16.12.2004   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 310/1


CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP

BROLLACH

TÁ A SHOILSE RÍ NA hBEILGEACH, UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE, A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE, UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE, UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ, A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, UACHTARÁN NA hÉIREANN, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA CIPIRE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA, UACHTARÁN PHOBLACHT NA LIOTUÁINE, A MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE, UACHTARÁN MHÁLTA, A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE, UACHTARÁN CÓNAIDHME PHOBLACHT NA hOSTAIRE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA FIONLAINNE, RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE, A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,

AGUS INSPIORÁID Á FÁIL acu ó oidhreacht chultúrtha, reiligiúnach agus dhaonnach na hEorpa, ónar fhabhraigh na luachanna uilechoiteanna arb éard iad na cearta dosháraithe doshannta atá ag an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus an smacht reachta,

AR A BHEITH DEARFA gurb é is intinn don Eoraip, athaontaithe feasta tar éis eachtraí anróiteacha, leanúint ar chonair na sibhialtachta, an dul chun cinn agus an rathúnais, ar mhaithe lena háitritheoirí uile, go fiú an dream is laige agus is uireasaí; gur mian léi fanacht ina hilchríoch atá ar oscailt don chultúr, don léann agus don dul chun cinn sóisialta; agus gur toil léi an tréith dhaonlathach thrédhearcach dá saol poiblí a dhoimhniú, agus a dícheall a dhéanamh ar son na síochána, an cheartais agus na dlúthpháirtíochta ar fud na cruinne,

ÓS DEIMHIN leo go bhfuil sé beartaithe ag pobail na hEorpa, agus iad bródúil de shíor as a bhféiniúlacht agus as a stair náisiúnta féin, a seandeighiltí a shárú, agus, trí bheith aontaithe níos dlúithe ná riamh, a n-oidhreacht choiteann a mhúnlú,

AR A BHEITH CINNTE, agus í ‘aontaithe san éagsúlacht’ amhlaidh, go gcuireann an Eoraip ar fáil dóibh an deis is fearr, agus cearta gach uile dhuine á n-urramú, agus le lánfheasacht ar a bhfreagracht i leith na nglúnta amach romhainn agus i leith an Domhain, dul ar an móreachtra a fhágann gur limistéar speisialta é ina mborrann dóchas an duine,

AR A BHEITH BEARTAITHE acu leanúint den obair atá déanta faoi chuimsiú na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus an Chonartha ar an Aontas Eorpach, trí leanúnachas an acquis Comhphobail a áirithiú,

AG GABHÁIL BUÍOCHAIS dóibh do chomhaltaí an Choinbhinsiúin Eorpaigh as ullmhú an dréachta den Bhunreacht seo thar ceann shaoránaigh agus Stát na hEorpa,

A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH,

Guy VERHOFSTADT

Príomh-Aire

Karel DE GUCHT

Aire Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE,

Stanislav GROSS

Príomh-Aire

Cyril SVOBODA

Aire Gnóthaí Eachtracha

A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE,

Anders Fogh RASMUSSEN

Príomh-Aire

Per Stig MØLLER

Aire Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,

Gerhard SCHRÖDER

Seansailéir Cónaidhme

Joseph FISCHER

Aire Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha agus Leas-Sheansailéir Cónaidhme

UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE,

Juhan PARTS

Príomh-Aire

Kristiina OJULAND

Aire Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN NA POBLACHTA hEILLÉANAÍ,

