9.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AST/393/21 - RIARTHÓIRÍ (AD 6) I RÉIMSE NA COSANTA SONRAÍ

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: An 12 Deireadh Fómhair 2021 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéal a thiomsú as a ndéanfaidh An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS), an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, an Chúirt Bhreithiúnais agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “ riarthóirí” (grúpa feidhme AD).

Is iad an fógra comórtais seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach an phróisis roghnúcháin seo.

Tá na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte in IARSCRÍBHINN II ..

An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal: 76

Le linn an phróisis roghnúcháin, tabharfar cuireadh duit roinnt trialacha a dhéanamh mar atá sonraithe san fhógra comórtais seo. Cinnteoidh EPSO go mbeidh na dálaí faoina ndéanfaidh tú na trialacha sin i gcomhréir leis na moltaí atá leagtha síos ag na hÚdaráis Sláinte Phoiblí ábhartha (an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú/údaráis eile, idir Eorpach agus náisiúnta).

DUALGAIS AN PHOIST

Ar na dualgais a bheidh le déanamh tá tuarascálacha, tuairimí, treoirlínte, moltaí, dea-chleachtais agus cinntí a ullmhú d’fhonn léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), na Treorach maidir le Cosaint Sonraí Póilíní (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais, d'fhonn sin a áirithiú, agus monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí beartais agus reachtacha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór d'iarrthóirí GACH CEANN de na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh. Déanfar na coinníollacha incháilitheachta atá leagtha síos sa roinn seo a sheiceáil le taobh na sonraí a thug na hiarrthóirí san iarratas ar líne roimh thrialacha an ionaid measúnaithe. Ina theannta sin, déanfar na dearbhuithe a rinneadh sna hiarratais ar líne a sheiceáil le taobh dhoiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí sula dtiomsófar an painéal. Cuirfear na hiarrthóirí ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh. Is é EPSO a sheiceálfaidh an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus is é an bord roghnúcháin a sheiceálfaidh an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha incháilitheachta sonracha sna ranna “Oideachas agus Oiliúint” agus “Taithí Oibre” den iarratas ar líne, agus na dualgais a luaitear in Iarscríbhinn I á gcur san áireamh.

1)   Coinníollacha ginearálta

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh

Aon oibleagáid i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh

2)   Coinníollacha sonracha – teangacha

Ní mór duit eolas a bheith agat ar 2 cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar leibhéal C1 ar a laghad (eolas cuimsitheach).

Tabhair do d'aire nach mór na híosleibhéil thuasluaite a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha: Https://rm.coe.int/16806f50a4

San fhógra comórtais seo is mar seo a thagraítear do na teangacha sin:

Teanga 1: an teanga a úsáidtear sna trialacha ceisteanna ilrogha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí ar ríomhaire san ionad measúnaithe.

Teanga 2: an teanga a úsáidtear sa triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach ar ríomhaire agus chun na hinniúlachtaí ginearálta agus réimse-shonracha a mheas san ionad measúnaithe. An teanga a roghnófar mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin.

Déanfar an chumarsáid tríd an gcuntas EPSO agus idir EPSO agus na hiarrthóirí a chuir iarratas bailí isteach i gceann de na teangacha ar dhearbhaigh siad go raibh siad acu san fhoirm iarratais ar leibhéal B2 nó níos airde.

Ní mór an Béarla nó an Fhraincis a roghnú mar theanga 2.

Tá an comórtas seo á eagrú go príomha chun freastal ar riachtanais MECS mar aon le riachtanais ranna eile a bhíonn ag plé le gnéithe cosanta sonraí laistigh de na hinstitiúidí earcaíochta.

Na hiarrthóirí a earcófar le haghaidh réimse na cosanta sonraí, ní mór dóibh eolas cuimsitheach a bheith acu ar an mBéarla nó ar an bhFraincis, ar leibhéal C1 ar a laghad, is é sin an t-íosleibhéal atá riachtanach chun anailísiú dlí a dhéanamh i gceann de na teangacha sin ó bhéal agus i scríbhinn.

Maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara seachtracha amhail údaráis náisiúnta cosanta sonraí, tuairimí agus moltaí a eisítear, mar aon le cigireachtaí a dhéantar, tá eolas cuimsitheach ar an mBéarla nó ar an bhFraincis riachtanach. Go hinmheánach, is i mBéarla agus i bhFraincis den chuid is mó a oibríonn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB): is i mBéarla nó i bhFraincis a reáchtáiltear na cruinnithe uile, agus úsáidtear an dá theanga sin i nótaí faisnéise, i dtuairisciú, i ndréacht-doiciméid agus chun comhairle sheachtrach a thabhairt.

Thairis sin, a mhéid a bhaineann le seirbhísí dlí agus ranna eile na n-institiúidí earcaíochta:

Na hoifigigh a oibríonn ar chosaint sonraí, lena n-áirítear in aonaid a dhéileálann le gnóthaí dlí, sna seirbhísí dlí agus i ranna eile na n-institiúidí, cuireann siad comhairle dlí ar fáil laistigh de na hinstitiúidí agus do pháirtithe leasmhara eile araon. Is i mBéarla nó i bhFraincis den chuid is mó a dhréachtaítear an chomhairle, an treoir, tuairimí dlí, tuairiscí, anailísiú, cinntí agus doiciméid eile a chuireann oifigigh cosanta sonraí ar fáil, mar aon leis na doiciméid a ndéanann siad athbhreithniú orthu.

Is i mBéarla a dhéantar bunús na cumarsáide leis na Ballstáit agus is i mBéarla nó i bhFraincis a dhéantar caibidlíocht agus cumarsáid idirinstitiúideach. Is sa dá theanga sin a reáchtáiltear cruinnithe idirinstitiúideacha ar na hábhair sin agus dá bharr sin ní mór do chomhairleoirí dlí agus rannpháirtithe eile sna cruinnithe sin máistreacht a fháil ar an mBéarla nó ar an bhFraincis chun na díospóireachtaí a leanúint, idirghabháil a dhéanamh agus comhairle dlí a chur ar fáil.

A mhéid a bhaineann le hobair dlíthíochta, ar cuid shuntasach í d'obair na seirbhísí dlí agus ranna eile na n-institiúidí, ní mór gach doiciméad nós imeachta a sheoladh chuig cúirteanna an Aontais Eorpaigh i dteanga an cháis agus sa Fhraincis, teanga ina ndéantar an plé i gcúirteanna an Aontais Eorpaigh de réir gnáis. Ní mór do na seirbhísí dlí agus do na ranna eile a bheith in ann tarraingt ar líon mór riarthóirí ar féidir leo athbhreithniú a dhéanamh ar leagan Fraincise na ndoiciméad nós imeachta atá le cur faoi bhráid chúirteanna an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, is sa Fhraincis amháin atá cuid de chásdlí na Cúirte Ginearálta ar fáil agus i dteanga an cháis féin. Chun an taighde dlí agus an chomhairle dlí ardcháilíochta chríochnúil a bhfuiltear ag súil leo a chur ar fáil, ní mór líon leordhóthanach riarthóirí a bhfuil sáreolas acu ar an bhFraincis a bheith ag na seirbhísí dlí agus ag na ranna eile.

Dá bhrí sin, tá an rogha sin dírithe ar sheirbhísí agus, dá réir sin ní mór eolas ar leibhéal C1 ar a laghad ar an mBéarla nó ar an bhFraincis a bheith ag buaiteoirí le go mbeidh siad in ann dul i mbun oibre láithreach tar éis a n-earcaithe.

3)   Coinníollacha sonracha – cáilíochtaí agus taithí oibre

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad , ar baineadh dioplóma amach dá bharr agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha le haghaidh céimithe a fuarthas ina dhiaidh sin a bhaineann le réimse an chomórtais, i.e. beartais um chosaint sonraí a fhorbairt agus/nó creat dlíthiúil um chosaint sonraí a chur i bhfeidhm.

Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN III

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ

1)   Iarratas a dhéanamh

Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat , beidh ort na nithe seo a leanas a dhéanamh:

teanga 1 agus teanga 2 a roghnú le haghaidh na dtrialacha

teanga 1 a roghnú as aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh; agus

ní mór an Béarla nó an Fhraincis a roghnú mar theanga 2. An teanga a roghnófar mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin.

a dheimhniú go bhfuil tú incháilithe le haghaidh an chomórtais

eolas breise a thabhairt a bhaineann le réimse an chomórtais (mar shampla: dioplómaí, taithí oibre)

Tá an fhoirm iarratais ar líne le fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat, beidh tú in ann aon cheann de na teangacha sin a roghnú.

Is ionann an t-iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d'fhocal go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”. A luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Fútsa atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am.

2)   An triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach ar ríomhaire

Má bhailíochtaíonn tú d'fhoirm iarratas faoin sprioc-am, tabharfar cuireadh duit triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d'ionaid chreidiúnaithe EPSO nó go cianda. Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun an triail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh, de réir na dtreoracha a gheobhaidh tú ó EPSO. Is é is dóichí go dtairgfidh EPSO roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú an triail a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú í a dhéanamh. De rogha air sin, féadfaidh EPSO an deis a thabhairt duit an triail a dhéanamh ar líne. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.

Ag seo leagan amach na trialach ceisteanna ilrogha réimse-shonraí ar ríomhaire:

Triail

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Marcáil

Pasmharc

Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach

Teanga 2

40 ceist

60 nóiméad

As 40 pointe a mharcálfar an triail seo

20/40

Triail dhíbeartha is ea an triail seo; is ionann sin agus a rá nach mór duit ar a laghad an pasmharc atá sonraithe sa tábla thuas a ghnóthú chun dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den chomórtas. Cuirfear an marc a ghnóthófar inti leis na marcanna a ghnóthófar i dtrialacha eile an ionaid measúnaithe chun do mharc iomlán a ríomh.

3)   An tIonad Measúnaithe

Trí oiread, ar a mhéad an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chuig an gcéim seo dóibh. Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach ar ríomhaire ar cheann de na marcanna is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe (ar líne nó go fisiceach) ar feadh lá amháin nó roinnt laethanta. Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit cóipeanna scanta de do chuid doiciméad tacaíochta a uaslódáil chuig do chuntas EPSO. Cuirfear sonraí breise agus treoracha breise sa litir chuiridh a chuirfear chugat.

Trialacha:

a)

Déanfar ocht n-inniúlacht ghinearálta a thástáil san ionad measúnaithe, agus déanfar sin le 2 thriail  – cás-staidéar agus agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí, a bhfuil cur síos orthu sa dá thábla seo. Déanfar measúnú ar na hinniúlachtaí réimse-shonracha le triail amháin  – agallamh réimse-shonrach. Is sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 a dhéanfaidh tú na trialacha sin ar fad.

Inniúlacht

Triail

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cás-staidéar

2.

Cumarsáid

Cás-staidéar

3.

Cáilíocht agus torthaí

Cás-staidéar

4.

Foghlaim agus forbairt

Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Cás-staidéar

6.

Buanseasmhacht

Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí

7.

Obair bhuíne

Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí

8.

Cumas ceannaireachta

Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí

Pasmharcanna: As 10 bpointe a mharcálfar gach inniúlacht. Níl aon phas ann in aghaidh na hinniúlachta, ach ní mór pas de 40/80 ar a laghad a bhaint amach san iomlán. Beidh na marcanna a ghnóthófar sna trialacha sin ina gcuid den mharc deiridh foriomlán.

Inniúlacht

Triail

Marcáil

Pasmharc

Inniúlachtaí réimse-shonracha

Agallamh réimse-shonrach

As 140 pointe a mharcálfar an triail seo

70/140

Ní mór duit ar a laghad an pasmharc atá sonraithe sa tábla thuas a ghnóthú san agallamh réimse-shonrach chun dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den chomórtas. Beidh an marc a ghnóthófar sa triail seo ina chuid den mharc deiridh foriomlán.

b)

Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun na trialacha ceisteanna ilrogha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí ar ríomhaire a dhéanamh, de réir na dtreoracha a gheobhaidh tú ó EPSO. Is é is dóichí go dtairgfidh EPSO roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú iad a dhéanamh. De rogha air sin, féadfaidh EPSO an deis a thabhairt duit na trialacha a dhéanamh ar líne. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.

Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí ar ríomhaire:

Trialacha

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Marcáil

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

As 20 pointe a mharcálfar an triail seo

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

As 10 bpointe a mharcálfar an triail seo

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

10 gceist

10 nóiméad

As 10 bpointe a mharcálfar an triail seo

Níl aon phasmharc ann le haghaidh na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire sin. Beidh na marcanna a ghnóthófar sna trialacha sin ina gcuid den mharc deiridh foriomlán.

4)   An painéal

I ndiaidh dó an tseiceáil a dhéanamh ar dhoiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí ar bhonn na faisnéise san iarratas ar líne, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal de na hiarrthóirí incháilithe sin a ghnóthaigh na pasmharcanna riachtanacha agus a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu as 300 marc i ndiaidh na trialach ceisteanna ilrogha réimse-shonraí ar ríomhaire agus i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

Cuirfear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, chun críoch earcaíochta agus forbairt gairme sa todhchaí, an painéal d’iarrthóirí ar éirigh leo mar aon lena bpas inniúlachtaí, agus beidh aiseolas cáilíochtúil ón mbord roghnúcháin sa phas sin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus aon cheart ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post .

COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE SPEISIALTA

Déanann EPSO a dhícheall a chinntiú go bhfuil comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile, go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí.

Má tá tú faoi mhíchumas nó más rud é go bhféadfadh an riocht sláinte ina bhfuil tú bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d'iarratas ar líne agus lean na céimeanna chun socruithe speisialta a iarraidh sna trialacha roghnúcháin, de réir an chur síos sna Rialacha Ginearálta atá in Iarscríbhinn II i gceangal leis an bhfógra seo (féach pointe 1.3. Comhdheiseanna agus socruithe speisialta).

Tá tuilleadh eolais faoinár mbeartas comhdheiseanna agus faoin nós imeachta maidir le socruithe speisialta le fáil ar ár suíomh gréasáin (https://epso.europa.eu/how-to-apply/equal-opportunities).

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Chun iarratas a dhéanamh is é an chéad rud nach mór duit a dhéanamh cuntas EPSO a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a bheith agat agus ní mór an cuntas sin a úsáid le haghaidh gach iarratais.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu faoin sprioc-am seo:

An 12 Deireadh Fómhair 2021 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile.


(1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(3)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).


IARSCRÍBHINN I

DUALGAIS

Ós rud é go bhfuil an comórtas seo á eagrú go príomha chun freastal ar riachtanais MECS mar aon le riachtanais na seirbhísí dlí agus ranna eile de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais, Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta agus na Cúirte Breithiúnais a bhíonn ag plé le gnéithe cosanta sonraí, ar na dualgais a d’fhéadfadh a bheith le déanamh ag buaiteoirí a earcófar baineann siad leis an dá chatagóir leathana seo a leanas:

(a)   Do MECS agus do Rúnaíocht an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí (EDPD)

Ar mhaithe le cosaint agus urramú na gceart bunúsach chun sonraí pearsanta agus chun príobháideachais atá cumhdaithe in Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tá próiseáil sonraí pearsanta faoi réir rialú ag údarás neamhspleách. Is é údarás neamhspleách an Aontais um chosaint sonraí é An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS), a bhfuil sé de chúram air a chinntiú go n-urramaíonn institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais an dlí um chosaint sonraí.

Ag gníomhú dóibh faoi údarás an Mhaoirseora agus an Stiúrthóra, déanfaidh na hoifigigh a earcófar cúraimí éagsúla i gcomhréir le treoracha an Chinn Aonaid. Más rud é gur le rúnaíocht EDPB a bheidh na hoifigigh ag obair, is faoi údarás Chathaoirleach an Bhoird amháin a bheidh siad ag obair agus beidh siad faoi réir struchtúir tuairiscithe ar leithligh ón gcuid eile den fhoireann a dhéanann cúraimí MECS.

San MECS agus i Rúnaíocht EDPB, beidh an méid seo ar na príomhdhualgais a d'fhéadfadh a bheith ar na riarthóirí, ach gan bheith teoranta dóibh:

eolas agus comhairle a thabhairt d’Institiúidí an Aontais Eorpaigh atá faoi mhaoirseacht MECS maidir le dea-chleachtas i réimse na cosanta sonraí agus eolas agus comhairle a thabhairt do lucht próiseála sonraí pearsanta maidir lena n-oibleagáidí, doiciméid treorach a dhréachtú do na hinstitiúidí agus cuidiú le feasacht agus tuiscint an phobail a chur chun cinn faoi na rioscaí, na rialacha, na coimircí agus na cearta i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta;

faisnéis a chur ar fáil d’ábhair sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú;

imscrúduithe a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rialacha cosanta sonraí is infheidhme maidir le hinstitiúdí an Aontais;

oibriú i gcomhar le hoifigigh cosanta sonraí ó institiúidí an Aontais agus le húdaráis chosanta sonraí náisiúnta, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí eile is inniúil i réimse na cosanta sonraí;

déileáil le comhairliúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin roimh ré maidir le measúnuithe tionchair ar chosaint sonraí, cinntí agus údaruithe faoi na rialacha cosanta is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais atá faoi mhaoirseacht MECS;

measúnú a dhéanamh ar thionchar na roghanna teicneolaíochta ar chosaint sonraí, agus comhairle a thabhairt i dtaobh réitigh theicneolaíocha a cheapadh a chuideoidh le cosaint sonraí;

cúraimí a bhaineann le hiniúchóireacht a dhéanamh, slándáil córas ríomhaireachta agus córas uathoibrithe a mheas, agus measúnú a dhéanamh ar fhógraí faoi sháruithe ar shonraí pearsanta chun a thromchúisí agus atá na sáruithe sin a mheas agus comhairle a thabhairt do rialtóirí maidir le bearta iomchuí;

comhairle a thabhairt d’institiúidí an Aontais atá i gceannas ar bhearta riaracháin agus ar rialacha inmheánacha maidir le próiseáil sonraí;

monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí sa reachtaíocht i réimse na cosanta sonraí, measúnú a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann tograí reachtacha nó tograí beartais an Chairt um Chearta Bunúsacha agus an reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí, agus moltaí a ullmhú do reachtóir an Aontais (maidir le tograí reachtacha nó tograí beartais);

cúraimí éagsúla a dhéanamh a bhaineann le dlíthíocht, ráitis seasaimh a dhréachtú agus ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid i gcásanna cúirte, nuair is gá, os comhair na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta, i réimse na cosanta sonraí;

monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíochta ábhartha, sa mhéid go bhfuil tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta, go háirithe forbairtí i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide;

comhairle a thabhairt maidir le beartais agus reachtaíocht a bhaineann le forbairtí teicneolaíocha a bhfuil tionchar acu ar phríobháideachas agus ar chosaint sonraí pearsanta;

cur i bhfeidhm na bprionsabal “cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú” a chur chun cinn agus a neartú;

cuidiú le doiciméid an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí a dhréachtú, amhail treoirlínte, tuairimí agus cinntí ceangailteacha;

faoi chreat Rúnaíocht an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí, tacaíocht anailíseach agus roinnt tacaíochta riaracháin a thabhairt don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí, lena n-áirítear tacaíocht a bhaineann lena bhainistiú go laethúil;

faisnéis a chur ar fáil d’ábhair sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú i ndáil le Rialachán (AE) 2018/1725;

gearáin a láimhseáil a thaisc ábhair sonraí nó comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais atá sainordaithe gníomhú ar a son faoi Rialachán (AE) 2018/1725, agus ábhar an ghearáin a imscrúdú, a mhéid is iomchuí;

rochtain ar shonraí pearsanta, doiciméid agus iarrataí ar chomhaid a láimhseáil, nuair is iomchuí.

(b)   Do sheirbhísí dlí agus ranna eile na n-institiúidí earcaíochta

Lena chinntiú go ndéanfar Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair maidir le “daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí an Aontais” a chur i bhfeidhm laistigh d’institiúidí an Aontais, cinnteoidh na buaiteoirí a earcófar nach dócha go ndéanfaidh oibríochtaí próiseála na n-institiúidí dochar do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí agus go gcomhlíonfaidh an Rialaitheoir a dhualgais.

Sna hinstitiúidí, beidh an méid seo ar na príomhdhualgais a d’fhéadfadh a bheith ar na riarthóirí, ach gan bheith teoranta dóibh,:

cuidiú leis na hArd-Stiúrthóireachtaí na rialacha cosanta sonraí a chur chun feidhme agus monatóireacht a dhéanamh orthu laistigh de na hinstitiúidí agus treoir a chur ar fáil i ndáil leis sin;

comhairle a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679;

feabhsuithe praiticiúla ar chosaint sonraí a mholadh don phróiseáil atá ann cheana nó atá beartaithe sna hinstitiúidí;

páirt a ghlacadh i dtionscadail uile na hInstitiúide a bhaineann le sonraí pearsanta, moltaí agus dea-chleachtais a chur ar fáil chun Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm go dleathach;

cuidiú leis an gcomhar a chinntiú leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, na hOifigigh Cosanta Sonraí agus Comhordaitheoirí na n-institiúidí agus na nGníomhaireachtaí eile;

faisnéis a chur ar fáil d’ábhair sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú i ndáil le Rialachán (AE) 2018/1725;

gearáin a láimhseáil a thaisc ábhair sonraí nó comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais atá sainordaithe gníomhú ar a son, faoi Rialachán (AE) 2018/1725, agus ábhar an ghearáin a imscrúdú, a mhéid is iomchuí;

rochtain ar shonraí pearsanta, doiciméid agus iarrataí ar chomhaid a láimhseáil, nuair is iomchuí.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


IARSCRÍBHINN II

NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine d’aon inscne eile atáthar freisin.

Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis, tabharfar cuireadh chun na chéad chéime eile den phróiseas dó.

Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal é.

1.   NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH

1.1.   Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha

Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), tá siad luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”.

Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt, a bhaineann le dualgais an phoist , i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin) de réir an méid atá ráite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas.

(a)

Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais.

Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann.

(b)

Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:

gur fíorobair éifeachtach a bhí inti,

gur obair ar íocaíocht a bhí inti,

go raibh caidreamh íochtaránachta nó soláthar seirbhíse i gceist léi, agus

faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

obair dheonach: más obair ar íocaíocht a bhí inti agus go raibh na huaireanta oibre sa tseachtain agus an fad a mhair an phost ar nós uaireanta oibre agus fad gnáthphoist,

tréimhsí oiliúna : más tréimhsí oiliúna ar íocaíocht a bhí iontu,

seirbhís mhíleata éigeantach: is cuma cé acu sular baineadh an dioplóma amach nó ina dhiaidh a rinneadh an tseirbhís mhíleata, agus ní chuirfear san áireamh tréimhse seirbhíse níos faide ná an tréimhse atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit i gceist,

saoire mháithreachais/atharthachta/altramais : má bhí an tsaoire leagtha síos sa chonradh fostaíochta,

dochtúireacht: 3 bliana ar a mhéad a chuirfear san áireamh, ar choinníoll gur baineadh amach an dochtúireacht, agus is cuma cé acu obair ar íocaíocht nó obair gan íocaíocht a bhí sa dochtúireacht, agus

obair pháirtaimseartha: is ar bhonn pro rata a ríomhfar obair pháirtaimseartha, ar bhonn an lín uaireanta an chloig a oibríodh, e.g. mheasfaí gur 3 mhí oibre ab ea obair leathama a mhair 6 mhí.

1.2.   Doiciméid tacaíochta

Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).

Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:

doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó

conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh , maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh;

(i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar;

(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad , agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála.

Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.

Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.

1.3.   Comhdheiseanna agus socruithe speisialta

Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh duit an t-iarratas a bhailíochtú, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.

Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:

trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu) nó

tríd an bpost:

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

EPSO accessibility

L107 02/DCS

1049 Bruxelles/An Bhruiséil

BELGIQUE/BELGIË

2.   CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?

Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.

Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.

Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Tá toirmeasc ar na hiarrthóirí aon chumarsáid dhíreach nó indíreach nach gcomhlíonann na nósanna imeachta sin a dhéanamh, agus is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas iad dá bharr

Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach 4.4).

Foilsítear ainmneacha baill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh thosach an Ionaid Measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.

3.   CUMARSÁID

3.1.   Cumarsáid a dhéanamh le EPSO

Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach agus tríd suíomh greasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga).

Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.

I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’ uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin .

Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh https://ec.europa.eu/info/about-european-union/principles-and-values/ethics-and-integrity/code-conduct-eu-staff_ga. Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).

3.2.   Rochtain ar fhaisnéis

Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.

Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.

Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon chearta ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta a luaitear sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.

3.2.1.   Faisnéis a nochtar go huathoibríoch

Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:

na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna ,

incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh,

Talent Screener (an scagthóir buanna): do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán,

na réamhthrialacha: do thorthaí,

na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh,

an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe.

Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:

go bhfuil na trialacha thart,

go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad, agus

nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile.

3.2.2.   Faisnéis a iarraidh

Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile . Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.

Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad .

Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.

Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.

4.   GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ

4.1.   Saincheisteanna teicniúla agus eagraíochtúla

Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh sa chaoi go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).

Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin .

I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:

na feitheoirí a chur ar an eolas láithreach sa chaoi gur féidir réiteach a aimsiú san ionad féin. I gcás ar bith, iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn, agus

teagmháil a dhéanamh le EPSO tráth nach déanaí ná 3 lá féilire i ndiaidh na trialach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga) agus cur síos gairid a thabhairt dóibh ar an bhfadhb.

I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), lean na treoracha i do chuntas EPSO agus ar shuíomh gréasáin EPSO nó déan teagmháil le EPSO láithreach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).

I gcás fadhbanna a bhaineann le d’iarratas, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le EPSO láithreach agus go cinnte roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga). Má chuirtear ceist isteach níos lú ná 5 lá oibre roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, is féidir nach bhfreagrófar roimh an sprioc-am iad.

4.2.   Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach

4.2.1.   Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.

Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).

Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.

Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga),

teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist,

sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 3 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire,

faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann.

Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó iarrataí nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.

Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.

Tá an nós imeachta athbhreithniúcháin céanna i bhfeidhm maidir le hearráidí sa chleachtadh inbhosca ríomhphoist.

4.2.2.   Iarrataí ar athbhreithniú

Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.

Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:

míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais, agus/nó

an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh.

Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.

Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga),

teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist,

sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid,

faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide.

Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.

Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.

Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú , is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.

4.3.   Modhanna eile le conspóid a dhéanamh

4.3.1.   Gearáin riaracháin

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.

Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).

Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga),

teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist,

sprioc-am: laistigh de thrí mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe,

faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide.

Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.

4.3.2.   Achomhairc bhreithiúnacha

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.

Tabhair do d’aire nach mbeidh achomhairc i gcoinne cinntí a rinne EPSO seachas an bord roghnúcháin, nach mbeidh siad inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta mura ndearnadh achomharc riaracháin roimhe sin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach roinn 4.3.1). Go háirithe, is amhlaidh atá i gcás cinntí a bhaineann leis na critéir incháilitheachta ghinearálta, arb é EPSO a dhéanann iad seachas an bord roghnúcháin.

Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:

nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/).

4.3.3.   An tOmbudsman Eorpach

Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.

Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1–4.3).

Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.

Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:

nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/).

4.4.   Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin

Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:

gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin,

go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe,

nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad,

go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis,

nach ndearna tú coinne chun ceann amháin nó níos mó de na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú ceann amháin nó níos mó de na trialacha féin,

go ndearna tú séitéireacht i dtriail,

nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais na teangacha nach mór a bheith agat i gcomhréir leis an bhFógra Comórtais seo, nó nár dhearbhaigh tú na híosleibhéil a theastaíonn sna teangacha sin,

gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe,

nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin,

gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais a líon tú isteach d’iarratas (féadfar teanga eile a úsáid i gcásanna áirithe, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíocht agus in ainmneacha/teidil dioplómaí), agus/nó

go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla.

Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile ina dhiaidh sin.

5.

IMRÉITEACH SLÁNDÁLA LE hAGHAIDH EARCAÍOCHT SA CHOIMISIÚN EORPACH

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (1), baill foirne uile an Choimisiúin Eorpaigh a láimhseálann faisnéis íogair agus rúnaicmithe lena mbaineann ardleibhéal rúndachta (“faisnéis rúnaicmithe AE”), ní mór an leibhéal iomchuí údaraithe slándála a bheith acu (“SECRET UE/EU SECRET”).

Dá bhrí sin, is féidir go n-iarrfar ar na hiarrthóirí ar éirigh leo i gcomórtas, mar réamhchoinníoll earcaíochta i gcás poist áirithe sa Choimisiún Eorpach, an nós imeachta imréitigh slándála a leagtar síos sa Chinneadh a ghlacadh orthu féin. Beidh an réamhriachtanas sin sonraithe go soiléir san fhógra folúntais maidir leis an bpost lena mbaineann. Beidh na hiarrthóirí ar éirigh leo sásta an nós imeachta imréitigh a ghlacadh orthu féin, ar nós imeachta imréitigh é a dhéanann an t-údarás inniúil náisiúnta i mBallstát a náisiúntachta. Moltar d'iarratasóirí iad féin a chur ar an eolas faoin nós imeachta sula ndéanfaidh siad iarratas ar an gcomórtas seo.

Deireadh IARSCRÍBHINN II, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


(1)  Cinneadh 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53)


IARSCRÍBHINN III

SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ, DE RÉIR AN BHALLSTÁIT AGUS DE CHUID NA RÍOCHTA AONTAITHE AGUS DE RÉIR AN GHRÁID, A FHREAGRAÍONN, I bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAS

Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí uait

TÍR

AST-SC 1 go AST-SC 6

AST 1 go AST 7

AST 3 go AST 11

AD 5 go AD 16

Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile)

Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 3 bliana ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 4 bliana nó níos mó)

Belgique — België — Belgien

Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs

Diplôme d'aptitude à accéder à l'enseignement supérieur (DAES)/Getuigschrift van hoger secundair onderwijs

Diplôme d'enseignement professionnel/Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

Candidature/Kandidaat

Graduat/Gegradueerde

Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor

Bachelor académique (180 crédits)

Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS)

Licence/Licentiaat

Master

Diplôme d'études approfondies (DEA)

Diplôme d'études spécialisées (DES)

Diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS)

Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)

Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)

Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

Agrégation/Aggregaat

Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur

Doctorat/Doctoraal diploma

България

Диплома за завършено средно образование

Специалист по …

 

Диплома за висше образование

Бакалавър

Магистър

Česko

Vysvědčení o maturitní zkoušce

Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář)

Diplom o ukončení vysokoškolského studia

Magistr

Doktor

Danmark

Bevis for:

Studentereksamen

Højere Forberedelseseksamen (HF)

Højere Handelseksamen (HHX)

Højere Afgangseksamen (HA)

Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

Videregående uddannelser

= Bevis for = Eksamensbevis som (erhvervsakademiuddannelse AK)

Bachelorgrad (BA eller BS)

Professionsbachelorgrad

Diplomingeniør

Kandidatgrad/Candidatus

Master/Magistergrad (mag.art)

Licenciatgrad

ph.d.-grad

Deutschland

Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife

Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife

 

Fachhochschulabschluss

Bachelor

Hochschulabschluss/Fachhochschulabschluss/Master

Magister Artium/Magistra Artium

Staatsexamen/Diplom

Erstes Juristisches Staatsexamen

Doktorgrad

Eesti

Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)

Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

Rakenduskõrghariduse diplom

Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)

Magistrikraad

Arstikraad

Hambaarstikraad

Loomaarstikraad

Filosoofiadoktor

Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

Éire/Ireland

Ardteistiméireacht, Grád D3, I 5 ábhar/Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects

Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)/Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

Teastas Náisiúnta/National Certificate

Gnáthchéim bhaitsiléara/Ordinary bachelor degree

Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.)/National diploma (ND, Dip.)

