25.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 210/32 |
Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE arna cur isteach ag Trygderetten an 26 Eanáir 2022 i gcás A v Arbeids- og velferdsdirektoratet
(Cás E-2/22)
(2022/C 210/13)
An 26 Eanáir 2022, rinne Trygderetten (an Chúirt Náisiúnta Árachais) iarraidh ar Thuairim Chomhairleach i gcás A v Arbeids- og velferdsdirektoratet a chur chuig Cúirt CSTE, rud a fuair Clárlann na Cúirte an 27 Eanáir 2022, maidir leis na ceisteanna seo a leanas:
1) |
An dtagann sochar amhail an tsochair idirthréimhsigh (overgangsstønad) - féach an chéad mhír de Roinn 15-5 den Acht um Árachas Náisiúnta, arna léamh i gcomhar leis an gcéad abairt den dara mír - laistigh de raon feidhme ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) de réir:
|
2) |
An bhfuil aon tábhacht ó thaobh an mheasúnaithe faoi cheist 1) ag baint leis an gceanglas maidir le gníomhaíocht ghairme chun bheith i dteideal leanúnach do shochar nuair a shroicheann an leanbh is óige aon bhliain d’aois, féach Roinn 15-6 den Acht um Árachas Náisiúnta? |
(1) Rialachán (CE) Uimh 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, an 30.4.2004, lch. 1).