Kostas KARAMANLIS

Príomh-Aire

Petros G. MOLYVIATIS

Aire Gnóthaí Eachtracha

A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE,

José Luis RODRÍGUEZ ZAPATERO

Uachtarán an Rialtais

Miguel Angel MORATINOS CUYAUBÉ

Aire Gnóthaí Eachtracha agus Comhair

UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE,

Jacques CHIRAC

Uachtarán

Jean-Pierre RAFFARIN

Príomh-Aire

Michel BARNIER

Aire Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN NA hÉIREANN,

Bertie AHERN

Taoiseach

Dermot AHERN

Aire Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE,

Silvio BERLUSCONI

Príomh-Aire

Franco FRATTINI

Aire Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA CIPIRE,

Tassos PAPADOPOULOS

Uachtarán

George IACOVOU

Aire Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA,

Vaira VĪĶE-FREIBERGA

Uachtarán

Indulis EMSIS

Príomh-Aire

Artis PABRIKS

Aire Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA LIOTUÁINE,

Valdas ADAMKUS

Uachtarán

Algirdas Mykolas BRAZAUSKAS

Príomh-Aire

Antanas VALIONIS

Aire Gnóthaí Eachtracha

A MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG,

Jean-Claude JUNCKER

Príomh-Aire, Aire Stáit

Jean ASSELBORN

Leas-Phríomhaire, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Inimirce

UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE,

Ferenc GYURCSÁNY

Príomh-Aire

László KOVÁCS

Aire Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN MHÁLTA,

An tOnórach Lawrence GONZI

Príomh-Aire

An tOnórach Michael FRENDO

Aire Gnóthaí Eachtracha

A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE,

Dr. J. P. BALKENENDE

Príomh-Aire

Dr. B. R. BOT

Aire Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN CÓNAIDHME PHOBLACHT NA hOSTAIRE,

An Dochtúir Wolfgang SCHÜSSEL

Seansailéir Cónaidhme

An Dochtúir Ursula PLASSNIK

Aire Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE,

Marek BELKA

Príomh-Aire

Włodzimierz CIMOSZEWICZ

Aire Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE,

Pedro Miguel DE SANTANA LOPES

Príomh-Aire

António Victor MARTINS MONTEIRO

Aire Gnóthaí Eachtracha agus na bPobal Portaingéileach

UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE,

Anton ROP

Uachtarán an Rialtais

Ivo VAJGL

Aire Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE,

Mikuláš DZURINDA

Príomh-Aire

Eduard KUKAN

Aire Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA FIONLAINNE,

Matti VANHANEN

Príomh-Aire

Erkki TUOMIOJA

Aire Gnóthaí Eachtracha

RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE,

Göran PERSSON

Príomh-Aire

Laila FREIVALDS

Aire Gnóthaí Eachtracha

A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,

An Ró-Onórach Tony BLAIR

Príomh-Aire

An Ró-Onórach Jack STRAW

Rúnaí Stáit Gnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí Comhlathais

CUID I

TEIDEAL I

SAINMHÍNIÚ AR AN AONTAS AGUS CUSPÓIRÍ AN AONTAIS

Airteagal I-1

Bunú an Aontais

1.   Ag freagairt do thoil shaoránaigh agus Stáit na hEorpa todhchaí choiteann a thógáil, bunaítear leis an mBunreacht seo an tAontas Eorpach dá dtugann na Ballstáit inniúlachtaí chun na cuspóirí is coiteann dóibh a bhaint amach. Déanfaidh an tAontas beartais na mBallstát a chomhordú chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus déanfaidh sé na hinniúlachtaí a thugann na Ballstáit dó a fheidhmiú ar bhonn Comhphobail.

2.   Beidh an tAontas ar oscailt do gach Stát Eorpach a urramaíonn a chuid luachanna agus atá tiomanta iad a chur chun cinn i gcomhpháirt le chéile.

Airteagal I-2

Luachanna an Aontais

Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar urramú dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.

Airteagal I-3

Cuspóirí an Aontais

1.   Is é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn.

2.   Deánfaidh an tAontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha, agus margadh inmheánach ina bhfuil an iomaíocht saor agus neamhshaofa a chur ar fáil dá shaoránaigh.

3.   Oibreoidh an tAontas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa arna fothú ar an bhfás eacnamaíoch cothromúil agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, agus ar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht. Déanfaidh sé dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn.

Déanfaidh sé an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúnta agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn.

