mBallstát sin ina dhearbhuithe caiteachais. Measfar gurb ionann an fritháireamh seo agus an t-ioncam comhfhreagrach a bhailítear.

Beidh leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta a ghinfear le hioncam sannta ar oscailt nuair a dhéanfar an t-ioncam seo a shannadh do línte buiséid.

2.  
Más rud é gur coinníodh siar na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2116 roimh an gcabhair a bhaineann leis an neamhrialtacht nó leis an bhfaillí a íoc, déanfar iad a asbhaint ón gcaiteachas comhfhreagrach.
3.  
Déanfar méideanna ranníocaíochtaí CETFT a aisghabhadh ó thairbhithe faoi Phlean Straitéiseach CBT an Bhallstáit lena mbaineann le linn gach tréimhse tagartha a asbhaint ón méid a bheidh le híoc ag CETFT sa dearbhú caiteachais le haghaidh na tréimhse sin.
4.  
Maidir leis na méideanna atá níos mó nó níos lú a eascraíonn, i gcás inarb infheidhme, as an imréiteach airgeadais bliantúil, féadfar iad a athúsáid faoi CETFT agus cuirfear iad le méid ranníocaíocht CETFT nó bainfear de iad nuair a dhéanfar an chéad dearbhú tar éis an cinneadh maidir le himréiteach cuntas a tharraingt suas.
5.  
Maidir le maoiniú ó CERT, beidh sé comhionann leis an gcaiteachas, arna ríomh ar bhonn na faisnéise a thabharfaidh an ghníomhaíocht íocaíochta, tar éis aon ioncam a fhabhraítear ó na bearta idirghabhála a asbhaint, agus bailíochtóidh an córas ríomhairithe arna bhunú ag an gCoimisiún é agus cuimseoidh an ghníomhaireacht íocaíochta é ina dearbhú caiteachais.

Airteagal 8

Glacadh déanach bhuiséad an Aontais

1.  
Mura nglacfar buiséad an Aontais faoi thús na bliana airgeadais, déanfar na híocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus na híocaíochtaí eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán sin go comhréireach leis na leithreasuithe údaraithe in aghaidh na caibidle mar chéatadán de na dearbhuithe caiteachais a fuarthas ó gach Ballstát, maidir le CERT agus CETFT faoi seach, agus laistigh de na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh iarmhéid na méideanna nár aisíocadh leis na Ballstáit in íocaíochtaí a dhéanfar ina dhiaidh sin.

2.  
A mhéid a bhaineann le CETFT, mura nglacfar buiséad an Aontais faoi thús na bliana airgeadais a mhéid a bhaineann leis na gealltanais bhuiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/2116, leis na chéad tráthchodanna bliantúla tar éis ghlacadh Phleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát déanfar ord ghlacadh na gclár sin a urramú. Déanfar na gealltanais bhuiséadacha maidir leis na tráthchodanna bliantúla ina dhiaidh sin in ord Phleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát tar éis na gealltanais sonracha a ídiú. Féadfaidh an Coimisiún gealltanais bhliantúla pháirteacha a dhéanamh maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát má tá teorainn leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas atá ar fáil. Ní dhéanfar an t-iarmhéid atá fágtha le haghaidh na bpleananna sin a ghealladh ach nuair a bheidh leithreasuithe breise faoi chomhair gealltanas ar fáil.

Airteagal 9

Íocaíochtaí míosúla a chur siar

Na híocaíochtaí míosúla leis na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/2116, féadfar iad a chur siar i gcás ina ndéanfar an chumarsáid dá dtagraítear in Airteagal 90(1), pointe (c)(i) agus (ii), den Rialachán sin go déanach nó má bhíonn neamhréireachtaí iontu a fhágfaidh go mbeidh gá le tuilleadh seiceálacha. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas in am trátha faoina rún íocaíochtaí a chur siar.

Airteagal 10

Íocaíochtaí i ndáil leis an imréiteach bliantúil a chur ar fionraí

1.  

I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 21(3) de Rialachán (AE) 2021/2116 ar fionraí de bhun Airteagal 40(1), an chéad fhomhír, den Rialachán sin, beidh feidhm ag na rátaí seo a leanas maidir le híocaíochtaí a chur ar fionraí:

(a) 

mura gcuirfidh an Ballstát na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 9(3) agus Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 isteach faoin 1 Márta, 1 % de mhéid foriomlán na n-íocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 21(3) den Rialachán sin;

(b) 

mura gcuirfidh an Ballstát na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 9(3) agus Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 isteach faoin 1 Aibreán, 1,5 % de mhéid foriomlán na n-íocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 21(3) den Rialachán sin.

2.  
Cuirfear deireadh leis an bhfionraí tar éis chur isteach gach doiciméad ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 9(3) agus Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 11

Íocaíochtaí i ndáil leis an imréiteach feidhmíochta a chur ar fionraí

1.  
I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 21(3) de Rialachán (AE) 2021/2116 nó na híocaíochtaí eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán sin ar fionraí de bhun Airteagal 40(2) den Rialachán sin tar éis an imréitigh feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116, comhfhreagróidh an ráta fionraíochta don difríocht idir an ráta laghdaithe a cuireadh i bhfeidhm de bhun Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus 50 pointe céatadáin, arna iolrú faoi 2. Ní lú ná 10 % ráta na fionraíochta atá le cur i bhfeidhm.
2.  
Beidh na fionraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 gan dochar d’Airteagal 53 agus Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 12

An ráta malairte is infheidhme maidir le dearbhuithe caiteachais a tharraingt suas

1.  
I gcomhréir le hAirteagal 94(4) de Rialachán (AE) 2021/2116, a mhéid a bhaineann le CERT, d’fhonn a ndearbhuithe caiteachais a tharraingt suas, cuirfidh na Ballstáit nár ghlac an euro an ráta malairte céanna i bhfeidhm a d’úsáid siad chun íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe nó chun ioncam a fháil, i gcomhréir le Caibidil V den Rialachán seo agus leis an reachtaíocht talmhaíochta earnálach.
2.  
A mhéid a bhaineann le CETFT, d’fhonn a ndearbhuithe caiteachais a tharraingt suas, cuirfidh na Ballstáit nár ghlac an euro an ráta malairte roimh an gceann deireanach a bhunaigh an Banc Ceannais Eorpach roimh an mí inar cláraíodh na hoibríochtaí i gcuntais na gníomhaireachta íocaíochta i bhfeidhm i gcás gach íocaíochta nó oibríochta aisghabhála.
3.  
A mhéid a bhaineann leis na cinntí maidir le himréiteach dá dtagraítear in Airteagal 53 agus Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus an nós imeachta comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 den Rialachán sin, úsáidfear an chéad ráta malairte a bhunóidh an Banc Ceannais Eorpach tar éis dháta glactha na ngníomhartha cur chun feidhme imréitigh.
4.  
I gcásanna seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3, chomh maith leis na hoibríochtaí nár leagadh teagmhas feidhmiúil síos dóibh i ndlí an Aontais, is é an ráta malairte is infheidhme do na Ballstáit nár ghlac an euro an ráta malairte roimh an gceann deireanach a bhunaigh an Banc Ceannais Eorpach roimh an mí inar dearbhaíodh an caiteachas nó an t-ioncam sannta ina leith.

CAIBIDIL III

Imréiteach na gcuntas agus seiceálacha eile

Airteagal 13

Critéir agus modheolaíocht chun laghduithe a chur i bhfeidhm faoi chuimsiú an imréitigh feidhmíochta

1.  
Chun an cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 maidir leis na méideanna atá le laghdú ón maoiniú ón Aontas, measúnóidh an Coimisiún an caiteachas bliantúil a dhearbhaigh an Ballstát maidir leis an idirghabháil i gcoinne a aschuir chomhfhreagraigh mar a thuairiscítear sa tuarascáil feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, arna cur isteach de bhun Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (b), agus Airteagal 10(1), pointe (b), den Rialachán sin, agus Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115.
2.  
I gcás nach bhfuil aschur comhfhreagrach ag an gcaiteachas a dearbhaíodh le haghaidh na bliana airgeadais ábhartha agus i gcás nár mhínigh na Ballstáit roimhe sin na claontaí sin a bhaineann le haschur agus na haonadmhéideanna réadaithe i gcomhréir le hAirteagal 134(5) go (9) de Rialachán (AE) 2021/2115 sa tuarascáil feidhmíochta bhliantúil nó i gcás nach leor na réasúnuithe maidir leis na claontaí sin, soláthróidh an Ballstát réasúnuithe breise laistigh de na tréimhsí ama arna socrú ag an gCoimisiún. Cumhdóidh na réasúnuithe an caiteachas a dearbhaíodh nach mbaineann aschur comhfhreagrach leis sa bhliain airgeadais iomchuí.

▼M4

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní cheanglaítear ar na Ballstáit réasúnuithe a sholáthar chun críche an imréitigh feidhmíochta bhliantúil le haghaidh dialltaí aonadmhéideanna réadaithe ó aonadmhéideanna beartaithe i gcás nach mó an caiteachas iomlán a chomhfhreagraíonn do na dialltaí sin ná 2 % den chaiteachas iomlán arna dhearbhú sa tuarascáil feidhmíochta bhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 134(5), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115 le haghaidh na bliana airgeadais lena mbaineann. Agus an tairseach sin á ríomh, ní chuirfear san áireamh ach dialltaí a bhfuil róchaiteachas mar thoradh orthu.

Mar sin féin, soláthróidh na Ballstáit réasúnuithe chun críocha an imréitigh feidhmíochta bhliantúil le haghaidh gach barrachais aonadmhéideanna réadaithe ó aonadmhéideanna uasta beartaithe.

▼B

3.  
Beidh faisnéis ábhartha lena mínítear an claonadh ar leibhéal an aonadmhéid agus an tréimhse lenar bhain sna réasúnuithe a chuirfidh an Ballstát ar fáil. Beidh faisnéis chainníochtúil iontu, chomh maith le mínithe cáilíochtúla, i gcás inar gá.

Cuirfidh an Ballstát mínithe ar fáil freisin maidir le méid agus éifeacht na mbeart ceartaitheach a rinneadh cheana chun an claonadh a leigheas agus chun a chinntiú nach dtarlóidh sé arís.

I gcás nach bhféadfaidh an Ballstát réasúnuithe a sholáthar maidir leis na claontaí i gcomhréir le mír 2, féadfaidh sé réasúnuithe a sholáthar maidir le cuid de na claontaí.

4.  
I gcás ina mainneoidh an Ballstát cúiseanna a bhfuil údar cuí leo a chur ar fáil maidir leis na claontaí nó i gcás ina measfaidh an Coimisiún nach leordhóthanach na cúiseanna sin i gcomhréir le mír 2 agus mír 3, nó nach gcumhdófar ach cuid de na claontaí leo, laghdóidh an Coimisiún na méideanna ábhartha ón maoiniú ón Aontas. Cuirfidh an Coimisiún a thuairim in iúl don Bhallstát i gcumarsáid ar leithligh.
5.  
Cuirfear i bhfeidhm na laghduithe dá dtagraítear san Airteagal seo gan dochar don chinneadh a dhéanfar ina dhiaidh sin maidir leis an imréiteach comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 14

Critéir agus modheolaíocht chun ceartúcháin a chur i bhfeidhm faoi chuimsiú an nóis imeachta comhréireachta maidir le caiteachas lasmuigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2021/2115 nó maidir le híocaíochtaí i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis agus tacaíocht maidir le luathscor

1.  
Chun an cinneadh a ghlacadh maidir leis na méideanna atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas de bhun Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, déanfaidh an Coimisiún idirdhealú idir na méideanna sin nó codanna de na méideanna a sainaithníodh mar mhéideanna a caitheadh go míchuí agus iad siúd a chinntear trí cheartúcháin eachtarshuite nó ceartúcháin ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm.

I dtaobh caiteachas lasmuigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2021/2115, maidir le híocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis nó tacaíocht le luathscor faoi Theideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 2, agus Airteagal 155(2) den Rialachán sin, faoi seach, nuair a fhaightear amach nár tabhaíodh é i gcomhréir le dlí an Aontais, úsáidfidh an Coimisiún a thorthaí féin agus cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis arna cur ar fáil ag na Ballstáit le linn an nóis imeachta imréitigh comhréireachta a cuireadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116 chun na méideanna a d’fhéadfaí a eisiamh ón maoiniú ón Aontas a chinneadh.

2.  
Ní bhunóidh an Coimisiún an t-eisiamh ar shainaithint na méideanna a caitheadh go míchuí ach amháin más féidir na méideanna sin a shainaithint le hiarracht chomhréireach. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún na méideanna a caitheadh go míchuí a shainaithint le hiarracht chomhréireach, féadfaidh na Ballstáit, laistigh de na tréimhsí ama arna socrú ag an gCoimisiún le linn an nóis imeachta imréitigh comhréireachta, sonraí a chur isteach maidir le fíorú na méideanna sin ar bhonn scrúdú ar gach cás aonair a bhféadfadh tionchar a bheith ag an neamh-chomhréireacht air. Leis an bhfíorú, cumhdófar an caiteachas iomlán a tabhaíodh mar shárú ar an dlí is infheidhme agus a gearradh ar bhuiséad an Aontais. Áireofar sna sonraí a chuirfear isteach na méideanna aonair uile nach bhfuil incháilithe de bharr na neamh-chomhréireachta sin.
3.  
I gcás nach bhféadtar na méideanna a caitheadh go míchuí a shainaithint i gcomhréir le mír 2, féadfaidh an Coimisiún na méideanna atá le heisiamh a chinneadh trí cheartúcháin eachtarshuite a chur i bhfeidhm. Chun ligean don Choimisiún na méideanna ábhartha a chinneadh, féadfaidh na Ballstáit, laistigh de na tréimhsí ama arna socrú ag an gCoimisiún le linn an nóis imeachta imréitigh comhréireachta, ríomh an mhéid a chur isteach atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas trí thorthaí na seiceálacha a rinneadh ar shampla ionadaíoch de na cásanna sin a eachtarshuí de réir staidrimh. Tógfar an sampla ón daonra a bhfuiltear ag súil go réasúnta go dtarlóidh an neamh-chomhréireacht shainaitheanta ina leith.
4.  

Chun na torthaí a chuir na Ballstáit isteach dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 a chur san áireamh, beidh an Coimisiún ábalta:

(a) 

measúnú a dhéanamh ar na modhanna aitheantais nó eachtarshuite a úsáideadh, modhanna a ndéanfaidh na Ballstáit cur síos soiléir orthu;

(b) 

seiceáil a dhéanamh ar ionadaíocht an tsampla dá dtagraítear i mír 3;

(c) 

seiceáil a dhéanamh ar ábhar agus torthaí na sainaitheanta nó an eachtarshuite a cuireadh faoina bhráid;

(d) 

fianaise iniúchóireachta leordhóthanach agus ábhartha a fháil maidir leis na sonraí foluiteacha.

5.  

Agus ceartúcháin eachtarshuite dá bhforáiltear i mír 3 á gcur i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as staitisticí rialaithe na ngníomhaireachtaí íocaíochta arna ndearbhú ag an gcomhlacht deimhniúcháin, nó measúnú an chomhlachta sin ar leibhéal na hearráide i gcomhthéacs a iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/2116, ar choinníoll:

(a) 

go bhfuil an Coimisiún sásta leis an obair a rinne na comhlachtaí deimhniúcháin, i dtaobh straitéis iniúchta agus maidir le hábhar, méid agus caighdeán na hoibre iniúchta iarbhír araon;

(b) 

go bhfuil raon feidhme obair na gcomhlachtaí deimhniúcháin comhsheasmhach le raon feidhme an fhiosrúcháin imréitigh comhréireachta i gceist, go háirithe maidir leis na bearta nó leis na scéimeanna;

(c) 

gur cuireadh san áireamh sna measúnuithe méid na bpionós ba cheart a bheith curtha i bhfeidhm.

6.  
I gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na méideanna atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 a chinneadh nó gurb amhlaidh nach bhféadfar na méideanna atá le heisiamh a dhéanamh amach ar bhonn na míreanna sin, cuirfidh an Coimisiún na ceartúcháin iomchuí ar ráta comhréidh i bhfeidhm, agus cineál agus tromchúis an tsáraithe agus a mheastachán féin ar an mbaol go ndéanfar dochar airgeadais do bhuiséad an Aontais á gcur san áireamh.

Socrófar leibhéal an cheartúcháin ar ráta comhréidh, tríd an gcineál neamh-chomhréireachta a sainaithníodh, go háirithe, a chur san áireamh. Chuige sin, déanfar easnaimh rialaithe a roinnt idir na heasnaimh sin a bhaineann le príomhrialuithe agus le rialuithe coimhdeacha mar a leanas:

(a) 

is éard a bheidh i gceist le príomhrialuithe na seiceálacha riaracháin agus na seiceálacha ar an láthair a bheidh riachtanach chun incháilitheacht na cabhrach agus cur i bhfeidhm ábhartha na laghduithe agus na bpionós a chinneadh;

(b) 

is éard a bheidh i gceist leis na rialuithe coimhdeacha gach oibríocht riaracháin eile a bheidh riachtanach chun éilimh a phróiseáil i gceart.

Má bhunaítear neamh-chomhréireachtaí difriúla as a n-eascródh, ar bhonn aonair, ceartúcháin sainiúla ar ráta comhréidh, faoi chuimsiú an nóis imeachta imréitigh comhréireachta chéanna, ní bheidh feidhm ach ag an gceartúchán is airde ar ráta comhréidh.

7.  

Nuair a bheidh leibhéal na gceartúchán ar ráta comhréidh á shocrú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go sonrach ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas a léiríonn tromchúis níos airde easnamh a nochtann baol níos láidre go bhfuil caillteanais i ndán do bhuiséad an Aontais:

(a) 

níor cuireadh bunrialú amháin nó níos mó i bhfeidhm nó cuireadh i bhfeidhm iad chomh dona sin nó chomh hannamh sin go meastar nach bhfuil siad éifeachtach maidir le hincháilitheacht an éilimh a chinneadh nó neamhrialtachtaí a chosc;

(b) 

braitheadh trí easnamh nó níos mó maidir leis an gcóras rialaithe céanna;

(c) 

fuarthas amach nach raibh córas rialaithe á chur i bhfeidhm ag an mBallstát nó go raibh easnamh tromchúiseach air, agus tá fianaise ann go raibh neamhrialtacht agus faillí fhorleathan ann agus cleachtais neamhrialta nó chalaoiseacha á gcomhrac;

(d) 

fuarthas easnaimh den chineál céanna san earnáil chéanna sa Bhallstát i bhfiosrúchán a lean fiosrúchán ina bhfuarthas iad ar dtús agus inar cuireadh iad in iúl don Bhallstát, agus na céimeanna ceartaitheacha nó cúitimh a thóg an Ballstát cheana féin á gcur san áireamh, áfach.

▼M4

8.  
I gcás ina gcuirfidh Ballstát eilimintí oibiachtúla isteach, eilimintí nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo ach a léiríonn go bhfuil an t-uaschaillteanas maidir leis na cistí níos ísle ná nó cothrom leis an gcaillteanas a d’eascródh as cur i bhfeidhm ráta comhréidh is ísle ná an ráta atá beartaithe, úsáidfidh an Coimisiún an ráta comhréidh sin atá níos ísle chun na méideanna atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas a chinneadh de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

▼B

9.  
Déanfar méideanna a aisghabhadh go héifeachtach ó na tairbhithe agus a creidiúnaíodh do CERT agus do CETFT roimh dháta ábhartha, atá le bunú ag an gCoimisiún le linn an nóis imeachta imréitigh comhréireachta, a asbhaint ón méid a chinneann an Coimisiún a eisiamh ón maoiniú ón Aontas de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 15

Critéir agus modheolaíocht chun ceartúcháin a chur i bhfeidhm faoi chuimsiú an nóis imeachta comhréireachta maidir le caiteachas laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2021/2115

1.  
Chun an cinneadh a ghlacadh maidir leis na méideanna atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas de bhun Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, úsáidfidh an Coimisiún a thorthaí féin agus cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis a sholáthair na Ballstáit le linn an nóis imeachta comhréireachta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 55(3) den Rialachán sin. Maidir leis an méid atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas, comhfhreagróidh sé, a mhéid is féidir, don chaillteanas airgeadais iarbhír nó don bhaol le haghaidh bhuiséad an Aontais.
2.  
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach ndearnadh an caiteachas i gcomhréir le dlí an Aontais, féadfaidh an Coimisiún na méideanna atá le heisiamh a chinneadh trí cheartúcháin ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm, lena gcuirfear san áireamh cineál agus tromchúis an tsáraithe agus a mheastachán féin maidir leis an mbaol go ndearnadh dochar airgeadais don Aontas.

Socrófar leibhéal an cheartúcháin ar ráta comhréidh, go háirithe trí chineál an easnaimh thromchúisigh a sainaithníodh a chur san áireamh. Chuige sin, cuirfear san áireamh na gnéithe de na córais rialachais a ndearna na heasnaimh thromchúiseacha difear dóibh.

I gcás, faoi chuimsiú an nóis imeachta comhréireachta chéanna, go mbunaítear easnaimh thromchúiseacha difriúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis, ar bhonn aonair, le ceartúcháin ar leithligh ar ráta comhréidh, ní bheidh feidhm ach ag an gceartúchán ar ráta comhréidh is airde.

3.  

Nuair a bheidh leibhéal na gceartúchán ar ráta comhréidh á shocrú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go sonrach ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas a léiríonn tromchúis níos airde easnamh a nochtann baol níos láidre go bhfuil caillteanais i ndán do bhuiséad an Aontais:

(a) 

easnaimh thromchúiseacha i ngné amháin nó níos mó de na córais rialachais;

(b) 

go bhfuarthas amach nach raibh gné den chóras rialachais á cur i bhfeidhm ag an mBallstát, agus go bhfuil fianaise ann go raibh neamhrialtacht agus faillí fhorleathan ann agus cleachtais neamhrialta nó chalaoiseacha á gcomhrac;

(c) 

fuarthas easnaimh den chineál céanna san earnáil chéanna sa Bhallstát i bhfiosrúchán a lean fiosrúchán ina bhfuarthas iad ar dtús agus inar cuireadh iad in iúl don Bhallstát, agus na céimeanna ceartaitheacha nó cúitimh a thóg an Ballstát cheana féin á gcur san áireamh, áfach.

▼M4

4.  
I gcás ina léireoidh an Ballstát go bhfuil an t-uaschaillteanas maidir le CERT agus CETFT níos ísle ná nó cothrom leis an gcaillteanas a d’fhéadfadh eascairt as cur i bhfeidhm ráta comhréidh is ísle ná an ráta atá beartaithe, féadfaidh an Coimisiún an ráta comhréidh sin atá níos ísle nó measúnú an chomhlachta deimhniúcháin ar na córais rialachais i gcomhthéacs a iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/2116 a úsáid chun na méideanna a chinneadh atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas le linn an nós imeachta comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 den Rialachán sin.

▼B

5.  
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit, laistigh de na tréimhsí ama arna socrú ag an gCoimisiún le linn an nóis imeachta comhréireachta, sonraí a chur isteach maidir le fíorú na méideanna sin ar bhonn scrúdú ar gach cás aonair a bhféadfadh tionchar a bheith ag an easnamh air. Leis an bhfíorú, cumhdófar an caiteachas iomlán a tabhaíodh mar shárú ar dhlí an Aontais agus a gearradh ar bhuiséad an Aontais. Áireofar sna sonraí a chuirfear isteach na méideanna go léir nach mbeidh incháilithe de bharr na neamh-chomhréireachta sin le dlí an Aontais. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit measúnú ar an riosca a sholáthar, bunaithe ar shampla ionadaíoch atá bailí ó thaobh staitisticí de den phobal a ndearna an t-easnamh difear dóibh, ar choinníoll nach féidir leis na Ballstáit na méideanna a caitheadh go míchuí a ríomh le hiarracht chomhréireach. Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin measúnú an Bhallstáit maidir leis an easnamh a dheimhniú.
6.  
Chun na torthaí a chur na Ballstáit isteach dá dtagraítear i mír 5 a chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar mhodh, ábhar agus torthaí an fhíoraithe nó an eachtarshuímh a cuireadh isteach. I gcás ina mbeidh an Coimisiún sásta le modh, ábhar agus torthaí an fhíoraithe nó an eachtarshuímh a cuireadh isteach, úsáidfidh sé na torthaí a chuir na Ballstáit isteach de bhun mhír 5 chun na méideanna atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas a chinneadh de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.
7.  
Déanfar méideanna a aisghabhadh go héifeachtach ó na tairbhithe agus a creidiúnaíodh do CERT agus do CETFT roimh dháta ábhartha, atá le bunú ag an gCoimisiún le linn an nóis imeachta comhréireachta, a asbhaint ón méid a chinneann an Coimisiún a eisiamh ón maoiniú ón Aontas de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

▼M1

CAIBIDIL IIIa

Coinníollacha sonracha maidir le réamhíocaíochtaí a íoc

Airteagal 15a

Coinníollacha sonracha maidir le réamhíocaíochtaí a íoc dá dtagraítear in Airteagal 44(3a) de Rialachán (AE) 2021/2116

1.  
Ní rachaidh íocaíocht na réamhíocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 44(3a) de Rialachán (AE) 2021/2116 thar 80 % de chaiteachas réamh-mheasta an chláir oibríochtúil fhormheasta nó, i gcás inarb ábhartha, de chaiteachas réamh-mheasta na n-idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagail 55 agus 58 de Rialachán (AE) 2021/2115.
2.  
Beidh íocaíocht na réamhíocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir urrús atá coibhéiseach ar a laghad le méid na réamhíocaíochta a thaisceadh.

