02014R0910 — GA — 20.05.2024 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 910/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 23 Iúil 2014 (IO L 257 28.8.2014, lch. 73) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2024/1183 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Aibreán 2024 |
L 1183 |
1 |
30.4.2024 |
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 910/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Iúil 2014
maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhele haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Is é is aidhm don Rialachán seo feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus soláthar leibhéil leordhóthanaigh slándála a áirithiú i gcás na modhanna ríomh-shainaitheantais agus na seirbhísí iontaoibhe a úsáidtear ar fud an Aontais, chun go mbeidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha in ann an ceart chun páirt a ghlacadh go sábháilte sa tsochaí dhigiteach agus chun rochtain a bheith acu ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha ar líne ar fud an Aontais a fheidhmiú agus chun an ceart sin a éascú. Chun na gcríoch sin, déantar an méid seo a leanas leis an Rialachán seo:
leagtar síos na coinníollacha faoina bhfuil na Ballstáit le modhanna ríomh-shainaitheantais daoine nádúrtha agus dlítheanacha a thagann faoi scéim ríomh-shainaitheantais de chuid Ballstáit eile ar tugadh fógra ina leith a aithint agus le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar agus a aithint;
leagtar síos na rialacha maidir le seirbhísí iontaoibhe, go háirithe i gcás ríomh-idirbheart;
bunaítear creat dlí le haghaidh ríomhshínithe, ríomhshéalaí, ríomhstampaí ama, ríomhdhoiciméad, ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe, seirbhísí deimhnithe d’fhíordheimhniú suíomhanna gréasáin, ríomhchartlannú, ríomhdhearbhú saintréithe, gléasanna cruthaithe ríomhshínithe, gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí, agus mórleabhair leictreonacha.
Airteagal 2
Raon feidhme
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “ríomh-shainaitheantas” an próiseas arb é atá ann úsáid a bhaint as sonraí sainaitheantais duine i bhfoirm leictreonach, ar sonraí iad a léiríonn, go huathúil, duine nádúrtha nó dlítheanach, nó duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhuine nádúrtha eile nó ar dhuine dlítheanach;
ciallaíonn “modh ríomh-shainaitheantais” aonad ábharach agus/nó neamhábharach ina bhfuil sonraí sainaitheantais duine agus a mbaintear úsáid as chun seirbhís ar líne nó, i gcás inarb iomchuí, seirbhís as líne a fhíordheimhniú;
ciallaíonn “sonraí sainaitheantais duine” tacar sonraí a eisítear i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus lenar féidir céannacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhuine dlítheanach eile nó ar dhuine dlítheanach, a shuí.
ciallaíonn “scéim ríomh-shainaitheantais” córas chun ríomh-shainaitheantas a dhéanamh faoina ndéantar modhanna ríomh-shainaitheantais a eisiúint do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nó do dhaoine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha eile nó ar dhaoine dlítheanacha;
ciallaíonn “fíordheimhniú” ríomhphróiseas lenar féidir ríomh-shainaitheantas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a dheimhniú nó tionscnamh agus sláine sonraí i bhfoirm leictreonach a dheimhniú;
ciallaíonn “úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, nó duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhuine nádúrtha eile nó ar dhuine dlítheanach, a úsáideann seirbhísí iontaoibhe nó modhanna ríomh-shainaitheantais arna soláthar i gcomhréir leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “an páirtí is úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhraitheann ar ríomh-shainaitheantais, ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití nó ar mhodhanna eile ríomh-shainaitheantais, nó ar sheirbhís iontaoibhe;
ciallaíonn “comhlacht poiblí” an stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na húdaráis sin nó ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí, nó eintiteas príobháideach a bhfuil sainordú aige ó cheann amháin ar a laghad de na húdaráis sin, de na comhlachtaí sin nó de na comhlachais sin seirbhísí poiblí a sholáthar ag feidhmiú dó faoi shainordú den sórt sin;
ciallaíonn “comhlacht a rialaítear faoin dlí poiblí” mar a shainítear é i bpointe (4) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
ciallaíonn “sínitheoir” duine nádúrtha a chruthaíonn ríomhshíniú;
ciallaíonn “ríomhshíniú” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí i bhfoirm leictreonach eile, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, agus a úsáideann an sínitheoir le síniú a dhéanamh;
ciallaíonn “ríomhshíniú ardleibhéil” ríomhshíniú a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 26;
ciallaíonn “ríomhshíniú cáilithe” ríomhshíniú ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;
ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe” sonraí uathúla a úsáideann an sínitheoir chun ríomhshíniú a chruthú;
ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshínithe” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshínithe a nascadh le duine nádúrtha agus lena ndearbhaítear ar a laghad ainm nó ainm bréige an duine sin;
ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe” deimhniú le haghaidh ríomhshínithe, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I;
ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe” ríomhsheirbhís arna soláthar de ghnáth ar luach saothair agus arb é atá inti aon cheann díobh seo a leanas:
éisiúint deimhnithe le haghaidh ríomhshínithe, deimhnithe le haghaidh ríomhshéalaí, deimhnithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin nó deimhnithe le haghaidh seirbhísí iontaoibhe eile a sholáthar;
bailíochtú deimhnithe le haghaidh ríomhshínithe, deimhnithe le haghaidh ríomhshéalaí, deimhnithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin nó deimhnithe le haghaidh seirbhísí iontaoibhe eile a sholáthar;
cruthú ríomhshínithe nó ríomhshéalaí;
bailíochtú ríomhshínithe nó ríomhshéalaí;
caomhnú ríomhshínithe, ríomhshéalaí, deimhnithe le haghaidh ríomhshínithe nó deimhnithe le haghaidh ríomhshéalaí;
bainistiú a dhéanamh ar ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cianda nó ar ghléasanna cruthaithe ríomhshéala cianda;
eisiúint ríomhdhearbhuithe saintréithe;
bailíochtú ríomhdhearbhuithe saintréithe;
cruthú ríomhstampaí ama;
bailíochtú ríomhstampaí ama;
soláthar ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe;
bailíochtú sonraí arna dtarchur trí ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe agus fianaise ghaolmhar;
ríomhchartlannú sonraí leictreonacha agus doiciméad leictreonach;
sonraí leictreonacha a thaifeadadh i mórleabhar leictreonach;
ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe cháilithe” seirbhís iontaoibhe a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo;
ciallaíonn “comhlacht measúnaithe comhréireachta” comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 13, de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an Rialachán sin á rá go bhfuil sé inniúil ar mheasúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn sé, nó inniúil chun deimhniú a dhéanamh ar Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí nó ar mhodhanna ríomh-shainaitheantais;
ciallaíonn “soláthraí seirbhísí iontaoibhe” duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann seirbhís iontaoibhe amháin nó níos mó ar fáil cibé acu mar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó mar sholáthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe;
ciallaíonn “soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe” soláthraí seirbhísí iontaoibhe a chuireann seirbhís iontaoibhe cáilithe amháin nó níos mó ar fáil agus a ndeonaíonn an comhlacht maoirseachta stádas mar sholáthraí cáilithe dó;
ciallaíonn “táirge” crua-earraí nó bogearraí, nó comhpháirteanna ábhartha crua-earraí nó bogearraí, atá beartaithe lena n-úsáid chun ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;
ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshíniú a chruthú;
ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe” gléas cruthaithe ríomhshínithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;
ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda” gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe arna bhainistiú ag soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 29a thar ceann sínitheora;
ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithe cianda” gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithe arna bhainistiú ag soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 39a thar ceann cruthaitheoir séala;
ciallaíonn “cruthaitheoir séala” duine dlítheanach a chruthaíonn ríomhshéala;
ciallaíonn “ríomhshéala” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí eile i bhfoirm leictreonach, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, chun foinse agus sláine na sonraí eile a áirithiú;
ciallaíonn “ríomhshéala ardleibhéil” ríomhshéala a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 36:
ciallaíonn “ríomhshéala cáilithe” ríomhshéala ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí;
ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshéala” sonraí uathúla a úsáideann cruthaitheoir an ríomhshéala chun ríomhshéala a chruthú;
ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshéala” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshéala a nascadh le duine dlítheanach agus lena ndearbhaítear ainm an duine sin;
ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala” deimhniú le haghaidh ríomhshéala a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III;
ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshéala a chruthú;
ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithe” gléas um chruthú ríomhshéala a chomhlíonann mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;
ciallaíonn “ríomhstampa ama” sonraí i bhfoirm leictreonach a cheanglaíonn shonraí eile i bhfoirm leictreonach d’am ar leith, agus a shuíonn trína bhíthin sin fianaise go raibh na sonraí eile sin ann ag an am sin;
ciallaíonn “ríomhstampa ama cáilithe” ríomhstampa a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 42;
ciallaíonn “ríomhdhoiciméad” aon ábhar a stóráiltear i bhfoirm leictreonach nó mar thaifead fuaime, mar thaifead amhairc nó mar thaifead closamhairc;
ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe” seirbhís a fhágann go bhféadfar sonraí a tharchur idir tríú páirtithe le ríomh-mhodhanna agus a chuireann fianaise ar fáil maidir le láimhseáil na sonraí a tarchuireadh, lena n-áirítear cruthúnas gur seoladh agus/nó go bhfuarthas iad, agus a dhéanann na sonraí a tarchuireadh a chosaint ar an riosca go ndéanfar iad a chailliúint, a ghoid, nó go ndéanfar damáiste dóibh nó athrú neamhúdaraithe orthu;
ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta cáilithe atá cláraithe” ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 44;
ciallaíonn “deimhniú le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin” ríomhdhearbhú trínar féidir suíomh gréasáin a fhíordheimhniú agus trína nasctar an suíomh gréasán leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá n-eisítear an deimhniú;
ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin” deimhniú le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV;
ciallaíonn “sonraí bailíochtaithe” na sonraí a úsáidtear chun ríomhshíniú nó ríomhshéala a bhailíochtú;
