8.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CA 111/1


Fógra lena leasaítear fógra comórtais oscailte — EPSO/AST-SC/10/20 — Rúnaithe (SC 1/SC 2)

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 211 A an 25 Meitheamh 2020 )

(2022/C 111 A/01)

Ar leathanach 5, ba cheart Roinn 5 “Céim an Mheasúnaithe” a léamh mar seo:

“5)    Céim an Mheasúnaithe

Dhá oiread, ar a mhéad, an lín iarrthóirí atá á lorg do gach grád, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an gcéim seo. Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa triail scileanna Microsoft Office Word ar cheann de na marcanna foriomlána is airde, tabharfar cuireadh duit freastal ar chéim an mheasúnaithe.

Déanfar seacht n-inniúlacht ghinearálta, a marcálfar gach ceann acu as 10, agus inniúlachtaí réimse-shonracha an chomórtais seo a thástáil le linn chéim an mheasúnaithe. Déanfar sin le dhá thriail sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2, faoi mar atá léirithe sna táblaí thíos:

Inniúlacht

Triail

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Agallamh réimse-shonrach

2.

Cumarsáid

Agallamh réimse-shonrach

3.

Cáilíocht agus torthaí

Ról-imirt

4.

Foghlaim agus forbairt

Ról-imirt

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Ról-imirt

6.

Buanseasmhacht

Agallamh réimse-shonrach

7.

Obair bhuíne

Ról-imirt

Pasmharc: 35/70 san iomlán.

Inniúlacht

Triail

Pasmharc

Inniúlachtaí réimse-shonracha

Agallamh réimse-shonrach

35/70

Ach amháin má deirtear a mhalairt leo, ní mór d’iarrthóirí cóipeanna scanta de na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne siad ina bhfoirm iarratais, a uaslódáil chuig a gcuntas EPSO. Cuirfidh EPSO sonraí breise agus treoracha breise ar fáil.”