9.4.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AST/135/15 – CINN RIARACHÁIN (AST 4) I DTOSCAIREACHTAÍ AE

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 12 Bealtaine 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéal 30 iarrthóir ar éirigh leo a thiomsú as a ndéanfaidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú ina “gcinn riaracháin” (grúpa feidhme AST).

Is iad an Fógra Comórtais seo agus na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 70 A an 27 Feabhra 2015 (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC), creat dlí ceangailteach an phróisis roghnúcháin seo.

DUALGAIS AN PHOIST

Cuidíonn Cinn Riaracháin le Cinn Thoscaireachtaí AE a sainordú a chomhlíonadh i ndáil le hobair laethúil na Toscaireachta i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin atá i bhfeidhm.

Le cois cúraimí eile, comhordaíonn na Cinn Riaracháin obair na roinne riaracháin agus bíonn siad freagrach as réimsí éagsúla:

1.

Acmhainní daonna agus bainistiú slándála

2.

Bainistiú airgeadais agus cur chun feidhme bhuiséad na Toscaireachta

3.

Bainistiú ar lóistíocht agus áitreabh na Toscaireachta agus ar an gceannach a dhéanann an Toscaireacht.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d'iarrthóirí na coinníollacha UILE seo a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:

Coinníollacha ginearálta

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh

Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh

Coinníollacha sonracha: Teangacha

Teanga 1: leibhéal C1 ar a laghad i gceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh

Teanga 2: leibhéal B2 ar a laghad sa Bhéarla nó sa Fhraincis; an teanga a roghnaítear mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin

Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéil teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr)

Coinníollacha sonracha: cáilíochtaí agus taithí oibre

Oideachas iar-mheánscoile agus dioplóma sa riarachán gnó, i mbainistiú acmhainní daonna, san airgeadas nó sa chuntasaíocht bainte amach ag a dheireadh, agus sa bhreis air sin, taithí oibre 6 bliana ar a laghad i bpost a bhaineann den chuid is mó leis na dualgais a luaitear san fhógra seo,

Oideachas dara leibhéal agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh lena bhféadfadh an duine leanúint ar aghaidh go dtí oideachas iar-mheánscoile, agus sa bhreis air sin, taithí oibre 9 mbliana ar a laghad i bpost a bhaineann den chuid is mó leis na dualgais a luaitear san fhógra seo,

Tá tuilleadh eolais i dtaobh dioplómaí in Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte ( http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC)

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN II ar úsáid teangacha i gcomórtais an Aontais Eorpaigh.

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ

1)   Na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire

Má sháraíonn an líon iarrthóirí tairseach áirithe , arna socrú ag EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin, tabharfar cuireadh do gach iarrathóir a bhailíochtaigh a bhfoirm iarratais faoin sprioc-am sraith trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí , déanfar na trialacha sin san Ionad Measúnaithe (pointe 3) ina ionad sin.

Eagrófar na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire mar seo a leanas:

Triail

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

10/20

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

Réasúnaíocht uimhriúil agus theibí le chéile: 10/20

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

10 gceist

10 nóiméad

Is trialacha díbeartha iad seo agus ní chuirfear na marcanna a gnóthaíodh iontu le marcanna thrialacha eile an Ionaid Measúnaithe.

2)   Roghnú ar bhonn cáilíochtaí

I dtús báire, déanfar na ceanglais incháilitheachta a sheiceáil tríd na sonraí a soláthraíodh in iarratas ar líne na n-iarrthóirí a scrúdú. Tá dhá chás is féidir a bheith ann:

Má bhíonn na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar comhaid na n-iarrthóirí a sheiceáil maidir le hincháilitheacht in ord íslitheach ar bhonn na marcanna a gnóthaíodh sna trialacha sin, go dtí go sroichfear an tairseach atá luaite i bpointe 1. Ní dhéanfar na comhaid eile a sheiceáil.

Mura mbeidh na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire ar siúl roimh ré déanfar seiceáil maidir le hincháilitheacht ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad.

Ansin, i gcás na n-iarrthóirí incháilithe a roghnaíodh faoin bpróiseas thuas, agus ina gcás siúd amháin; beidh an roghnú ar bhonn cáilíochtaí bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair na hiarrthóirí faoin gclib “An Scagthóir Buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent) ar an bhfoirm iarratais. Tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú do gach critéar roghnúcháin a léiríonn a thábhacht choibhneasta (1 go 3) agus tabharfar idir 0 agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir.

