02023D2749 — GA — 18.12.2023 — 000.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2749 ÓN gCOIMISIÚN an 11 Nollaig 2023 lena mbunaítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, le haghaidh thionscail na seamlas, na seachtháirgí ainmhithe agus/nó na gcomhtháirgí inite (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 8434) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 2749 18.12.2023, lch. 1) |
Arna cheartú le:
|
Ceartúchán, IO L 90008, 12.1.2024, lch. 1 ((AE) 2023/2749 ón gCoimisiúnEorpaigh L, 2023/2749) |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2749 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Nollaig 2023
lena mbunaítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, le haghaidh thionscail na seamlas, na seachtháirgí ainmhithe agus/nó na gcomhtháirgí inite
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 8434)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Glactar na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh thionscail na seamlas, na seachtháirgí ainmhithe agus/nó na gcomhtháirgí inite, a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
IARSCRÍBHINN
CONCLÚIDÍ MAIDIR LEIS NA TEICNÍCÍ IS FEARR ATÁ AR FÁIL (BAT) LE hAGHAIDH THIONSCAIL NA SEAMLAS, NA SEACHTHÁIRGÍ AINMHITHE AGUS/NÓ NA gCOMHTHÁIRGÍ INITE
RAON FEIDHME
Baineann na conclúidí BAT seo leis na gníomhaíochtaí seo a leanas a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE:
(a) Oibriú seamlas ag a bhfuil acmhainneacht táirgeachta conablach is mó ná 50 tona in aghaidh an lae.
Conablaigh ainmhithe nó dramhaíl ainmhithe a dhiúscairt nó a athchúrsáil ar mó a n-acmhainneacht táirgeachta ná 10 dtona in aghaidh an lae.
Cóireáil fuíolluisce a oibrítear go neamhspleách nach gcumhdaítear le Treoir 91/271/CEE ( 1 ), ar choinníoll go n-eascraíonn an príomh-ualach truailleán as na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT seo.
Leis na conclúidí BAT seo cumhdaítear na nithe seo a leanas freisin:
Leis na conclúidí BAT seo, ní chumhdaítear na nithe seo a leanas:
Áirítear an méid seo a leanas sna conclúidí BAT eile agus sna doiciméid tagartha BAT eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT:
Tá feidhm ag na conclúidí BAT seo gan dochar do reachtaíocht ábhartha eile, e.g. maidir le sláinteachas, sábháilteacht bia/beatha, leas ainmhithe, bithshlándáil, éifeachtúlacht fuinnimh (bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh).
SAINMHÍNITHE
Chun críocha na gconclúidí BAT seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
Téarmaí ginearálta |
|
|
Téarma |
Sainmhíniú |
|
Seachtháirgí ainmhithe |
Mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (an Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (1). |
|
Astaíochtaí clasaithe |
Astaíochtaí truailleán isteach san aer trí aon chineál duchta, píopa, simléir, etc. Áirítear leis sin astaíochtaí ó bhithscagairí oscailte. |
|
Sceitheadh díreach |
Sceitheadh i ndobharlach glactha dramhaíola gan tuilleadh cóireála iartheachtaí fuíolluisce. |
|
Comhtháirgí inite |
Táirgí de ghrád bia lena gcaitheamh ag an duine. |
|
Gléasra atá ann cheana |
Gléasra nach gléasra nua é. |
|
Gníomhaíochtaí FDM |
Gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT maidir na Tionscail Bhia, Dí agus Bhainne (FDM). |
|
Táirgí FDM |
Táirgí atá bainteach le gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT maidir na Tionscail Bhia, Dí agus Bhainne (FDM). |
|
Substaint ghuaiseach |
Substaint ghuaiseach mar a shainmhínítear i bpointe 18 d’Airteagal 3 de Threoir 2010/75/AE. |
|
Sceitheadh indíreach |
Sceitheadh nach sceitheadh díreach é. |
|
Gléasra nua |
Gléasra a cheadaítear ar dtús ag láthair na suiteála tar éis fhoilsiú na gconclúidí BAT seo nó gléasra a athsholáthar ina iomláine tar éis fhoilsiú na gconclúidí BAT seo. |
|
Limistéar íogair |
Limistéir nach mór cosaint speisialta a thabhairt dóibh, amhail: — limistéir chónaithe; — limistéir ina ndéantar gníomhaíochtaí daonna (e.g. limistéir in aice le háiteanna oibre, scoileanna, ionaid cúraim lae, limistéir áineasa, ospidéil nó tithe altranais). |
|
Substaintí ar ábhar mór imní iad |
Substaintí a chomhlíonann na critéir a luaitear in Airteagal 57 agus a áirítear sa Liosta Substaintí Inbhreithnithe le haghaidh Údarú ar Ábhar Mór Imní Iad, de réir Rialachán REACH ((CE) Uimh. 1907/2006 (2)). |
|
(1)
IO L 300, 14.11.2009, lch.1
(2)
Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1). |
|
|
Truailleáin agus paraiméadair |
|
|
Téarma |
Sainmhíniú |
|
AOX |
Áirítear le halaigní asúite arna gceangal go horgánach, a shloinntear mar Cl, clóirín, bróimín agus iaidín asúite atá ceangailte go horgánach. |
|
As, Cd, Co, Cr, Cu, Mn, Ni, Pb, Sb, Tl, V |
Arsanaic, caidmiam, cóbalt, cróimiam, copar, mangainéis, nicil, luaidhe, antamón, tailliam agus vanaidiam. |
|
Éileamh bithcheimiceach ar ocsaigin (BODn) |
An méid ocsaigine atá ag teastáil chun ocsaídiú bithcheimiceach an ábhair orgánaigh go dé-ocsaíd charbóin in n lá (is gnách 5 nó 7 a bheith inn). Is táscaire é BOD ar mhais-tiúchan comhdhúl orgánach in-bhithdhíghrádaithe. |
|
Éileamh ceimiceach ar ocsaigin (COD) |
An méid ocsaigine is gá le haghaidh ocsaídiú ceimiceach iomlán an ábhair orgánaigh go dé-ocsaíd charbóin trí úsáid a bhaint as déchrómáit. Is táscaire é COD ar mhais-tiúchan comhdhúl orgánach. |
|
CO |
Aonocsaíd charbóin. |
|
Copar (Cu) |
Áirítear le copar, a shloinntear mar Cu, gach comhdhúil copair neamhorgánach agus orgánach, tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní. |
|
Deannach |
Ábhar cáithníneach iomlán (san aer). |
|
HCl |
Gach comhdhúil clóirín ghásach neamhorgánach, a shloinntear mar HCl. |
|
HF |
Gach comhdhúil fluairíde ghásach neamhorgánach, a shloinntear mar HF. |
|
Hg |
Suim an mhearcair agus a chomhdhúile, a shloinntear mar Hg. |
|
H2S |
Suilfíd hidrigine. |
|
Tiúchan bolaidh |
Líon na nAonad Eorpach maidir le Boladh (ouE) i méadar ciúbach gáis ag dálaí caighdeánacha maidir le boltanaimhéadracht de réir EN 13725. |
|
NOX |
Suim na haonocsaíde nítrigine (NO) agus na dé-ocsaíde nítrigine (NO2), a shloinntear mar NO2. |
|
PCDD/F |
Débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe. |
|
SOX |
Suim na dé-ocsaíde sulfair (SO2) agus na trí-ocsaíde sulfair (SO3), agus na n-aigéad sulfarach i bhfoirm aerasól, a shloinntear mar SO2. |
|
Iomlán na nítrigine (Iomlán N) |
Áirítear le hiomlán na nítrigine, a shloinntear mar N, amóinia shaor agus nítrigin amóiniam (NH4-N), nítrigin níotráite (NO2-N), nítrigin níotráite (NO3-N) agus nítrigin atá ceangailte go horgánach. |
|
Iomlán an charbóin orgánaigh (TOC) |
Iomlán an charbóin orgánaigh (in uisce), a shloinntear mar C, lena n-áirítear gach comhdhúil orgánach. |
|
Fosfar iomlán (P iomlán) |
Áirítear le fosfar iomlán, a shloinntear mar P, gach comhdhúil fosfair neamhorgánach agus orgánach, atá tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní. |
|
Iomlán na solad ar fuaidreamh (TSS) |
Mais-tiúchan na solad uile ar fuaidreamh (in uisce), a thomhaistear trí bhíthin scagacháin le scagairí snáithíní gloine agus leis an modh meá-mhéadrach. |
|
Comhdhúile so-ghalaithe orgánacha iomlána (TVOC) |
Comhdhúile so-ghalaithe orgánacha iomlána (san aer), a shloinntear mar C. |
|
Sinc (Zn) |
Áirítear le sinc, a shloinntear mar Zn, gach comhdhúil since neamhorgánach agus orgánach, atá tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní. |
ACRAINMNEACHA
Chun críocha na gconclúidí BAT seo, tá feidhm ag na acrainmneacha seo a leanas:
|
Acrainm |
Sainmhíniú |
|
CIP |
Glanadh san ionad |
|
CMS |
Córas bainistithe ceimiceán |
|
EMS |
Córas bainistithe comhshaoil |
|
FDM |
Bia, deoch agus bainne |
|
IED |
An Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (2010/75/AE) |
|
OTNOC |
Seachas gnáthdhálaí oibriúcháin |
|
SA |
TIONSCAIL NA SEAMLAS, NA SEACHTHÁIRGÍ AINMHITHE AGUS/NÓ NA gCOMHTHÁIRGÍ INITE |
BREITHNITHE GINEARÁLTA
Na Teicnící is Fearr atá ar Fáil
Ní teicnící saintreoracha ná uileghabhálacha iad na teicnící a liostaítear agus a thuairiscítear sna conclúidí BAT seo. Féadfar teicnící eile a úsáid lena n-áirithítear leibhéal coibhéiseach cosanta comhshaoil ar a laghad.
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, tá na conclúidí BAT infheidhme go ginearálta.
Leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí isteach san uisce
Leis na leibhéil astaíochta a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí isteach san uisce a thugtar sna conclúidí BAT seo, tagraítear do thiúchan (mais na substaintí astaithe de réir thoirt an uisce), a shloinntear ina mg/l.
Le tréimhsí meánaithe a bhaineann leis na BAT-AELanna, tagraítear do cheachtar den dá chás seo a leanas:
Féadfar samplaí comhiomlána am-chomhréireacha a úsáid ar choinníoll go léirítear cobhsaíocht leordhóthanach sreibhe. De rogha air sin, féadfar spotsamplaí a thógáil, ar choinníoll go bhfuil an t-eisilteach measctha agus aonchineálach go hiomchuí.
I gcás an éilimh iomláin ar charbón orgánach (TOC), an éilimh ar nítrigin iomlán (TN) agus an éilimh ceimiceach ar ocsaigin (COD), tá ríomh na meánéifeachtúlachta laghdaithe dá dtagraítear sna conclúidí BAT seo (féach Tábla 1.1) bunaithe ar ualach insiltigh agus eisiltigh an ghléasra cóireála fuíolluisce.
Bíonn feidhm ag na BAT-AELanna ag an bpointe a bhfágann an astaíocht an tsuiteáil.