ciallaíonn “bailíochtú” an próiseas lena bhfíoraítear agus lena ndeimhnítear go bhfuil sonraí i bhfoirm leictreonach bailí i gcomhréir leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “Tiachóg Eorpach Céannachta Digití” modh ríomh-shainaitheantais lenar féidir leis an úsáideoir sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe saintréithe a stóráil, a bhainistiú agus a bhailíochtú go slán chun iad a sholáthar do pháirtithe is úsáideoirí agus d’úsáideoirí eile Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, agus iad a shíniú trí bhíthin ríomhshínithe cáilithe nó iad a shéalú trí bhíthin ríomhshéalaí cáilithe;
ciallaíonn “saintréith” tréith, cáilíocht, ceart nó cead de chuid duine nádúrtha nó duine dlítheanaigh nó de chuid ruda;
ciallaíonn “ríomhdhearbhú saintréithe” dearbhú i bhfoirm leictreonach lenar féidir saintréithe a fhíordheimhniú;
ciallaíonn “ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe” ríomhdhearbhú saintréithe, ríomhdhearbhú a eisíonn soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V;
ciallaíonn “ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann” ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó ag comhlacht poiblí a ainmníonn an Ballstát chun dearbhuithe saintréithe den sórt sin a eisiúint thar ceann na gcomhlachtaí earnála poiblí atá freagrach as foinsí barántúla i gcomhréir le hAirteagal 45f agus le hIarscríbhinn VII;
ciallaíonn “foinse bharántúil” stór nó córas, a choinnítear faoi fhreagracht comhlachta phoiblí nó eintitis phríobháidigh, ina bhfuil agus lena soláthraítear saintréithe maidir le duine nádúrtha nó dlítheanach nó rud agus a mheastar a bheith ina phríomhfhoinse don fhaisnéis sin nó a bhfuil aitheantas aige mar stór barántúil nó córas barántúil i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear cleachtas riaracháin;
ciallaíonn “ríomhchartlannú” seirbhís lena n-áirithítear fáil, stóráil, aisghabháil agus scriosadh sonraí leictreonacha agus doiciméad leictreonach chun a marthanacht agus a n-inléiteacht a áirithiú agus chun a sláine, a rúndacht agus a gcruthúnas ar thionscnamh a chaomhnú le linn na tréimhse caomhnaithe;
ciallaíonn “seirbhís ríomhchartlannaithe cháilithe” seirbhís ríomhchartlannaithe a sholáthraíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45j;
ciallaíonn “Trustmharc na Tiachóige Céannachta Digití Eorpaí” léiriú infhíoraithe, simplí agus so-aitheanta a chuirtear in iúl ar bhealach soiléir gur soláthraíodh Tiachóg Eorpach Céannachta Digití i gcomhréir leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “fíordheimhniú láidir úsáideora” fíordheimhniú bunaithe ar úsáid a bhaint as dhá fhachtóir fíordheimhniúcháin ar a laghad ó chatagóirí éagsúla — eolas, rud is eol don úsáideoir amháin, seilbh, rud nach bhfuil ach ag an úsáideoir amháin nó oidhreacht, rud ar de chuid an úsáideora é, — ar catagóirí neamhspleácha iad sa mhéid nach gcuirtear, le sárú ar cheann amháin díobh, iontaofacht na gceann eile i mbaol, agus is fíordheimhniú é atá deartha ar bhealach lena gcosnaítear rúndacht na sonraí fíordheimhniúcháin;
ciallaíonn “mórleabhar leictreonach” seicheamh de thaifid sonraí leictreonacha, lena n-áirithítear sláine na dtaifead sin agus cruinneas ord cróineolaíoch na dtaifead sin;
ciallaíonn “mórleabhar leictreonach cáilithe” mórleabhar leictreonach a sholáthraíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45l;
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;
ciallaíonn “meaitseáil céannachta” próiseas ina ndéantar sonraí sainaitheantais duine nó modhanna ríomh-shainaitheantais duine a mheaitseáil le cuntas atá ann cheana a bhaineann leis an duine céanna nó ina ndéantar iad a nascadh le cuntas den sórt sin;
ciallaíonn “taifead sonraí” sonraí leictreonacha a thaifeadtar le meiteashonraí gaolmhara a thacaíonn le próiseáil na sonraí;
ciallaíonn “modh as líne”, a mhéid a bhaineann le húsáid Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, idirghníomhaíocht idir úsáideoir agus tríú páirtí i suíomh fisiciúil lena n-úsáidtear teicneolaíochtaí dlúthghaireachta, sa chaoi is nach gá don Tiachóg Eorpach Céannachta Digití rochtain a fháil ar chórais chianda trí líonraí cumarsáide leictreonaí chun críoch na hidirghníomhaíochta.
Airteagal 4
Prionsabal an mhargaidh inmheánaigh
Airteagal 5
Ainmneacha bréige in idirbheart leictreonach
Gan dochar do rialacha sonracha de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta lena gceanglaítear ar úsáideoirí iad féin a shainaithint ná don éifeacht dhlíthiúil a thugtar d’ainmneacha bréige faoin dlí náisiúnta, ní chuirfear toirmeasc ar úsáid ainmneacha bréige a roghnaíonn an t-úsáideoir.
CAIBIDIL II
RÍOMH-SHAINAITHEANTAS
ROINN 1
tiachóg eorpach céannachta digití
Airteagal 5a
Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití
Déanfar Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar ar cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas:
ar bhealach díreach ag Ballstát;
faoi shainordú ó Bhallstát;
ar bhealach atá neamhspleách ar Bhallstát ach iad aitheanta ag an mBallstát sin.
Le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, beidh an t-úsáideoir in ann, ar bhealach atá soláimhsithe, trédhearcach agus inrianaithe ag an úsáideoir, an méid seo a leanas a dhéanamh:
sonraí sainaitheantais duine a iarraidh, a fháil, a roghnú, a chomhcheangal, a stóráil, a scriosadh, a chomhroinnt agus a thíolacadh, ar bhealach slán agus faoi rialú aonair an úsáideora, agus, i gcás inarb infheidhme, in éineacht le ríomhdhearbhuithe saintréithe, páirtithe is úsáideoirí a fhíordheimhniú ar líne agus, i gcás inarb infheidhme, sa mhodh as líne, chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, agus á áirithiú gur féidir sonraí a nochtadh go roghnaíoch;
ainmneacha bréige a ghiniúint agus iad a stóráil, criptithe agus go háitiúil, laistigh den Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí;
Tiachóg Eorpach Céannachta Digití duine eile a fhíordheimhniú go slán, agus sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe saintréithe a fháil agus a chomhroinnt ar bhealach slán idir an dá Thiachóg Eorpaí Céannachta Digití;
rochtain a fháil ar loga na n-idirbheart uile a dhéantar tríd an Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí trí dheais chomhchoiteann lenar féidir leis an úsáideoir an méid seo a leanas a dhéanamh:
amharc ar liosta cothrom le dáta de na páirtithe is úsáideoirí a bhfuil nasc bunaithe ag an úsáideoir leo agus, i gcás inarb infheidhme, na sonraí uile a malartaíodh;
a iarraidh go héasca go ndéanfadh páirtí is úsáideoir sonraí pearsanta a léirscriosadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/679;
páirtí is úsáideoir a thuairisciú go héasca don údarás inniúil náisiúnta cosanta sonraí, i gcás ina bhfaightear iarraidh ar shonraí a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach nó amhrasach;
síniú trí bhíthin ríomhshínithe cáilithe nó séalú trí bhíthin ríomhshéalaí cáilithe;
sonraí an úsáideora, an ríomhdhearbhú saintréithe agus cumraíochtaí a íoslódáil a mhéid is indéanta go teicniúil;
cearta an úsáideora chun iniomparthachta sonraí a fheidhmiú.
Le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, déanfar an méid seo a leanas, go háirithe:
tacófar le prótacail chomhchoiteanna agus comhéadain chomhchoiteanna:
chun sonraí sainaitheantais duine, ríomhdhearbhuithe saintréithe cáilithe agus neamhcháilithe nó deimhnithe cáilithe agus neamhcháilithe a eisiúint don Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí;
chun go mbeidh páirtithe is úsáideoirí in ann sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe saintréithe a iarraidh agus a bhailíochtú;
chun sonraí sainaitheantais duine, ríomhdhearbhú saintréithe nó sonraí gaolmhara arna nochtadh go roghnaitheach ar líne agus, i gcás inarb iomchuí, sa mhodh as líne a chomhroinnt agus a thíolacadh do pháirtithe is úsáideoirí;
chun gur féidir leis an úsáideoir idirghníomhaíocht leis an Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí a cheadú agus chun Trustmharc na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a thaispeáint;
chun an t-úsáideoir a ionduchtú go slán trí mhodh ríomh-shainaitheantais a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 5a(24);
chun idirghníomhú idir Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití beirte chun sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe saintréithe a fháil, a bhailíochtú agus a chomhroinnt ar bhealach slán;
chun páirtithe is úsáideoirí a fhíordheimhniú agus a shainaithint trí shásraí fíordheimhnithe a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 5b;
chun go mbeidh páirtithe is úsáideoirí in ann barántúlacht agus bailíocht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a fhíorú;
chun iarraidh ar pháirtí is úsáideoir sonraí pearsanta a léirscriosadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/679;
chun páirtí is úsáideoir a thuairisciú don údarás inniúil náisiúnta cosanta sonraí i gcás ina bhfaightear iarraidh ar shonraí a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach nó amhrasach;
chun ríomhshínithe cáilithe nó ríomhshéalaí cáilithe a chruthú trí bhíthin gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe nó ríomhshéalaí cáilithe;
ní sholáthrófar aon fhaisnéis do sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe ríomhdhearbhuithe saintréithe faoi úsáid na ríomhdhearbhuithe sin;
áiritheofar gur féidir céannacht na bpáirtithe is úsáideoirí a fhíordheimhniú agus a shainaithint trí shásraí fíordheimhnithe a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 5b;
comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i ndáil le leibhéal dearbhaithe “ard”, go háirithe mar a chuirtear i bhfeidhm iad ar na ceanglais maidir le céannacht a phromhadh agus a fhíorú, agus le modhanna ríomh-shainaitheantais a bhainistiú agus a fhíordheimhniú;
i gcás ríomhdhearbhú saintréithe ina bhfuil beartais nochta leabaithe, an sásra iomchuí a chur chun feidhme chun an t-úsáideoir a chur ar an eolas go bhfuil cead ag an bpáirtí is úsáideoir nó ag úsáideoir na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a iarrann an ríomhdhearbhú saintréithe sin rochtain a fháil ar dhearbhú den sórt sin;
áiritheofar go ndéanfar, le sonraí sainaitheantais duine, atá ar fáil ón scéim ríomh-shainaitheantais faoina bhfuil Tiachóg Eorpach Céannachta Digití á soláthar, léiriú uathúil ar an duine nádúrtha, ar an duine dlítheanach nó ar an duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar an duine nádúrtha nó dlítheanach, agus go mbeidh baint ag na sonraí leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití sin;
cuirfear ar chumas gach duine nádúrtha síniú a dhéanamh trí bhíthin ríomhshínithe cáilithe mar réamhshocrú agus saor in aisce.
D’ainneoin phointe (g) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le bearta comhréireacha chun a áirithiú go mbeidh úsáid saor in aisce ríomhshínithe cáilithe ag daoine nádúrtha teoranta do chríocha neamhghairmiúla.
Soláthróidh na Ballstáit sásraí bailíochtaithe saor in aisce, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
a áirithiú gur féidir barántúlacht agus bailíocht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a fhíorú;
ligean d’úsáideoirí barántúlacht agus bailíocht chéannacht na bpáirtithe is úsáideoirí atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5b a fhíorú.
Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir bailíocht na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a chúlghairm sna himthosca seo a leanas:
ar iarraidh shainráite ón úsáideoir;
i gcás inar cuireadh slándáil na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití i mbaol;
ar bhás an úsáideora nó ar scor de ghníomhaíocht an duine dhlítheanaigh.
Le creat teicniúil na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití:
ní cheadófar do sholáthraithe ríomhdhearbhuithe saintréithe ná d’aon pháirtí eile, tar éis an dearbhú saintréithe a eisiúint, sonraí a fháil lenar féidir idirbhearta nó iompraíocht úsáideoirí a rianú, a nascadh nó a chomhghaolú, ná eolas ar idirbhearta nó ar iompraíocht úsáideoirí a fháil ar shlí eile, mura n-údaraíonn an t-úsáideoir sin go sainráite;
cumasófar teicnící caomhnaithe príobháideachais lena n-áirithítear nach féidir nascadh, i gcás nach gá an t-úsáideoir a shainaithint leis an dearbhú saintréithe.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill mhíchuí, faoi fhaisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
an comhlacht atá freagrach as bunú agus cothabháil liosta na bpáirtithe is úsáideoirí atá cláraithe a bhraitheann ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití i gcomhréir le hAirteagal 5b(5) agus an áit ina bhfuil an liosta sin;
na comhlachtaí atá freagrach as Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5a(1);
na comhlachtaí atá freagrach as a áirithiú go bhfuil na sonraí sainaitheantais duine bainteach leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití i gcomhréir le hAirteagal 5a(5), pointe (f);
an sásra trínar féidir bailíochtú a dhéanamh ar na sonraí sainaitheantais duine dá dtagraítear in Airteagal 5a(5), pointe (f), agus ar chéannacht na bpáirtithe is úsáideoirí;
an sásra trínar féidir barántúlacht agus bailíocht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a fhíorú.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá ar tugadh fógra ina leith de bhun na chéad fhomhíre ar fáil go poiblí trí chainéal slán, i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.
Airteagal 5b
Páirtithe is Úsáideoirí na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití
Beidh an próiseas clárúcháin costéifeachtach agus comhréireach leis an riosca. Soláthróidh an páirtí is úsáideoir an méid seo a leanas ar a laghad:
an fhaisnéis is gá chun Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a fhíordheimhniú, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:
an Ballstát ina bhfuil an páirtí is úsáideoir bunaithe; agus
ainm an pháirtí is úsáideoir agus, i gcás inarb infheidhme, chláruimhir an pháirtí is úsáideoir mar atá luaite i dtaifead oifigiúil in éineacht le sonraí sainaitheantais an taifid oifigiúil sin;
sonraí teagmhála an pháirtí is úsáideoir;
an úsáid atá beartaithe do Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití, lena n-áirítear léiriú ar na sonraí atá le hiarraidh ag an bpáirtí is úsáideoir ar úsáideoirí.
Airteagal 5c
Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a dheimhniú
Airteagal 5d
Liosta de Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití deimnithe a fhoilsiú
Gan dochar d’Airteagal 5a(18), áireofar an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:
deimhniú agus tuarascáil um measúnú deimhnithe na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití deimhnithe;
tuairisc ar an scéim ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití;
an córas maoirseachta is infheidhme agus faisnéis maidir leis an gcóras dliteanais i ndáil leis an bpáirtí a sholáthraíonn an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití;
an t-údarás nó na húdaráis atá freagrach as an scéim ríomh-shainaitheantais;
socruithe chun an scéim ríomh-shainaitheantais nó an fíordheimhniú nó na codanna lena mbaineann a cuireadh i mbaol a chur ar fionraí nó a chúlghairm.
Airteagal 5e
Sárú slándála ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití
I gcás ina bhfuil údar leis de bharr dhéine an tsáraithe slándála nó an chur i mbaol dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Ballstát na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a tharraingt siar gan moill mhíchuí.
Cuirfidh an Ballstát na húsáideoirí dá ndéantar difear, na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1), na páirtithe is úsáideoirí agus an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
Airteagal 5f
Spleáchas trasteorann ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití
ROINN 2
Scéimeanna ríomh-shainaitheantais
Airteagal 6
Aitheantas frithpháirteach
I gcás ina gceanglófar faoin dlí náisiúnta nó i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta riaracháin ríomh-shainaitheantas a úsáid a úsáideann modh ríomh-shainaitheantais agus fíordheimhnithe le rochtain a fháil ar sheirbhís a chuireann comhlacht poiblí ar fáil ar líne i mBallstát amháin, aithneofar sa chéad Bhallstát an modh ríomh-shainaitheantais a eiseofar i mBallstát eile chun an tseirbhís sin ar líne a fhíordheimhniú ar bhonn trasteorann, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:
go n-eisítear an modh ríomh-shainaitheantais faoi scéim ríomh-shainaitheantais a áirítear sa liosta a fhoilseoidh an Coimisiún de bhun Airteagal 9;
go bhfreagraíonn leibhéal dearbhaithe an mhodha ríomh-shainaitheantais do leibhéal dearbhaithe atá comhionann le nó níos airde ná an leibhéal dearbhaithe a éilíonn an comhlacht ábhartha poiblí chun rochtain a fháil ar an tseirbhís sin ar líne sa chéad Bhallstát, ar choinníoll go bhfreagraíonn leibhéal dearbhaithe an mhodha ríomh-shainaitheantais sin do leibhéal dearbhaithe atá “suntasach” nó “ard”;
i gcás ina n-úsáideann an comhlacht earnála poiblí lena mbaineann an leibhéal dearbhaithe “suntasach” nó “ard” maidir le rochtain ar an tseirbhís sin ar líne.
Bainfear amach an t-aitheantas sin tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta a fhoilseoidh an Coimisiún an liosta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír.
Airteagal 7
Incháilitheacht le haghaidh fógra a thabhairt i leith scéimeanna ríomh-shainaitheantais
Beidh scéim ríomh-shainaitheantais cáilithe le fógra a thabhairt ina leith de bhun Airteagal 9(1) ar choinníoll go ndéanfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
gurb é an Ballstát a thugann an fógra a eiseoidh na modhanna ríomh-shainaitheantais:
faoin scéim sin,
faoi shainordú ón mBallstát atá ag tabhairt an fhógra, nó
neamhspleách ar an mBallstát atá ag tabhairt an fhógra agus go dtugann an Ballstát sin aitheantas dó;
gur féidir an modh ríomh-shainaitheantais faoin scéim ríomh-shainaitheantais a úsáid chun rochtain a fháil ar sheirbhís amháin ar a laghad arna cur ar fáil ag comhlacht earnála poiblí lena bhfuil ríomh-shainaitheantas de dhíth sa Bhallstát atá ag tabhairt an fhógra;
go gcomhlíonfaidh an scéim ríomh-shainaitheantais agus an modh ríomh-shainaitheantais a eisítear fúithi na ceanglais de cheann amháin ar a laghad de na leibhéil dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3);
go n-áiritheoidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra go luafar sonraí uathúla sainaitheantais an duine atá i gceist, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis na caighdeáin theicniúla agus leis na nósanna imeachta teicniúla atá ábhartha don leibhéal dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3), leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 an tráth céanna a n-eiseofar an modh ríomh-shainaitheantais faoin scéim sin;
go n-áiritheoidh an páirtí a bhfuil an modh ríomh-shainaitheantais á eisiúint aige faoin scéim sin go luafar an modh ríomh-shainaitheantais leis an duine dá dtagraítear i bpointe (d) den Airteagal seo i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis na caighdeáin theicniúla agus leis na nósanna imeachta teicniúla atá ábhartha don leibhéal dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3);
go n-áiritheoidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra go bhféadfar fíordheimhniú a fháil ar líne, le go mbeidh aon pháirtí is úsáideoir atá bunaithe i gcríoch Ballstáit eile in ann sonraí faisnéise pearsanta a fhaightear i bhfoirm leictreonach a dheimhniú.
Maidir le páirtithe is úsáideoir seachas comhlachtaí earnála poiblí, féadfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra na téarmaí rochtana ar an bhfíordheimhniú sin a shainiú. Cuirfear an fíordheimhniú trasteorann sin ar fáil saor in aisce i gcás seirbhís ar líne a chuireann comhlacht poiblí ar fáil.
Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon saincheanglais theicniúla a bheidh neamhréireach ar pháirtithe is úsáideoir a bhfuil intinn acu ar fíordheimhniú den sórt sin a dhéanamh, i gcás ina gcoiscfear leis na ceanglais sin idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith nó i gcás ina gcuirtear bac ar an idir-inoibritheacht sin;
ar a laghad 6 mhí sula dtabharfar an fógra de bhun Airteagal 9(1), go dtabharfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra tuairisc ar an scéim sin do na Ballstáit eile, chun críocha Airteagal 12(5), i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta arna mbunú leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 12(6);
go gcomhlíonfar leis an scéim ríomh-shainaitheantais na ceanglais a leagtar amach san ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(8).
Airteagal 8
Leibhéil dearbhaithe scéimeanna ríomh-shainaitheantais
Comhlíonfaidh na leibhéil dearbhaithe “íseal”, “suntasach” agus “ard” na critéir a leanas faoi seach:
tagróidh leibhéal dearbhaithe “íseal” do mhodh ríomh-shainaitheantais i gcomhthéacs scéime ríomhaitheantais, a chuireann leibhéal teoranta muiníne i gcéannacht mhaíte nó dhearbhaithe duine, agus a ngabhann sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla áirithe leis, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh an baol atá ann go mbainfí mí-úsáid as an gcéannacht nó go n-athrófaí an chéannacht a laghdú go mór;
tagróidh leibhéal dearbhaithe “suntasach” do mhodh ríomh-shainaitheantais i gcomhthéacs scéime ríomh-shainaitheantais, a chuireann leibhéal suntasach muiníne i gcéannacht mhaíte nó dhearbhaithe duine, agus a ngabhann sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla áirithe leis, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh an baol atá ann go mbainfí mí-úsáid as an gcéannacht nó go n-athrófaí an chéannacht a laghdú go mór;
tagróidh leibhéal dearbhaithe atá ard do mhodh ríomh-shainaitheantais i gcomhthéacs scéime ríomh-shainaitheantais, a chuireann leibhéal níos airde muiníne i gcéannacht mhaíte nó dhearbhaithe duine ná mar a dhéanann modh ríomh-shainaitheantais ag a bhfuil leibhéal dearbhaithe atá suntasach, agus a ngabhann sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla áirithe leis, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh mí-úsáid céannachta nó athrú ar an gcéannacht a chosc.
Leagfar amach na híos-sonraíochtaí teicniúla, na híoschaighdeáin teicniúla agus na híosnósanna imeachta teicniúla trí thagairt d’iontaofacht agus do cháilíocht an méid a leanas:
an nós imeachta trína dtugtar cruthúnas agus fíorú maidir le céannacht daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar mhodh ríomh-shainaitheantais;
an nós imeachta trína n-eisítear an modh ríomh-shainaitheantais a iarraidh;
an sásra fhíordheimhnithe, trína n-úsáideann an duine nádúrtha nó dlítheanach an modh ríomh-shainaitheantais chun a chéannacht a dheimhniú don pháirtí is úsáideoir;
an t-eintiteas a eisíonn an modh ríomh-shainaitheantais;
aon chomhlacht eile atá bainteach leis an iarratas ar mhodh ríomh-shainaitheantais a eisiúint; agus
sonraíochtaí teicniúla agus slándála an mhodha ríomh-shainaitheantais a eisítear.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 9
Fógra a thabhairt
Tabharfaidh an Ballstát a thugann an fógra fógra don Choimisiún i leith na faisnéise seo a leanas gan mhoill mhíchuí, chomh maith le haon athruithe iardain a dhéanfar uirthi:
tuairisc ar an scéim ríomh-shainaitheantais, lena n-áirítear a leibhéil dearbhaithe agus eisitheoir nó eisitheoirí an mhodha ríomh-shainaitheantais faoin scéim sin;
an córas maoirseachta is infheidhme agus faisnéis maidir leis an gcóras dliteanais i ndáil leis an méid a leanas:
an páirtí a eisíonn na meáin ríomh-shainaitheantais, agus
an páirtí a fheidhmíonn an nós imeachta fíordheimhnithe;
an t-údarás nó na húdaráis atá freagrach as an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith;
faisnéis maidir leis an eintiteas nó leis na heintitis a bhainistíonn clárú sonraí uathúla aitheantais duine;
tuairisc faoin mbealach a gcomhlíontar ceanglais a leagtar amach sa ghníomh chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(8);
tuairisc faoin bhfíordheimhniú dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7;
socruithe i leith cúlghairm nó fhionraí na scéime ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, na fíordheimhnithe nó na codanna díobh ar cuireadh a slándáil i mbaol.
Airteagal 10
Sárú slándála ar scéimeanna ríomh-shainaitheantais
Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha a dhéanfar ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan aon mhoill mhíchuí.
Airteagal 11
Dliteanas
Airteagal 11a
Meaitseáil trasteorann céannachta
Airteagal 12
Idir-inoibritheacht
Comhlíonfaidh an creat idir-inoibritheachta na critéir seo a leanas:
díreofar leis ar a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus ní dhéanann sé idirdhealú idir aon réiteach teicniúil sonrach náisiúnta le haghaidh ríomh-shainaitheantais laistigh de Bhallstát;
beidh sé i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus caighdeáin idirnáisiúnta, nuair is féidir;
éascófar leis cur chun feidhme an phríobháideachais agus na slándála trí dhearadh;
▼M1 —————
Beidh na nithe a leanas sa chreat idir-inoibritheachta:
tagairt do na híoscheanglais theicniúla a bhaineann leis na leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8;
mapáil ar leibhéil dearbhaithe náisiúnta scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith isteach sna leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8;
tagairt do na híoscheanglais theicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta;
tagairt do thacar íosta sonraí sainaitheantais duine is gá chun léiriú uathúil a dhéanamh ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, nó ar dhuine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhuine nádúrtha eile nó ar dhuine dlítheanach, atá ar fáil ó scéimeanna ríomh-shainaitheantais;
rialacha nós imeachta;
socruithe chun díospóid a réiteach; agus
comhchaighdeáin oibríochtúla slándála.
▼M1 —————
Airteagal 12a
Deimhniú scéimeanna ríomh-shainaitheantais
Airteagal 12b
Rochtain ar ghnéithe crua-earraí agus bogearraí
Maidir le soláthraithe Tiachóg Eorpach Céannachta Digití agus eisitheoirí modhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith a ghníomhaíonn i gcáil tráchtála nó ghairmiúil agus a úsáideann croísheirbhísí ardáin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) chun seirbhísí Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití agus modhanna ríomh-shainaitheantais a sholáthar d’úsáideoirí deiridh, nó lena linn, i gcás inar úsáideoirí gnó iad na soláthraithe sin agus na heisitheoirí sin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (21), den Rialachán sin, ceadóidh maoir gheata, go háirithe, dóibh idir-inoibritheacht éifeachtach leis an gcóras oibriúcháin céanna nó na gnéithe crua-earraí nó bogearraí céanna agus, chun críoch idir-inoibritheachta, ceadóidh siad dóibh rochtain éifeachtach a bheith acu orthu. Ceadófar idir-inoibritheacht éifeachtach agus rochtain den sórt sin saor in aisce agus gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil na gnéithe crua-earraí nó bogearraí mar chuid den chóras oibriúcháin nó cibé acu atá nó nach bhfuil siad ar fáil don mhaor geata sin nó cibé acu atá nach bhfuil siad á n-úsáid ag an maor geata sin agus seirbhísí den sórt sin á soláthar aige, de réir bhrí Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) 2022/1925. Ní dochar an tAirteagal seo d’Airteagal 5a(14) den Rialachán seo.
CAIBIDIL III
SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 13
Dliteanas agus dualgas cruthúnais
Is ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a mhaíonn an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheidh an dualgas intinn nó faillí soláthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe a chruthú.
Toimhdeofar intinn nó faillí soláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, ach amháin má chruthaíonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin gur tharla an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan intinn ná faillí an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe sin.
Airteagal 14
Gnéithe idirnáisiúnta
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 15
Inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu
Déanfar soláthar modhanna ríomh-shainaitheantais, seirbhísí iontaoibhe agus táirgí úsáideoirí deiridh a úsáidtear chun na seirbhísí sin a sholáthar a chur ar fáil i dteanga shimplí agus shothuigthe, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus le ceanglais inrochtaineachta Threoir (AE) 2019/882, agus ar an gcaoi sin, rachaidh sé chun tairbhe freisin do dhaoine a bhfuil teorainneacha lena gcumas, amhail daoine scothaosta, agus do dhaoine a bhfuil rochtain theoranta acu ar theicneolaíochtaí digiteacha.
Airteagal 16
Pionóis
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sáruithe ar an Rialachán seo ag soláthraithe cáilithe agus neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe faoi réir fíneálacha riaracháin darb uasmhéid na méideanna seo a leanas ar a laghad:
EUR 5 000 000 i gcás inar duine nádúrtha an soláthraí seirbhísí iontaoibhe; nó
i gcás inar duine dlítheanach an soláthraí seirbhísí iontaoibh, EUR 5 000 000 nó 1 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda an ghnóthais lenar bhain an soláthraí seirbhísí iontaoibhe sa bhliain airgeadais roimh an mbliain inar tharla an sárú, cibé acu is airde.
ROINN 2
Seirbhísí iontaoibhe neamhcháilithe
▼M1 —————
Airteagal 19
Ceanglais slándála is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe
Nuair is móide, leis an sárú slándála nó leis an teip ó thaobh sláine, go ndéanfar difear diúltach do dhuine nádúrtha nó dlítheanach dar cuireadh an tseirbhís iontaoibhe ar fáil, tabharfaidh an soláthraí seirbhíse iontaoibhe fógra don duine nádúrtha nó dlítheanach faoin sárú slándála nó faoin teip ó thaobh sláine gan aon mhoill míchuí.
I gcás inarb iomchuí, go háirithe má bhaineann sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de le dhá Bhallstát nó níos mó, tabharfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó fógra do na comhlachtaí maoirseachta sna Ballstáit eile lena mbaineann agus do ENISA.
Déanfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó an pobal a chur ar an eolas nó ceangal a chur ar an soláthraí seirbhísí iontaoibhe é sin a dhéanamh, i gcás ina measfar gur chun leas an phobail é an sárú slándála nó an teip ó thaobh sláine a nochtadh.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a dhéanamh:
na bearta dá dtagraítear i mír 1 a shonrú tuilleadh, agus
na formáidí agus na nósanna imeachta, lena n-áirítear spriocdhátaí, a bheidh infheidhme chun críche mhír 2, a shainiú.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 19a
Ceanglais ar sholáthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe
Déanfaidh soláthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe neamhcháilithe an méid seo a leanas:
beartais iomchuí a bheith aige agus bearta comhfhreagracha a dhéanamh chun bainistiú a dhéanamh ar rioscaí dlíthiúla, gnó agus oibríochtúla agus rioscaí díreacha nó indíreacha eile do sholáthar na seirbhíse iontaoibhe neamhcháilithe, lena n-áireofar, d’ainneoin Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555, ar a laghad bearta a bhaineann leis an méid seo a leanas:
nósanna imeachta clárúcháin agus ionduchtúcháin le haghaidh seirbhís iontaoibhe;
seiceálacha nós imeachta nó riaracháin is gá chun seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;
seirbhísí iontaoibhe a bhainistiú agus a chur chun feidhme;
fógra a thabhairt don chomhlacht maoirseachta, do na daoine aonair inaitheanta dá ndéantar difear, don phobal i gcoitinne más chun leas an phobail é agus, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis ábhartha inniúla eile i leith aon sáruithe slándála nó aon chur isteach ar sholáthar na seirbhíse nó ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i bpointí (a)(i), (ii) nó (iii), a bhfuil tionchar suntasach acu ar an tseirbhís iontaoibhe a sholáthraítear nó ar na sonraí pearsanta a choimeádtar inti, gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis dó teacht ar an eolas faoi aon sáruithe slándála nó aon chur isteach.
ROINN 3
Seirbhísí iontaoibhe cáilithe
Airteagal 20
Maoirseacht ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe
I gcás nach gcuireann an soláthraí sin leigheas ar fáil agus, i gcás inarb infheidhme laistigh den teorainn arna leagan síos ag an gcomhlacht maoirseachta, déanfaidh an comhlacht maoirseachta, i gcás ina bhfuil údar leis go háirithe i ngeall ar mhéid, fad agus iarmhairtí na mainneachtana sin, stádas cáilithe an tsoláthraí sin nó na seirbhíse dá ndéantar difear a sholáthraíonn sé a tharraingt siar.
Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh an mhéid seo a leanas:
na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a chreidiúnú agus don tuarascáil measúnaithe creidiúnachta dá dtagraítear i mír 1;
na ceanglais iniúchta ar na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta chun a measúnú comhréireachta a dhéanamh, lena n-áirítear measúnú ilchodach, ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i mír 1;
na scéimeanna um measúnú comhréireachta le measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe ag na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta agus leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 21
Seirbhís iontaoibhe cháilithe a thionscnamh
Chun a fhíorú go gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí iontaoibhe na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555, iarrfaidh an comhlacht maoirseachta ar na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) den Treoir sin gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanamh ina leith sin agus faisnéis a sholáthar faoin toradh gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 2 mhí ón iarraidh sin a fháil. Mura gcuirfear an fíorú i gcrích laistigh de 2 mhí tar éis an fhógra, cuirfidh na húdaráis inniúla sin an comhlacht maoirseachta ar an eolas, agus na cúiseanna leis an moill agus an tréimhse ar lena linn atá an fíorú le cur i gcrích á sonrú acu.
I gcás ina dtagann an comhlacht maoirseachta ar an gconclúid go gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí iontaoibhe agus na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, deonóidh an comhlacht maoirseachta stádas cáilithe don soláthraí seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé, agus cuirfidh sé an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 22(3) ar an eolas faoin méid sin chun na liostaí iontaoibhe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt cothrom le dáta, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an fhógra a thugtar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.
