26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

s2


COMHAIRLE DON LÉITHEOIR

Is éard atá san fhoilseachán seo na leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar aon leis na Prótacail a chuirtear i gceangal leis na Conarthaí sin agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis na Conarthaí sin, amhail mar atá siad tar éis na leasuithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin arna shíniú i Liospóin an 13 Nollaig 2007, ar conradh é a thainig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Tá na dearbhuithe ann freisin a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin.

Gheofar san fhoilseachán seo freisin an leasú a rinneadh leis an bPrótacal lena leasaítear an Prótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

Rinneadh na ceartúcháin a glacadh i mí na Nollag 2011 a ionchorprú san fhoilseachán seo freisin. Gheofar san fhoilseachán seo freisin Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a d'fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún in Strasbourg an 12 Nollaig 2007 (IO C 303, 14.12.2007, leathanach 1). Leis an téacs seo, déantar an Chairt a fógraíodh an 7 Nollaig 2000 a atáirgeadh, agus leasú á déanamh uirthi, agus déantar ionad na Cairte a ghabháil ón 1 Nollaig 2009, an dáta ar tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm. De bhun na chéad fhomhíre d'Airteagal 6(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tá an stádas dlí céanna ag an gCairt a fógraíodh sa bhliain 2007 agus atá ag na Conarthaí.

Is áis dhoiciméadach é an foilseachán seo nach gcuireann aon dliteanas ar institiúidí an Aontais Eorpaigh.