Leibhéil astaíochta a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AELanna) agus leibhéal táscach astaíochtaí le haghaidh astaíochtaí clasaithe
Maidir leis na BAT-AELanna agus an leibhéal astaíochta táscach le haghaidh astaíochtaí clasaithe a thugtar sna conclúidí BAT seo, tagraíonn siad do thiúchain (mais na substaintí astaithe de réir thoirt an dramhgháis) faoi na dálaí caighdeánacha seo a leanas:gás tirim ar theocht 273.15 K (nó gás fliuch ar theocht 293 K i gcás tiúchan bolaidh) agus ar bhrú 101.3 kPa, gan ceartúchán ar leibhéal tagartha ocsaigine, a shloinntear san aonad mg/Nm) agus ar bhrú 101.3 kPa, agus a shloinntear sna haonaid mg/Nm3 nó ouE/m3.
Maidir le tréimhsí meánaithe BAT-AELanna agus an leibhéal táscach astaíochtaí le haghaidh astaíochtaí clasaithe, tá feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas.
|
Cineál tomhais |
Tréimhse mheánaithe |
Sainmhíniú |
|
Tréimhsiúil |
Meán thar an tréimhse samplála |
An meánluach ar thrí shampláil/thomhas as a chéile de 30 nóiméad an ceann ar a laghad (1). |
|
(1)
I gcás aon pharaiméadair a bhfuil sé míchuí sampláil/tomhas 30 nóiméad a dhéanamh de dheasca srianta samplála nó anailíseacha, féadfar nós imeachta samplála/tomhais níos ionadaíche a úsáid (e.g. le haghaidh an tiúchain bolaidh). |
||
Nuair a dhéantar dramhgháis ó dhá fhoinse nó níos mó (e.g. triomadóirí) a sceitheadh trí shimléar coiteann, bíonn feidhm ag an BAT-AEL agus ag an leibhéal táscach astaíochta maidir leis an sceitheadh comhcheangailte ón simléar.
Leibhéil tháscacha astaíochta le haghaidh caillteanais cuisneán
Tagraíonn na leibhéil tháscacha astaíochta le haghaidh caillteanais cuisneán do mheán rollach caillteanas bliantúil thar 3 bliana. Sloinntear caillteanais bhliantúla mar chéatadán (%) de mhéid iomlán an chuisneáin atá sa chóras/sna córais fuaraithe. Is ionann na caillteanais i gcás cuisneán sonrach in 1 bhliain amháin agus méid an chuisneáin sin a úsáidtear chun an córas/na córais fuaraithe a athlíonadh.
Leibhéil eile feidhmíochta comhshaoil a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEPLanna)
BAT-AEPLanna le haghaidh sceitheadh fuíolluisce sonrach
Leis na leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le sceitheadh fuíolluisce sonrach, tagraítear do mheánmhéideanna bliantúla agus déantar iad a ríomh leis an gcothromóid seo a leanas:
i gcás inarb é:
|
sceitheadh fuíolluisce |
: |
méid iomlán an fhuíolluisce a sceitheadh (sceitheadh díreach, sceitheadh indíreach agus/nó leathadh ar an talamh) leis na próisis shonracha lena mbaineann, a shloinntear in m3in aghaidh na bliana, gan aon uisce fuaraithe agus aon uisce a ritheann chun srutha a sceitear ar leithligh a áireamh; |
|
ráta gníomhaíochta |
: |
méid iomlán na dtáirgí nó na n-amhábhar a phróiseáiltear, a shloinntear sna foirmeacha seo a leanas:
—
tonaí conablach in aghaidh na bliana nó ainmhithe in aghaidh na bliana i gcás seamlas;
—
tonaí amhábhar in aghaidh na bliana maidir le suiteálacha próiseála seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite.
|
Braitheann meáchan an chonablaigh ar an speiceas ainmhí atá á bhreithniú:
BAT-AEPLanna le haghaidh glanídiú fuinnimh sonrach
Leis na leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le glanídiú fuinnimh sonrach, tagraítear do mheánmhéideanna bliantúla agus déantar iad a ríomh leis an gcothromóid seo a leanas:
i gcás inarb é:
|
glanídiú fuinnimh deiridh |
: |
méid iomlán an fhuinnimh arna ídiú (gan an fuinneamh aisghafa a áireamh) ag an tsuiteáil (i bhfoirm teasa agus leictreachais), a shloinntear in kWh in aghaidh na bliana; |
|
ráta gníomhaíochta |
: |
méid iomlán na dtáirgí nó na n-amhábhar a phróiseáiltear, a shloinntear sna foirmeacha seo a leanas:
—
tonaí conablach in aghaidh na bliana nó ainmhithe in aghaidh na bliana i gcás seamlas;
—
tonaí amhábhar in aghaidh na bliana maidir le suiteálacha próiseála seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite.
|
Braitheann meáchan an chonablaigh ar an speiceas ainmhí atá á bhreithniú (féach Breithniú ginearálta ar BAT-AEPLanna le haghaidh sceitheadh fuíolluisce sonrach).
Mura sonraítear a mhalairt, féadfar an fuinneamh arna thomhailt ag gníomhaíochtaí FDM a áireamh sa ríomh ar ídiú fuinnimh seamlas.
1.1. Conclúidí ginearálta BAT
1.1.1. Feidhmíocht ghinearálta chomhshaoil
BAT 1. Chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht fhoriomlán chomhshaoil, is éard is BAT ann córas bainistithe comhshaoil (EMS) a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina n-ionchorpraítear gach ceann de na gnéithe seo a leanas:
tiomantas, ceannaireacht, agus cuntasacht na bainistíochta, lena n-áirítear an bhainistíocht shinsearach, chun EMS éifeachtach a chur chun feidhme;
anailís ina gcinntear comhthéacs na heagraíochta, sainaithnítear riachtanais agus ionchais na bpáirtithe leasmhara, sainaithnítear saintréithe an ghléasra a bhaineann le rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol agus do shláinte an duine agus sainaithnítear na ceanglais dlí is infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol;
beartas comhshaoil a fhorbairt a bhfuil feabhas leanúnach ar fheidhmíocht chomhshaoil na suiteála ina chuid de;
cuspóirí agus táscairí feidhmíochta a leagan síos i ndáil le mórghnéithe comhshaoil, lena n-áirítear comhlíonadh na gceanglas dlí is infheidhme a chosaint;
na nósanna imeachta agus na gníomhaíochtaí is gá a phleanáil agus a chur chun feidhme (lena n-áirítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus coisctheacha i gcás inar gá), chun na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach agus chun rioscaí comhshaoil a sheachaint;
struchtúir, róil agus freagrachtaí a chinneadh i ndáil le gnéithe agus cuspóirí comhshaoil agus na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá a sholáthar;
an inniúlacht agus an fheasacht is gá a áirithiú i measc na mball foirne a bhféadfadh a gcuid oibre difear a dhéanamh d’fheidhmíocht chomhshaoil an ghléasra (e.g. trí fhaisnéis agus oiliúint a sholáthar);
cumarsáid inmheánach agus sheachtrach;
rannpháirtíocht fostaithe i ndea-chleachtais bainistíochta comhshaoil a chothú;
lámhleabhar bainistíochta agus nósanna imeachta i scríbhinn a bhunú agus a choinneáil ar bun chun gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol a rialú chomh maith le taifid ábhartha a bhunú agus a choinneáil ar bun;
pleanáil oibríochtúil éifeachtach agus rialú éifeachtach próiseas;
cláir chothabhála iomchuí a chur chun feidhme;
prótacail maidir le hullmhacht agus freagairt éigeandála, lena n-áirítear na drochthionchair (ar an gcomhshaol) a bhíonn ag staideanna éigeandála a chosc agus/nó a mhaolú;
agus suiteáil (nua) nó cuid di á dearadh nó á athdhearadh, machnamh ar na tionchair chomhshaoil a bheidh aici ar feadh a saolré, lena n-áirítear tógáil, cothabháil, oibriú agus díchoimisiúnú;
clár faireacháin agus tomhais a chur chun feidhme; más gá, is féidir faisnéis a fháil sa Tuarascáil Tagartha ar Fhaireachán ar Astaíochtaí isteach san Aer agus isteach san Uisce ó Shuiteálacha IED;
tagarmharcáil earnála a chur i bhfeidhm go tráthrialta;
iniúchadh inmheánach neamhspleách tréimhsiúil (a mhéid is indéanta) agus iniúchadh seachtrach neamhspleách tréimhsiúil chun measúnú a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil agus chun a chinneadh cé acu a chloíonn nó nach gcloíonn an EMS le socruithe pleanáilte agus cé acu a cuireadh nó nár cuireadh chun feidhme i gceart é agus cé acu a coinníodh nó nár coinníodh ar bun i gceart é;
meastóireacht ar na cúiseanna le neamh-chomhréireachtaí, gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur chun feidhme mar fhreagairt ar neamh-chomhréireachtaí, athbhreithniú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha, agus cinneadh i dtaobh an ann do neamh-chomhréireachtaí comhchosúla nó an bhféadfadh siad tarlú;
athbhreithniú tréimhsiúil, a dhéanann an bhainistíocht shinsearach, ar an EMS agus ar a mhéid a leanfaidh sé de bheith oiriúnach, leordhóthanach agus éifeachtach;
an fhorbairt ar theicnící níos glaine a leanúint agus a chur san áireamh.
Is é an BAT na gnéithe seo a leanas a ionchorprú san EMS freisin, go sonrach i gcás seamlas chomh maith le seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite a phróiseáil:
plean bainistithe bolaidh (féach BAT 18);
fardal ionchur agus aschur (féach BAT 2);
córas bainistithe ceimiceán (féach BAT 3);
plean éifeachtúlachta fuinnimh (féach BAT 9 (a));
plean bainistithe uisce (féach BAT 10 (a));
plean bainistithe torainn (féach BAT 16);
plean bainistithe OTNOC (féach BAT 4).
plean bainistithe cuisnithe le haghaidh seamlas (féach BAT 21 (a) agus BAT 23 (a).
Nóta
Le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009, bunaítear scéim an Aontais Eorpaigh um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), ar sampla é de EMS atá comhsheasmhach leis an BAT sin.
Infheidhmeacht
Is iondúil go mbainfidh leibhéal mionsonraithe agus leibhéal foirmlithe an EMS le cineál, scála agus castacht na suiteála, agus le raon na dtionchar comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith aige.
BAT 2. Chun an fheidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán a fheabhsú, is é an BAT fardal ionchur agus aschur a bhunú, a choinneáil ar bun agus a athbhreithniú go tráthrialta (lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcás ina dtarlaíonn athrú mór), mar chuid den chóras bainistithe comhshaoil (féach BAT 1), ina n-ionchorpraítear gach ceann de na gnéithe seo a leanas:
Faisnéis faoi na próisis táirgthe, lena n-áirítear:
sreabhchairteacha simplithe próiseas lena léirítear tionscnamh na n-astaíochtaí;
tuairiscí ar theicnící próiseas-chomhtháite agus ar theicnící cóireála fuíolluisce/dramhgháis chun astaíochtaí a chosc nó a laghdú, lena n-áirítear feidhmíocht na dteicnící sin (e.g. éifeachtúlacht laghdaithe).
Faisnéis faoi ídiú agus úsáid fuinnimh.
Faisnéis faoi ídiú agus úsáid uisce (e.g. léaráidí sreafa agus cothromaíochtaí maise uisce).
Faisnéis faoi chainníocht agus saintréithe na sruthanna fuíolluisce, amhail:
meánluachanna agus inathraitheacht sreafa, pH agus teochta;
meánluachanna tiúchana agus sreafa maise substaintí/paraiméadar ábhartha (e.g. COD/TOC, speicis nítrigine, fosfar) agus a n-inathraitheacht.
Faisnéis faoi shaintréithe na sruthanna dramhghás, amhail:
pointe (pointí) astaíochta;
meánluachanna agus inathraitheacht sreafa agus teochta;
meánluachanna tiúchana agus sreabha maise substaintí/paraiméadar ábhartha (e.g. deannach, TVOC, NOX, SOX) agus a n-inathraitheacht;
substaintí eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chóras cóireála dramhghás (e.g. ocsaigin, galuisce, deannach) nó do shábháilteacht an ghléasra, más ann dóibh).
Faisnéis faoi chainníocht agus saintréithe na gceimiceán a úsáidtear:
céannacht agus saintréithe na gceimiceán a úsáidtear, lena n-áirítear airíonna a bhfuil éifeachtaí díobhálacha acu ar an gcomhshaol agus/nó ar shláinte an duine;
cainníochtaí na gceimiceán a úsáidtear agus an áit a n-úsáidtear iad.
Infheidhmeacht
Is iondúil go mbainfidh leibhéal mionsonraithe agus leibhéal foirmlithe an fhardail le cineál, scála agus castacht na suiteála, agus le raon na dtionchar comhshaoil a d’fhéadfaí a bheith aige.
BAT 3. Chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht fhoriomlán chomhshaoil, is é an BAT córas bainistithe ceimiceán (CMS) a fhorbairt agus a chur chun feidhme mar chuid den EMS (féach BAT 1), ar CMS é ina n-ionchorpraítear gach ceann de na gnéithe seo a leanas:
Beartas chun an t-ídiú agus na rioscaí a ghabhann le ceimiceáin a laghdú, lena n-áirítear beartas soláthair chun ceimiceáin nach bhfuil chomh díobhálach sin a roghnú agus soláthróirí díobh a roghnú, beartas arb é is aidhm dó úsáid substaintí guaiseacha agus substaintí ar údar mór imní iad agus na rioscaí a bhaineann leo a íoslaghdú agus soláthar an iomarca ceimiceán a sheachaint. Roghnaítear ceimiceáin bunaithe ar an méid a leanas:
an anailís chomparáideach ar a mbith-indíbearthacht/a n-in-bhithmhillteacht, a n-éiceatocsaineacht agus an bhféidearthacht go scaoilfear sa chomhshaol iad, chun astaíochtaí sa chomhshaol a laghdú;
saintréithriú na rioscaí a bhaineann leis na ceimiceáin, bunaithe ar aicmiú ghuaiseacht na gceimiceán, a gconairí tríd an ngléasra, a bhféidearthacht scaoilte agus a leibhéal nochta;
an anailís thráthrialta (e.g. bliantúil) ar an bhféidearthacht ionadaithe atá ann chun roghanna eile ar úsáid substaintí guaiseacha agus substaintí ar údar mór imní iad a shainaithint, ar roghanna eile iad a bhfuil an fhéidearthacht iontu go bhfuil siad nua, ar fáil agus níos sábháilte (e.g. ceimiceáin eile a úsáid nach bhfuil aon tionchar acu nó a bhfuil tionchar níos ísle acu ar an gcomhshaol agus/nó ar shláinte an duine, féach BAT 11 (a));
an faireachán réamh-mheasta ar athruithe rialála a bhaineann le substaintí guaiseacha agus substaintí ar údar mór imní iad agus le comhlíonadh na gceanglas dlí is infheidhme a chosaint.
An fhaisnéis is gá chun ceimiceáin a roghnú, féadfar fardal na gceimiceán (féach BAT 2) a úsáid chun an fhaisnéis sin a sholáthar agus a choinneáil.
Spriocanna agus pleananna gníomhaíochta chun úsáid substaintí guaiseacha agus substaintí ar údar mór imní iad agus na rioscaí a bhaineann leo a laghdú.
Nósanna imeachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le ceimiceáin a sholáthar, a láimhseáil, a stóráil agus a úsáid chun astaíochtaí sa chomhshaol a chosc nó a laghdú.
Infheidhmeacht
Is iondúil go mbainfidh leibhéal mionsonraithe agus leibhéal foirmlithe an CMS le cineál, scála agus castacht na suiteála.
BAT 4. Chun minicíocht agus tarluithe OTNOC a laghdú agus chun astaíochtaí le linn OTNOC a laghdú, is é an BAT plean bainistithe OTNOC rioscabhunaithe a bhunú agus a chur chun feidhme mar chuid de EMS (féach BAT 1), ar plean é lena n-áirítear gach ceann de na heilimintí seo a leanas:
OTNOC féideartha (e.g. cliseadh trealaimh atá criticiúil maidir le cosaint an chomhshaoil (‘trealamh criticiúil’)), na bunchúiseanna atá leo agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith leo a shainaithint;
dearadh iomchuí trealaimh chriticiúil (e.g. gléasra cóireála fuíolluisce);
plean iniúchta agus clár cothabhála coiscthí le haghaidh trealamh criticiúil a bhunú agus a chur chun feidhme (féach BAT 1 xii);
faireachán (i.e. meastachán nó, i gcás inar féidir, tomhas) agus taifead a dhéanamh ar astaíochtaí le linn OTNOC agus ar imthosca gaolmhara;
measúnú tréimhsiúil a dhéanamh ar na hastaíochtaí a tharlaíonn le linn OTNOC (e.g. minicíocht na n-imeachtaí, fad, méid na dtruailleán a astaítear) agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur chun feidhme más gá;
athbhreithniú agus nuashonrú tráthrialta a dhéanamh ar an liosta OTNOC faoi phointe i. tar éis an mheasúnaithe thréimhsiúil de réir phointe v.;
tástáil thráthrialta a dhéanamh ar na córais chúltaca.
Infheidhmeacht
Is iondúil go mbainfidh leibhéal mionsonraithe agus leibhéal foirmlithe an chórais bainistithe OTNOC le cineál, scála agus castacht an ghléasra, agus le raon na dtionchar comhshaoil a d’fhéadfaí a bheith aige.
1.1.2. Faireachán
BAT 5. Maidir le sruthanna fuíolluisce arna sainaithint ag an bhfardal ionchur agus aschur (féach BAT 2), is é an BAT faireachán a dhéanamh ar phríomhpharaiméadair próiseas (e.g. faireachán leanúnach ar shreabhadh fuíolluisce, pH agus teocht) ag suíomhanna tábhachtacha (e.g. ag ionraon agus/nó asraon na réamhchóireála fuíolluisce, ag an ionraon chuig an gcóireáil fuíolluisce deiridh, ag an bpointe a bhfágann an astaíocht an tsuiteáil).
BAT 6. Is é an BAT faireachán a dhéanamh ar na nithe seo a leanas uair sa bhliain ar a laghad:
Tuairisc
B’fhearr tomhais dhíreacha a bheith ina gcuid den fhaireachán. Is féidir ríomhanna nó taifeadadh, e.g. úsáid a bhaint as méadair nó sonraisc oiriúnacha, a úsáid freisin. Déantar faireachán ar leibhéal na suiteála (agus féadfar é a bhriseadh síos de réir leibhéal an phróisis is iomchuí) agus cuirtear athruithe móra ar na próisis san áireamh leis.
BAT 7. Is é an BAT faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí isteach san uisce de réir na minicíochta a thugtar thíos ar a laghad agus i gcomhréir le caighdeáin EN. Mura bhfuil fáil ar chaighdeáin EN, is é an BAT úsáid a bhaint as caighdeáin ISO, náisiúnta nó idirnáisiúnta eile lena n-áirithítear go soláthraítear sonraí atá ar cháilíocht choibhéiseach eolaíoch.
|
Substaint/Paraiméadar |
Gníomhaíochtaí |
Caighdeáin |
An mhinicíocht íosta faireacháin (1) |
Faireachán a bhaineann le |
|
|
Na gníomhaíochtaí uile |
EN ISO 9562 |
Uair amháin gach 3 mhí (4) |
BAT 14 |
||
|
Éileamh bithcheimiceach ar ocsaigin (BODn) (5) |
Caighdeáin EN éagsúla atá ar fáil (e.g.EN 1899-1, EN ISO 5815-1) |
Uair sa mhí |
|||
|
Níl aon chaighdeán EN ar fáil |
Uair sa tseachtain (7) |
||||
|
Iomlán na nítrigine (TN) (5) |
Tá fáil ar chaighdeáin EN (e.g. EN 12260, EN ISO 11905-1) |
||||
|
EN 1484 |
|||||
|
Iomlán an fhosfair (TP) (5) |
Tá fáil ar chaighdeáin EN éagsúla (e.g. EN ISO 6878, EN ISO 15681-1 agus -2, EN ISO 11885) |
||||
|
Iomlán na solad ar fuaidreamh (TSS) (5) |
EN 872 |
||||
|
Miotail |
Seamlais |
Tá caighdeáin EN éagsúla ar fáil (e.g. EN ISO 11885, EN ISO 17294-2 nó EN ISO 15586) |
Uair amháin gach 6 mhí |
||
|
— Seamlais — Sailleadh seithí/craicne — Monaraíocht gheilitín trí úsáid a bhaint as cnámh mar amhábhar |
Caighdeáin EN éagsúla atá ar fáil (e.g. EN ISO 10304-1, EN ISO 15682) |
Uair sa mhí (4) |
- |
||
|
(1)
I gcás baisc-sceite nach minice ná an mhinicíocht íosta faireacháin, déantar faireachán uair amháin in aghaidh na baisce.
(2)
I gcás sceitheadh indíreach, féadfar minicíocht an fhaireacháin a laghdú go dtí uair sa bhliain le haghaidh Cu agus Zn agus go dtí uair amháin gach 6 mhí le haghaidh AOX agus Cl- má dhéantar an gléasra iartheachtach cóireála fuíolluisce a dhearadh agus a fheistiú go hiomchuí chun na truailleáin lena mbaineann a laghdú.
(3)
Níl feidhm ag an bhfaireachán ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil an tsubstaint/paraiméadar lena mbaineann ábhartha sa sruth fuíolluisce bunaithe ar an bhfardal ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2.
(4)
Féadfar an mhinicíocht faireacháin íosta a laghdú go huair amháin gach 6 mhí má chruthaítear go bhfuil na leibhéil astaíochta cobhsaí go leor.
(5)
Níl feidhm ag an bhfaireachán ach amháin i gcás sceitheadh díreach.
(6)
Déantar faireachán ar COD nó ar TOC. Is fearr faireachán a dhéanamh ar TOC toisc nach mbraitheann sé ar chomhdhúile an-tocsaineach.
(7)
Féadfar minicíochtaí faireacháin a laghdú go huair amháin sa mhí má chruthaítear go bhfuil na leibhéil astaíochta cobhsaí go leor. |
|||||
BAT 8. Is é an BAT faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí clasaithe de réir na minicíochta a thugtar thíos ar a laghad agus i gcomhréir le caighdeáin EN. Mura bhfuil fáil ar chaighdeáin EN, is é an BAT úsáid a bhaint as caighdeáin ISO, náisiúnta nó idirnáisiúnta eile lena n-áirithítear go soláthraítear sonraí atá ar cháilíocht choibhéiseach eolaíoch.
|
Substaint/ Paraiméadar |
Gníomhaíochtaí/Próisis |
Caighdeáin |
An mhinicíocht íosta faireacháin (1) |
Faireachán a bhaineann le |
|
CO |
Dóchán (e.g. in ocsaídeoirí teirmeacha nó i ngalchoirí) de gháis bhréana, lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite |
EN 15058 |
Uair sa bhliain |
BAT 15 |
|
Loscadh conablach |
- |
|||
|
Deannach |
Dóchán (e.g. in ocsaídeoirí teirmeacha nó i ngalchoirí) de gháis bhréana, lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite |
EN 13284-1 |
BAT 15 |
|
|
Loscadh conablach |
- |
|||
|
NOX |
Dóchán (e.g. in ocsaídeoirí teirmeacha nó i ngalchoirí) de gháis bhréana, lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite |
EN 14792 |
BAT 15 |
|
|
Loscadh conablach |
- |
|||
|
SOX |
Dóchán (e.g. in ocsaídeoirí teirmeacha nó i ngalchoirí) de gháis bhréana, lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite |
EN 14791 |
BAT 15 |
|
|
Loscadh conablach |
- |
|||
|
H2S |
Rindreáil, leá saille, próiseáil fola agus/nó cleití (2) |
Níl aon chaighdeán EN ar fáil |
BAT 25 |
|
|
NH3 |
Rindreáil, leá saille, próiseáil fola agus/nó cleití |
EN ISO 21877 |
||
|
Dóchán (e.g. in ocsaídeoirí teirmeacha nó i ngalchoirí) de gháis bhréana, lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite |
||||
|
Loscadh conablach |
- |
|||
|
TVOC |
Rindreáil, leá saille, próiseáil fola agus/nó cleití |
EN 12619 |
BAT 25 |
|
|
Dóchán (e.g. in ocsaídeoirí teirmeacha nó i ngalchoirí) de gháis bhréana, lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite |
||||
|
Loscadh conablach |
- |
|||
|
Tiúchan bolaidh |
EN 13725 |
- |
||
|
Loscadh conablach (3) |
- |
|||
|
Monaraíocht gheilitín (3) |
- |
|||
|
Táirgeadh mine éisc agus ola éisc (3) |
BAT 25 |
|||
|
Rindreáil, leá saille, próiseáil fola agus/nó cleití (3) |
||||
|
HCl |
Loscadh conablach |
EN 1911 |
- |
|
|
HF |
Níl aon chaighdeán EN ar fáil |
|||
|
Hg |
EN 13211 |
|||
|
Miotail agus miotalóidigh seachas mearcair (As, Cd, Co, Cr, Cu, Mn, Ni, Pb, Sb, Tl, V) |
EN 14385 |
|||
|
PCDD/F |
EN 1948-1, EN 1948-2, EN 1948-3 |
|
||
|
(1)
A mhéid is féidir, déantar na tomhais ag an staid astaíochta is airde a mheastar a bheidh ann faoi ghnáthdhálaí oibríochtúla.
(2)
Níl feidhm ag an bhfaireachán ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil H2S ábhartha sa sruth dramhgháis ar bhonn an fardail ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2.
(3)
Áirítear leis sin dóchán (e.g. in ocsaídeoirí teirmeacha nó i ngalchoirí) de gháis bhréana, lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite.
(4)
Níl feidhm ag an bhfaireachán ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil boladh ábhartha sa sruth dramhgháis ar bhonn an fardail ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2. |
||||
1.1.3. Éifeachtúlacht fuinnimh
BAT 9. Chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, is é an BAT úsáid a bhaint as an dá theicníc a thugtar thíos.
|
Teicníc |
Tuairisc |
Infheidhmeacht |
|
|
a |
Plean éifeachtúlachta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh |
Is cuid de chóras bainistithe comhshaoil é plean éifeachtúlachta fuinnimh (féach BAT 1) agus is é atá i gceist leis ídiú fuinnimh sonrach na gníomhaíochta/ngníomhaíochtaí a shainmhíniú agus a ríomh, príomhtháscairí feidhmíochta a shocrú ar bhonn bliantúil (mar shampla le haghaidh an ídithe fuinnimh shonraigh) agus na spriocanna tréimhsiúla feabhsúcháin agus gníomhaíochtaí gaolmhara a phleanáil. Déantar iniúchtaí uair sa bhliain ar a laghad chun a áirithiú go gcomhlíontar cuspóirí an phlean éifeachtúlachta fuinnimh agus go ndéantar obair leantach ar mholtaí na n-iniúchtaí fuinnimh agus go gcuirtear chun feidhme iad. |
Is iondúil go mbainfidh leibhéal mionsonraithe an phlean éifeachtúlachta fuinnimh agus na n-iniúchtaí le cineál, scála agus castacht an ghléasra. |
|
b |
Teicnící ginearálta coigilte fuinnimh |
Áirítear leo sin teicnící amhail: — aisghabháil teasa le malartóirí teasa agus/nó teaschaidéil; — mótair fhuinneamhéifeachtúla; — tiontairí minicíochta ar mhótair; — córais rialaithe próiseas; — comhghiniúint cumhachta agus teasa (comhghiniúint cumhachta); — píobáin, soithí agus trealamh eile a insliú; — cosc agus rialú ar dhóchán; — réamhthéamh fothuisce (lena n-áirítear úsáid barainneoirí); — séidghlanadh coirí a íoslaghdú; — córais dáilte gaile a optamú; — sceitheadh sna córais aeir chomhbhrúite a laghdú; — córais bainistithe soilsithe; — soilsiú fuinneamhéifeachtúil; — an dearadh agus oibriú córais fuaraithe/córas fuaraithe a optamú. |
D’fhéadfadh infheidhmeacht na comhghiniúna maidir le gléasraí atá ann cheana a bheith srianta mar gheall ar éileamh teasa oiriúnach agus/nó mar gheall ar leagan amach/easpa spáis an ghléasra. |
Tugtar teicnící earnáilsonracha breise chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú i Roinn 1.2.1 agus Roinn 1.3.1 de na conclúidí BAT seo.
1.1.4. Ídiú uisce agus giniúint fuíolluisce
BAT 10. Chun ídiú uisce a laghdú agus méid an fhuíolluisce a ghintear a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as an dá theicníc (a) agus (b), agus meascán iomchuí de theicnící (c) go (k) a thugtar thíos.
|
Teicníc |
Tuairisc |
Infheidhmeacht |
|
|
Teicnící bainistíochta, deartha agus oibriúcháin |
|||
|
a |
Plean bainistithe uisce agus iniúchtaí uisce |
Is codanna den Chóras Bainistithe Comhshaoil iad plean bainistithe uisce agus iniúchtaí uisce (féach BAT 1) agus áirítear leo: — léaráidí sreafa agus maischothromaíochtaí uisce an ghléasra agus na bpróiseas mar chuid den fhardal ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2; — cuspóirí éifeachtúlachta uisce a leagan síos; — teicnící optamaithe uisce a chur chun feidhme (e.g. úsáid uisce a rialú, athúsáid/athchúrsáil, sceití uisce a bhrath agus a dheisiú). Déantar iniúchtaí uisce uair sa bhliain ar a laghad chun a áirithiú go gcomhlíontar cuspóirí an phlean bainistithe uisce agus go ndéantar obair leantach ar mholtaí na n-iniúchtaí uisce agus go gcuirtear chun feidhme iad. |
Is iondúil go mbainfidh leibhéal mhionsonraí agus chineál an phlean bainistithe uisce agus na n-iniúchtaí uisce le cineál, scála agus castacht an ghléasra. |
|
b |
Sruthanna uisce a scaradh |
Maidir le sruthanna uisce nach gá cóireáil a dhéanamh orthu (e.g. uisce fuaraithe neamhéillithe, uisce neamhéillithe a ritheann chun srutha) déantar iad a dheighilt ó fhuíolluisce a bhfuil cóireáil le déanamh air, rud a fhágann gur féidir uisce a athchúrsáil gan éilliú. |
Féadfar infheidhmeacht maidir le gléasraí atá ann cheana a shrianadh trí leagan amach an chórais bailithe uisce agus an easpa spáis le haghaidh umair stórála sealadaí. |
|
c |
Athúsáid agus/nó athchúrsáil uisce |
Sruthanna uisce a athchúrsáil agus/nó a athúsáid (a ndearnadh cóireáil uisce orthu roimh ré nó nach ndearnadh), e.g. le haghaidh glanta, níocháin, fuaraithe nó le haghaidh an phróisis féin. |
Ráineodh nach mbeadh sé infheidhme mar gheall ar cheanglais sláinteachais agus sábháilteachta. |
|
d |
Sreabhadh uisce a optamú |
Feistí rialaithe a úsáid, e.g. fótaichealla, comhlaí silte, comhlaí teirmeastatacha, chun an sreabhadh uisce a choigeartú go huathoibríoch leis an íosmhéid is gá. |
Infheidhme go ginearálta. |
|
e |
Úsáid iomchuí a bhaint as soic uisce agus píobáin agus iad a optamú |
Úsáid a bhaint as líon ceart agus suíomh ceart soc; brú uisce soc agus píobán a choigeartú. |
|
|
Teicnící a bhaineann le hoibriúcháin ghlantacháin |
|||
|
f |
Tirimghlanadh |
An oiread ábhair iarmharaigh agus is féidir a bhaint as amhábhair agus as trealamh, e.g. trí aer comhbhrúite, folúschórais nó gabhphotaí a bhfuil clúdach mogaill acu a úsáid. |
Infheidhme go ginearálta. |
|
g |
Glanadh ardbhrú |
Uisce glanta a spraeáil uisce a ag brúnna ó 15 bar go 150 bar. |
Ráineodh nach mbeadh sé infheidhme mar gheall ar cheanglais sláinte agus sábháilteachta. |
|
h |
Dáileadh ceimiceán agus úsáid uisce a optamú maidir le glanadh san ionad (CIP) |
Déantar méideanna an uisce the agus na gceimiceán a úsáidtear a optamú trí thomhas mar shampla moirtiúlacht, seoltacht, teocht agus/nó pH. |
Infheidhme go ginearálta. |
|
i |
Cúrghlanadh nó glóthachghlanadh ísealbhrú |
Cúr agus/nó glóthach ísealbhrú a úsáid chun ballaí, urláir agus/nó dromchlaí trealaimh a ghlanadh. |
|
|
j |
Trealamh agus limistéir próiseas a dhearadh agus a thógáil ar bhealach optamaithe |
Déantar an trealamh agus na limistéir próiseas a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a éascaíonn an glanadh. Agus an dearadh agus an tógáil á n-optamú, cuirtear ceanglais sláinteachais san áireamh. |
|
|
k |
Trealamh a ghlanadh go pras |
Déantar an trealamh a ghlanadh a luaithe is féidir tar éis é a úsáid chun cruachan ábhar iarmharach a chosc. |
|
Tugtar teicnící breise earnáilsonracha chun ídiú uisce agus méid an fhuíolluisce a ghintear a laghdú i Roinn 1.2.2 agus i Roinn 1.3.2 de na conclúidí BAT seo.
1.1.5. Substaintí díobhálacha
BAT 11. Chun cosc a chur ar úsáid substaintí díobhálacha maidir le glanadh agus dífhabhtú, nó, i gcás nach bhfuil sin indéanta, iad a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as ceann amháin nó meascán de na teicnící a thugtar thíos.
|
Teicníc |
Tuairisc |
|
|
a |
Roghnú ceart ceimiceán glantacháin agus/nó díghalrán |
Úsáid ceimiceán glantacháin agus/nó díghalrán atá díobhálach don timpeallacht uisceach a sheachaint nó a íoslaghdú, go háirithe na ceimiceáin agus/nó na díghalráin sin ina bhfuil substaintí tosaíochta a mheastar faoin Treoir Réime maidir le hUisce (1). I gcás ina bhfuil ceimiceáin ghlantacháin agus/nó díghalráin á roghnú, cuirtear ceanglais sláinteachais agus sábháilteachta bia san áireamh. Tá an teicníc seo ina cuid den CMS (féach BAT 3). |
|
b |
Ceimiceáin ghlantacháin a athúsáid maidir le glanadh san ionad (CIP) |
Ceimiceáin ghlantacháin a bhailiú agus a athúsáid maidir le CIP. I gcás ina bhfuil ceimiceáin á n-athúsáid, cuirtear ceanglais sláinteachais agus sábháilteachta bia san áireamh. |
|
c |
Tirimghlanadh |
Féach BAT 10 (f). |
|
d |
Trealamh agus limistéir próiseas a dhearadh agus a thógáil ar bhealach optamaithe |
Féach BAT 10 (j). |
|
(1)
Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1). |
||
1.1.6. Éifeachtúlacht acmhainne
BAT 12. Chun éifeachtúlacht acmhainne a mhéadú, is é an BAT úsáid a bhaint as an dá theicníc (a) agus (b), más iomchuí, i gcomhar le ceann amháin de na teicnící (c) agus (d) a luaitear thíos nó iad araon.
|
Teicníc |
Tuairisc |
Infheidhmeacht |
|
|
a |
Bith-dhíghrádú seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite a íoslaghdú |
Bailítear seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí go pras i seamlais agus stóráiltear iad i soithí nó seomraí dúnta i suiteálacha SA, ar feadh achar chomh gairid agus is féidir, sula ndéantar tuilleadh cóireála orthu. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hamhábhair atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine (e.g. saill, fuil), ábhar beatha nó beatha ainmhithe a chuisniú. |
Infheidhme go ginearálta. |
|
b |
Deighilt iarmhair agus athchúrsáil/athshlánú |
Déantar iarmhair a dheighilt, e.g. ag úsáid criathair, flapaí, gabhphotaí, tráidirí silte agus umair a shocraítear go cruinn, le haghaidh athchúrsála agus athshlánaithe. |
|
|
c |
Bith-dhíghrádú anaeróbach |
Cóireáil iarmhar in-bhithdhíghrádaithe ag miocrorgánaigh in éagmais ocsaigine, agus giniúint bhithgháis agus díleáiteáin dá toradh. Úsáidtear an bithghás mar bhreosla, e.g. in inneall gáis nó i gcoire. Is féidir an díleáiteán a úsáid, e.g. mar fheabhsaitheoir ithreach, ar an láthair nó lasmuigh den láthair. |
Ráineodh nach mbeadh sé infheidhme mar gheall ar chainníocht agus/nó cineál na n-iarmhar. |
|
d |
Fosfar a athshlánú mar strúivít |
Féach Roinn 1.4.1. |
Níl sé infheidhme ach amháin maidir le sruthanna fuíolluisce ina bhfuil ábhar foriomlán ard fosfair (e.g. os cionn 50 mg/l) agus sreabhadh suntasach. |
1.1.7. Astaíochtaí isteach san uisce
BAT 13. Chun astaíochtaí neamhrialaithe isteach san uisce a chosc, is é an BAT acmhainneacht stórála maolánach iomchuí a sholáthar le haghaidh an fhuíolluisce a ghintear.
Tuairisc
Cinntear an acmhainneacht stórála maolánach iomchuí trí mheasúnú riosca (ag cur san áireamh cineál an truailleáin/na dtruailleán, éifeachtaí na dtruailleán sin ar chóireáil fuíolluisce breise, an timpeallacht is faighteoir, méid an fhuíolluisce a ghintear, etc.).
Is iondúil go ndeartar umar maolánach chun méideanna fuíolluisce a ghintear le linn buaicuaireanta oibríochta a stóráil.
Sceitear an fuíolluisce ón stóráil mhaolánach sin tar éis bearta iomchuí a dhéanamh (e.g. faireachán, cóireáil, athúsáid).
Infheidhmeacht
I gcás gléasraí atá ann cheana, ráineodh nach mbeadh an teicníc infheidhme mar gheall ar easpa spáis agus/nó de bharr leagan amach an chórais bailithe fuíolluisce.
BAT 14. Chun astaíochtaí isteach san uisce a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as meascán iomchuí de na teicnící a thugtar thíos.
|
|
Teicníc (1) |
Na truailleáin a ndíríonn an teicníc orthu go hiondúil |
Infheidhmeacht |
|
Réamhchóireáil, cóireáil phríomhúil agus cóireáil ghinearálta |
|||
|
a |
Cothromú |
Gach truailleán |
Infheidhme go ginearálta. |
|
b |
Neodrú |
Aigéid, alcailí |
|
|
c |
Deighilt fhisiceach, e.g. síothláin, criathair, deighilteoirí grin, deighilteoirí saille, umair shíothlaithe phríomhúla |
Solaid mhóra, solaid ar fuaidreamh, ola/bealadh |
|
|
Cóireáil fhisiciceimiceach |
|||
|
d |
Deascadh |
Truailleáin thuaslagtha indeasctha atá do-bhithdhíghrádaithe nó coisctheach, e.g. miotail |
Infheidhme go ginearálta. |
|
e |
Ocsaídiú ceimiceach (e.g. le hózón) |
Truailleáin thuaslagtha in-dí-ocsaídithe atá do-bhithdhíghrádaithe nó coisctheach, e.g. AOX, baictéir fhrithmhiocróbacha-fhrithsheasmhacha |
|
|
Cóireáil aeróbach agus/nó anaeróbach (cóireáil thánaisteach) |
|||
|
f |
Cóireáil aeróbach agus/nó anaeróbach (cóireáil thánaisteach), e.g. próiseas an tsloda ghníomhachtaithe, murlach aeróbach, próiseas teagmhála anaeróbach, bith-imoibreoir scannáin |
Comhdhúile orgánacha in-bhithdhíghrádaithe |
Infheidhme go ginearálta. |
|
Nítrigin a bhaint |
|||
|
g |
Nítriginiú agus/nó dínítriginiú |
Nítrigin, amóiniam/amóinia iomlán |
Ráineodh nach mbeadh nítriginiú infheidhme i gcás ardtiúchan clóiríde (e.g. os cionn 10 g/l). Ráineodh nach mbeadh nítriginiú infheidhme i gcás ina mbíonn teocht an fhuíolluisce íseal (e.g. faoi bhun 12 °C). |
|
Fosfar a bhaint |
|||
|
h |
Deascadh |
Fosfar iomlán |
Infheidhme go ginearálta. |
|
i |
Baint bhreisithe bhitheolaíoch fosfair |
||
|
j |
Fosfar a athshlánú mar strúivít |
Níl sé infheidhme ach amháin maidir le sruthanna fuíolluisce ina bhfuil ábhar foriomlán ard fosfair (e.g. os cionn 50 mg/l) agus sreabhadh suntasach. |
|
|
Solaid deiridh a bhaint |
|||
|
k |
Téachtadh agus flocasú |
Solaid ar fuaidreamh agus truailleáin neamh-bhithdhíghrádaithe cháithnín-nasctha nó choisctheacha |
Infheidhme go ginearálta. |
|
l |
Moirtiú |
||
|
m |
Scagachán (e.g. scagachán gainimh, micreascagachán, ultrascagachán, an chúlosmóis) |
||
|
n |
Snámhacht |
||
|
(1)
Tugtar na tuairiscí ar na teicnící i Roinn 1.4.1. |
|||
Tábla 1.1
Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh sceití díreacha
|
Substaint/Paraiméadar |
Aonad |
||
|
Éileamh ceimiceach ar ocsaigin (COD) (3) |
mg/l |
||
|
Carbón orgánach iomlán (TOC) (3) |
|||
|
Iomlán na solad ar fuaidreamh (TSS) |
|||
|
Nítrigin iomlán (N iomlán) |
|||
|
Fosfar iomlán (P iomlán) |
0,25 –2 (5) |
||
|
Halaigní asúite arna gceangal go horgánach (AOX) (11) |
0,02 –0,3 |
||
|
Miotail |
Copar (Cu) (11) |
0,01 –0,2 (12) |
|
|
Sinc (Zn) (11) |
0,05 –0,5 (12) |
||
|
(1)
Déantar na tréimhsí meánaithe a shainmhíniú sna breithnithe ginearálta.
(2)
Níl feidhm ag aon BAT-AEL maidir le héileamh bithcheimiceach ar ocsaigin (BOD). Dá chomhartha sin, i gcoitinne is é ≤ 20 mg/l a bhíonn i leibhéal bliantúil BOD5 san eisilteach ó ghléasra cóireála bitheolaíche fuíolluisce.
(3)
Bíonn feidhm ag an BAT-AEL le haghaidh COD nó ag an BAT-AEL le haghaidh TOC. Is é an BAT-AEL le haghaidh TOC an rogha ab fhearr toisc nach mbraitheann faireachán TOC ar úsáid comhdhúl an-tocsaineach.
(4)
Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 120 mg/l le haghaidh suiteálacha a phróiseálann seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite, má bhíonn éifeachtúlacht laghdaithe COD ≥ 95 % mar mheán bliantúil nó mar mheán le linn na tréimhse táirgeachta, agus sa chás sin amháin.
(5)
B’fhéidir nach mbeadh feidhm ag an raon BAT-AELanna maidir le sceití uisce farraige ó tháirgeadh mine éisc agus ola éisc.
(6)
Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 40 mg/l le haghaidh suiteálacha a phróiseálann seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite, má bhíonn éifeachtúlacht laghdaithe TOC ≥ 95 % mar mheán bliantúil nó mar mheán le linn na tréimhse táirgeachta, agus sa chás sin amháin.
(7)
Baintear amach an ceann is ísle den raon BAT-AELanna de ghnáth nuair a bhaintear úsáid as scagachán (e.g. scagachán gainimh, micreascagachán, ultrascagachán).
(8)
Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 40 mg/l le haghaidh monaraíocht geilitín.
(9)
Ní fhéadfaidh an BAT-AEL a bheith i bhfeidhm i gcás ina bhfuil teocht an fhuíolluisce íseal (e.g. faoi bhun 12 °C) ar feadh tréimhsí faidréiseacha.
(10)
Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 40 mg/l le haghaidh suiteálacha a phróiseálann seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite, má bhíonn éifeachtúlacht laghdaithe Iomlán N ≥ 90 % mar mheán bliantúil nó mar mheán le linn na tréimhse táirgeachta, agus sa chás sin amháin.
(11)
Níl feidhm ag an BAT-AEL ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil an tsubstaint/paraiméadar lena mbaineann ábhartha sa sruth fuíolluisce bunaithe ar an bhfardal ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2.
(12)
Níl feidhm ag an BAT-AEL ach amháin maidir le seamlais. |
|||
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7.
Tábla 1.2:
Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh sceití indíreacha
|
Substaint/Paraiméadar |
Aonad |
||
|
Halaigní asúite arna gceangal go horgánach (AOX) (3) |
mg/l |
0,02 –0,3 |
|
|
Miotail |
Copar (Cu) (3) |
0,01 –0,2 (4) |
|
|
Sinc (Zn) (3) |
0,05 –0,5 (4) |
||
|
(1)
Déantar na tréimhsí meánaithe a shainmhíniú sna breithnithe ginearálta.
(2)
D’fhéadfadh sé nach bhfuil feidhm ag na BAT-AELanna má dhéantar an gléasra iartheachtach cóireála fuíolluisce a dhearadh agus a fheistiú go hiomchuí chun na truailleáin lena mbaineann a laghdú, ar choinníoll nach mbeidh leibhéal truaillithe níos airde sa chomhshaol ina thoradh air sin.
(3)
Níl feidhm ag an BAT-AEL ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil an tsubstaint/paraiméadar lena mbaineann ábhartha sa sruth fuíolluisce bunaithe ar an bhfardal ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2.
(4)
Níl feidhm ag an BAT-AEL ach amháin maidir le seamlais. |
|||
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7.
1.1.8. Astaíochtaí isteach san aer
BAT 15. Chun astaíochtaí isteach san aer de CO, NOX agus SOX a thagann ó dhóchán (e.g. in ocsaídeoirí teirmeacha nó i ngalchoirí) de gháis bhréana, lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite, is é an BAT teicníc (a) agus ceann amháin nó meascán de na teicnící (b) agus (d) a thugtar thíos a úsáid.
|
|
Teicníc |
Tuairisc |
Na príomhchomhdhúile spriocdhírithe |
Infheidhmeacht |
|
a |
Ocsaídiú nó dóchán teirmeach i gcoirí a optamú |
Dearadh agus oibriú coirí nó ocsaídeoirí teirmeacha a optamú chun ocsaídiú comhdhúl orgánach a chur chun cinn, chomh maith le giniúint na dtruailleán amhail NOX agus CO a laghdú. |
CO, NOX |
Infheidhme go ginearálta. |
|
b |
Leibhéil arda deannaigh, réamhtheachtaithe NOX agus SOX a bhaint |
Leibhéil arda deannaigh, réamhtheachtaithe NOX agus SOX a bhaint (más féidir, lena n-athúsáid) sula ndóitear gáis bhréana nó roimh ocsaídiú teirmeach, e.g. trí chomhdhlúthúcháin. Is féidir tuilleadh deannaigh, réamhtheachtaithe NOX agus SOX a bhaint tar éis andócháin trí úsáid a bhaint as fliuchsciúradh mar shampla. |
Deannach, NOX, SOX |
|
|
c |
Rogha breosla |
Breosla a úsáid (lena n-áirítear breosla taca/tánaisteach) a bhfuil méid íseal comhdhúile giniúna truaillithe féideartha iontu) e.g. (méid íseal sulfair, luatha, nítrigine, fluairíde nó méid íseal clóirín sa bhreosla). |
Deannach, NOX, SOX |
|
|
d |
Dóire íseal-NOX |
Tá an teicníc bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le buaictheochtaí lasracha a laghdú. Trí aer/breosla a mheascadh, laghdaítear infhaighteacht na hocsaigine agus laghdaítear buaictheocht na lasrach, agus ar an mbealach sin cuirtear moill ar thiontú na nítrigine breosla-nasctha go NOX agus ar chruthú NOX theirmigh, agus an tráth céanna, ard-éifeachtúlacht dócháin a áirithiú. D’fhéadfadh sé sin a bheith bainteach le dearadh modhnaithe chuasán dócháin na foirnéise. |
NOX |
D’fhéadfadh an infheidhmeacht maidir le gléasraí atá ann cheana a bheith srianta mar gheall ar dhearadh agus/nó bacainní oibríochtúla. |
Tábla 1.3:
Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí clasaithe de dheannach, NOX agus SOX ón dóchán in ocsaídeoirí teirmeacha de gháis bhréana, lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite
|
Substaint/Paraiméadar |
Aonad |
BAT-AEL (meán thar an tréimhse samplála) |
|
Deannach |
mg/Nm3 |
< 1 –5 (1) |
|
NOX |
||
|
SOX |
6 –100 |
|
|
(1)
Níl feidhm ag an raon BAT-AELanna ach amháin nuair a úsáidtear gás nádúrtha go heisiach mar bhreosla.
(2)
Féadfaidh ceann uachtair an raoin BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 350 mg/Nm3 le haghaidh ocsaídeoirí teirmeacha athghabhála. |
||
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 8.
Tábla 1.4
Leibhéil táscacha astaíochta le haghaidh astaíochtaí clasaithe CO ón dóchán in ocsaídeoirí teirmeacha de gháis bhréana, lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite
|
Substaint |
Aonad |
Leibhéal táscach astaíochta (meán le linn na tréimhse samplála) |
|
CO |
mg/Nm3 |
3 –30 |
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 8.
1.1.9. Torann
BAT 16. Chun astaíochtaí torainn a chosc nó, i gcás nach bhfuil sin indéanta, iad a laghdú, is é an BAT plean bainistithe torainn a bhunú, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú go tráthrialta, mar chuid den chóras bainistithe comhshaoil (féach BAT 1), ar plean é a n-áirítear ann gach ceann de na heilimintí seo a leanas:
Infheidhmeacht
Tá an infheidhmeacht srianta do chásanna ina bhfuil coinne le núis torainn ag limistéir íogaire agus/nó ina bhfuil sé cruthaithe go bhfuil bunús leo.
BAT 17. Chun astaíochtaí torainn a chosc nó, i gcás nach bhfuil sin indéanta, iad a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as ceann amháin nó meascán de na teicnící a thugtar thíos.
|
Teicníc |
Tuairisc |
Infheidhmeacht |
|
|
a |
Trealamh agus foirgnimh a lonnú go hiomchuí |
An fad atá idir an t-astaíre agus an glacadóir a mhéadú, trí fhoirgnimh a úsáid mar sciatha torainn agus trí threalamh agus/nó slite amach nó isteach na bhfoirgneamh a athlonnú. |
I gcás gléasraí atá ann cheana, ráineodh nach mbeadh sé infheidhme trealamh agus slite amach nó isteach na bhfoirgneamh a athlonnú mar gheall ar easpa spáis agus/nó ar chostais iomarcacha. |
|
b |
Bearta oibríochtúla |
Áirítear leo sin teicnící amhail: i. trealamh a iniúchadh agus a chothabháil; ii. doirse agus fuinneoga i limistéir iata a dhúnadh, más féidir; iii. oibriú trealaimh ag baill foirne a bhfuil taithí acu; iv. gníomhaíochtaí torannacha a sheachaint istoíche, más féidir; v. forálacha maidir le rialú torainn, e.g. le linn gníomhaíochtaí táirgthe agus cothabhála; vi. teorannú torainn ó ainmhithe i seamlais (e.g. trí iompar agus láimhseáil chúramach). |
Infheidhme go ginearálta. |
|
c |
Trealamh ísealtorainn |
Áirítear leis sin teicnící amhail comhbhrúiteoirí, caidéil agus gaothráin ísealtorainn. |
|
|
d |
Trealamh rialaithe torainn |
Áirítear leis sin teicnící amhail: i. laghdaitheoirí torainn; ii. insliú fuaime ar threalamh; iii. trealamh torannach a thimpeallú; iv. fuaimdhíonadh foirgneamh. |
Ráineodh nach mbeadh sé infheidhme maidir le monarchana atá ann cheana mar gheall ar easpa spáis. |
|
e |
Laghdú torainn |
Bacainní a chur idir astaírí agus glacadóirí (e.g. ballaí cosanta, claífoirt). |
Infheidhme go ginearálta. |
1.1.10. Boladh
BAT 18. Chun astaíochtaí bolaidh a chosc nó, i gcás nach bhfuil sin indéanta, iad a laghdú, is é an BAT plean bainistithe bolaidh a bhunú, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú go tráthrialta, mar chuid den chóras bainistithe comhshaoil (féach BAT 1), ar plean é a n-áirítear ann gach ceann de na heilimintí seo a leanas:
Infheidhmeacht
Tá an infheidhmeacht srianta do chásanna ina bhfuil coinne le núis bolaidh ag limistéir íogaire agus/nó ina bhfuil sé cruthaithe go bhfuil bunús leo.
BAT 19. Chun astaíochtaí bolaidh a chosc nó, i gcás nach bhfuil sin indéanta, iad a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as meascán iomchuí de na teicnící a thugtar thíos.
|
Teicníc |
Tuairisc |
Infheidhmeacht |
|
|
a. |
Glanadh tráthrialta suiteálacha agus trealaimh |
Glanadh tráthrialta (e.g. laethúil) suiteálacha agus trealaimh lena n-áirítear limistéir ina stóráiltear agus ina bpróiseáiltear seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite. |
Infheidhme go ginearálta. |
|
b. |
Glanadh agus díghalrú feithiclí agus trealaimh a úsáidtear chun seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite a iompar agus a sheachadadh |
Glantar agus díghalraítear feithiclí iompair agus seachadta (e.g. gabhdáin) tar éis iad a fholmhú. |
|
|
c. |
Imfhálú ar sheachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite le linn iompair, fála, lódála/dílódála agus stórála |
Tá limistéir lódála/dílódála agus fála suite i bhfoirgnimh imfhálaithe aeraithe. Úsáidtear trealamh iomchuí chun seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite a iompar agus a stóráil. |
Ráineodh nach mbeadh sé infheidhme maidir le monarchana atá ann cheana mar gheall ar easpa spáis. |
|
d. |
Bith-dhíghrádú seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite a íoslaghdú |
Féach BAT 12 (a). |
Infheidhme go ginearálta. |
|
e. |
Eastóscadh aeir chomh gar don phointe ginte bolaidh agus is féidir. |
Eastóscadh aeir chomh gar don phointe ginte bolaidh agus is féidir le himfhálú iomlán nó páirteach. Féadfar aer eastósctha a chóireáil (féach BAT 25.). |
Infheidhme go ginearálta. |
BAT-AELanna le haghaidh astaíochtaí clasaithe de bholadh: féach Tábla 1.10 agus Tábla 1.11.
1.1.11. Cuisneáin a úsáid
BAT 20. Chun fuarú agus reo astaíochtaí de shubstaintí ídithe ózóin agus de shubstaintí lena mbaineann poitéinseal téimh dhomhanda ard a chosc, is é an BAT cuisneáin a úsáid gan an poitéinseal chun an ózóin a ídiú agus a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda íseal acu.
Tuairisc
Áirítear ar chuisneáin oiriúnacha mar shampla uisce, dé-ocsaíd charbóin, própán agus amóinia.
1.2. Conclúidí BAT maidir le seamlais
Tá feidhm ag na conclúidí BAT sa roinn seo sa bhreis ar na conclúidí BAT ginearálta a thugtar i Roinn 1.1.
1.2.1. Éifeachtúlacht fuinnimh
BAT 21. Chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, is é an BAT úsáid a bhaint as an dá theicníc a thugtar in BAT 9 i gcomhar leis an dá theicníc a thugtar thíos.
|
Teicníc |
Tuairisc |
Infheidhmeacht |
|
|
a |
Plean bainistithe cuisnithe |
Féach Roinn 1.4.3. |
Infheidhme go ginearálta. |
|
b |
Teicnící chun muca agus/nó éanlaith chlóis a scalladh go héifeachtúil |
Áirítear leo sin teicnící amhail: — scalladh gaile muc; — tumscalladh muc agus/nó éanlaith chlóis le córais sreabhadh uisce optamaithe. |
D’fhéadfadh an infheidhmeacht maidir le gléasraí atá ann cheana a bheith srianta mar gheall ar leagan amach/easpa spáis an ghléasra. |
Tábla 1.5
Leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPLanna) le haghaidh glanídiú fuinnimh sonrach i seamlais
|
Ainmhithe maraithe |
Aonad (1) |
Glanídiú fuinnimh sonrach (meán bliantúil) (2) |
|
Eallach |
kWh/tona conablach |
116 –240 (3) |
|
kWh/ainmhí |
30 –80 (4) |
|
|
Muca |
kWh/tona conablach |
65 –370 (5) |
|
kWh/ainmhí |
4 –35 (5) |
|
|
Sicíní |
kWh/tona conablach |
170 –490 (5) |
|
kWh/ainmhí |
0,25 –0,90 (5) |
|
|
(1)
Tá feidhm ag BAT-AEPL a shloinntear i kWh/tona conablach nó an BAT-AEPL a shloinntear i kWh/ainmhí.
(2)
Tagraíonn na BAT-AEPLanna do mharú eisiach na n-ainmhithe atá i gceist.
(3)
Féadfaidh ceann uachtair an raoin BAT-AEPLanna a bheith níos airde agus suas le 415 kWh/tona conablach má áirítear sa ghlanídiú fuinnimh sonrach an fuinneamh a ídítear trí ghníomhaíochtaí FDM.
(4)
Féadfaidh ceann uachtair an raoin BAT-AEPLanna a bheith níos airde agus suas le 150 kWh/ainmhí má áirítear sa ghlanídiú fuinnimh sonrach an fuinneamh a ídítear trí ghníomhaíochtaí FDM.
(5)
Ráineoidh nach mbeadh an raon BAT-AEPL infheidhme maidir le suiteálacha a tháirgeann níos mó ná 50 % de tháirgí áise (i.e. táirge feola a phróiseáiltear níos mó ná gearrthacha feola simplí, e.g. táirgí maranáidithe, ispíní) mar chion de mheáchan foriomlán na dtáirgí FDM. |
||
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6.
1.2.2. Ídiú uisce agus giniúint fuíolluisce
BAT 22. Chun ídiú uisce a laghdú agus méid an fhuíolluisce a ghintear a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as an dá theicníc (a) agus (b) a thugtar in BAT 10, mar aon le meascán iomchuí de theicnící (c) go (k) a thugtar in BAT 10 agus de na teicnící a thugtar thíos.
|
Teicníc |
Tuairisc |
Infheidhmeacht |
|
|
a |
Folmhú tirim bolg eallaigh/muc |
Folmhaítear boilg eallaigh/muc trí mheaisíní a úsáid gan uisce. |
Infheidhme go ginearálta. |
|
b |
Bailiúchán tirim d’ábhair stéig bheag muc |
Folmhaítear stéig bheag muc trí iad a tharraingt amach idir péire rollairí. Bailítear a bhfuil iontu i dtráidire agus caidéalaítear chuig gabhdán iad. |
|
|
c |
Teicnící chun scalladh a dhéanamh go héifeachtúil |
Féach BAT 21 (b). |
D’fhéadfadh an infheidhmeacht maidir le gléasraí atá ann cheana a bheith srianta mar gheall ar leagan amach/easpa spáis an ghléasra. |
Tábla 1.6
Leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPLanna) le haghaidh sceitheadh fuíolluisce sonrach
|
Ainmhithe maraithe |
Aonad (1) |
Sceitheadh fuíolluisce sonrach (meán bliantúil) (2) |
|
Eallach |
m3/tona conablach |
1,85 –3,90 (3) |
|
m3/ainmhí |
0,30 –1,30 (4) |
|
|
Muca |
m3/tona conablach |
0,70 –3,50 |
|
m3/ainmhí |
0,07 –0,30 |
|
|
Sicíní |
m3/tona conablach |
1,45 –6,30 |
|
m3/ainmhí |
0,002 –0,013 |
|
|
(1)
Tá feidhm ag BAT-AEPL arna chur in iúl i m3/tona conablach nó an BAT-AEPL arna chur in iúl i m3/ainmhí.
(2)
Tagraíonn na BAT-AEPLanna do mharú eisiach na n-ainmhithe atá i gceist.
(3)
Féadfaidh ceann uachtair an raoin BAT-AEPL a bheith níos airde agus suas le 5,25 m3/tona conablach i gcás go n-áirítear sa sceitheadh fuíolluisce sonrach uisce a úsáidtear i ngníomhaíochtaí FDM.
(4)
Féadfaidh ceann uachtair an raoin BAT-AEPL a bheith níos airde agus suas le 2,45 m3/ainmhí i gcás go n-áirítear sa sceitheadh fuíolluisce sonrach uisce a úsáidtear i ngníomhaíochtaí FDM. |
||
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6.
1.2.3. Cuisneáin a úsáid
BAT 23. Chun caillteanais cuisneán a chosc, nó i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, iad a laghdú, is é an BAT teicníc (a) agus ceann amháin de theicnící (b) nó (c) a thugtar thíos nó an dá theicníc sin a úsáid.
|
Teicníc |
Tuairisc |
|
|
a |
Plean bainistithe cuisnithe |
Féach Roinn 1.4.3. |
|
b |
Bearta coisctheacha agus cothabhála |
Déantar athbhreithniú tráthrialta ar oibriú ceart an trealaimh cuisnithe agus ceartaítear/deisítear aon luaineachtaí/mífheidhmeanna go tráthúil. |
|
c |
Braiteoirí sceite cuisneán a úsáid |
Úsáidtear córas aláraim láraithe chun sceití cuisneáin a shainaithint go pras. |
Tábla 1.7:
Leibhéal táscach astaíochta le haghaidh caillteanais cuisneán
|
An cineál cuisneáin |
Aonad |
Leibhéal táscach astaíochta (meán rollach ar feadh 3 bliana) |
|
Aon chineál cuisneáin |
Céatadán (%) den chuisneán foriomlán atá sa chóras/sna córais fuaraithe |
< 1 –5 |
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6.
1.3. Conclúidí BAT maidir le suiteálacha próiseála seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite
Tá feidhm ag na conclúidí BAT sa roinn seo sa bhreis ar na conclúidí BAT ginearálta a thugtar i Roinn 1.1.
1.3.1. Éifeachtúlacht fuinnimh
BAT 24. Chun éifeachtúlacht fuinnimh fhoriomlán a mhéadú, is é an BAT úsáid a bhaint as an dá theicníc a thugtar in BAT 9, i gcomhar le galuithe iléifeachta, más iomchuí.
Tuairisc
Úsáidtear galuithe iléifeachta chun uisce a bhaint as meascáin leachta a ghintear, mar shampla, i leá saille, rindreáil, agus táirgeadh mine éisc agus ola éisc. Tugtar gal isteach i sraith soitheach leantach, agus teocht agus brú níos ísle ná an ceann roimhe á dtaispeáint acu.
Tábla 1.8
Leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPLanna) le haghaidh glanídiú fuinnimh sonrach i suiteálacha ina bpróiseáiltear seachtháirgí ainmhithe agus/nó comhtháirgí inite
|
Cineál na suiteála/an phróisis/na bpróiseas |
Aonad |
Glanídiú fuinnimh sonrach (meán bliantúil) |
|
Rindreáil, leá saille, próiseáil fola agus/nó cleití |
kWh/tona amhábhair |
120 –910 |
|
Táirgeadh mine éisc agus ola éisc |
420 –710 |
|
|
Monaraíocht gheilitín |
1 380 –2 500 (1) |
|
|
(1)
Tá feidhm ag an BAT-AEPL maidir le suiteálacha a úsáideann craiceann muice go heisiach mar amhábhar. |
||
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6.
1.3.2. Ídiú uisce agus giniúint fuíolluisce
Tá na leibhéil feidhmíochta comhshaoil a thugtar thíos maidir le sceitheadh fuíolluisce sonrach bainteach leis na conclúidí ginearálta BAT a thugtar i Roinn 1.1.4.
Tábla 1.9
Leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPLanna) le haghaidh sceitheadh fuíolluisce sonrach
|
Cineál na suiteála/an phróisis/na bpróiseas |
Aonad |
Sceitheadh fuíolluisce sonrach (meán bliantúil) |
|
Rindreáil, leá saille, próiseáil fola agus/nó cleití |
m3/tona amhábhair |
0,2 –1,55 |
|
Táirgeadh mine éisc agus ola éisc |
0,20 –1,25 (1) |
|
|
Monaraíocht gheilitín |
16,5 –27 (2) |
|
|
(1)
Ráineodh nach mbeadh feidhm ag an raon BAT-AEPLanna maidir le sceití uisce farraige ó tháirgeadh mine éisc agus ola éisc.
(2)
Tá feidhm ag an BAT-AEPL maidir le suiteálacha a úsáideann craiceann muice go heisiach mar amhábhar. |
||
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6.
1.3.3. Astaíochtaí isteach san aer
BAT 25. Chun astaíochtaí comhdhúl orgánach agus comhdhúl bréan isteach san aer a laghdú, lena n-áirítear H2S agus NH3, is é an BAT úsáid a bhaint as ceann amháin nó meascán de na teicnící a thugtar thíos.
|
Teicníc |
Tuairisc |
|
|
a. |
Comhdhlúthú |
Féach Roinn 1.4.2. Úsáidtear an teicníc i gcomhar le ceann amháin nó meascán de theicnící (b) go (g) chun gáis neamh-chomhdhlúite a chóireáil. |
|
b. |
Asúchán |
Féach Roinn 1.4.2. |
|
c. |
Bithscagaire |
|
|
d. |
Dóchán i nghalchoire de gháis bhréana, lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite |
|
|
e. |
Ocsaídiú teirmeach |
|
|
f. |
Sciúrthóir fliuch |
|
|
g. |
Bithsciúrthóir |
|
Tábla 1.10:
Leibhéil astaíochtaí a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) maidir le hastaíochtaí clasaithe de bholadh, comhdhúile orgánacha, NH3 agus H2S ó rindreáil, leá saille, próiseáil fola agus/nó cleití
|
Substaint/Paraiméadar |
Aonad |
BAT-AEL |
|
Tiúchan bolaidh |
ouE/m3 |
|
|
TVOC |
mg C/Nm3 |
0,5 –16 |
|
NH3 |
mg/Nm3 |
0,1 –4 (3) |
|
H2S |
< 0,1 –1 (4) |
|
|
(1)
D’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm ag an raon BAT-AELanna i gcás dócháin (e.g. in ocsaídeoirí teirmeacha nó i ngalchoirí) de gháis bhréana i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas araon: — tá an teocht dócháin sách ard (sa raon 750-850 °C go hiondúil) le haga cónaithe leordhóthanach (idir 1 agus 2 shoicind go hiondúil); agus — tá an éifeachtúlacht laghdaithe bolaidh ≥ 99 %, nó mar rogha malartach, níl boladh próiseas inbhraite sna fuíollgháis chóireáilte.
(2)
I gcás teicnící laghdaithe astaíochtaí seachas dóchán gás bréan, féadfaidh ceann uachtair an raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 3 000 ouE/m3 más tá an éifeachtúlacht laghdaithe bolaidh ≥ 92 %, nó mar rogha mhalartach, nach bhfuil boladh próiseas inbhraite sna fuíollgháis chóireáilte.
(3)
Féadfaidh ceann uachtair an raoin BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 7 mg/Nm3 i gcás dócháin (e.g. in ocsaídeoirí teirmeacha nó i ngalchoirí) gás bréan.
(4)
Níl feidhm ag an raon BAT-AELanna ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil H2S ábhartha sa sruth dramhgháis bunaithe ar an bhfardal ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2. |
||
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 8.