Ansin, iolróidh an bord roghnúcháin na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeoidh siad iad le fáil amach cé na daoine is mó a dtagann a bpróifíl leis na dualgais atá le comhlíonadh.

Féach liosta na gcritéar in IARSCRÍBHINN III

(3)   An tIonad Measúnaithe

Tabharfar cuireadh go dtí an chéim seo do 3 oiread ar a mhéad an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Má ghnóthaigh tú ceann de na marcanna foriomlána is airde ar bhonn do cháilíochtaí, tabharfar cuireadh duit freastal ar an Ionad Measúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá, agus trialacha a dhéanamh sa dara teanga agat. Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an tIonad Measúnaithe

Mura mbeidh na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 1 ar siúl roimh ré , déanfaidh tú san Ionad Measúnaithe iad.

Déanfar seacht n-inniúlacht ghinearálta agus na hinniúlachtaí sonracha is gá don chomórtas seo a mheas san Ionad Measúnaithe le ceithre thriail (agallaimh ar bhonn inniúlachtaí ginearálta agus sonracha, gníomhaíocht i ngrúpa, cás-staidéar) a bhfuil cur síos orthu sna maitrísí seo thíos:

Inniúlacht

Triail

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Gníomhaíocht i ngrúpa

Cás-staidéar

2.

Cumarsáid

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí ginearálta

3.

Cáilíocht agus Torthaí

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí ginearálta

4.

Foghlaim agus Forbairt

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí ginearálta

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Gníomhaíocht i ngrúpa

Cás-staidéar

6.

Buanseasmhacht

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí ginearálta

7.

Obair bhuíne

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí ginearálta

Pasmharc

3/10 do gach inniúlacht agus 35/70 don mharc foriomlán

Ualú na n-inniúlachtaí ginearálta

45 % den mharc foriomlán


Inniúlacht

Triail

Inniúlachtaí a bhaineann le réimse an chomórtais

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí sonracha

Pasmharc

50/100

Ualú na n-inniúlachtaí sonracha

55 % den mharc foriomlán

(4)   An painéal

I ndiaidh na seiceála ar dhoiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal de na hiarrthóirí incháilithe a mbeidh na marcanna is airde gnóthaithe acu i ndiaidh an Ionaid Measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu careers.eu. Ní mór é a dhéanamh roimh an sprioc-am seo:

12 Bealtaine 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.


IARSCRÍBHINN I

DUALGAIS

Tá an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (EEAS) ar lorg baill foirne a bhfuil an-taithí agus an iomad buanna acu agus atá an-díograiseach le bheith ag obair mar Chinn Riaracháin i dToscaireachtaí an Aontais. D'fhéadfadh tréimhse réamhoiliúna bheith i gceist i seirbhísí tacaíochtaí Cheanncheathrú EEAS.

Le linn a ngairmréime, aistreoidh oifigeach EEAS ó réigiún agus ceanncheathrú go chéile agus/nó athrófar na cúraimí poist a bheidh air i gcomhréir le Cinneadh na Comhairle maidir le EEAS lena bhforáiltear gur cheart d'fhoireann EEAS bheith in ann aistriú go héasca ó phost go post. (Tá téacs iomlán Chinneadh na Comhairle maidir le EEAS le fáil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 201 an 3.8.2010: http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv:OJ.L_.2010.201.01.0030.01.ENG).

Tá Toscaireachtaí AE faoi údarás Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, atá ina Leasuachtarán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh freisin.

Cuidíonn an Ceann Riaracháin le Ceann Thoscaireacht AE a shainordú a chomhlíonadh i ndáil le hobair laethúil na Toscaireachta i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin atá i bhfeidhm, go háirithe maidir le bainistiú cuí bhuiséad riaracháin, acmhainní daonna, lóistíocht, shábháilteacht agus shlándáil na Toscaireachta.