Ardteastas (120 ECTS)/Higher Certificate (120 ECTS)

Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)/Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)/Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS)

Céim ollscoile/University degree

Céim mháistir (60-120 ECTS)/Master’s degree (60-120 ECTS)

Dochtúireacht/Doctorate

Ελλάδα

Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου

Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (IΕΚ)

 

Πτυχίο ΑΕI (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕI)

Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος)

Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

España

Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU)

Bachillerato

BUP

Diploma de Técnico especialista

FP grado superior (Técnico superior)

Diplomado/Ingeniero técnico

Licenciatura

Máster

Ingeniero

Título de Doctor

France

Baccalauréat

Diplôme d'accès aux études universitaires (DAEU)

Brevet de technicien

Diplôme d'études universitaires générales (DEUG)

Brevet de technicien supérieur (BTS)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Diplôme d'études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

Licence

Maîtrise

Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d'études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d'études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche

Diplôme des grandes écoles

Diplôme d'ingénieur

Doctorat

Hrvatska

Svjedodžba o državnoj maturi

Svjedodžba o završnom ispitu

Stručni pristupnik/pristupnica

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Stručni specijalist

Magistar struke

Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing)

Doktor struke

Doktor umjetnosti

Italia

Diploma di maturità (vecchio ordinamento)

Perito ragioniere

Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore

Diploma universitario (DU)

Certificato di specializzazione tecnica superiore

Attestato di competenza (4 semestri)

Diploma di laurea – L (breve)

Diploma di laurea (DL)

Laurea specialistica (LS)

Master di I livello

Dottorato di ricerca (DR)

Κύπρος

Απολυτήριο

Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory)

Higher Diploma

 

Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor

Master

Doctorat

Latvija

Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

Diploms par profesionālo vidējo izglītību

Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu)

Bakalaura diploms (160 kredītpunktu)

Profesionālā bakalaura diploms

Maģistra diploms

Profesionālā maģistra diploms

Doktora grāds

Lietuva

Brandos atestatas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštesniojo mokslo diplomas

Profesinio bakalauro diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Bakalauro diplomas

Magistro diplomas

Daktaro diplomas

Meno licenciato diplomas

Luxembourg

Diplôme de fin d’études secondaires et techniques

BTS

Brevet de maîtrise

Brevet de technicien supérieur

Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Bachelor

Diplôme d'ingénieur technicien

Master

Diplôme d'ingénieur industriel

DESS en droit européen

Magyarország

Gimnáziumi érettségi bizonyítvány

Szakközépiskolai érettségi-képesítő bizonyítvány

Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme)

Főiskolai oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits)

Egyetemi oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits)

Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés)

Doktori fokozat

Malta

Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher)

Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5

2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

MCAST diplomas/certificates

Higher National Diploma

Bachelor’s degree

Bachelor’s degree

Master of Arts

Doctorate

Nederland

Diploma VWO

Diploma staatsexamen (2 diploma's)

Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO)

Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

Kandidaatsexamen

Associate degree (AD)

Bachelor (WO)

HBO bachelor degree

Baccalaureus of “Ingenieur”

HBO/WO Master's degree

Doctoraal examen/Doctoraat

Österreich

Matura/Reifeprüfung

Reife- und Diplomprüfung

Berufsreifeprüfung

Kollegdiplom/Akademiediplom

Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea

Universitätsdiplom

Fachhochschuldiplom

Magister/Magistra

Master

Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur

Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis

Doktortitel

Polska

Świadectwo dojrzałości

Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego

Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

Licencjat/Inżynier

Magister/Magister inżynier

Dyplom doktora

Portugal

Diploma de Ensino Secundário

Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

 

Bacharel Licenciado

Licenciado

Mestre

Doutorado

România

Diplomă de bacalaureat

Diplomă de absolvire (colegiu universitar)

Învățământ preuniversitar

Diplomă de licenţă

Diplomă de licenţă

Diplomă de inginer

Diplomă de urbanist

Diplomă de master

Certificat de atestare (studii academice postuniversitare)

Diplomă de doctor

Slovenija

Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu)

Diploma višje strokovne šole

Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

Univerzitetna diploma

Magisterij

Specializacija

Doktorat

Slovensko

Vysvedčenie o maturitnej skúške

Absolventský diplom

Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár)

Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia

Bakalár (Bc.)

Magister

Magister/Inžinier

ArtD.

Suomi/Finland

Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus — Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning

Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier)

Ammatillinen opistoasteen tutkinto — Yrkesexamen på institutnivå

Kandidaatin tutkinto — Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa — studieveckor)

Maisterin tutkinto — Magisterexamen/Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa — studieveckor)

Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen — antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen

Lisensiaatti/Licentiat

Sverige

Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning)

Högskoleexamen (80 poäng)

Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år

Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)

Licentiatexamen

Doktorsexamen

Meriter på avancerad nivå:

Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng

Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Meriter på forskarnivå:

Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

United Kingdom

General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

BTEC National Diploma

General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level)

Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

Diploma of Higher Education (DipHE)

National Vocational Qualifications (NVQ)

Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4

(Honours) Bachelor degree

NB: Master’s degree in Scotland

Honours Bachelor degree

Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)

Doctorate

NOTE:

UK diplomas awarded in 2020 (until 31 December 2020) are accepted without an equivalence. UK diplomas awarded as from 1 January 2021 must be accompanied by an equivalence issued by a competent authority of an EU Member State.

Deireadh IARSCRÍBHINN III, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs