02021R0695 — GA — 01.03.2024 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2021/695 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 170 12.5.2021, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2024/795 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Feabhra 2024 |
L 795 |
1 |
29.2.2024 |
Arna cheartú le:
Ceartúchán, IO L 90154, 6.3.2024, lch. 1 ((AE) 2024/…2024/795) |
RIALACHÁN (AE) 2021/695 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Aibreán 2021
lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar síos cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021 go 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha maidir leis an gcistiú sin a sholáthar.
Cuirfear an Clár chun feidhme trí na nithe seo a leanas:
an clár sonrach a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2021/764;
ranníocaíocht airgeadais leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) a bunaíodh le Rialachán EIT;
an clár sonrach maidir le taighde cosanta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/697.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “bonneagair thaighde” saoráidí lena soláthraítear acmhainní agus seirbhísí do na pobail taighde chun taighde a dhéanamh agus nuálaíocht a chothú ina réimsí féin, lena n-áirítear na hacmhainní daonna gaolmhara, mórthrealamh nó tacair ionstraimí; saoráidí a bhfuil baint acu le heolas amhail bailiúcháin, cartlanna nó bonneagair sonraí eolaíocha; córais ríomhaireachta, líonraí cumarsáide agus aon bhonneagar eile ar de chineál uathúil é agus é oscailte d’úsáideoirí seachtracha, atá riachtanach chun barr feabhais a bhaint amach in T&N; féadfar iad a úsáid, i gcás inarb ábhartha, chun críoch eile seachas taighde, mar shampla le haghaidh seirbhísí oideachais nó seirbhísí poiblí agus féadfar iad a bheith “suite ar shuíomh amháin”, “fíorúil” nó “dáilte”;
ciallaíonn “straitéis um speisialtóireacht chliste” na straitéisí nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnacha lena leagtar síos tosaíochtaí chun buntáiste iomaíochta a fhorbairt trí láidreachtaí dílse T&N a fhorbairt agus a mheaitseáil le riachtanais ghnó chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach comhleanúnach, ar dheiseanna atá ag teacht chun cinn agus ar fhorbairtí sa mhargadh, agus ag an am céanna dúbailt agus ilroinnt na n-iarrachtaí á seachaint, lena n-áirítear iad siúd arb é atá iontu creat náisiúnta nó réigiúnach um beartais straitéiseacha T&N, nó iad siúd a áirítear i gcreat den sórt sin, agus lena gcomhlíontar an coinníoll cumasúcháin a leagtar amach san fhoráil ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027;
ciallaíonn “Comhpháirtíocht Eorpach” tionscnamh, a raibh Ballstáit agus tíortha comhlachaithe páirteach go luath ina ullmhúchán, lena dtugann an tAontas gealltanas, i gcomhar le comhpháirtithe príobháideacha agus/nó poiblí (amhail an tionscal, ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, comhlachtaí a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta lena n-áirítear forais agus ENRanna), tacaíocht a thabhairt go comhpháirteach le clár de ghníomhaíochtaí T&N a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leis an nglacadh atá ag an margadh leo, le glacadh rialála nó le glacadh beartais;
ciallaíonn “rochtain oscailte” rochtain ar líne, a chuirtear ar fáil saor ó tháille don úsáideoir deiridh, d’aschuir thaighde a eascraíonn as gníomhaíochtaí faoin gClár i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 39(3);
ciallaíonn “eolaíocht oscailte” cur chuige a bhaineann leis an bpróiseas eolaíoch atá bunaithe ar obair, uirlisí agus scaipeadh eolais ar bhonn oscailte agus chomhoibríoch, agus áirítear leis na heilimintí a liostaítear in Airteagal 14;
ciallaíonn “misean” punann de ghníomhaíochtaí T&N barr feabhais-bhunaithe agus tionchar-bhunaithe ar fud disciplíní agus earnálacha, arb é is aidhm dóibh: (i) sprioc intomhaiste a bhaint amach laistigh de thréimhse ama socraithe nach bhféadfaí a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí aonair; (ii) tionchar a imirt ar an tsochaí agus ar cheapadh beartais trí bhíthin na heolaíochta agus na teicneolaíochta; agus (iii) a bheith ábhartha do chuid shuntasach de dhaonra na hEorpa agus do réimse leathan saoránach Eorpach;
ciallaíonn “soláthar réamhthráchtála” soláthar seirbhísí taighde agus forbartha a bhfuil baint acu le comhroinnt riosca-sochair faoi dhálaí margaidh, agus forbairt iomaíoch i gcéimeanna, i gcás ina bhfuil dealú soiléir idir na seirbhísí taighde agus forbartha a sholáthraítear ó chainníochtaí tráchtála de na táirgí deiridh a chur chun úsáide;
ciallaíonn “soláthar poiblí réiteach nuálach” soláthar i gcás ina bhfeidhmíonn údaráis chonarthacha mar chustaiméir céadtrialach le haghaidh earraí nó seirbhísí nuálacha nach bhfuil ar fáil fós ar bhonn tráchtála ar mhórscála, agus féadfar tástáil chomhlíontachta a áireamh leis sin;
ciallaíonn “cearta rochtana” cearta chun torthaí nó réamheolas a úsáid faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos i gcomhréir leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “réamheolas” aon sonraí, saineolas nó faisnéis, is cuma cad é an fhoirm nó an cineál atá acu, aige nó aici, bíodh siad, sé nó sí inláimhsithe nó doláimhsithe, lena n-áirítear aon chearta amhail cearta maoine intleachtúla, ar fíor an méid seo a leanas ina leith: (i) tá siad, sé nó sí i seilbh tairbhithe roimh a n-aontachas i ngníomhaíocht ar leith; agus (ii) sainaithníonn na tairbhithe iad, é nó í i gcomhaontú i scríbhinn mar rudaí a bhfuil gá leo, leis nó léi chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme nó chun a cuid torthaí a shaothrú;
ciallaíonn “scaipeadh” nochtadh poiblí na dtorthaí trí mheán iomchuí, seachas nochtadh mar thoradh ar na torthaí a chosaint nó a shaothrú, lena n-áirítear trí bhíthin foilseacháin eolaíocha in aon mheán;
ciallaíonn “saothrú” torthaí a úsáid i ngníomhaíochtaí T&N breise seachas iad sin a chumhdaítear faoin ngníomhaíocht lena mbaineann, lena n-áirítear, i measc nithe eile, saothrú tráchtála amhail táirge nó próiseas a fhorbairt, a chruthú, a mhonarú agus a mhargú, seirbhís a chruthú agus a sholáthar, nó i ngníomhaíochtaí i ndáil le caighdeánú;
ciallaíonn “coinníollacha córa réasúnacha” coinníollacha iomchuí, lena n-áirítear téarmaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann nó coinníollacha saor ó ríchíosanna, agus aird á tabhairt ar imthosca sonracha na hiarrata ar rochtain, mar shampla luach iarbhír nó féideartha na dtorthaí nó an réamheolais a bhfuil rochtain á lorg ina leith agus/nó raon feidhme, ré nó saintréithe eile an tsaothraithe atá beartaithe;
ciallaíonn “comhlacht cistiúcháin” comhlacht nó eagraíocht, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, a ndéanann an Coimisiún cúraimí cur chun feidhme buiséid faoin gClár a chur ar a n-iontaoibh;
ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta um thaighde Eorpach” eagraíocht idirnáisiúnta, ar Ballstáit nó tíortha comhlachaithe tromlach a gcomhaltaí, agus arb é is príomhchuspóir léi an comhar eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn san Eoraip;
ciallaíonn “eintiteas dlítheanach” duine nádúrtha, nó duine dlítheanach a bunaíodh agus a aithnítear mar sin faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a bhfuil an acmhainneacht aige chun gníomhú ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais;
ciallaíonn “tíortha a thagann faoin bhfairsingiú” nó “tíortha ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N” tíortha inar gá eintitis a bheith bunaithe chun go mbeidh siad incháilithe mar chomhordaitheoirí faoin gcomhchuid “rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathadh” den chuid “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú” den Chlár; as measc Ballstáit AE, is iad na tíortha sin ná an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an tSeicia, an Eastóin, an Ghréig, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin, le haghaidh ré iomlán an Chláir; maidir leis na tíortha comhlachaithe, ciallaíonn sé an liosta de na tíortha incháilithe arna shainiú bunaithe ar tháscaire agus arna fhoilsiú sa chlár oibre. Beidh eintitis dhlítheanacha ó na réigiúin is forimeallaí mar a shainmhínítear in Airteagal 349 CFAE lán-incháilithe freisin le bheith ina gcomhordaitheoirí faoin gcomhchuid seo;
ciallaíonn “eintiteas dlítheanach neamhbhrabúsach” eintiteas dlítheanach atá neamhbhrabúsach de réir na foirme dlíthiúla atá aige nó a bhfuil oibleagáid dhlithiúil nó reachtúil air gan brabús a roinnt ar a gheallsealbhóirí ná ar a chomhaltaí aonair;
ciallaíonn “fiontar beag nó meánmhéide” nó “FBM” micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ( 1 );
ciallaíonn “cuideachta meánchaipitlithe bheag” eintiteas nach FBM é agus a bhfuil suas le 499 bhfostaí ag obair ann, i gcás ina ndéantar líon na foirne a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 de Theideal I den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;
ciallaíonn “torthaí” aon éifeacht inláimhsithe nó doláimhsithe de chuid gníomhaíochta ar leith, amhail sonraí, saineolas nó faisnéis, is cuma cad é foirm nó cineál na héifeachta agus cibé acu is féidir í a chosaint nó nach féidir, mar aon le haon chearta atá ag gabháil léi, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla;
ciallaíonn “aschur taighde” na torthaí a ghintear de bharr gníomhaíocht ar leith ar féidir rochtain a thabhairt orthu i bhfoirm foilseachán eolaíochta, sonraí nó torthaí agus próiseas eile a ndearnadh innealtóireacht orthu amhail bogearraí, algartaim, prótacail agus leabhair nótaí leictreonacha;
ciallaíonn “Séala Barr Feabhais” lipéad cáilíochta a léiríonn go raibh togra a cuireadh isteach le haghaidh glao ar thograí os cionn na dtairseach meastóireachta ar fad a leagtar amach sa chlár oibre, ach nach bhféadfaí é a chistiú de dheasca easpa buiséid a bheith ar fáil don ghlao sin ar thograí sa chlár oibre agus a d’fhéadfadh tacaíocht a fháil ó fhoinsí eile cistiúcháin de chuid an Aontais nó ó fhoinsí náisiúnta eile cistiúcháin;
ciallaíonn “plean straitéiseach T&N” gníomh cur chun feidhme lena leagtar amach straitéis chun ábhar sa chlár oibre a fhíorú lena gcumhdaítear uastréimhse 4 bliana, lena leantar próiseas comhairliúcháin leathan éigeantach i gcomhar le hilgheallsealbhóirí agus lena sonraítear na tosaíochtaí, na cineálacha oiriúnacha gníomhaíochtaí agus na cineálacha cur chun feidhme atá le húsáid;
ciallaíonn “clár oibre” an doiciméad a glacann an gCoimisiún chun an clár sonrach a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 14 de Chinneadh (AE) 2021/764 nó doiciméad coibhéiseach ó thaobh ábhair agus struchtúir de a ghlacann comhlacht cistiúcháin;
ciallaíonn “conradh” comhaontú a thugann an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha i gcrích le heintiteas dlítheanach lena gcuirtear chun feidhme gníomhaíocht nuálaíochta agus cur chun úsáide ar an margadh agus a fhaigheann tacaíocht ó mhaoiniú measctha faoi Fís Eorpach nó ó mhaoiniú measctha faoi EIC;
ciallaíonn “airleacan in-aisíoctha” an chuid de mhaoiniú measctha faoi Fís Eorpach nó de mhaoiniú measctha faoi EIC a chomhfhreagraíonn d’iasacht faoi Theideal X den Rialachán Airgeadais, ach a dhámhann an tAontas go díreach agus ar bhonn neamhbhrabúsach chun costais gníomhaíochtaí a chumhdach a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíocht nuálaíochta, agus atá le haisíoc ag an tairbhí leis an Aontas faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa chonradh;
ciallaíonn “faisnéis rúnaicmithe” faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún chomh maith le faisnéis rúnaicmithe na mBallstát, faisnéis rúnaicmithe tríú tíortha a bhfuil comhaontú slándála ag an Aontas leo agus faisnéis rúnaicmithe eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil comhaontú slándála ag an Aontas leo;
ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráid mheasctha nó ardán measctha mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-in-aisíoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí tráchtála;
ciallaíonn “maoiniú measctha faoi Fís Eorpach” tacaíocht airgeadais do chlár lena gcuirtear chun feidhme gníomhaíocht nuálaíochta agus cur chun úsáide ar an margadh, arb é atá inti comhcheangal sonrach de dheontas nó d’airleacan in-aisíoctha agus infheistíocht i gcothromas nó aon fhoirm eile de thacaíocht in-aisíoctha;
ciallaíonn “maoiniú measctha faoi EIC” tacaíocht airgeadais dhíreach a sholáthraítear faoi EIC do ghníomhaíocht nuálaíochta agus cur chun úsáide ar an margadh arb é atá inti comhcheangal sonrach de dheontas nó d’airleacan in-aisíoctha agus infheistíocht i gcothromas nó aon fhoirm eile tacaíochta in-aisíoctha;
ciallaíonn “gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta” gníomhaíocht arb é atá inti go príomha gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh eolas nua a shuíomh nó iniúchadh a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé teicneolaíocht, táirge, próiseas, seirbhís nó réiteach nua nó feabhsaithe a bheith ann. Féadfaidh taighde bunúsach agus feidhmeach, forbairt agus comhtháthú teicneolaíochta, tástáil, taispeáint agus bailíochtú ar fhréamhshamhail ar scála beag i saotharlann nó i dtimpeallacht ionsamhlaithe a bheith i gceist leis sin;
ciallaíonn “gníomhaíocht nuálaíochta” gníomhaíocht arb é atá inti go príomha gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh, go díreach, pleananna agus socruithe nó dearaí a tháirgeadh i gcomhair táirgí, próisis nó seirbhísí nua, athraithe nó feabhsaithe, agus a bhféadfadh fréamhshamhlú, tástáil, taispeáint, píolótú, bailíochtú táirgí ar mhórscála agus macasamhlú an mhargaidh a bheith san áireamh leo;
ciallaíonn “gníomhaíocht taighde ceannródaíoch ERC” gníomhaíocht taighde atá faoi cheannas príomhthaighdeora, lena n-áirítear Cruthúnas Coincheapa ERC, arna óstáil ag tairbhithe aonair nó iolracha a fhaigheann cistiú ón gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC);
ciallaíonn “gníomhaíocht oiliúna agus soghluaisteachta” gníomhaíocht arb é is aidhm dí na scileanna, an t-eolas agus na hionchais ghairme atá ag taighdeoirí a fheabhsú, bunaithe ar shoghluaisteacht idir tíortha agus, más ábhartha, idir earnálacha nó disciplíní;
ciallaíonn “gníomhaíocht chomhchistiúcháin le haghaidh cláir” gníomhaíocht chun comhchistiú ilbhliantúil a sholáthar do chlár gníomhaíochtaí arna bhunú nó arna chur chun feidhme ag eintitis dhlítheanacha, seachas comhlachtaí cistiúcháin de chuid an Aontais, a bhainistíonn nó a chistíonn cláir T&N; le clár gníomhaíochtaí den sórt sin, féadfar tacú le líonrú agus comhordú, taighde, nuálaíocht, gníomhaíochtaí píolótacha, agus gníomhaíocht nuálaíochta agus cur chun úsáide ar an margadh, gníomhaíocht oiliúna agus soghluaisteachta, múscailt feasachta agus cumarsáid, scaipeadh agus saothrú, agus féadfar aon tacaíocht ábhartha airgeadais, amhail deontais, duaiseanna agus soláthar, chomh maith le maoiniú measctha faoi Fís Eorpach nó meascán díobh sin a sholáthar. Maidir leis an ngníomhaíocht chomhchistiúcháin le haghaidh cláir, féadfaidh na heintitis dhlítheanacha sin í a chur chun feidhme go díreach nó féadfaidh tríú páirtithe í a chur chun feidhme thar a gceann;
ciallaíonn “gníomhaíocht soláthair réamhthráchtála” gníomhaíocht arb é is príomhaidhm léi soláthar réamhthráchtála a bhaint amach, ar soláthar é a dhéanann tairbhithe, ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad, a chur chun feidhme;
ciallaíonn “gníomhaíocht soláthair phoiblí réiteach nuálach” gníomhaíocht arb é is príomhaidhm léi soláthar poiblí comhpháirteach nó comhordaithe réiteach nuálach a bhaint amach, ar soláthar é a dhéanfaidh tairbhithe, ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad, a chur chun feidhme;
ciallaíonn “gníomhaíocht chomhordúcháin agus tacaíochta” gníomhaíocht a chuireann le cuspóirí an Chláir, gan gníomhaíochtaí T&N a chur san áireamh, ach amháin nuair a dhéantar í faoin gcomhchuid “rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathadh” den chuid “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú”; agus comhordú ón mbun aníos gan comhchistiú gníomhaíochtaí taighde ón Aontas a fhágann gur féidir comhar a bhunú idir eintitis dhlítheanacha ó na Ballstáit agus ó thíortha comhlachaithe chun LET a neartú;
ciallaíonn “duais dreasachta” duais chun infheistíocht a spreagadh i dtreo ar leith trí sprioc a shonrú sula ndéantar an obair;
ciallaíonn “duais aitheantais” duais chun aitheantas a thabhairt don mhéid a baineadh amach roimhe seo agus d’obair thar barr i ndiaidh a déanta;
ciallaíonn “gníomhaíocht nuálaíochta agus cur chun úsáide ar an margadh” gníomhaíocht a bhfuil gníomhaíocht nuálaíochta neadaithe inti chomh maith leis na gníomhaíochtaí eile is gá chun nuálaíocht a chur chun úsáide ar an margadh, lena n-áirítear méadú cuideachtaí agus maoiniú measctha faoi Fís Eorpach nó maoiniú measctha faoi EIC;
ciallaíonn “gníomhaíochtaí indíreacha” gníomhaíochtaí T&N a sholáthraíonn an tAontas tacaíocht airgeadais dóibh agus a dhéanann na rannpháirtithe;
ciallaíonn “gníomhaíochtaí díreacha” gníomhaíochtaí T&N a dhéanann an Coimisiún trína ACT;
ciallaíonn “soláthar” soláthar mar a shainmhínítear i bpointe (49) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais;
ciallaíonn “eintiteas cleamhnaithe” eintiteas mar a shainmhínítear in Airteagal 187(1) den Rialachán Airgeadais;
ciallaíonn “éiceachóras nuálaíochta” éiceachóras lena dtugtar le chéile gníomhaithe nó eintitis ar leibhéal an Aontais arb é an sprioc fheidhmiúil atá acu forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a chumasú; cuimsítear leis an caidreamh idir acmhainní ábhartha (amhail cistí, trealamh agus saoráidí), eintitis institiúideacha (amhail institiúidí ardoideachais agus seirbhísí tacaíochta, eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta, cuideachtaí, caipitlithe fiontair agus idirghabhálaithe airgeadais) agus eintitis ceaptha beartais agus cistiúcháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla;
ciallaíonn “luach saothair tionscadalbhunaithe” luach saothair atá nasctha le rannpháirtíocht duine i dtionscadail, agus is cuid é de ghnáthchleachtais an tairbhí maidir le luach saothair agus íoctar é ar dhóigh chomhsheasmhach.
Airteagal 3
Cuspóirí an Chláir
Seo a leanas cuspóirí sonracha an Chláir:
barr feabhais eolaíoch a fhorbairt, a chur chun cinn agus a chur ar aghaidh, tacú le heolas bunúsach agus feidhmeach nua ar ardcháilíocht, scileanna, teicneolaíochtaí agus réitigh a chruthú agus a scaipeadh, tacú le hoiliúint ar thaighdeoirí agus soghluaisteacht na dtaighdeoirí, daoine tréitheacha a mhealladh ag gach leibhéal agus rannchuidiú le rannpháirteachas iomlán dhíorma thréithigh an Aontais sna gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár;
eolas a ghiniúint, tionchar T&N a neartú chun beartais an Aontais a cheapadh, chun tacú leo agus chun iad a chur chun feidhme, agus tacú leis an rochtain atá ar réitigh nuálacha sa tionscal Eorpach, go háirithe in FBManna, agus sa tsochaí, agus le glacadh na réiteach sin, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear an t-athrú aeráide agus na SFInna;
gach cineál nuálaíochta a chothú, forbairt theicneolaíoch, léiriú agus malartú eolais agus teicneolaíochta a éascú, agus cur chun úsáide agus saothrú réiteach nuálaíochta a neartú;
an leas is fearr is féidir a bhaint as an gClár d’fhonn LET a neartú agus a thionchar agus a tharraingt a mhéadú, rannpháirtíocht bunaithe ar bharr feabhais ó thaobh na mBallstáit go léir, lena n-áirítear na tíortha ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N, a chothú sa Chlár agus naisc chomhoibríocha a éascú in T&N na hEorpa.
Airteagal 4
Struchtúr an Chláir
I gcás an chláir shonraigh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus EIT, déanfar an Clár a struchtúrú i gcodanna mar a leanas, rud a rannchuidíonn leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3:
Colún I “Eolaíocht den Scoth”, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:
ERC;
Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCAnna);
bonneagair thaighde;
Colún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach”, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas, agus á chur san áireamh go mbíonn ról tábhachtach ag SSH sna cnuasaigh ar fad:
an cnuasach “Sláinte”;
an cnuasach “an Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach”;
an cnuasach “an tSlándáil Shibhialta don tSochaí”;
an cnuasach “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”;
an cnuasach “an Aeráid, Fuinneamh agus an tSoghluaisteacht”;
an cnuasach “Bia, an Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, an Talmhaíocht agus an Comhshaol”;
gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha de chuid ACT;
Colún III “Eoraip na Nuálaíochta”, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:
EIC;
éiceachórais nuálaíochta na hEorpa;
EIT.
an Chuid “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú”, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:
an rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathadh;
Córas T&N na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú.
Airteagal 5
Taighde agus forbairt na cosanta
Na gníomhaíochtaí atá le déanamh faoin gclár sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2) agus a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/697, leagfaidh siad béim eisiach ar thaighde agus forbairt na cosanta, agus beidh acu cuspóirí agus imlínte na ngníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh iomaíochas, éifeachtúlacht agus acmhainneacht nuálaíochta bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch na cosanta Eorpaí a chothú.
Airteagal 6
Pleanáil straitéiseach agus cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin de chuid an Aontais
Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na Ballstáit páirteach go luath agus go ndéanfar malartuithe forleathana le Parlaimint na hEorpa, agus, mar chomhlánú air sin, beidh comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus leis an bpobal i gcoitinne.
Leis an bpleanáil straitéiseach, áireofar ailíniú le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais mar aon le comhsheasmhacht le tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais agus méadófar comhlántacht agus sineirgí le cláir chistiúcháin náisiúnta agus réigiúnacha agus tosaíochtaí cistiúcháin náisiúnta agus réigiúnacha, agus dá réir sin déanfar LET a neartú. Déanfar réimsí le haghaidh misin fhéideartha agus réimsí le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe féideartha a leagan síos in Iarscríbhinn VI.
Beidh na saintréithe carnacha seo a leanas le glao ar thograí faoi nós imeachta FTRI:
glaonna ar thograí ón mbun aníos;
am níos giorra chun deontas a thabhairt, nach mó ná 6 mhí;
tacaíocht nach dtabharfar ach do chuibhreannais chomhoibríocha bheaga a bheidh comhdhéanta de shé eintiteas dhlítheanacha incháilithe éagsúla agus neamhspleácha ar a mhéad;
tacaíocht airgeadais uasta nach mó ná EUR 2,5 milliún in aghaidh an chuibhreannais.
Sainaithneofar sa chlár oibre na glaonna ar thograí a úsáideann nós imeachta FTRI.
Airteagal 7
Prionsabail an Chláir
Airteagal 8
Misin
Maidir leis na misin:
agus úsáid á baint acu as SFInna mar fhoinsí chun iad a cheapadh agus a chur chun feidhme, beidh ábhar soiléir T&N acu agus beidh breisluach Aontais ag baint leo, agus rannchuideoidh siad le tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais agus le cuspóirí an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach;
cuimseoidh siad réimsí a bhfuil ábharthacht choiteann Eorpach ag baint leo, beidh siad cuimsitheach, spreagfaidh siad rannpháirteachas leathan agus rannpháirtíocht ghníomhach ó gheallsealbhóirí de gach cineál ón earnáil phoiblí agus phríobháideach, lena n-áirítear saoránaigh agus úsáideoirí deiridh, agus bainfidh siad torthaí T&N amach a d’fhéadfadh dul chun tairbhe na mBallstát uile;
beidh siad misniúil agus spreagúil, agus, dá bhrí sin, beidh ábharthacht agus tionchar leathan ag baint leo ó thaobh na heolaíochta, na teicneolaíochta, na sochaí, an gheilleagair, an chomhshaoil nó an bheartais de;
cuirfidh siad treo soiléir agus cuspóirí soiléire in iúl, beidh siad spriocdhírithe, intomhaiste agus faoi cheangal ama agus beidh imchlúdach buiséadach soiléir ag gabháil leo;
roghnófar iad ar bhealach trédhearcach agus beidh siad dírithe ar spriocanna atá uaillmhianach, barr feabhais-bhunaithe agus tionchar-threallúsaithe, ach atá réalaíoch san am céanna, agus ar ghníomhaíochtaí taighde, forbartha agus nuálaíochta;
beidh an raon feidhme agus an scála is gá acu, agus slógfaidh siad na hacmhainní mar is gá, agus beidh giaráil na gcistí breise poiblí agus príobháideacha is gá acu chun go mbeidh siad in ann an méid atá le baint amach acu a sholáthar;
spreagfaidh siad gníomhaíochtaí i mórán disciplíní (lena n-áirítear SSH) agus cumhdófar leo gníomhaíochtaí ó réimse leathan LRTanna, lena n-áirítear LRTanna níos ísle;
beidh siad oscailte do chuir chuige agus réitigh iomadúla ón mbun aníos lena gcuirtear riachtanais dhaonnúla agus shochaíocha agus tairbhí daonnúla agus sochaíocha san áireamh agus lena n-aithnítear tábhacht rannchuidithe éagsúla lena mbaint amach;
bainfidh siad tairbhe as sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais ar bhealach trédhearcach agus le héiceachórais nuálaíochta náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, le héiceachórais nuálaíochta réigiúnacha.
Airteagal 9
An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach
Feidhmeoidh EIC i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
breisluach soiléir Aontais;
neamhspleáchas;
an cumas rioscaí a ghlacadh;
éifeachtúlacht;
éifeachtacht;
trédhearcacht;
cuntasacht.
Airteagal 10
Comhpháirtíochtaí Eorpacha
Féadfar codanna den Chlár a chur chun feidhme trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha. Is in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas a bheidh rannpháirtíocht an Aontais i gComhpháirtíochtaí Eorpacha:
rannpháirtíocht i gcomhpháirtíochtaí Eorpacha a bhunaítear ar bhonn meabhrán tuisceana nó socruithe conarthacha idir an Coimisiún agus na comhpháirtithe dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 2, lena sonraítear cuspóirí na Comhpháirtíochta Eorpaí, gealltanais ghaolmhara an Aontais agus na gcomhpháirtithe eile maidir lena ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil, eochairtháscairí feidhmíochta agus tionchair, na torthaí atá le soláthar agus socruithe tuairiscithe. Áirítear orthu sin gníomhaíochtaí comhlántacha T&N a chuireann na comhpháirtithe agus an Clár chun feidhme (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comh-chlársceidealaithe);
rannpháirtíocht i gclár ghníomhaíochtaí T&N agus ranníocaíocht airgeadais leis, lena sonraítear na cuspóirí, eochairtháscairí feidhmíochta agus tionchair, agus na torthaí atá le soláthar, bunaithe ar ghealltanas na gcomhpháirtithe maidir lena ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil agus maidir lena gcuid gníomhaíochtaí ábhartha a chomhtháthú trí ghníomhaíocht chomhchistiúcháin le haghaidh Cláir a úsáid (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe);
rannpháirtíocht i gcláir T&N agus ranníocaíocht airgeadais leo, ar cláir iad a dhéanfaidh roinnt Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE nó a dhéanfaidh comhlachtaí arna mbunú de bhun Airteagal 187 CFAE, amhail Comhghnóthais nó na PENanna EIT i gcomhréir le Rialachán EIT (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe).
Ní chuirfear Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe chun feidhme ach amháin i gcás nach mbainfear amach, le codanna eile den Chlár, lena n-áirítear foirmeacha eile de Chomhpháirtíochtaí Eorpacha, na cuspóirí nó nach gcruthófar na tionchair is gá a mbeifí ag súil leo, agus i gcás ina bhfuil údar cuí leis trí pheirspictíocht fhadtéarmach agus ardleibhéal comhtháthaithe. I gComhpháirtíochtaí Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE nó Airteagal 187 CFAE, déanfar bainistiú lárnach ar na ranníocaíochtaí airgeadais uile, seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. I gcás bainistiú lárnach ar na ranníocaíochtaí airgeadais uile, déanfar ranníocaíochtaí ar leibhéal an tionscadail ó stát rannpháirteach amháin ar bhonn cistiú arna iarraidh i dtograí ó eintitis dhlítheanacha atá bunaithe sa stát rannpháirteach sin, mura gcomhaontaítear a mhalairt i measc na stát rannpháirteach uile lena mbaineann.
Sonrófar sna rialacha le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe, i measc nithe eile, na cuspóirí, eochairtháscairí feidhmíochta agus tionchair, agus na torthaí atá le soláthar, mar aon leis na gealltanais ghaolmhara le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhpháirtithe.
Maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha:
bunófar iad chun na críche aghaidh a thabhairt ar dhúshláin Eorpacha nó ar dhúshláin dhomhanda sna cásanna sin amháin ina mbainfí cuspóirí an Chláir amach ar bhealach níos éifeachtaí trí Chomhpháirtíocht Eorpach ná mar a d’éireodh leis an Aontas ina aonar agus nuair a chuirtear i gcomparáid iad le foirmeacha eile tacaíochta faoin gClár; déanfar sciar iomchuí de bhuiséad Fís Eorpach a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin den Chlár a chuirtear chun feidhme trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha; déanfar formhór na mbuiséad i gColún II a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí lasmuigh de Chomhpháirtíochtaí Eorpacha;
cloífidh siad leis na prionsabail a bhaineann le breisluach Aontais, trédhearcacht agus oscailteacht, agus le tionchar a bheith acu laistigh den Eoraip agus ar son na hEorpa, an éifeacht láidir ghiarála ar scála leordhóthanach, gealltanais fhadtéarmacha na gcomhpháirtithe páirteacha uile lena mbaineann, solúbthacht ó thaobh cur chun feidhme de, comhleanúnachas, comhordú agus comhlántacht le tionscnaimh de chuid an Aontais agus tionscnaimh áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, idirnáisiúnta nó Comhpháirtíochtaí Eorpacha agus misin eile;
beidh cur chuige soiléir maidir le saolré acu, beidh siad teoranta ó thaobh ama de agus beidh coinníollacha iontu maidir le cistiú ón gClár a chéimniú amach.
Airteagal 11
Athbhreithniú ar mhisin agus ar réimsí comhpháirtíochta
Faoin 31 Nollaig 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Iarscríbhinn VI a ghabhann leis Rialachán seo mar chuid den fhaireachán foriomlán a dhéantar ar an gClár, lena n-áirítear misin agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe a bhunaítear de bhun Airteagal 185 nó Airteagal 187 CFAE, agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Airteagal 12
Buiséad
Maidir le dáileadh táscach an mhéid dá dtagraítear i mír 1 don chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus do EIT, is é a bheidh ann:
EUR 23 546 000 000 le haghaidh Cholún I “Eolaíocht den Scoth” don tréimhse 2021 go 2027, as a dtiocfaidh:
EUR 15 027 000 000 do ERC;
EUR 6 333 000 000 do MSCAnna;
EUR 2 186 000 000 do bhonneagair thaighde;
EUR 47 428 000 000 le haghaidh Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach” don tréimhse 2021 go 2027, as a dtiocfaidh:
EUR 6 893 000 000 don chnuasach “An tSláinte”;
EUR 1 386 000 000 don chnuasach “An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach”;
EUR 1 303 000 000 don chnuasach “Slándáil Shibhialta don tSochaí”;
EUR 13 462 000 000 don chnuasach “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”;
EUR 13 462 000 000 don chnuasach “Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht”;
EUR 8 952 000 000 don chnuasach “Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus an Comhshaol”;
EUR 1 970 000 000 do ghníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT;
EUR 11 937 000 000 le haghaidh Cholún III “An Eoraip Nuálach” don tréimhse 2021 go 2027, as a dtiocfaidh:
EUR 8 752 000 000 do EIC;
EUR 459 000 000 d’éiceachórais nuálaíochta na hEorpa;
EUR 2 726 000 000 don EIT;
EUR 3 212 000 000 don chuid sin dar teideal “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú” don tréimhse 2021 go 2027, as a dtiocfaidh:
EUR 2 842 000 000 don chuid dar teideal “rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a scaipeadh”;
EUR 370 000 000 do “Córas T&N na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú”.
Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 3, seo a leanas a dháileadh táscach:
EUR 1 286 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 le haghaidh Cholún I “Eolaíocht den”, as a dtiocfaidh:
EUR 857 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 do ERC;
EUR 236 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 do MSCAnna;
EUR 193 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 do bhonneagair thaighde;
EUR 1 286 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 le haghaidh Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach”, as a dtiocfaidh:
EUR 686 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chnuasach “An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach”;
EUR 257 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chnuasach “Slándáil Shibhialta don tSochaí”;
EUR 171 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chnuasach “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”;
EUR 171 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chnuasach “Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht”;
EUR 270 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 do Cholún III “An Eoraip Nuálach” don tréimhse 2021-2027, as a dtiocfaidh:
EUR 60 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 d’éiceachórais nuálaíochta na hEorpa;
EUR 210 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT);
EUR 159 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chuid sin dar teideal “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú” don tréimhse 2021-2027, as a dtiocfaidh:
EUR 99 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 do “rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a scaipeadh”;
EUR 60 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 do “Córas T&N na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú”.
Leis an méid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo le haghaidh an chláir shonraigh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus le haghaidh EIT, féadfar costais a chumhdach freisin maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí agus speansais eile is gá chun an Clár a bhainistiú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear gach caiteachas riaracháin, chomh maith le meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach a chuspóirí. Ní rachaidh na costais riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí indíreacha thar 5 % de mhéid iomlán ghníomhaíochtaí indíreacha an chláir shonraigh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus EIT. Thairis sin, féadfar, leis an méid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo le haghaidh an chláir shonraigh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus le haghaidh EIT, an méid seo a leanas a chumhdach:
a mhéid a bhaineann siad sin le cuspóirí an Chláir, costais a bhaineann le staidéir, le cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;
costais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise a dhíríonn ar phróiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leis i dtaca le bainistiú an Chláir.
Airteagal 13
Acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh
Maidir le dáileadh táscach na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/2094, is é a bheidh ann:
25 % don bhraisle “An tSláinte”;
25 % don bhraisle “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”;
25 % don bhraisle “Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht”;
25% do EIC.
Airteagal 14
An eolaíocht oscailte
Leis an gClár, spreagfar an eolaíocht oscailte mar chur chuige maidir leis an bpróiseas eolaíoch, ar cur chuige é atá bunaithe ar obair chomhoibríoch agus ar eolas a scaipeadh, go háirithe i gcomhréir leis na gnéithe seo a leanas, gnéithe a áiritheofar i gcomhréir le hAirteagal 39(3) den Rialachán seo:
rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíocha a eascraíonn as taighde arna chistiú faoin gClár;
rochtain oscailte ar shonraí taighde, lena n-áirítear na sonraí sin is bunús le foilseacháin eolaíocha, i gcomhréir leis an bpriosabal “a oscailte is féidir, a iata is gá”.
Airteagal 15
Cistiú malartach, comhcheangailte agus carnach agus aistrithe acmhainní
Déanfar an Séala Barr Feabhais a dhámhachtain i gcomhair glaonna ar thograí a shonraítear sa chlár oibre. I gcomhréir leis an bhforáil ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 agus leis an bhforáil ábhartha den “Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT”, féadfaidh CFRE, CSE+ nó CETFT na gníomhaíochtaí seo a leanas a thacú:
gníomhaíochtaí comhchistithe arna roghnú faoin gClár; agus
gníomhaíochtaí ar dámhadh Séala Barr Feabhais dóibh ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas go léir:
rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;
comhlíonann siad na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí; agus
níor tugadh maoiniú dóibh faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha agus orthu sin amháin.