Faoi mhaoirseacht an Chinn Toscaireachta, comhordaíonn an Ceann Riaracháin obair na roinne riaracháin. Tá cúram chur chun feidhme bhuiséad na Toscaireachta ó thaobh riaracháin agus airgeadais de ar an mbeirt sin le chéile, agus mar chuid de sin tá nósanna imeachta soláthair, cúrsaí foirne a shocrú (foireann easaoránach agus áitiúil araon), cúram áitreabh na Toscaireachta, áit chónaithe Ambasadóir an Aontais Eorpaigh, agus lóistín na foirne easaoránaigh. Tá siad i bhfeighil lóistíochta, soláthairtí agus seirbhísí agus shlándáil agus shábháilteacht na foirne. Oibríonn an Ceann Riaracháin i gcomhar le foireann bainistíochta na Toscaireachta lena chinntiú go reáchtáiltear cúrsaí na Toscaireachta gan tuisle.

Ar na dualgais tá:

Buiséad agus Airgeadas: Na meastacháin bhuiséadacha a ullmhú le haghaidh bhuiséad bliantúil oibre na Toscaireachta; an buiséad údaraithe a choigeartú agus a fhíorú agus bearta leantacha a dhéanamh; cuntasaíocht; comhlíonadh an Rialacháin Airgeadais agus ceanglas dlí agus rialála eile a fhíorú; ábhair a bhaineann leis an státchiste a shocrú i gcomhar leis na hOifigigh Údarúcháin.

Acmhainní Daonna: Faireachán ar riachtanais acmhainní, cur i bhfeidhm na nósanna imeachta roghnúcháin agus/nó earcaíochta cuí i gcomhar leis na bainisteoirí a bhfuil na cúraimí sin orthu, tuarastal (sochair san áireamh) a ríomh agus a íoc go háitiúil, tuarascálacha foirne a chur le chéile, nósanna imeachta maidir le hardú céime a bhunú agus freastal ar riachtanais oiliúna.

Tacaíocht lóistíochta: Sócmhainní fisiciúla na Toscaireachta (oifigí, áit chónaithe, lóistín, feithiclí, troscán, trealamh oifige agus tí, trealamh ríomhaireachta etc.) a rialú; bonneagar slándála na Toscaireachta a riar, maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme conarthaí slándála (i gcomhar le Comhordaitheoir Slándála na Toscaireachta); nósanna imeachta soláthair a eagrú.

Riarachán Ginearálta: Pleanáil éifeachtach agus comhordú gníomhaíochtaí, mar shampla obair laethúil na roinne riaracháin, tuarascálacha a ullmhú, laethanta saoire agus pleanáil misean d'fhoireann ar fad na Toscaireachta a riar; maoirseacht ar an bhfoireann ríomhaireachta agus ar na baill foirne theicniúla agus tacaíochta eile; faisnéis íogair nó rúnaicmithe agus doiciméid atá le haistriú a láimhseáil agus trealamh atá in úsáid a chothabháil agus maoirseacht ar láimhseáil chuí málaí taidhleoireachta.

Ionadaíocht agus Caibidlíocht: Freastal ar chruinnithe le húdaráis na host-tíre, eagraíochtaí príobháideacha agus poiblí agus misin taidhleoireachta eile thar ceann an Chinn Toscaireachta; go háirithe, freastal agus cathaoirleacht ar chruinnithe misean áitiúil taidhleoireachta de chuid AE maidir le cúrsaí a bhaineann le riarachán, consalachtaí nó Schengen; dréachtú cruinn teachtaireachtaí le haghaidh údaráis áitiúla maidir le hábhair riaracháin d'fhoireann na Toscaireachta agus d'foireann taidhleoireachta agus bearta leantacha a dhéanamh.

Is ionann iarratas a dhéanamh agus glacadh leis go ndéanfar fiosrú slándála ar an iarrthóir ina Bhallstát mura bhfuil imréiteach slándála cheana féin aige ar leibhéal cuí, i gcomhréir leis na forálacha slándála a bhaineann le hábhar.

Is ionann an fhoirm iarratais a bhailíochtú agus an oibleagáid a ghlacadh dul ag obair i dtoscaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh.

Ní mór dóibh siúd a earcófar glacadh le céadphostáil i dtoscaireacht i dtír ina bhféadfadh na dálaí maireachtála agus slándála bheith deacair.

Tá na toscaireachtaí suite i dtíortha inarb iad na teangacha seo na teangacha is mó a labhraítear: an Fhraincis, an Béarla, an Phortaingéilis agus an Spáinnis.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN II

TEANGACHA

Institiúid ilteangach is ea EEAS agus tá na rialacha teanga faoina bhfeidhmíonn sé leagtha amach sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála.