Tábla 1.11
Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí clasaithe de bholadh, de chomhdhúile orgánacha agus de NH3 ó tháirgeadh mine éisc agus ola éisc
|
Substaint/Paraiméadar |
Aonad |
BAT-AEL |
|
Tiúchan bolaidh |
ouE/m3 |
400 –3 500 (1) |
|
TVOC (2) |
mg C/Nm3 |
1 –14 |
|
NH3 (2) |
mg/Nm3 |
0,1 –7 |
|
(1)
D’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm ag an raon BAT-AELanna i gcás dócháin (e.g. in ocsaídeoirí teirmeacha nó i ngalchoirí) de gháis bhréana i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas araon: — tá an teocht dócháin sách ard (sa raon 750-850 °C go hiondúil) le haga cónaithe leordhóthanach (idir 1 agus 2 shoicind go hiondúil) agus; — tá an éifeachtúlacht laghdaithe bolaidh agus ≥ 99 % nó, mar rogha mhalartach, níl boladh próiseas inbhraite sna fuíollgháis chóireáilte.
(2)
Níl feidhm ag an BAT-AEL ach amháin i gcás dócháin (e.g. in ocsaídeoirí teirmeacha nó i ngalchoirí) de gháis bhréana, lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite. |
||
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 8.
1.4. Tuairisc ar theicnící
1.4.1. Astaíochtaí isteach san uisce
|
Teicníc |
Tuairisc |
|
Próiseas an tsloda ghníomhachtaithe |
Próiseas bitheolaíochta ina gcoinnítear na miocrorgánaigh ar fuaidreamh i bhfuíolluisce agus déantar an meascán iomlán a aerú go meicniúil. Seoltar an meascán sloda ghníomhachtaithe chuig saoráid deighilte, óna ndéantar an sloda a athchúrsáil chuig an umar aeraithe. |
|
Murlach aeróbach |
Abhantrach cré éadomhain chun fuíolluisce a chóireáil go bitheolaíoch, a measctar an t-ábhar inti go tréimhsiúil ionas gur féidir le hocsaigin dul isteach sa leacht trí idirleathadh atmaisféarach. |
|
Próiseas teagmhála anaeróbach |
Próiseas anaeróbach ina measctar fuíolluisce le sloda athchúrsáilte agus ansin go ndíleáitear in imoibreoir séalaithe é. Deighltear an meascán uisce/sloda go seachtrach. |
|
Ocsaídiú ceimiceach (e.g. le hózón) |
Is é is ocsaídiú ceimiceach ann, truailleáin a thiontú le hoibreáin ocsaídithe cheimiceacha seachas ocsaigin/aer nó baictéar i gcomhdhúile comhchosúla ach nach bhfuil chomh díobhálach ná guaiseach céanna agus/nó ina gcomhpháirteanna orgánacha gearrshlabhracha agus níos indíghrádaithe nó bith-dhíghrádaithe. Sampla amháin d’oibreán ocsaídithe ceimiceach a chuirtear i bhfeidhm is ea an t-ózón. |
|
Téachtadh agus flocasú |
Úsáidtear téachtadh agus flocasú chun solaid ar fuaidreamh a dheighilt ó fhuíolluisce agus is minic a dhéantar i gcéimeanna comhleanúnacha iad. Déantar téachtadh trí théachtaigh a chur isteach a bhfuil luchtanna urchomhaireacha acu i gcomórtas leis na solaid ar fuaidreamh. Déantar flocasú trí pholaiméirí a chur isteach, ionas go mbuailfidh micreaflocais in aghaidh a chéile, rud a fhágfaidh go ndéanfar flocais níos mó díobh. |
|
Cothromú |
Sreafaí agus ualaí truailleán a chothromú trí umair nó teicnící bainistíochta eile a úsáid. |
|
Baint bhreisithe bhitheolaíoch fosfair |
Meascán de chóireáil aeróbach agus anaeróbach chun miocrorgánaigh a bhailíonn polafosfáití a shaibhriú go roghnaitheach sa phobal baictéarach laistigh den sloda gníomhachtaithe. Úsáideann na miocrorgánaigh sin níos mó fosfair ná mar is gá le haghaidh anghnáthfháis. |
|
Scagachán |
Solaid a dheighilt ó fhuíolluisce trína chur trí mheán póiriúil, e.g. scagachán gainimh, micreascagachán agus ultrascagachán. |
|
Snámhacht |
Cáithníní soladacha nó leachtacha a dheighilt ó fhuíolluisce trína gceangal le mínbholgáin gháis, aer de ghnáth. Tagann na cáithníní snámhacha le chéile ar dhromchla an uisce agus bailítear iad le scimíní. |
|
Bith-imoibreoir scannáin |
Meascán de chóireáil sloda ghníomhachtaithe agus scagachán scannáin. Úsáidtear dhá leagan: a) lúb seachtrach athshruthaithe idir an t-umar sloda gníomhachtaithe agus an modúl scannáin; agus b) tumadh an mhodúil scannáin san umar sloda gníomhachtaithe aeraithe, áit a scagtar an t-eisilteach trí scannán snáithín folamh, agus fágtar an bhithmhais san umar. |
|
Neodrú |
pH fuíolluisce a choigeartú go leibhéal neodrach (thart ar 7) trí cheimiceáin a chur leis. Is gnách hiodrocsaíd sóidiam (NaOH) nó hiodrocsaíd chailciam (Ca(OH)2) a úsáid chun an pH a ardú ach is gnách aigéad sulfarach (H2SO4), aigéad hidreaclórach (HCI) nó dé-ocsaíd charbóin (CO2) a úsáid chun an pH a laghdú. D’fhéadfadh deascadh substaintí áirithe a tharlú le linn neodraithe. |
|
Nítriginiú agus/nó dínítriginiú |
Próiseas dhá chéim atá ionchorpraithe de ghnáth i ngléasraí cóireála bitheolaíche fuíolluisce. Is í an chéad chéim nítriginiú aeróbach ina ndéanann miocrorgánaigh ocsaídiú ar amóiniam (NH4 +) go dtí an nítrít idirmheánach (NO2 -), agus déantar é sin a ocsaídiú a thuilleadh go dtí níotráit (NO3 -). Sa chéim ina dhiaidh sin, is é sin dínítriginiú anocsaineach, dí-ocsaídíonn miocrorgánaigh níotráit go ceimiceach go gás nítrigine. |
|
Fosfar a athshlánú mar strúivít |
Athshlánaítear fosfar atá i sruthanna fuíolluisce trí fhrasaíocht i bhfoirm strúivít (fosfáit amóiniam maignéisiam). |
|
Deascadh |
Truailleáin tuaslagtha a thiontú ina gcomhdhúile dothuaslagtha trí dheascairí ceimiceacha a chur leo. Déantar na deascáin sholadacha a chruthaítear a dheighilt ina dhiaidh sin trí mhoirtiú, trí shnámhacht aeir nó trí scagachán. Úsáidtear iain ilfhiúsacha mhiotail (e.g. cailciam, alúmanam, iarann) chun deascadh a dhéanamh ar fhosfar. |
|
Moirtiú |
Cáithníní ar fuaidreamh a dheighilt trí shocrú imtharraingteach. |
1.4.2. Astaíochtaí isteach san aer
|
Teicníc |
Tuairisc |
|
Asúchán |
Baintear comhdhúile orgánacha as sruth fuíollgháis trína gcoinneáil ar dhromchla soladach (carbón gníomhachtaithe de ghnáth). |
|
Málascagaire |
Déantar málascagairí, nó scagairí fabraice mar a thugtar go minic orthu, as fabraic phóiriúil fhite nó fheiltithe a gcuirtear gáis tríthi chun cáithníní a bhaint. Chun málascagaire a úsáid ní mór fabraic a roghnú atá oiriúnach do shaintréithe an dramhgháis agus don uasteocht oibríochtúil. |
|
Bithscagaire |
Cuirtear an sruth dramhgháis trí scair ábhair orgánaigh (amhail móin, fraoch, díleáiteán, fréamh, coirt chrainn, adhmad bog agus cineálacha meascán difriúla) nó roinnt ábhar támh (amhail cré, carbón gníomhachtaithe agus polúireatán) i gcás ina ndéanann miocrorgánaigh a tharlaíonn go nádúrtha ocsaídiú ar bhonn bitheolaíoch air go dé-ocsaíd charbóin, uisce, salainn neamh-orgánach agus bithmhais. Deartar bithscagaire agus an cineál/na cineálacha ionchuir dramhaíola á chur/gcur san áireamh. Roghnaítear ábhar leaba iomchuí, e.g. i dtéarmaí acmhainneacht um choinneáil uisce, dlús toirte, póiriúlacht, sláine struchtúrach. Tá airde agus achar dromchla iomchuí an leaba scagacháin tábhachtach freisin. Tá an bithscagaire ceangailte le córas aeraithe agus ciorclaíochta aeir oiriúnach chun a áirithiú go mbíonn dáileadh aeir aonfhoirmeach ar fud an leaba agus go mbíonn aga cónaithe leordhóthanach den fhuíollghás laistigh den leaba. Is féidir bithscagairí a dheighilt ina mbithscagairí oscailte agus bithscagairí iata. |
|
Bithsciúrthóir |
Túrscagaire pacáilte le hábhar pacála támh a fhliuchtar go leanúnach de ghnáth trí uisce a spré. Ionsúitear truailleáin aeir sa chéim leachta agus ina dhiaidh sin díghrádaítear iad le miocrorgánaigh a shocraíonn ar na heilimintí scagaire. |
|
Dóchán i ngalchoire de gháis bhréana, lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite |
Dóitear gáis bhréana lena n-áirítear gáis neamh-chomhdhlúite i ngalchoire sa tsuiteáil. |
|
Comhdhlúthú |
Gala comhdhúile orgánacha agus neamh-orgánacha ó easghás próisis nó ó shruth dramhgháis a bhaint trína theocht a laghdú faoi bhun a theocht drúchtphointe ionas go leachtaítear na gala. |
|
Ocsaídiú teirmeach |
Gáis indóite agus bolaígh a ocsaídiú i sruth dramhgháis trí mheascán na n-éilleán a théamh le haer nó ocsaigin go dtí teocht os cionn a phointe uathadhainte i gcuasán dócháin agus iad a choimeád ag teocht ard ar feadh tréimhse fada go leor chun a ndóchán go dé-ocsaíd charbóin agus uisce a chur i gcrích. |
|
Sciúrthóir fliuch |
Truailleáin ghásacha nó cháithníneacha a bhaint as sruth gáis trí aistriú maise chuig tuaslagóir leachtach, ar mhinic uisce nó tuaslagán uiscí é. D’fhéadfadh imoibriú ceimiceach a bheith i gceist leis (e.g. i sciúrthóir aigéadach nó alcaileach). I gcásanna áirithe, is féidir na comhdhúile a aisghabháil ón tuaslagóir. |
1.4.3. Cuisneáin a úsáid
|
Plean bainistithe cuisnithe |
Tá plean bainistithe cuisnithe mar chuid den chóras bainistithe comhshaoil (féach BAT 1) agus is é atá i gceist leis: — faireachán ar ídiú fuinnimh an chórais chuisnithe (féach BAT 6); — bearta oibríochtúla amhail trealamh a iniúchadh agus a chothabháil, doirse a dhúnadh nuair is féidir; oibriú trealaimh ag baill foirne a bhfuil taithí acu; — faireachán ar chaillteanais cuisneán (féach BAT 6). |
( 1 ) Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).
( 2 ) Treoir (AE) 2015/2193 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le hastaíochtaí truailleán áirithe san aer ó mheánghléasraí dócháin a theorannú (IO L 313, 28.11.2015, lch. 1).
( 3 ) Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).