02021R0422 — GA — 31.08.2021 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/422 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Márta 2021

maidir le hullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg (sealbhóir an údaraithe: Lactosan GmbH & Co KG)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 083 10.3.2021, lch. 25)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1414 ÓN gCOIMISIÚN  an 27 Lúnasa 2021

  L 304

21

30.8.2021




▼B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/422 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Márta 2021

maidir le hullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg (sealbhóir an údaraithe: Lactosan GmbH & Co KG)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “cobhsaitheoirí fhlóra na stéige”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

▼M1




IARSCRÍBHINN



Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

CFU/l d’uisce óil

Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige

4b1841

Lactosan GmbH & Co KG

Enterococcus faecium DSM 7134

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid Enterococcus faecium

DSM 7134

ina bhfuil íoschion de na nithe seo a leanas:

Púdar: 1x1010 CFU/g de bhreiseán

Gráinníní (micrimchochlaithe): 1x1010

CFU/g de bhreiseán

Béaróga

-

1 x 109

-

5 x 108

-

1.  Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.  Féadfar an breiseán a úsáid in uisce óil.

3.  Maidir le húsáid an bhreiseáin in uisce óil, áiritheofar scaipeadh aonchineálach an bhreiseáin.

4.  I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as úsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán. I gcás nach féidir deireadh a chur leis na rioscaí sin nó iad a laghdú a oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta iomchuí, lena n-áirítear cosaint don análú agus don chraiceann.

30.3.2031

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Enterococcus faecium DSM 7134

Modh anailíse (1)

Maidir le háireamh: Modh an leata ar phláta agus úsáid á baint as agar aisíde eisciline domlais (EN 15788).

Maidir le sainaitheantas: Leictreafóiréis ghlóthaí bhíogréimse (PFGE).

(1)   

Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports