1.12.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
EPSO/AD/331/16 — Saineolaithe i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) (AD 7) sna réimsí seo a leanas: 1. Anailísiú sonraí agus seirbhísí TF 2. An t-ionad oibre digiteach, uathoibriú oifige agus ríomhaireacht mhóibíleach 3. Pleanáil acmhainní fiontair 4. Slándáil TFC 5. Bonneagar TF 6. Bainistiú punann/clár TF agus ailtireacht fiontair
Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 10 Eanáir 2017 ar 12 a chlog (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte, ar bhonn trialacha agus cáilíochtaí, chun painéil a thiomsú as a ndéanfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “riarthóirí” (grúpa feidhme AD).
Is iad an fógra comórtas seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach na bpróiseas roghnúcháin seo.
Tá na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte le fáil in IARSCRÍBHINN III.
An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach réimse: |
|||
|
30 |
||
|
25 |
||
|
14 |
||
|
49 |
||
|
38 |
||
|
24 |
Cuimsíonn an fógra comórtais seo sé réimse. Ní féidir cur isteach ach ar aon cheann amháin acu . Ní mór duit an comórtas agus an rogha a thoghadh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní fhéadfaidh tú na nithe sin a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú.
Na poist a d’fhéadfaí a thairiscint d’iarrthóirí a n-éireoidh leo, is i Lucsamburg a bheidh a bhformhór. Is sa Bhruiséil a bheidh na poist eile.
DUALGAIS AN PHOIST
Is ag grád AD 7 a earcóidh institiúidí an Aontais Eorpaigh riarthóirí do na réimsí thuasluaite, de réir na bhfigiúirí atá luaite le gach ceann acu.
Má earcaítear thú mar thoradh ar an gcomórtas seo, déanfaidh tú, mar chuid d’fhoireann, dualgais an réimse i gceist. Ar na dualgais sin beidh:
— |
freagracht as seirbhísí TFC a choinneáil ag gabháil |
— |
réitigh TFC a cheapadh do riachtanais ghnó |
— |
straitéisí nua TFC a cheapadh, a mholadh agus a chur chun feidhme |
— |
páirt a ghlacadh i gcoistí agus i gcruinnithe mar speisialtóir/shaineolaí teicniúil |
— |
treoracha eolais, tuarascálacha agus cuir i láthair a ullmhú |
Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais gach poist.
NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA
Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha seo UILE a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:
Coinníollacha ginearálta |
|
||||||||
Coinníollacha sonracha: teangacha |
Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéil teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr) Ní mór an Béarla nó an Fhraincis a roghnú mar theanga 2. Ní mór an fhoirm iarratais a líonadh isteach sa teanga a roghnóidh tú mar theanga 2. Ós rud é gur i mBéarla nó i bhFraincis amháin atá na bearta agus na nósanna imeachta do na réimsí seo, tá eolas ar cheann den dá theanga sin riachtanach chun post a fháil. Is é an Béarla is mó a bhíonn in úsáid ag ríomhchláraitheoirí, anailíseoirí, ailtirí, etc. chun críocha cumarsáide agus forbartha sa réimse TF go hidirnáisiúnta, agus i bhformhór institiúidí an Aontais. Dá bhrí sin, tá an Béarla riachtanach do na poist atá ar fáil sa réimse seo. Bíonn an Fhraincis in úsáid go minic freisin ag seirbhísí TF na Cúirte Iniúchóirí ós rud é gur ceann de theangacha oibre na Cúirte sin (de bhun Airteagal 1 de Chinneadh 22-2004 maidir le rialacha maidir le doiciméid a aistriú le haghaidh cruinnithe a bhíonn ag na cúirteanna, ag grúpaí agus ag coistí riaracháin) agus na Cúirte Breithiúnais í. Ina theannta sin, is i Lucsamburg a bheidh formhór na bpost a thairgfear d’iarrthóirí a n-éireoidh leo, agus is cainteoirí dúchais Fraincise iad formhór na soláthróirí seirbhíse TFC seachtracha a bhíonn ag obair leis na hinstitiúidí ansin. Tá an Fhraincis de dhíth, dá bhrí sin, chun go beidh na hiarrthóirí a earcófar in ann cumarsáid a dhéanamh leis na foirne sin. |
||||||||
Coinníollacha sonracha: cáilíochtaí agus taithí oibre |
Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN IV. |
CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ
1) Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Má sháraíonn an líon iarrthóirí tairseach áirithe , arna socrú do gach réimse ag EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin, i gcás gach réimse, tabharfar cuireadh do gach iarrthóir a bhailíochtaigh an fhoirm iarratais faoin sprioc-am sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.
Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí , is in ionad measúnaithe a bheidh na trialacha sin ar siúl.
Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
Triail |
Teanga |
Líon ceisteanna |
Fad ama |
Pasmharc |
Réasúnaíocht bhriathartha |
Teanga 1 |
20 ceist |
35 min |
10/20 |
Réasúnaíocht uimhriúil |
Teanga 1 |
10 gceist |
20 min |
An réasúnaíocht bhriathartha agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 10/20 |
Réasúnaíocht theibí |
Teanga 1 |
10 gceist |
10 min |
Trialacha díbeartha is ea na trialacha thuasluaite agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar sna trialacha san ionad measúnaithe.
2) Roghnú ar bhonn cáilíochtaí
I dtús báire, déanfar na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil trí scrúdú a dhéanamh ar an eolas a thug na hiarrthóirí san iarratas ar líne. Tá dhá chás is féidir a bheith ann:
— |
Má bhíonn na trialacha ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré, déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí, in ord íslitheach na marcanna a ghnóthaigh siad, go dtí go sroichtear an tairseach a leag EPSO síos do gach réimse ina cháil mar údarás ceapacháin. Ní sheiceálfar na comhaid eile. |
— |
Mura mbíonn na trialacha ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad. |
Ansin, i gcás na n-iarrthóirí incháilithe a roghnaíodh ar an dóigh a bhfuil cur síos thuas uirthi, agus ina gcás siúd amháin, déanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí i bhfianaise an eolais a thug na hiarrthóirí faoin gclib “an Scagthóir Buanna” (DE: Talentfilter; EN: Talent Screener; FR: Évaluateur de talent) san fhoirm iarratais. Tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach critéar roghnúcháin a léiríonn tábhacht an chritéir sin le hais na gcritéar eile agus tabharfar idir 0 agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir.
Ansin, iolróidh an bord roghnúcháin na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeoidh siad iad lena fháil amach cé na daoine is mó atá in oiriúint do dhualgais an phoist.
Tá an liosta critéar do gach próifíl in IARSCRÍBHINN II.
3) Ionad Measúnaithe
Tabharfar cuireadh do 3 oiread ar a mhéad an lín iarrthóirí atá á lorg do gach réimse chuig an gcéim seo. Má bhíonn an marc a ghnóthóidh tú sa roghnú ar bhonn cáilíochta ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá agus trialacha a dhéanamh sna teangacha a roghnaigh tú mar theanga 2 . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an chéim sin ar siúl.
Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 1 ar siúl roimh ré , is san ionad measúnaithe a dhéanfaidh tú iad.
Déanfar ocht gcinn d’inniúlachtaí ginearálta agus inniúlachtaí sonracha an chomórtais seo a mheas san ionad measúnaithe, agus déanfar sin le ceithre thriail (agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta, agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha, ról-imirt agus cás-staidéar), a bhfuil cur síos orthu sna táblaí seo:
Inniúlacht |
Triail |
|||
|
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Cás-staidéar: |
||
|
Cás-staidéar: |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cás-staidéar: |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Cás-staidéar: |
||
|
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
Pasmharc |
3/10 do gach inniúlacht agus 40/80 don mharc foriomlán |
Inniúlacht |
Triail |
Inniúlachtaí sonracha |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha |
Pasmharc |
50/100 |
4) An painéal
I ndiaidh dó doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a sheiceáil, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal , do gach réimse, de na hiarrthóirí incháilithe a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichtear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.
CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH
Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO (http://jobs.eu-careers.eu), faoin sprioc-am seo:
10 Eanáir 2017 ar 12 a chlog (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)
IARSCRÍBHINN I
DUALGAIS
Na príomhdhualgais a bheidh le déanamh ag iarrthóirí a earcófar de bharr an chomórtais seo, is féidir go mbeidh siad éagsúil ó institiúid go chéile, ach beidh na cinn seo ina measc:
— |
Bainistiú tionscadal: anailísiú, moltaí a dhéanamh, costas a mheas, acmhainní riachtanacha a shainaithint agus a fháil, gníomhaíochtaí a sceidealú, monatóireacht cur chun feidhme, bainistiú athruithe agus tuairisciú. |
— |
Bheith mar bhall d’fhoirne a bhfuil gníomhaíochtaí tionscadail de chúram orthu, agus na foirne sin a chomhordú agus a stiúradh. |
Ag seo na dualgais shonracha is féidir a bheidh le déanamh i ngach réimse:
Réimse 1: Anailísiú sonraí agus seirbhísí TF
Siod iad na cúraimí is mó a mbeidh saineolaithe sa réimse seo ag plé leo:
Maidir le hanailísiú sonraí, páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí seo agus freagracht a ghlacadh astu:
— |
Coincheapú, anailísiú agus maoirseacht theicniúil agus riarthach sna réimsí seo: anailísíocht sonraí, meas agus bailíochtú sonraí, próiseáil agus bailíochtú sonraí, cáilíocht sonraí agus rialú nochta. |
— |
Tacair d’olltiomsuithe sonraí, faisnéis neamhstruchtúrtha agus bunachair shonraí tagartha a bhainistiú. |
— |
Comhtháthú sonraí agus nascáil, algartaim staitistiúla agus algartaim don mheaisínfhoghlaim a shainiú. |
— |
Sainiú próiseas staitistiúil a úsáidtear chun críocha meas sonraí, iontrálacha go barúlach agus seiceáil aschuir. |
— |
Samplamhéideanna agus srathú a shainaithint. |
— |
Meiteashonraí a láimhseáil, asluitigh a shainaithint, anailísiú a dhéanamh ar amshraitheanna agus eacnaiméadracht. |
— |
Beartais, caighdeáin agus treoirlínte a dhréachtú maidir le sonraí staitistiúla a bhailíochtú agus a scaipeadh. |
— |
Iontaofacht agus stóinseacht sonraí a anailísiú agus a mheas. |
— |
Modhanna, uirlisí agus nósanna imeachta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm arb é is feidhm dóibh sonraí a phróiseáil agus ciall a bhaint as na sonraí sin, nithe a bhféadfadh a bheith i gceist acu ardteicnící cainníochta a úsáid chun críocha meastóireachta agus luachála. |
Maidir le bainistiú seirbhísí TF, páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí seo agus freagracht a ghlacadh astu:
— |
Ceapadh, sainiú, saincheapadh, cur chun feidhme agus bainistiú próiseas agus táirgí a bhaineann le bainistiú seirbhísí TF. |
— |
Bainistiú cáilíochta, bainistiú rioscaí, tomhas feidhmíochta agus feabhas leanúnach a dhéanamh i leith próisis a bhaineann le bainistiú seirbhísí TF. |
— |
Straitéisí i leith seirbhísí TF a bhainistiú. |
— |
Tionscadail shonracha a bhaineann le bainistiú seirbhísí TF. |
— |
Nósanna imeachta i réimse na hinniúlachta i gceist. |
— |
Beartais agus straitéisí TF a shainiú agus a chur chun feidhme, agus staidéir agus meastóireachtaí a dhéanamh i réimse na hinniúlachta. |
Réimse 2: An t-ionad oibre digiteach, uathoibriú oifige agus ríomhaireacht mhóibíleach
Siod iad na cúraimí is mó a mbeidh saineolaithe sa réimse seo ag plé leo:
— |
Sainiú, ceapadh, cur chun feidhme, feidhmiú, forbairt agus tacaíocht i leith réiteach/seirbhísí i réimse an ionaid oibre dhigitigh, an uathoibrithe oifige na ríomhaireachta móibílí (táirgí OSS san áireamh). |
— |
Beartais slándála do na seirbhísí sin a chur chun feidhme agus a bhforbairt a phleanáil sa chaoi is gur féidir iad a chur in oiriúint nuair is gá do riachtanais nua ghnó. |
— |
Forás na teicneolaíochta i réimsí gaolmhara a fhaire. |
— |
Meastóireacht theicniúil ar réitigh nua. |
— |
Gníomhaíochtaí a bhaineann le hailtireacht, cur in úsáid agus comhtháthú a chomhordú agus saghsanna nua bonneagair agus réitigh a bhainistiú. |
Réimse 3: Pleanáil acmhainní fiontair
Siod iad na cúraimí is mó a mbeidh saineolaithe sa réimse seo ag plé leo:
— |
Tionscadail mhórscála cur chun feidhme i réimse na pleanála acmhainní fiontair a bhainistiú chun riar ar riachtanais ghnó a sainaithníodh agus/nó chun córais pleanála acmhainní fiontraíochta agus straitéisí forbartha a chur chun feidhme. |
— |
Obair meithleacha ilréimsiúla a bhainistiú. |
— |
Cúnamh a thabhairt próisis ghnó a chomhtháthú a bhraitheann ar phleanáil acmhainní fiontraíochta thar roinnt réimsí feidhme. |
— |
Monatóireacht a dhéanamh ar chostais, ar sceidil, agus ar na hacmhainní atá á n-úsáid, agus beart a dhéanamh nuair a sháraíonn na nithe sin na teorainneacha a socraíodh dóibh. |
— |
An nós imeachta um rialú athruithe a bhainistiú, agus chun toiliú urraitheoirí tionscadal le hathruithe ar thionscadail a éascú. |
Réimse 4: Slándáil TFC
Siod iad na cúraimí is mó a mbeidh saineolaithe sa réimse seo ag plé leo:
— |
Beartais agus caighdeáin slándála TF a dhréachtú. |
— |
Seirbhísí CERT a sholáthar: coincheapú, anailísiú, agus maoirseacht theicniúil agus riarthach i réimse na slándála, na tacaíochta agus an bhonneagair TFC. |
— |
Athbhreithniú a dhéanamh ar chreata slándála TF agus cúnamh a thabhairt próisis slándála TF a fheabhsú. |
— |
Rialuithe slándála a oireann don leibhéal measta riosca a cheapadh, anailísiú a dhéanamh ina leith, dréachtú teicniúil agus dlíthiúil a dhéanamh lena aghaidh, agus iad a chur i bhfeidhm. |
— |
Sainaithint, measúnú agus ionchorprú táirgí slándála, forbairt agus feabhsú uirlisí slándála sonracha san áireamh. |
— |
Tacú le foirne tionscadal measúnuithe slándála a dhéanamh go tráthrialta, iniúchadh slándála TF, tástáil slándála, bainistiú laigí, monatóireacht imeachtaí slándála, agus freagairt ar theagmhais. |
— |
Iniúchtaí slándála agus imscrúduithe teagmhais a dhéanamh. |
— |
Bearta ardaithe feasachta i dtaobh na cibearshlándála a mholadh. |
— |
Oibríochtaí cibearshlándála a dhéanamh, cuir i gcás: monatóireacht agus brath, freagairt ar theagmhais, deimhneacht slándála, innealtóireacht oibríochtaí slándála. |
N.B. Caithfidh saineolaithe slándála TFC a bheith toilteanach dul faoi imréiteach slándála arae is é SECRET-EU an leibhéal imréitigh shlándála atá ag dul leis an bpost seo. Is mar chuid den phróiseas earcaíochta a iarrfar an t-imréiteach slándála a theastaíonn chun faisnéis rúnaicmithe a rochtain.