I gcás nach gcuirfear an fíorú i gcrích laistigh de 3 mhí tar éis an fhógra, cuirfidh an comhlacht maoirseachta na cúiseanna leis an moill in iúl don soláthraí seirbhísí iontaoibhe, agus an tréimhse ar lena linn atá an fíorú le cur i gcrích á sonrú aige.
Airteagal 22
Liostaí iontaofa
Airteagal 23
Trustmharc AE do sheirbhísí iontaoibhe cáilithe
Airteagal 24
Ceanglais do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe
Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, go díreach nó trí bhíthin tríú páirtí, an fíorú ar na gcéannacht dá dtagraítear i mír 1, ar bhealach iomchuí, ar bhonn ceann amháin de na modhanna seo a leanas nó, nuair is gá, ar mheascán díobh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1c:
trí bhíthin na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití nó trí mhodh ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i ndáil leis an leibhéal dearbhaithe “ard”;
trí bhíthin deimhniú ríomhshínithe cháilithe nó deimhniú ríomhshéala cháilithe, arna eisiúint i gcomhréir le pointe (a), (c) nó (d);
trí mhodhanna sainaitheantais eile a úsáid lena n-áirithítear sainaithint an duine le leibhéal ard muiníne, modhanna a ndearbhóidh comhlacht measúnaithe comhréireachta a gcomhréireacht;
trí láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, trí bhíthin fianaise iomchuí agus na nósanna imeachta iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, go díreach nó trí bhíthin tríú páirtí, an fíorú ar na saintréithe dá dtagraítear i mír 1, ar bhealach iomchuí, ar bhonn ceann amháin de na modhanna seo a leanas nó, i gcás inar gá, ar mheascán díobh, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1c:
trí bhíthin na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití nó trí mhodh ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i ndáil leis an leibhéal dearbhaithe “ard”;
trí bhíthin deimhniú ríomhshínithe cháilithe nó deimhniú ríomhshéala cháilithe, arna eisiúint i gcomhréir le mír 1a, pointe (a), (c) nó (d);
trí bhíthin ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe;
trí mhodhanna eile a úsáid, lena n-áirithítear saintréithe a fhíorú le leibhéal ard muiníne, modhanna a ndearbhóidh comhlacht measúnaithe comhréireachta a gcomhréireacht;
trí bhíthin láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, trí bhíthin fianaise iomchuí agus na nósanna imeachta iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Déanfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe an méid seo a leanas:
cuirfidh sé an comhlacht maoirseachta ar an eolas 1 mhí amháin ar a laghad sula gcuirfear chun feidhme aon athrú ar sholáthar a sheirbhísí iontaoibhe cáilithe nó 3 mhí ar a laghad i gcás ina bhfuil sé beartaithe deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí sin;
fostóidh sé foireann agus, más infheidhme, fochonraitheoirí a mbeidh an saineolas, an iontaofacht, an taithí agus na cáilíochtaí a mbeidh gá leo acu araon agus a mbeidh oiliúint iomchuí curtha orthu maidir leis na rialacha slándála agus cosanta sonraí pearsanta agus cuirfidh siad nósanna imeachta riaracháin agus bainistithe i bhfeidhm a bheidh ar chomhchéim le caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta;
i dtaca leis an riosca dliteanais i leith damáistí i gcomhréir le hAirteagal 13, coinneoidh sé dóthain acmhainní airgeadais agus/nó gheobhaidh sé árachas iomchuí i gcoinne dliteanais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
roimh dhul isteach i gcaidreamh conarthach, déanfaidh sé aon duine ar mian leis nó léi seirbhís iontaoibhe cháilithe a úsáid, a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir, cuimsitheach a bhfuil rochtain éasca air, i spás poiblí a bhfuil rochtain ag an bpobal air agus go leithleach, faoi na téarmaí beachta agus na coinníollacha beachta maidir le húsáid na seirbhíse sin, lena n-áirítear aon srianta ar a húsáid;
déanfaidh sé córais iontaofa agus táirgí iontaofa a úsáid atá cosanta ar mhodhnú agus déanfaidh sé slándáil theicniúil agus iontaofacht na bpróiseas a láimhseálann siad a áirithiú, lena n-áirítear úsáid a bhaint as teicnící cripteagrafacha oiriúnacha;
déanfaidh sé córais iontaofa a úsáid chun sonraí a thabharfar dó a stóráil i bhfoirm infhíoraithe, sa dóigh gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:
níl na sonraí ar fáil don phobal chun aisghabhála ach sa chás go bhfuarthas cead an duine a mbaineann na sonraí sin leis,
ní féidir ach le daoine údaraithe iontrálacha agus athruithe a dhéanamh ar na sonraí a stóráiltear,
is féidir fíordheimhniú na sonraí a sheiceáil;
d’ainneoin Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555, beidh beartais iomchuí aige agus déanfaidh sé bearta comhfhreagracha chun bainistiú a dhéanamh ar rioscaí dlíthiúla, gnó agus oibríochtúla agus rioscaí díreacha nó indíreacha eile do sholáthar na seirbhíse iontaoibhe cáilithe, lena n-áirítear ar a laghad bearta a bhaineann leis an méid seo a leanas:
nósanna imeachta clárúcháin agus ionduchtúcháin le haghaidh seirbhíse;
seiceálacha nós imeachta nó riaracháin;
seirbhísí a bhainistiú agus a chur chun feidhme;
tabharfaidh sé fógra don chomhlacht maoirseachta, do na daoine aonair inaitheanta dá ndéantar difear, do chomhlachtaí ábhartha inniúla eile i gcás inarb infheidhme agus, arna iarraidh sin don chomhlacht maoirseachta, don phobal más chun leas an phobail é, maidir le haon sáruithe slándála nó aon chur isteach ar sholáthar na seirbhíse nó ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i bpointe (fa)(i), (ii) nó (iii) a bhfuil tionchar suntasach acu ar an tseirbhís iontaoibhe a sholáthraítear nó ar na sonraí pearsanta a choimeádtar inti, gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig ón teagmhas;
déanfaidh sé bearta iomchuí in aghaidh sonraí a bhrionnú, a ghoid nó a mhíleithreasú nó, gan cheart, sonraí a scriosadh, a athrú nó a dhéanamh dorochtana;
déanfaidh sé taifead ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann le sonraí a eisíonn agus a fhaigheann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus coinneoidh sé ar fáil í cibé fad is gá tar éis dheireadh ghníomhaíochtaí uile an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe chun fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla agus chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Féadfar taifeadadh den sórt sin a dhéanamh go leictreonach;
beidh plean foirceanta aige atá cothrom le dáta chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcomhréir le forálacha a fhíoraíonn an comhlacht maoirseachta de bhun Airteagal 46b(4), pointe (i);
▼M1 —————
maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe, bunóidh sé bunachar sonraí deimhnithe suas chun dáta.
Féadfaidh an comhlacht maoirseachta faisnéis a iarraidh sa bhreis ar an bhfaisnéis ar tugadh fógra ina leith de bhun phointe (a) den chéad fhomhír nó an toradh ar mheasúnú comhréireachta a iarraidh agus féadfaidh sé coinníoll a chur le deonú an cheada chun na hathruithe atá beartaithe ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chur chun feidhme. Mura gcuirfear an fíorú i gcrích laistigh de 3 mhí tar éis an fhógra, cuirfidh an comhlacht maoirseachta na cúiseanna leis an moill in iúl don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, agus an tréimhse ar lena linn atá an fíorú le cur i gcrích á sonrú aige.
Airteagal 24a
Seirbhísí iontaoibhe cáilithe a aithint
ROINN 4
Ríomhshínithe
Airteagal 25
Éifeachtaí dlíthiúla na ríomhshínithe
▼M1 —————
Airteagal 26
Riachtanas do ríomhshínithe ardleibhéil
Comhlíonfaidh ríomhsíniú arleibheil na riachtanais seo a leanas:
tá nasc uathúil aige leis an sínitheoir;
is féidir an sínitheoir a aithint leis;
cruthaíodh é agus úsáid á baint as sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe ar féidir leis an sínitheoir é a úsáid agus leibhéal ard muiníne aige agus é faoina urlámhas eisiach féin; agus
tá sé nasctha leis na sonraí atá sínithe leis an ríomhshíniú sin ar bhealach a fhágann go bhféadfar aon athrú iardain a dhéanfaí ar na sonraí a bhrath.
Airteagal 27
Ríomhshínithe sna seirbhísí poiblí
▼M1 —————
Airteagal 28
Deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe
Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe do ríomhshíniú a chur ar fionraí ar bhonn sealadach:
má cuireadh deimhniú cáilithe do ríomhshíniú ar fionraí ar bhonn sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta.
cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuirfidh faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe.
Airteagal 29
Ceanglais maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe
Airteagal 29a
Ceanglais maidir le seirbhís cháilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda a bhainistiú
Ní dhéanfaidh ach soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe ar fíor an méid seo a leanas ina leith gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda a bhainistiú mar sheirbhís cháilithe:
gineann nó bainistíonn sé sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe thar ceann an tsínitheora;
d’ainneoin phointe (1)(d) d’Iarscríbhinn II, déanann sé dúbláil ar na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe chun críoch cúltaca, agus chun na gcríoch sin amháin, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
ní mór na tacair sonraí macasamhlaithe bheith ar aon leibhéal slándála leis an tacar sonraí bunaidh;
le líon na dtacar sonraí macasamhlaithe, caithfear gan dul thar an líon is lú atá riachtanach chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú;
comhlíonann sé aon cheanglas arna sainaithint sa tuarascáil deimhniúcháin a bhaineann leis an ngléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda sonrach arna eisiúint de bhun Airteagal 30.
Airteagal 30
Gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a dheimhniú
Bunófar an deimhniúchán dá dtagraítear i mír 1 ar cheann amháin díobh siúd a leanas:
próiseas meastóireachta slándála a dhéanfar i gcomhréir le ceann de na caighdeáin le haghaidh measúnú slándála a dhéanamh ar tháirgí theicneolaíocht na faisnéise a áireofar i liosta arna bhunú i gcomhréir leis an dara fomhír; nó
próiseas seachas an próiseas dá dtagraítear i bpointe (a), ar choinníoll go n-úsáidfear leibhéil inchomparáide slándála sa phróiseas sin agus go gcuirfidh an comhlacht poiblí nó príobháideach dá dtagraítear i mír 1 an Coimisiún ar an eolas faoin bpróiseas sin. Ní fhéadfar an próiseas sin a úsáid ach amháin in éagmais na gcaighdeán dá dtagraítear i bpointe (a) nó i gcás ina mbeidh próiseas meastóireachta slándála dá dtagraítear i bpointe (a) ar siúl.
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, liosta caighdeán le haghaidh measúnú slándála a dhéanamh ar tháirgí theicneolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeacht dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 31
Liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bheidh deimhnithe a fhoilsiú
Airteagal 32
Ceanglais maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú
Leis an bpróiseas chun ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú, deimhneofar bailíocht an ríomhshínithe cháilithe ar na coinníollacha seo a leanas:
tráth an tsínithe, deimhniú ríomhshínithe cháilithe lena gcomhlíontar Iarscríbhinn I a bhí sa deimhniú atá ag tacú leis an síniú;
soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a d’eisigh an deimhniú cáilithe agus bhí sé bailí tráth an tsínithe;
comhfhreagraíonn sonraí bailíochtaithe an tsínithe do na sonraí a soláthraíodh do na páirtithe is úsáideoirí;
soláthraítear don pháirtí is úsáideoir mar is ceart an fhoireann uathúil sonraí arb ionann í agus an sínitheoir sa deimhniú;
i gcás inar úsáideadh ainm bréige tráth an tsínithe, cuirtear sin in iúl go follasach don pháirtí is úsáideoir;
gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a chruthaigh an ríomhshíniú;
níor cuireadh sláine na sonraí sínithe i mbaol;
trath an tsínithe, comhlíonadh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26.
Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann bailíochtú na ríomhshínithe cáilithe na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3.
Airteagal 32a
Ceanglais maidir le bailíochtú ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhnithe cáilithe
Leis an bpróiseas chun ríomhshíniú ardleibhéil a bhailíochtú bunaithe ar dheimhniú cáilithe, dearbhófar bailíocht an ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe, ar na coinníollacha seo a leanas:
tráth an tsínithe, deimhniú ríomhshínithe cháilithe lena gcomhlíontar Iarscríbhinn I a bhí sa deimhniú a thacaíonn leis an síniú;
d’eisigh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe an deimhniú cáilithe agus bhí sé bailí tráth an tsínithe;
comhfhreagraíonn sonraí bailíochtaithe an tsínithe do na sonraí a soláthraíodh do na páirtithe is úsáideoirí;
déantar an tacar uathúil sonraí lena léirítear an sínitheoir sa deimhniú a sholáthar mar is ceart don pháirtí is úsáideoir;
cuirtear úsáid ainm bréige in iúl go follasach don pháirtí is úsáideoir i gcás inar úsáideadh ainm bréige tráth an tsínithe;
níor cuireadh sláine na sonraí sínithe i mbaol;
comhlíonadh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26 tráth an tsínithe.
Airteagal 33
Seirbhís bailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe
Féadfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraí den chineál sin amháin seirbhís bailíochtaithe cháilithe a sholáthar le haghaidh ríomhshínithe cáilithe, ar soláthraí é:
a sholáthróidh bailíochtú i gcomhréir le Airteagal 32(1), agus
a chuirfidh ar chumas na bpáirtithe is úsáideoirí torthaí an phróisis bhailíochtaithe a fháil ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa agus éifeachtúil agus a mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil sholáthraí na seirbhíse bailíochtaithe cáilithe ag gabháil dó.
Airteagal 34
Seirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe
ROINN 5
Ríomhshéalaí
Airteagal 35
Éifeachtaí dlíthiúla ríomhshéalaí
▼M1 —————
Airteagal 36
Ceanglais do ríomhshéalaí ardleibhéil
Comhlíonfaidh ríomhshéala ardleibhéil na ceanglais seo a leanas:
tá nasc uathúil aige le cruthaitheoir an tséala;
tá sé in ann cruthaitheoir an tséala a aithint;
cruthaíodh é agus úsáid á baint as sonraí cruthaithe ríomhshéala is féidir le cruthaitheoir an tséala a úsáid, le leibhéal ard muiníne agus é faoina urlámhas féin, chun ríomhshéalaí a chruthú; agus
tá sé nasctha leis na sonraí lena mbaineann sé ar bhealach a fhágann go bhféadfar aon athrú iardain a dhéanfaí ar na sonraí a bhrath.
Airteagal 37
Ríomhshéalaí sna seirbhísí poiblí
▼M1 —————
Airteagal 38
Deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí
Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala a chur ar fionraí sealadach:
má cuireadh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala ar fionraí sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta;
cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuireann faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe.
Airteagal 39
Gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe
Airteagal 39a
Ceanglais maidir le seirbhís cháilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe cianda a bhainistiú
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 29a maidir le seirbhís cháilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe cianda a bhainistiú.
Airteagal 40
Ríomhshéalaí cáilithe a bhailíochtú agus a chaomhnú
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 32, 33 agus 34 maidir le bailíochtú agus caomhnú ríomhshéalaí cáilithe.
Airteagal 40a
Ceanglais maidir le bailíochtú ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhnithe cáilithe
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 32a maidir le bailíochtú ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhnithe cáilithe.
ROINN 6
Ríomhstampaí ama
Airteagal 41
Éifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama
▼M1 —————
Airteagal 42
Ceanglais maidir le ríomhstampaí ama cáilithe
Comhlíonfaidh ríomhstampa ama cáilithe na ceanglais seo a leanas:
nascann sé an dáta agus an t-am le sonraí ar bhealach lena gcuirfear bac réasúnta ar aon fhéidearthacht go n-athrófaí na sonraí go dobhraite;
tá sé bunaithe ar fhoinse chruinn ama atá nasctha le hAm Uilíoch Lárnach; agus
sínítear é le ríomhshíniú ardleibhéil nó séalaítear é le ríomhshéala ardleibhéil an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, nó lena chothrom.
ROINN 7
Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe
Airteagal 43
Éifeacht dhlíthiúil ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe
Airteagal 44
Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe
Comhlíonfaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe na ceanglais seo a leanas:
go ndéanann soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe amháin nó níos mó iad a sholáthar;
ní mór go n-áirítear leo sainaithint an tseoltóra le hardleibhéal iontaoibhe;
ní mór dóibh aitheantas an tseolaí a áirithiú sula seachadfar na sonraí;
caithfear seoladh agus glacadh sonraí a shlánú le ríomhshíniú ardleibhéil nó ag ríomhshéala ardleibhéil de chuid soláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe ar bhealach a chuirfidh bac ar aon fhéidearthacht na sonraí a athrú go dobhraite;
aon athrú sonraí is gá a dhéanamh ar mhaithe le seoladh agus glacadh na sonraí, ní foláir é a chur in iúl go follasach do sheoltóir agus do sheolaí na sonraí;
is gá dáta agus am seolta na sonraí, dáta glactha na sonraí agus dáta aon athruithe ar na sonraí a léiriú le ríomhstampa ama cáilithe;
I gcás go bhfuil na sonraí á n-aistriú idir dhá sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó níos mó, beidh feidhm ag na ceanglais i bpointe (a) go pointe (f) maidir leis na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe go léir.
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
Airteagal 45
Ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin
Airteagal 45a
Bearta réamhchúraim cibearshlándála
ROINN 9
Ríomhdhearbhú saintréithe
Airteagal 45b
Éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhearbhaithe saintréithe
Airteagal 45c
Ríomhdhearbhú saintréithe i seirbhísí poiblí
I gcás ina n-éilítear, faoin dlí náisiúnta, ríomh-shainaitheantas trí mhodh ríomh-shainaitheantais agus trí fhíordheimhniú, chun seirbhís ar líne a sholáthraíonn comhlacht poiblí a rochtain, ní chuirfear sonraí sainaitheantais duine i ríomhdhearbhú saintréithe in ionad ríomh-shainaitheantais trí mhodh ríomh-shainaitheantais agus fíordheimhniú le haghaidh ríomh-shainaitheantais, mura bhfuil siad ceadaithe go sonrach ag an mBallstát. I gcás den sórt sin, glacfar freisin le ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe ó Bhallstáit eile.
Airteagal 45d
Ceanglais maidir le ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe
Airteagal 45e
Fíorú saintréithe de réir na bhfoinsí barántúla
Airteagal 45f
Ceanglais maidir le ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag nó comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann
Le ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
na ceanglais sin a leagtar amach in Iarscríbhinn VII;
an deimhniú cáilithe a thacaíonn le ríomhshíniú cáilithe nó ríomhshéala cáilithe an chomhlachta earnála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (46), a shainaithnítear mar an t-eisitheoir dá dtagraítear i bpointe (b), d’Iarscríbhinn VII, ina bhfuil tacar sonrach saintréithe deimhnithe i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe agus:
lena léirítear go bhfuil an comhlacht eisiúna bunaithe i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta mar an comhlacht atá freagrach as an bhfoinse bharántúil ar ar a bonn a eisítear an ríomhdhearbhú saintréithe nó mar an comhlacht arna ainmniú chun gníomhú thar a cheann;
lena soláthraítear tacar sonraí lena léirítear gan débhrí an fhoinse bharántúil dá dtagraítear i bpointe (i); agus
lena sainaithnítear dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta dá dtagraítear i bpointe(i).
Airteagal 45g
Ríomhdhearbhú saintréithe Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí a eisiúint
Airteagal 45h
Rialacha breise maidir le seirbhísí ríomhdhearbhaithe saintréithe a sholáthar
ROINN 10
seirbhísí ríomhchcartlannaithe
Airteagal 45i
Éifeacht dhlíthiúil seirbhísí ríomhchartlannaithe
Airteagal 45j
Ceanglais maidir le seirbhísí ríomhchartlannaithe cáilithe
Comhlíonfaidh seirbhísí ríomhchartlannaithe cáilithe na ceanglais seo a leanas:
déanann soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe iad a sholáthar;
úsáideann siad nósanna imeachta agus teicneolaíochtaí a bhfuil ar a gcumas marthanacht agus inléiteacht sonraí leictreonacha agus doiciméad leictreonach a áirithiú thar an tréimhse bhailíochta teicneolaíochta agus ar a laghad le linn na tréimhse caomhnaithe dlíthiúla nó conarthaí, agus a sláine agus cruinneas a dtionscnaimh á gcaomhnú an tráth céanna;
áirithíonn siad go gcaomhnaítear na sonraí leictreonacha sin agus na doiciméid leictreonacha sin ar bhealach ina ndéantar iad a chosaint ar chaillteanas agus ar athrú, cé is moite d’athruithe a bhaineann lena meán nó lena bhformáid leictreonach;
ceadaíonn siad do pháirtithe is úsáideoirí atá údaraithe tuarascáil a fháil ar bhealach uathoibrithe lena ndearbhaítear go dtoimhdítear, i gcás sonraí leictreonacha agus doiciméid leictreonacha arna n-aisghabháil ó ríomhchartlann cháilithe, sláine na sonraí sin ó thús na tréimhse caomhnaithe go dtí go n-aisghabhfar iad.
Soláthrófar an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír ar bhealach iontaofa éifeachtúil agus beidh ríomhshíniú cáilithe nó ríomhshéala cáilithe sholáthraí na seirbhíse ríomhchartlannaithe cáilithe uirthi.
