02021R2077 — GA — 29.11.2021 — 000.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2077 ÓN gCOIMISIÚN an 26 Samhain 2021 maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 7.366 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 426 29.11.2021, lch. 5) |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2077 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Samhain 2021
maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 7.366 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn substaint a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “aimíonaigéid, a salainn agus a n-analóga”, údaraítear í mar bhreiseán beathaithe i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
|
mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||
|
Catagóir breiseán cothaitheach Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus a n-analóga |
|||||||||
|
►C1 3c371ii ◄ |
- |
L-vailín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Púdar inarb é 98 % an t-íosmhéid L-vailín (ar bhonn ábhar tirim) agus 1,5 % an t-uaschion uisce. |
Gach speiceas |
- |
|
|
1. Féadfar an breiseán a úsáid in uisce óil. 2. Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin, déanfar na dálaí stórála, an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa agus an chobhsaíocht in uisce óil a shonrú. 3. Ar lipéad an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin, déanfar an méid seo a leanas a shonrú: “I gcás ina mbaintear úsáid as L-vailín mar fhorlíonadh, go háirithe in uisce óil, ba cheart na haimíonaigéid riachtanacha uile atá riachtanach agus coinníollach a chur san áireamh chun míchothromaíochtaí a sheachaint.” 4. Ar mhaithe le húsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú, teagmháil súl nó teagmháil dheirmeach. I gcás nach féidir deireadh a chur leis na rioscaí sin nó iad a laghdú a oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta iomchuí, lena n-áirítear cosaint do na súile, don chraiceann agus don análú. |
19 Nollaig 2031 |
|
Tréithriú na substainte gníomhaí L-vailín (aigéad (2S)-2-aimínea-3-meitiolbútánóch) arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 7.366 Foirmle cheimiceach: C5H11NO2 Uimhir CAS: 72-18-4 |
|||||||||
|
Modh anailíse (1) Maidir le L-vailín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint: — Codex na dTáirgí Ceimiceacha Bia “monagraf L-vailín” — Maidir le vailín sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú: — crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath fótaiméadrach (IEC-VIS) Maidir le vailín i réamh-mheascáin, in ábhair bheatha agus i mbeatha cumaisc a chainníochtú: — crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath fótaiméadrach (IEC-VIS) – Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (Iarscríbhinn III, F) Maidir le vailín in uisce a chainníochtú: — crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS/FD) |
|||||||||
|
(1)
Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports |
|||||||||