9.3.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
37 |
FÓGRA FOLÚNTAIS PE/215/S
STIÚRTHÓIR (BEAN/FEAR) (Grúpa feidhme AD, grád 14)
AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM SHLÁNDÁIL AGUS SÁBHÁILTEACHT — AN STIÚRTHÓIREACHT UM STRAITÉIS AGUS UM ACMHAINNÍ
1. Folúntas
Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Shlándáil agus Sábháilteacht — an Stiúrthóireacht um Straitéis agus um Acmhainní, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).
Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.
Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD14 (3). Is é EUR 14 303,51 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.
Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.
Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.
2. Ionad Fostaíochta
An Bhruiséil. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.
3. Comhionannas Deiseanna
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
4. Cúraimí an phoist
Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):
— |
a áirithiú go mbeidh roinn mhór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go rianúil; |
— |
foirne éagsúla a threorú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an eintitis agus cáilíocht seirbhíse (eagar, bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha, nuálaíocht, etc.) a áirithiú ina réimsí gníomhaíochta; |
— |
gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta a phleanáil (cuspóirí a leagan amach agus straitéisí a cheapadh); na cinntí is gá a dhéanamh chun na cuspóirí aontaithe a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú; |
— |
comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ardrúnaíocht agus ar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta; |
— |
comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta; |
— |
tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche; |
— |
feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú. |
5. Incháilitheacht
Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:
(a) Coinníollacha ginearálta
I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:
— |
a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh; |
— |
a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu; |
— |
a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí; |
— |
na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh. |
(b) Coinníollacha sonracha
(i) Cáilíochtaí, céimeanna agus an taithí ghairmiúil a éilítear
— |
Nuair is é 4 bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, nó nuair is é 3 bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí de 1 bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime (5). |
— |
Dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear 6bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta. |
(ii) Eolas a éilítear
— |
sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha; |
— |
sáreolas ar shaincheisteanna a bhaineann leis na beartais inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ar na Conarthaí; |
— |
tuiscint an-mhaith ar na cultúir éagsúla atá sna hinstitiúidí Eorpacha; |
— |
sáreolas ar struchtúr Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ar a heagar, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla; |
— |
sáreolas ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, ar a nósanna imeachta reachtacha agus ar rialacha agus cleachtais inmheánacha; |
— |
sáreolas ar na Rialacháin Foirne, ar a léirmhíniú agus ar na rialacha a dhíorthaíonn astu; |
— |
sáreolas ar an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus ar a rialacha cur chun feidhme, agus ar rialacha inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa; |
— |
eolas an-mhaith ar chúrsaí riaracháin (gnéithe acmhainní daonna, bainistíochta, buiséid, airgeadais, na teicneolaíochta faisnéise, saincheisteanna dlíthiúla, etc.); |
— |
sáreolas ar theicnící bainistíochta. |
(iii) Eolas ar theangacha
Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.
Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.
(iv) Scileanna a éilítear
— |
bua na straitéise; |
— |
cumas ceannaireachta; |
— |
cumas pleanála chun cinn; |
— |
cumas freagairt d’athruithe; |
— |
críochnúlacht; |
— |
cumas cumarsáide. |
6. Nós imeachta roghnúcháin
Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur ar bun agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta de na daoine sin, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinnidh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.
7. Iarratais a chur isteach
Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná
23 Márta 2018, ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.
Iarrtar ar na hiarrthóirí ráiteas maidir leis an cúiseanna atá acu le cur isteach ar an bpost (a bheidh i bhformáid pdf agus é dírithe chuig Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/215/S), mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (7), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/215/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist a leanas:
EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu
agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.
Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.
Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin (8) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.
Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 (9).
(1) Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.
(2) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
(3) Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.
(4) Féach an Iarscríbhinn do phríomhdhualgais an phoist seo.
(5) Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.
(6) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
(7) http://europass.cedefop.europa.eu/
(8) Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais.
IARSCRÍBHINN
AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM SHLÁNDÁIL AGUS SÁBHÁILTEACHT
AN STIÚRTHÓIREACHT UM STRAITÉIS AGUS UM ACMHAINNÍ
RÉIMSE FREAGRACHTAÍ
(Líon foirne iomlán de 195 ghníomhaire: 60 oifigeach, 0 gníomhaire sealadach agus 135 ghníomhaire chonarthacha)
— |
Aonaid na Stiúrthóireachta a mhaoirsiú, a chomhordú agus a threorú agus malartú faisnéise eatarthu a riar; |
— |
Feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a riar; |
— |
Cuidiú le cuspóirí agus straitéisí a shainaithint i réimse na slándála mar aon lena gcur chun feidhme ag na seirbhísí lena mbaineann; |
— |
Beartas sonrach i dtaca le bainistíocht pearsanra a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus é a chur in oiriúint do riachtanais an AS ag cur san áireamh barrfheabhsú na n-acmhainní daonna de réir gníomhaíochta, oiliúint tosaigh agus leanúnach an phearsanra, bainistiú sceideal do ghníomhairí slándála agus do chreidiúnú; |
— |
Réitigh iomchuí a chur ar fáil go leanúnach maidir le héilimh a bhaineann le slándáil trí sheirbhísí coisc agus cianfhaireacháin d’fhoirgnimh agus do shaoráidí teicniúla; |
— |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais i gcás conarthaí, sceidil agus tairiscintí an AS a riar; |
— |
Suiteáil, feidhmiú agus cothabháil chórais slándála fisiciúla na hinstitiúide sna trí láthair oibre a riar — rud a thabharfaidh coincheap agus teicneolaíocht nua-aoiseach don institiúid i réimse na slándála, agus feidhmiú leanúnach na mbeart slándála sin (iPACS — Integrated Parliament Access Control) a áirithiú; |
— |
Cinntí an Bhiúró a chur chun feidhme maidir le leibhéal cosanta a neartú d’fhoirgnimh uile na Parlaiminte sna trí láthair oibre chomh maith le teorainneacha slándála seachtracha a chruthú thart timpeall orthu sin; |
— |
Measúnú, oiriúnú agus comhchuibhiú a dhéanamh ar bhearta slándála atá i bhfeidhm in oifigí idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa sna Ballstáit; |
— |
Rúnaíocht an Choiste Stiúrtha um Bainistiú Slándála (“Security Management Steering Committee”) agus bainistiú Ghréasán na gComhfhreagraithe Slándála (Network of Security Correspondants) a riar. |
AN tAONAD UM SHEOLADH
— |
Seirbhís leanúnach 24 uair an chloig/7 lá in aghaidh na seachtaine a sholáthar; obair leantach agus aiseolas a áirithiú maidir le gnéithe ábhartha na slándála ginearálta agus na slándála dóiteáin agus an ghníomhaíocht sin a bheith de réir a chéile i ngach ceann de thrí láthair oibre Pharlaimint na hEorpa; |
— |
Cuidiú leis na Feisirí, leis an bpearsanra, leis na toscaireachtaí agus leis na cuairteoirí, i gcomhar leis na haonaid slándála agus coisc, le linn uaireanta oibre; |
— |
Cur i bhfeidhm fheidhmeanna na slándála ginearálta agus na slándála dóiteáin a riar lasmuigh d’uaireanta oibre (istoíche, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire) sa Bhruiséil agus in Strasbourg; Infhoinsiú i Lucsamburg a bhainistiú agus leanúint leis an obair leantach atá ar bun ag an gcuideachta slándála; |
— |
Cumarsáid ardleibhéil agus idirghníomhaíocht réamhghníomhach a ráthú le Stiúrthóireacht A agus Stiúrthóireacht B de AS SAFE agus le seirbhísí éagsúla na hinstitiúide lena mbaineann (Prótacal, an tSeirbhís Liachta, Bonneagar, etc.); |
— |
I ngach cás éigeandála a imríonn tionchar ar dhea-fheidhmiú sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa, na bearta slándála a chur in oiriúint i bhfíor-am do riachtanais na hinstitiúide, idirchaidreamh éifeachtach a áirithiú idir na seirbhísí lena mbaineann mar aon le cumarsáid leis na seirbhísí náisiúnta éigeandála agus slándála; |
— |
Faisnéis a bhailiú, a phróiseáil agus a rangú. Réitigh iomchuí a aimsiú, gníomhaíochtaí a chomhordú agus obair leantach orthu a áirithiú. Aiseolas a thabhairt do na seirbhísí lena mbaineann; |
— |
Cuidiú le heachtraí agus/nó cásanna coinbhleachta a tharlaíonn i bhfoirgnimh Pharlaimint na hEorpa a réiteach tríd an seomra ceannais agus rialaithe. |
AN tAONAD UM PEARSANRA AGUS UM PLEANÁIL
— |
Pleanáil bhliantúil a riar do níos mó ná 700 comhghleacaí de chuid AS SAFE agus sineirgí a fhorbairt leis na seirbhísí oibríochtúla agus go háirithe leis an rannóg Need to Know d’fhonn riachtanais slándála uile na hinstitiúide a chumhdach i ndáil le gníomhaíocht na Parlaiminte agus freisin d’fhonn idir-réiteach a aimsiú idir saol príobháideach agus saol pearsanta na ngníomhairí. Uirlisí TF i dtaca le pleanáil a fhorbairt chun freagairt ar éilimh na hinstitiúide i réimse na hacmhainneachta, na solúbthachta agus na trédhearcachta; |
— |
Beartas bainistithe foirne nua AS SAFE a shainiú agus a chur chun feidhme. Bainistiú acmhainní daonna na hArdstiúrthóireachta a riar: gairmeacha na n-oifigeach agus gníomhairí eile (comórtais, earcú, tuarascálacha foirne, soghluaisteacht, gníomhaíochtaí seachtracha, éirí as obair, pinsin, liúntais, etc.), coinníollacha oibre, poist sa phlean bunaíochta (poist atá le huasghrádú, aistrithe Ringbook, etc.), agus imchlúdaigh bhuiséadacha na hArdstiúrthóireachta (misin, gníomhairí conarthacha, gníomhairí eatramhacha, oiliúint); |
— |
Clár um ghairmiúlú an phearsanra slándála agus bainistiú tallainne a fhorbairt atá dírithe ar riachtanais AS SAFE a fhorbairt. Uirlis bainistithe chomhtháite a chur i bhfeidhm chun inniúlachtaí a fhorbairt. Riachtanais oiliúna na hArdstiúrthóireachta a shainiú chun sealbhú inniúlachtaí agus teicnící nua slándála a ráthú agus chun freagairt ar éilimh shlándála Pharlaimint na hEorpa. Plean oiliúna a leagan amach don Ard-Stiúrthóireacht agus a chur i ngníomh iomchuí a áirithiú chun na cuspóirí oiliúna a bhaint amach; |
— |
Beartas folláine a chur chun feidhme laistigh de AS SAFE chun na coinníollacha oibre is fearr is féidir a ráthú dá ghníomhairí i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm. Forléargas a chur i gcrích d’áitíocht oifigí AS SAFE; bainistiú réadmhaoine (GBI) mar aon le feistiú agus seachadadh bliantúil na n-éidí seirbhíse agus cosanta do 700 gníomhaire agus comhordaitheoir a riar. |
AN tAONAD BUISÉID
— |
Bainistiú buiséadach a riar, eadhon comhordú, tacaíocht, comhairle agus cúnamh do sheirbhísí d’fhonn ullmhú agus cur chun feidhme bhuiséad AS SAFE a riar; obair leantach bhuiséadach a riar maidir le forghníomhú conarthaí agus/nó foirmeacha ordaithe (ullmhú agus obair leantach ar chomhaid tiomantais agus íocaíochta agus bainistiú na n-ioncam sannta). Caiteachas slándála Thithe na hEorpa a thabhairt chun rialtachta; teagmhálacha agus comhfhreagras le conraitheoirí a riar; orduithe aisghabhála agus díolúine ó CBL a bhunú; |
— |
Bainistiú an tsoláthair phoiblí agus conarthaí a riar, eadhon comhordú, tacaíocht, comhairle agus cúnamh a thabhairt do sheirbhísí oibríochtúla uile AS SAFE chun dea-phleanáil bhliantúil agus obair leantach a áirithiú maidir le glaonna ar thairiscintí a eisíonn an Ard-Stiúrthóireacht; doiciméid le haghaidh glaonna ar thairiscintí a tharraingt suas; nósanna imeachta a sheoladh (lena n-áirítear trí eTendering); bainistiú agus obair leantach a riar don soláthar poiblí go dtí go ndámhtar na conarthaí; obair leantach ar fhorfheidhmiú na gconarthaí agus ullmhú na leasuithe a riar; |
— |
Rialú ex ante a riar i gcás nósanna imeachta an tsoláthair agus na gníomhartha buiséadacha uile, i gcás dhea-fheidhmiú an fhardail airgeadais (ELS) agus i gcás bhainistiú na ngníomhartha buiséadacha, na ndoiciméad tacaíochta a bhaineann leo, agus na ndoiciméad a bhaineann le nósanna imeachta an tsoláthair; |
— |
Tuarascálacha gníomhaíochta tráthrialta agus bliantúla a tharraingt suas, mar aon le freagairtí ar rúin bhuiséadacha agus ar cheistneoirí na Parlaiminte (Coistí BUDG agus CONT) agus freisin ar chomhlachtaí rialaithe (Iniúchóir inmheánach, an Chúirt Iniúchóirí, etc.); obair leantach ar “íoschaighdeáin an rialaithe inmheánaigh” a riar, lena n-áirítear na feidhmeanna íogair agus Risk Register; |
— |
Obair leantach bhuiséadach a riar mar aon le forfheidhmiú na gcostas a d’fhéadfaí a chruthú leis an Meabhrán Tuisceana (MoU) i gconarthaí uile Pharlaimint na hEorpa, ionadú a dhéanamh do AS SAFE i meithleacha FMP, sna grúpaí stiúrtha IdirAS don airgeadas agus do EMAS (lena n-áirítear Meitheal GPP agus an Coiste Dramhaíola), GIDOC, Coiste Stiúrtha GEDA, FMS. |
AN tAONAD UM THEICNEOLAÍOCHTAÍ AGUS UM SHLÁNDÁIL FAISNÉISE
— |
Suiteáil, feidhmiú agus cothabháil na gcóras slándála fisiciúil sna trí láthair oibre (an Bhruiséil, Strasbourg, Lucsamburg) a riar; |
— |
Oibríochtaí TFC, tacaíocht ríomhaireachta agus forbairt na gcóras faisnéise (CF) a ráthú; |
— |
Forfheidhmiú agus sceidealú an tsoláthair a riar, mar aon le cur chun feidhme an bhuiséid do chórais teicneolaíochta agus slándála fisiciúla; |
— |
Obair leantach ar shuiteáil agus ar chórais slándála fisiciúla in oifigí idirchaidrimh PE a riar, i gcomhar leis na seirbhísí eile lena mbaineann; |
— |
Dréachtú, bainistiú agus rialú maidir le cur chun feidhme bheartas na slándála faisnéise a riar. |