ROINN 11
Mórleabhair leictreonacha
Airteagal 45k
Éifeachtaí dlíthiúla mórleabhar leictreonach
Airteagal 45l
Ceanglais maidir le mórleabhair leictreonacha cháilithe
Le mórleabhair leictreonacha cháilithe, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanann soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe amháin nó níos mó iad a chruthú agus a bhainistiú;
suíonn siad tionscnamh na dtaifead sonraí sa mhórleabhar;
áirithíonn siad ordú cróineolaíoch uathúil seicheamhach na dtaifead sonraí sa mhórleabhar;
déanann siad taifead ar shonraí sa chaoi gur féidir aon athrú ar na sonraí ina dhiaidh sin a bhrath láithreach, lena n-áirithítear a sláine le himeacht ama.
CAIBIDIL IV
RÍOMHDHOICIMÉID
Airteagal 46
Éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhoiciméad
Ní shéanfar ar ríomhdhoiciméad éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla mar gheall ar é bheith i bhfoirm leictreonach amháin.
CAIBIDIL IVa
CREAT RIALACHAIS
Airteagal 46a
Maoirseacht ar an gCreat maidir le Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí
Tabharfar do na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun na chéad fhomhíre na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus neamhspleách.
Seo a leanas an ról a bheidh ag na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun mhír 1:
maoirseacht a dhéanamh ar Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí atá bunaithe sa Bhallstát ainmniúcháin agus a áirithiú, trí bhíthin gníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonann na soláthraithe sinagus Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthraíonn siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;
gníomhaíocht a dhéanamh, más gá, maidir le soláthraithe Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin, trí bhíthin gníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear in iúl dóibh go sáraíonn soláthraithe nó Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí a sholáthraíonn siad an Rialachán seo.
Ar na cúraimí atá ar na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun mhír 1, áireofar an méid seo a leanas go háirithe:
comhoibriú leis na comhlachtaí maoirseachta eile agus cúnamh a thabhairt dóibh i gcomhréir le hAirteagail 46c agus 46e;
an fhaisnéis is gá chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo a iarraidh;
na húdaráis inniúla ábhartha arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 de chuid na mBallstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoi aon sáruithe suntasacha slándála nó aon chaillteanas sláine a dtagann siad ar an eolas fúthu agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus, i gcás sárú suntasach slándála nó caillteanas sláine a bhaineann le Ballstáit eile, an pointe teagmhála aonair arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2022/2555 de chuid an Bhallstáit lena mbaineann agus na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1) den Rialachán seo sna Ballstáit eile lena mbaineann a chur ar an eolas, agus an pobal a chur ar an eolas nó a cheangal ar sholáthraithe Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí é sin a dhéanamh i gcás ina gcinneann an comhlacht maoirseachta gur chun leas an phobail é an sárú slándála nó an caillteanas sláine a nochtadh;
cigireachtaí ar an láthair agus maoirseacht lasmuigh den láthair a dhéanamh;
a chur de cheangal ar sholáthraithe Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí aon mhainneachtain a leigheas a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh;
clárú agus cuimsiú na bpáirtithe is úsáideoirí sa sásra dá dtagraítear in Airteagal 5b(7) a chur ar fionraí nó ar ceal i gcás úsáid neamhdhleathach nó chalaoiseach na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití;
comhoibriú leis na húdaráis inniúla mhaoirseachta arna mbunú de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe, trína gcur ar an eolas gan mhoill mhíchuí, i gcás ina ndealraíonn sé gur sáraíodh rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus faoi sháruithe slándála a ndealraíonn sé gur sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta iad.
Airteagal 46b
Maoirseacht ar sheirbhísí iontaoibhe
Tabharfar do na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun na chéad fhomhíre na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a dhéanamh.
Seo a leanas an ról a bheidh ag na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun mhír 1:
maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin agus a áirithiú, trí bhíthin gníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonann na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;
gníomhaíocht a dhéanamh, más gá, maidir le soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin, trí bhíthin gníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear ar an eolas iad nach gcomhlíonann na soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin nó na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
Ar na cúraimí atá ar an gcomhlacht maoirseachta arna ainmniú de bhun mhír 1, áireofar an méid seo a leanas go háirithe:
na húdaráis inniúla ábhartha arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 de chuid na mBallstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoi aon sáruithe suntasacha slándála nó aon chaillteanas sláine a dtagann siad ar an eolas fúthu agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus, i gcás sárú suntasach slándála nó caillteanas sláine a bhaineann le Ballstáit eile, an pointe teagmhála aonair arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2022/2555 de chuid an Bhallstáit lena mbaineann agus na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1) den Rialachán seo sna Ballstáit eile lena mbaineann a chur ar an eolas, agus an pobal a chur ar an eolas nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí iontaoibhe é sin a dhéanamh i gcás ina gcinneann an comhlacht maoirseachta gur chun leas an phobail é an sárú ar shlándáil nó an caillteanas sláine a nochtadh;
comhoibriú le comhlachtaí maoirseachta eile agus cúnamh a thabhairt dóibh i gcomhréir le hAirteagail 46c agus 46e;
anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus Airteagal 21(1);
a phríomhghníomhaíochtaí a thuairisciú chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;
iniúchtaí a dhéanamh nó iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 20(2);
comhoibriú leis na húdaráis inniúla mhaoirseachta arna mbunú de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe, trína gcur ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás ina ndealraíonn sé gur sáraíodh rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus faoi sháruithe slándála a ndealraíonn sé gur sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta iad;
an stádas cáilithe a dheonú do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí a sholáthraíonn siad agus an stádas sin a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21;
an comhlacht atá freagrach as an liosta iontaofa náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas maidir lena chinntí an stádas cáilithe a dheonú nó a tharraingt siar, murab é an comhlacht sin an comhlacht maoirseachta arna ainmniú de bhun mhír 1 den Airteagal seo freisin;
a fhíorú gurb ann d’fhorálacha maidir le pleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme mar is ceart i gcás ina gcuireann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe deireadh lena chuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear an chaoi a n-áirítear inrochtaineacht ar fhaisnéis, i gcomhréir le hAirteagal 24(2), pointe (h);
a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe aon mhainneachtain a leigheas a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh;
imscrúdú a dhéanamh ar éilimh a dhéanann soláthraithe brabhsálaithe gréasáin de bhun Airteagal 45a agus gníomhaíocht a dhéanamh más gá.
Airteagal 46c
Pointí teagmhála aonair
Airteagal 46d
Cúnamh frithpháirteach
Beidh an méid seo a leanas ar a laghad i gceist leis an gcúnamh frithpháirteach:
cuirfidh an comhlacht maoirseachta a chuireann bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i bhfeidhm i mBallstát amháin an comhlacht maoirseachta ón mBallstát eile lena mbaineann ar an eolas agus rachaidh sé i gcomhairle leis;
féadfaidh comhlacht maoirseachta a iarraidh ar chomhlacht maoirseachta Ballstáit eile lena mbaineann bearta maoirseachta nó bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh, lena n-áirítear, mar shampla, iarrataí ar chigireachtaí a dhéanamh maidir leis na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 20 agus 21 maidir le seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;
i gcás inarb iomchuí, féadfaidh comhlachtaí maoirseachta imscrúduithe comhpháirteacha a dhéanamh le comhlachtaí maoirseachta na mBallstát eile.
Na socruithe agus nósanna imeachta le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha faoin gcéad fhomhír, comhaontóidh agus bunóidh na Ballstáit lena mbaineann iad i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.
Comhlacht maoirseachta lena ndéantar iarraidh ar chúnamh, féadfaidh sé an iarraidh sin a dhiúltú ar aon cheann de na forais seo a leanas:
níl an cúnamh arna iarraidh comhréireach le gníomhaíochtaí maoirseachta an chomhlachta maoirseachta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagail 46a agus 46b;
níl an comhlacht maoirseachta inniúil chun an cúnamh arna iarraidh a sholáthar;
ní bheadh sé i gcomhréir leis an Rialachán seo an cúnamh arna iarraidh a sholáthar.
Airteagal 46e
An Grúpa Comhair Eorpach maidir le Céannacht Dhigiteach
Beidh na cúraimí seo a leanas ar an nGrúpa Comhair:
comhairle a mhalartú agus comhoibriú leis an gCoimisiún maidir le tionscnaimh bheartais atá ag teacht chun cinn i réimse thiachóga céannachta digití, modhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe;
comhairle a thabhairt don Choimisiún, de réir mar is iomchuí, ag na céimeanna luatha d’ullmhú na ndréachtghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe atá le glacadh de bhun an Rialacháin seo;
an méid seo a leanas a dhéanamh chun tacú leis na comhlachtaí maoirseachta forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme:
dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo;
measúnú a dhéanamh ar na forbairtí ábhartha in earnálacha na dtiachóg céannachta digití, an ríomh-shainaitheantais agus na seirbhísí iontaoibhe;
cruinnithe comhpháirteacha a eagrú le páirtithe leasmhara ábhartha as gach cearn den Aontas chun plé a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an ngrúpa comhair agus chun ionchur a bhailiú maidir le dúshláin bheartais atá ag teacht chun cinn;
tuairimí, dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú, le tacaíocht ó ENISA, maidir le gnéithe ábhartha cibearshlándála a bhaineann le Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, scéimeanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe;
dea-chleachtais a mhalartú maidir le forbairt agus cur chun feidhme beartas maidir le fógra a thabhairt i leith sáruithe slándála, agus bearta comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 5e agus 10;
cruinnithe comhpháirteacha a eagrú le Grúpa Comhair NIS arna bhunú de bhun Airteagal 14(1) de Threoir (AE) 2022/2555 chun faisnéis ábhartha a mhalartú i ndáil le seirbhísí iontaoibhe agus leis an ríomh-shainaitheantais a bhaineann le cibearbhagairtí, cibeartheagmhais, leochaileachtaí, tionscnaimh múscailte feasachta, oiliúintí, cleachtaí agus scileanna, fothú acmhainneachta, acmhainneacht caighdeán agus sonraíochtaí teicniúla, chomh maith le caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla;
plé a dhéanamh, arna iarraidh sin do chomhlacht maoirseachta, ar iarrataí sonracha ar chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 46d;
malartú faisnéise idir na comhlachtaí maoirseachta a éascú trí threoir a thabhairt maidir leis na gnéithe eagraíochtúla agus na nósanna imeachta eagraíochtúla don chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 46d;
athbhreithnithe piaraí ar na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil fógra le tabhairt ina leith faoin Rialachán seo a eagrú.
CAIBIDIL V
TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 47
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 48
An nós imeachta coiste
CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 48a
Ceanglais tuairiscithe
Sna staitisticí a bhailítear i gcomhréir le mír 1, áireofar an méid seo a leanas:
líon na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí bailí acu;
cineál agus líon na seirbhísí lena nglactar le húsáid na Tiachóige Céannachta Digití Eorpaí;
líon na ngearán ó úsáideoirí agus na dteagmhas cosanta tomhaltóirí nó cosanta sonraí a bhaineann le páirtithe is úsáideoirí agus seirbhísí iontaoibhe cáilithe;
tuarascáil achomair lena n-áirítear sonraí faoi theagmhais lena gcuirtear cosc ar úsáid na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití;
achoimre ar na teagmhais shuntasacha slándála, na sáruithe i ndáil le sonraí agus úsáideoirí Tiachóg Eorpach Céannachta Digití nó seirbhísí iontaoibhe cáilithe dá ndéantar difear.
Airteagal 49
Athbhreithniú
Airteagal 50
Aisghairm
Airteagal 51
Bearta idirthréimhseacha
Airteagal 52
Teacht i bhfeidhm
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Iúil 2016, seachas maidir leis an méid a leanas:
beidh feidhm ag Airteagail 8(3), 9(5), 12(2) go (9), 17(8), 19(4), 20(4), 21(4), 22(5), 23(3), 24(5), 27(4) agus (5), 28(6), 29(2), 30(3) agus (4), 31(3), 32(3), 33(2), 34(2), 37(4) agus (5), 38(6), 42(2), 44(2), 45(2), agus Airteagal 47 agus Airteagal 48 ón 17 Meán Fómhair 2014;
Beidh feidhm ag Airteagail 7, Airteagal 8(1) agus (2), Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11, Airteagal 12(1), ón dáta a dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 12(8) i bhfeidhm;
Beidh feidhm ag Airteagal 6 ó trí bhliana ón dáta a dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 12(8) i bhfeidhm.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
CEANGLAIS MAIDIR LE DEIMHNITHE CÁILITHE LE HAGHAIDH RÍOMHSHÍNITHE
Beidh na nithe seo a leanas sna deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe:
nod, ar a laghad i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh an deimhniú mar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;
tacar sonraí a léiríonn gan débhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá ag eisiúint an deimhnithe cháilithe, lena n-áirítear ar a laghad, an Ballstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus
ar a laghad ainm an tsínitheora, nó ainm bréige; má úsáidtear ainm bréige, léireofar sin go soiléir;
na sonraí bailíochtaithe le haghaidh ríomhshínithe a fhreagraíonn do na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe;
sonraí maidir le tús agus deireadh tréimhse bhailíochta an deimhnithe;
cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe;
ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn;
an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce;
an fhaisnéis nó an láthair ina bhfuil na seirbhísí is féidir a úsáid chun fiosrú a dhéanamh faoi stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe;
an láthair ar ghléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bhfuil na sonraí cruthaithe ríomh-shainaitheantais bainteach le sonraí um bailíochtaithe ríomh-shainaitheantais, i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.
IARSCRÍBHINN II
CEANGLAIS MAIDIR LE GLÉASANNA CRUTHAITHE RÍOMHSHÍNITHE CÁILITHE
1. Áiritheoidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, trí bhíthin modhanna iomchuí teicniúla agus nós imeachta, an méid seo a leanas:
go ndéantar caomhnú réasúnta ar rúndacht na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe;
nach n-úsáidtear sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe ach aon uair amháin go praiticiúil;
nach féidir na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe, le cinnteacht réasúnta, a dhéanamh amach agus go bhfuil an síniú á chosaint go hiontaofa ar bhrionnú le teicneolaíocht atá ar fáil faoi láthair;
gur féidir leis an sínitheoir dlisteanach cosaint a dhéanamh le hiontaoibh ó úsáid pháirtithe eile ar na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe.
2. Ní athróidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe na sonraí a bheidh le síniú ná ní chuirfidh siad cosc leis na sonraí sin a chur i láthair an tsínitheora roimh an síniú.
▼M1 —————
IARSCRÍBHINN III
CEANGLAIS MAIDIR LE DEIMHNITHE CÁILITHE LE HAGHAIDH RÍOMHSHÉALA
Beidh na nithe seo a leanas sna deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala:
comharthú, i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach don phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh mar dheimhniú cáilithe an deimhniú a eisíodh do ríomhshéala;
foireann sonraí a léiríonn gan athbhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe lena n-áirítear ar a laghad, an Stát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus
ar a laghad ainm chruthaitheoir an tséala agus, nuair is infheidhme, an chláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;
sonraí bailíochtaithe ríomhshéalaí a chomhfhreagraíonn do na sonraí cruthaithe ríomhshéalaí;
sonraí maidir le tús agus deireadh tréimhse bhailíochta an deimhnithe;
cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe;
ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn;
an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce;
an fhaisnéis nó an láthair ina bhfuil na seirbhísí is féidir a úsáid chun fiosrú a dhéanamh faoi stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe;
an láthair ar ghléas cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe a bhfuil na sonraí cruthaithe ríomhshéalaí atá bainteach le sonraí bailíochtaithe ríomhshéalaí, le comharthú oiriúnach de seo i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.
IARSCRÍBHINN IV
CEANGLAIS MAIDIR LE DEIMHNITHE CÁILITHE AR FHÍORDHEIMHNIÚ LÁITHREÁN GRÉASÁIN
Beidh na nithe seo a leanas i ndeimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin:
nod, ar a laghad i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh an deimhniú mar dheimhniú cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin;
foireann sonraí a léiríonn gan athbhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe lena n-áirítear ar a laghad, an Stát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus
i gcás daoine nádúrtha: ar a laghad ainm nó ainm bréige an duine dár eisíodh an deimhniú, nó ainm bréige; má úsáidtear ainm bréige, léireofar go soiléir é;
i gcás daoine dlítheanacha: tacar uathúil sonraí lena léirítear gan débhrí an duine dlítheanach dár eisíodh an deimhniú, mar aon le hainm an duine dhlítheanaigh dár eisíodh an deimhniú, ar a laghad, agus, i gcás inarb infheidhme, an uimhir chlárúcháin mar a luaitear sna taifid;
eilimintí den seoladh, lena n-áirítear ar a laghad an chathair agus an Stát lena mbaineann an duine nádúrtha nó dlítheanach ar eisíodh an deimhniú dó agus, nuair is infheidhme, mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;
ainm fearainn nó ainmneacha fearainn a oibríonn an duine nádúrtha nó dlítheanach ar eisíodh an deimhniú dó;
sonraí maidir le tús agus deireadh thréimhse bhailíochta an deimhnithe;
cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe;
ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn;
an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (h) ar fáil saor in aisce;
an fhaisnéis nó láthair ina bhfuil na seirbhísí stádais bhailíochta deimhnithe is féidir a úsáid chun fiosrú a dhéanamh faoi stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe.
IARSCRÍBHINN V
CEANGLAIS MAIDIR LE RÍOMHDHEARHBÚ SAINTRÉITHE CÁILITHE
Beidh an méid seo a leanas i ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe:
léiriú, i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe ar a laghad, gur eisíodh an dearbhú mar ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe;
tacar sonraí lena léirítear gan débhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe lena n-áirítear ar a laghad, an Stát ina mbeidh an soláthraí bunaithe agus:
i gcás duine dhlítheanaigh: ainm agus, i gcás inarb infheidhme, an chláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,
i gcás duine nádúrtha: ainm an duine;
tacar sonraí lena léirítear gan débhrí an t-eintiteas dá dtagraíonn na saintréithe dearbhuithe má úsáidtear ainm bréige, léireofar go soiléir é;
an tsaintréith dhearbhuithe nó na saintréithe dearbhuithe, lena n-áirítear, más infheidhme, an fhaisnéis is gá chun raon feidhme na dtréithe sin a shainaithint;
sonraí maidir le tús agus le deireadh thréimhse bhailíochta an dearbhaithe;
cód céannachta an dearbhuithe, nach mór dó a bheith uathúil le haghaidh an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe agus, más infheidhme, an léiriú ar scéim na ndearbhuithe ar cuid de é an dearbhú saintréithe;
ríomhshíniú cáilithe nó ríomhshéala cáilithe ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe eisiúna;
an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn leis an ríomhshíniú cáilithe nó leis an ríomhshéala cáilithe dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce;
an fhaisnéis, nó an láthair ina bhfuil na seirbhísí is féidir a úsáid chun fiosrú a dhéanamh faoin dearbhú cáilithe.
IARSCRÍBHINN VI
ÍOSLIOSTA SAINTRÉITHE
De bhun Airteagal 45e, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta a ligfidh do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe ríomhdhearbhuithe saintréithe fíorú a dhéanamh, trí mheán leictreonach, arna iarraidh sin don úsáideoir, ar bharántúlacht na saintréithe seo a leanas i gcoinne de réir na foinse barántúla ábhartha ar an leibhéal náisiúnta nó trí idirghabhálaithe ainmnithe atá aitheanta ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus i gcásanna ina mbraitheann na saintréithe sin ar fhoinsí barántúla laistigh den earnáil phoiblí:
Seoladh;
Aois;
Inscne;
Stádas sibhialta;
Comhdhéanamh an teaghlaigh;
Náisiúntacht nó saoránacht;
Cáilíochtaí oideachais, teidil agus ceadúnais;
Cáilíochtaí gairmiúla, teidil agus ceadúnais;
Cumhachtaí agus sainorduithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha;
Ceadanna poiblí agus ceadúnais;
I gcás daoine dlítheanacha, sonraí airgeadais agus sonraí cuideachta.
IARSCRÍBHINN VII
CEANGLAIS MAIDIR LE RÍOMHDHEARBHÚ SAINTRÉITHE ARNA EISIÚINT AG COMHLACHT POIBLÍ ATÁ FREAGRACH AS FOINSE BHARÁNTÚIL NÓ THAR A CHEANN
Maidir le ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, beidh na nithe seo a leanas ann:
léiriú, i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe ar a laghad, gur eisíodh an dearbhú mar ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann;
tacar sonraí lena léirítear gan débhrí an comhlacht poiblí a eisíonn an ríomhdhearbhú saintréithe, lena n-áirítear, ar a laghad, an Ballstát ina bhfuil an comhlacht poiblí sin bunaithe agus a ainm agus, i gcás inarb infheidhme, a chláruimhir mar atá luaite sna taifid oifigiúla;
tacar sonraí lena léirítear gan débhrí an t-eintiteas dá dtagraíonn na saintréithe fianaithe; má úsáidtear ainm bréige, léireofar sin go soiléir;
an tsaintréith dhearbhuithe nó na saintréithe dearbhuithe, lena n-áirítear, más infheidhme, an fhaisnéis is gá chun raon feidhme na saintréithe sin a shainaithint;
sonraí maidir le tús agus le deireadh thréimhse bhailíochta an dearbhaithe;
cód céannachta an dearbhaithe, nach mór dó a bheith uathúil le haghaidh an chomhalta phoiblí eisiúna agus, más infheidhme, an léiriú ar scéim na ndearbhuithe ar cuid de é an dearbhú saintréithe;
ríomhshíniú cáilithe nó ríomhshéala cáilithe ón gcomhlacht eisiúna;
an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn leis an ríomhshíniú cáilithe nó leis an ríomhshéala cáilithe dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce;
an fhaisnéis, nó an láthair ina bhfuil na seirbhísí is féidir a úsáid chun fiosruithe a dhéanamh faoi stádas bailíochta an dearbhaithe.
( 1 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
( 2 ) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
( 3 ) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
( 4 ) Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).
( 5 ) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
( 6 ) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).
( 7 ) Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Ionstraim um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).
( 8 ) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).