Léiriú ar riachtanais na seirbhíse iad na roghanna teanga don ionad measúnaithe agus go háirithe riachtanais teanga an Chombheartais Eachtraigh agus Slándála. Is iad an Béarla agus an Fhraincis na teangacha oibre de chuid an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála a úsáidtear i gcomhthéacs caidrimh sheachtracha. Dá bhrí sin, tá eolas maith ar an mBéarla agus ar an bhFraincis (cumas doiciméid a dhréachtú, mar shampla) riachtanach chun a chinntiú go ndéanfar comhoibriú éifeachtach agus malartú faisnéise go hinmheánach agus le húdaráis na mBallstát agus na dtíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach freisin.

I ngeall ar a shainiúla is atá an comórtas seo, déanfar inniúlachtaí ginearálta agus inniúlachtaí a bhaineann le réimse an chomórtais a mheas i mBéarla nó i bhFraincis (dara teanga an chomórtais). Eisceacht é seo ó na roghanna teanga a bhíonn ann de ghnáth don Ionad Measúnaithe (Béarla, Fraincis, nó Gearmáinis). I ngeall ar na laincisí atá ar obair na gCeann Aonaid i dToscaireachtaí AE, tá sé réasúnta ligean d'iarrthóirí na trialacha ar inniúlachtaí ginearálta a dhéanamh i mBéarla nó i bhFraincis, mar is mó seans mar sin gur iarrthóirí ar an gcaighdeán is airde a earcófar maidir le cumas agus éifeachtúlacht sa teanga sin.

Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


IARSCRÍBHINN III

CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN

Déanfaidh an bord roghnúchán na critéir seo a leanas a mheas chun rogha a dhéanamh ar bhonn cáilíochtaí:

1.

Taithí oibre 2 bhliain ar a laghad ar obair laethúil riaracháin acmhainní, sa bhreis ar an taithí is gá chun cur isteach ar an gcomórtas;

2.

Taithí oibre ar mhaoirseacht a dhéanamh ar bhaill foirne i gcomhthéacs taidhleoireachta/consalachta nó eagraíochta neamhrialtasaí nó in eagraíocht idirnáisiúnta;

3.

Taithí oibre bliana amháin ar a laghad in obair i réimse an riaracháin i dtimpeallacht ilchultúrtha i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach;

4.

Taithí oibre ar fhoireann nó oifig a bhunú i dtír áirithe nó ar athrú mór ar chúrsaí riaracháin sa tír sin a láimhseáil nuair a bhí constaicí le sárú ann;

5.

Taithí oibre ar bhuiséad bliantúil oibre a fheidhmiú, agus é a ullmhú, a choigeartú nó faireachán a dhéanamh air;

6.

Taithí oibre ar choigeartú nó fíorú i ndáil le feidhmiú buiséad réamhbhunaithe údaraithe agus bearta leantacha a dhéanamh;

7.

Taithí oibre ar réadmhaoin a bhainistiú, mar shampla oibreacha cothabhála a eagrú san earnáil tógála (obair leictreachais, sláintíocht agus pluiméireacht, tithíocht agus struchtúir oifigí, etc.);

8.

Taithí oibre ar lóistíocht go ginearálta a eagrú mar aon le bonneagar, trealamh nó soláthairtí, mar shampla cothabháil agus deisiú trealaimh tí a eagrú (gineadóirí, inbhéartóirí, aerchóiritheoirí etc.) nó trealamh oifige (scanóirí, cóipeálaithe, PABX, mionghearrthóirí, fearais slándála etc.) mar aon le soláthairtí a bhainistiú (tomhaltáin, soláthairtí oifige, páirteanna spártha etc.);

9.

Taithí oibre ar nósanna imeachta tairisceana a láimhseáil nó ar chonarthaí a ullmhú agus a chur chun feidhme;

10.

Dioplóma i soláthar poiblí nó taithí oibre air;

11.

Taithí oibre ar chaibidlíocht;

12.

Eolas deimhnithe ar cheann amháin nó níos mó de na teangacha seo thíos (nach ionann é agus Teanga 1 nó 2 agat): Béarla, Fraincis, Portaingéilis nó Spáinnis (an leibhéal is lú is gá: B2 de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr))

Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.