Airteagal 16
Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár
Beidh an Clár in ann comhlachas a dhéanamh leis na tríú tíortha (tíortha comhlachais) seo a leanas:
Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad de LEE, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;
tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;
tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;
tríú tíortha agus críocha a chomhlíonann gach ceann de na critéir seo a leanas:
acmhainneacht mhaith eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta a bheith acu;
gealltanas a bheith tugtha acu maidir le geilleagar margaidh oscailte bunaithe ar rialacha, lena n-áirítear a bheith ag caitheamh ar bhealach cóir agus cothrom le cearta maoine intleachtúla, cearta an duine a bheith á n-urramú acu, faoi choimirce institiúidí daonlathacha;
beartais lena ndéantar dea-bhail eacnamaíoch agus sóisialta na saoránach a fheabhsú a bheith á gcur chun cinn acu.
Aon chomhlachas a dhéanfar le gach ceann de na tríú tíortha faoi phointe (d) de mhír 1, déanfar é i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcomhaontú:
áirithítear leis cothromaíocht chóir a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus tairbhí an tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Aontais;
leagtar síos leis coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir Aontais, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair, agus costais riaracháin na gclár;
ní thugtar don tríú tír leis aon chumhacht chinnteoireachta i ndáil le clár an Aontais;
ráthaítear leis cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.
Ioncaim shannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo.
TEIDEAL II
RIALACHA MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT AGUS SCAIPEADH
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 17
Comhlachtaí cistiúcháin agus gníomhaíochtaí díreacha ACT
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ní fhéadfaidh na comhlachtaí cistiúcháin imeacht ó na rialacha a leagtar amach sa Teideal seo, ach amháin i gcás Airteagail 18, 19 agus 20, más rud é gur fíor an méid seo a leanas:
déantar foráil maidir le himeacht den sórt sin sa bhunghníomh lena mbunaítear an comhlacht cistiúcháin nó lena gcuirtear cúraimí cur chun feidhme buiséid ar a iontaoibh; nó
maidir le comhlachtaí cistiúcháin faoi phointí (ii), (iii) nó (v) de phointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, déantar foráil maidir leis sa chomhaontú ranníocaíochta agus éilítear sin i ngeall ar a riachtanais oibríochtúla shonracha nó an cineál gníomhaíochta.
Airteagal 18
Gníomhaíochtaí incháilithe agus prionsabail eiticiúla
Ní dhéanfar na réimsí taighde seo a leanas a mhaoiniú:
gníomhaíochtaí taighde arb é is aidhm dóibh daoine a chlónáil chun críoch atáirgthe;
gníomhaíochtaí taighde arb é is aidhm dóibh oidhreacht ghéiniteach daoine a athrú ar bhealach go bhféadfadh modhnuithe den sórt sin teacht in oidhreacht ( 2 );
gníomhaíochtaí taighde arb é is aidhm dóibh suthanna daonna a chruthú chun críche taighde a dhéanamh agus chun na críche sin amháin, nó chun gaschealla a sholáthar, lena n-áirítear trí bhíthin aistriú núicléas cille sómaí.
Airteagal 19
Eitic
Tabharfar aird faoi leith ar phrionsabal na comhréireachta, ar an gceart chun príobháideachta, ar an gceart chun cosaint sonraí pearsanta, ar an gceart chun shláine fhisiceach agus intinne an duine, ar an gceart chun neamh-idirdhealaithe agus ar an ngá atá le cosaint an chomhshaoil agus ardleibhéil chosanta ar shláinte an duine a áirithiú.
Na heintitis dhlítheanacha atá rannpháirteach i ngníomhaíocht, soláthróidh siad an méid seo a leanas:
féinmheasúnú eitice lena sainaithneofar agus lena sonrófar na saincheisteanna intuartha eitice ar fad a bhaineann leis an gcuspóir, leis an gcur chun feidhme agus leis an tionchar is dócha a bheidh ag na gníomhaíochtaí a bheidh le cistiú, lena n-áirítear deimhniú ar chomhlíonadh mhír 1 agus tuairisc ar an dóigh a dhéanfar é sin a áirithiú;
deimhniú go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí an Cód Iompair Eorpach maidir leis an tSláine Taighde a fhoilsíonn Acadaimh Uile na hEorpa agus nach ndéanfar aon cheann de na gníomhaíochtaí atá eisiata ón gcistiú;
maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar lasmuigh den Aontas, deimhniú go gceadófaí na gníomhaíochtaí sin más rud é gur i mBallstát a rinneadh iad; agus
maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann úsáid as gaschealla suthacha daonna, de réir mar is iomchuí, sonraí faoi bhearta ceadúnaithe agus rialaithe a dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann mar aon le sonraí faoi na formheasanna eitice a gheofar sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann.
Déanfar seiceálacha eitice le tacaíocht ó shaineolaithe eitice.
Airteagal 20
Slándáil
CAIBIDIL II
Deontais
Airteagal 21
Deontais
Déanfar deontais faoin gClár a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais, mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo.
Airteagal 22
Eintitis dhlítheanacha is incháilithe le haghaidh rannpháirtíochta
Ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ina bhforáiltear a mhalairt leis an gclár oibre, beidh eintitis dhlítheanacha atá mar chuid de chuibhreannas incháilithe chun a bheith rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoin gClár, ar choinníoll go mbeidh na nithe seo a leanas san áireamh sa chuibhreannas:
ar a laghad eintiteas dlítheanach neamhspleách amháin atá bunaithe i mBallstát; agus
ar a laghad dhá eintiteas dhlítheanacha neamhspleácha agus an dá eintiteas sin bunaithe i mBallstáit dhifriúla nó i dtíortha comhlachaithe difriúla;
Airteagal 23
Eintitis dhlítheanacha is incháilithe le haghaidh cistiúcháin
Eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe, tabhóidh siad costais a rannpháirtíochta. Mar sin féin, maidir le heintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtríú tíortha neamhchomhlachaithe ísealioncaim agus meánioncaim agus, go heisceachtúil, tríú tíortha neamhchomhlachaithe eile, beidh sé incháilithe le haghaidh cistiúchán i ngníomhaíocht más rud é:
go sainaithnítear an tríú tír sa chlár oibre arna ghlacadh ag an gCoimisiún; nó
go measann an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha go bhfuil rannpháirtíocht an eintitis dhlítheanaigh lena mbaineann ríthábhachtach chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme;
Airteagal 24
Glaonna ar thograí
Níl glao ar thograí de dhíth le haghaidh gníomhaíochtaí comhordúcháin agus tacaíochta nó gníomhaíochtaí comhchistiúcháin le haghaidh cláir, más amhlaidh:
go bhfuil siad le déanamh ag ACT nó eintitis dhlítheanacha a shainaithnítear sa chlár oibre;
nach dtagann siad faoi raon feidhme glao ar thograí, i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 25
Glaonna comhpháirteacha ar thograí
Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha glao comhpháirteach ar thograí a eisiúint i gcomhar leo seo a leanas:
tríú tíortha, lena n-áirítear eagraíochtaí nó gníomhaireachtaí eolaíochta agus teicneolaíochta na dtíortha sin;
eagraíochtaí idirnáisiúnta;
eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha.
I gcás glao comhpháirteach ar thograí, comhlíonfaidh na hiarratasóirí na ceanglais faoi Airteagal 22 agus bunófar nósanna imeachta comhpháirteacha le haghaidh tograí a roghnú agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Beidh baint ag grúpa saineolaithe comhardaithe, arna cheapadh ag gach comhpháirtí, le nósanna imeachta den sórt sin.
Airteagal 26
Soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí réiteach nuálach
Leis na nósanna imeachta soláthair:
comhlíonfar rialacha iomaíochta agus prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne, na bainistíochta fónta airgeadais, na comhréireachta;
féadfar dámhachtain conarthaí iolracha a údarú laistigh den nós imeachta céanna (ilfhoinsiú);
forálfar maidir le dámhachtain na gconarthaí ar na tairiscintí lena dtugtar an luach airgid is fearr, á áirithiú ag an am céanna nach bhfuil aon choinbhleachtaí leasa ann.
I gcás soláthair réamhthráchtála, i gcás inarb iomchuí agus gan dochar do na prionsabail a áirítear i bpointe (a), féadfar an nós imeachta soláthair a shimpliú nó a bhrostú agus féadfar foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha sonracha amhail ionad feidhmíochta na ngníomhaíochtaí arna soláthar a bheith teoranta do chríoch na mBallstát agus na dtíortha comhlachais.
Airteagal 27
Cumas airgeadais iarratasóirí
Airteagal 28
Critéir dhámhachtana agus roghnú
Déanfar meastóireacht ar thogra ar bhonn na gcritéar dámhachtana seo a leanas:
barr feabhais;
tionchar;
cáilíocht agus éifeachtúlacht an chur chun feidhme.
Airteagal 29
Meastóireacht
I gcás ghníomhaíochtaí EIC, misean agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo mar a leagtar amach sa chlár oibre arna ghlacadh ag an gCoimisiún, féadfaidh an coiste meastóireachta a bheith comhdhéanta go páirteach nó, i gcás gníomhaíochtaí comhordúcháin agus tacaíochta, go páirteach nó go hiomlán, d’ionadaithe ó institiúidí nó comhlachtaí an Aontais amhail dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais.
Féadfaidh breathnóirí neamhspleácha an próiseas meastóireachta a leanúint.
I gcás inarb infheidhme, déanfaidh an coiste meastóireachta na tograí a bhfuil na tairseacha is infheidhme bainte amach acu a aicmiú, dá réir seo a leanas:
na scóir mheastóireachta;
a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí sonracha beartais a bhaint amach, lena n-áirítear bunú punainne comhsheasmhaí tionscadal eadhon tionscadail le haghaidh gníomhaíochtaí Treo-aimsitheora, misean agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo mar a leagtar amach go mionsonrach sa chlár oibre arna ghlacadh ag an gCoimisiún.
I gcás ghníomhaíochtaí EIC, misean agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo mar a leagtar amach sa chlár oibre arna ghlacadh go mionsonrach ag an gCoimisiún, féadfaidh an coiste meastóireachta coigeartuithe ar na tograí a mholadh freisin a mhéid is gá na coigeartuithe sin ar mhaithe le comhsheasmhacht chur chuige na punainne. Beidh na coigeartuithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha rannpháirtíochta agus comhlíonfaidh siad prionsabal na córa comhionainne. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin.
Airteagal 30
Nós imeachta um athbhreithniú meastóireachta, fiosruithe agus gearáin
Tabharfaidh coiste um athbhreithniú meastóireachta tuairim ar na gnéithe nós imeachta a bhaineann leis an meastóireacht, agus déanfaidh baill foirne de chuid an Choimisiúin nó de chuid an chomhlachta cistiúcháin ábhartha, ar baill foirne iad nach raibh baint acu leis an meastóireacht ar na tograí, cathaoirleacht air agus áireofar iad mar chomhaltaí air. Féadfaidh an coiste um athbhreithniú meastóireachta ceann acu seo a leanas a mholadh:
athmheastóireacht ar an togra a dhéanfaidh meastóirí go príomha nach raibh baint acu leis an meastóireacht roimhe sin; nó
an mheastóireacht tosaigh a dhearbhú.
Airteagal 31
Am chun deontais a thabhairt
De mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 194(2) den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na tréimhsí seo a leanas:
maidir leis na hiarratasóirí go léir a chur ar an eolas faoin méid arna bhaint amach i gcás na meastóireachta ar a n-iarratais, uastréimhse 5 mhí ón dáta deiridh chun tograí iomlána a thíolacadh;
maidir le comhaontuithe deontais a shíniú le hiarratasóirí, uastréimhse 8 mí ón dáta deiridh chun tograí iomlána a thíolacadh.
Airteagal 32
Cur chun feidhme an deontais
Airteagal 33
Comhaontuithe deontais
Airteagal 34
Rátaí cistiúcháin
Féadfar suas le 100 % de chostais incháilithe gníomhaíochta faoin gClár a aisíoc, seachas i gcás an mhéid seo a leanas:
gníomhaíochtaí nuálaíochta, cás ina bhféadfar suas le 70 % de na costais iomlána incháilithe a aisíoc, seachas i gcás eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúis, cás ina bhféadfar suas le 100 % de na costais iomlána incháilithe a aisíoc;
gníomhaíochtaí comhchistiúcháin le haghaidh cláir, cás ina bhféadfar ar a laghad 30 % agus, i gcásanna sainaitheanta a bhfuil údar cuí leo, suas le 70 % de na costais iomlána incháilithe a aisíoc.
Airteagal 35
Costais indíreacha
I gcás inarb iomchuí, na costais indíreacha atá san áireamh i gcostais aonaid nó i gcnapshuimeanna, déanfar iad a ríomh leis an ráta comhréidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, seachas i gcás costais aonaid le haghaidh earraí agus seirbhísí a ghearrtar ar an sonrasc go hinmheánach, rudaí a ríomhfar ar bhonn na gcostas iarmhír, i gcomhréir le gnáthchleachtas cuntasaíochta costála na dtairbhithe.
Airteagal 36
Costais incháilithe
Deimhnithe maidir le ráitis airgeadais, féadfaidh iniúchóir seachtrach formheasta iad a tháirgeadh nó, i gcás comhlachtaí poiblí, féadfaidh oifigeach poiblí inniúil agus neamhspleách iad a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 203(4) den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 37
Sásra árachais fhrithpháirtigh
Déantar leis seo sásra árachais fhrithpháirtigh (an “Sásra”) a bhunú agus gabhfaidh sé ionad an chiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus tiocfaidh sé i gcomharbas air. Leis an Sásra, cumhdófar an riosca a ghabhann le suimeanna dlite nach ngnóthaítear ó na tairbhithe:
don Choimisiún faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );
don Choimisiún agus do chomhlachtaí an Aontais faoi “Fís 2020”;
don Choimisiún agus do chomhlachtaí cistiúcháin faoin gClár.
Féadfar cumhdach an riosca maidir leis na comhlachtaí cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a chur chun feidhme trí chóras cumhdaigh indírigh a leagtar amach sa chomhaontú is infheidhme agus cineál an chomhlachta cistiúcháin á chur san áireamh.
Airteagal 38
Úinéireacht agus cosaint
Beidh úinéireacht ag beirt thairbhithe nó níos mó ar na torthaí go comhpháirteach i gcás inar fíor an méid seo a leanas ina leith:
tá siad ginte acu go comhpháirteach; agus
ní féidir:
ranníocaíocht gach tairbhí ar leith a shuíomh; nó
iad a dhealú óna chéile nuair atá a gcosaint á hiarraidh, á fáil nó á coinneáil.
Tiocfaidh na comhúinéirí ar chomhaontú i scríbhinn maidir leis an leithdháileadh agus maidir le téarmaí fheidhmiú a n-úinéireachta comhpháirtí. Mura gcomhaontaítear a mhalairt sa chomhaontú cuibhreannais nó sa chomhaontú comhúinéireachta, féadfaidh gach comhúinéir ceadúnais neamheisiacha a dheonú do thríú páirtithe chun na torthaí atá faoi chomhúinéireacht a shaothrú (gan aon cheart a bheith ann focheadúnas a dheonú), má thugtar réamhfhógra agus cúiteamh cóir réasúnach do na comhúinéirí eile. Féadfaidh na comhúinéirí a chomhaontú i scríbhinn córas eile a chur i bhfeidhm seachas comhúinéireacht.
Airteagal 39
Saothrú agus scaipeadh
Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí breise i ndáil le saothrú.
Más rud é nach ndéantar na torthaí a shaothrú faoi cheann tréimhse áirithe arna bunú sa chomhaontú deontais, d’ainneoin a dhícheall a bheith déanta ag tairbhí a thorthaí a shaothrú go díreach nó go hindíreach, úsáidfidh an tairbhí ardán iomchuí ar líne arna shainaithint sa chomhaontú deontais chun páirtithe leasmhara a aimsiú chun na torthaí sin a shaothrú. Féadfar an oibleagáid sin a tharscaoileadh arna iarraidh sin don tairbhí, má tá údar cuí leis.
Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí breise i ndáil le scaipeadh, agus leasanna airgeadais agus eolaíochta an Aontais á gcoimirciú ag an am céanna.
Is é an riail ghinearálta a chuirfear i bhfeidhm faoi théarmaí agus coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú deontais go mbeidh rochtain oscailte ar shonraí taighde, á áirithiú go bhféadfadh sé go mbeadh eisceachtaí ann de réir an phrionsabail “a oscailte is féidir, a iata is gá”, agus leasanna dlisteanacha na dtairbhithe, lena n-áirítear saothrú tráchtála agus aon srianta eile, á gcur san áireamh, amhail rialacha maidir le cosaint sonraí, príobháideachas, rúndacht, rúin cheirde, leasanna iomaíochais an Aontais, rialacha maidir le slándáil nó cearta maoine intleachtúla.
Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh maidir le dreasachtaí nó oibleagáidí breise chun na críche cloí le cleachtais i dtaca leis an eolaíocht oscailte.
Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, maidir le hoibleagáidí breise chun NEEO a úsáid chun sonraí taighde a stóráil agus chun rochtain a thabhairt orthu.
Déanfaidh na tairbhithe an plean le haghaidh shaothrú agus scaipeadh na dtorthaí a nuashonrú le linn na gníomhaíochta agus ina diaidh, i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais.
Airteagal 40
Aistriú agus ceadúnú
Mura gcomhaontaítear a mhalairt i scríbhinn le haghaidh tríú páirtithe arna sainaithint go sonrach, lena n-áirítear eintitis chleamhnaithe, féadfaidh tairbhí agóid a dhéanamh in aghaidh aistriú na húinéireachta a dhéanann tairbhí eile más féidir leis a léiriú go ndéanfadh an t-aistriú difear diúltach dá chearta rochtana. Sa chás sin, ní dhéanfar an t-aistriú go dtí go dtiocfaidh na rannpháirtithe lena mbaineann ar chomhaontú. Déanfar teorainneacha ama i ndáil leis sin a leagan síos sa chomhaontú deontais.
I gcás ina bhfuil údar cuí leis, déanfar foráil leis an gcomhaontú deontais maidir leis an gceart don Choimisiún nó don chomhlacht cistiúcháin ábhartha chun agóid a dhéanamh in aghaidh aistrithe úinéireachta torthaí, nó in aghaidh ceadúnas eisiach a dheonú maidir le torthaí, más fíor an méid seo a leanas:
tá cistiú ón Aontas faighte ag na tairbhithe a ghin na torthaí;
déantar an t-aistriú nó an ceadúnú a dheonú d’eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe; agus
ní an t-aistriú nó an ceadúnú i gcomhréir le leasanna an Aontais.
Má dhéantar foráil don cheart chun agóid a dhéanamh, tabharfaidh an tairbhí réamhfhógra go bhfuil sé beartaithe aige úinéireacht ar thorthaí a aistriú nó ceadúnas eisiach a dheonú maidir le torthaí. An ceart chun agóid a dhéanamh, féadfar é a tharscaoileadh i scríbhinn maidir le haistrithe nó deontais le haghaidh eintitis dhlítheanacha shonracha arna sainaithint má tá bearta ann lena ndéantar leasanna an Aontais a choimirciú.
Airteagal 41
Cearta rochtana
Déanfaidh tairbhithe rochtain a dheonú ar an méid seo a leanas:
a gcuid torthaí saor ó ríchíosanna d’aon tairbhí eile sa ghníomhaíocht a bhfuil siad ag teastáil uaidh chun a chúraimí féin a chur chun feidhme;
a réamheolas d’aon tairbhí eile sa ghníomhaíocht a bhfuil sé ag teastáil uaidh chun a chúraimí féin a chur chun feidhme, faoi réir aon srianta dá dtagraítear i mír 3; deonófar an rochtain sin saor ó ríchíosanna, mura gcomhaontaíonn na tairbhithe a mhalairt sula n-aontóidh siad don chomhaontú deontais;
a dtorthaí agus, faoi réir aon srianta dá dtagraítear i mír 3, ar a réamheolas d’aon tairbhí eile sa ghníomhaíocht a bhfuil siad ag teastáil uaidh chun a chuid torthaí féin a shaothrú; deonófar an rochtain sin faoi choinníollacha córa réasúnacha a dtiocfar ar chomhaontú maidir leo.
Mura gcomhaontaíonn na tairbhithe a mhalairt, deonóidh siad rochtain ar a gcuid torthaí freisin agus, faoi réir aon srianta dá dtagraítear i mír 3, ar a réamheolas d’eintiteas dlítheanach ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
tá sé bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe;
tá sé faoi rialú díreach nó indíreach tairbhí eile, nó tá sé faoin rialú díreach nó indíreach céanna leis an tairbhí sin, nó rialaíonn sé an tairbhí sin go díreach nó go hindíreach; agus
teastaíonn an rochtain uaidh chun torthaí an tairbhí sin a shaothrú, i gcomhréir le hoibleagáidí an tairbhí i ndáil le saothrú.
Deonófar rochtain faoi choinníollacha córa réasúnacha a dtiocfar ar chomhaontú maidir leo.
Ní áireofar ar na cearta rochtana sin réamheolas na dtairbhithe.
I ngníomhaíochtaí faoin gcnuasach “an tSlándáil Shibhialta don tSochaí”, maidir leis na tairbhithe a bhfuil cistiú ón Aontas faighte acu, tabharfaidh siad freisin rochtain ar a gcuid torthaí saor ó ríchíosanna d’údaráis náisiúnta na mBallstát chun a mbeartais nó a gcláir sa réimse sin a fhorbairt, a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu. Beidh an rochtain teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch agus beidh sí faoi réir comhaontú déthaobhach lena saineofar coinníollacha sonracha arb é is aidhm dóibh a áirithiú nach n-úsáidtear na cearta rochtana sin ach chun na críche a bhí beartaithe agus go bhfuil na hoibleagáidí iomchuí maidir le rúndacht i bhfeidhm. Tabharfaidh an Ballstát iarrthach nó an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht iarrthach de chuid an Aontais fógra do gach Ballstát maidir le hiarrataí den sórt sin.
Airteagal 42
Forálacha sonracha
Airteagal 43
Duaiseanna
Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha, i gcás inarb iomchuí, comórtais duais a eagrú i gcomhar leis an méid seo a leanas:
comhlachtaí eile de chuid an Aontais;
tríú tíortha, lena n-áirítear eagraíochtaí nó gníomhaireachtaí eolaíochta agus teicneolaíochta na dtíortha sin;
eagraíochtaí idirnáisiúnta; nó
eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha.
CAIBIDIL III
Soláthar
Airteagal 44
Soláthar
CAIBIDIL IV
Oibríochtaí measctha agus maoiniú measctha
Airteagal 45
Oibríochtaí measctha
Cuirfear oibríochtaí measctha faoin gClár chun feidhme i gcomhréir le Clár InvestEU agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 46
Maoiniú measctha faoi Fís Eorpach agus maoiniú measctha faoi EIC
Airteagal 47
An Treo-aimsitheoir
Cuirfear an Treo-aimsitheoir chun feidhme go príomha trí ghlao oscailte ar thograí ón mbun aníos le scoithdhátaí rialta in aghaidh na bliana, agus déanfar foráil leis freisin maidir le dúshláin iomaíocha chun príomhchuspóirí straitéiseacha a fhorbairt ina n-éilítear an domhainteicneolaíocht agus an smaointeoireacht radacach.
Cinnfear seoladh agus ábhar na nglaonna ar thograí le haghaidh ghníomhaíochtaí aistrithe an Treo-aimsitheora agus cuspóirí agus an buiséad arna leagan amach ag an gclár oibre i ndáil le punann na ngníomhaíochtaí lena mbaineann á gcur san áireamh;
Féadfar deontais bhreise de mhéid socraithe nach mó ná EUR 50 000 a dhámhachtain ar gach togra a roghnaíodh cheana faoin Treo-aimsitheoir, agus i gcás inarb ábhartha gníomhaíochtaí aistrithe an Treo-aimsitheora, trí ghlao ar thograí chun gníomhaíochtaí comhlántacha a dhéanamh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí práinneacha comhordúcháin agus tacaíochta, chun pobal na dtairbhithe atá ag an bpunann a neartú, amhail trí mheasúnú a dhéanamh ar sheach-chuideachtaí féideartha nó ar nuálaíochtaí a d’fhéadfadh margaí nua a chruthú nó trí phlean gnó a fhorbairt. Cuirfear Coiste an Chláir, a bhunaítear faoin gclár sonrach, ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin.
Airteagal 48
An Luasaire
Leis an Luasaire, soláthrófar na cineálacha tacaíochta seo a leanas:
tacaíocht maoinithe mheasctha do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, a bhfuil nuálaíocht cheannródaíoch, shuaiteach agus neamhiontaofa ó thaobh brabúis á déanamh acu;
tacaíocht de chineál deontais amháin do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, atá i mbun aon chineál nuálaíochta, ó nuálaíocht chéimneach go nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach, agus a bhfuil sé mar aidhm leo uas-scálú a dhéanamh ina dhiaidh sin;
féadfar tacaíocht de chineál cothromais amháin a sholáthar freisin do FBManna neamhiontaofa ó thaobh brabúis de, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a dhéanann nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach neamhiontaofa ó thaobh brabúis de;
tacaíocht de chineál cothromais amháin a bhfuil gá léi le haghaidh uas-scálú FBManna neamhiontaofa ó thaobh brabúis de, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga neamhiontaofa ó thaobh brabúis de, lena n-áirítear eintitis a bhfuil tacaíocht faighte acu cheana féin i gcomhréir le pointí (a) go (c),
▼C1 a dhéanann nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach neamhiontaofa ó thaobh brabúis de sna teicneolaíochtaí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) de Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
).
Tacaíocht de chineál deontais amháin, ní sholáthrófar í faoin Luasaire ach amháin faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas:
beidh faisnéis ag gabháil leis an tionscadal maidir le hacmhainneachtaí agus toilteanas an iarratasóra uas-scálú a dhéanamh;
beidh an tairbhí ina ghnólacht nuathionscanta nó FBM;
ní sholáthrófar tacaíocht de chineál deontais amháin faoin Luasaire ach uair amháin do thairbhí le linn thréimhse chur chun feidhme an Chláir agus go huasmhéid EUR 2,5 milliún.
Agus tacaíocht chothromais á soláthar aige, féachfaidh EIC le hinfheisteoirí eile a phlódú isteach. Mar sin féin, chun tacú go héifeachtach le nuálaíocht neamhiontaofa ó thaobh brabúis de, is féidir tacaíocht chothromais a sholáthar gan infheisteoirí eile a phlódú isteach, go háirithe le haghaidh nuálaíocht cheannródaíoch agus nuálaíocht shuaiteach neamhiontaofa ó thaobh brabúis de sna teicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/795, ach gan bheith teoranta don nuálaíocht sin.
Na tograí arna dtíolacadh, déanfar iad a mheasúnú ar bhonn na gcritéar dámhachtana seo a leanas:
barr feabhais;
tionchar;
leibhéal riosca na gníomhaíochta lena gcuirfí cosc ar infheistíochtaí, cáilíocht agus éifeachtúlacht an chur chun feidhme, agus an gá le tacaíocht ón Aontas.
Le comhaontú ó na hiarratasóirí lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún nó na comhlachtaí cistiúcháin a bhfuil an Clár á chur chun feidhme acu (lena n-áirítear PENanna EIT), faoin gcritéar dámhachtana dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 5, togra le haghaidh gníomhaíocht nuálaíochta agus cur chun úsáide ar an margadh lena gcomhlíontar na critéir dhámhachtana dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 5 cheana a thíolacadh go díreach le haghaidh meastóireacht, faoi réir na gcoinníollacha carnacha seo a leanas:
eascróidh an togra as aon ghníomhaíocht eile arna chistiú faoi Fís 2020, ón gClár nó, faoi réir céim phíolótach thaiscéalaíoch atá le seoladh faoin gcéad chlár oibre, ó chláir náisiúnta agus/nó réigiúnacha, ag tosú le mapáil an éilimh i gcomhair scéim den sórt sin. Leagfar síos forálacha mionsonraithe sa chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2);
tá an togra bunaithe ar athbhreithniú ar thionscadal a rinneadh laistigh den 2 bhliain roimhe sin lena ndéantar measúnú ar bharr feabhais agus tionchar an togra agus faoi réir coinníollacha agus próiseas arna mionsonrú tuilleadh sa chlár oibre.
Féadfar Séala Barr Feabhais a dhámhachtain faoi réir na gcoinníollacha carnacha seo a leanas:
is gnólacht nuathionscanta, FBM nó cuideachta meánchaipitlithe bheag é an tairbhí;
bhí an togra incháilithe agus bhain sé amach na tairseacha is infheidhme i dtaca leis na critéir dámhachtana dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 5;
bheadh an ghníomhaíocht incháilithe faoi ghníomhaíocht nuálaíochta.
Féadfaidh an Coimisiún tionscadal arna mholadh ag saineolaithe seachtracha neamhspleácha a dhiúltú ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear mar gheall ar neamhchomhlíonadh chuspóirí bheartais an Aontais. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir leis na cúiseanna atá le diúltú den sórt sin.
I gcás maoiniú measctha faoi EIC, féadfar gníomhaíochtaí a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíocht nuálaíochta a sheoladh, agus féadfar an chéad réamh-mhaoiniú den deontas nó an t-airleacan in-aisíoctha a íoc, roimh chur chun feidhme comhchodanna eile den mhaoiniú measctha faoi EIC a bheidh dáfa. Beidh cur chun feidhme na gcomhchodanna sin faoi réir clocha míle sonracha arna mbunú sa chonradh a bheith bainte amach.
I gcásanna eisceachtúla agus ar chomhairle Bhord EIC, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an tacaíocht ón Luasaire a mhéadú faoi réir athbhreithniú ar an tionscadal arna dhéanamh ag saineolaithe seachtracha neamhspleácha. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin.
CAIBIDIL V
Saineolaithe
Airteagal 49
Saineolaithe seachtracha neamhspleácha a cheapadh
De mhaolú ar Airteagal 237(3) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha, go heisceachtúil agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, saineolaí aonair nach bhfuil sa bhunachar sonraí ach a bhfuil na scileanna iomchuí aige nó aici a roghnú ar bhealach trédhearcach, ar choinníoll nár sainaithníodh saineolaithe seachtracha neamhspleácha oiriúnacha i nglao ar léiriú spéise.
Dearbhóidh saineolaithe den sórt sin a neamhspleáchas agus a n-acmhainneacht chun tacú le cuspóirí an Chláir.
Áiritheoidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha, maidir le saineolaí a bhfuil aghaidh á tabhairt aige nó aici ar choinbhleacht leasa maidir le hábhar a mbeidh ar an saineolaí tuairim a thabhairt ina leith, nach ndéanfaidh an saineolaí sin meastóireacht ar an gceist shonrach i dtrácht, agus nach dtabharfaidh an té sin comhairle ná cúnamh maidir léi.
TEIDEAL III
FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ A DHÉANAMH AR AN gCLÁR AGUS CUMARSÁID MAIDIR LEIS
Airteagal 50
Faireachán agus tuairisciú
Áireofar sa bhunachar sonraí:
táscairí atá faoi cheangal ama chun tuairisciú a dhéanamh, ar bhonn bliantúil, ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus a leagtar amach in Iarscríbhinn V, iad bunaithe ar na conairí tionchair;
faisnéis faoi leibhéal phríomhshruthú SSH, an cóimheas idir LRTanna níos ísle agus níos airde i dtaighde comhoibríoch, an dul chun cinn maidir le rannpháirtíocht na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú, comhdhéanamh geografach na gcuibhreannas i dtionscadail chomhoibríocha, an fhorbairt ar thuarastail na dtaighdeoirí, nós imeachta taiscthe agus meastóireachta dhá chéim a úsáid, na bearta atá dírithe ar naisc chomhoibríocha in T&N na hEorpa a éascú, an t-athbhreithniú meastóireachta a úsáid agus líon agus cineálacha na ngearán, leibhéal an phríomhshruthaithe aeráide agus caiteachais lena mbaineann, rannpháirtíocht FBManna, rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, rannpháirtíocht ó thaobh inscne de i ngníomhaíochtaí cistithe, painéil mheastóireachta, boird agus grúpaí comhairleacha, na “Séalaí Barr Feabhais”, na Comhpháirtíochtaí Eorpacha, chomh maith leis an ráta comhchistiúcháin, an cistiú comhlántach agus carnach ó chláir eile de chuid an Aontais, bonneagair thaighde, am chun deontas a thabhairt, leibhéal an chomhair idirnáisiúnta, rannpháirteachas na saoránach agus na sochaí sibhialta;
leibhéil an chaiteachais arna n-imdhealú ar leibhéal an tionscadail chun go bhféadfar anailís shonrach a dhéanamh, lena n-áirítear in aghaidh an réimse idirghabhála;
leibhéal an ró-shuibscríofa, go háirithe líon na dtograí agus in aghaidh an ghlao ar thograí, a meánscór, sciar na dtograí os cionn agus faoi bhun na dtairseach cáilíochta.
Airteagal 51
Faisnéis, cumarsáid, poiblíocht agus scaipeadh agus saothrú
Airteagal 52
Meastóireacht ar an gClár
Airteagal 53
Iniúchtaí
Airteagal 54
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar leis na cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.
Airteagal 55
An tarmligean a fheidhmiú
TEIDEAL IV
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 56
Aisghairm
Aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.
Airteagal 57
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 58
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
IMLÍNTE NA nGNÍOMHAÍOCHTAÍ
Na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, saothrófar iad tríd an gClár ina iomláine, trí na réimsí idirghabhála agus imlínte na ngníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu san Iarscríbhinn seo agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/764 .
(1) Colún I “Eolaíocht Den Scoth”
Leis an gcolún seo, i gcomhréir le hAirteagal 4, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, déanfar eolaíocht barr feabhais a chur chun cinn, scoth na ndaoine is tréithí a mhealladh chun na hEorpa, tacaíocht iomchuí a sholáthar do thaighdeoirí luathchéime agus tacófar le cruthú agus scaipeadh eolaíochta barr feabhais, mar aon le heolas, modheolaíochtaí agus scileanna ardchaighdeáin, teicneolaíochtaí agus réitigh ar dhúshláin dhomhanda shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha. Rannchuideofar leis freisin le cuspóirí sonracha eile an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3.
ERC: cistiú tarraingteach solúbtha a sholáthar le go mbeidh taighdeoirí aonair tréitheacha agus cruthaitheacha, le béim ar thaighdeoirí luathchéime, agus a bhfoirne, in ann na goirt is mó a bhfuil gealladh fúthu a threabhadh san eolaíocht cheannródaíoch, gan beann ar a náisiúntacht ná ar a dtír thionscnaimh agus ar bhonn iomaíochta ar fud an Aontais inarb é an barr feabhais an t-aon chritéar.
Réimse idirghabhála: an Eolaíocht cheannródaíoch.
MSCAnna: deis a thabhairt do taighdeoirí eolas agus scileanna nua a shealbhú trí shoghluaisteacht thar theorainneacha, earnálacha agus disciplíní agus trí thaithí tharastu a áirithiú dóibh, feabhas a chur ar chórais oiliúna agus forbartha gairme agus, chomh maith leis sin, an t-earcú institiúideach agus náisiúnta a struchtúrú agus a fheabhsú, agus an Chairt Eorpach do Thaighdeoirí agus an Cód Iompair um earcú taighdeoirí á gcur san áireamh; agus sin á dhéanamh, cabhraítear, le MSCAnna, le bunchlocha a chur, ó cheann ceann na hEorpa, faoin gcreat taighde den scoth atá san Eoraip, rud a rannchuidíonn le borradh a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht, agus a réitíonn dúshláin shochaíocha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.
Réimsí idirghabhála: barr feabhais a chothú trí shoghluaisteacht taighdeoirí thar theorainneacha, earnálacha agus disciplíní; scileanna nua a chothú trí oiliúint den scoth a chur ar thaighdeoirí; acmhainní daonna agus forbairt scileanna a neartú ar fud LET; sineirgí a fheabhsú agus a éascú; for-rochtain phoiblí a chur chun cinn.
Bonneagair thaighde: bonneagair thaighde inbhuanaithe de scoth an domhain atá oscailte a bhronnadh ar an Eoraip, ar bonneagair iad a bhfuil rochtain ag na taighdeoirí is fearr ón Eoraip agus ó áiteanna níos faide i gcéin orthu. Úsáid na mbonneagar taighde atá ann cheana a chothú, lena n-áirítear na bonneagair atá á maoiniú ó chistí faoi Bheartas Comhtháthaithe an Aontais. Agus sin á dhéanamh, feabhas a chur ar phoitéinseal an bhonneagair taighde tacú le dul chun cinn eolaíochta agus leis an nuálaíocht, agus an eolaíocht den scoth oscailte a chumasú, i gcomhréir le prionsabail FAIR, é sin taobh le taobh le gníomhaíochtaí a bhaineann le beartais an Aontais agus le comhar idirnáisiúnta.
Réimsí idirghabhála: creat na mbonneagar taighde Eorpach a chomhdhlúthú agus a fhorbairt; bonneagair thaighde a oscailt, a chomhtháthú agus a idirnascadh; poitéinseal nuálaíochta na mbonneagar taighde Eorpach agus na ngníomhaíochtaí taighde Eorpacha ar mhaithe leis an nuálaíocht agus oiliúint; an beartas Eorpach maidir le bonneagar taighde agus an comhar idirnáisiúnta a neartú.