Réimse 5: Bonneagar TF
Siod iad na cúraimí is mó a mbeidh saineolaithe sa réimse seo ag plé leo:
— |
Ceapadh, cur chun feidhme agus feidhmiú réiteach/seirbhísí i réimsí de theicneolaíocht na cumarsáide agus na faisnéise a bhaineann le bonneagar fiontar agus ionaid sonraí chorparáideacha. Go háirithe, ionchorprú agus bainistiú comhpháirteanna fisiceacha agus fíorúla (e.g. córas oibriúcháin, freastalaithe, córais stórála, bunachair shonraí, freastalaithe feidhmchláir, eilimintí líonraí), seirbhísí (e.g. cianrochtain, rochtain ar an idirlíon, cumarsáid ghutha agus sonraí, seirbhísí móibíleacha, slándáil) agus teicneolaíochtaí agus seirbhísí néalríomhaireachta. |
— |
Gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhainistiú agus a chomhordú trí bhíthin conarthaí seirbhíse bainistithe a fhaightear go minic i réimsí a bhaineann le bonneagair fiontair TFC agus ionaid sonraí chorparáideacha. |
— |
Catalóga gnó agus seirbhísí teicniúla a ullmhú agus féachaint i ndiaidh na gcatalóg sin. |
— |
Beartais slándála i réimse na faisnéise fiontair agus creata leanúnachais ghnó a ionchorprú do sheirbhísí bonneagair TF. |
Réimse 6: Bainistiú punann/clár TF agus ailtireacht fiontair
Siod iad na cúraimí is mó a mbeidh saineolaithe sa réimse seo ag plé leo:
— |
Tionscnaimh chothrománacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag roinnt leo a chomhordú agus/nó a bhainistiú. |
— |
Punanna feidhmchlár a chur ar bun agus a bhainistiú agus/nó fíorú a dhéanamh go bhfuil na punann/na feidhmchláir ag baint amach a gcuspóirí agus go bhfuil na tionscadail a bhfuil na punanna ag dul leo ag tabhairt an toraidh is gá. |
— |
Monatóireacht a dhéanamh ar scóip, pleanáil, buiséad agus rioscaí na bpunann/na bhfeidhmchlár agus na dtionscadal a bhfuil siad ag dul leo. |
— |
Táirgí ailtireachta fiontair a cheapadh agus a bhailíochtú, ailtireachtaí (straitéiseacha) corparáideacha san áireamh, agus ina theannta sin, ailtireachtaí (teicniúla) a bhaineann le réimse ar leith, treochláir, próisis ghnó agus ailtireachtaí seirbhís-dírithe. |
— |
Mar chuid den straitéis TF, páirt a ghlacadh i gceapadh straitéise TF agus aird á tabhairt ar staid na teicneolaíochta. |
Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN II
CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN
Déanfaidh an bord roghnúchán na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:
Réimse 1: Anailísiú sonraí agus seirbhísí TF
1. |
Taithí oibre ar bhainistiú tionscadal nó ar bhainistiú gníomhaíochtaí agus seirbhísí i réimse na faisnéise teicneolaíochta nó na próiseála sonraí. |
2. |
Taithí oibre ar bhainistiú seirbhísí IT nó ar bhainistiú seirbhísí sonraí. |
3. |
Taithí oibre ar phrionsabail agus cleachtais an bhainistithe seirbhíse TF, a raibh cur i bhfeidhm creata chaighdeánaigh ina chuid de. |
4. |
Teastas ITIL nó COBIT. |
5. |
Taithí oibre ar chreata TF nó ar chreata rialachais sonraí. |
6. |
Teastas i modheolaíocht bainistithe tionscadal, (e.g. PRINCE2, PMI). |
7. |
Taithí oibre ar bhainistiú tionscadal nó ar bhainistiú gníomhaíochtaí agus seirbhísí a bhaineann le hanailísiú sonraí, e.g. asluitigh a shainaithint agus a chóireáil, sonraí painéil, meastóirí samhailbhunaithe, amshraitheanna agus suirbhéanna. |
8. |
Taithí oibre ar réimsí a bhaineann le bainistiú sonraí, e.g. cóipeáil inneachair ghréasáin agus anailísíocht ghréasáin, foghlaim staitistiúil, meaisínfhoghlaim, meastacháin algartam-bhunaithe, staitisticí geospásúla, sonraí ó scanóirí agus braiteoirí sonraí. |
9. |
Taithí oibre ar uirlisí anailísithe sonraí a úsáid. |
10. |
Taithí oibre ar thacair d’olltiomsuithe sonraí, faisnéis neamhstruchtúrtha agus bunachair shonraí tagartha a bhainistiú. |
11. |
Taithí oibre ar mheiteashonraí a láimhseáil, asluitigh a shainaithint, anailísiú a dhéanamh ar amshraitheanna agus eacnaiméadracht. |
12. |
Taithí oibre ar bheartais, caighdeáin agus treoirlínte maidir le sonraí staitistiúla a bhailíochtú agus a scaipeadh. |
13. |
Taithí oibre ar mhodhanna, uirlisí agus nósanna imeachta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm arb é is feidhm dóibh sonraí a phróiseáil agus a ciall a bhaint as na sonraí sin, nithe a bhféadfadh a bheith i gceist acu ardteicnící cainníochta a úsáid chun críocha meastóireachta agus luachála. |
Réimse 2: An t-ionad oibre digiteach, uathoibriú oifige agus ríomhaireacht mhóibíleach
1. |
Taithí oibre ar sheirbhísí/réitigh a shainiú agus a cheapadh do roinnt tionscadal cur chun feidhme ar scála fiontair agus a bhain leis an ionad oibre digiteach, uathoibriú digiteach agus leis an ríomhaireacht mhóibíleach. |
2. |
Taithí oibre ar chur i bhfeidhm, feidhmiú, forbairt agus tacaíocht seirbhísí/réiteach do roinnt tionscadal cur chun feidhme ar scála fiontair agus a bhain leis an ionad oibre digiteach, uathoibriú digiteach agus ríomhaireacht mhóibíleach. |
3. |
Taithí oibre ar bheartais slándála a chur i bhfeidhm do roinnt tionscadal cur chun feidhme ar scála fiontair agus a bhain leis an ionad oibre digiteach, uathoibriú digiteach agus ríomhaireacht mhóibíleach. |
4. |
Taithí oibre ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le hailtireacht, cur in úsáid agus comhtháthú a chomhordú agus ar shaghsanna nua bonneagair agus réitigh a bhainistiú. |
5. |
Taithí oibre ar na cineálacha ailtireachta, deartha agus forbartha a úsáidtear coitianta don ionad oibre digiteach, don uathoibriú oifige agus don ríomhaireacht mhóibíleach. |
6. |
Taithí oibre ar phleanáil acmhainní, anailísiú riachtanas, meas agus leithdháileadh acmhainní. |
7. |
Teastas i modheolaíocht bainistithe tionscadal, (e.g. PRINCE2, PMI). |
8. |
Taithí oibre ar tháirgí OSS. |
Réimse 3: Pleanáil acmhainní fiontair
1. |
Taithí oibre ar a bheith ag plé le roinnt tionscadal cur chun feidhme PAF ar scála fiontair. |
2. |
Taithí oibre ar ailtireachtaí PAF a úsáidtear le haghaidh anailísiú próiseas gnó agus dearadh feidhmeanna. |
3. |
Taithí oibre ar mhodheolaíochtaí agus ar theicnící cur chun feidhme PAF. |
4. |
Taithí oibre ar shaolré iomlán cur chun feidhme PAF, ar fheidhmiúlacht a bhaint amach agus ar a bheith ag riar ar riachtanais ghnó. |
5. |
Cáilíochtaí i gceann amháin nó níos mó de na modúil atá ag na sraitheanna feidhmchlár le haghaidh PAF. |
6. |
Taithí oibre ar phleanáil acmhainní, anailísiú riachtanas, meastacháin agus leithdháileadh ar acmhainní. |
7. |
Teastas i modheolaíocht bainistithe tionscadal, (e.g. PRINCE2, PMI). |
8. |
Taithí oibre ar a bheith ag bainistiú nósanna imeachta um rialú athruithe. |
Réimse 4: Slándáil TFC
1. |
Taithí oibre ar rialuithe slándála a oireann don leibhéal measta riosca (seiceálacha cáilíochta, e.g. ISO 27000, agus anailísiú agus bainistiú rioscaí san áireamh) a cheapadh, anailísiú a dhéanamh ina leith, dréachtú teicniúil agus dlíthiúil a dhéanamh lena aghaidh, agus a chur i bhfeidhm. |
2. |
Taithí oibre ar tháirgí slándála a shainaithint, a mheasúnú agus a ionchorprú, e.g. a táirgí a bhaineann le forbairt, bainistiú soghontachta slándála, measúnú soghontachta, bréagionsaithe tástála, agus feabhsú uirlisí slándála sonracha (cuir i gcás trí réitigh slándála TF foinse oscailte a chur in úsáid). |
3. |
Taithí oibre orthu seo: measúnú slándála tráthrialta, iniúchadh slándála TF, tástáil slándála, bainistiú soghontachta, monatóireacht ar tharluithe slándála agus freagairt ar theagmhais (e.g. oibríochtaí slándála a chur ar bun, riar slándála córas, measúnú soghontachta, bréagionsaithe tástála, teastasú agus creidiúnú córas faisnéise, iniúchadh slándála faisnéise, comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint sonraí, innealtóireacht slándála). |
4. |
Taithí oibre ar iniúchtaí slándála agus ar imscrúduithe teagmhas (e.g. anailísiú fóiréinseach, anailís a dhéanamh ar bhogearraí mailíseacha, anailís ar logaí). |
5. |
Taithí oibre ar bhearta ardaithe feasachta i dtaobh na cibearshlándála. |