▼M3

Airteagal 15b

Coinníollacha sonracha maidir le réamhíocaíochtaí a íoc dá dtagraítear in Airteagal 44(3b) de Rialachán (AE) 2021/2116

1.  

Ní rachaidh íoc na réamhíocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 44(3b) de Rialachán (AE) 2021/2116 thar 80 % den chabhair a bhfuil iarratasóirí ar chabhair ina teideal chun ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur chun feidhme le linn na scoilbhliana:

(a) 

táirgí a sholáthar do leanaí nó a dháileadh orthu;

(b) 

bearta tionlacain oideachais;

(c) 

gníomhaíochtaí faireacháin nó meastóireachta;

(d) 

poiblíocht.

2.  
Beidh íoc na réamhíocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir taisceadh urrúis atá coibhéiseach ar a laghad le méid na réamhíocaíochta.
3.  
De mhaolú ar Airteagal 19, féadfaidh an t-údarás inniúil an ceanglas maidir le hurrús a tharscaoileadh freisin i gcás inarb údarás poiblí é an páirtí atá freagrach as an oibleagáid a chomhlíonadh.

▼B

CAIBIDIL IV

Urrúis

Roinn 1

Raon feidhme agus úsáid téarmaí

Airteagal 16

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo i ngach cás ina bhforáiltear leis an reachtaíocht talmhaíochta earnálach maidir le hurrús cibé acu an úsáidtear an téarma áirithe “urrús” nó nach n-úsáidtear.

Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hurrúis a thugtar chun a áirithiú go n-íocfar na dleachtanna ar allmhairí agus ar onnmhairí dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ).

Airteagal 17

Téarmaí a úsáidtear sa Chaibidil seo

Chun críocha na Caibidle seo:

(a) 

ciallaíonn “údarás inniúil” páirtí atá údaraithe chun urrús a ghlacadh nó páirtí atá údaraithe chun cinneadh a dhéanamh i gcomhréir leis an rialachán ábhartha má tá urrús le scaoileadh nó le forghéilleadh;

(b) 

ciallaíonn “urrús bloic” urrús a chuirtear ar fáil don údarás inniúil chun a áirithiú go gcomhlíontar níos mó ná oibleagáid amháin;

(c) 

ciallaíonn “an chuid ábhartha den tsuim urraithe” an chuid den tsuim urraithe a chomhfhreagraíonn don chainníocht a ndearnadh sárú ar riachtanas ina leith.

Roinn 2

Ceanglas maidir le hurrús

Airteagal 18

Páirtí freagrach

Is é an páirtí atá freagrach as an tsuim airgid dlite a íoc mura gcomhlíontar oibleagáid a thabharfaidh an t-urrús nó tabharfar é thar ceann an pháirtí sin.

Airteagal 19

Ceanglas maidir le hurrús a tharscaoileadh

1.  

Féadfaidh an t-údarás inniúil an ceanglas maidir le hurrús a tharscaoileadh má tá an páirtí atá freagrach as an oibleagáid a chomhlíonadh:

(a) 

ina chomhlacht poiblí atá freagrach as dualgais údaráis phoiblí a fheidhmiú; nó

(b) 

ina chomhlacht príobháideach a fheidhmíonn dualgais dá dtagraítear i bpointe (a) faoi mhaoirseacht an Stáit.

2.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil an ceanglas maidir le hurrús a tharscaoileadh i gcás ina bhfuil luach na suime urraithe níos lú ná EUR 500. Sa chás sin, gabhfaidh an páirtí lena mbaineann air féin i scríbhinn suim a íoc atá comhionann leis an urrús a tarscaoileadh mura gcomhlíontar an oibleagáid chomhfhreagrach.

Agus an chéad fhomhír á cur i bhfeidhm, déanfar luach an urrúis a ríomh mar mhéid ina mbeidh na hoibleagáidí ábhartha uile atá nasctha leis an aon oibríocht amháin.

Airteagal 20

Coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le hurrúis

1.  
Diúltóidh an t-údarás inniúil glacadh le haon urrús a mheasann sé a bheith neamhleor nó míshásúil nó nach dtugann cumhdach ar feadh tréimhse leordhóthanach nó iarrfaidh sé athsholáthar an urrúis sin.
2.  
I gcás ina ndéanfar airgead tirim a thaisceadh le haistriú, ní mheasfar go bhfuil urrús á bhunú leis go dtí go mbeidh an t-údarás inniúil sásta go bhfuil fáil ar an tsuim sin aige.
3.  
Seic le haghaidh suim a bhfuil a íocaíocht ráthaithe ag institiúid airgeadais a aithníonn Ballstát an údaráis inniúil lena mbaineann chun na críche sin déileálfar leis mar éarlais in airgead tirim. Ní gá don údarás inniúil seic den sórt sin a thíolacadh i leith íocaíochta go dtí go mbeidh an tréimhse a ráthaítear ina leith ar tí dul in éag.

Ní bheidh seic, seachas mar a thagraítear di sa chéad fhomhír, ina urrús go dtí go mbeidh an t-údarás inniúil sásta go bhfuil fáil ar an tsuim aige.

4.  
Is ar an bpáirtí a thugann an t-urrús a bheidh aon mhuirear a ghearrann institiúid airgeadais.
5.  
Ní íocfar aon ús leis an bpáirtí a thugann urrús i bhfoirm éarlais in airgead tirim.

Airteagal 21

Úsáid an euro

1.  
Comhdhéanfar na hurrúis in euro.
2.  
Má ghlactar leis an urrús i mBallstát nár ghlac an euro, déanfar méid an urrúis in euro a thiontú go dtí an t-airgeadra náisiúnta is infheidhme i gcomhréir le Caibidil V. An gealltanas a chomhfhreagraíonn don urrús agus aon mhéid a choinnítear siar i gcás neamhrialtachtaí nó sáruithe, leanfaidh sé de bheith socraithe in euro.

Airteagal 22

An ráthóir

1.  
Beidh a áit chónaithe ag an ráthóir nó foras atá cláraithe go hoifigiúil san Aontas agus, faoi réir fhorálacha an Chonartha maidir le saoirse chun seirbhísí a sholáthar, formheasfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina dtugtar an t-urrús é. Beidh an ráthóir faoi cheangal ag ráthaíocht i scríbhinn.
2.  

Luafar sa ráthaíocht i scríbhinn na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an oibleagáid nó, i gcás urrús bloic, na cineálacha oibleagáide a ráthaítear a gcomhlíonadh nuair a dhéantar suim airgid a íoc;

(b) 

an dliteanas uasta a ghlacann an ráthóir lena íoc;

(c) 

go ngeallfaidh an ráthóir i gcomhpháirt agus go leithleach leis an bpáirtí atá freagrach as comhlíonadh na hoibleagáide, laistigh de 30 lá arna iarraidh sin ag an údarás inniúil, aon suim a íoc, laistigh de theorainn na ráthaíochta, a bheidh dlite a luaithe a dhearbhófar go bhforghéillfear urrús.

3.  
I gcás inar tugadh urrús bloic i scríbhinn cheana, cinnfidh an t-údarás inniúil an nós imeachta atá le leanúint, faoina leithdháilfear an t-urrús bloic uile nó cuid di ar oibleagáid áirithe.

Airteagal 23

Force majeure a chur i bhfeidhm

Má éilíonn aon duine atá freagrach as oibleagáid atá á cumhdach le hurrús nach ndearnadh an oibleagáid a urramú de bharr force majeure, cruthóidh sé chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil feidhm ag force majeure. Má aithníonn an t-údarás inniúil go bhfuil feidhm ag force majeure, cuirfear an oibleagáid ar ceal chun an t-urrús a scaoileadh, agus chun na críche sin amháin.

Roinn 3

Urrúis seachas na hurrúis dá dtagraítear i Roinn 4 a scaoileadh agus a fhorghéilleadh

Airteagal 24

Urrúis a fhorghéilleadh

1.  
Is éard atá san oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 an ceanglas gníomh a dhéanamh a bhaineann go bunúsach le críocha an Rialacháin lena bhforchuirtear é nó staonadh óna dhéanamh.
2.  
Mura gcomhlíontar oibleagáid agus mura dtugtar aon teorainn ama maidir lena comhlíonadh, déanfar an t-urrús a fhorghéilleadh má shuíonn an t-údarás inniúil nár comhlíonadh é.
3.  
Más rud é go bhfuil comhlíonadh oibleagáide faoi réir teorann ama áirithe, agus nach ndearnadh an comhlíonadh sin go dtí tar éis na teorann ama sin, déanfar an t-urrús a fhorghéilleadh.

I gcás den sórt sin forghéillfear an t-urrús i leith 10 % láithreach agus ina dhiaidh sin déanfar céatadán breise thar an iarmhéid atá fágtha a chur i bhfeidhm mar a leanas:

(a) 

2 % in aghaidh an lae féilire, lena sáraítear an teorainn ama má bhaineann an oibleagáid le táirgí a allmhairiú isteach i dtríú tír;

(b) 

5 % in aghaidh an lae féilire, lena sáraítear an teorainn ama má bhaineann an oibleagáid le fágáil táirgí de chuid chríoch chustaim an Aontais.

▼M1

4.  
Má chomhlíontar oibleagáid go tráthúil, agus má tá cur i láthair an chruthúnais ar chomhlíonadh faoi réir teorainn ama shocraithe, déanfar an t-urrús lena gcumhdaítear an oibleagáid sin a fhorghéilleadh maidir le gach lá féilire lena sáraítear an teorainn ama sin de réir na foirmle 0,2/teorainn ama i laethanta arna socrú, agus Airteagal 26 á chur san áireamh.

▼B

Más éard atá sa chruthúnas dá dtagraítear sa chéad fhomhír ceadúnas allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin ídithe nó éagtha a chur isteach, is é 15 % an t-urrús a bheidh le forghéilleadh má chuirtear an cruthúnas sin isteach tar éis na teorann ama socraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ach faoi cheann an 730ú lá féilire tar éis dáta éaga an cheadúnais, ar a dhéanaí. Tar éis na 730 lá féilire sin, déanfar an t-urrús atá fágtha a fhorghéilleadh go hiomlán.

5.  
Déanfar méid an urrúis atá le forghéilleadh a shlánú go dtí an chéad mhéid eile is ísle san euro iomlán nó san airgeadra náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 25

Urrúis a scaoileadh

1.  
Nuair a bheidh an cruthúnas ann, de réir mar a leagtar síos le rialacha sonracha an Aontais, gur comhlíonadh oibleagáid, nó go ndearnadh an t-urrús a fhorghéilleadh go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus Airteagal 24 den Rialachán seo, scaoilfear an t-urrús, nó i gcás inarb infheidhme, scaoilfear an chuid eile den urrús gan mhoill.
2.  
Scaoilfear go páirteach urrús arna iarraidh sin i gcás ina dtugtar an fhianaise ábhartha i ndáil le cuid de chainníocht táirge, ar choinníoll nach lú an chuid sin ná aon íoschainníocht a shonraítear sa rialachán lena gceanglaítear an t-urrús, nó, arna shonrú ag an mBallstát in éagmais rialacháin.
3.  
I gcás nach leagtar síos aon tréimhse ama chun an fhianaise a thabhairt atá riachtanach chun suim urraithe a scaoileadh, 365 lá féilire a bheidh sa tréimhse sin ón teorainn ama a shonraítear maidir le comhlíonadh na hoibleagáide ar taisceadh an t-urrús ina leith. I gcás nach sonraítear aon teorainn ama chun an oibleagáid ar taisceadh an t-urrús ina leith a urramú, 365 lá féilire ón dáta a chomhlíontar gach oibleagáid a bheidh sa tréimhse chun an fhianaise a thabhairt atá riachtanach chun suim urraithe a scaoileadh.

Ní bheidh an tréimhse a leagtar síos sa chéad fhomhír os cionn 1 095 lá féilire ón am ar sannadh an t-urrús d’oibleagáid áirithe.

Airteagal 26

Tairseacha

1.  
Ní bheidh an tsuim iomlán a dhéantar a fhorghéilleadh os cionn 100 % den chuid ábhartha den tsuim urraithe.
2.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil forghéilleadh méid níos lú ná EUR 100 a tharscaoileadh, ar choinníoll go leagtar síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin forálacha náisiúnta den chineál céanna le haghaidh cásanna inchomparáide.

Roinn 4

Urrúis maidir le réamhíocaíochtaí

▼M1

Airteagal 27

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Roinn seo i gcásanna ina bhforáiltear le rialacha sonracha an Aontais gur féidir suim a réamhíoc sula gcomhlíontar an oibleagáid arna bunú chun aon chabhair nó buntáiste a fháil.

▼B

Airteagal 28

▼M3

Urrúis a scaoileadh agus a fhorghéilleadh

▼B

1.  

Scaoilfear an t-urrús sna cásanna seo a leanas:

(a) 

nuair a bheidh an teidlíocht deiridh maidir leis an tsuim a deonaíodh mar réamhíocaíocht socraithe;

(b) 

nó nuair a aisíocfar an tsuim a deonaíodh, móide aon mhéid breise dá bhforáiltear i rialacha sonracha an Aontais.

▼M1

1a.  
Beidh ag gabháil leis na hiarratais ar scaoileadh an urrúis a bhaineann le réamhíocaíochtaí doiciméid tacaíochta lena gcruthaítear teidlíocht deiridh maidir leis an tsuim a deonaíodh nó lena gcruthaítear gur aisíocadh an tsuim a deonaíodh, móide aon mhéid breise dá bhforáiltear i rialacha sonracha an Aontais.

▼M3

2.  
A luaithe a bheidh an sprioc-am istigh chun an teidlíocht deiridh a chruthú maidir leis an tsuim a deonaíodh gan fianaise theidlíochta a bheith curtha ar fáil, forghéillfidh an t-údarás inniúil an t-urrús láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 56 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún ( 5 ).

Mar sin féin, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh le rialacha sonracha an Aontais, féadfar fianaise fós a chur ar fáil tar éis an dáta sin in aghaidh aisíoc páirteach an urrúis.

▼B

CAIBIDIL V

Úsáid an euro

Airteagal 29

Trádáil le tríú tíortha

1.  
Maidir le méideanna a bhaineann le hallmhairithe agus le cánacha onnmhairiúcháin, arna socrú in euro ag dlí an Aontais a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus atá infheidhme in airgeadra náisiúnta sna Ballstáit, beidh an ráta comhshó comhionann go sonrach leis an ráta is infheidhme de bhun Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
2.  
Maidir le praghsanna agus méideanna arna sloinneadh in euro i reachtaíocht talmhaíochta an Aontais maidir le trádáil le tríú tíortha, is é glacadh an dearbhaithe custaim a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.
3.  
Chun luach caighdeánach allmhairiúcháin torthaí agus glasraí a ríomh, ar mhaithe leis an bpraghas iontrála a chinneadh, is é an lá lena mbaineann na praghsanna ionadaíocha a bheidh mar theagmhas oibríochtúil do ráta malairte na bpraghsanna ionadaíocha a úsáidtear chun an luach caighdeánach sin agus méid an laghdaithe a ríomh.

Airteagal 30

Cineálacha sonracha cabhrach

1.  
Maidir le cabhair arna deonú de réir cainníocht táirge atá margaithe nó atá le húsáid ar bhealach sonrach, gan dochar d’Airteagal 32 nó Airteagal 33, is éard a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte an chéad oibríocht lena ráthaítear, tar éis don oibreoir lena mbaineann na táirgí a ghlacadh ar láimh, úsáid chuí na dtáirgí atá i gceist agus lena ngabhann deonú na cabhrach.
2.  
Maidir le cabhair stórála príobháidí, is é an chéad lá den tréimhse inar deonaíodh an chabhair a bhaineann leis an gconradh céanna a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.
3.  
Maidir le cabhair seachas an chabhair dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 32 agus Airteagal 33, is é an sprioc-am chun iarratais a chur isteach a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

Airteagal 31

Earnáil an fhíona

1.  

Is é a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte an chéad lá den bhliain airgeadais inar deonaíodh an tacaíocht don mhéid seo a leanas:

(a) 

athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115;

(b) 

cúnamh sealadach agus ar bhonn céimlaghdaitheach chun na costais riaracháin a bhaineann le bunú cistí frithpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (l), de Rialachán (AE) 2021/2115 a chumhdach;

(c) 

árachas buainte mar chosaint ar chaillteanais ioncaim a tharlódh de thoradh teagmhais dhíobhálacha aeráide a bhaineann le tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, damáiste de bharr ainmhithe, galair plandaí nó inmhíoluithe lotnaidí dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/2115.

2.  
Maidir leis na hoibríochtaí glasbhuainte dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, is é an lá ar a dtarlaíonn an oibríocht ghlasbhuainte a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte
3.  
Maidir le fotháirgí fíonóireachta a dhriogadh i gcomhréir leis na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, Roinn D, Cuid II, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (g), de Rialachán (AE) 2021/2115, is é an chéad lá den bhliain airgeadais ina ndéantar an fotháirge a sheachadadh a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.
4.  
Maidir leis na hinfheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (b), pointe (e) agus pointe (m), de Rialachán (AE) 2021/2115, is é 1 Eanáir na bliana ina ndéantar an cinneadh an chabhair a dheonú a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.
5.  
Maidir leis na cineálacha idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointí (f), (h), (i), (j) agus (k), de Rialachán (AE) 2021/2115, is é an ráta malairte roimh an gceann deireanach a bhunaigh an Banc Ceannais Eorpach roimh an mí inar dearbhaíodh an caiteachas nó an t-ioncam sannta a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

▼M1

Airteagal 31a

Cláir bheachadóireachta

I gcás méideanna arna n-íoc mar chabhair faoi chláir bheachadóireachta de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 1308/2013, is é an 1 Eanáir den bhliain ina ndéantar an íocaíocht a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

▼B

Airteagal 32

Méideanna agus íocaíochtaí cabhrach a bhaineann le cur i bhfeidhm na scéime scoile

Maidir le cabhair a dheonaítear chun an scéim scoile dá dtagraítear i gCuid II, Teideal I, Caibidil II, Roinn I, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chur i bhfeidhm, is é an 1 Eanáir roimh an mbliain scoile lena mbaineann a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

Airteagal 33

Tacaíocht de chineál struchtúrach nó de chineál comhshaoil

Maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe a íoctar i gcomhréir le Teideal III, Caibidil IV, de Rialachán (AE) 2021/2115, chomh maith le híocaíochtaí a bhaineann le bearta arna gceadú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, is é 1 Eanáir na bliana ina ndéantar an cinneadh an chabhair a dheonú a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

Mar sin féin, i gcás ina ndéantar íocaíocht na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír go céimnitheach i gcaitheamh roinnt blianta faoi rialacha an Aontais, is é 1 Eanáir na bliana ina ndéantar an tráthchuid i gceist a íoc a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte le haghaidh gach ceann de na tráthchodanna bliantúla.

Airteagal 34

Méideanna agus praghsanna eile

I gcás praghsanna nó méideanna seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagail 30 go 33, nó i gcás na méideanna atá nasctha leis na praghsanna sin, arna sloinneadh in euro i reachtaíocht an Aontais, nó arna sloinneadh in euro trí nós imeachta tairisceana, is é an lá a dtarlaíonn ceann de na gníomhartha dlíthiúla seo a leanas a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte:

(a) 

maidir le ceannacháin, nuair a fhaightear an tairiscint bhailí;

(b) 

maidir le díolacháin, nuair a fhaightear an tairiscint bhailí;

(c) 

maidir le táirgí a tharraingt siar, an lá a tharlaíonn an tarraingt siar;

(d) 

maidir le hoibríochtaí neamhbhuainte agus glasbhuainte, an lá a tharlaíonn an oibríocht neamhbhuainte agus ghlasbhuainte;

(e) 

maidir le costais iompair, próiseála nó stórála poiblí agus i leith méideanna a leithdháiltear ar staidéir mar chuid de nós imeachta tairisceana, an lá deiridh chun tairiscintí a chur isteach;

(f) 

maidir le praghsanna, méideanna nó tairiscintí ar an margadh a thaifeadadh, an lá a dtaifeadtar an praghas, an méid nó an tairiscint ina leith;

(g) 

maidir le pionóis a bhaineann le neamhchomhlíontacht leis an reachtaíocht talmhaíochta, dáta ghníomh an údaráis inniúil a bhunaíonn na fíorais.

Airteagal 35

Réamhíocaíochtaí a íoc

Maidir le réamhíocaíochtaí, is é an teagmhas oibríochtúil is infheidhme maidir leis an bpraghas nó leis an méid lena mbaineann an réamhíocaíocht, i gcás inar tharla an teagmhas sin faoin tráth ar íocadh an réamhíocaíocht nó, i gcásanna eile, an dáta a ndéantar an réamhíocaíocht a shocrú in euro nó, má theipeann air sin, an dáta a n-íoctar an réamhíocaíocht. Cuirfear an teagmhas oibríochtúil don ráta malairte i bhfeidhm ar réamhíocaíochtaí gan dochar do chur i bhfeidhm an teagmhais oibríochtúil don phraghas nó don mhéid sin ar an bpraghas iomlán nó ar an méid iomlán a bheidh i gceist..

Airteagal 36

Urrúis

Maidir le hurrúis, is é an dáta a dtaiscfear an t-urrús a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

Mar sin féin, beidh feidhm ag na heisceachtaí seo a leanas:

(a) 

maidir le hurrúis a bhaineann le réamhíocaíochtaí, is é an teagmhas oibríochtúil a shainmhínítear do mhéid na réamhíocaíochta a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte, i gcás inar tharla an teagmhas sin sula n-íoctar an t-urrús;

(b) 

maidir le hurrúis a bhaineann le tairiscintí a chur isteach, is é an lá a gcuirfear an tairiscint isteach a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte;

(c) 

maidir le hurrúis a bhaineann le feidhmiú na dtairiscintí, is é dáta deiridh an ghlao ar thairiscintí a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

Airteagal 37

An ráta malairte a shocrú

Nuair a shocraítear teagmhas oibríochtúil faoi reachtaíocht an Aontais, is é an ráta is déanaí arna shocrú ag an mBanc Ceannais Eorpach roimh an gcéad lá den mhí ina dtarlaíonn an teagmhas oibríochtúil an ráta malairte a úsáidfear.

Mar sin féin, is é an ráta malairte a úsáidfear:

(a) 

an ráta dá dtagraítear in Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, le haghaidh na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 29(2) den Rialachán seo inarb é glacadh an dearbhaithe custaim a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte;

(b) 

maidir le caiteachas idirghabhála a thabhaítear i gcomhthéacs oibríochtaí stórála poiblí, an ráta a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ón gCoimisiún ( 6 ).

Airteagal 38

Grinnscrúdú ar idirbhearta

Déanfar na méideanna in euro a eascraíonn as cur chun feidhme Theideal IV, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2116 a chomhshó, i gcás inarb iomchuí, go hairgeadraí náisiúnta tríd an ráta malairte a chur i bhfeidhm ar an gcéad lá oibre an bhliain a thosaíonn an tréimhse ghrinnscrúdaithe agus nuair a fhoilsítear í i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL VI

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

▼M2

Airteagal 39

Forálacha idirthréimhseacha

1.  
I gcás ina nglacfaidh gníomhaireacht íocaíochta, a dhéantar a chreidiúnú de réir Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, freagracht as caiteachas nach raibh sí freagrach as roimhe sin, creidiúnófar í leis na freagrachtaí nua roimh an 1 Eanáir 2023.
2.  
Ní bheidh na bearta a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 faoi réir an chórais ghrinnscrúdú a bhunaítear le Teideal IV, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2116.

▼B

Airteagal 40

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Mar sin féin:

▼M2

(a) 

Airteagal 5, 5a, Airteagal 7(3) agus (4), Airteagal 10, Airteagal 11(1), an dara fomhír, Airteagal 11(2), Airteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagal 41(5) den Rialachán Tarmligthe sin, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu:

(i) 

an caiteachas a thabhaítear agus íocaíochtaí a dhéantar le haghaidh scéimeanna tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) i leith na bliana féilire 2022 agus roimhe sin;

(ii) 

le haghaidh beart a cuireadh chun feidhme go dtí an 31 Nollaig 2022 faoi Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh.1308/2013 agus (AE) Uimh. 1144/2014;

(iii) 

le haghaidh na scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 5(6), an chéad mhír, pointe (c) agus in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) i ndáil le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh d’oibríochtaí arna gcur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tar éis an 31 Nollaig 2022 agus go dtí deireadh na scéimeanna cabhrach sin; agus

(iv) 

a mhéid a bhaineann le CETFT i ndáil le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus íocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta i gcreat chur chun feidhme clár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

▼B

(b) 

Leanfaidh Airteagal 13 den Rialachán sin d’fheidhm a bheith aige maidir le téarnaimh leanúnacha faoi Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

Airteagal 41

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 39 ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

Critéir chreidiúnaithe le haghaidh gníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2)

1.    AN TIMPEALLACHT INMHEÁNACH

(A)    An struchtúr eagrúcháin

Cuirfidh struchtúr eagrúcháin na gníomhaireachta íocaíochta ar a cumas di na príomhfheidhmeanna seo a leanas a fhorghníomhú i leith chaiteachas CERT agus CETFT:

(i) 

údarú agus rialú íocaíochtaí chun a shuíomh go bhfuil an méid atá le híoc le tairbhí i gcomhréir le rialacha an Aontais, lena n-áireofar rialuithe riaracháin agus rialuithe ar an láthair go háirithe;

(ii) 

forghníomhú íocaíochtaí an mhéid údaraithe le tairbhithe (nó a sannaithe) nó, i gcás na forbartha tuaithe, cuid chómhaoinithe an Aontais;

(iii) 

cuntasaíocht chun na híocaíochtaí go léir a thaifeadadh i gcuntais ar leith na gníomhaireachta íocaíochta le haghaidh chaiteachas CERT agus CETFT, i bhfoirm córas faisnéise, agus achoimrí tréimhsiúla caiteachais a ullmhú, lena n-áirítear na dearbhuithe míosúla (i gcás CERT), na dearbhuithe ráithiúla (i gcás CETFT) agus na dearbhuithe bliantúla don Choimisiún. Taifeadfar freisin i gcuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta na sócmhainní arna maoiniú ó CERT agus CETFT, go háirithe maidir le stoic idirghabhála, réamhíocaíochtaí neamh-imréitithe, urrúis agus féichiúnaithe;

(iv) 

a mhéid a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115, áiritheofar freisin le struchtúr eagrúcháin na gníomhaireachta íocaíochta go ndéanfar an tuairisciú feidhmíochta ar tháscairí aschuir chun críocha an imréitigh feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus an tuairisciú feidhmíochta ar tháscairí toraidh le haghaidh an fhaireacháin feidhmíochta ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115, rud a léiríonn go bhfuil Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/2116 á chomhlíonadh.

Le struchtúr eagrúcháin na gníomhaireachta íocaíochta, déanfar foráil maidir le húdarás agus freagracht a shannadh go soiléir ar gach leibhéal oibríochtúil agus maidir leis na feidhmeanna dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (i), pointe (ii) agus pointe (iii), a ndéanfar a bhfreagrachtaí a shainiú i gcairt eagrúcháin ina gcuimseofar na línte tuairiscithe. Cuimseofar ann na seirbhísí teicniúla agus an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach dá dtagraítear i bpointe 4.

(B)    Caighdeán acmhainní daonna

Taispeánfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta go bhfuil sí tiomanta do luachanna ionracais agus eiticiúla. Urramóidh gach leibhéal bainistíochta luachanna ionracais agus eiticiúla ina dtreoracha, ina ngníomhaíochtaí agus ina n-iompraíocht. Leagfar amach na luachanna ionracais agus eiticiúla i gcaighdeáin iompair agus tuigfear iad ar gach leibhéal den eagraíocht, agus tuigfidh soláthraithe seirbhíse seachfhoinsithe agus tairbhithe seachfhoinsithe iad chomh maith. Beidh próisis i bhfeidhm lena mheas an bhfuil daoine aonair agus eintitis ailínithe leis na caighdeáin iompair agus chun aghaidh a thabhairt ar chlaontaí go tráthúil. Léireoidh an ghníomhaireacht íocaíochta freisin tiomantas daoine aonair inniúla a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil i gcomhréir lena cuspóirí.

Áiritheoidh an ghníomhaireacht an méid seo a leanas go háirithe:

(i) 

leithdháileadh acmhainní daonna iomchuí chun oibríochtaí a dhéanamh agus scileanna teicniúla iomchuí a bheith ann de réir mar atá riachtanach ar leibhéil oibríochtúla éagsúla;

(ii) 

roinnt na ndualgas i dtreo nach mbeidh aon oifigeach freagrach as níos mó ná ceann amháin de na freagrachtaí a bhaineann le húdarú, le híocaíocht nó le cuntasaíocht suimeanna a mhuirearófar ar CERT nó ar CETFT, agus gan aon cheann de na cúraimí sin a bheith á dhéanamh ag aon oifigeach gan é a bheith faoi mhaoirseacht;

(iii) 

sainiú freagrachtaí gach oifigigh i sainchuntas poist i scríbhinn, lena n-áirítear teorainneacha airgeadais a chur lena údarás. Féadfar na teorainneacha sin a shainiú sa chóras;

(iv) 

oiliúint foirne iomchuí ar gach leibhéal oibríochtúil, lena n-áirítear feasacht ar chalaois, agus beartas a bheith ann maidir le baill foirne i bpoist íogaire a rothlú, nó, mar rogha eile, maoirseacht bhreise a bheith ann;

(v) 

bearta iomchuí chun riosca féideartha coinbhleachta leasa a sheachaint agus a bhrath de réir bhrí Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a mhéid a bhaineann le feidhmeanna na gníomhaireachta íocaíochta a chur chun feidhme i leith daoine a bhfuil tionchar acu agus suíomhanna íogaire acu laistigh agus lasmuigh den ghníomhaireacht íocaíochta. I gcás ina bhfuil riosca coinbhleachta leasa ann, beidh bearta i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal sin i bhfeidhm.

(C)    Measúnú riosca

Áiritheoidh an ghníomhaireacht íocaíochta an méid seo a leanas:

(i) 

sainaithint chuspóirí na gníomhaireachta íocaíochta ionas gur féidir na rioscaí a bhaineann leis na cuspóirí sin a shainaithint agus a mheasúnú;

(ii) 

sainaithint na rioscaí, lena n-áirítear neamhrialtachtaí nó calaois a d’fhéadfadh a bheith ann, ar rioscaí iad a bhaineann le cuspóirí na gníomhaireachta íocaíochta a bhaint amach agus anailís ar na rioscaí sin mar bhonn chun a chinneadh conas ba cheart an riosca a bhainistiú;

(iii) 

a mhéid a bhaineann leis an riosca calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann, straitéis frithchalaoise, ina n-áireofar bearta chun calaois agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Áireofar ar na bearta sin calaois a chosc agus a bhrath agus na coinníollacha a ghabhann lena himscrúdú; agus bearta cúitimh agus díspreagtha, le smachtbhannaí comhréireacha agus athchomhairleacha;

(iv) 

cur chun feidhme bearta chun na rioscaí a chosc agus a mhaolú;

(v) 

sainaithint agus measúnú na n-athruithe a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar an gcóras rialaithe inmheánaigh;

(vi) 

athbhreithniú tráthrialta ar an measúnú riosca agus ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun na rioscaí sainaitheanta a chosc nó a mhaolú.

(D)    Tarmligean

(D.1) Má dhéanann an ghníomhaireacht íocaíochta aon cheann dá cúraimí a tharmligean chuig comhlacht eile i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

ní mór comhaontú i scríbhinn a thabhairt i gcrích idir an ghníomhaireacht íocaíochta agus an comhlacht sin ina sonraítear, amach ó na cúraimí tarmligthe, cineál na faisnéise agus na doiciméid tacaíochta atá le cur isteach chuig an ngníomhaireacht íocaíochta agus an teorainn ama nach mór iad a chur isteach laistigh di. Sa chomhaontú ní mór a chur ar a cumas don ghníomhaireacht íocaíochta na critéir chreidiúnaithe a chomhlíonadh;

(ii) 

leanfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta de bheith freagrach as bainistíocht éifeachtach na gcistí lena mbaineann i ngach cás. Leanann sí de bheith freagrach go hiomlán as dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, lena n-áirítear leas airgeadais an Aontais a chosaint, chomh maith leis an gcaiteachas comhfhreagrach a dhearbhú don Choimisiún agus na cuntais a ullmhú dá réir;

(iii) 

saineofar go soiléir freagrachtaí agus oibleagáidí an chomhlachta eile, go háirithe maidir le comhlíonadh rialacha an Aontais a rialú agus a fhíorú;

(iv) 

áiritheoidh an ghníomhaireacht íocaíochta go bhfuil córais éifeachtacha ag an gcomhlacht eile lena áirithiú go gcomhlíonann sé a chúraimí ar bhealach sásúil;

(v) 

dearbhóidh an comhlacht eile go sainráite don ghníomhaireacht íocaíochta go bhfuil a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus tabharfaidh sé tuairisc ar na modhanna a úsáidtear;

(vi) 

déanfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta athbhreithniú ar na cúraimí tarmligthe go tráthrialta chun a dhearbhú go bhfuil an obair a dhéantar ar chaighdeán sásúil agus go bhfuil sí i gcomhréir le rialacha an Aontais.

(D.2) Beidh feidhm mutatis mutandis ag na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (D.1)(i), (ii), (iii) agus (v) sna cásanna ina ndéanann comhlacht eile feidhmeanna na gníomhaireachta íocaíochta mar chuid dá chúraimí rialta ar bhonn na reachtaíochta náisiúnta.

2.    GNÍOMHAÍOCHTAÍ RIALAITHE

(A)    Nósanna imeachta um údarú éileamh

Glacfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta nósanna imeachta chun na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(i) 

leagfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta nósanna imeachta mionsonraithe síos maidir le héilimh a fháil, a thaifeadadh agus a phróiseáil, lena n-áirítear cur síos ar na doiciméid go léir agus ar an gcóras faisnéise a bheidh le húsáid;

(ii) 

beidh seicliosta mionsonraithe de na fíoraithe atá le déanamh ag gach oifigeach atá freagrach as údarú, agus fianóidh siad sna doiciméid tacaíochta a ghabhann leis an éileamh go ndearnadh na seiceálacha sin. Féadfar an fianú sin a dhéanamh go leictreonach. Beidh fianaise ann d’athbhreithniú córasach ag ball foirne sinsearach ar an obair bunaithe ar shampla, ar chóras nó ar phlean;

(iii) 

ní dhéanfar éileamh a údarú le haghaidh íocaíochta ach amháin nuair a dhéanfar dóthain seiceálacha chun comhlíonadh rialacha an Aontais a áirithiú;

(iv) 

áireofar sna seiceálacha iad siúd a cheanglaítear leis an rialachán ábhartha lena rialaítear an beart sonrach faoina ndéanfar cabhair a éileamh, agus iad siúd a cheanglaítear de bhun Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2021/2116 chun calaois agus neamhrialtacht a chosc agus a bhrath agus aird áirithe á tabhairt ar na rioscaí a thabhaítear. Maidir le CETFT, beidh nósanna imeachta ann sa bhreis air sin chun a fhíorú gur urramaíodh na coinníollacha maidir le cabhair a dheonú, lena n-áirítear dul i gconradh, agus gur comhlíonadh rialacha uile an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear iad siúd atá socraithe i bplean straitéiseach CBT;

(v) 

déanfar bainistíocht na gníomhaireachta íocaíochta a chur ar an eolas, ar leibhéal iomchuí, ar bhonn tráthrialta agus tráthúil faoi thorthaí na seiceálacha riaracháin agus na seiceálacha ar an láthair a dhéantar, ionas go bhféadfar leordhóthanacht na rialuithe sin a chur san áireamh i gcónaí sula ndéantar éileamh a shocrú;

(vi) 

mionsonrófar an obair a dhéantar i dtuarascáil a ghabhann le gach éileamh, baisc éileamh nó, más iomchuí, i dtuarascáil ina gcumhdaítear bliain mhargaíochta amháin. Beidh fianú incháilitheachta na n-éileamh formheasta agus chineál, raon feidhme agus theorainneacha na hoibre a rinneadh ag gabháil leis an tuarascáil. Féadfar é sin a dhéanamh go leictreonach. Ina theannta sin, maidir le CETFT, beidh dearbhú gur urramaíodh na coinníollacha maidir le cabhair a dheonú, lena n-áirítear dul i gconradh, agus gur comhlíonadh rialacha uile an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear iad siúd atá socraithe i bplean straitéiseach CBT. Más rud é nach uileghabhálach atá aon seiceáil fhisiceach nó riaracháin, ach go ndéantar í ar shampla éileamh, sainaithneofar na héilimh a roghnaítear, tabharfar tuairisc ar an modh samplála, agus tabharfar tuarascáil ar thorthaí na gcigireachtaí uile agus na bearta a glacadh i leith neamhréireachtaí agus neamhrialtachtaí. Beidh na doiciméid tacaíochta (i bhfoirm pháipéir nó leictreonach) leordhóthanach chun dearbhú a sholáthar go ndearnadh na seiceálacha riachtanacha go léir ar incháilitheacht na n-éileamh údaraithe;

(vii) 

i gcás ina gcoinneoidh comhlachtaí eile na doiciméid (i bhfoirm pháipéir nó leictreonach) a bhaineann leis na héilimh arna n-údarú agus na rialuithe arna ndéanamh, déanfaidh an dá chomhlacht sin agus an ghníomhaireacht íocaíochta nósanna imeachta a bhunú chun a áirithiú go gcoimeádfar na doiciméid sin nó na taifid sonraí leictreonacha sin agus go mbeidh siad ar fáil don ghníomhaireacht íocaíochta.

(B)    Nósanna imeachta um íocaíocht

Glacfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta na nósanna imeachta is gá chun a áirithiú nach ndéantar íocaíochtaí ach le cuntais bhainc ar leis na tairbhithe nó a sannaithe iad. Déanfaidh banc na gníomhaireachta íocaíochta an íocaíocht, nó, de réir mar is iomchuí, déanfaidh oifig íocaíochtaí rialtais an íocaíocht, laistigh de 5 lá oibre ó dháta an mhuirir ar CERT nó ar CETFT. Na híocaíochtaí ar fad nár forghníomhaíodh aistrithe ina leith, glacfar nósanna imeachta chun a áirithiú nach ndearbhaítear do CERT ná do CETFT iad le haghaidh aisíocaíochta. Más rud é gur dearbhaíodh na híocaíochtaí sin cheana do CERT nó do CETFT, ba cheart iad a chur chun sochar na gCistí sin an athuair trí na chéad dearbhuithe míosúla/ráithiúla eile nó sna cuntais bhliantúla ar a dhéanaí. Ní dhéanfar aon íocaíocht in airgead tirim. Féadfar formheas ón oifigeach údaraithe agus/nó óna mhaoirseoir a dhéanamh go leictreonach, ar choinníoll go n-áireofar leibhéal slándála iomchuí i gcomhair an mhodha leictreonaigh sin, agus go ndéanfar céannacht an tsínitheora a chur isteach sna taifid leictreonacha.

(C)    Nósanna imeachta um chuntasaíocht

Glacfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta na nósanna imeachta seo a leanas:

(i) 

áiritheofar leis na nósanna imeachta cuntasaíochta go gcuirtear na dearbhuithe míosúla (maidir le CERT), na dearbhuithe ráithiúla (maidir le CETFT) agus na dearbhuithe bliantúla i gcrích agus go bhfuil siad cruinn agus tráthúil, agus go mbraitear agus go gceartaítear aon earráid nó easnamh, go háirithe trí sheiceálacha agus comhréitigh a dhéanamh go tráthrialta;

(ii) 

áiritheofar leis an gcuntasaíocht maidir le stóráil idirghabhála go ndéantar na cainníochtaí agus na costais ghaolmhara a phróiseáil agus a thaifeadadh i gceart agus go pras in aghaidh na luchtóige inaitheanta agus sa chuntas ceart ag gach céim ón am ar glacadh le tairiscint go dtí go ndéantar an táirge a dhiúscairt go fisiceach, i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme, agus áiritheofar go bhféadfar cainníocht agus cineál na stoc ag gach suíomh a chinneadh tráth ar bith.

(D)    Nósanna imeachta um an tuairisciú ar fheidhmíocht

A mhéid a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115, áiritheoidh an ghníomhaireacht íocaíochta go bhfuil córas faisnéise i bhfeidhm chun sonraí maidir le gach éileamh agus oibríocht a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil i bhfoirm ríomhairithe. Ina theannta sin, soláthrófar leis an gcóras miondealú ar shonraí maidir leis na táscairí aschuir ábhartha uile in aghaidh na hidirghabhála chun a ráthú go dtaispeánann an tuairisciú bliantúil ar fheidhmíocht go ndearnadh an caiteachas i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/2116, chomh maith leis na sonraí maidir leis na táscairí toraidh, lena n-áirítear spriocanna agus garspriocanna.

(E)    Nósanna imeachta um réamhíocaíochtaí agus urrúis

Glacfar nósanna imeachta chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i) 

íocaíochtaí na réamhíocaíochtaí sna cuntais chuntasaíochta nó sna fochuntais a shainaithint ar leithligh;

(ii) 

gan ráthaíochtaí a bheith le fáil ach amháin ó institiúidí airgeadais a chomhlíonann coinníollacha Chaibidil IV den Rialachán seo agus atá formheasta ag na húdaráis iomchuí agus atá fós bailí go dtí go ndéanfar iad a imréiteach nó go dtí go n-iarrfar orthu, arna iarraidh sin go simplí ag an ngníomhaireacht íocaíochta;

(iii) 

na réamhíocaíochtaí a imréiteach laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos agus na réamhíocaíochtaí atá thar téarma i gcomhair imréitigh a shainaithint go pras agus na ráthaíochtaí a iarraidh go pras.

(F)    Nósanna imeachta um fhiacha

Beidh feidhm mutatis mutandis ag na critéir uile dá bhforáiltear i ranna (A) go (E) ar thobhaigh, ráthaíochtaí forghéillte, íocaíochtaí aisíoctha, ioncaim shannta srl., nithe a cheanglaítear ar an ngníomhaireacht íocaíochta a bhailiú thar ceann CERT agus CETFT.

Cuirfidh an ghníomhaireacht íocaíochta córas ar bun chun na méideanna go léir atá dlite a shainaithint agus chun na fiacha sin go léir a thaifeadadh i mórleabhar féichiúnaithe aonair sula bhfaighfear iad. Déanfar cigireacht ar mhórleabhar na bhféichiúnaithe go tráthrialta agus glacfar gníomh chun fiacha atá thar téarma a bhailiú.

(G)    Rian iniúchóireachta

Beidh an fhaisnéis maidir le fianaise dhoiciméadach ar údarú, cuntasaíocht agus íocaíocht éileamh, tuairisciú ar fheidhmíocht agus láimhseáil réamhíocaíochtaí, urrús agus fiach ar fáil sa ghníomhaireacht íocaíochta chun a áirithiú go mbeidh rian iniúchóireachta mionsonraithe leordhóthanach ar fáil i gcónaí.

3.    FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID

(A)    Cumarsáid

Maidir le gach athrú ar rialacháin an Aontais, agus go háirithe maidir leis na rátaí cabhrach is infheidhme, glacfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta na nósanna imeachta is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a thaifeadadh agus go ndéanfar na treoracha, na bunachair sonraí agus na seicliostaí a thabhairt cothrom le dáta in am trátha.

(B)    Slándáil na gcóras faisnéise

Deimhneofar slándáil na gcóras faisnéise i gcomhréir le hEagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán 27001: Córais bhainistíochta Slándála Faisnéise – Ceanglais (ISO).

Arna údarú sin ag an gCoimisiún, féadfaidh na Ballstáit slándáil na gcóras faisnéise a dheimhniú i gcomhréir le caighdeáin eile a bhfuil glacadh leo, má ráthaítear leis na caighdeáin sin leibhéal slándála atá comhionann, ar a laghad, leis an leibhéal a sholáthraítear le ISO 27001.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír ná ag an dara mír maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta atá freagrach as caiteachas bliantúil nach mó ná EUR 400 milliún a bhainistiú agus a rialú, má chuir an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh ceann de na caighdeáin seo a leanas a chur i bhfeidhm ina ionad:

— 
An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú 27002: Cód cleachtais maidir le rialuithe Slándála Faisnéise (ISO);
— 
Bundesamt für Sicherheit in der Informationstechnik: IT-Grundschutzhandbuch/Lámhleabhar Cosanta Bunlíne TF (BSI);
— 
Cumann Iniúchóireachta agus Rialaithe na gCóras Faisnéise: Cuspóirí rialaithe maidir le Teicneolaíocht Faisnéise agus Teicneolaíocht ghaolmhar (COBIT).

4.    FAIREACHÁN

(A)    Faireachán leanúnach trí ghníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh

Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad sna gníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh:

(i) 

faireachán ar na seirbhísí teicniúla agus ar na comhlachtaí tarmligthe atá freagrach as na rialuithe agus na feidhmeanna eile a dhéanamh chun cur i bhfeidhm ceart na rialachán, na dtreoirlínte agus na nósanna imeachta a áirithiú;

(ii) 

tús a chur le hathruithe ar chórais chun córais rialaithe a fheabhsú i gcoitinne;

(iii) 

athbhreithniú ar éilimh agus iarrataí a chuirtear faoi bhráid na gníomhaireachta íocaíochta chomh maith le faisnéis eile lena gcuirtear amhras faoi neamhrialtachtaí in iúl;

(iv) 

nósanna imeachta faireacháin chun calaois agus neamhrialtacht a chosc agus a bhrath agus aird ar leith á tabhairt ar na réimsí sin de chaiteachas CBT faoi inniúlacht na gníomhaireachta íocaíochta atá i mbaol suntasach calaoise nó neamhrialtachtaí tromchúiseacha eile.

Socrófar go mbeidh faireachán leanúnach ina dhlúthchuid de ghnáthghníomhaíochtaí oibriúcháin athfhillteacha na gníomhaireachta íocaíochta. Déanfar faireachán ar bhonn leanúnach ar oibríochtaí laethúla agus gníomhaíochtaí rialaithe na gníomhaireachta chun rian iniúchóireachta sách mionsonraithe a áirithiú.

(B)    Meastóireachtaí ar leithligh trí sheirbhís um iniúchóireacht inmheánach

Glacfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta nósanna imeachta chun na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(i) 

beidh an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach neamhspleách ar ranna eile na gníomhaireachta íocaíochta agus tuairisceoidh sí go díreach chuig stiúrthóir na gníomhaireachta íocaíochta;

(ii) 

fíoróidh an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach go bhfuil na nósanna imeachta atá glactha ag an ngníomhaireacht leordhóthanach chun a áirithiú go bhfíoraítear comhlíonadh rialacha an Aontais agus go bhfuil na cuntais cruinn, iomlán agus tráthúil. Ar choinníoll go n-áireofar le plean iniúchta go bhfuil gach réimse suntasach, lena n-áirítear na ranna atá freagrach as údarú, cumhdaithe ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana, féadfar fíoraithe a theorannú do bhearta roghnaithe agus do shamplaí idirbheart;

(iii) 

déanfar obair na seirbhíse um iniúchóireacht inmheánach i gcomhréir le caighdeáin a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, déanfar í a thaifeadadh i bpáipéir oibre agus beidh tuarascálacha agus moltaí a dhíreofar ar ardbhainistíocht na gníomhaireachta mar thoradh uirthi.




IARSCRÍBHINN II

Critéir chreidiúnaithe le haghaidh comhlachtaí comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(3) a mhéid a bhaineann le tiomsú na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht

1.    FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID

(A)    Cumarsáid

Glacfaidh an comhlacht comhordúcháin na nósanna imeachta is gá chun a áirithiú go ndéanfar gach athrú ar rialacháin an Aontais a thaifeadadh agus go dtabharfar na treoracha agus na bunachair sonraí cothrom le dáta in am trátha.

(B)    Slándáil na gcóras faisnéise

Deimhneofar slándáil na gcóras faisnéise i gcomhréir le hEagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán 27001: Córais bhainistíochta Slándála Faisnéise – Ceanglais (ISO).

Arna údarú sin ag an gCoimisiún, féadfaidh na Ballstáit slándáil na gcóras faisnéise a dheimhniú i gcomhréir le caighdeáin eile a bhfuil glacadh leo, má ráthaítear leis na caighdeáin sin leibhéal slándála atá comhionann, ar a laghad, leis an leibhéal a sholáthraítear le ISO 27001. I gcás ina ngníomhaíonn gníomhaireacht íocaíochta mar chomhlacht comhordaithe, comhlíonann a deimhniúchán an coinníoll sin.




IARSCRÍBHINN III

Oibleagáidí na ngníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(1)

I.    OIBLEAGÁIDÍ NA nGNÍOMHAIREACHTAÍ ÍOCAÍOCHTA

A.    Seiceálacha

1.    Minicíocht agus ionadaíochas

Déanfar cigireacht ar gach pointe stórála uair amháin ar a laghad sa bhliain i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i gcuid II, chun an méid seo a leanas a fhionnadh go háirithe:

(a) 

an nós imeachta um fhaisnéis maidir le stóráil phoiblí a bhailiú;

(b) 

cé acu an réitíonn na sonraí cuntasaíochta atá ag an stórálaí ar an láthair leis an bhfaisnéis a sheoltar chuig an ngníomhaireacht íocaíochta nó nach réitíonn;

(c) 

bunófar láithreacht fhisiceach trí bhíthin cigireacht fhisiceach ionadaíoch leordhóthanach, lena gcumhdófar na céatadáin a leagtar amach i gcuid II ar a laghad agus lena bhféadfar teacht ar an gconclúid go bhfuil na cainníochtaí uile a liostaítear sna cuntais stoic i láthair i ndáiríre;

(d) 

sna seiceálacha ar cháilíocht cuimseofar seiceálacha amhairc, boltanach agus/nó orgánaileipteacha agus, má bhíonn aon amhras ann, grinnanailísí.

2.    Seiceálacha breise

Má bhraitear aimhrialtacht le linn na cigireachta fisicí, déanfar cigireacht ar chéatadán eile de na cainníochtaí i stóráil idirghabhála agus úsáid á baint as an modh céanna. Más gá, féadfar an chigireacht a leathnú chun na táirgí go léir sa luchtóg nó sa stór a ndéantar iniúchadh orthu a mheá.

B.    Tuarascálacha cigireachta

1. Déanfaidh comhlacht cigireachta inmheánaí na gníomhaireachta íocaíochta nó an comhlacht atá údaraithe ag an ngníomhaireacht íocaíochta tuarascáil a tharraingt suas ar gach ceann de na seiceálacha nó na cigireachtaí fisiceacha a rinneadh.

2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:

(a) 

ainm an stórálaí, seoladh an stóir ar tugadh cuairt air agus tuairisc ar na luchtóga a ndearnadh cigireacht orthu;

(b) 

an dáta agus an t-am ar tosaíodh agus ar críochnaíodh an chigireacht;

(c) 

an áit a ndearnadh an chigireacht agus tuairisc ar na coinníollacha stórála, pacáistithe agus inrochtaineachta;

(d) 

céannacht iomlán na ndaoine a dhéanann an chigireacht, a stádas agus téarmaí an údaraithe atá acu;

(e) 

na bearta cigireachta a rinneadh agus na nósanna imeachta a úsáideadh chun toirt a dheimhniú, amhail modhanna tomhais, ríomhanna, torthaí eatramhacha agus deiridh, agus na conclúidí ar thángthas orthu;

(f) 

i gcás gach luchtóige nó cáilíochta a stóráiltear, an chainníocht i leabhair na gníomhaireachta íocaíochta, an chainníocht i leabhair an stóir agus aon neamhréireacht idir an dá shraith leabhar;

(g) 

i gcás gach luchtóige nó cáilíochta a ndearnadh cigireacht fhisiceach uirthi, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (f) agus an chainníocht a fhíoraítear ar an láthair agus aon neamhréireacht, uimhir na luchtóige nó na cáilíochta, na pailléid, na boscaí, na sadhlanna, na dabhcha nó na gabhdáin eile atá i gceist agus an meáchan (glanmheáchan agus ollmheáchan araon, más iomchuí) nó an toirt;

(h) 

na ráitis a rinne an stórálaí ina bhfuil neamhréireachtaí nó difríochtaí;

(i) 

áit, dáta agus síniú an duine a dhréachtaigh an tuarascáil agus an stórálaí nó an ionadaí;

(j) 

aon chigireacht leathnaithe a rinneadh i gcás aimhrialtachta, lena sonraítear céatadán na gcainníochtaí stóráilte atá cumhdaithe sa chigireacht fhadaithe, na neamhréireachtaí a fuarthas agus na mínithe a tugadh.

3. Seolfar na tuarascálacha láithreach chuig ceann na roinne atá freagrach as cuntais na gníomhaireachta íocaíochta a choinneáil.

Díreach tar éis an tuarascáil a fháil, déanfar cuntais na gníomhaireachta íocaíochta a cheartú i bhfianaise na neamhréireachtaí agus na ndifríochtaí a braitheadh.

4. Beidh na tuarascálacha ar fáil ag foireann an Choimisiúin agus ag daoine arna n-údarú ag an gCoimisiún.

5. Dréachtóidh an ghníomhaireacht íocaíochta doiciméad achoimre, ina liostófar an méid seo a leanas:

(a) 

na seiceálacha a rinneadh, agus na cinn ar cigireachtaí fisiceacha (seiceálacha fardail) iad á léiriú go soiléir;

(b) 

na cainníochtaí a ndearnadh seiceáil orthu;

(c) 

an aimhrialtacht a braitheadh i ndáil leis na ráitis mhíosúla agus bhliantúla, agus na cúiseanna leis an aimhrialtacht sin.

Cuirfear na cainníochtaí a ndearnadh seiceáil orthu agus an aimhrialtacht a braitheadh in iúl maidir le gach táirge lena mbaineann, i dtéarmaí meáchain nó toirte agus mar chéatadán de na cainníochtaí iomlána a shealbhaítear.

Sa doiciméad achoimre sin, liostófar na seiceálacha ar leithligh chun cáilíocht na dtáirgí a stóráiltear a fhíorú. Seolfar é chuig an gCoimisiún an tráth céanna leis na cuntais bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116.

II.    NÓS IMEACHTA UM CHIGIREACHT FHISICEACH DE RÉIR NA hEARNÁLA DE CBT MAIDIR LEIS NA SEICEÁLACHA DÁ bhFORÁILTEAR I gCUID I

A.    Im

1. 5 % ar a laghad den chainníocht iomlán i stóráil phoiblí a bheidh i sampla na luchtóg a bheidh le seiceáil. Roghnófar na luchtóga a bheidh le seiceáil roimh an gcuairt ar an stór ar bhonn shonraí cuntasaíochta na gníomhaireachta íocaíochta, ach ní chuirfear an stórálaí ar an eolas.

2. Déanfar láithreacht na luchtóg arna roghnú agus a gcomhdhéanamh a fhíorú ar an láthair trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

uimhreacha rialaithe na luchtóg agus na mboscaí a shainaithint ar bhonn na nótaí ceannaigh nó na nótaí iontrála;

(b) 

na pailléid (pailléad amháin as 10) agus na boscaí (ceann amháin in aghaidh an phailléid) a mheá;

(c) 

an t-ábhar atá sa bhosca a sheiceáil ó amharc (ceann amháin as gach cúig phailléad);

(d) 

an bhail atá ar an bpacáistiú a sheiceáil.

3. Sa tuarascáil chigireachta, cuimseofar tuairisc ar na luchtóga a ndearnadh cigireacht fhisiceach orthu agus ar aon easnamh a luaitear.

B.    Púdar bainne bhearrtha

1. 5 % ar a laghad den chainníocht i stóráil phoiblí a bheidh i sampla na luchtóg a bheidh le seiceáil. Roghnófar na luchtóga a bheidh le seiceáil roimh an gcuairt ar an stór ar bhonn shonraí cuntasaíochta na gníomhaireachta íocaíochta, ach ní chuirfear an stórálaí ar an eolas.

2. Déanfar láithreacht na luchtóg arna roghnú agus a gcomhdhéanamh a fhíorú ar an láthair trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

uimhreacha rialaithe na luchtóg agus na málaí a shainaithint ar bhonn na nótaí ceannaigh nó na nótaí iontrála;

(b) 

na pailléid (pailéad amháin as 10) agus na málaí (mála amháin as 10) a mheá;

(c) 

an t-ábhar atá i mála a sheiceáil ó amharc (mála amháin as gach cúig phailléad);

(d) 

an bhail atá ar an bpacáistiú a sheiceáil.

3. Sa tuarascáil chigireachta, cuimseofar tuairisc ar na luchtóga a ndearnadh cigireacht fhisiceach orthu agus ar aon easnamh a luaitear.

C.    Gránaigh agus Rís

1.   Nós imeachta um chigireacht fhisiceach

Déanfar an chigireacht mar a leanas:

(a) 

Roghnófar na haraidí nó na seomraí stórais a bheidh le seiceáil, ar 5 % ar a laghad de chainníocht iomlán na ngránach nó na ríse i stóráil phoiblí a bheidh iontu.

Beidh an roghnúchán bunaithe ar thaifid stoc na gníomhaireachta íocaíochta, ach ní chuirfear an stórálaí ar an eolas.

(b) 

Cigireacht fhisiceach:

(i) 

láithreacht na ngránach nó na ríse sna haraidí nó sna seomraí stórais roghnaithe a fhíorú;

(ii) 

na gránaigh nó an rís a shainaithint;

(iii) 

cigireacht a dhéanamh ar choinníollacha stórála agus seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht na dtáirgí a stóráiltear faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1238 ón gCoimisiún ( 9 );

(iv) 

áit stórála agus sainaitheantas na ngránach nó na ríse a chur i gcomparáid le taifid an stóir;

(v) 

meastóireacht ar na cainníochtaí a stóráiltear trí mhodh arna fhormheas ag an ngníomhaireacht íocaíochta roimh ré, a ndéanfar tuairisc uirthi a thaisceadh ina ceannoifig.

2.   Nós imeachta i gcás ina bhfaighfear neamhréireachtaí

Ceadaítear méid éigin lamháltais nuair a dhéantar an toirt a fhíorú.

Mar sin, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, roinn II, i gcás ina mbeidh difríocht 5 % nó níos mó idir meáchan na dtáirgí a stóráiltear mar a taifeadadh le linn na cigireachta fisicí agus an meáchan leabhair maidir le gránaigh nó rís i gcás ina ndéanfar iad a stóráil i sadhlanna nó ar an urlár.

I gcás ina ndéanfar gránaigh nó rís a stóráil i dtrádstóras, féadfar na méideanna a rinneadh a mheá arna n-iontráil isteach i stóráil a thaifeadadh seachas na méideanna a eascraíonn as measúnú toirte más rud é nach soláthraíonn na méideanna a eascraíonn as measúnú toirte cruinneas leordhóthanach agus ar choinníoll nach bhfuil an difríocht idir an dá mhéid iomarcach.

Bainfidh an ghníomhaireacht íocaíochta úsáid as an rogha sin i gcás ina mbeidh údar cuí leis, ar bhonn cás ar chás agus ar a fhreagracht féin. Cuirfidh sí in iúl go ndearna sí amhlaidh ina tuarascáil chigireachta, bunaithe ar an tsamhail tháscach seo a leanas:



GRÁNAIGH – CIGIREACHT STOIC

Táirge:

Stórálaí: Stór, sadhlann:

Uimhir na cille:

Dáta:

Luchtóg

Cainníocht a luaitear sna cuntais stoic

(a)   Stoic i sadhlann



Uimh. an choimeádáin

Toirt a luadh sa tsonraíocht m3 (A)

Toirt shaor a taifeadadh m3 (B)

Toirt na ngránach a stóráladh m3 (A-B)

Sainmheáchan a taifeadadh kg/hl = 100

Meáchan gránach nó rís

 

 

 

 

 

 

Iomlán (a): …

(b)   Stoic i stóráil ar an urlár



 

Uimh. an tSeomra Stórais

Uimh. an tSeomra Stórais

Uimh. an tSeomra Stórais

Achar atá cumhdaithe …

Airde …

m2

m2

m2

m3

m3

m3

 

… m

 

… m

 

… m

 

Ceartúcháin …

… m3

… m3

… m3

Toirt …

… m3

… m3

… m3

Sainmheáchan …

… kg/hl

… kg/hl

… kg/hl

Meáchan iomlán

… tonaí

… tonaí

… tonaí

Iomlán (b): …

Meáchan iomlán sa stór: …

Difríocht ó mheáchan leabhair: …

In %: …

…, [dáta]

… (Stampa agus síniú)

Cigire na gníomhaireachta íocaíochta:

D.    Mairteoil agus laofheoil

1. 

5 % ar a laghad den chainníocht iomlán i stóráil phoiblí a bheidh i sampla na luchtóg a bheidh le seiceáil. Roghnófar na luchtóga a bheidh le seiceáil roimh an gcuairt ar an stór ar bhonn shonraí cuntasaíochta na gníomhaireachta íocaíochta, ach ní chuirfear an stórálaí ar an eolas.

2. 

Déanfar láithreacht na luchtóg arna roghnú agus a gcomhdhéanamh a fhíorú ar an láthair. Beidh na nithe seo a leanas i gceist san fhíorú:

(a) 

maidir le feoil ar an gcnámh:

(i) 

na luchtóga a shainaithint agus líon na bpíosaí a fhíorú;

(ii) 

meáchan 20 % de na píosaí a fhíorú, i gcás gach cineál gearrtha agus/nó cáilíochta;

(iii) 

an bhail atá ar an bpacáistiú a sheiceáil ó amharc.

(b) 

maidir le feoil dhíchnámhaithe:

(i) 

na luchtóga agus na pailléid a shainaithint agus líon na mboscaí a fhíorú;

(ii) 

meáchan 10 % de na pailléid nó de na coimeádáin a sheiceáil;

(iii) 

meáchan 10 % de na boscaí ó gach pailléad a mheáitear a sheiceáil;

(iv) 

ábhar na mboscaí agus riocht an phacáistithe i ngach bosca a sheiceáil ó amharc.

Roghnófar na pailléid ag féachaint do na gearrthacha difriúla sa stór.

3. 

Sa tuarascáil chigireachta, cuimseofar tuairisc ar na luchtóga a ndearnadh cigireacht fhisiceach orthu agus ar aon easnamh a luaitear.




IARSCRÍBHINN IV

Oibleagáidí agus prionsabail ghinearálta a bhaineann le freagrachtaí na stórálaithe, atá le cuimsiú i gconarthaí stórála a thugtar i gcrích idir gníomhaireachtaí íocaíochtaí agus stórálaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)

I.    OIBLEAGÁIDÍ GINEARÁLTA NA STÓRÁLAITHE

Beidh stórálaithe freagrach as a áirithiú go gcaomhnófar i gceart na táirgí atá cumhdaithe ag bearta idirghabhála an Aontais. Is orthu a bheidh na hiarmhairtí airgeadais a bhaineann le haon mhainneachtain é sin a dhéanamh.

Beidh plean den trádstóras agus beidh na tomhais i gcomhair gach sadhlainne nó seomra stórais le fáil ag gach pointe stórála.

Déanfar na gránaigh nó an rís a stóráil ar bhealach lenar féidir a dtoirt a fhíorú.

II.    CÁILÍOCHT NA dTÁIRGÍ

I gcás ina meathlóidh cáilíocht na dtáirgí idirghabhála i stóráil de thoradh droch-choinníollacha stórála nó coinníollacha stórála míchuí, is é an stórálaí a íocfaidh as na caillteanais agus cuirfear isteach iad sna cuntais stórála poiblí mar chaillteanas a eascraíonn as meath an táirge de dheasca coinníollacha stórála.

III.    CAINNÍOCHTAÍ IN EASNAMH

1. Beidh an stórálaí freagrach as gach neamhréiteach idir na cainníochtaí sa stór agus na sonraí a thugtar sna ráitis stoic a sheoltar chuig an ngníomhaireacht íocaíochta.

2. I gcás ina mbeidh níos mó cainníochtaí in easnamh ná mar a cheadaítear faoi na teorainneacha lamháltais ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 4, Iarscríbhinn III, cuid II, roinn C, pointe 2, agus Iarscríbhinn V, nó faoin reachtaíocht talmhaíochta earnálach, muirearófar an méid iomlán ar an stórálaí mar chaillteanas neamh-inaitheanta. Na stórálaithe atá ag cur in aghaidh na gcainníochtaí atá in easnamh, féadfaidh siad meá nó tomhas an táirge a iarraidh, agus sa chás sin iompróidh siad costais na hoibríochta ach amháin má fhaightear amach go bhfuil na cainníochtaí a dearbhaíodh i láthair go hiarbhír nó nach bhfuil an difríocht os cionn na dteorainneacha ábhartha, rud a chiallódh go muirearófaí na costais mheáite nó tomhais ar an ngníomhaireacht íocaíochta.

Beidh feidhm ag na teorainneacha lamháltais a leagtar amach in Iarscríbhinn III, cuid II, roinn C, pointe 2, gan dochar do na lamháltais eile dá dtagraítear sa chéad mhír den phointe seo.

IV.    DOICIMÉID TACAÍOCHTA AGUS DEARBHUITHE BLIANTÚLA AGUS MÍOSÚLA

1.    Doiciméid tacaíochta agus dearbhuithe míosúla

(a) 

Na doiciméid a bhaineann le táirgí a iontráil, a stóráil agus a aistriú agus a úsáidtear chun na cuntais bhliantúla a tharraingt suas, ní mór iad a bheith i seilbh an stórálaí agus ní mór an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, a bheith iontu:

(i) 

áit stórála (le sainaithint na haraide nó na daibhche i gcás inarb ábhartha);

(ii) 

an chainníocht a tugadh anonn ón mí roimh ré;

(iii) 

iontrálacha agus aistrithe de réir na luchtóige;

(iv) 

an stoc ag deireadh na tréimhse.

Leis na doiciméid sin, ceadófar sainaithint bheacht na gcainníochtaí sa stór tráth ar bith, agus cuirfear san áireamh ceannacháin agus díolacháin a comhaontaíodh ach nach ndearnadh na hiontrálacha comhfhreagracha nó na haistrithe comhfhreagracha stoic lena n-aghaidh go fóill.

(b) 

Seolfaidh an stórálaí na doiciméid a bhaineann le táirgí a iontráil, a stóráil agus a aistriú chuig an ngníomhaireacht íocaíochta uair sa mhí ar a laghad, mar thaca le ráiteas achomair stoic míosúil. Ní mór iad a bheith i seilbh na gníomhaireachta íocaíochta roimh an 10ú lá den mhí i ndiaidh na míosa lena mbaineann an ráiteas stoic.

(c) 

Leagtar amach thíos sampla de ráiteas achomair stoic míosúil (samhail tháscach). Cuirfidh na gníomhaireachtaí íocaíochta é ar fáil do stórálaithe i bhfoirm leictreonach.



Ráiteas stoic míosúil

Táirgí:

Stórálaí:

Stór: Uimh.:

Seoladh:

Mí:

Luchtóg

Tuairisc

Cainníocht (kg, tonaí, boscaí, ítimí, etc.)

Dáta

Barúlacha

Iontráil

Imeacht

 

Cainníocht a tugadh anonn

 

 

 

 

 

Cainníocht le tabhairt anonn

 

 

 

(Stampa agus síniú)

Áit agus dáta:

Ainm:

2.    Dearbhú bliantúil

(a) 

Ullmhóidh an stórálaí dearbhú stoc bliantúil ar bhonn na ráiteas míosúil a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 1. Seolfar é chuig an ngníomhaireacht íocaíochta tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair tar éis chur i gcrích na bliana cuntasaíochta.

(b) 

Sa dearbhú stoic bliantúil tabharfar achoimre ar na cainníochtaí sa stór, arna miondealú de réir táirge agus áit stórála, agus maidir le gach táirge tabharfar na cainníochtaí sa stór, na huimhreacha luchtóige (ach amháin i gcás gránach), bliain a n-iontrála sa stór agus míniú ar aon aimhrialtacht a bhraitear.

(c) 

Leagtar amach thíos sampla de dhearbhú achomair stoic bliantúil (samhail tháscach).

Cuirfidh na gníomhaireachtaí íocaíochta é ar fáil do stórálaithe i bhfoirm leictreonach.



Ráiteas stoic bliantúil

Táirgí:

Stórálaí:

Stór: Uimh.:

Seoladh:

Bliain:

Luchtóg

Tuairisc

Cainníocht agus/nó meáchan sa leabhar

Barúlacha

 

 

 

 

(Stampa agus síniú)

Áit agus dáta:

Ainm:

V.    CUNTAIS STOIC RÍOMHAIRITHE AGUS INFHAIGHTEACHT FAISNÉISE

Beidh forálacha sna conarthaí stórála poiblí a tugadh i gcrích idir an ghníomhaireacht íocaíochta agus an stórálaí ionas gur féidir a ráthú go gcomhlíontar reachtaíocht an Aontais.

Ceanglófar an méid seo a leanas leo:

(a) 

cuntais stoic idirghabhála ríomhairithe a choinneáil;

(b) 

fardal buan a bheith ar fáil go díreach láithreach;

(c) 

na doiciméid go léir a bhaineann le hiontráil, stóráil agus aistriú stoic agus na doiciméid chuntasaíochta agus na taifid arna dtarraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo agus atá i seilbh an stórálaí a bheith ar fáil i gcónaí;

(d) 

rochtain bhuan ar na doiciméid sin a bheith ag baill foirne na gníomhaireachta íocaíochta agus ag an gCoimisiún, agus ag aon duine atá údaraithe go cuí acu.

VI.    FOIRM AGUS ÁBHAR NA nDOICIMÉAD A SEOLADH CHUIG AN nGNÍOMHAIREACHT ÍOCAÍOCHTA

Bunófar foirm agus ábhar na ndoiciméad dá dtagraítear i roinn IV i gcomhréir le hAirteagal 92 de Rialachán (AE) 2021/2116.

VII.    DOICIMÉID A CHOINNEÁIL

Coinneoidh an stórálaí doiciméid tacaíochta a bhaineann le gach oibríocht stórála poiblí ar feadh na tréimhse iomláine a cheanglaítear faoi na rialacha arna nglacadh bunaithe ar Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2021/2116 maidir le nósanna imeachta imréitigh chuntas, gan dochar do na forálacha náisiúnta ábhartha.




IARSCRÍBHINN V

Na teorainneacha lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 4(2)

1. 

Maidir le caillteanais chainníochta a eascraíonn as gnáthoibríochtaí stórála a dhéantar i gcomhréir leis na rialacha, beidh feidhm ag na teorainneacha lamháltais seo a leanas maidir le gach táirge talmhaíochta atá faoi réir beart stórála poiblí:

(a) 

gránaigh 0,2 %;

(b) 

rís gan scilligeadh, arbhar 0,4 %;

(c) 

púdar bainne bhearrtha 0,0 %;

(d) 

im 0,0 %;

(e) 

mairteoil agus laofheoil 0,6 %.

2. 

Is é 32 an céatadán maidir le caillteanas inlamhála le linn mairteoil a dhíchnámhú. Beidh feidhm ag an gcéatadán sin maidir leis na cainníochtaí go léir a dhíchnámhaítear i rith na bliana cuntasaíochta.

3. 

Socrófar na teorainneacha lamháltais dá dtagraítear i bpointe 1 mar chéatadán de mheáchan iarbhír, gan phacáistiú, na gcainníochtaí a thagann isteach i stóráil agus a ghlactar le linn na bliana cuntasaíochta a bheidh i gceist, chomh maith leis na cainníochtaí i stóráil ag tús na bliana sin.

Beidh feidhm ag na lamháltais sin le linn na gcigireachtaí ar stoc fisiceach. Déanfar iad a ríomh, i gcás gach táirge, ar bhonn na gcainníochtaí go léir a stóráiltear ag gníomhaireacht íocaíochta.

Is é an meáchan iarbhír iontrála agus aistrithe a bheidh sa mheáchan taifeadta lúide an meáchan pacáistithe caighdeánach, mar a leagtar síos sna coinníollacha iontrála, nó, i gcás nár leagadh síos aon choinníoll den sórt sin, lúide an meánmheáchan pacáistithe a úsáideann an ghníomhaireacht íocaíochta.

4. 

Ní chumhdófar sa lamháltas caillteanais i dtéarmaí líon na bpacáistí nó líon na bpíosaí cláraithe.

5. 

Ní chuirfear caillteanais a eascraíonn as goid ná caillteanais inaitheanta eile san áireamh i ríomh na dteorainneacha lamháltais dá bhforáiltear i bpointe 1 agus pointe 2.



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).

( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).

( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (IO L 317, 4.11.2014, lch. 56).

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

( 5 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 20, 31.1.2022, lch. 131).

( 6 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caiteachas idirghabhála poiblí (IO L 255, 28.8.2014, lch. 1).

( 7 ) Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

( 8 ) Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).

( 9 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1238 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach (IO L 206, 30.7.2016, lch. 15).