(2) Colún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach”
Leis an gcolún seo, i gcomhréir le hAirteagal 4, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, tacófar le heolas, teicneolaíochtaí agus réitigh inbhuanaithe nua ardchaighdeáin a chruthú agus a scaipeadh ar bhealach níos fearr, neartófar an t-iomaíochas tionsclaíoch Eorpach, neartófar tionchar T&N maidir le beartais an Aontais a fhorbairt, a thacú agus a chur chun feidhme, agus tacófar leis an nglacadh le réitigh nuálacha sa tionsclaíocht, go háirithe in FBManna agus i ngnólachtaí nuathionscanta, agus sa tsochaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Rannchuideofar leis freisin le cuspóirí sonracha eile an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3.
Déanfar SSH a lánpháirtiú go hiomlán ar fud na gcnuasach ar fad, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sonracha agus gníomhaíochtaí tiomnaithe.
Chun tionchar, solúbthacht agus sineirgí a uasmhéadú, eagrófar gníomhaíochtaí T&N i sé chnuasach, agus iad idirnasctha trí bhonneagair thaighde uile-Eorpacha, a dhéanfaidh comhar idirdhisciplíneach, trasearnálach, trasbheartais, trasteorann agus idirnáisiúnta a dhreasú, ina n-aonar agus le chéile. Le Colún II den Chlár, cumhdófar gníomhaíochtaí ó réimse leathan LRTanna, lena n-áirítear LRTanna níos ísle.
Rannchuidíonn gach cnuasach le roinnt SFInna agus is iomaí SFI atá á thacú le níos mó ná cnuasach amháin.
Cuirfear na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta chun feidhme sna cnuasaigh seo a leanas agus trasna na gcnuasach sin:
An Cnuasach “Sláinte”: sláinte agus dea-bhail na saoránach ag gach aois a fheabhsú agus a chosaint, trí eolas nua a ghiniúint, réitigh nuálacha a fhorbairt, agus trína áirithiú go ndéantar gné na hinscne a chomhtháthú, i gcás inarb ábhartha, chun galair a chosc, a dhiagnóisiú, a chóireáil agus a leigheas agus chun faireachán a dhéanamh orthu agus trí theicneolaíochtaí na sláinte a fhorbairt; rioscaí don tsláinte a mhaolú; an pobal a chosaint agus an dea-shláinte agus an dea-bhail a chur chun cinn, san ionad oibre freisin; córais sláinte phoiblí a dhéanamh níos costéifeachtaí, níos cothroime agus níos inbhuanaithe; galair atá bainteach leis an mbochtaineacht a chosc agus dul i ngleic leo; agus tacú le rannpháirtíocht agus féinbhainistiú na n-othar, agus é sin a chumasú.
Réimsí idirghabhála: sláinte ó thús go deireadh saoil; deitéarmanaint an chomhshaoil agus na sláinte sóisialta; galair neamhthógálacha agus galair neamhchoitianta; galair thógálacha, lena n-áirítear galair a bhaineann leis an mbochtaineacht agus galair a ndearnadh faillí iontu; uirlisí, teicneolaíochtaí agus réitigh dhigiteacha don tsláinte agus don chúram, lena n-áirítear leigheas pearsantaithe; córais cúraim sláinte.
An Cnuasach “an Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach”: luachanna daonlathacha a neartú, lena n-áirítear an smacht reachta agus na cearta bunúsacha; ár n-oidhreacht chultúrtha a choimirciú; poitéinseal na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a thaiscéaladh, agus claochluithe socheacnamaíocha a chur chun cinn a rannchuidíonn le cuimsiú agus fás, lena n-áirítear bainistiú ar imirce agus lánpháirtiú imirceach.
Réimsí idirghabhála: daonlathas agus rialachas; cultúr, oidhreacht chultúrtha agus cruthaitheacht; claochluithe sóisialta agus eacnamaíocha.
An Cnuasach “an tSlándáil Shibhialta don tSochaí”: ag freagairt ar na dúshláin a eascraíonn as bagairtí leanúnacha slándála, lena n-áirítear an chibearchoireacht, chomh maith le tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine.
Réimsí idirghabhála: sochaithe athléimneacha tar éis tubaistí; an chosaint agus an tslándáil; an chibearshlándáil.
An cnuasach “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”: acmhainneachtaí a neartú agus ceannasacht na hEorpa a chinntiú in eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin don digitiú agus táirgeadh, agus sa teicneolaíocht spáis, feadh an tslabhra breisluacha; tionscal iomaíoch, digiteach, ísealcharbóin agus ciorclach a thógáil; soláthar inbhuanaithe amhábhar a áirithiú; ábhair ardfhorbartha a fhorbairt agus bonn a chur ar fáil don dul chun cinn agus don nuálaíocht maidir le dúshláin shochaíocha dhomhanda.
Réimsí idirghabhála: teicneolaíochtaí monaraíochta; eochairtheicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí candamacha; teicneolaíochtaí cumasúcháin atá ag teacht chun cinn; ábhair ardfhorbartha; intleacht shaorga agus an róbataic; idirlíon den chéad ghlúin eile; an ríomhaireacht ardfhorbartha agus mórshonraí; tionscail chiorclacha; tionscal ísealcharbóin glan; an spás, lena n-áirítear faire na cruinne.
An Cnuasach “an Aeráid, Fuinneamh agus an tSoghluaisteacht”: an t-athrú aeráide a chomhrac trí thuiscint níos fearr a fháil ar na cúiseanna is bonn leis, a éabhlóid, na rioscaí, na tionchair agus na deiseanna a bhaineann leis, trí earnálacha an fhuinnimh agus an iompair a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don aeráid agus don chomhshaol, níos éifeachtaí agus níos iomaíche, níos cliste, níos sábháilte agus níos buanseasmhaí, trí úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, trí fheabhas a chur ar athléimneacht an Aontais i leith suaití seachtracha agus tríd an iompar sóisialta a oiriúnú i bhfianaise na SFInna.
Réimsí idirghabhála: an eolaíocht aeráide agus réitigh aeráide; soláthar fuinnimh; córais agus eangacha fuinnimh; foirgnimh agus saoráidí tionsclaíocha maidir le haistriú fuinnimh; pobail agus cathracha; iomaíochas tionsclaíoch san iompar; iompar agus soghluaisteacht atá glan, sábháilte agus inrochtana; soghluaisteacht chliste; stóráil fuinnimh.
An Cnuasach “Bia, an Bithgheilleagar, Acmhainní Nadúrtha, an Talmhaíocht agus an Comhshaol”: an comhshaol a chosaint, acmhainní nádúrtha agus bitheolaíocha ón talamh, ó uiscí intíre agus ón bhfarraige a athshlánú, a bhainistiú go hinbhuanaithe agus a úsáid chun stop a chur le creimeadh na bithéagsúlachta, chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil an tsoláthair bia agus an chothaithe do chách agus an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach ísealcharbóin atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus chuig bithgheilleagar inbhuanaithe.
Réimsí idirghabhála: breathnóireacht chomhshaoil; an bhithéagsúlacht agus acmhainní nádúrtha; an talmhaíocht, an fhoraoiseacht agus ceantair thuaithe; farraigí, aigéin agus uiscí intíre; córais bhia; córais nuálaíochta bhithbhunaithe i mbithgheilleagar an Aontais; córais chiorclacha.
Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT: fianaise eolaíoch ardchaighdeáin a chruthú le haghaidh beartais phoiblí mhaithe a bheidh éifeachtúil agus iníoctha. Teastaíonn fianaise thrédhearcach, chuimsitheach, chothromaithe mar bhonn ciallmhar do thionscnaimh agus tograí nua le haghaidh gníomhartha dlí de chuid an Aontais agus, ag an am céanna, teastaíonn fianaise freisin le bheith in ann cur chun feidhme na mbeartas a thomhas agus le faireachán a dhéanamh air. Maidir le beartais an Aontais, soláthraíonn ACT fianaise eolaíoch neamhspleách agus tacaíocht theicniúil dóibh feadh thimthriall iomlán na mbeartas. Díríonn ACT a thaighde ar thosaíochtaí beartais an Aontais.
Réimsí idirghabhála: an bonn eolais le haghaidh ceapadh beartais a neartú; dúshláin dhomhanda (an tsláinte; an cultúr, an chruthaitheacht agus an tsochaí chuimsitheach; slándáil shibhialta don tsochaí; cúrsaí digiteacha, an tionscal agus an spás; an aeráid, fuinneamh agus an tsoghluaisteacht; bia, an bithgheilleagar, acmhainní nádúrtha, an talmhaíocht agus an comhshaol); nuálaíocht, forbairt eacnamaíoch, agus iomaíochas; barr feabhais eolaíoch; forbairt chríochach agus tacaíocht do Bhallstáit agus do réigiúin
(3) Colún III “Eoraip na Nuálaíochta”
Leis an gcolún seo, i gcomhréir le hAirteagal 4, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, déanfar gach cineál nuálaíochta a chothú, lena n-áirítear nuálaíocht neamhtheicneolaíoch, go príomha in FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, tríd an bhforbairt theicneolaíoch, an taispeáint agus aistriú eolais a éascú, agus neartófar cur chun úsáide réiteach nuálach. Rannchuideofar leis freisin le cuspóirí sonracha eile an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3. Déanfar EIC a chur chun feidhme trí dhá ionstraim go príomha, an Treo-aimsitheoir, arna chur chun feidhme go príomha trí thaighde comhoibritheach, agus an Luasaire.
EIC: ag díriú go príomha ar nuálaíocht atá ceannródaíoch agus suaiteach, spriocdhírithe go háirithe ar nuálaíocht lena gcruthaítear margaí agus, ag an am céanna, ag tacú le gach cineál nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíocht chéimneach.
Réimsí idirghabhála: Treo-aimsitheoir i leith ardtaighde, ag tacú le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn anois agus a bheidh ag teacht chun cinn amach anseo, ar teicneolaíochtaí ceannródaíocha, teicneolaíochtaí lena gcruthaítear margaí agus/nó teicneolaíochtaí doimhne iad; an Luasaire, ag dúnadh bhearna an mhaoinithe idir céimeanna déanacha ghníomhaíochtaí T&N agus an glacadh ar an margadh, nuálaíocht cheannródaíoch lena gcruthaítear margaí a chur chun úsáide go héifeachtach agus cuideachtaí a uas-scálú i gcásanna nach soláthraíonn an margadh maoiniú inmharthana; gníomhaíochtaí breise EIC, amhail duaiseanna agus comhaltachtaí, agus seirbhísí breisluacha gnó.
Éiceachórais nuálaíochta na hEorpa
Réimsí idirghabhála: gníomhaíochtaí lena n-áirítear go háirithe nascadh, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le EIT, le gníomhaithe nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha agus ag tacú le Ballstáit, réigiúin agus tíortha comhlachaithe chun cláir nuálaíochta chomhpháirteacha thrasteorann a chur chun feidhme, ó mhalartú cleachtas agus eolais i ndáil le rialáil na nuálaíochta go scileanna boga a fheabhsú i ndáil le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíocht oscailte nó nuálaíocht úsáideoir-stiúrtha, chun borradh a chur faoi éifeachtacht an chórais nuálaíochta Eorpaigh. Ba cheart é sin a chur chun feidhme i sineirge le, i measc nithe eile, tacaíocht ó CFRE d’éiceachórais nuálaíochta agus do chomhpháirtíochtaí idir-réigiúnacha i dtaca le speisialtóireacht chliste.
An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
Réimsí idirghabhála (a shainítear in Iarscríbhinn II): éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe ar fud na hEorpa; scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear acmhainneachtaí na n-institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa a mhéadú; réitigh nua don mhargadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda; sineirgí agus breisluach laistigh den Chlár.
(4) An Chuid “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LTE a Neartú”
Trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, leis an gcuid seo, saothrófar na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 3(2). Rannchuideofar léi freisin le cuspóirí sonracha eile an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3. Agus é mar fhothaca leis an gClár ar fad, leis an gcuid seo, tacófar le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le daoine tréitheacha a mhealladh, cúrsaíocht daoine oilte a chothú agus imirce daoine oilte a chosc, agus gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le hEoraip a bheidh níos eolasbhunaithe agus níos nuálaí, agus cothrom ó thaobh inscne de, a bheidh ar thús cadhnaíochta san iomaíochas domhanda, agus an comhar trasnáisiúnta á chothú agus, ar an gcaoi sin, láidreachtaí agus poitéinseal náisiúnta á n-optamú san Eoraip trí chéile in LET a bheidh ag feidhmiú go maith, limistéar ina mbeidh eolas agus lucht saothair ardoilte ag gluaiseacht thart faoi shaoirse ar bhealach cothrom, ina mbeidh tuiscint agus iontaoibh ag saoránaigh eolasacha as na torthaí ó T&N, torthaí a bheidh á scaipeadh go forleathan agus a rachadh chun tairbhe don tsochaí ina hiomláine, agus ina mbeidh beartas an Aontais, go háirithe beartas T&N, bunaithe ar fhianaise eolaíoch ardchaighdeáin.
Leis an gCuid seo, tacófar freisin le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar cháilíocht na dtograí a thagann ó eintitis dhlítheanacha ó thíortha ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N, amhail seiceálacha proifisiúnta réamhthogra agus comhairle phroifisiúnta réamhthogra, agus borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí na bPointí Teagmhála Náisiúnta chun tacú le líonrú idirnáisiúnta, chomh maith le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh tacú le heintitis dhlítheanacha ó thíortha ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N páirt a ghlacadh i dtionscadail chomhoibríocha atá roghnaithe cheana, ar tionscadail iad nach bhfuil eintitis dhlítheanacha ó thíortha den sórt sin rannpháirteach iontu.
Réimsí idirghabhála: rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathadh, lena n-áirítear trí theacht le chéile i bhfoirne, nascadh, Cathaoirligh LET, Comhar Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht (COST), tionscnaimh barr feabhais agus gníomhaíochtaí chun cúrsaíocht daoine oilte a chothú; córas T&N na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú, lena n-áirítear, mar shampla trí thacú le hathchóiriú a dhéanamh ar bheartas náisiúnta maidir le T&N, gairmeacha beatha tarraingteacha a sholáthar, agus tacú le heolaíocht inscne agus eolaíocht na saoránach.
IARSCRÍBHINN II
AN INSTITIÚID EORPACH UM NUÁLAÍOCHT AGUS TEICNEOLAÍOCHT (EIT)
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí EIT:
An Réasúnaíocht
Mar a luaitear go soiléir sa Tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil maidir leis an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag T&N an Aontais (Grúpa Ardleibhéil Lamy), is é an bealach chun tosaigh “oideachas a chur ar dhaoine don todhchaí agus infheistiú sna daoine a chuirfidh an t-athrú i gcrích”. Go háirithe, iarrtar ar institiúidí ardoideachais Eorpacha an fhiontraíocht a spreagadh, teorainneacha disciplíneacha a bhaint as a chéile agus comhar láidir idirdhisciplíneach idir an earnáil acadúil agus an earnáil thionsclaíoch a bhuanú. De réir suirbhéanna a rinneadh le déanaí, is é an rochtain ar dhaoine tréitheacha an fachtóir is tábhachtaí ar fad a bhfuil tionchar aige ar an rogha a dhéanfaidh fiontraithe gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha maidir le suíomh dá ngnó. Tá an t-oideachas fiontraíochta, deiseanna oiliúna agus forbairt scileanna cruthaitheacha ríthábhachtach chun nuálaithe na todhchaí a chothú agus chun cumas na nuálaithe atá ann cheana a fhorbairt chun go mbeidh na gnólachtaí atá acu níos rathúla fós. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh rochtain ar dhaoine tréitheacha fiontraíocha, mar aon le rochtain ar sheirbhísí gairmiúla, ar chaipiteal agus ar mhargaí ar leibhéal an Aontais, agus go dtabharfar gníomhaithe ábhartha na nuálaíochta le chéile faoi chuimsiú cuspóir comhchoiteann chun go bhféadfar éiceachóras nuálaíochta a chothú. Is gá iarrachtaí ar fud an Aontais a chomhordú chun mais chriticiúil de chnuasaigh agus d’éiceachórais fiontraíochta idirnasctha ar fud an Aontais a chruthú.
Is é EIT an t-éiceachóras comhtháite nuálaíochta is mó atá ann san Eoraip inniu, lena dtugtar comhpháirtithe le chéile ón réimse gnó, taighde, oideachais agus ó réimsí eile. Leanann EIT de thacaíocht a thabhairt dá chuid PENanna, ar Comhpháirtíochtaí Eorpacha ar mhórscála iad a thugann aghaidh ar dhúshláin shonracha dhomhanda, agus déanfaidh siad na héiceachórais nuálaíochta timpeall orthu a neartú. Déanann sé é sin trí chomhtháthú an oideachais a chothú, T&N den chaighdeán is airde a cothú, agus, ar an gcaoi sin, timpeallachtaí a chruthú a chabhróidh leis an nuálaíocht, agus trí ghlúin nua fiontraithe a chur chun cinn agus tacú leo agus trí chruthú cuideachtaí nuálacha i ndlúthshineirgí agus i gcomhlántacht le EIC a spreagadh.
Ní mór iarrachtaí a dhéanamh go fóill, ar fud na hEorpa, chun éiceachórais a fhorbairt lenar féidir le taighdeoirí, nuálaithe, tionscail agus rialtais idirghníomhú le chéile go héasca. Go deimhin, ní bhíonn éiceachórais na nuálaíochta ag feidhmiú go héifeachtach go fóill mar gheall ar roinnt cúiseanna amhail an méid seo a leanas:
cuirtear bac ar ghníomhaithe na nuálaíochta go fóill a bheith ag idirghníomhú le chéile mar go bhfuil bacainní eagrúcháin, rialála agus cultúir rompu;
sna hiarrachtaí chun éiceachórais na nuálaíochta a neartú, bainfear tairbhe as comhordú agus fócas soiléir ar chuspóirí sonracha agus ar thionchar sonrach.
Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin amach anseo, chun teacht i dtír ar na deiseanna a bheidh ann mar thoradh ar theicneolaíochtaí nua agus chun rannchuidiú le fás eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, poist, iomaíochas agus dea-bhail shaoránaigh na hEorpa, is gá acmhainneacht na hEorpa chun bheith i mbun nuálaíochta a neartú tuilleadh tríd an méid seo a leanas: timpeallachtaí atá ann cheana atá fabhrach don chomhar agus don nuálaíocht a neartú agus timpeallachtaí nua den chineál sin a chothú; cumas nuálaíochta na hearnála acadúla agus earnáil an taighde a neartú; tacú le glúin nua fiontraithe; cruthú agus forbairt fiontar nuálach a spreagadh, mar aon le hinfheictheacht agus aitheantas ghníomhaíochtaí T&N arna gcistiú ag an Aontas a neartú, go háirithe cistiú EIT don phobal i gcoitinne.