6. |
Taithí oibre ar mhonatóireacht agus ar bhrath, freagairt ar theagmhais, cinntiú slándála, innealtóireacht oibríochtaí slándála (e.g. bearta cosantacha a chur i bhfeidhm, faisnéis faoi bhagairtí a ullmhú). |
7. |
Teastas i modheolaíocht bainistithe tionscadal (e.g. PMI, PRINCE2) agus/nó sa bhainistiú seirbhíse (e.g. ITIL). |
8. |
Teastais slándála i mbainistiú rioscaí, i mbainistiú slándála, nó i bhfreagairt ar theagmhais slándála (e.g. CISSP, SANS/GIAC, CEH, CISA). |
9. |
Taithí oibre ar bhainistiú tionscadal TF agus/nó ar bhainistiú seirbhísí TF. |
Réimse 5: Bonneagar TF
1. |
Cáilíocht agus/nó taithí oibre i mbainistiú seirbhísí (teastas ITIL). |
2. |
Taithí oibre ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí a bhaineann le seirbhísí ionad sonraí (seirbhísí ardán ríomhaire, seirbhísí stórála agus cúltaca, seirbhísí do bhonneagair feidhmchlár, líonraí agus seirbhísí slándála) a chur chun feidhme agus a fheidhmiú. |
3. |
Taithí oibre ar bhainistiú conarthaí seirbhíse i gceann amháin nó níos mó de na réimsí a bhaineann le seirbhísí ionad sonraí (seirbhísí ardán ríomhaire, seirbhísí stórála agus cúltaca, seirbhísí do bhonneagair feidhmchlár, líonraí agus seirbhísí slándála), seirbhísí a chuir soláthraithe seirbhísí ar fáil go hiomlán nó i bpáirt. |
4. |
Taithí oibre ar an teicneolaíocht a úsáidtear i gceann amháin nó i níos mó de na réimsí seo:
|
5. |
Taithí oibre ar bhainistiú tionscadal agus/nó ar bhainistiú gníomhaíochtaí agus seirbhísí i réimse na faisnéise teicneolaíochta. |
6. |
Teastas i modheolaíocht bainistithe tionscadal, (e.g. PRINCE2, PMI). |
7. |
Taithí oibre ar chreata faisnéise slándála agus ar a gcur i bhfeidhm i seirbhísí gréasáin agus slándála. |
8. |
Taithí oibre ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí a bhaineann le seirbhísí ionad sonraí (seirbhísí ardán ríomhaire, seirbhísí stórála agus cúltaca, seirbhísí do bhonneagair feidhmchlár, líonraí agus seirbhísí slándála) a cheapadh agus a chur chun feidhme. |
Réimse 6: Bainistiú punann/clár TF agus ailtireacht fiontair
1. |
Taithí oibre ar bhainistiú tionscadal agus/nó ar bhainistiú gníomhaíochtaí agus seirbhísí i réimse na faisnéise teicneolaíochta agus/nó na hailtireachta fiontair. |
2. |
Taithí oibre ar bhainistiú punann agus/nó clár. |
3. |
Taithí oibre ar phleanáil acmhainní, anailísiú riachtanas, meastacháin agus leithdháileadh ar acmhainní. |
4. |
Teastas i modheolaíocht bainistithe tionscadal, (e.g. PRINCE2, PMI). |
5. |
Taithí oibre ar chreata, prionsabail agus cleachtais na hailtireachta fiontair agus/nó teastas i bprionsabail agus i gcleachtais na hailtireachta fiontair (e.g. TOGAF). |
6. |
Taithí oibre ar chreata um straitéisí TF agus/nó um rialachas TF (e.g COBIT). |
7. |
Taithí oibre ar ailtireacht fiontair agus ar shamhaltú. |
8. |
Taithí oibre ar córais TF ar mhórscála a chur i bhfeidhm. |
Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN III
NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE
Gach áit a ndéantar tagairt don fhirinscne i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.
CLÁR ÁBHAIR
1. |
NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH | 13 |
1.1. |
Inniúlachtaí ginearálta | 13 |
1.2. |
Coinníollacha ginearálta | 14 |
1.3. |
Coinníollacha sonracha | 14 |
1.4. |
Eolas ar theangacha | 15 |
2. |
CONAS IARRATAS A DHÉANAMH | 15 |
2.1. |
Na trialacha idirghníomhacha a dhéanamh | 15 |
2.2. |
Cuntas EPSO a chruthú | 15 |
2.3. |
Iarratas ar líne a dhéanamh | 15 |
2.4. |
Comhdheiseanna agus socruithe speisialta | 16 |
3. |
PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN | 16 |
3.1. |
An bord roghnúcháin | 16 |
3.2. |
Trialacha réamhroghnúcháin ilrogha ar ríomhaire | 17 |
3.3. |
Seiceálacha incháilitheachta | 17 |
3.4. |
Roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener) | 18 |
3.5. |
Trialacha idirmheánacha | 18 |
3.6. |
An t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe | 18 |
3.7. |
Dearbhú incháilitheachta | 19 |
4. |
IARRTHÓIRÍ AR ÉIRIGH LEO/EARCÚ | 19 |
4.1. |
An painéal | 19 |
4.2. |
An pas inniúlachtaí | 20 |
5. |
CUMARSÁID | 20 |
5.1. |
Cumarsáid a dhéanamh le EPSO | 20 |
5.2. |
Cumarsáid a dhéanamh le boird roghnúcháin | 20 |
5.3. |
Cosaint sonraí | 20 |
5.4. |
Rochtain ar fhaisnéis | 20 |
5.5. |
Faisnéis a nochtar go huathoibríoch | 21 |
5.6. |
Faisnéis a iarraidh | 21 |
6. |
GEARÁIN | 21 |
6.1. |
Teagmháil a dhéanamh le EPSO | 21 |
6.2. |
Deacrachtaí teicniúla | 22 |
6.3. |
Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire | 22 |
6.4. |
Iarrataí ar athbhreithniú | 22 |
6.5. |
Gearáin riaracháin | 23 |
6.6. |
Achomhairc bhreithiúnacha | 23 |
6.7. |
An tOmbudsman Eorpach | 24 |
6.8. |
Dícháiliú | 24 |
RÉAMHRÁ
Is trí chomórtais oscailte ar cuid díobh scrúduithe iomaíochta a earcaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh a gcuid oifigeach, agus dá bharr sin cinntítear cóir chomhionann agus roghnú ar bhonn buanna, agus tugtar an deis do gach iarrthóir incháilithe a chuid inniúlachtaí a léiriú.
Is é EPSO (an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne), a mbíonn gach gné d’eagrú na gcomórtas oscailte de chúram air, agus na boird roghnúcháin, a shocraíonn na trialacha, a fhaomhann a bhfuil iontu agus a mheasann na hiarrthóirí, a fhéachann in éineacht chuig roghnú na n-oifigeach nua. An prionsabal ginearálta atá mar bhonn faoin gcóras sin gur cheart cinntí roghnúcháin a dhéanamh go neamhspleách agus gan aon tionchar míchuí á imirt orthu.
1. NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH
1.1. Inniúlachtaí ginearálta
Is éard a bhíonn á lorg ag institiúidí an Aontais iarrthóirí éirimiúla tionscantacha, a bhfuil ardcháilíochtaí acu sa réimse i gceist, agus a bhfuil na hinniúlachtaí ginearálta seo thíos go háirithe acu:
— |
anailísiú agus réiteach fadhbanna: an cumas príomhphointí ceisteanna casta a aithint agus réitigh atá cruthaitheach, soiléir agus praiticiúil a cheapadh; |
— |
cumarsáid: an cumas cumarsáid chruinn shoiléir a dhéanamh, ó bhéal agus i scríbhinn; |
— |
cáilíocht agus torthaí: an cumas freagracht phearsanta a ghlacadh agus a bheith tionscantach d’fhonn obair d’ardchaighdeán a dhéanamh, de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos; |
— |
foghlaim agus forbairt: an cumas scileanna pearsanta agus eolas ar an eagraíocht agus ar an láthair oibre a shealbhú agus a fheabhsú; |
— |
tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán: an cumas cúraimí a chur in ord tábhachtachta, oibriú go solúbtha, agus an t-ualach oibre a eagrú go héifeachtúil; |
— |
buanseasmhacht: an cumas a bheith éifeachtach, fiú amháin nuair atá ualach mór oibre ann, deacrachtaí eagraíochtúla a shárú ar dhóigh dhearfach agus na hathruithe is gá a dhéanamh chun a bheith i gcónaí in oiriúint don timpeallacht oibre; |
— |
obair bhuíne: comhoibriú le daoine eile i meithleacha agus le daoine a bhaineann le seirbhísí eile, agus urraim a thabhairt do na difríochtaí a bhíonn idir daoine; agus |
— |
cumas ceannaireachta (riarthóirí amháin): an cumas daoine a bhainistiú, a chothú agus a spreagadh sa chaoi is go mbainfidh siad a gcuid spriocanna amach. |
1.2. Coinníollacha ginearálta
Bíonn na coinníollacha ginearálta incháilitheachta a leanas i bhfeidhm i ngach comórtas oscailte, ach amháin sa chás go luaitear díolúintí sonracha san fhógra comórtais (e.g. i gcás tír atá i ndiaidh teacht isteach san Aontas); Ní mór do gach iarrthóir:
— |
a chearta uile mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh; |
— |
aon oibleagáid dlí atá air i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta aige; agus |
— |
na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh. |
An t-aon teorainn aoise atá ann le hiarratas a dhéanamh ar chomórtas oscailte an aois scoir atá leagtha síos d’oifigigh an Aontais sna Rialacháin Foirne (féach suíomh gréasáin EPSO: www.eu-careers.eu).
Ní mór d’iarrthóirí doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn a náisiúntacht, e.g. pas, cárta aitheantais, agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh. Is iondúil nach mbíonn doiciméad tacaíochta de dhíth i leith an dá phointe eile atá luaite thuas go dtí céim na hearcaíochta.
1.3. Coinníollacha sonracha
Bíonn na coinníollacha sonracha maidir le cáilíochtaí agus taithí oibre éagsúil ó phróifíl go chéile; is san fhógra comórtais a bhíonn na nithe sin leagtha síos. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin), sa chaoi is go mbeidh an bord roghnúcháin in ann a ábhartha atá siad do dhualgais an phoist a mheas.
(a) |
Dioplómaí agus/nó teastais: Maidir le dioplómaí a eisíodh i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad, caithfidh siad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfear san áireamh na difríochtaí is féidir a bheith idir córais oideachais. Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus gairmoiliúint, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lán-aimseartha, páirt-aimseartha nó rang oíche a bhí ann. |
(b) |
Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus:
|
Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil do gach tréimhse oibre:
— |
teistiméireachtaí ó iarfhostóirí agus ón bhfostóir reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó |
— |
(mura féidir leat teistiméireachtaí a chur leis an iarratas), conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh; |
— |
(maidir le taithí oibre gan tuarastal e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe ina bhfuil na dualgais a rinneadh sonraithe, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar; |
— |
(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála, agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad. |
1.4. Eolas ar theangacha
I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, ní mór sáreolas (leibhéal C1 de CEFR (1)) ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil (leibhéal B2 de CEFR) ar cheann eile de na teangacha sin a bheith ag iarrthóirí.
Bíonn na riachtanais teanga éagsúil ó phróifíl go chéile; is san fhógra comórtais a bhíonn na riachtanais sin leagtha síos. I gcás próifílí do theangeolaithe go háirithe, is féidir go n-iarrfar eolas breise ar theangacha.
Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe (féach roinn 1.3) agus sainphróifílí áirithe.
2. CONAS IARRATAS A DHÉANAMH
2.1. Na trialacha idirghníomhacha a dhéanamh
De réir an chomórtais i gceist, féadfar iarraidh ort ceistneoir idirghníomhach féinroghnúcháin agus/nó trialacha idirghníomhacha féinmheasúnúcháin a dhéanamh. Tabharfaidh na nithe sin léargas duit ar an leibhéal a theastaíonn leis na trialacha réamhroghnúcháin a phasáil agus cuideoidh siad leat fios a bheith agat an oirfeadh post in institiúidí an Aontais Eorpaigh duit.
2.2. Cuntas EPSO a chruthú
Is féidir cuntas a chruthú ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu). Déantar na nithe seo ar an suíomh:
— |
iarratais a dhéanamh agus stádas iarratas a sheiceáil; |
— |
eolas a fháil ó EPSO; agus |
— |
sonraí pearsanta a stóráil. |
Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a chruthú agus ní mór an cuntas sin a úsáid do gach iarratas. Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach gur chruthaigh tú níos mó ná aon chuntas amháin (féach freisin roinn 6.8).
2.3. Iarratas ar líne a dhéanamh
Ní mór duit d’iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO, i gceann de na teangacha atá sonraithe san fhógra comórtais. I gcás réimsí nó próifílí áirithe a fhoilsítear san am céanna, ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ach ar aon réimse amháin nó ar aon phróifíl amháin. Ina leithéid de chás, bíonn sin ráite go soiléir san fhógra comórtais.
De réir an chomórtais i gceist, féadfar iarraidh ort eolas a thabhairt ina dtaobh seo:
— |
do chuid dioplómaí/cáilíochtaí; |
— |
do chuid taithí oibre (má iarrtar sin); |
— |
an chúis a bhfuil iarratas á dhéanamh agat; |
— |
an t-eolas atá agat ar theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh; |
— |
an taithí agus na cáilíochtaí atá agat a bhaineann le hábhar (féach roinn 3.4); nó |
— |
socruithe speisialta a theastaíonn chun na trialacha a dhéanamh (féach roinn 2.4). |
Ní mór na coinníollacha incháilitheachta ar fad, idir ghinearálta agus sonracha, a chomhlíonadh faoin sprioc-am atá leagtha síos san fhógra comórtais. Trí d’iarratas a bhailíochtú dearbhaíonn tú ar d’onóir go gcomhlíonann tú na coinníollacha sin. A luaithe a bheidh d’iarratas bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh air. Fútsa atá sé féachaint chuige go bhfuil an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am.
2.4. Comhdheiseanna agus socruithe speisialta
Cuireann EPSO beartas comhdheiseanna i bhfeidhm i ngach próiseas roghnúcháin dá chuid, d’fhonn deimhin a dhéanamh de go gcaitear le gach iarrthóir ar an dóigh chéanna.
Déanann EPSO gach beart is réasúnta chun deimhin a dhéanamh de gur féidir le hiarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta acu páirt a ghlacadh i gcomórtas ar comhchéim le hiarrthóirí eile.
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh an sprioc-ama le hiarratais a dhéanamh, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.
Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.
Tá gach eolas is gá le fáil san fhoirm iarratais agus ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu).
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:
— |
trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu); |
— |
facs (+ 32 2 299 80 81); nó |
— |
tríd an bpost:
|
3. PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN
3.1. An bord roghnúcháin
Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna, agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Oifigigh de chuid institiúidí an Aontais a bhíonn ina mbaill de na boird roghnúcháin. Seirbhísí acmhainní daonna na n-institiúidí a ainmníonn leath na mball agus na coistí foirne a ainmníonn an leath eile. Foilsítear ainmneacha bhaill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu).
3.2. Trialacha réamhroghnúcháin ilrogha ar ríomhaire
Is é an bord roghnúcháin a chinneann leibhéal deacrachta na dtrialacha ilrogha ar ríomhaire agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO. Le ríomhaire a mharcáiltear na trialacha.
I gcás sainphróifílí, ar cuid díobh an roghnú ar bhonn cáilíochtaí (féach roinn 3.4), ní bhíonn trialacha ilrogha ar ríomhaire ann mar chéim réamhroghnúcháin ach amháin má bhíonn an líon iarrthóirí os cionn tairseach áirithe. Is é Stiúrthóir EPSO, ina cháil mar údarás ceapacháin, a shocraíonn an tairseach sin i ndiaidh an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh a bheith istigh. Foilsítear an tairseach ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu). I gcás comórtas ina bhfuil roinnt réimsí, is féidir nach ionann an tairseach ó réimse go chéile. Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí, is le linn imeachtaí an ionaid measúnaithe/chéim an mheasúnaithe a bheidh na trialacha ilrogha ar ríomhaire.
Is féidir na nithe seo a bheith ina gcuid de na trialacha ilrogha ar ríomhaire, de réir na próifíle i gceist:
— |
réasúnaíocht bhriathartha: measúnú ar a ábalta atá tú réasúnú go loighciúil agus faisnéis bhriathartha a thuiscint; |
— |
réasúnaíocht uimhriúil: measúnú ar a ábalta atá tú réasúnú go loighciúil agus faisnéis uimhriúil a thuiscint; |
— |
réasúnaíocht theibí: measúnú ar a ábalta atá tú réasúnú go loighciúil agus na gaoil idir choincheapa nach bhfuil eilimintí teanga, spásúla nó uimhriúla iontu a thuiscint; |
— |
breithiúnas suíomhúil: measúnú ar an dóigh a n-iompraíonn tú tú féin i gcomhthéacs oibre; |
— |
scileanna teanga; agus |
— |
scileanna gairme sonracha. |
Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun na trialacha ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh. Tá míniú ar an dóigh le sin a dhéanamh i do chuntas EPSO agus ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu).
Is é is dóichí go dtairgfear roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú iad a dhéanamh freisin. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh. Mura ndéanann tú coinne chun na trialacha a dhéanamh nó mura ndéanann tú na trialacha iad féin, dícháileofar ón gcomórtas thú (féach roinn 6.8).
3.3. Seiceálacha incháilitheachta
Is é EPSO a sheiceálann an gcomhlíonann tú, de réir an eolais a thug tú i d’iarratas, na coinníollacha ginearálta incháilitheachta atá leagtha síos san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin a sheiceálann an gcomhlíonann tú na coinníollacha sonracha incháilitheachta. Ach amháin má deirtear a mhalairt san fhógra comórtais, is ag céim níos faide anonn den phróiseas roghnúcháin a dhéanfar an t-eolas a thug tú i d’iarratas a scrúdú i gcomparáid le do chuid doiciméad tacaíochta. Iarrthóirí nach gcomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad atá leagtha síos san fhógra comórtais, díbreofar iad.
Má tá trialacha réamhroghnúcháin ilrogha ar ríomhaire ina gcuid den chomórtas (féach roinn 3.2), is i ndiaidh na dtrialacha sin a dhéanfar an tseiceáil incháilitheachta, (ach amháin má deirtear a mhalairt).
Maidir leis an líon iarrthóirí dá dtabharfar cuireadh chun an chéad chéim eile den phróiseas roghnúcháin, bíonn sin leagtha síos san fhógra comórtais. Sin nó cinneann Stiúrthóir EPSO é ina cháil mar údarás ceapacháin.
Má bhíonn na trialacha ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré, déanfar seiceáil incháilitheachta ar dhoiciméid na n-iarrthóirí, in ord íslitheach na marcanna a ghnóthaigh siad, go dtí go sroichtear an tairseach a leag EPSO síos do gach réimse ina cháil mar údarás ceapacháin. Ní sheiceálfar na doiciméid eile.
Mura mbíonn na trialacha ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré, déanfar seiceáil incháilitheachta ar dhoiciméid na n-iarrthóirí ar fad.
Maidir leis an áit dheireanach, i gcás i ngnóthaíonn roinnt iarrthóirí an marc céanna, tugtar cuireadh dóibh ar fad. Ní scrúdófar iarratais na n-iarrthóirí atá faoi bhun na tairsí sin.
3.4. Roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener)
I gcás fhormhór na sainphróifílí, ní mór d’iarrthóirí céim an Talent Screener (“scagthóir buanna”) a chur díobh. Is é is feidhm don Talent Screener na hiarrthóirí sin a shainaithint is mó a bhfuil a gcáilíochtaí (dioplómaí agus taithí oibre go háirithe) in oiriúint do dhualgais an phoist.
I ngach comórtas freagraíonn na hiarrthóirí ar fad na ceisteanna céanna sa Talent Screener san fhoirm iarratais. Dá bharr sin is féidir leis an mbord roghnúcháin buanna gach iarrthóra a mheas ar dhóigh struchtúrtha.
Bíonn céim an Talent Screener ann i ndiaidh na seiceálacha incháilitheachta, ach amháin má deirtear a mhalairt san fhógra comórtais. Is ar na hiarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad, agus orthu sin amháin, a dhéanann an bord roghnúcháin measúnú. Is ar bhonn na bhfreagraí a thug na hiarrthóirí ar cheisteanna an Talent Screener , agus ar a bhonn sin amháin, a dhéanfar an mheasúnú. Dá bhrí sin, ba cheart duit gach eolas a bhaineann le hábhar a thabhairt sa chéim seo, fiú amháin má tá sé luaite i gcodanna eile den fhoirm iarratais.
I dtús báire, tugann an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach ceann de cheisteanna an Talent Screener, de réir a tábhachta, agus ansin tugtar marc 0 go dtí 4 do gach ceann de do fhreagraí. Ansin, iolraítear na marcanna faoi ualú gach ceiste agus suimítear iad.
Téann na hiarrthóirí is airde marc ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Bíonn an líon sin sonraithe san fhógra comórtais agus foilsítear ar shuíomh gréasáin EPSO é freisin. Maidir leis an áit dheireanach, i gcás i ngnóthaíonn roinnt iarrthóirí an marc céanna, téann siad go léir ar aghaidh.
3.5. Trialacha idirmheánacha
Déanfaidh an bord roghnúcháin ábhar na dtrialacha seo a fhaomhadh. De réir an chomórtais atá i gceist, is féidir go mbeidh na trialacha seo le déanamh:
— |
inbhosca ríomhphoist: triail ar ríomhaire ina n-iarrtar ort roinnt ceisteanna a fhreagairt agus na doiciméid atá ar fáil san inbhosca ríomhphoist á n-úsáid agat chuige sin; |
— |
réamhthrialacha ateangaireachta: ateangaireacht chomhuaineach a dhéanamh ar chaint thaifeadta (is féidir gné closamhairc a bheith i gceist sa chaint freisin); |
— |
trialacha ateangaireachta: trialacha san ateangaireacht iaruaineach agus san ateangaireacht chomhuaineach; |
— |
cianagallamh: is é aidhm na trialach seo do chuid inniúlachtaí sonracha sa réimse i gceist agus/nó do chumas sa chumarsáid ó bhéal i dteanga ar leith a mheas; |
— |
réamhthrialacha ateangaireachta: aistriúchán a dhéanamh go príomhtheanga an chomórtais ar théacsanna atá sna teangacha eile a roghnaigh tú don chomórtas; agus/nó |
— |
trialacha tuisceana teanga: ceisteanna ilrogha a fhreagairt. |
3.6. An t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe
Is gnách gur sa Bhruiséil nó i Lucsamburg a bhíonn trialacha an ionaid measúnaithe/chéim an mheasúnaithe ar siúl, ar feadh lá nó dhá lá. Chun pas inniúlachtaí a fháil agus a bheith i dteideal áit ar an bpainéal, ní mór duit gach triail a dhéanamh. Tástálfar do chuid inniúlachtaí ginearálta (féach roinn 1.1) agus sonracha (i.e. iad sin a bhaineann le dualgais an phoist).
Is é an bord roghnúcháin a fhaomhann ábhar thrialacha an ionaid measúnaithe/chéim an mheasúnaithe. De réir an chomórtais atá i gceist, is féidir go mbeidh na trialacha seo le déanamh:
— |
cás-staidéar: triail scríofa atá bunaithe ar chás samhailteach ina gcaithfidh tú déileáil le fadhbanna éagsúla nó fadhbanna éagsúla a réiteach, agus gan agat chuige sin ach an t-eolas a chuirfear ar fáil; |
— |
cur i láthair ó bhéal: triail aonair anailíse agus cur i láthair ina gcaithfidh tú réiteach a mholadh ar fhadhb shamhailteach a bhaineann leis an obair. I ndiaidh duit anailís a dhéanamh ar na doiciméid a thabharfar duit, caithfidh tú do chuid smaointe a chur in iúl do ghrúpa beag daoine; |
— |
agallamh/agallaimh ar bhonn inniúlachtaí: cleachtadh aonair arb é is aidhm dó eolas a bhaineann le hábhar a fháil, ar dhóigh struchtúrtha, ar d’inniúlachtaí ginearálta (agus/nó ar d’inniúlachtaí sonracha, i gcás sainchomórtas), ar bhonn na taithí atá agat; |
— |
cleachtadh i ngrúpa: i ndiaidh duit staidéar a dhéanamh ar roinnt faisnéise i d’aonar, cuirfear i ngrúpa thú le roinnt rannpháirtithe eile chun bhur gconclúidí a phlé agus chun teacht ar chomhchinneadh; |
— |
inbhosca ríomhphoist: triail ar ríomhaire arb é atá ann roinnt ceisteanna a fhreagairt agus doiciméid a bheidh ar fáil san inbhosca ríomhphoist á n-úsáid agat chuige sin; |
— |
trialacha praiticiúla teanga; |
— |
cleachtaí eile a bhaineann le hinniúlachtaí sainiúla; |
— |
an triail réasúnaíochta briathartha, an triail réasúnaíochta uimhriúla, an triail réasúnaíochta teibí agus an triail breithiúnais shuíomhúil (mura ndearnadh na trialacha sin ann ag céim an réamhroghnúcháin). |
3.7. Dearbhú incháilitheachta
Sula gcuirfear ainm iarrthóra ar an bpainéal, dearbhófar go bhfuil sé incháilithe trí scrúdú a dhéanamh ar a chuid doiciméad tacaíochta (féach roinn 4.1). Tiomsaítear an painéal trí incháilitheacht na n-iarrthóirí a sheiceáil, in ord íslitheach, bunaithe ar na marcanna a ghnóthaigh siad i ndiaidh deireadh a bheith le trialacha an ionaid measúnaithe/chéim an mheasúnaithe, go dtí go sroichtear an líon atá á lorg don phainéal. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí atá faoi bhun na tairsí sin.
Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil. Más sa Bhruiséil atá an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe ar tugadh cuireadh duit freastal air, is é is dóichí go n-iarrfar ort bunchóipeanna de do chuid doiciméad a thabhairt leat ionas go bhféadfar iad a scanadh agus a thabhairt ar ais duit iad an lá céanna. Más in áit eile atá an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe, tabharfar gach eolas is gá sa chuireadh.
Mura mbeidh na doiciméid chuí ag dul le d’iarratas ag dearbhú an eolais a thug tú ann, is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas thú. Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil.
4. IARRTHÓIRÍ AR ÉIRIGH LEO/EARCÚ
4.1. An painéal
Ní hé is aidhm do na comórtais a eagraíonn EPSO post ar leith a líonadh, ach bunachar (“painéal”) a thiomsú óna bhféadfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh daoine a earcú le bheith ina n-oifigeach.
Tiomsaíonn an bord roghnúcháin painéal ar a bhfuil ainmneacha na n-iarrthóirí incháilithe a ghnóthaigh na marcanna is airde. Bíonn an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal leagtha síos san fhógra comórtais. Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthaíonn roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirtear iad go léir ar an bpainéal. Ansin seoltar sonraí an phainéil chuig institiúidí an Aontais Eorpaigh. Ní hionann a bheith ar an bpainéal agus ceart ná ráthaíocht a bheith agat post a fháil.
Foilsítear ainmneacha na n-iarrthóirí atá ar an bpainéal agus dáta éaga an phainéil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcásanna áirithe féadfar síneadh a chur le tréimhse bhailíochta an phainéil. Má dhéantar cinneadh síneadh a chur le bailíocht painéil, foilseofar an cinneadh sin ar shuíomh gréasáin EPSO, agus ar an suíomh sin amháin.
Iarrthóirí ar éirigh leo, is féidir leo a iarraidh nach gcuirfear a n-ainm ar an bpainéal a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní mór aon iarraidh dá leithéid a bheith faighte ag EPSO tráth nach déanaí ná 10 lá féilire i ndiaidh do na hiarrthóirí fógra a fháil faoina dtorthaí trína gcuntas EPSO.
4.2. An pas inniúlachtaí
Na hiarrthóirí ar fad a dhéanann trialacha uile an ionaid measúnaithe/chéim an mheasúnaithe agus nach ndícháilítear (féach roinn 6.8), gheobhaidh siad “pas inniúlachtaí” ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh siad san ionad measúnaithe/ag céim an mheasúnaithe.
Déanfar pas inniúlachtaí iarrthóirí ar éirigh leo a chur ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh chun críocha earcaíochta agus forbairt gairme.
5. CUMARSÁID
5.1. Cumarsáid a dhéanamh le EPSO
Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn an chomórtais. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fabht teicniúil ar shuíomh gréasáin EPSO, ba cheart duit scéala a chur in iúl láithreach tríd an roinn “contact us” (“déan teagmháil linn”), ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu).
Forchoimeádann EPSO an ceart gan faisnéis a thabhairt atá luaite cheana go soiléir san fhógra comórtais, in iarscríbhinní an fhógra agus ar shuíomh gréasáin EPSO, sa roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.
I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i d’iarratas), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (http://ec.europa.eu/transparency/code/index_en.htm) Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).
5.2. Cumarsáid a dhéanamh le boird roghnúcháin
Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar aon duine nach ball den bhord é, iarrthóirí san áireamh, iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn tástálacha, comhthéacs inar gá plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.
Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO ar aghaidh chuig an mbord é. Má dhéanann iarrthóir aon chumarsáid dhíreach nó indíreach ar aon dóigh eile seachas an dóigh sin, is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas é.
Meastar gur coinbhleacht leasa cóngas gaoil a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is oiriúnach. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach 6.8).
5.3. Cosaint sonraí
Ráthaíonn EPSO rúndacht agus sábháilteacht sonraí pearsanta iarrthóirí, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint sonraí príobháideacha. Féadfar sonraí anaithnidithe a úsáid chun taighde eolaíoch a dhéanamh. Tá tuilleadh eolais sa ráiteas príobháideachais maidir le cosaint sonraí i do chuntas EPSO.
5.4. Rochtain ar fhaisnéis
Tá cearta sonracha ag iarrthóirí maidir le sonraí pearsanta áirithe a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh i gcás nach bhfuil bunús maith le cinneadh diúltú a thabhairt.
Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas agus oibiachtúlacht an bhoird. Dá bhrí sin, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin ná measúnuithe comparáideacha a rinneadh ar iarrthóirí, ní féidir sin a nochtadh.
Na cearta sin atá ag iarrthóirí, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiad a bheith ina n-iarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus an reachtaíocht atá ann maidir leis na cearta rochtana atá ag daoine den phobal ar dhoiciméid, d’fhéadfadh sé nach dtiocfadh aisti aon chearta sa bhreis ar na cearta atá luaite sa roinn seo.
5.5. Faisnéis a nochtar go huathoibríoch
Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:
— |
na trialacha ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna; |
— |
incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh; |
— |
Talent Screener: do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór foriomlán; |
— |
na réamhthrialacha: do thorthaí; |
— |
na trialacha idirmheánacha: do thorthaí; |
— |
an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: do thorthaí agus do phas inniúlachtaí ina léirítear na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú do gach inniúlacht, agus nótaí tráchta an bhoird roghnúcháin. |
Is é is gnáthaí nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:
— |
go bhfuil na trialacha thart; |
— |
go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad; agus |
— |
nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile. |
5.6. Faisnéis a iarraidh
Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.
Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.
Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.
Is tríd an roinn “contact us” (“déan teagmháil linn”) ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.
6. GEARÁIN
6.1. Teagmháil a dhéanamh le EPSO
Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh láithreach sa chaoi is go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Tá dhá dhóigh le sin a dhéanamh (moltar an chéad dóigh a úsáid más féidir é):
— |
leis an bhfoirm theagmhála atá ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu – féach “contact us” (“déan teagmháil linn”)); nó |
— |
tríd an bpost:
|
Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i d’iarratas) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
6.2. Deacrachtaí teicniúla
I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), déan teagmháil le EPSO (féach roinn 6.1) á mhíniú go haicearrach cad í an fhadhb;
I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:
— |
na feitheoirí a chur ar an eolas ar dtús agus ansin iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn; agus |
— |
teagmháil a dhéanamh le EPSO (féach roinn 6.1) á mhíniú go haicearrach cad í an fhadhb. |
6.3. Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.
Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).
Is féidir go gcinnfidh an bord roghnúcháin an cheist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna a gnóthaíodh a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha atá leagtha amach san fhógra comórtais.
Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh:
— |
déan teagmháil le EPSO (féach roinn 6.1) tríd an bhfoirm theagmhála ar líne, agus tríd an bhfoirm sin amháin. |
— |
sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire; |
— |
tagairt:“complaint procedure”; |
— |
faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann. |
Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní ghlacfar leo.
Iarratais a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama agus iarratais nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist a deirtear earráid a bheith inti, ní ghlacfar leo.
6.4. Iarrataí ar athbhreithniú
Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.
Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:
— |
míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais; agus/nó |
— |
an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh. |
Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.
Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:
— |
déan teagmháil le EPSO (féach roinn 6.1); |
— |
sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh a bhfuiltear ag cur ina aghaidh; |
— |
tagairt:“request for review”; |
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh a bhfuil tú ag cur ina aghaidh agus na cúiseanna a bhfuil tú ag cur ina aghaidh. |
Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. De réir an tsaghais chinnidh a bhfuil tú ag cur ina aghaidh, scrúdóidh EPSO nó an bord roghnúcháin d’iarraidh agus gheobhaidh tú freagra réasúnaithe a luaithe is féidir é.
Má bhíonn toradh dearfach ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a díbríodh thú.
6.5. Gearáin riaracháin
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.
Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 6.4).
Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:
— |
déan teagmháil le EPSO (féach roinn 6.1); |
— |
sprioc-am: laistigh de thrí mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh a bhfuiltear ag cur ina aghaidh nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe; |
— |
tagairt:“complaint procedure”. |
6.6. Achomhairc bhreithiúnacha
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta.
Más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinne EPSO, ní mór duit gearán riaracháin a dhéanamh i dtosach (féach roinn 6.5).
Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:
gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms).
6.7. An tOmbudsman Eorpach
Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.
Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 6.1–6.5).
Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.
Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:
— |
gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/). |
6.8. Dícháiliú
Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:
— |
gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin; |
— |
go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe (féach roinn 2.3); |
— |
go ndearna tú ráitis bhréagacha nó ráitis nach bhfuil aon fhianaise ag dul leo mar chruthúnas; |
— |
nach ndearna tú coinne chun na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú na trialacha iad féin; |
— |
go ndearna tú séitéireacht sa triail; |
— |
gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe; |
— |
nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin; |
— |
gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha atá leagtha síos san fhógra comórtais a bhí d’iarratas; agus/nó |
— |
go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc sna trialacha scríofa nó praiticiúla. |
Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile dhiaidh sin.
Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
(1) Common European Framework of Reference for Languages (Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha); https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr.
IARSCRÍBHINN IV
Samplaí d’íoscháilíochtaí a fhreagraíonn, i bprionsabal, do na cinn a iarrtar sna fógraí comórtais
|
AST-SC 1 go AST-SC 6 AST 1 go AST 7 |
AST 3 go AST 11 |
AD 5 go AD 16 |
|||||||||||||
TÍR |
Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile) (1) |
Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad) (1) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 3 bliana ar a laghad) (2) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 4 bliana nó níos mó) (2) |
||||||||||||
Belgique — België — Belgien |
Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs Diplôme d’aptitude à accéder à l’enseignement supérieur (DAES)/ Getuigschrift van hoger secundair onderwijs Diplôme d’enseignement professionnel Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs |
Candidature — Kandidaat/ Graduat — Gegradueerde Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor |
Bachelor académique (180 crédits) Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS) |
Licence/Licentiaat Master Diplôme d’études approfondies (DEA) Diplôme d’études spécialisées (DES) Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS) Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS) Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS) Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS) Agrégation/Aggregaat Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur Doctorat/Doctoraal diploma |
||||||||||||
България |
Диплома за завършено средно образование |
Специалист по … |
|
Диплома за висше образование Бакалавър Магистър |
||||||||||||
Česká republika |
Vysvědčení o maturitní zkoušce |
Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.) |
Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář) |
Diplom o ukončení vysokoškolského studia Magistr Doktor |
||||||||||||
Danmark |
Bevis for: Studentereksamen Højere Forberedelseseksamen (HF) Højere Handelseksamen (HHX) Højere Afgangseksamen (HA) Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX) |
Videregående uddannelser = Bevis for = Eksamensbevis som (erhversakademiuddannelse AK) |
Bachelorgrad (B.A or B. Sc) Professionsbachelorgrad Diplomingeniør |
Kandidatgrad/Candidatus Master/Magistergrad (Mag.Art) Licenciatgrad Ph.D.-grad |
||||||||||||
Deutschland |
Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife |
|
Fachhochschulabschluss Bachelor |
Hochschulabschluss/ Fachhochschulabschluss/ Master Magister Artium/Magistra Artium Staatsexamen/Diplom Erstes Juristisches Staatsexamen Doktorgrad |
||||||||||||
Eesti |
Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti) Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti) |
Rakenduskõrghariduse diplom Bakalaureusekraad (160 ainepunkti) Magistrikraad Arstikraad Hambaarstikraad Loomaarstikraad Filosoofiadoktor Doktorikraad (120–160 ainepunkti) |
||||||||||||
Éire/Ireland |
Ardteistiméireacht Grád D3 i 5 ábhar Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP) |
Teastas Náisiúnta National Certificate Céim bhaitsileara Ordinary bachelor degree Dioplóma naisiunta (ND, Dip.) National diploma (ND, Dip.) Dámhachtain Ardteastas Ardoideachais (120 ECTS) Higher Certificate (120 ECTS) |
Céim onorach bhaitsileara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) |
Céim onorach bhaitsileara (4 bliana/240 ECTS) Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS) Céim ollscoile University degree Céim mháistir (60-120 ECTS) Master’s degree (60-120 ECTS) Céim dochtura Doctorate |
||||||||||||
Ελλάδα |
Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου Απολυτήριο Τεχνικού - Επαγγελματικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου |
Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (I.Ε.Κ.) |
|
Πτυχίο (ΑΕΙ πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕΙ) Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος) Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος) |
||||||||||||
España |
Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU) Bachillerato BUP Diploma de Técnico especialista |
FP grado superior (Técnico superior) |
Diplomado/ Ingeniero técnico |
Licenciatura Máster Ingeniero Título de Doctor |
||||||||||||
France |
Baccalauréat Diplôme d’accès aux études universitaires (DAEU) Brevet de technicien |
Diplôme d’études universitaires générales (DEUG) Brevet de technicien supérieur (BTS) Diplôme universitaire de technologie (DUT) Diplôme d’études universitaires scientifiques et techniques (DEUST) |
Licence |
Maîtrise Maîtrise des sciences et techniques (MST), Maîtrise des sciences de gestion (MSG), Diplôme d’études supérieures techniques (DEST), Diplôme de recherche technologique (DRT), Diplôme d’études supérieures Spécialisées (DESS), Diplôme d’études approfondies (DEA), Master 1, master 2 professionnel, Master 2 recherche Diplôme des grandes écoles Diplôme d’ingénieur Doctorat |
||||||||||||
Italia |
Diploma di maturità (vecchio ordinamento) Perito ragioniere Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore |
Diploma universitario (DU) Certificato di specializzazione tecnica superiore/ Attestato di competenza (4 semestri) |
Diploma di laurea – L (breve) |
Diploma di laurea (DL) Laurea specialistica (LS) Master di I livello Dottorato di ricerca (DR) |
||||||||||||
Κύπρος |
Απολυτήριο |
Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory) Higher Diploma |
|
Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor Master Doctorat |
||||||||||||
Latvija |
Atestāts par vispārējo vidējo izglītību Diploms par profesionālo vidējo izglītību |
Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību |
Bakalaura diploms (min. 120 kredīti) |
Bakalaura diploms (160 kredīti) Profesionālā bakalaura diploms Maģistra diploms Profesionālā maģistra diploms Doktora grāds |
||||||||||||
Lietuva |
Brandos atestatas |
Aukštojo mokslo diplomas Aukštesniojo mokslo diplomas |
Profesinio bakalauro diplomas Aukštojo mokslo diplomas |
Aukštojo mokslo diplomas Bakalauro diplomas Magistro diplomas Daktaro diplomas Meno licenciato diplomas |
||||||||||||
Luxembourg |
Diplôme de fin d’études secondaires et techniques |
BTS Brevet de maîtrise Brevet de technicien supérieur Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU) Diplôme universitaire de technologie (DUT) |
Bachelor Diplôme d’ingénieur technicien |
Master Diplôme d’ingénieur industriel DESS en droit européen |
||||||||||||
Magyarország |
Gimnáziumi érettségi bizonyítvány Szakközépiskolai Érettségi – Képesítő Bizonyítvány |
Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme) |
Főiskolai Oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits) |
Egyetemi Oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits) Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés) Doktori fokozat |
||||||||||||
Malta |
Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher) Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5 2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent |
MCAST diplomas/certificates Higher National Diploma |
Bachelor’s degree |
Bachelor’s degree Master of Arts Doctorate |
||||||||||||
Nederland |
Diploma VWO Diploma staatsexamen (2 diploma’s) Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO) Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO) |
Kandidaatsexamen Associate degree (AD) |
Bachelor (WO) HBO bachelor degree Baccalaureus of “Ingenieur” |
HBO/WO Master’s degree Doctoraal examen/Doctoraat |
||||||||||||
Österreich |
Matura/Reifeprüfung Reife- und Diplomprüfung Berufsreifeprüfung |
Kollegdiplom/ Akademiediplom |
Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea |
Universitätsdiplom/ Fachhochschuldiplom/ Magister/Magistra Master Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis Doktortitel |
||||||||||||
Polska |
Świadectwo dojrzałości Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego |
Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego Świadectwo ukończenia szkoły policealnej |
Licencjat/Inżynier |
Magister/Magister inżynier Dyplom doktora |
||||||||||||
Portugal |
Diploma de Ensino Secundário/ Certificado de Habilitações do Ensino Secundário |
|
Bacharel Licenciado |
Licenciado Mestre Doutorado |
||||||||||||
Republika Hrvatska |
Svjedodžba o državnoj maturi Svjedodžba o zavrsnom ispitu |
Stručni pristupnik/pristupnica |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) Stručni specijalist Magistar struke Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing) Doktor struke Doktor umjetnosti |
||||||||||||
România |
Diplomă de bacalaureat |
Diplomă de absolvire (Colegiu universitar) învățământ preuniversitar |
Diplomă de licenţă |
Diplomă de licenţă Diplomă de inginer Diplomă de urbanist Diplomă de master Certificat de atestare (studii academice postuniversitare) Diplomă de doctor |
||||||||||||
Slovenija |
Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu) |
Diploma višje strokovne šole |
Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi |
Univerzitetna diploma/magisterij/specializacija/doktorat |
||||||||||||
Slovensko |
vysvedčenie o maturitnej skúške |
absolventský diplom |
diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (bakalár) |
diplom o ukončení vysokoškolského štúdia bakalár (Bc.) magister magister/inžinier ArtD |
||||||||||||
Suomi/Finland |
Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus — Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning (Betyg över avlagd yrkesexamen på andra stadiet) Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier) |
Ammatillinen opistoasteen tutkinto — Yrkesexamen på institutnivå |
Kandidaatin tutkinto — Kandidatexamen/ Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa — studieveckor) |
Maisterin tutkinto —Magisterexamen/ Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa — studieveckor) Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen — antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen Lisensiaatti/Licentiat |
||||||||||||
Sverige |
Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning) |
Högskoleexamen (80 poäng) Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år |
Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng) Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor) |
Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)
Meriter på avancerad nivå:
Meriter på forskarnivå:
|
||||||||||||
United Kingdom |
General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E) BTEC National Diploma General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level) |
Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC Diploma of Higher Education (DipHE) National Vocational Qualifications (NVQ) Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4 |
(Honours) Bachelor degree NB: Master’s degree in Scotland |
Honours Bachelor degree Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc) Doctorate |
Deireadh IARSCRÍBHINN IV. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
(1) Is féidir go mbeidh coinníoll breise i gceist do na grúpaí feidhme AST-SC agus AST, is é sin 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre iomchuí.
(2) Tá coinníoll breise i gceist do na gráid AD 6 go AD 16, is é sin bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre iomchuí.