8.12.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE

EPSO/AD/332/16 — Dlítheangeolaithe Spáinnise (ES) (AD 7)

EPSO/AD/333/16 — Dlítheangeolaithe Gréigise (EL) (AD 7)

EPSO/AD/334/16 — Dlítheangeolaithe Iodáilise (IT) (AD 7)

EPSO/AD/335/16 — Dlítheangeolaithe Liotuáinise (LT) (AD 7)

EPSO/AD/336/16 — Dlítheangeolaithe Máltaise (MT) (AD 7)

EPSO/AD/337/16 — Dlítheangeolaithe Sualainnise (SV) (AD 7)

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 12 Eanáir 2017 ar 12 a chlog (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn trialacha chun painéil a thiomsú as a ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “dhlítheangeolaithe” (grúpa feidhme AD).

Is iad an fógra comórtais seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach na bpróiseas roghnúcháin seo.

Tá na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte le fáil in ANNEX III.

An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas:

EPSO/AD/332/16 — ES:

8

EPSO/AD/333/16 — EL:

8

EPSO/AD/334/16 — EL:

8

EPSO/AD/335/16 — LT:

9

EPSO/AD/336/16 — MT:

9

EPSO/AD/337/16 — SV:

10

Baineann an fógra seo le roinnt comórtas. Ní féidir clárú ach d’aon cheann amháin acu. Ní mór duit an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú.

DUALGAIS AN PHOIST

Na dlítheangeolaithe a earcaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, iarrtar orthu athbhreithniú a dhéanamh ar théacsanna dlí agus reachtacha, i dteanga an chomórtais, ó dhá theanga eile ar a laghad agus iarrtar orthu, leis, comhairle a thabhairt i dtaobh téacsanna dlí a dhréachtú.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha seo UILE a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:

Coinníollacha ginearálta

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh

Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh

Coinníollacha sonracha:

teangacha

Teanga 1: leibhéal C2 ar a laghad i dteanga an chomórtais

Teanga 2: leibhéal C1 ar a laghad sa Bhéarla

Teanga 3: leibhéal C1 ar a laghad sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis, sa Pholainnis, nó sa Spáinnis; an teanga a roghnaítear mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 3 freisin.

Ní mór an Béarla a roghnú mar theanga 2. Ní mór duit an fhoirm iarratais a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2.

Is i mBéarla amháin, beagnach, a dhréachtaítear bunleaganacha na ndoiciméad a mbíonn na seirbhísí i gceist ag plé leo agus is ar bhonn na mbunleaganacha sin a dhéantar athbhreithniú dlítheangeolaíoch sna teangacha eile.

Dá bhrí sin, is ar dhoiciméid Bhéarla, den chuid is mó, a bheidh na hiarrthóirí a earcófar de bharr na gcomórtas seo ag obair. Na teangacha as ar féidir teanga 3 a roghnú, is léiriú iad ar an eolas ar theangacha a theastaíonn chun go bhfeidhmeoidh na seirbhísí go réidh.

Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéil teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr)

Coinníollacha sonracha:

cáilíochtaí agus taithí oibre

Tá cur síos in IARSCRÍBHINN II ar na cáilíochtaí sonracha a theastaíonn i ngach comórtas.

Níl aon taithí oibre ag teastáil.

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ

1)    Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Má bhailíochtaíonn tú d’iarratas faoin sprioc-am, tabharfar cuireadh duit sraith de thrialacha ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:

Triail

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

10/20

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

An réasúnaíocht uimhriúil agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 8/20

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

10 gceist

10 nóiméad

Triail tuisceana teanga

Teanga 2

12 cheist

25 nóiméad

7/12

Trialacha díbeartha is ea na trialacha thuasluaite agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar sna trialacha san ionad measúnaithe.

Tuairim is seacht n-oiread, nó ocht n-oiread ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh na trialacha aistriúcháin a dhéanamh.

2)    An triail aistriúcháin

Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthóidh tú sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit dhá thriail aistriúcháin a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Triail

Teanga

Fad ama

Pasmharc

Téacs dlí a aistriú

Ó theanga 2 go teanga 1

2 uair an chloig

40/80

Déanfar an marc a gnóthaíodh sa triail aistriúcháin a chur leis an marc a gnóthaíodh san ionad measúnaithe chun teacht ar mharc foriomlán gach iarrthóra.

Chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas ní mór an marc a ghnóthóidh tú sna trialacha sin a bheith ar cheann de na marcanna foriomlána is airde .

Ceithre oiread , ar a mhéad, an lín iarrthóirí atá á lorg do gach comórtas, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chuig an gcéim seo dóibh.

3)    An tIonad Measúnaithe

Má bhíonn an marc a ghnóthóidh tú sa triail aistriúcháin ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh aon lá go leith agus trialacha a dhéanamh sna teangacha a roghnaigh tú mar theangacha 1, 2 agus 3 . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an t-ionad measúnaithe.

Déanfar ocht n-inniúlacht ghinearálta agus inniúlachtaí sonracha an chomórtais seo a thástáil san ionad measúnaithe. Déanfar sin, faoi mar atá léirithe sna táblaí thíos, le 4 thriail : agallamh ar bhonn inniúlachtaí agus gníomhaíocht i ngrúpa (i dteanga 2); cur i láthair ó bhéal agus babhta ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh bunaithe ar na hinniúlachtaí atá agat a bhaineann go sonrach leis an bpost (do chuid eolais ar dhlí an Aontais Eorpaigh san áireamh), d’fhonn measúnú a dhéanamh ar do chuid inniúlachtaí ginearálta agus sonracha (teanga 1); agus achoimre a dhéanamh ar théacs (ó theanga 3 go teanga 1).

Inniúlacht

Triail

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cur i láthair ó bhéal

Gníomhaíocht i ngrúpa

2.

Cumarsáid

Cur i láthair ó bhéal

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

3.

Cáilíocht agus torthaí

Cur i láthair ó bhéal

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

4.

Foghlaim agus forbairt

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Cur i láthair ó bhéal

Gníomhaíocht i ngrúpa

6.

Buanseasmhacht

Cur i láthair ó bhéal

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

7.

Obair bhuíne

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

8.

Cumas ceannaireachta

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

Pasmharc

3/10 i ngach inniúlacht agus 40/80 san iomlán


Inniúlacht

Triail

Inniúlachtaí a bhaineann le réimse an chomórtais

Cur i láthair ó bhéal

Achoimre a dhéanamh i dteanga 1 ar théacs atá i dteanga 3

Pasmharcanna

20/40

30/60

4)    An painéal

I ndiaidh dó doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a sheiceáil, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás gach comórtais agus gach rogha, painéal a thiomsú de na hiarrthóirí incháilithe ar fad a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://europa.eu/epso/index_ga.htm, faoin sprioc-am seo:

12 Eanáir 2017 ar 12 a chlog (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)


IARSCRÍBHINN I

DUALGAIS

Earcaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh dlíodóirí ardcháilithe a chaithfidh a bheith in ann athbhreithniú a dhéanamh, i dteanga an chomórtais, ar théacsanna dlí de chuid an Aontais Eorpaigh ó dhá theanga eile ar a laghad, agus comhairle a thabhairt i dtaobh dréachtú reachtach chun ardchaighdeán dréachtaithe ghníomhartha dlí an Aontais Eorpaigh a chinntiú. Úsáideann dlítheangeolaithe na gnáthuirlisí comhaimsire ríomhaireachta agus oifige chun a gcuid oibre a dhéanamh.

Leanann dlítheangeolaithe nósanna imeachta reachtacha ó thús deireadh an phróisis agus cuireann siad comhairle ar fáil lena linn; seiceálann siad caighdeán dréachtaithe agus seiceálann siad an bhfuil na rialacha maidir le leagan amach téacsanna reachtacha á gcomhlíonadh. Ina cheann sin, seiceálann siad an bhfuil na gnéithe teanga agus dlí de théacsanna reachtacha i dteanga an chomórtais a aistríodh agus a athbhreithníodh cheana, an bhfuil siad ar aon dul leis na leaganacha teanga eile de na téacsanna sin. Chun dualgais an phoist a dhéanamh bítear ag plé go minic le dreamanna éagsúla a bhíonn rannpháirteach sa phróiseas reachtach.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN II

NA CÁILÍOCHTAÍ A THEASTAÍONN I nGACH COMÓRTAS

EPSO/AD/332/16 — Dlítheangeolaithe spáinnise (ES) (AD 7)

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ceann de na dioplómaí seo a leanas i ndlí na Spáinne bainte amach dá bharr:

Graduado en Derecho o Licenciado en Derecho.

Chun a chinneadh ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm an tráth a baineadh an dioplóma amach na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.

Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN IV.

EPSO/AD/333/16 — Dlítheangeolaithe gréigise (EL) (AD 7)

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile sa dlí sa Ghréigis agus an dioplóma seo bainte amach aige dá bharr:

Πτυχίο νομικής.

Chun a chinneadh ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm an tráth a baineadh an dioplóma amach na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.

Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN IV.

EPSO/AD/334/16 — Dlítheangeolaithe iodáilise (IT) (AD 7)

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ceann de na dioplómaí seo a leanas i ndlí na hIodáile bainte amach dá bharr:

Laurea in giurisprudenza (laurea di vecchio ordinamento, laurea specialistica, laurea magistrale).

Chun a chinneadh ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm an tráth a baineadh an dioplóma amach na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.

Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN IV.

EPSO/AD/335/16 — Dlítheangeolaithe liotuáinise (LT) (AD 7)

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ceann de na dioplómaí seo a leanas i ndlí na Liotuáine bainte amach dá bharr:

Teisės bakalauro ar teisės magistro diplomas arba juos atitinkantis diplomas, suteikiantis teisininko kvalifikaciją.

Chun a chinneadh ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm an tráth a baineadh an dioplóma amach na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.

Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN IV.

EPSO/AD/336/16 — Dlítheangeolaithe máltaise (MT) (AD 7)

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ceann de na dioplómaí seo a leanas i ndlí Mhálta bainte amach dá bharr:

Diploma ta’ Nutar Pubbliku (N.P.)

Dottorat fil-Liġi (LL.D.)

Chun a chinneadh ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm an tráth a baineadh an dioplóma amach na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.

Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN IV.

EPSO/AD/337/16 — Dlítheangeolaithe sualainnise (SV) (AD 7)

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile dlí a rinneadh i Sualainnis, agus ceann de na dioplómaí seo a leanas bainte amach dá bharr:

Juridisk universitetsutbildning på svenska: jur.kand.-examen, juristexamen eller motsvarande.

Chun a chinneadh ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm an tráth a baineadh an dioplóma amach na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.

Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN IV.

Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN III

NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE

Gach áit a ndéantar tagairt don fhirinscne i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.

CLÁR ÁBHAIR

1.

NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH 9

1.1.

Inniúlachtaí ginearálta 9

1.2.

Coinníollacha ginearálta 10

1.3.

Coinníollacha sonracha 10

1.4.

Eolas ar theangacha 11

2.

CONAS IARRATAS A DHÉANAMH 11

2.1.

Na trialacha idirghníomhacha a dhéanamh 11

2.2.

Cuntas EPSO a chruthú 11

2.3.

Iarratas ar líne a dhéanamh 11

2.4.

Comhdheiseanna agus socruithe speisialta 12

3.

PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN 12

3.1.

An bord roghnúcháin 12

3.2.

Trialacha réamhroghnúcháin ilrogha ar ríomhaire 13

3.3.

Seiceálacha incháilitheachta 13

3.4.

Roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener) 14

3.5.

Trialacha idirmheánacha 14

3.6.

An t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe 14

3.7.

Dearbhú incháilitheachta 15

4.

IARRTHÓIRÍ AR ÉIRIGH LEO/EARCÚ 15

4.1.

An painéal 15

4.2.

An pas inniúlachtaí 16

5.

CUMARSÁID 16

5.1.

Cumarsáid a dhéanamh le EPSO 16

5.2.

Cumarsáid a dhéanamh le boird roghnúcháin 16

5.3.

Cosaint sonraí 16

5.4.

Rochtain ar fhaisnéis 16

5.5.

Faisnéis a nochtar go huathoibríoch 17

5.6.

Faisnéis a iarraidh 17

6.

GEARÁIN 17

6.1.

Teagmháil a dhéanamh le EPSO 17

6.2.

Deacrachtaí teicniúla 18

6.3.

Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire 18

6.4.

Iarrataí ar athbhreithniú 18

6.5.

Gearáin riaracháin 19

6.6.

Achomhairc bhreithiúnacha 19

6.7.

An tOmbudsman Eorpach 20

6.8.

Dícháiliú 20

RÉAMHRÁ

Is trí chomórtais oscailte ar cuid díobh scrúduithe iomaíochta a earcaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh a gcuid oifigeach, agus dá bharr sin cinntítear cóir chomhionann agus roghnú ar bhonn buanna, agus tugtar an deis do gach iarrthóir incháilithe a chuid inniúlachtaí a léiriú.

Is é EPSO (an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne), a mbíonn gach gné d’eagrú na gcomórtas oscailte de chúram air, agus na boird roghnúcháin, a shocraíonn na trialacha, a fhaomhann a bhfuil iontu agus a mheasann na hiarrthóirí, a fhéachann in éineacht chuig roghnú na n-oifigeach nua. An prionsabal ginearálta atá mar bhonn faoin gcóras sin gur cheart cinntí roghnúcháin a dhéanamh go neamhspleách agus gan aon tionchar míchuí á imirt orthu.

1.   NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH

1.1.   Inniúlachtaí ginearálta

Is éard a bhíonn á lorg ag institiúidí an Aontais iarrthóirí éirimiúla tionscantacha, a bhfuil ardcháilíochtaí acu sa réimse i gceist, agus a bhfuil na hinniúlachtaí ginearálta seo thíos go háirithe acu:

anailísiú agus réiteach fadhbanna: an cumas príomhphointí ceisteanna casta a aithint agus réitigh atá cruthaitheach, soiléir agus praiticiúil a cheapadh;

cumarsáid: an cumas cumarsáid chruinn shoiléir a dhéanamh, ó bhéal agus i scríbhinn;

cáilíocht agus torthaí: an cumas freagracht phearsanta a ghlacadh agus a bheith tionscantach d’fhonn obair d’ardchaighdeán a dhéanamh, de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos;

foghlaim agus forbairt: an cumas scileanna pearsanta agus eolas ar an eagraíocht agus ar an láthair oibre a shealbhú agus a fheabhsú;

tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán: an cumas cúraimí a chur in ord tábhachtachta, oibriú go solúbtha, agus an t-ualach oibre a eagrú go héifeachtúil;

buanseasmhacht: an cumas a bheith éifeachtach, fiú amháin nuair atá ualach mór oibre ann, deacrachtaí eagraíochtúla a shárú ar dhóigh dhearfach agus na hathruithe is gá a dhéanamh chun a bheith i gcónaí in oiriúint don timpeallacht oibre;

obair bhuíne: comhoibriú le daoine eile i meithleacha agus le daoine a bhaineann le seirbhísí eile, agus urraim a thabhairt do na difríochtaí a bhíonn idir daoine; agus

cumas ceannaireachta (riarthóirí amháin): an cumas daoine a bhainistiú, a chothú agus a spreagadh sa chaoi is go mbainfidh siad a gcuid spriocanna amach.

1.2.   Coinníollacha ginearálta

Bíonn na coinníollacha ginearálta incháilitheachta a leanas i bhfeidhm i ngach comórtas oscailte, ach amháin sa chás go luaitear díolúintí sonracha san fhógra comórtais (e.g. i gcás tír atá i ndiaidh teacht isteach san Aontas); Ní mór do gach iarrthóir:

a chearta uile mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh;

aon oibleagáid dlí atá air i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta aige; agus

na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh.

An t-aon teorainn aoise atá ann le hiarratas a dhéanamh ar chomórtas oscailte an aois scoir atá leagtha síos d’oifigigh an Aontais sna Rialacháin Foirne (féach suíomh gréasáin EPSO: www.eu-careers.eu).

Ní mór d’iarrthóirí doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn a náisiúntacht, e.g. pas, cárta aitheantais, agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh. Is iondúil nach mbíonn doiciméad tacaíochta de dhíth i leith an dá phointe eile atá luaite thuas go dtí céim na hearcaíochta.

1.3.   Coinníollacha sonracha

Bíonn na coinníollacha sonracha maidir le cáilíochtaí agus taithí oibre éagsúil ó phróifíl go chéile; is san fhógra comórtais a bhíonn na nithe sin leagtha síos. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin), sa chaoi is go mbeidh an bord roghnúcháin in ann a ábhartha atá siad do dhualgais an phoist a mheas.

(a)

Dioplómaí agus/nó teastais: maidir le dioplómaí a eisíodh i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad, caithfidh siad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfear san áireamh na difríochtaí is féidir a bheith idir córais oideachais.

Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann.

(b)

Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus:

gur fíorobair éifeachtach a bhí inti;

gur obair ar íocaíocht a bhí inti;

go raibh caidreamh íochtaránachta nó soláthar seirbhíse i gceist léi; agus

faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

obair dheonach: más obair ar íocaíocht a bhí inti agus go raibh na huaireanta oibre sa tseachtain agus an fad a mhair an phost ar nós uaireanta oibre agus fad gnáthphoist;

tréimhsí oiliúna: más tréimhsí oiliúna ar íocaíocht a bhí iontu;

seirbhís mhíleata éigeantach: is cuma cé acu sular baineadh an dioplóma amach nó ina dhiaidh a rinneadh an tseirbhís mhíleata. Ní chuirfear san áireamh tréimhse níos faide ná an tréimhse atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit i gceist.

saoire mháithreachais/atharthachta/altramais: má bhí an tsaoire leagtha síos sa chonradh fostaíochta.

dochtúireacht: trí bliana ar a mhéad a chuirfear san áireamh, ar choinníoll gur baineadh amach an dochtúireacht. Is cuma cé acu obair ar íocaíocht nó obair gan íocaíocht a bhí sa dochtúireacht; agus

obair pháirtaimseartha: is ar bhonn pro rata a ríomhfar obair pháirtaimseartha, ar bhonn an lín uaireanta an chloig a oibríodh, e.g. mheasfaí gur trí mhí oibre obair leathama a mhair sé mhí.

Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil do gach tréimhse oibre:

teistiméireachtaí ó iarfhostóirí agus ón bhfostóir reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó

(mura féidir leat teistiméireachtaí a chur leis an iarratas), conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh;

(maidir le taithí oibre gan tuarastal e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe ina bhfuil na dualgais a rinneadh sonraithe, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar;

(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála, agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad.

1.4.   Eolas ar theangacha

I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, ní mór sáreolas ar a laghad (leibhéal C1 de CEFR (1)) ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil (leibhéal B2 de CEFR) ar cheann eile de na teangacha sin a bheith ag iarrthóirí.

Bíonn na riachtanais teanga éagsúil ó phróifíl go chéile; is san fhógra comórtais a bhíonn na riachtanais sin leagtha síos. I gcás próifílí do theangeolaithe go háirithe, is féidir go n-iarrfar eolas breise ar theangacha.

Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe (féach roinn 1.3) agus sainphróifílí áirithe.

2.   CONAS IARRATAS A DHÉANAMH

2.1.   Na trialacha idirghníomhacha a dhéanamh

De réir an chomórtais i gceist, féadfar iarraidh ort ceistneoir idirghníomhach féinroghnúcháin agus/nó trialacha idirghníomhacha féinmheasúnúcháin a dhéanamh. Tabharfaidh na nithe sin léargas duit ar an leibhéal a theastaíonn leis na trialacha réamhroghnúcháin a phasáil agus cuideoidh siad leat fios a bheith agat an oirfeadh post in institiúidí an Aontais Eorpaigh duit.

2.2.   Cuntas EPSO a chruthú

Is féidir cuntas a chruthú ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu). Déantar na nithe seo ar an suíomh:

iarratais a dhéanamh agus stádas iarratas a sheiceáil;

eolas a fháil ó EPSO; agus

sonraí pearsanta a stóráil.

Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a chruthú agus ní mór an cuntas sin a úsáid do gach iarratas. Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach gur chruthaigh tú níos mó ná aon chuntas amháin (féach freisin roinn 6.8).

2.3.   Iarratas ar líne a dhéanamh

Ní mór duit d’iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO, i gceann de na teangacha atá sonraithe san fhógra comórtais. I gcás réimsí nó próifílí áirithe a fhoilsítear san am céanna, ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ach ar aon réimse amháin nó ar aon phróifíl amháin. Ina leithéid de chás, bíonn sin ráite go soiléir san fhógra comórtais.

De réir an chomórtais i gceist, féadfar iarraidh ort eolas a thabhairt ina dtaobh seo:

do chuid dioplómaí/cáilíochtaí;

do chuid taithí oibre (má iarrtar sin);

an chúis a bhfuil iarratas á dhéanamh agat;

an t-eolas atá agat ar theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh;

an taithí agus na cáilíochtaí atá agat a bhaineann le hábhar (féach roinn 3.4); nó

socruithe speisialta a theastaíonn chun na trialacha a dhéanamh (féach roinn 2.4).

Ní mór na coinníollacha incháilitheachta ar fad, idir ghinearálta agus sonracha, a chomhlíonadh faoin sprioc-am atá leagtha síos san fhógra comórtais. Trí d’iarratas a bhailíochtú dearbhaíonn tú ar d’onóir go gcomhlíonann tú na coinníollacha sin. A luaithe a bheidh d’iarratas bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh air. Fútsa atá sé féachaint chuige go bhfuil an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am.

2.4.   Comhdheiseanna agus socruithe speisialta

Cuireann EPSO beartas comhdheiseanna i bhfeidhm i ngach próiseas roghnúcháin dá chuid, d’fhonn deimhin a dhéanamh de go gcaitear le gach iarrthóir ar an dóigh chéanna.

Déanann EPSO gach beart is réasúnta chun deimhin a dhéanamh de gur féidir le hiarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta acu páirt a ghlacadh i gcomórtas ar comhchéim le hiarrthóirí eile.

Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh an sprioc-ama le hiarratais a dhéanamh, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.

Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.

Tá gach eolas is gá le fáil san fhoirm iarratais agus ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu).

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:

trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu);

facs (+ 32 2299 80 81); nó

tríd an bpost:

European Personnel Selection Office (EPSO)

EPSO accessibility

Avenue de Cortenbergh/Kortenberglaan 25

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

3.   PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN

3.1.   An bord roghnúcháin

Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna, agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Oifigigh de chuid institiúidí an Aontais a bhíonn ina mbaill de na boird roghnúcháin. Seirbhísí acmhainní daonna na n-institiúidí a ainmníonn leath na mball agus na coistí foirne a ainmníonn an leath eile. Foilsítear ainmneacha bhaill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu).

3.2.   Trialacha réamhroghnúcháin ilrogha ar ríomhaire

Is é an bord roghnúcháin a chinneann leibhéal deacrachta na dtrialacha ilrogha ar ríomhaire agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO. Le ríomhaire a mharcáiltear na trialacha.

I gcás sainphróifílí, ar cuid díobh an roghnú ar bhonn cáilíochtaí (féach roinn 3.4), ní bhíonn trialacha ilrogha ar ríomhaire ann mar chéim réamhroghnúcháin ach amháin má bhíonn an líon iarrthóirí os cionn tairseach áirithe. Is é Stiúrthóir EPSO, ina cháil mar údarás ceapacháin, a shocraíonn an tairseach sin i ndiaidh an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh a bheith istigh. Foilsítear an tairseach ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu). I gcás comórtas ina bhfuil roinnt réimsí, is féidir nach ionann an tairseach ó réimse go chéile. Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí, is le linn imeachtaí an ionaid measúnaithe/chéim an mheasúnaithe a bheidh na trialacha ilrogha ar ríomhaire.

Is féidir na nithe seo a bheith ina gcuid de na trialacha ilrogha ar ríomhaire, de réir na próifíle i gceist:

réasúnaíocht bhriathartha: measúnú ar a ábalta atá tú réasúnú go loighciúil agus faisnéis bhriathartha a thuiscint;

réasúnaíocht uimhriúil: measúnú ar a ábalta atá tú réasúnú go loighciúil agus faisnéis uimhriúil a thuiscint;

réasúnaíocht theibí: measúnú ar a ábalta atá tú réasúnú go loighciúil agus na gaoil idir choincheapa nach bhfuil eilimintí teanga, spásúla nó uimhriúla iontu a thuiscint;

breithiúnas suíomhúil: measúnú ar an dóigh a n-iompraíonn tú tú féin i gcomhthéacs oibre;

scileanna teanga; agus

scileanna gairme sonracha.

Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun na trialacha ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh. Tá míniú ar an dóigh le sin a dhéanamh i do chuntas EPSO agus ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu).

Is é is dóichí go dtairgfear roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú iad a dhéanamh freisin. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh. Mura ndéanann tú coinne chun na trialacha a dhéanamh nó mura ndéanann tú na trialacha iad féin, dícháileofar ón gcomórtas thú (féach roinn 6.8).

3.3.   Seiceálacha incháilitheachta

Is é EPSO a sheiceálann an gcomhlíonann tú, de réir an eolais a thug tú i d’iarratas, na coinníollacha ginearálta incháilitheachta atá leagtha síos san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin a sheiceálann an gcomhlíonann tú na coinníollacha sonracha incháilitheachta. Ach amháin má deirtear a mhalairt san fhógra comórtais, is ag céim níos faide anonn den phróiseas roghnúcháin a dhéanfar an t-eolas a thug tú i d’iarratas a scrúdú i gcomparáid le do chuid doiciméad tacaíochta. Iarrthóirí nach gcomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad atá leagtha síos san fhógra comórtais, díbreofar iad.

Má tá trialacha réamhroghnúcháin ilrogha ar ríomhaire ina gcuid den chomórtas (féach roinn 3.2), is i ndiaidh na dtrialacha sin a dhéanfar an tseiceáil incháilitheachta, (ach amháin má deirtear a mhalairt).

Maidir leis an líon iarrthóirí dá dtabharfar cuireadh chun an chéad chéim eile den phróiseas roghnúcháin, bíonn sin leagtha síos san fhógra comórtais. Sin nó cinneann Stiúrthóir EPSO é ina cháil mar údarás ceapacháin.

Má bhíonn na trialacha ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré, déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí, in ord íslitheach na marcanna a ghnóthaigh siad, go dtí go sroichfear an tairseach a leag EPSO síos do gach réimse ina cháil mar údarás ceapacháin. Ní sheiceálfar na comhaid eile.

Mura mbeidh na trialacha ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré, déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad.

Maidir leis an áit dheireanach, i gcás i ngnóthaíonn roinnt iarrthóirí an marc céanna, tugtar cuireadh dóibh ar fad. Ní scrúdófar iarratais na n-iarrthóirí atá faoi bhun na tairsí sin.

3.4.   Roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener)

I gcás fhormhór na sainphróifílí, ní mór d’iarrthóirí céim an Talent Screener (“scagthóir buanna”) a chur díobh. Is é is feidhm don Talent Screener na hiarrthóirí sin a shainaithint is mó a bhfuil a gcáilíochtaí (dioplómaí agus taithí oibre go háirithe) in oiriúint do dhualgais an phoist.

I ngach comórtas freagraíonn na hiarrthóirí ar fad na ceisteanna céanna sa Talent Screener san fhoirm iarratais. Dá bharr sin is féidir leis an mbord roghnúcháin buanna gach iarrthóra a mheas ar dhóigh struchtúrtha.

Bíonn céim an Talent Screener ann i ndiaidh na seiceálacha incháilitheachta, ach amháin má deirtear a mhalairt san fhógra comórtais. Is ar na hiarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad, agus orthu sin amháin, a dhéanann an bord roghnúcháin measúnú. Is ar bhonn na bhfreagraí a thug na hiarrthóirí ar cheisteanna an Talent Screener , agus ar a bhonn sin amháin, a dhéanfar an mheasúnú. Dá bhrí sin, ba cheart duit gach eolas a bhaineann le hábhar a thabhairt sa chéim seo, fiú amháin má tá sé luaite i gcodanna eile den fhoirm iarratais.

I dtús báire, tugann an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach ceann de cheisteanna an Talent Screener, de réir a tábhachta, agus ansin tugtar marc 0 go dtí 4 do gach ceann de do fhreagraí. Ansin, iolraítear na marcanna faoi ualú gach ceiste agus suimítear iad.

Téann na hiarrthóirí is airde marc ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Bíonn an líon sin sonraithe san fhógra comórtais agus foilsítear ar shuíomh gréasáin EPSO é freisin. Maidir leis an áit dheireanach, i gcás i ngnóthaíonn roinnt iarrthóirí an marc céanna, téann siad go léir ar aghaidh.

3.5.   Trialacha idirmheánacha

Déanfaidh an bord roghnúcháin ábhar na dtrialacha seo a fhaomhadh. De réir an chomórtais atá i gceist, is féidir go mbeidh na trialacha seo le déanamh:

inbhosca ríomhphoist: triail ar ríomhaire ina n-iarrtar ort roinnt ceisteanna a fhreagairt agus na doiciméid atá ar fáil san inbhosca ríomhphoist á n-úsáid agat chuige sin;

réamhthrialacha ateangaireachta: ateangaireacht chomhuaineach a dhéanamh ar chaint thaifeadta (is féidir gné closamhairc a bheith i gceist sa chaint freisin);

trialacha ateangaireachta: trialacha san ateangaireacht iaruaineach agus san ateangaireacht chomhuaineach;

cianagallamh: is é aidhm na trialach seo do chuid inniúlachtaí sonracha sa réimse i gceist agus/nó do chumas sa chumarsáid ó bhéal i dteanga ar leith a mheas;

réamhthrialacha ateangaireachta: aistriúchán a dhéanamh go príomhtheanga an chomórtais ar théacsanna atá sna teangacha eile a roghnaigh tú don chomórtas; agus/nó

trialacha tuisceana teanga: ceisteanna ilrogha a fhreagairt.

3.6.   An t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe

Is gnách gur sa Bhruiséil nó i Lucsamburg a bhíonn trialacha an ionaid measúnaithe/chéim an mheasúnaithe ar siúl, ar feadh lá nó dhá lá. Chun pas inniúlachtaí a fháil agus a bheith i dteideal áit ar an bpainéal, ní mór duit gach triail a dhéanamh. Tástálfar do chuid inniúlachtaí ginearálta (féach roinn 1.1) agus sonracha (i.e. iad sin a bhaineann le dualgais an phoist).

Is é an bord roghnúcháin a fhaomhann ábhar thrialacha an ionaid measúnaithe/chéim an mheasúnaithe. De réir an chomórtais atá i gceist, is féidir go mbeidh na trialacha seo le déanamh:

cás-staidéar: triail scríofa atá bunaithe ar chás samhailteach ina gcaithfidh tú déileáil le fadhbanna éagsúla nó fadhbanna éagsúla a réiteach, agus gan agat chuige sin ach an t-eolas a chuirfear ar fáil;

cur i láthair ó bhéal: triail aonair anailíse agus cur i láthair ina gcaithfidh tú réiteach a mholadh ar fhadhb shamhailteach a bhaineann leis an obair. I ndiaidh duit anailís a dhéanamh ar na doiciméid a thabharfar duit, caithfidh tú do chuid smaointe a chur in iúl do ghrúpa beag daoine;

agallamh/agallaimh ar bhonn inniúlachtaí: cleachtadh aonair arb é is aidhm dó eolas a bhaineann le hábhar a fháil, ar dhóigh struchtúrtha, ar d’inniúlachtaí ginearálta (agus/nó ar d’inniúlachtaí sonracha, i gcás sainchomórtas), ar bhonn na taithí atá agat;

cleachtadh i ngrúpa: i ndiaidh duit staidéar a dhéanamh ar roinnt faisnéise i d’aonar, cuirfear i ngrúpa thú le roinnt rannpháirtithe eile chun bhur gconclúidí a phlé agus chun teacht ar chomhchinneadh;

inbhosca ríomhphoist: triail ar ríomhaire arb é atá ann roinnt ceisteanna a fhreagairt agus doiciméid a bheidh ar fáil san inbhosca ríomhphoist á n-úsáid agat chuige sin;

trialacha praiticiúla teanga;

cleachtaí eile a bhaineann le hinniúlachtaí sainiúla;

an triail réasúnaíochta briathartha, an triail réasúnaíochta uimhriúla, an triail réasúnaíochta teibí agus an triail breithiúnais shuíomhúil (mura ndearnadh na trialacha sin ann ag céim an réamhroghnúcháin).

3.7.   Dearbhú incháilitheachta

Sula gcuirfear ainm iarrthóra ar an bpainéal, dearbhófar go bhfuil sé incháilithe trí scrúdú a dhéanamh ar a chuid doiciméad tacaíochta (féach roinn 4.1). Tiomsaítear an painéal trí incháilitheacht na n-iarrthóirí a sheiceáil, in ord íslitheach, bunaithe ar na marcanna a ghnóthaigh siad i ndiaidh deireadh a bheith le trialacha an ionaid measúnaithe/chéim an mheasúnaithe, go dtí go sroichtear an líon atá á lorg don phainéal. Ní scrúdófar comhaid na n-iarrthóirí atá faoi bhun na tairsí sin.

Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil. Más sa Bhruiséil atá an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe ar tugadh cuireadh duit freastal air, is é is dóichí go n-iarrfar ort bunchóipeanna de do chuid doiciméad a thabhairt leat ionas go bhféadfar iad a scanadh agus a thabhairt ar ais duit iad an lá céanna. Más in áit eile atá an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe, tabharfar gach eolas is gá sa chuireadh.

Mura mbeidh na doiciméid iomchuí ag dul le d’iarratas ag dearbhú an eolais a thug tú ann, is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas thú. Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil.

4.   IARRTHÓIRÍ AR ÉIRIGH LEO/EARCÚ

4.1.   An painéal

Ní hé is aidhm do na comórtais a eagraíonn EPSO post ar leith a líonadh, ach bunachar (“painéal”) a thiomsú óna bhféadfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh daoine a earcú le bheith ina n-oifigeach.

Tiomsaíonn an bord roghnúcháin painéal ar a bhfuil ainmneacha na n-iarrthóirí incháilithe a ghnóthaigh na marcanna is airde. Bíonn an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal leagtha síos san fhógra comórtais. Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthaíonn roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirtear iad go léir ar an bpainéal. Ansin seoltar sonraí an phainéil chuig institiúidí an Aontais Eorpaigh. Ní hionann a bheith ar an bpainéal agus ceart ná ráthaíocht a bheith agat post a fháil.

Foilsítear ainmneacha na n-iarrthóirí atá ar an bpainéal agus dáta éaga an phainéil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcásanna áirithe féadfar síneadh a chur le tréimhse bhailíochta an phainéil. Má dhéantar cinneadh síneadh a chur le bailíocht painéil, foilseofar an cinneadh sin ar shuíomh gréasáin EPSO, agus ar an suíomh sin amháin.

Iarrthóirí ar éirigh leo, is féidir leo a iarraidh nach gcuirfear a n-ainm ar an bpainéal a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní mór aon iarraidh dá leithéid a bheith faighte ag EPSO tráth nach déanaí ná 10 lá féilire i ndiaidh do na hiarrthóirí fógra a fháil faoina dtorthaí trína gcuntas EPSO.

4.2.   An pas inniúlachtaí

Na hiarrthóirí ar fad a dhéanann trialacha uile an ionaid measúnaithe/chéim an mheasúnaithe agus nach ndícháilítear (féach roinn 6.8), gheobhaidh siad “pas inniúlachtaí” ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh siad san ionad measúnaithe/ag céim an mheasúnaithe.

Déanfar pas inniúlachtaí iarrthóirí ar éirigh leo a chur ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh chun críocha earcaíochta agus forbairt gairme.

5.   CUMARSÁID

5.1.   Cumarsáid a dhéanamh le EPSO

Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn an chomórtais. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fabht teicniúil ar shuíomh gréasáin EPSO, ba cheart duit scéala a chur in iúl láithreach tríd an roinn “contact us” (“déan teagmháil linn”), ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu).

Forchoimeádann EPSO an ceart gan faisnéis a thabhairt atá luaite cheana go soiléir san fhógra comórtais, in iarscríbhinní an fhógra agus ar shuíomh gréasáin EPSO, sa roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.

I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i d’iarratas), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.

Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (http://ec.europa.eu/transparency/code/index_en.htm). Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).

5.2.   Cumarsáid a dhéanamh le boird roghnúcháin

Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar aon duine nach ball den bhord é, iarrthóirí san áireamh, iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn tástálacha, comhthéacs inar gá plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.

Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO ar aghaidh chuig an mbord é. Má dhéanann iarrthóir aon chumarsáid dhíreach nó indíreach ar aon dóigh eile seachas an dóigh sin, is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas é.

Meastar gur coinbhleacht leasa cóngas gaoil a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach 6.8).

5.3.   Cosaint sonraí

Ráthaíonn EPSO rúndacht agus sábháilteacht sonraí pearsanta iarrthóirí, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint sonraí príobháideacha. Féadfar sonraí anaithnidithe a úsáid chun taighde eolaíoch a dhéanamh. Tá tuilleadh eolais sa ráiteas príobháideachais maidir le cosaint sonraí i do chuntas EPSO.

5.4.   Rochtain ar fhaisnéis

Tá cearta sonracha ag iarrthóirí maidir le sonraí pearsanta áirithe a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh i gcás nach bhfuil bunús maith le cinneadh diúltú a thabhairt.

Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas agus oibiachtúlacht an bhoird. Dá bhrí sin, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin ná measúnuithe comparáideacha a rinneadh ar iarrthóirí, ní féidir sin a nochtadh.

Na cearta sin atá ag iarrthóirí, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiad a bheith ina n-iarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus an reachtaíocht atá ann maidir leis na cearta rochtana atá ag daoine den phobal ar dhoiciméid, d’fhéadfadh sé nach dtiocfadh aisti aon chearta sa bhreis ar na cearta atá luaite sa roinn seo.

5.5.   Faisnéis a nochtar go huathoibríoch

Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:

na trialacha ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna;

incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh;

Talent Screener: do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór foriomlán;

na réamhthrialacha: do thorthaí;

na trialacha idirmheánacha: do thorthaí;

an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: do thorthaí agus do phas inniúlachtaí ina léirítear na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú do gach inniúlacht, agus nótaí tráchta an bhoird roghnúcháin.

Is é is gnáthaí nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:

go bhfuil na trialacha thart;

go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad; agus

nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile.

5.6.   Faisnéis a iarraidh

Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.

Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.

Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.

Is tríd an roinn “contact us” (“déan teagmháil linn”) ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.

6.   GEARÁIN

6.1.   Teagmháil a dhéanamh le EPSO

Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh láithreach sa chaoi is go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Tá dhá dhóigh le sin a dhéanamh (moltar an chéad dóigh a úsáid más féidir é):

leis an bhfoirm theagmhála atá ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu – féach “contact us” (“déan teagmháil linn”)); nó

tríd an bpost:

European Personnel Selection Office (EPSO)

Avenue de Cortenbergh/Kortenberglaan 25

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i d’iarratas) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.

6.2.   Deacrachtaí teicniúla

I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), déan teagmháil le EPSO (féach roinn 6.1) á mhíniú go haicearrach cad í an fhadhb;

I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:

na feitheoirí a chur ar an eolas ar dtús agus ansin iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn; agus

teagmháil a dhéanamh le EPSO (féach roinn 6.1) á mhíniú go haicearrach cad í an fhadhb.

6.3.   Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.

Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).

Is féidir go gcinnfidh an bord roghnúcháin an cheist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna a gnóthaíodh a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha atá leagtha amach san fhógra comórtais.

Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh:

déan teagmháil le EPSO (féach roinn 6.1) tríd an bhfoirm theagmhála ar líne, agus tríd an bhfoirm sin amháin.

sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire;

tagairt:“complaint procedure”;

faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann.

Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní ghlacfar leo.

Iarratais a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama agus iarratais nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist a deirtear earráid a bheith inti, ní ghlacfar leo.

6.4.   Iarrataí ar athbhreithniú

Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.

Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:

míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais; agus/nó

an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh.

Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.

Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:

déan teagmháil le EPSO (féach roinn 6.1);

sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh a bhfuiltear ag cur ina aghaidh;

tagairt:“request for review”;

faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh a bhfuil tú ag cur ina aghaidh agus na cúiseanna a bhfuil tú ag cur ina aghaidh.

Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. De réir an tsaghais chinnidh a bhfuil tú ag cur ina aghaidh, scrúdóidh EPSO nó an bord roghnúcháin d’iarraidh agus gheobhaidh tú freagra réasúnaithe a luaithe is féidir é.

Má bhíonn toradh dearfach ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a díbríodh thú.

6.5.   Gearáin riaracháin

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.

Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 6.4).

Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:

déan teagmháil le EPSO (féach roinn 6.1);

sprioc-am: laistigh de thrí mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh a bhfuiltear ag cur ina aghaidh nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe;

tagairt:“complaint procedure”.

6.6.   Achomhairc bhreithiúnacha

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta.

Más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinne EPSO, ní mór duit gearán riaracháin a dhéanamh i dtosach (féach roinn 6.5).

Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:

gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms).

6.7.   An tOmbudsman Eorpach

Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.

Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 6.1–6.5).

Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.

Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:

gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/).

6.8.   Dícháiliú

Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:

gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin;

go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe (féach roinn 2.3);

go ndearna tú ráitis bhréagacha nó ráitis nach bhfuil aon fhianaise ag dul leo mar chruthúnas;

nach ndearna tú coinne chun na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú na trialacha iad féin;

go ndearna tú séitéireacht sa triail;

gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe;

nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin;

gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha atá leagtha síos san fhógra comórtais a bhí d’iarratas; agus/nó

go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc sna trialacha scríofa nó praiticiúla.

Caithfidh daoine atá ag lorg poist in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile ina dhiaidh sin.

Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


(1)  Common European Framework of Reference for Languages (Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha); https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr.


IARSCRÍBHINN IV

SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ A FHREAGRAÍONN, I bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAIS

 

AST-SC 1 go AST-SC 6

AST 1 go AST 7

AST 3 go AST 11

AD 5 go AD 16

TÍR

Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile)  (1)

Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad)  (1)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 3 bliana ar a laghad)  (2)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 4 bliana nó níos mó)  (2)

Belgique — België — Belgien

Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs

Diplôme d’aptitude à accéder à l’enseignement supérieur (DAES)/

Getuigschrift van hoger secundair onderwijs

Diplôme d’enseignement professionnel

Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

Candidature — Kandidaat/

Graduat — Gegradueerde

Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor

Bachelor académique (180 crédits)

Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS)

Licence/Licentiaat

Master

Diplôme d’études approfondies (DEA)

Diplôme d’études spécialisées (DES)

Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS)

Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)

Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)

Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

Agrégation/Aggregaat

Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur

Doctorat/Doctoraal diploma

България

Диплома за завършено средно образование

Специалист по …

 

Диплома за висше образование

Бакалавър

Магистър

Česká republika

Vysvědčení o maturitní zkoušce

Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

Diplom o ukončení

bakalářského studia (Bakalář)

Diplom o ukončení vysokoškolského studia

Magistr

Doktor

Danmark

Bevis for:

Studentereksamen

Højere Forberedelseseksamen (HF)

Højere Handelseksamen (HHX)

Højere Afgangseksamen (HA)

Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

Videregående uddannelser

= Bevis for = Eksamensbevis som (erhversakademiuddannelse AK)

Bachelorgrad (BA or BS)

Professionsbachelorgrad

Diplomingeniør

Kandidatgrad/Candidatus

Master/Magistergrad (mag.art)

Licenciatgrad

ph.d.-grad

Deutschland

Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife

Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife

 

Fachhochschulabschluss

Bachelor

Hochschulabschluss/ Fachhochschulabschluss/ Master

Magister Artium/Magistra Artium

Staatsexamen/Diplom

Erstes Juristisches Staatsexamen

Doktorgrad

Eesti

Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)

Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

Rakenduskõrghariduse diplom

Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)

Magistrikraad

Arstikraad

Hambaarstikraad

Loomaarstikraad

Filosoofiadoktor

Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

Éire/Ireland

Ardteistiméireacht Grád D3 i 5 ábhar

Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects

Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)

Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

Teastas Náisiúnta

National Certificate

Céim bhaitsileara

Ordinary bachelor degree

Dioplóma naisiunta (ND, Dip.)

National diploma (ND, Dip.)

Dámhachtain Ardteastas Ardoideachais (120 ECTS)

Higher Certificate (120 ECTS)

Céim onorach bhaitsileara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Céim onorach bhaitsileara (4 bliana/240 ECTS)

Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS) Céim ollscoile

University degree

Céim mhaistir (60-120 ECTS)

Master’s degree (60-120 ECTS)

Céim dochtura

Doctorate

Ελλάδα

Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνικού -

Επαγγελματικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου Απολυτήριο Τεχνολογικού

Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου

Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (I.Ε.Κ.)

 

Πτυχίο (ΑΕΙ πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕΙ)

Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος)

Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

España

Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU)

Bachillerato

BUP

Diploma de Técnico especialista

FP grado superior (Técnico superior)

Diplomado/ Ingeniero técnico

Licenciatura

Máster

Ingeniero

Título de Doctor

France

Baccalauréat

Diplôme d’accès aux études universitaires (DAEU)

Brevet de technicien

Diplôme d’études universitaires générales (DEUG)

Brevet de technicien supérieur (BTS)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Diplôme d’études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

Licence

Maîtrise

Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d’études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d’études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche

Diplôme des grandes écoles

Diplôme d’ingénieur

Doctorat

Italia

Diploma di maturità (vecchio ordinamento)

Perito ragioniere

Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore

Diploma universitario (DU)

Certificato di specializzazione tecnica superiore/

Attestato di competenza (4 semestri)

Diploma di laurea – L (breve)

Diploma di laurea (DL)

Laurea specialistica (LS)

Master di I livello

Dottorato di ricerca (DR)

Κύπρος

Απολυτήριο

Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory)

Higher Diploma

 

Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor

Master

Doctorat

Latvija

Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

Diploms par profesionālo vidējo izglītību

Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

Bakalaura diploms (min. 120 kredīti)

Bakalaura diploms (160 kredīti)

Profesionālā bakalaura diploms

Maģistra diploms

Profesionālā maģistra diploms

Doktora grāds

Lietuva

Brandos atestatas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštesniojo mokslo diplomas

Profesinio bakalauro diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Bakalauro diplomas

Magistro diplomas

Daktaro diplomas

Meno licenciato diplomas

Luxembourg

Diplôme de fin d’études secondaires et techniques

BTS

Brevet de maîtrise

Brevet de technicien supérieur

Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Bachelor

Diplôme d’ingénieur technicien

Master

Diplôme d’ingénieur industriel

DESS en droit européen

Magyarország

Gimnáziumi érettségi bizonyítvány

Szakközépiskolai érettségi-képesítő

bizonyítvány

Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme)

Főiskolai oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits)

Egyetemi oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits)

Mesterfokozat (Master degree)

(Osztatlan mesterképzés)

Doktori fokozat

Malta

Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher)

Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5

2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

MCAST diplomas/certificates

Higher National Diploma

Bachelor’s degree

Bachelor’s degree

Master of Arts

Doctorate

Nederland

Diploma VWO

Diploma staatsexamen (2 diploma’s)

Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs

(Diploma staatsexamen VWO)

Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

Kandidaatsexamen

Associate degree (AD)

Bachelor (WO)

HBO bachelor degree

Baccalaureus of “Ingenieur”

HBO/WO Master’s degree

Doctoraal examen/Doctoraat

Österreich

Matura/Reifeprüfung

Reife- und Diplomprüfung

Berufsreifeprüfung

Kollegdiplom/ Akademiediplom

Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea

Universitätsdiplom/ Fachhochschuldiplom/

Magister/Magistra

Master

Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur

Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis

Doktortitel

Polska

Świadectwo dojrzałości

Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego

Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

Licencjat/Inżynier

Magister/Magister inżynier

Dyplom doktora

Portugal

Diploma de Ensino Secundário/

Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

 

Bacharel Licenciado

Licenciado

Mestre

Doutorado

Republika Hrvatska

Svjedodžba o državnoj maturi

Svjedodžba o završnom ispitu

Stručni pristupnik/pristupnica

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Stručni specijalist

Magistar struke

Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing)

Doktor struke

Doktor umjetnosti

România

Diplomă de bacalaureat

Diplomă de absolvire

(Colegiu universitar)

învățământ preuniversitar

Diplomă de licenţă

Diplomă de licenţă

Diplomă de inginer

Diplomă de urbanist

Diplomă de master

Certificat de atestare (studii academice postuniversitare)

Diplomă de doctor

Slovenija

Maturitetno spričevalo

(spričevalo o poklicni maturi)

(spričevalo o zaključnem izpitu)

Diploma višje strokovne šole

Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

Univerzitetna diploma/magisterij/specializacija/doktorat

Slovensko

vysvedčenie o maturitnej skúške

absolventský diplom

diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (bakalár)

diplom o ukončení vysokoškolského štúdia

bakalár (Bc.)

magister

magister/inžinier

ArtD

Suomi/Finland

Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus — Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning

(Betyg över avlagd yrkesexamen på andra stadiet)

Todistus yhdistelmäopinnoista

(Betyg över kombinationsstudier)

Ammatillinen opistoasteen tutkinto — Yrkesexamen på institutnivå

Kandidaatin tutkinto — Kandidatexamen/ Ammattikorkeakoulututkinto —

Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa — studieveckor)

Maisterin tutkinto — Magisterexamen/

Ammattikorkeakoulututkinto —

Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa — studieveckor)

Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen — antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen

Lisensiaatti/Licentiat

Sverige

Slutbetyg från gymnasieskolan

(3-årig gymnasial utbildning)

Högskoleexamen (80 poäng)

Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år

Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

Meriter på grundnivå:

Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)

Licentiatexamen

Doktorsexamen

Meriter på avancerad nivå:

Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng

Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Meriter på forskarnivå:

Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

United Kingdom

General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

BTEC National Diploma

General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level)

Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

Diploma of Higher Education (DipHE)

National Vocational Qualifications (NVQ)

Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4

(Honours) Bachelor degree

NB: Master’s degree in Scotland

Honours Bachelor degree

Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)

Doctorate

Deireadh IARSCRÍBHINN IV. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


(1)  Is féidir go mbeidh coinníoll breise i gceist do na grúpaí feidhme AST-SC agus AST, is é sin 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre iomchuí.

(2)  Tá coinníoll breise i gceist do na gráid AD 6 go AD 16, is é sin bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre iomchuí.