1.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 333/8


CÚIRT CSTE

Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Fürstliches Obergericht dar dáta an 28 Aibreán 2022 i gcás Christian Maitz v AHV-IV-FAK

(Cás E-5/22)

(2022/C 333/08)

An 28 Aibreán 2022, rinne Fürstliches Obergericht (Cúirt Achomhairc na Prionsachta) iarraidh ar Thuairim Chomhairleach a fháil ó Chúirt CSTE i gcás Christian Maitz v AHV-IV-FAK agus an 3 Bealtaine 2022 fuair Clárlann na Cúirte an iarraidh sin maidir leis na ceisteanna seo a leanas:

1.

De réir raon feidhme ratione personae Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 (IO 2004 L 166, lch. 1), arna ionchorprú i gComhaontú LEE leis an gCinneadh ó Chomhchoiste LEE an 1 Iúil 2011 (LGBl. 2012 Uimh. 202), an gá gur i gceann de na Ballstáit atá an náisiúnach Ballstáit ina chónaí, ar náisiúnach é atá faoi réir reachtaíocht Ballstáit amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 2(1) den Rialachán sin?

Más é an freagra nár ghá sin:

An féidir an freagra ar an gceist sin a athrú dá dtabharfadh an tAontas Eorpach nó Ballstát LEE comhaontú le tríú tír i gcrích, ar comhaontú é lenar leathnaíodh raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin luaite chun an tríú tír a chumhdach?

2.

Maidir le fianú de réir bhrí Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO 2009 L 284, lch. 1), arna ionchorprú i gComhaontú LEE leis an gCinneadh ón gComhchoiste an 1 Iúil 2011 (LGBl. 2012 Uimh. 202), an gá an fianú sin a eisiúint trí bhíthin foirm (PD A1) a leagann an Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta síos chun na héifeachtaí dlíthiúla a shonraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán sin a bheith ann?