Mar gheall ar chineál agus ar scála na ndúshlán nuálaíochta, is gá idirchaidreamh a dhéanamh le gníomhaithe agus acmhainní a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais trí chomhar trasteorann a chothú. Is gá fáil réidh leis na bacainní idir disciplíní agus feadh na slabhraí luacha agus cruthú timpeallachta fabhraí a chothú ina ndéanfar eolas agus saineolas a mhalartú go héifeachtach, agus ina ndéanfar daoine tréitheacha fiontraíocha a fhorbairt agus fiontraithe a mhealladh. Áiritheofar le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ó EIT go mbeidh comhréireacht ann le dúshláin an Chláir, mar aon le comhlántacht le EIC.
Réimsí Idirghabhála
Éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe ar fud na hEorpa
I gcomhréir le Rialachán EIT agus an Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ó EIT, tá ról treisithe ag EIT in éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe atá dírithe ar dhúshláin a neartú ar fud na hEorpa. Go háirithe, leanann EIT de bheith ag feidhmiú go príomha trína chuid PENanna, trí na Comhpháirtíochtaí Eorpacha ar mhórscála lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin shochaíocha shonracha. Leanann sé de bheith ag neartú éiceachórais nuálaíochta thart timpeall orthu trí iad a chur ar fáil agus trí lánpháirtiú an taighde, na nuálaíochta agus an oideachais a chothú. Lena chois sin, neartaíonn EIT éiceachórais nuálaíochta ar fud na hEorpa trína Scéim Nuálaíochta Réigiúnach (RIS) a leathnú. Oibreoidh EIT i gcomhar le héiceachórais nuálaíochta ina léirítear ardphoitéinseal nuálaíochta atá bunaithe ar straitéis, ailíniú téamach agus tionchar atá beartaithe, i ndlúthshineirge le straitéisí agus Ardáin um speisialtóireacht chliste:
Imlínte
chun éifeachtacht PENanna atá ann cheana agus a n-oscailteacht i leith comhpháirtithe nua a neartú, lena gcumasófar an t-aistriú chuig féin-inbhuanaitheacht san fhadtéarma agus lena ndéanfar anailísiú ar an ngá atá le PENanna nua a bhunú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda. Sainítear na réimsí téamacha sonracha sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ó EIT, agus an phleanáil straitéiseach á cur san áireamh;
chun dlús a chur faoi réigiúin dul i dtreo barr feabhais sna tíortha dá dtagraítear sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ó EIT i ndlúthchomhair le cistí struchtúracha agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais i gcás inarb iomchuí.
Scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear acmhainneachtaí na n-institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa a mhéadú
Neartaítear gníomhaíochtaí oideachais EIT chun an nuálaíocht agus an fhionraíocht a chothú trí oideachas agus oiliúint dhiongbháilte. Tá fócas níos láidre ar fhorbairt an chaipitil dhaonna bunaithe ar chláir oideachais de chuid PENanna EIT atá ann cheana a leathnú d’fhonn leanúint de bheith ag cur ar fáil curaclaim ardchaighdeáin atá bunaithe ar an nuálaíocht agus ar an bhfiontraíocht i gcomhréir go háirithe le straitéis an Aontais um an tionscal agus le stráitéis an Aontais um scileanna do mhic léinn agus do lucht gairme. Féadfar a áireamh orthu na taighdeoirí agus nuálaithe dá dtugtar tacaíocht le codanna eile den Chlár, go háirithe le MSCAnna. Tacaíonn EIT le nuachóiriú a dhéanamh ar institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa freisin agus iad a lánpháirtiú in éiceachórais nuálaíochta trína bpoitéinseal agus a gcumas fiontraíochta a chothú agus a mhéadú agus iad a spreagadh le riar níos fearr ar riachtanais scileanna nua roimh ré;
Imlínte
curaclaim nuálacha a fhorbairt, lena gcuirfear san áireamh riachtanais na sochaí agus an tionscail amach anseo, agus cláir thrasearnálacha a fhorbairt atá le tairiscint do mhic léinn, fiontraithe agus lucht gairme ar fud na hEorpa agus lasmuigh di ina gcomhcheanglófar saineolas earnála sonraí le scileanna atá dírithe ar an nuálaíocht agus scileanna fiontraíochta, amhail scileanna ardteicneolaíochta a bhaineann le heochair-theicneolaíochtaí cumasúcháin digiteacha agus inbhuanaithe;
branda EIT a neartú agus a leathnú chun feabhas a chur ar infheictheacht agus aitheantas chláir oideachais EIT atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais éagsúla, ionaid taighde éagsúla agus comhlachtaí taighde éagsúla agus, ag an am céanna, feabhas a chur ar cháilíocht EIT ina iomláine trí churaclaim, agus oideachas fiontraíochta diongbháilte a bhfuil cuspóir leis, mar aon le soghluaisteacht idirnáisiúnta, idir-eagraíochtaí agus idir-earnálacha, a chur ar fáil ina bhfoghlaimeofar ábhar an churaclaim trí chleachtadh a dhéanamh;
cumas nuálaíochta agus fiontraíochta earnáil an ardoideachais a fhorbairt, trí ghiaráil agus cur chun cinn a dhéanamh ar shaineolas phobal EIT chun oideachas, taighde agus gnó a nascadh le chéile;
ról phobal Alumni EIT a neartú ina eiseamláir do mhic léinn nua agus ina ionstraim láidir chun an tionchar a bheidh ag EIT a léiriú.
Réitigh nua don mhargadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda
Le EIT, déantar fiontraithe, nuálaithe, taighdeoirí, oideoirí, mic léinn agus gníomhaithe eile nuálaíochta a éascú, a chumhachtú agus a dhámhachtain, agus príomhshruthú inscne á áirithiú ag an am céanna, ionas go mbeidh siad in ann obair i gcomhar le chéile i bhfoirne trasdisciplíneacha chun smaointe a ghiniúint agus déanfar iad a chlaochlú ina nuálaíocht incriminteach agus shuaiteach araon. Is iad príomhghnéithe na ngníomhaíochtaí an nuálaíocht oscailte agus an cur chuige trasteorann, lena ndíreofar ar ghníomhaíochtaí ábhartha Thriantán an Eolais a chur san áireamh atá an-tábhachtach le go mbeidh rath orthu (amhail gur féidir le tionscnóirí tionscadal feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar chéimithe atá cáilithe in ábhair shonracha, úsáideoirí tosaigh, gnólachtaí nuathionscanta a bhfuil smaointe nuálacha acu, gnólachtaí nach gnólachtaí intíre iad a bhfuil sócmhainní comhlántacha acu etc.);
Imlínte
tacú le táirgí, seirbhísí agus deiseanna margaidh nua a fhorbairt lena mbíonn gníomhaithe Thriantán an Eolais ag obair i gcomhar le chéile chun réitigh a fháil ar dhúshláin dhomhanda;
slabhra luacha na nuálaíochta ar fad a chomhtháthú go hiomlán: ó mhac léinn go fiontraí, ó smaoineamh go táirgeadh, ón tsaotharlann go dtí an custaiméir. Áirítear air sin tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis;
seirbhísí agus tacaíocht ardleibhéil a sholáthar do ghnólachtaí nuálacha, lena n-áirítear cúnamh teicniúil a thabhairt ar mhaithe le táirgí agus seirbhísí a mhionchoigeartú, meantóireacht shubstainteach, tacaíocht chun custaiméirí spriocdhírithe a áirithiú agus caipiteal a thógáil, chun go mbeidh rochtain gan mhoill acu ar an margadh agus chun go gcuirfear dlús faoina bpróiseas fáis.
Sineirgí agus breisluach laistigh den Chlár
Cuireann EIT dlús lena iarrachtaí chun leas a bhaint as na sineirgí agus na comhlántachtaí idir PENanna atá ann cheana agus le gníomhaithe agus tionscnaimh éagsúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda agus leathnóidh sé an líonra eagraíochtaí dlúthchomhair atá aige ar an leibhéal straitéiseach agus ar an leibhéal oibríochtúil araon, agus dúbláil á seachaint aige ag an am céanna.
Imlínte
dlúthchomhar le EIC agus Clár InvestEU maidir le cuíchóiriú a dhéanamh ar an tacaíocht (eadhon cistiú agus seirbhísí) a thairgtear d’fhiontair nuálacha sna céimeanna nuathionscanta agus uas-scálaithe araon, go háirithe trí PENanna;
gníomhaíochtaí EIT a phleanáil agus a chur chun feidhme chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as sineirgí agus comhlántachtaí le codanna eile den Chlár;
dul i dteagmháil le Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon, lena rachfar i mbun idirphlé struchtúrtha agus lena ndéanfar iarrachtaí a chomhordú chun sineirgí le tionscnaimh náisiúnta agus réigiúnacha a chumasú, lena n-áirítear straitéisí um speisialtóireacht chliste, agus trí chur chun feidhme “éiceachórais nuálaíochta na hEorpa” a bhreithniú freisin, chun dea-chleachtais agus dea-fhoghlaim a shainaithint, a chomhroinnt agus a scaipeadh;
cleachtais agus foghlaim nuálacha a chomhroinnt agus a scaipeadh ar fud na hEorpa agus níos faide anonn, ionas go rannchuideofar le beartas nuálaíochta san Eoraip i gcomhar le codanna eile den Chlár;
ionchur a thabhairt faoi phléití ar bheartais nuálaíochta agus rannchuidiú le tosaíochtaí bheartais an Aontais a dhearadh agus a chur chun feidhme trína bheith ag obair go leanúnach le seirbhísí ábhartha uile an Choimisiúin, le cláir eile de chuid an Aontais agus lena ngeallsealbhóirí, agus deiseanna a iniúchadh tuilleadh i dtionscnaimh cur chun feidhme beartais;
sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais a shaothrú, lena n-áirítear na cláir sin ina dtacaítear le forbairt caipitil dhaonna agus nuálaíochta (amhail COST, CSE+, CFRE, Erasmus +, Eoraip na Cruthaitheachta agus COSME Plus/Margadh Aonair, Clár InvestEU);
comhghuaillíochtaí straitéiseacha a chruthú le príomhghníomhaithe nuálaíochta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus tacaíocht do PENanna chun comhoibriú agus naisc le príomh-chomhpháirtithe Thriantán an Eolais ó thríú tíortha a fhorbairt, arb é is aidhm dóibh margaí nua a oscailt do réitigh de bhun PENanna mar aon le maoiniú agus daoine tréitheacha a mhealladh ó thar lear. Cuirfear rannpháirtíocht tríú tíortha chun cinn maidir le prionsabail na cómhalartachta agus na dtairbhí frithpháirteacha.
IARSCRÍBHINN III
COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ EORPACHA
Déanfar Comhpháirtíochtaí Eorpacha a roghnú agus a chur chun feidhme, a chéimniú amach nó a athnuachan, nó déanfar faireachán nó meastóireacht orthu, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
Roghnú:
A léiriú go bhfuil an Chomhpháirtíocht Eorpach níos éifeachtaí ó thaobh cuspóirí gaolmhara an Chláir a bhaint amach trí rannpháirtíocht agus tiomantas na gcomhpháirtithe, go háirithe maidir le tionchair shoiléire a ghnóthú don Aontas agus dá shaoránaigh, go háirithe i bhfianaise na dúshláin dhomhanda agus cuspóirí T&N a ghnóthú, iomaíochas agus inbhuanaitheacht an Aontais a chinntiú agus rannchuidiú le neartú LET agus, i gcás inarb ábhartha, le tiomantais idirnáisiúnta;
I gcás Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE, tá rannpháirtíocht 40 % de Bhallstáit ar a laghad éigeantach;
leanúnachas agus sineirgí na Comhpháirtíochta Eorpaí laistigh de chreat T&N an Aontais, agus rialacha an Chláir á leanúint a mhéid is féidir;
trédhearcacht agus oscailteacht na Comhpháirtíochta Eorpaí i ndáil le tosaíochtaí agus cuspóirí a shainaithint maidir le torthaí agus tionchar a bhfuiltear ag súil leo agus maidir le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe agus na ngeallsealbhóirí feadh an tslabhra luacha ina iomláine, ó earnálacha, cúlraí agus disciplíní éagsúla, lena n-áirítear cinn idirnáisiúnta nuair is ábhartha agus gan cur isteach ar an iomaíochas Eorpach; socruithe soiléire maidir le rannpháirtíocht FBManna a chur chun cinn agus maidir le torthaí a scaipeadh agus a shaothrú, go háirithe ag FBManna, lena n-áirítear trí eagraíochtaí idirmheánacha;
léiriú ex ante ar bhreisíocht agus treoíocht na Comhpháirtíochta Eorpaí, lena n-áirítear fís straitéiseach chomhchoiteann de chuspóir na Comhpháirtíochta Eorpaí. Áirítear na nithe seo a leanas, go háirithe, san fhís sin:
an méid atá le baint amach, torthaí agus tionchair a bhfuiltear ag súil leo agus atá intomhaiste a shainaithint laistigh d’amchláir shonracha, lena n-áirítear luach bunúsach eacnamaíoch agus/nó sóisialta don Aontas;
éifeachtaí giarála cáilíochtúla agus cainníochtúla suntasacha a bhfuiltear ag súil leo a thaispeáint, lena n-áirítear modh lena ndéanfaí eochairtháscairí feidhmíochta a thomhas;
cuir chuige chun solúbthacht an chur chun feidhme a áirithiú agus chun coigeartú a dhéanamh má athraíonn riachtanais bheartais, shochaíocha agus/nó an mhargaidh, nó má dhéantar dul chun cinn ó thaobh na heolaíochta, chun comhleanúnachas beartais a mhéadú idir an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus leibhéal an Aontais;
straitéisí scoir agus bearta don chéimniú amach ón gClár;
léiriú ex ante ar thiomantas fadtéarmach na gcomhpháirtithe, lena n-áirítear sciar íosta infheistíochtaí poiblí agus/nó príobháideacha;
I gcás Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 185 nó 187 CFAE, is ionann na ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó na ranníocaíochtaí comhchineáil ó chomhpháirtithe seachas an tAontas agus 50 %, ar a laghad, de ghealltanais bhuiséadacha chomhiomlánaithe na Comhpháirtíochta Eorpaí agus féadfaidh siad a bheith chomh hard le 75 %. I gcás gach Comhpháirtíochta Eorpaí Institiúidithe den sórt sin, beidh sciar den rannchuidiú ó chomhpháirtithe eile seachas an tAontas i bhfoirm ranníocaíochtaí airgeadais. I gcás comhpháirtithe eile seachas an tAontas agus stáit rannpháirteacha, ba cheart ranníocaíochtaí airgeadais a bheith dírithe go príomha ar chostais riaracháin, mar aon le comhordú agus tacaíocht agus gníomhaíochtaí neamhiomaíocha eile, a chumhdach.
Cur chun feidhme:
cur chuige córasach lena n-áirithítear go mbeidh na Ballstáit páirteach go gníomhach agus go luath agus go mbainfear amach tionchair na Comhpháirtíochta Eorpaí a bhfuiltear ag súil leo trí chur chun feidhme solúbtha gníomhaíocht chomhpháirteach a bhfuil breisluach ard Aontais ag gabháil leo agus a rachaidh thar ghlaonna comhpháirteacha ar thograí le haghaidh ghníomhaíochtaí T&N freisin, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil baint acu leis an nglacadh atá ag an margadh leo, le glacadh rialála nó le glacadh beartais;
bearta iomchuí lena n-áirithítear oscailteacht leanúnach an tionscnaimh agus trédhearcacht le linn an chur chun feidhme, go háirithe le haghaidh socrú tosaíochtaí agus le haghaidh rannpháirtíocht i nglaonna ar thograí, faisnéis ar fheidhmiú an rialachais, infheictheacht an Aontais, bearta cumarsáide agus for-rochtana, scaipeadh agus saothrú torthaí, lena n-áirítear straitéis shoiléir i dtaca le rochtain oscailte/úsáideoirí feadh an tslabhra breisluacha; bearta iomchuí chun FBManna a chur ar an eolas agus chun a rannpháirtíocht a chur chun cinn;
gníomhaíochtaí comhordúcháin nó gníomhaíochtaí comhpháirteacha le tionscnaimh T&N ábhartha eile chun barrleibhéal na n-idirnasc agus sineirgí éifeachtacha a áirithiú, i measc nithe eile, chun bacainní cur chun feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta a shárú agus cost-éifeachtúlacht a mhéadú;
gealltanais, i dtaca le ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil, ó gach comhpháirtí i gcomhréir le forálacha náisiúnta le linn ré an tionscnaimh;
i gcás gach Comhpháirtíochta Eorpaí Institiúidithe, rochtain ag an gCoimisiún ar na torthaí agus ar fhaisnéis eile a bhaineann le gníomhaíochtaí chun na críche beartais nó cláir an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu.
Faireachán:
córas faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an dul chun cinn i dtreo cuspóirí beartais, bunspriocanna agus eochairtháscairí feidhmíochta sonracha a rianú, a fhágann gur féidir measúnú a dhéanamh thar thréimhse ama ar an méid a baineadh amach, ar thionchair agus ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le bearta ceartaitheacha;
tuairisciú tréimhsiúil tiomnaithe ar éifeachtaí giarála cáilíochtúla agus cainníochtúla, lena n-áirítear maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus comhchineáil a ghealltar agus a sholáthraítear go hiarmhír, infheictheacht agus suí sa chomhthéacs idirnáisiúnta, an tionchar ar rioscaí ó thaobh T&N de a bhaineann le hinfheistíochtaí na hearnála príobháidí;
faisnéis mhionsonraithe ar an bpróiseas meastóireachta agus torthaí ó gach glao ar thograí laistigh de Chomhpháirtíochtaí Eorpacha, atá le cur ar fáil ar bhealach tráthúil inrochtana i ríomhbhunachar sonraí comhchoiteann.
Meastóireacht, céimniú amach agus athnuachan:
meastóireacht ar na tionchair arna mbaint amach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i ndáil leis na spriocanna sainithe agus eochairtháscairí feidhmíochta sainithe, a úsáidfear sa mheastóireacht ar an gClár a leagtar amach in Airteagal 52, lena n-áirítear measúnú ar an modh idirghabhála ó thaobh beartais de is éifeachtaí le haghaidh aon ghníomhaíocht amach anseo; agus an áit a bheidh ag aon athnuachan féideartha ar Chomhpháirtíocht Eorpach i gcreat foriomlán na gComhpháirtíochtaí Eorpacha agus a thosaíochtaí beartais;
in éagmais athnuachana, bearta iomchuí lena n-áiritheofar go ndéanfar cistiú an Chláir a chéimniú amach de réir na gcoinníollacha agus an amchláir arna gcomhaontú ex ante leis na comhpháirtithe a thug gealltanas dlíthiúil, gan dochar do chistiú leanúnach trasnáisiúnta a d’fhéadfadh teacht ó chláir eile náisiúnta nó de chuid an Aontais, agus gan dochar don infheistíocht phríobháideach agus tionscadail leanúnacha.
IARSCRÍBHINN IV
SINEIRGÍ LE CLÁIR EILE DE CHUID AN AONTAIS
Is ar chomhlántacht idir ceapadh agus cuspóirí clár agus ar chomhoiriúnacht na rialacha agus na bpróiseas airgeadais ar leibhéal an chur chun feidhme a bhíonn sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais bunaithe.
Ní bhainfear úsáid as cistiú ón gClár ach amháin chun gníomhaíochtaí T&N a mhaoiniú. Áiritheofar le próiseas na pleanála straitéisí go ndéanfar na tosaíochtaí do chláir éagsúla de chuid an Aontais a ailíniú agus go mbeidh roghanna cistiúcháin comhleanúnacha ann ag céimeanna éagsúla den timthriall T&N. Bainfidh misin agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha, i measc nithe eile, tairbhe as sineirgí le cláir agus beartais eile de chuid an Aontais.
Déanfar cur chun úsáide torthaí taighde agus réitigh nuálacha arna bhforbairt faoin gClár Réime a éascú le tacaíocht ó chláir eile de chuid an Aontais, go háirithe trí straitéisí leata agus saothraithe, aistriú eolais, foinsí cistiúcháin chomhlántaigh charnaigh, agus bearta beartais a ghabhann leo. Bainfidh cistiú le haghaidh gníomhaíochtaí T&N leas as rialacha comhchuibhithe a cheaptar chun breisluach Aontais a áirithiú, forluí le cláir éagsúla an Aontais a sheachaint agus chun an éifeachtúlacht agus an simpliú riaracháin is mó is féidir a bhaint amach.
Leagtar amach sna míreanna thíos, tuilleadh sonraí conas a bheidh feidhm ag na sineirgí sin idir an Clár Réime agus na cláir éagsúla de chuid an Aontais.
Le sineirgí leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) faoin gComhbheartas talmhaíochta (CBT), áireofar an méid seo a leanas:
go ndéanfar riachtanais T&N na hearnála talmhaíochta agus na limistéar tuaithe san Aontas a shainaithint, mar shampla, laistigh den Chomhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta “Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta” agus go gcuirfear san áireamh iad i bpleanáil straitéiseach an Chláir agus sna cláir oibre araon;
go mbainfidh CBT an úsáid is fearr as torthaí T&N agus go gcuirfidh sé úsáid, cur chun feidhme agus cur chun úsáide réiteach nuálach chun cinn, lena n-áirítear iad sin a thagann as tionscadail a chistítear leis na cláir réime le haghaidh T&N agus as an gComhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta “Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta” agus as PENanna ábhartha de chuid EIT;
go dtacaíonn CETFT le glacadh agus leathadh eolais agus réiteach a eascraíonn as torthaí an Chláir a mbeidh earnáil feirmeoireachta níos dinimiciúla agus deiseanna nua i dtaca le forbairt na gceantar tuaithe ann dá mbarr.
Le sineirgí leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), áireofar an méid seo a leanas:
go mbeidh dlúthnasc idir an Clár agus CEMID, toisc go ndéantar riachtanais T&N an Aontais i réimse an bheartais mara agus an bheartais mhuirí chomhtháite a chur san áireamh trí phróiseas pleanála straitéisí an Chláir;
go dtacóidh CEMID le soláthar céimneach teicneolaíochtaí úra agus táirgí, próiseas agus seirbhísí nuálacha, go háirithe iad siúd a thagann ón gClár i réimse an bheartais mara agus i réimse an bheartais mhuirí chomhtháite; go gcuirfidh CEMID bailiú, próiseáil agus faireachán sonraí ar an láthair chun cinn freisin, agus go ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí ábhartha a dtacaítear leo faoin gClár a leathadh, rud a rannchuideoidh ina dhiaidh sin leis an gComhbheartas Iascaigh, le Beartas Muirí Comhtháite an Aontais, le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan a chur chun feidhme agus le gealltanais idirnáisiúnta.
Le sineirgí le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), áireofar an méid seo a leanas:
agus é d’aidhm acu LET a neartú agus rannchuidiú leis na SFInna, go dtacóidh socruithe le haghaidh cistiú malartach, carnach ó CFRE agus ón gClár le gníomhaíochtaí a dhúnann an bhearna, go háirithe, idir straitéisí um speisialtóireacht chliste agus barr feabhais in T&N, lena n-áirítear cláir chomhpháirteacha thrasréigiúnacha/thrasnáisiúnta agus Bonneagair Thaighde uile-Eorpacha,;
go ndíreoidh CFRE, i measc nithe eile, ar éiceachórais agus líonraí T&N réigiúnacha agus áitiúla a fhorbairt agus a neartú agus ar an gclaochlú tionsclaíoch, lena n-áirítear tacú le fothú acmhainneachtaí T&N, le glacadh torthaí agus le soláthar céimneach teicneolaíochtaí úra agus réiteach nuálach atá neamhdhíobhálach don aeráid ó na cláir réime le haghaidh T&N trí CFRE.
Le sineirgí le Ciste Sóisialta na hEorpa+ (CSE+), áireofar an méid seo a leanas:
trí chláir náisiúnta nó réigiúnacha, gur féidir le CSE+ curaclaim nuálacha a dtacaíonn an Clár leo a phríomhshruthú agus a mhéadú ó thaobh scála, chun na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá d’éilimh an mhargaidh saothair a bhíonn ag síorathrú a thabhairt do dhaoine;
gur féidir na socruithe don chistiú malartach, comhcheangailte ó CSE+ a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí an Chláir lena gcuirtear forbairt an chaipitil dhaonna in T&N chun cinn, d’fhonn LET a neartú;
go ndéanfaidh CSE+ teicneolaíochtaí nuálacha agus samhlacha nua gnó agus réitigh nua tráchtála, go háirithe iad siúd a thagann as an gClár, a phríomhshruthú, ionas go rannchuideofar le córais sláinte nuálacha, éifeachtúla agus inbhuanaithe agus chun gur fusa do shaoránaigh Eorpacha cúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte a rochtain.
Le sineirgí le clár EU4Health, áireofar an méid seo leanas:
go ndéanfar riachtanais T&N an Aontais i réimse na sláinte a shainaithint agus a shuíomh trí phleanáil straitéiseach an Chláir;
go rannchuideofar, le clár EU4Health, lena áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr as torthaí taighde, go háirithe iad siúd a thagann as an gClár.
Le sineirgí leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), áireofar an méid seo a leanas:
go ndéanfar riachtanais T&N i réimse an iompair, i réimse an fhuinnimh agus san earnáil dhigiteach laistigh den Aontas a shainaithint agus a shuíomh trí phleanáil straitéiseach an Chláir;
go dtacóidh SCE le soláthar céimneach ar mhórscála na dteicneolaíochtaí agus na réiteach nuálach nua agus iad a chur chun úsáide i réimse an iompair, i réimse an fhuinnimh agus sna bonneagair fhisiciúla dhigiteacha, go háirithe iad siúd a thagann as na cláir réime le haghaidh T&N;
go ndéanfar malartú faisnéise agus sonraí idir an Clár Réime agus tionscadail SCE a éascú, go háirithe trí bhéim a leagan ar theicneolaíochtaí ón gClár Réime a bhfuil leibhéal ard ullmhachta don mhargadh ag baint leo a d’fhéadfaí a chur chun úsáide a thuilleadh trí SCE.
Le sineirgí leis an gClár don Eoraip Dhigiteach (CED), áireofar an méid seo a leanas:
cé go dtagann roinnt réimsí téamacha a dtugtar aghaidh orthu leis an gClár agus le CED le chéile, go mbeidh na cineálacha gníomhaíochtaí atá le maoiniú, a dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo agus a loighic idirghabhála, éagsúil agus comhlántach;
go ndéanfar riachtanais T&N a bhaineann le gnéithe digiteacha an Chláir a shainaithint agus a shuíomh trína phleanáil straitéiseach; áirítear leis sin, mar shampla, T&N le haghaidh na ríomhaireachta ardfheidhmíochta, na hintleachta saorga, na cibearshlándála, teicneolaíochtaí mórleabhair dáilte, teicneolaíochtaí candamacha lena gcomhcheanglaítear an ghné dhigiteach le teicneolaíochtaí cumasúcháin eile agus nuálaíochtaí neamhtheicneolaíocha; tacú le huas-scálú cuideachtaí trí nuálaíochtaí ceannródaíocha a thabhairt isteach (go leor acu a mbíonn teicneolaíochtaí digiteacha agus fisiciúla á gcur le chéile iontu); agus tacú le bonneagair thaighde dhigiteacha;
go ndíreofar, le CED, ar acmhainneacht agus bonneagar digiteach ar mórscála a fhothú sa ríomhaireacht ardfheidhmíochta, san intleacht shaorga, sa chibearshlándáil, i dteicneolaíochtaí mórleabhair dáilte, i dteicneolaíochtaí candamacha agus in ardscileanna digiteacha ionas go mbeidh glacadh agus cur chun úsáide forleathan ann ar fud an Aontais i dtaca le réitigh dhigiteacha nuálacha bharrthábhachtacha, atá ann cheana nó a ndearnadh tástáil orthu, laistigh de chreat de chuid an Aontais i réimsí a bhaineann le leas an phobail (amhail sláinte, riarachán poiblí, an ceartas agus an t-oideachas) nó cliseadh margaidh (amhail digitiú gnólachtaí, go háirithe FBManna); go gcuirfear CED chun feidhme go príomha trí infheistíochtaí comhordaithe agus straitéiseacha leis na Ballstáit, go háirithe trí sholáthar poiblí comhpháirteach, in acmhainní digiteacha atá le roinnt ar fud an Aontais agus i ngníomhaíochtaí uile-Aontais lena dtacaítear le hidir-inoibritheacht agus le caighdeánú mar chuid den phróiseas chun Margadh Aonair Digiteach a fhorbairt;
go gcuirfear acmhainní agus bonneagair CED ar fáil do lucht T&N, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gClár lena n-áirítear tástáil, turgnamhaíocht agus taispeántas thar gach earnáil agus disciplín;
go ndéanfar teicneolaíochtaí digiteacha úra arna bhforbairt tríd an gClár a ghlacadh agus a chur chun úsáide le CED de réir a chéile;
na tionscnaimh faoin gClár le haghaidh forbairt curaclam scileanna agus inniúlachtaí, lena n-áirítear iad sin arna soláthar in PENanna ábhartha EIT, go ndéanfar iad a chomhlánú le fothú acmhainneachta in ardscileanna digiteacha le tacaíocht ó CED;
go bhfuil sásraí comhordaithe i gcomhair clársceidealú straitéiseach, nósanna imeachta oibriúcháin agus struchtúir rialachais ann don dá chlár.
Le sineirgí le Clár an Mhargaidh Aonair, áireofar an méid seo a leanas:
go rachaidh Clár an Mhargaidh Aonair i ngleic le haon chliseadh margaidh a imríonn tionchar ar FBManna agus go gcuirfidh sé fiontraíocht agus cruthú agus fás cuideachtaí chun cinn, agus go mbeidh comhleanúnachas ann idir Clár an Mhargaidh Aonair agus gníomhaíochtaí EIT agus EIC araon le haghaidh cuideachtaí nuálacha, agus i réimse na seirbhísí tacaíochta le haghaidh FBManna chomh maith, go háirithe i gcásanna nach gcuireann an margadh maoiniú inmharthana ar fáil;
go bhfeidhmeoidh an Líonra Fiontar Eorpach, de bhreis ar struchtúir tacaíochta eile do FBManna (e.g. Pointí Teagmhála Náisiúnta, Gníomhaireachtaí Nuálaíochta, Moil Nuálaíochta Digití, Lárionaid Inniúlachta, gorlanna), chun seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil faoin gClár, lena n-áirítear EIC.
Le sineirgí leis an gClár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), áireofar an méid seo a leanas:
go ndéanfar riachtanais T&N chun dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil, aeráide agus fuinnimh laistigh den Aontas a shainaithint agus a shuíomh trí phleanáil straitéiseach an Chláir;
leanfaidh clár LIFE de bheith ag gníomhú mar chatalaíoch chun reachtaíocht agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol, leis an aeráid agus le gnéithe áirithe fuinnimh a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí bhíthin glacadh torthaí taighde agus nuálaíochta ón gClár agus cuidiú iad a chur chun úsáide ar scála náisiúnta agus (idir)réigiúnach áit a bhféadfaidh siad aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhshaoil, aeráide agus aistrithe fuinnimh. Go háirithe, leanfaidh LIFE de shineirgí leis an gClár a dhreasú trí bhónas a dhámhachtain le linn na meastóireachta ar thograí ar gné díobh úsáid a bhaint as na torthaí ón gClár;
tacóidh tionscadail gníomhaíochtaí caighdeánacha LIFE le teicneolaíochtaí nó modheolaíochtaí oiriúnacha a fhorbairt, a thástáil nó a thaispeáint chun beartas comhshaoil agus aeráide an Aontais a chur chun feidhme, ar féidir iad a chur chun úsáide ar mhórscála ina dhiaidh sin, arna gcistiú ó fhoinsí eile, lena n-áirítear ón gClár. Is féidir le EIT an Chláir, chomh maith le EIC, tacaíocht a sholáthar chun tráchtálú a dhéanamh ar smaointe nua ceannródaíocha a d’fhéadfadh a bheith ina dtoradh ar chur chun feidhme thionscadail LIFE, agus chun na smaointe sin a mhéadú ó thaobh scála de.
Le sineirgí le Erasmus+, áireofar an méid seo leanas:
go mbainfear úsáid as acmhainní comhcheangailte ón gClár, lena n-áirítear ó EIT, agus ó Erasmus+ chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú atá tiomnaithe d’institiúidí ardoideachais Eorpacha a neartú, a nuachóiriú agus a athrú ó bhonn. I gcás inarb iomchuí, déanann an Clár comhlánú ar thacaíocht Erasmus+ do Thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, ina ghné thaighde, mar chuid d’fhorbairt straitéisí nua comhpháirteacha lánpháirtithe inbhuanaithe fadtéarmacha i leith oideachais, T&N atá bunaithe ar chineálacha trasdisciplíneacha trasearnálacha chun triantán an eolais a chruthú. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí EIT comhlánú a dhéanamh ar na straitéisí atá le cur chun feidhme ag Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha;
go gcothóidh an Clár agus Erasmus+ comhtháthú an oideachais agus an taighde trí chuidiú le hinstitiúidí ardoideachais straitéisí agus líonraí coiteanna oideachais T&N a cheapadh agus a chur ar bun, trí chórais oideachais, múinteoirí agus oiliúnóirí a chur ar an eolas faoi na torthaí agus cleachtais is déanaí maidir leis an taighde agus maidir le taithí ghníomhach taighde a chur ar fáil do gach mac léinn agus gach ball foirne ardoideachais, go háirithe taighdeoirí, agus chun tacú le gníomhaíochtaí eile lena ndéantar an t-ardoideachas agus T&N a chomhtháthú.
Le sineirgí le Clár Spáis an Aontais, áireofar an méid seo a leanas:
go ndéanfar riachtanais T&N Chlár Spáis an Aontais agus iadsan atá ag an earnáil réamhtheachtach agus iartheachtach spáis laistigh den Aontas a shainaithint agus a shuíomh mar chuid de phleanáil straitéiseach an Chláir; na gníomhaíochtaí taighde spáis arna gcur chun feidhme tríd an gClár, déantar iad a chur chun feidhme agus aird á tabhairt ar sholáthar agus incháilitheacht eintiteas dlítheanach i gcomhréir le Clár Spáis an Aontais, i gcás inarb iomchuí;
go n-úsáidfear na sonraí agus seirbhísí spáis a chuirtear ar fáil mar earraí poiblí faoi Chlár Spáis an Aontais chun réitigh cheannródaíocha a fhorbairt trí T&N, lena n-áirítear sa Chlár, go háirithe maidir le hinbhuanaitheacht bia agus acmhainní nádúrtha, faireachán ar an aeráid, an t-atmaisféar, an ithir, an timpeallacht mhuirí agus chósta, cathracha cliste, soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe, an tslándáil agus bainistiú tubaistí;
go rannchuideoidh Seirbhísí um Rochtain ar Shonraí agus ar Fhaisnéis Copernicus le NEEO agus go ndéanfaidh siad rochtain taighdeoirí, eolaithe agus nuálaithe ar shonraí Copernicus a éascú dá bharr; tá bonneagair thaighde, go háirithe líonraí breathnóireachta in situ, ina ngnéithe ríthábhachtacha den bhonneagar breathnóireachta in situ lena gcumasaítear seirbhísí Copernicus, agus baineann siad tairbhe ina dhiaidh sin as an bhfaisnéis arna giniúint ag seirbhísí Copernicus.
Le sineirgí leis an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), áireofar an méid seo a leanas:
go ndéanfar riachtanais T&N i réimse NDICI agus i réimse IPA III a shainaithint trí phleanáil straitéiseach an Chláir, i gcomhréir leis na SFInna;
go ndéanfar, le gníomhaíochtaí T&N an Chláir, agus le rannpháirtíocht tríú tíortha agus le gníomhaíochtaí spriocdhírithe comhair idirnáisiúnta, ailíniú agus comhleanúnachas a lorg le gníomhaíochtaí comhthreomhara i dtaca le dul i bhfód ar an margadh agus fothú acmhainneachta faoi NDICI agus IPA III, bunaithe ar shainiú comhpháirteach ar riachtanais agus ar réimsí idirghabhála.
Le sineirgí leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus leis an ionstraim um bainistiú teorainneacha mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, áireofar an méid seo a leanas:
go ndéanfar riachtanais T&N i réimse na slándála agus i réimse an bhainistithe chomhtháite teorainneacha a shainaithint agus a shuíomh trí phleanáil straitéiseach an Chláir;
go dtacóidh an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha le teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha úra a chur chun úsáide, go háirithe iad siúd a thagann as na cláir réime le haghaidh T&N i réimse an taighde slándála.
Le sineirgí le Clár InvestEU, áireofar an méid seo a leanas:
leis an gClár, go soláthrófar maoiniú measctha faoi Fís 2020 agus maoiniú measctha faoi EIC le haghaidh nuálaithe, arb é leibhéal ard riosca is saintréith dó agus nach gcuireann an margadh maoiniú inmharthana inbhuanaithe ábhartha ar fáil ina leith; san am céanna, leis an gClár, tugtar tacaíocht chun an chuid phríobháideach den mhaoiniú measctha a sholáthar agus a bhainistiú go héifeachtach trí chistí agus idirghabhálaithe a fhaigheann tacaíocht ó Chlár InvestEU agus ó rudaí eile;
go ndéanfar ionstraimí airgeadais do T&N agus do FBManna a ghrúpáil le chéile faoi Chlár InvestEU, go háirithe trí ghné téamach T&N tiomnaithe, agus trí tháirgí arna gcur chun úsáide faoin ngné i ndáil le FBManna, rud a chuideodh le cuspóirí an dá chlár a bhaint amach chomh maith le naisc chomhlántacha láidre a bhunú idir an dá chlár;
go dtabharfar tacaíocht iomchuí, faoin gClár, chun cabhrú le treo nua a thabhairt do thionscadail atá iontaofa ó thaobh brabúis de, ar cinn iad nach bhfuil oiriúnach do chistiú EIC, i dtreo Chlár InvestEU, i gcás inarb ábhartha.
Le sineirgí leis an gCiste Nuálaíochta faoin Scéim Trádála Astaíochtaí (“an Ciste Nuálaíochta”), áiritheofar an méid seo a leanas:
go ndéanfaidh an Ciste Nuálaíochta nuálaíocht a dhíriú go sonrach i dteicneolaíochtaí agus i bpróisis ísealcharbóin, lena n-áirítear gabháil agus úsáid charbóin atá sábháilte don chomhshaol agus a rannchuidíonn go suntasach le tionchair an athraithe aeráide a mhaolú, chomh maith le táirgí a úsáidtear in ionad cinn atá dian ó thaobh úsáid carbóin de, agus le cabhrú chun spreagadh a thabhairt le tionscadail a thógáil agus a oibriú arb é is aidhm dóibh CO2 a ghabháil agus a stóráil go geolaíoch ar dhóigh atá sábháilte don chomhshaol, agus spreagadh a thabhairt freisin do theicneolaíochtaí nuálacha a bhaineann le fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, agus chun táirgí “níos glaise” a chumasú agus a dhreasú;
go dtabharfaidh an Clár cistiú chun teicneolaíochtaí a fhorbairt agus a chur os comhair an phobail, lena n-áirítear réitigh cheannródaíocha, ar teicneolaíochtaí iad a bheidh in ann cuspóirí an Aontais maidir le haeráidneodracht, fuinneamh agus claochlú tionsclaíoch a bhaint amach, go háirithe trí ghníomhaíochtaí Cholún II agus Cholún III an Chláir;
go bhféadfaidh an Ciste Nuálaíochta, ar choinníoll go ndéanfar a chritéir roghnúcháin agus dhámhachtana a chomhlíonadh, tacú le céim taispeána tionscadal incháilithe a bhféadfadh tacaíocht a bheith faighte acu ón gClár, agus go mbunófar naisc chomhlántacha láidre idir an dá chlár.
Le sineirgí leis an Sásra um Aistriú Cóir, áireofar an méid seo leanas:
go sainaithneofar riachtanais T&N trí phleanáil straitéiseach an Chláir chun tacú le haistriú cóir cothrom i dtreo na haeráidneodrachta;
go ndéanfar glacadh agus cur chun úsáide réiteach nuálach atá neamhdhíobhálach don aeráid, go háirithe iad siúd a thagann as an gClár, a chur chun cinn.
Le sineirgí le Clár Taighde agus Oiliúna Euratom, áireofar an méid seo a leanas:
go bhforbróidh an Clár agus Clár Taighde agus Oiliúna Euratom gníomhaíochtaí cuimsitheacha lena dtacaítear le hoideachas agus oiliúint (lena n-áirítear MSCAnna) agus é mar aidhm leo scileanna ábhartha a choimeád ar an leibhéal reatha agus a fhorbairt san Eoraip;
go bhforbrófar leis an gClár agus le Clár Taighde agus Oiliúna Euratom gníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde a bheidh dírithe ar ghnéithe cothrománacha den úsáid shlán shábháilte a bhaintear as feidhmeanna neamhchumhachta na radaíochta ianúcháin in earnálacha amhail an leigheas, an tionscal, an talmhaíocht, an spás, an t-athrú aeráide, an tslándáil agus ullmhacht i gcás éigeandála agus rannchuidiú na heolaíochta núicléiche.
Le sineirgí féideartha leis an gCiste Eorpach Cosanta, rachfar chun tairbhe taighde sibhialta agus cosanta d’fhonn dúbláil gan ghá a sheachaint agus i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 7(1).
Cothófar sineirgí le Clár Eoraip na Cruthaitheachta trí riachtanais T&N i réimse na mbeartas cultúrtha agus cruthaitheach a shainaithint i bpleanáil straitéiseach an Chláir.
Le sineirgí leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, áiritheofar an méid seo a leanas:
go sainaithneofar, trí phleanáil straitéiseach an Chláir, riachtanais T&N chun tacú le geilleagair agus sochaí na mBallstát a bheith níos athléimní agus níos ullmhaithe don todhchaí;
go dtacófar le glacadh agus le cur chun úsáide réiteach nuálach, go háirithe iad siúd a thagann as an gClár.
IARSCRÍBHINN V
EOCHAIRTHÁSCAIRÍ NA gCONAIRÍ TIONCHAIR
Déanfaidh conairí tionchair, agus eochairtháscairí na gconairí tionchair gaolmhara, struchtúrú ar an bhfaireachán ar dhul chun cinn an Chláir i dtreo a chuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. Beidh na conairí tionchair spleách ar an am agus léireoidh siad trí chatagóir chomhlántacha tionchair, catagóirí a léiríonn an nádúr neamhlíneach atá ag infheistíocht T&N: eolaíoch, sochaíoch agus teicneolaíoch nó eacnamaíoch. I gcás gach ceann de na catagóirí tionchair sin, úsáidtear táscairí ionadacha chun rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn, lena ndéanfar idirdhealú idir an gearrthéarma, an meántéarma agus téarmaí níos faide, lena n-áirítear thar ré an Chláir, le deiseanna miondealaithe, lena n-áirítear de réir Ballstáit agus tír chomlachaithe. Déanfar na táscairí sin a chur le chéile ag baint úsáid as modheolaíochtaí cainníochtúla agus cáilíochtúla. Rannchuidíonn codanna aonair den Chlár leis na táscairí sin ar leibhéal éagsúil agus trí mheicníochtaí éagsúla. Is féidir táscairí breise a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar chodanna aonair den Chlár, i gcás inarb ábhartha.
Bailítear na micreashonraí ar a bhfuil eochairtháscairí na gconairí tionchair bunaithe le haghaidh gach coda den Chlár agus le haghaidh gach sásra seachadta ar dhóigh a bheidh bainistithe go lárnach agus comhchuibhithe agus ar an leibhéal iomchuí gráinneachta, a fhágfaidh go mbeidh an t-ualach tuairiscithe ar na tairbhithe chomh beag agus is féidir.
Sa bhreis air sin agus thar eochairtháscairí na gconairí tionchair, mar chuid de na sonraí cur chun feidhme agus bainistithe, dá dtagraítear in Airteagal 50, déantar na sonraí maidir le seachadadh an Chláir chun LET a neartú, lena ndéantar na rannpháirtíochtaí barrfheabhas-bhunaithe ó na Ballstáit go léir sa Chlár a chothú agus naisc chomhoibríocha a éascú maidir le T&N na hEorpa a bhailiú agus a thuairisciú gar le fíor-am. Áirítear leis sin faireachán ar naisc chomhoibríocha, ar anailís líonra, ar shonraí maidir le tograí, iarratais, rannpháirtíochtaí, tionscadail, iarratasóirí agus rannpháirtithe (lena n-áirítear sonraí ar chineál na heagraíochta, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta, FBManna agus an earnáil phríobháideach), tír (amhail aicmiú sonrach le haghaidh grúpaí tíortha amhail Ballstáit, tíortha comhlachaithe agus tríú tíortha), inscne, ról sa tionscadal, disciplín nó earnáil eolaíoch, lena n-áirítear SSH), agus faireachán ar leibhéal an phríomhshruthaithe aeráide agus méid an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid.
Táscairí na gconairí tionchair eolaíocha
Táthar ag súil leis go mbeidh tionchar eolaíoch ag an gClár trí eolas nua ardchaighdeáin a chruthú, caipiteal daonna in T&N a neartú, agus scaipeadh eolais agus na heolaíochta oscailte a chothú. Déantar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo an tionchair sin le táscairí ionadacha a shocrófar feadh na dtrí eochairchonair tionchair seo a leanas:
Tábla 1
I dtreo tionchar eolaíoch |
Gearrthéarmach |
Meántéarmach |
Fadtéarmach |
Eolas nua ardchaighdeáin a chruthú |
Foilseacháin - Líon na bhfoilseachán eolaíochta a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu a thagann as an gClár |
Luanna - Innéacs na Luanna Ualaithe de réir Réimse do na foilseacháin a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu a thagann as an gClár |
Eolaíocht den chéad scoth - Líon agus sciar na bhfoilseachán a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu as thagann as na tionscadail arna gcistiú ag an gClár a rannchuidíonn ar leibhéal bunúsach le réimsí eolaíochta |
Caipiteal daonna in T&N a neartú |
Scileanna - Líon na dtaighdeoirí atá páirteach i ngníomhaíochtaí uas-scilithe (oiliúint, meantóireacht/cóitseáil, soghluaisteacht agus rochtain ar bhonneagair T&N) i dtionscadail arna gcistiú ag an gClár |
Gairmeacha - Líon agus sciar na dtaighdeoirí uas-scilithe atá páirteach sa Chlár a imríonn níos mó tionchair aonair ina réimse T&N |
Dálaí oibre - Líon agus sciar na dtaighdeoirí uas-scilithe atá páirteach sa Chlár a bhfuil dálaí oibre feabhsaithe acu, lena n-áirítear tuarastail na dtaighdeoirí |
Scaipeadh eolais agus na heolaíochta oscailte a chothú |
Eolas comhroinnte - An sciar d’aschuir thaighde (sonraí oscailte/foilseacháin/bogearraí etc.) a thagann as an gClár arna gcomhroinnt faoi bhonneagair um eolas oscailte |
Scaipeadh eolais - An sciar d’aschuir thaighde faoi rochtain oscailte a thagann as an gClár arna n-úsáid go gníomhach/arna lua |
Comhoibriú nua - An sciar de thairbhithe an Chláir a d’fhorbair comhoibriú nua trasdiciplíneach/trasearnálach le húsáideoirí a n-aschuir thaighde faoi rochtain oscailte a thagann as an gClár |
Táscairí na gconairí tionchair shochaíoch
Táthar ag súil leis go mbeidh tionchar sochaíoch ag an gClár trí aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear SFInna na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir le prionsabail Chlár Oibre 2030 agus spriocanna Chomhaontú Pháras, trí T&N, tairbhí agus tionchar a sholáthar trí mhisin T&N agus trí na Comhpháirtíochtaí Eorpacha agus trí ghlacadh na nuálaíochta sa tsochaí a neartú, rud a rannchuideoidh, ar deireadh, le dea-bhail na ndaoine. Déantar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo an tionchair sin le táscairí ionadacha a shocrófar feadh na dtrí eochairchonair tionchair seo a leanas.
Tábla 2
I dtreo tionchar sochaíoch |
Gearrthéarmach |
Meántéarmach |
Fadtéarmach |
Aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar dhúshláin dhomhanda trí T&N |
Torthaí - Líon agus sciar na dtorthaí arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar dhúshláin dhomhanda (lena n-áirítear SFInna) (ilghnéitheach: maidir le gach tosaíocht a sainaithníodh) Áirítear orthu sin: Líon agus sciar na dtorthaí a bhaineann leis an aeráid arb é is aidhm dóibh gealltanas an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh |
Réitigh - Líon agus sciar na nuálaíochtaí agus an méid arna bhaint amach i gcás taighde lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí beartais an Aontais a sainaithníodh agus ar dhúshláin dhomhanda (lena n-áirítear SFInna) (ilghnéitheach: le haghaidh gach tosaíochta a sainaithníodh) Áirítear orthu sin: Líon agus sciar na nuálaíochtaí agus an méid arna bhaint amach i gcás taighde a bhaineann leis an aeráid lena ndéantar gealltanas an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh |
Tairbhí - Éifeachtaí measta comhiomlána a thiocfaidh as úsáid/saothrú torthaí arna gcistiú ag an gClár maidir le dul i ngleic le tosaíochtaí beartais an Aontais arna sainaithint agus dúshláin dhomhanda (lena n-áirítear SFInna), lena n-áirítear rannchuidiú leis an timthriall déanta beartas agus dlíthe (amhail noirm agus caighdeáin) (ilghnéitheach: maidir le gach tosaíocht a sainaithníodh) Áirítear orthu sin: Éifeachtaí measta comhiomlána a thiocfaidh as úsáid/saothrú torthaí arna gcistiú ag an gClár a bhaineann leis an aeráid, maidir le gealltanas an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, lena n-áirítear rannchuidiú leis an timthriall déanta beartas agus dlíthe (amhail noirm agus caighdeáin) |
Tairbhí agus tionchair a sholáthar trí mhisin T&N |
Torthaí mhisin T&N - Torthaí i misin shonracha T&N (ilghnéitheach: maidir le gach misean a sainaithníodh) |
An méid arna bhaint amach i gcás mhisin T&N - An méid arna bhaint amach i gcás mhisin shonracha T&N (ilghnéitheach: le haghaidh gach misin a sainaithníodh) |
Spriocanna a baineadh amach i misin T&N - Spriocanna a baineadh amach i misin shonracha T&N (ilghnéitheach: le haghaidh gach misin a sainaithníodh) |
Glacadh T&N sa tsochaí a neartú |
Comhchruthú - Líon agus sciar na dtionscadal arna gcistiú ag an gClár ina rannchuidíonn saoránaigh den Aontas agus úsáideoirí deiridh le hábhar T&N a chomhchruthú |
Rannpháirteachas - Líon agus sciar na n-eintiteas dlítheanach rannpháirteach a bhfuil sásraí rannpháirteachas maidir le saoránaigh agus úsáideoirí deiridh acu tar éis tionscadail arna gcistiú ag na Cláir teacht chun deiridh |
Glacadh T&N sa tsochaí Glacadh agus for-rochtain na dtorthaí eolaíochtaí agus réiteach nuálach arna gcomhchruthú a ghintear faoin gClár |
Táscairí na gconairí tionchair theicneolaíoch agus eacnamaíoch
Táthar ag súil leis go mbeidh tionchar teicneolaíoch agus eacnamaíoch ag an gClár go háirithe laistigh den Aontas trí thionchar a imirt ar chruthú agus fás cuideachtaí, go háirithe FBManna lena n-airítear gnólachtaí nuathionscanta, rud a chruthófar fostaíocht dhíreach agus indíreach go háirithe laistigh den Aontas, agus trí ghiaráil ar infheistíochtaí do T&N. Déantar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo an tionchair sin le táscairí ionadacha a shocrófar feadh na dtrí eochairchonair tionchair seo a leanas.
Tábla 3
I dtreo tionchar teicneolaíoch / eacnamaíoch |
Gearrthéarmach |
Meántéarmach |
Fadtéarmach |
Fás atá bunaithe ar nuálaíocht a ghiniúint |
Torthaí nuálacha – Líon na dtáirgí nuálacha, na bpróiseas nuálach nó na modhanna nuálacha a thagann as an gClár (de réir cineál nuálaíochta) & feidhmeanna ó thaobh Cearta Maoine Intleachtúla (CMInna) |
Nuálaíochtaí – Líon na nuálaíochtaí a thagann as na tionscadail arna gcistiú ag an gClár (de réir cineál nuálaíochta) lena n-áirítear cinn ó CMInna a dámhadh |
Fás eacnamaíoch – Cruthú, fás agus sciartha margaidh cuideachtaí a ndearnadh nuálaíochtaí a fhorbairt sa Chlár |
Tuilleadh post agus poist níos fearr a chruthú |
Fostaíocht ar tacaíodh léi – Líon na bpost de choibhéis lánaimseartha (FTE) arna chruthú, agus líon na bpost arna choimeád in eintitis dhlítheanacha rannpháirteacha don tionscadal arna chistiú ag an gClár (de réir cineál poist) |
Fostaíocht arna coinneáil ar bun – An méadú ar phoist FTE in eintitis dhlítheanacha rannpháirteacha tar éis an tionscadail arna chistiú ag an gClár (de réir cineál poist) |
Fostaíocht iomlán – Líon na bpost díreach agus indíreach arna chruthú nó arna choinneáil ar bun de thoradh ar thorthaí ón gClár a scaipeadh (de réir cineál poist) |
Giaráil ar infheistíochtaí in T&N |
Comhinfheistíocht – Méid na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí arna shlógadh a bhuí leis an infheistíocht tosaigh ón gClár |
Uas-scálú – Méid na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí arna shlógadh chun torthaí ón gClár a shaothrú nó a uas-scálú (lena n-áirítear infheistíocht dhíreach choigríche) |
Rannchuidiú le “sprioc 3 %” – Dul chun cinn an Aontais i dtreo na sprice 3 % de OTI de bharr an Chláir |
IARSCRÍBHINN VI
RÉIMSÍ LE hAGHAIDH MISIN FHÉIDEARTHA AGUS RÉIMSÍ LE hAGHAIDH COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ EORPACHA INSTITIÚIDITHE FÉIDEARTHA ATÁ LE BUNÚ FAOI AIRTEAGAL 185 NÓ 187 CFAE
I gcomhréir le hAirteagail 8 agus 12 den Rialachán seo, leagtar amach san Iarscríbhinn seo na réimsí le haghaidh misin fhéideartha agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha féideartha atá le bunú faoi Airteagal 185 nó 187 CFAE.
Réimsí le haghaidh misin fhéideartha
Leanann gach misean na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 8(4) den Rialachán seo.
Réimsí le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe féideartha ar bhonn Airteagal 185 nó 187 CFAE
D’fhéadfadh togra reachtach i gcomhréir le ceart tionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh a bheith mar thoradh ar an bpróiseas chun an gá le Comhpháirtíocht Eorpach Institiúidithe a mheas i gceann amháin de na Réimsí Comhpháirtíochta thuasluaite. Seachas sin, is féidir leis an Réimse Comhpháirtíochta ábhartha a bheith faoi réir Comhpháirtíochta Eorpacha de bhun phointe (a) d’Airteagal 10(1) nó phointe (b) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo nó is féidir é a chur chun feidhme trí ghlaonna eile ar thograí laistigh den Chlár seo.
Toisc go bhfuil réimsí leathana de réir téama cumhdaithe sna réimsí féideartha le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe, is féidir, bunaithe ar na riachtanais measúnaithe, le níos mó ná Comhpháirtíocht Eorpach amháin iad a chur chun feidhme.
( 1 ) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiúin an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
( 2 ) Is féidir taighde a bhaineann leis an gcóireáil i gcás ailse na ngónad a mhaoiniú.
( 3 ) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE. (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
( 4 ) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
( 5 ) Déanfar an nós imeachta a mhíniú i ndoiciméad a fhoilseofar roimh thús an phróisis meastóireachta.
( 6 ) Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 a bhaineann le Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007-2013) (IO L 412, 30.12.2006, lch. 1.)
▼C1 ( 7 ) Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (OJ L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj.
( 8 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
( 9 ) Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).