18.8.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA FOLÚNTAIS Uimh. 22/17

maidir le post AMHÁIN

mar CHEANN AONAID (F/B)

in Aonad D.1 na Roinne Cumarsáide — Preas

(Arna fhoilsiú faoi Airteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne)

Dáta deiridh d’iarratais: 18 Meán Fómhair 2017 ag 12:00 meán lae (am na Bruiséile)

1.

Folúntas: AD 12

2.   Dualgais:

Tá an Ceann Aonaid, faoi údarás Cheann na Roinne Cumarsáide, freagrach as an Aonad Preasa a bhainistiú. I measc cúraimí an Chinn Aonaid, áirítear na cinn seo a leanas:

straitéis chuimsitheach/réamhghníomhach don phreas agus do na meáin a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

obair Chomhaltaí CESE a chur chun cinn leis na huirlisí uile atá ar fáil, teagmhálaithe pearsanta agus na meáin shóisialta san áireamh;

an fhoireann preasa a bhainistiú, a spreagadh agus a chomhordú agus páirt ghníomhach a ghlacadh i bhfoireann bainistíochta na Roinne Cumarsáide;

cur le forbairt bheartas preasa oifig Uachtarán CESE agus le seirbhísí CESE go ginearálta;

comhordú an phreasa agus na meán d’imeachtaí CESE a chinntiú;

teagmhálacha a fhorbairt agus dea-chaidreamh a chothú leis na meáin (teagmhálacha pearsanta dlútha ar bhonn rialta a chinntiú le hiriseoirí, comhdhálacha a eagrú mar aon le freastal ar chruinnithe leis an bpreas, etc.) d’fhonn clúdach na meán ar ghníomhaíochtaí CESE a fháil agus a chur chun cinn;

maoirseacht a dhéanamh ar tháirgeadh ábhair nuachta don ghréasán agus do na meáin shóisialta, preaseisiúintí, nuachtlitir, táirgí closamhairc agus seirbhísí grianghrafadóireachta, agus cur leo;

clúdach na meán ar ghníomhaíochtaí an choiste a mhonatóiriú agus na seirbhísí preasa ar an ngréasán agus ar ardáin na meán sóisialta a fhorbairt;

clár oibre bliantúil an Aonaid a bhunú agus a chinntiú go gcuirfear chun feidhme é;

láithreacht an Aonaid ag Grúpa Cumarsáide CESE a chinntiú;

buiséad an Aonaid Preasa a bhainistiú, na creatchonarthaí san áireamh, lena chinntiú go mbainfear an úsáid is fearr as;

ionadaíocht a dhéanamh thar ceann ghníomhaíochtaí CESE ag cruinnithe idirinstitiúideacha éagsúla i réimse na cumarsáide, mar aon le hobair leantach.

Maidir linne:

Is comhlacht comhairleach é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Tá CESE tiomanta don chomhtháthú Eorpach agus cuireann sé le dlisteanacht dhaonlathach agus éifeachtacht an Aontais Eorpaigh a neartú trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó na Ballstáit a chumasú lena dtuairimí a chur in iúl ag an leibhéal Eorpach.

Oibríonn an tAonad Preasa go dlúth leis na stiúrthóireachtaí don Obair Reachtach agus díríonn sé ar infheictheacht ghníomhaíochtaí chomhaltaí CESE a ardú trí phreaseisiúintí, ailt, eagarfhocail a dhréachtú agus a fhoilsiú agus dea-chaidreamh leis an bpreas agus leis na meáin a bhunú. Áirítear leis sin iriseoirí atá lonnaithe sa Bhruiséil chomh maith leis na meáin sna Ballstáit. Bíodh is go bhfaigheann thart ar 5,000 suibscríobhaí Nuachtlitir CESE agus preaseisiúintí CESE, eagraítear freisin comhdhálacha preasa agus gníomhaíochtaí preasa eile amhail cruinnithe preasa. Tugtar cuireadh d’iriseoirí freastal ar imeachtaí sonracha, nó an tUachtarán agus na Leas-Uachtaráin a thionlacan agus iad i mbun a gcuid gníomhaíochtaí.

Tá an tAonad freagrach freisin as clúdach na meán ar sheisiúin iomlánacha agus cruinnithe agus imeachtaí ábhartha eile. Déileálann an tAonad Preasa le beartas closamhairc CESE, lena n-áirítear eagrú foriomlán seirbhísí grianghrafadóirí.

Le haghaidh breis eolais, féach ar shuíomh gréasáin CESE: http://www.eesc.europa.eu

A bhfuil á thairiscint againn:

timpeallacht oibre dhinimiciúil ina bhfuil meas ar bhainistíocht éifeachtach, tionscnaíocht, spiorad foirne agus ar sholúbthacht;

post sa roinn cumarsáide, áit a spreagtar cruthaitheacht;

deiseanna chun scileanna a fhorbairt tríd an oiliúint agus trí fhreagrachtaí a ghlacadh.

3.   Incháilitheacht:

Ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais, ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha atá leagtha amach thíos a chomhlíonadh:

(a)

Coinníollacha ginearálta

a bheith ina náisiúnach (1) de Bhallstát den Aontas Eorpach (AE) agus a bheith i dteideal a c(h)earta iomlána mar shaoránach (2);

aon oibleagáid faoi na dlíthe a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta aige/aici;

teistiméireachtaí faoi charachtar atá oiriúnach do chomhlíonadh na ndualgas ábhartha a sholáthar. Tarraingítear aird iarrthóirí ar na srianta forchurtha ag Rialacháin Foirne Oifigigh an AE maidir le gníomhaíochtaí seachtracha, oifig thofa agus coinbhleachtaí leasa (Airteagail 11, 11(a), 12(b), 13 agus 15 de na Rialacháin Foirne);

an cumas fisiceach is gá a bheith aige/aici chun a c(h)uid dualgas a chur i gcrích (3);

a bheith faoi bhun aois scoir, arb é, i gcás oifigigh AE, deireadh na míosa ina mbaintear 66 bliana d‘aois amach;

(b)

Coinníollacha sonracha

(i)

Cáilíochtaí agus scileanna atá ag teastáil

Ní mór d’iarrthóirí leibhéal oideachais a bheith acu a chomhfhreagraíonn le staidéar ollscoile críochnaithe arna fhianú ag dioplóma (4) a bhfuil aitheantas oifigiúil aige i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i réimse atá ábhartha do na dualgais a bhfuil cur síos orthu faoi phointe 2:

a mhair ar feadh tréimhse 4 bliana ar a laghad, nuair is gnáth-thréimhse oideachais ollscoile é ceithre bliana nó níos mó,

a mhair tréimhse trí bliana ar a laghad agus taithí phroifisiúnta bliana amháin ar a laghad i réimse atá ábhartha don sainchuntas poist nuair is é trí bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile. Ní chuirfear an bhliain taithí seo san áireamh nuair a bheidh an taithí ghairmiúil a shonraítear faoi phointe 3(b) (ii) á meas.

(ii)

Taithí ghairmiúil riachtanach

Tar éis na cáilíochtaí atá leagtha amach faoi 3 (b) (i) a ghnóthú, ní mór taithí ghairmiúil de 15 bliana ar a laghad atá ábhartha don chuntas poist a bheith ag an iarrthóir, lena n-áirítear trí bliana ar a laghad i bpost bainistíochta.

(iii)

Eolas ar theangacha

Ní mór eolas críochnúil a bheith ag iarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil ar theanga oifigiúil eile AE. Ar chúiseanna oibríochtúla (5), tá cumas maith (6) sa Bhéarla agus sa Fhraincis, scileanna labhartha agus go háirithe scileanna dréachtaithe, riachtanach.

4.   Critéir roghnúcháin:

Má chomhlíontar na critéir incháilitheachta atá leagtha amach i bpointe 3 (Incháilitheacht) (a) agus (b), déanfar iarratais na n-iarrthóirí, lena n-áirítear CV agus litir chumhdaigh, a mheas ar bhonn na gcritéar roghnúcháin thíos:

Taithí chruthaithe iriseoireachta de 5 bliana ar a laghad;

Taithí maidir le comhdhálacha preasa a eagrú, preaseisiúintí agus nuacht don Ghréasán agus do na Meáin Shóisialta a dhréachtú;

Eolas maith ar réimsí gníomhaíochta agus oibríochtaí éagsúla institiúidí AE, agus eolas ar leith ar ról CESE i leagan amach institiúideach an Aontais Eorpaigh;

Ba bhuntáiste é eolas maith ar shaol an phreasa agus na meán a dhéileálann leis an Aontas Eorpach; Líonra maith de theagmhálacha seanbhunaithe i saol na meán cumarsáide;

Taithí oibre sna hinstitiúidí Eorpacha nó leo;

Scileanna idirphearsanta agus líonraithe an-mhaith d’fhonn teagmhálacha a choimeád le raon leathan páirtithe leasmhara i CESE, in institiúidí eile agus/nó institiúidí Eorpacha seachtracha;

Scileanna cumarsáide agus dréachtaithe den scoth;

A bheith in ann a léiriú go bhfuil an cumas aige/aici plé go discréideach le saincheisteanna íogaire; scileanna taidhleoireachta den scoth;

An cumas ceannaireacht a thabhairt d’fhoireann agus iad a spreagadh;

Cruthaitheacht, tionscnaíocht, fuinneamh agus solúbthacht;

Scileanna maithe anailíseacha agus pleanála agus an cumas tionchar a mheas;

An cumas iltascáil a dhéanamh mar aon le scileanna maithe bainistíochta struis;

Eolas ar theangacha eile seachas Béarla agus Fraincis.

5.   Próiseas roghnúcháin:

5.1.    Ligean isteach sa phróiseas roghnúcháin :

Dréachtófar liosta de na hiarrthóirí a chuir isteach iarratas comhlánaithe roimh an dáta deiridh agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta atá leagtha amach i bpointe 3 (a). Cuirfear an liosta seo ar aghaidh chuig cathaoirleach an choiste roghnúcháin in éineacht leis na hiarratais.

Scrúdóidh an coiste roghnúcháin na hiarratais agus dréachtóidh siad liosta de na hiarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha sonracha atá leagtha amach i bpointe 3 (b). Bunóidh an coiste a chinneadh ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais amháin agus a bhfuil doiciméid tacaíochta faoi iamh mar bhunú di.

Meastar iarrthóirí nach gcomhlíonann a n-iarratais na coinníollacha atá liostaithe i bpointe 3 (a) agus (b) a bheith neamh-incháilithe. Cuirfear an méid sin in iúl dóibh dá réir.

5.2.    Cáilíochtaí a mheas

Ar bhonn critéir a leagadh amach roimh ré, déanfaidh an coiste roghnúcháin cáilíochtaí na n-iarrthóirí incháilithe a mheas le súil le liosta iarrthóirí a dhréachtú arb iad a bpróifíl is fearr a oireann don chur síos ar dhualgais i bpointe 2. Chuige sin, sannfaidh an coiste roghnúcháin ualú do gach critéar roghnúcháin ar léiriú é ar a thábhacht choibhneasta. Déanfar na pointí a shuimiú d’fhonn na hiarrthóirí sin arbh fhearr a n-oireann a bpróifíl do na dualgais atá le comhlíonadh a aithint.

Beidh cinneadh an choiste roghnúcháin sin bunaithe ar an bhfaisnéis a thugtar san fhoirm iarratais (cáilíochtaí agus taithí ghairmiúil), Curriculum Vitae (CV) agus sa litir chumhdaigh.

Ní mór na critéir incháilitheachta (coinníollacha ginearálta agus sonracha) agus roghnúcháin a bheith comhlíonta faoin dáta deiridh le haghaidh iarratais a thíolacadh. Chun scrúdú ar na hiarratais a éascú, ba cheart d’iarrthóirí béim a leagan sa litir chumhdaigh ar ar spreag iad agus ar na gnéithe dá CV is ábhartha ina dtuairim do na dualgais atá i gceist.

Féadfaidh an coiste roghnúcháin an líon iarrthóirí a chuirfear ar an ngearrliosta le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile a theorannú don 12 iarrthóir a fhaigheann an líon uasta pointí sa mheas ar a gcáilíochtaí.

Cuirfear an méid sin in iúl do na hiarrthóirí nach bhfuil ar an ngearrliosta.

5.3.    Agallamh agus scrúdú

Tabharfar cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóirí a n-éiríonn leo sa chéim roimhe sin chun iad a mheas agus a chur i gcomparáid lena chéile ar bhonn cáilíochtaí, taithí gairmiúla, cumais agus eolais, mar atá leagtha amach thuas. Déanfaidh na hiarrthóirí seo scrúdú scríofa freisin chun a scileanna dréachtaithe a mheas.

Is i mBéarla agus i bhFraincis a bheidh an t-agallamh, ach d’fhéadfaí meastóireacht a dhéanamh freisin ar theangacha dearbhaithe eile.

Meastar go gcuirfear na hagallaimh ar siúl i Meán Fómhair/Deireadh Fómhair 2017 ag oifigí CESE sa Bhruiséil (7).

Tabharfar cuireadh a bheith páirteach in ionad measúnaithe don cheathrar iarrthóirí, ar a mhéad, a mheasfar, i ndiaidh chéim an agallaimh, gurb iad is oiriúnaí do riachtanais an phoist. Cuirfear ar an eolas iad in am trátha maidir leis an gclár agus leis an modheolaíocht agus sonróidh siad an rogha teanga acu (Béarla nó Fraincis). Is é cuspóir an mheasúnaithe seo meastóireacht a dhéanamh ar a scileanna bainistíochta (cúraimí, daoine agus faisnéis a bhainistiú, bainistíocht phearsanta agus idirphearsanta). Beidh toradh an mheasúnaithe seo neamhcheangailteach agus is é is aidhm leis ionchur breise a thabhairt don choiste roghnúcháin don nós imeachta roghnúcháin.

Má fhaightear amach, ag céim ar bith den phróiseas, nach féidir an fhaisnéis a tugadh in iarratas an iarrthóra a fhíorú le doiciméid tacaíochta nó nach gcomhlíonann an t-iarrthóir na coinníollacha a shonraítear san fhógra folúntais seo, dearbhófar go bhfuil an t-iarratas sin ar neamhní.

5.4.    Liosta iarrthóirí oiriúnacha

Leis an nós imeachta a chríochnú, dréachtóidh an coiste roghnúcháin liosta iarrthóirí oiriúnacha agus cuirfidh sé ar aghaidh é go dtí an t-údarás ceapacháin i gcomhair cinneadh deiridh.

6.   Achoimre ar choinníollacha earcaíochta:

Tá cinneadh déanta ag an údarás ceapacháin an nós imeachta maidir leis an bpost mar Cheann an Aonaid Preasa a líonadh a oscailt i gcomhréir le hairteagal 29 (2) de rialacháin foirne an Aontais Eorpaigh. Beidh tréimhse phromhaidh naoi mí i gceist.

Earcófar an gníomhaire sealadach ag grád AD 12, agus déanfaidh CESE cinneadh ar an ngrádú deiridh ar bhonn taithí ghairmiúil i gcomhréir leis na rialacha infheidhme (8).

Tá breis eolais ar choinníollacha oibre ar fáil i Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh:

http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CONSLEG:1962R0031:20140101:EN:PDF

Is é an Bhruiséil an áit fostaíochta.

7.   Iarratais:

Caithfidh iarratasóirí ar an bpost seo an fhoirm iarratais ar líne a chomhlánú (http://cdweb.eesc.europa.eu/cn/ae77k/hou-press-2017) leis na doiciméid seo a leanas i mBéarla nó i bhFraincis ceangailte:

litir chumhdaigh;

Curriculum Vitae bunaithe ar mhúnla an Europass (9);

cóipeanna (10) de chárta aitheantais nó pas;

cóipeanna de theastais agus de chéimeanna ollscoile nó iarchéime;

cóipeanna de theistíochtaí fostaíochta ina sonraítear go soiléir nádúr agus fad tréimhse na gníomhaíochta ábhartha;

mura sonraítear go soiléir ar na céimeanna ollscoile é, cruthúnas maidir le cumas teanga i bhfoirm teastas nó, ina éagmais sin, míniú mionsonraithe ar conas a sealbhaíodh í;

i gcás oifigigh AE, doiciméad oifigiúil trína bhfianaítear dul chun cinn gairme agus an grád reatha.

Measfar iarratais neamh-chomhlánaithe a bheith neamhbhailí agus ní dhéanfar iad a mheas.

Beidh ar an iarrthóir a n-éiríonn leis nó léi, ar dháta níos faide anonn, na cóipeanna bunaidh de na doiciméid riachtanacha a sholáthar.

Maidir le doiciméid tacaíochta i dteanga eile seachas Béarla nó Fraincis, ní mór achoimre orthu i gceann den dá theanga sin a chur in éineacht leo.

Is é 18 Meán Fómhair 2017 ag 12:00 meán lae (am na Bruiséile) an dáta deiridh le hiarratais a chur isteach. Déanfaidh CESE neamhaird d’aon iarratas a fhaightear i ndiaidh an dáta agus an ama seo. Moltar go láidir d’iarratasóirí gan fanacht go dtí an lá deiridh lena n-iarratas a chur isteach, mar d’fhéadfadh trácht trom idirlín nó locht ar an nasc idirlín fadhbanna a chothú maidir lena gcur isteach. Ní bheidh CESE freagrach as aon mhoill a éiríonn as fadhbanna dá leithéid.

Maidir le hiarrthóirí faoi mhíchumas nó iarrthóirí atá i gcúinsí ar leith a d’fhágfadh go bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu le linn an nós imeachta (e.g. iad a bheith torrach nó leanbh acu atá fós á chothú ar an gcíoch, nó mar gheall go bhfuil fadhbanna sláinte acu nó go bhfuil siad faoi chóir dochtúra), ní foláir dóibh an méid sin a thabhairt le fios ar an bhfoirm iarratais agus aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar ionas go mbeidh an Riarachán in ann, más féidir, bearta iomchuí a ghlacadh. Más iomchuí, ba cheart go leagfadh siad amach ina bhfoirm iarratais, ar bhileog ar leithligh, aon socruithe speisialta a mheasann siad a bheith riachtanach chun a rannpháirtíocht a éascú.

8.   Barúlacha:

Níor cheart in aon chúinse ar bith d’iarratasóirí iarracht a dhéanamh teagmháil a dhéanamh le baill an bhoird roghnúcháin, go díreach nó go hindíreach. Coimeádann an t-údarás ceapacháin an ceart iarrthóirí a dhéanann amhlaidh a eisiamh.

Creideann CESE go láidir in ionadaíocht chothrom i gcás inscne, i gcás náisiúntachtaí uile na mBallstát agus i gcás theangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh. Tá beartas comhdheiseanna i bhfeidhm aige a choisceann aon idirdhealú bunaithe ar inscne, míchumas, dearcadh polaitiúil nó creidimh nó ar chlaonadh gnéis. I gcomhréir le prionsabail agus forálacha seo na Rialachán Foirne, tugtar spreagadh ar leith don inscne agus do na náisiúntachtaí is lú ionadaíochta.

Tá CESE tiomanta do chosaint an chomhshaoil.

I gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, ní phróiseálfaidh an faighteoir sonraí pearsanta ach amháin chun na gcríoch sin ar tarchuireadh iad.

9.   Iarrataí ar athbhreithniú — gearáin:

Gan dochar a dhéanamh dá gceart gearán a chur isteach faoi Alt 90 (2) nó caingean dlí a thabhairt roimh Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh faoi Alt 91 de na Rialacháin Foirne, féadfaidh iarrthóirí athbhreithniú inmheánach a iarraidh maidir le cinneadh ar bith den choiste roghnúcháin a mbíonn tionchar díreach agus láithreach aige ar a stádas sa roghnúchán ar fhorais neamh-chomhlíonadh na rialacha a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin mar atá leagtha amach san fhógra folúntais. Ní mór an t-iarraidh a dhéanamh trí ríomhphost (recruitment2017-Presse@eesc.europa.eu) laistigh de 10 lá féilire ó dháta an ríomhphoist inar cuireadh an cinneadh ábhartha in iúl don iarrthóir. Ní mór an cinneadh agus na cúiseanna ar a bhfuil an t-iarraidh bunaithe a lua.

Déanfaidh an coiste roghnúcháin cinneadh agus seolfar freagra réasúnaithe chuig an iarrthóir in am trátha.


(1)  Mar a luaitear in 28 a) de na Rialacháin Foirne (RF).

(2)  Sula gceapfar é/í, iarrfar ar an iarrthóir rathúil teastas ó na póilíní a sholáthar lena ndearbhaítear nach bhfuil aon taifead coiriúil aige/aici.

(3)  Sula gceapfar é/í, ní mór don iarrthóir rathúil dul faoi scrúdú leighis a dhéanfar i gceann d’ionaid leighis AE chun a dhearbhú go ndéanann sé/sí riachtanais Airteagal 28 (e) de na RF a chomhlíonadh.

(4)  Ní bhreithneofar ach dioplómaí agus teastais a bronnadh i mBallstáit den Aontas Eorpach nó lena mbaineann teastais chomhionannais arna n-eisiúint ag údaráis sna Ballstáit sin.

(5)  Ós rud é gur i mBéarla agus i bhFraincis amháin atá an fhaisnéis agus na huirlisí TF lena mbeidh an té a earcófar ag obair agus lena dtabharfar oiliúint d’earcaithe nua ionas go mbeidh siad in ann oibriú le huirlisí den saghas sin, tá cumas maith sna teangacha sin riachtanach. Thairis sin, tá sé riachtanach do bhaill foirne an Aonaid Preasa eolas maith ar an mBéarla agus ar an bhFraincis a bheith acu toisc go gcaithfidh siad a bheith in ann oibriú leis an bhfoireann atá ann cheana féin agus leis na comhaltaí agus dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide (Inlíon, meáin shóisialta, postáil, preaseisiúintí, etc.), sa dá theanga sin.

(6)  Leibhéal B2 ar a laghad de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr)

(7)  D’fhéadfaí agallaimh físchomhdhála/Skype a chur ar siúl do na hiarrthóirí sin nach mbeidh sa Bhruiséil nuair a bheidh na hagallaimh ar siúl. Seachas sin aisíocfaidh CESE costais taistil agus bronnfaidh sé liúntas laethúil.

(8)  Taithí ghairmiúil 15 bliana do ghrád AD 12 céim 1 agus 18 mbliana do ghrád AD 12 céim 2.

(9)  http://europass.cedefop.europa.eu/en/documents/curriculum-vitae/templates-instructions

(10)  Is féidir cóipeanna a chur ar fáil sa teanga bhunaidh. Comhlánófar an t-iarratas ar líne i mBéarla nó i bhFraincis.

(11)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.