Cuirfidh sé chun cinn an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit.

Urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú.

4.   Ina chaidreamh leis an domhan mór, déanfaidh an tAontas a chuid luachanna agus leasanna a chumhdach agus a chur chun cinn. Rannchuideoidh sé leis an tsíocháin, leis an tslándáil, le forbairt inbhuanaithe an Domhain, leis an dlúthpháirtíocht agus leis an meas frithpháirteach idir na pobail, leis an tsaorthrádáil chóir, le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus cearta an duine agus cearta an linbh ach go háirithe a chosaint, leis an dlí idirnáisiúnta a urramú go docht agus a fhorbairt, lena n-áirítear prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a urramú.

5.   Saothróidh an tAontas a chuspóirí trí mheáin iomchuí atá comhchuimseach leis na hinniúlachtaí atá tugtha dó sa Bhunreacht.

Airteagal I-4

Saoirsí bunúsacha agus neamh-idirdhealú

1.   Ráthóidh an tAontas saorghluaiseacht daoine, seirbhísí, earraí agus caipitil, agus saoirse bunaíochta agus ráthóidh sé laistigh den Aontas iad, i gcomhréir leis an mBunreacht.

2.   Laistigh de raon feidhme an Bhunreachta, agus gan dochar d'aon cheann dá fhorálacha sonracha, toirmiscfear gach idirdhealú ar fhoras náisiúntachta.

Airteagal I-5

Caidreamh idir an tAontas agus na Ballstáit

1.   Urramóidh an tAontas comhionannas na mBallstát i bhfianaise an Bhunreachta, mar aon lena bhféiniúlacht náisiúnta atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, lena n-áirítear an fhéinriail áitiúil agus réigiúnach. Urramóidh sé a bhfeidhmeanna sár-riachtanacha Stáit, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú, an smacht reachta a chaomhnú agus an tslándáil náisiúnta a choimirciú.

2.   De bhua phrionsabal an chomhair dhílis, beidh an tAontas agus na Ballstáit de chúnamh ag a chéile, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, i dtaca le cúraimí a chineann ón mBunreacht a chur i gcrích.

Glacfaidh na Ballstáit gach beart ginearálta nó leithleach is iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thig ón mBunreacht nó de dhroim gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais.

Éascóidh na Ballstáit gnóthú chúraimí an Aontais agus staonfaidh siad ó aon bheart a d'fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Aontais a chur i gcontúirt.

Airteagal I-6

Dlí an Aontais

Beidh príomhaíocht ar dhlí na mBallstát ag an mBunreacht agus ag an dlí arna ghlacadh ag institiúidí an Aontais i bhfeidhmiú na n-inniúlachtaí atá tugtha don Aontas.

Airteagal I-7

Pearsantacht dhlítheanach

Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an Aontas.

Airteagal I-8

Siombailí an Aontais

Is éard é bratach an Aontais ciorcal ina bhfuil dháréag réalta órga ar chúlra gorm.

Beidh roscamhrán an Aontais fothaithe ar an Óid don Aoibhneas ón Naoú Siansa le Ludwig van Beethoven.

Is éard é mana an Aontais: ‘Aontaithe san éagsúlacht’.

Is éard é airgeadra an Aontais an euro.

Déanfar an 9 Bealtaine a cheiliúradh ar fud an Aontais mar lá na hEorpa.

TEIDEAL II

CEARTA BUNÚSACHA AGUS SAORÁNACHT AN AONTAIS

Airteagal I-9

Cearta bunúsacha

1.   Aithneoidh an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha arb éard é Cuid II.

2.   Aontóidh an tAontas don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. Ní dhéanfaidh an t-aontachas sin difear d'inniúlachtaí an Aontais mar atá siad sainithe sa Bhunreacht.

3.   Is prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a bheidh sna cearta bunúsacha mar atá siad ráthaithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus mar a thig siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.

Airteagal I-10

Saoránacht an Aontais

1.   Is saoránach den Aontas é gach náisiúnach de Bhallstát. Comhlánóidh saoránacht an Aontais an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad.

2.   Beidh ag saoránaigh an Aontais na cearta dá bhforáiltear sa Bhunreacht, agus beidh siad faoi réir na ndualgas dá bhforáiltear ann. Beidh acu:

(a)

an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát;

(b)

an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn siad, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin;

(c)

an ceart chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tíre nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát ar náisiúnaigh de iad ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha aon Bhallstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin;

(d)

an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa, dul ar iontaoibh an Ombudsman Eorpaigh, agus dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus comhlachtaí comhairleacha an Aontais in aon cheann de theangacha an Bhunreachta agus freagra a fháil sa teanga chéanna.

Feidhmeofar na cearta sin faoi na coinníollacha agus na teorainneacha atá sainithe leis an mBunreacht agus leis na bearta arna nglacadh dá bhun.

TEIDEAL III

INNIÚLACHTAÍ AN AONTAIS

Airteagal I-11

Prionsabail bhunúsacha

1.   Tá teorainneacha inniúlachtaí an Aontais faoi rialú ag prionsabal na tabhartha. Tá feidhmiú na n-inniúlachtaí faoi rialú ag prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

2.   Faoi phrionsabal na tabhartha, gníomhóidh an tAontas faoi theorainneacha na n-inniúlachtaí atá tugtha dó ag na Ballstáit sa Bhunreacht d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach sa Bhunreacht a bhaint amach. Inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas sa Bhunreacht, fanann siad ag na Ballstáit.

3.   Faoi phrionsabal na coimhdeachta, ní ghníomhóidh an tAontas, sna réimsí nach dtig faoina inniúlacht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

Cuirfidh institiúidí an Aontais prionsabal na coimhdeachta i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm. Áiritheoidh na Parlaimintí náisiúnta go ndéanfar an prionsabal sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach sa Phrótacal sin.

4.   Faoi phrionsabal na comhréireachta, ní rachaidh inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Bhunreachta a bhaint amach.

Cuirfidh institiúidí an Aontais prionsabal na comhréireachta i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.

Airteagal I-12

Catagóirí inniúlachta

1.   Nuair a dhéantar inniúlacht eisiach i réimse sonrach a thabhairt don Aontas leis an mBunreacht, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtú agus gníomhartha a ghlacadh atá ceangailteach ó thaobh dlí, gan na Ballstáit a bheith in ann gníomhú amhlaidh ach amháin má chumhachtaíonn an tAontas amhlaidh iad nó chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme.

2.   Nuair a dhéantar inniúlacht eisiach i réimse sonrach a thabhairt don Aontas leis an mBunreacht, féadfaidh an tAontas agus na Ballstáit reachtú agus agus gníomhartha a ghlacadh atá ceangailteach ó thaobh dlí. Feidhmeoidh na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéad nach bhfuil inniúlacht an Aontais feidhmithe aige, nó gur chinn an tAontas scor dá feidhmiú.

3.   Comhordóidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha agus fostaíochta laistigh de shocraithe dá bhforáiltear i gCuid III agus a bhfuil inniúlacht ag an Aontas maidir lena sainiú.

4.   Beidh inniúlacht ag an Aontas comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach.

5.   I réimsí áirithe agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Bhunreacht, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, iad a chomhordú nó a fhorlíonadh gan a inniúlacht féin a chur in ionad a n-inniúlachta siúd sna réimsí sin dá thoradh sin.

Ní bheidh comhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát mar thoradh ar ghníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí arna nglacadh ar bhonn na bhforálacha i gCuid III a bhaineann leis na réimsí sin.

6.   Cinnfear an raon feidhme agus socruithe chun inniúlachtaí an Aontais a fheidhmiú leis na forálacha i gCuid III a bhaineann le gach réimse acu.

Airteagal I-13

Réimsí inniúlachta eisiaiche

1.   Beidh inniúlacht eisiach ag an Aontas sna réimsí seo a leanas:

(a)

aontas custaim;

(b)

na rialacha iomaíochta is gá a bhunú d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh;

(c)

beartas airgeadaíochta do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu;

(d)

acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú faoin gcomhbheartas iascaigh;

(e)

comhbheartas tráchtála.

2.   Beidh inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhoráiltear dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais, nó nuair atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéad ar dóigh dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú.

Airteagal I-14

Réimsí inniúlachta arna roinnt

1.   Déanfaidh an tAontas inniúlacht a roinnt leis na Ballstáit nuair a thugann an Bunreacht inniúlacht dó nach mbaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagail I-13 agus I-17.

2.   Cuirfear i bhfeidhm na hinniúlachtaí atá arna roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit sna príomhréimsí seo a leanas:

(a)

margadh inmheánach;

(b)

beartas sóisialta, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe i gCuid III;

(c)

comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach;

(d)

talmhaíocht agus iascach, amach ó acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú;

(e)

comhshaol;

(f)

cosaint tomhaltóirí;

(g)

iompar;

(h)

gréasáin thraseorpacha;

(i)

fuinneamh;

(j)

limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais;

(k)

gnáthchúraimí slándála i gcúrsaí sláinte poiblí, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe i gCuid III.

3.   I réimsí an taighde, na forbartha theicneolaíche agus an spáis, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích, go háirithe cláir a shainiú agus a chur chun feidhme; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.

4.   I réimsí an chomhair um fhorbairt agus na cabhrach daonnúla, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus comhbheartas a sheoladh; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.

Airteagal I-15

Beartais eacnamaíocha agus fostaíochta a chomhordú

1.   Comhordóidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha laistigh den Aontas. Chuige sin, glacfaidh Comhairle na nAirí bearta, go háirithe na mór-threoirlínte do na beartais sin.

Beidh feidhm ag forálacha sonracha maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

2.   Glacfaidh an tAontas bearta chun comhordú bheartas fostaíochta na mBallstát a áirithiú, go háirithe trí threoirlínte do na beartais sin a shainiú.

3.   Féadfaidh an tAontas tionscnaimh a ghlacadh chun comhordú bheartais shóisialta na mBallstát a áirithiú.

Airteagal I-16

An comhbheartas eachtrach agus slándála

1.   In ábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, folóidh inniúlacht an Aontais gach réimse den bheartas eachtrach agus gach ceist a bhaineann le slándáil an Aontais, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach, as a bhféadfadh comhchosaint teacht.

2.   Tacóidh na Ballstáit go gníomhach agus gan chuntar le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta i leith a chéile agus urramóidh siad gníomhaíocht an Aontais sa réimse sin. Staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht a bheadh contrártha le leasanna an Aontais nó ar dóigh di a éifeachtúlacht a dhochrú.

Airteagal I-17

Réimsí a bhaineann le gníomhaíocht tacaíochta, chomhordaitheach nó chomhlántach

Beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíocht tacaíochta, chomhordaitheach nó chomhlántach a ghlacadh. Is iad réimsí na gníomhaíochta sin ar leibhéal Eorpach:

(a)

sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú;

(b)

tionscal;

(c)

cultúr;

(d)

turasóireacht;

(e)

oideachas, óige, spórt agus gairmoiliúint;

(f)

cosaint shibhialta;

(g)

comhar riaracháin.

Airteagal I-18

Clásal na solúbthachta

1.   Más cosúil gur gá gníomhaíocht ag an Aontas, faoi chuimsiú na mbeartas atá sainithe i gCuid III, chun ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sa Bhunreacht a bhaint amach agus nach dtugtar sa Bhunreacht na cumhachtaí is gá, déanfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún Eorpach agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, na bearta iomchuí a ghlacadh.

2.   Faoi chuimsiú an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar phrionsabal na coimhdeachta dá dtagraítear in Airteagal I-11(3), tarraingeoidh an Coimisiún Eorpach aird na bParlaimintí náisiúnta ar na tograí arna mbunú ar an Airteagal seo.

3.   Ní bheidh mar thoradh ar bhearta arna mbunú ar an Airteagal seo comhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát sna cásanna ina n-eisiatar comhchuibhiú den sórt sin leis an mBunreacht.

TEIDEAL IV

INSTITIÚIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ AN AONTAIS

CAIBIDIL I

AN CREAT INSTITIÚIDEACH

Airteagal I-19

Institiúidí an Aontais

1.   Beidh ag an Aontas creat institiúideach arb é is aidhm dó:

a chuspóirí a shaothrú,

a luachanna a chur ar aghaidh,

fónamh dá leasanna, agus do leasanna a shaoránach agus a Bhallstát,

comhchuibheas, éifeachtúlacht agus leanúnachas a chuid beartas agus gníomhaíochtaí a áirithiú.

Cuimsíonn an creat institiúideach:

Parlaimint na hEorpa,

An Chomhairle Eorpach,

Comhairle na nAirí (dá ngairtear ‘an Chomhairle’ anseo feasta),

An Coimisiún Eorpach (dá ngairtear ‘an Coimisiún’ anseo feasta),

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.   Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sa Bhunreacht, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha atá leagtha amach ann. Cleachtfaidh na hinstitiúidí comhar dílis i leith a chéile.

Airteagal I-20

Parlaimint na hEorpa

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, i gcomhpháirt leis an gComhairle, feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha a fheidhmiú. Feidhmeoidh sí feidhmeanna um rialú polaitiúil agus feidhmeanna comhairleacha faoi mar atá leagtha síos sa Bhunreacht. Toghfaidh sí Uachtarán an Choimisiúin.

2.   Beidh Parlaimint na hEorpa comhdhéanta d'ionadaithe do shaoránaigh an Aontais. Ní rachaidh a líon thar seacht gcéad caoga. Beidh ionadaíocht na saoránach comhréireach go céimlaghdaitheach agus beidh íosmhéid seisear comhaltaí ann do gach Ballstát. Ní bheidh níos mó ná sé shuíochán is nócha ag aon Bhallstát.

Glacfaidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil, ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa agus lena toiliú, cinneadh Eorpach lena socrófar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

3.   Toghfar comhaltaí Pharlaimint na hEorpa go ceann téarma oifige cúig bliana trí vótáil chomhchoiteann dhíreach i saorbhallóid rúnda.

4.   Toghfaidh Parlaimint na hEorpa a hUachtarán agus a cuid oifigeach as líon a cuid comhaltaí.

Airteagal I-21

An Chomhairle Eorpach

1.   Tabharfaidh an Chomhairle Eorpach don Aontas an spreagadh is gá dá fhorbairt agus saineoidh sí na treoirlínte agus na tosaíochtaí polaitiúla ginearálta. Ní fheidhmeoidh sí feidhmeanna reachtacha.

2.   Beidh Chomhairle Eorpach comhdhéanta de Cheannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát mar aon lena hUachtarán agus Uachtarán an Choimisiúin. Glacfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais páirt ina cuid oibre.

3.   Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile in aghaidh na ráithe arna comóradh ag a hUachtarán. Nuair a éilíonn an clár oibre é, féadfaidh comhaltaí na Comhairle Eorpaí a chinneadh go mbeidh aire de chúnamh ag gach duine acu, agus, i gcás Uachtarán an Choimisiúin, go mbeidh comhalta den Choimisiún de chúnamh aige. Má éilíonn an staid a leithéid, déanfaidh an tUachtarán cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a chomóradh.

4.   Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht, glacfar cinntí na Comhairle Eorpaí trí chomhthoil.

Airteagal I-22

Uachtarán na Comhairle Eorpaí

1.   Toghfaidh an Chomhairle Eorpach a hUachtarán, trí thromlach cáilithe, go ceann téarma dhá bhliain go leith, a bheidh inathnuaite uair amháin. Mura féidir dó nó di feidhmiú nó i gcás mí-iompair thromchúisigh, féadfaidh an Chomhairle Eorpach a théarma oifige nó a téarma oifige a chríochnú i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

2.   I dtaca le hUachtarán na Comhairle Eorpaí:

(a)

beidh sé nó sí i gceannas ar an gComhairle Eorpach agus stiúrfaidh sé nó sí a himeachtaí;

(b)

i gcomhar le hUachtarán an Choimisiúin, agus ar bhonn imeachtaí na Comhairle Gnóthaí Ginearálta, áiritheoidh sé nó sí ullmhúchán agus leanúnachas imeachtaí na Comhairle Eorpaí;

(c)

feáchfaidh sé nó sí le comhchuibheas agus comhthoil a éascú sa Chomhairle Eorpach;

(d)

tíolacfaidh sé nó sí tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa tar éis gach ceann de chruinnithe na Comhairle Eorpaí.

Áiritheoidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar a leibhéal féin agus sa cháil sin ionadaíocht eachtrach an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann lena chomhbheartas eachtrach agus slándála, ach sin gan dochar do chumhachtaí Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais.

3.   Ní fhéadfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí oifig náisiúnta a fheidhmiú.

Airteagal I-23

Comhairle na nAirí

1.   Feidhmeoidh an Chomhairle, i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa, feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha. Feidhmeoidh sí feidhmeanna sainithe beartas agus feidhmeanna comhordaitheacha faoi mar a fhoráiltear sa Bhunreacht.

2.   Beidh an Chomhairle comhdhéanta d'ionadaí do gach Ballstát ar leibhéal aireachta a fhéadfaidh ceangaltas a thabhairt thar ceann rialtas an Bhallstáit i dtrácht agus vóta a chaitheamh.

3.   Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht.

Airteagal I-24

Foirmíochtaí Chomhairle na nAirí

1.   Tiocfaidh an Chomhairle le chéile i bhfoirmíochtaí éagsúla.

2.   Áiritheoidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta comhchuibheas imeachtaí na bhfoirmíochtaí éagsúla den Chomhairle.

Ullmhóidh sí cruinnithe na Comhairle Eorpaí agus áiritheoidh sí go gcuirtear na cinntí i gcrích i gcuibhreann le hUachtarán na Comhairle agus leis an gCoimisiún.

3.   Cumfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha gníomhaíocht eachtrach an Aontais de réir na dtreoirlínte straitéiseacha arna leagan síos ag an gComhairle Eorpach agus áiritheoidh sí comhchuibheas ghníomhaíochtaí an Aontais.

4.   Glacfaidh an Chomhairle Eorpach trí thromlach cáilithe cinneadh Eorpach lena mbunófar liosta na bhfoirmíochtaí eile den Chomhairle.

5.   Beidh coiste de Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát freagrach as imeachtaí na Comhairle a ullmhú.

6.   Suífidh an Chomhairle i seisiún poiblí nuair a dhéanann sí dréachtghníomh reachtach a phlé agus nuair a dhéanann sí vótáil ina leith. Chuige sin, roinnfear gach seisiún den Chomhairle ina dhá chuid, ceann a bhaineann le pléití maidir le gníomhartha reachtacha an Aontais agus ceann a bhaineann le gníomhartha neamhreachtacha.

7.   Amach ó fhoirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, déanfaidh ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle Uachtaránacht na bhfoirmíochtaí den Chomhairle a shealbhú ar bhonn uainíochta comhionainne, i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunófar le cinneadh Eorpach ón gComhairle Eorpach. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach trí thromlach cáilithe.

Airteagal I-25

Sainiú ar an tromlach cáilithe sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle

1.   Saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a chuimsíonn cúig chomhalta déag ar a laghad agus a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra an Aontais.

Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála ceithre chomhalta ar a laghad den Chomhairle; dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.

2.   De mhaolú ar mhír 1, nuair nach ar thogra ón gCoimisiún ná ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a ghníomhóidh an Chomhairle, saineofar an tromlach cáilithe mar 72 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra an Aontais.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir leis an gComhairle Eorpach nuair a ghníomhóidh sí trí thromlach cáilithe.

4.   Sa Chomhairle Eorpach, ní ghlacfaidh a hUachtarán ná Uachtarán an Choimisiúin páirt sa vótáil.

Airteagal I-26

An Coimisiún Eorpach

1.   Déanfaidh an Coimisiún leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn agus glacfaidh sé tionscnaimh iomchuí chuige sin. Áiritheoidh sé go gcuirfear i bhfeidhm an Bunreacht agus na bearta a ghlacfaidh na hinstitiúidí de bhun an Bhunreachta. Maoirseoidh sé cur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh sé an buiséad a chur chun feidhme agus déanfaidh sé cláir a bhainistiú. Feidhmeoidh sé feidhmeanna comhordaitheacha, feidhmiúcháin agus bainistíochta mar atá leagtha síos sa Bhunreacht. Amach ón gcomhbheartas eachtrach agus slándála, agus amach ó chásanna eile dá bhforáiltear sa Bhunreacht, áiritheoidh sé ionadaíocht eachtrach an Aontais. Glacfaidh sé tionscnaimh a bhaineann le pleanáil bhliantúil agus ilbhliantúil an Aontais d'fhonn teacht ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha.

2.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht, ní fhéadfar gníomhartha reachtacha Aontais a ghlacadh ach amháin ar thogra ón gCoimisiún. Glacfar gníomhartha eile ar bhonn togra ón gCoimisiún nuair a fhoráiltear dó sin sa Bhunreacht.

3.   Beidh téarma oifige cúig bliana ag an gCoimisiún.

4.   Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin mar gheall ar a n-inniúlacht i gcoitinne agus a dtiomantas Eorpach as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

5.   Beidh an chéad Choimisiún a ainmneofar faoi fhorálacha an Bhunreachta comhdhéanta de náisiúnach amháin as gach Ballstát, lena n-áirítear an tUachtarán agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a bheidh ar dhuine dá Leasuachtaráin.

6.   Amhail ó dheireadh théarma oifige an Choimisiúin, dá dtagraítear i mír 5, beidh an Coimisiún comhdhéanta de líon comhaltaí, lena n-áirítear an tUachtarán agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, a fhreagróidh do dhá thrian de líon na mBallstát, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di d'aon toil, an líon sin a athrú.

Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin as measc náisiúnaigh na mBallstát ar bhonn córais uainíochta comhionainne idir na Ballstáit. Bunófar an córas sin le cinneadh Eorpach arna ghlacadh d'aon toil ag an gComhairle Eorpach agus arna bhunú ar na prionsabail seo a leanas:

(a)

cuirfear an chóir chomhionann cheannann chéanna ar na Ballstáit i dtaca leis an ord san am agus an ré ina mbeidh a náisiúnaigh mar chomhaltaí den Choimisiún a chinneadh; dá bhrí sin, ní fhéadfaidh an difríocht idir líon iomlán na dtéarmaí oifige arna sealbhú ag náisiúnaigh aon dá Bhallstát ar leith bheith níos mó ná téarma amháin;

(b)

faoi réir phointe (a), beidh gach Coimisiún leanúnach comhdhéanta ar dhóigh a léireoidh go sásúil raon déimeagrafach agus geografach na mBallstát uile.

7.   I bhfeidhmiú a fheidhmeanna, beidh an Coimisiún neamhspleách ar fad. Gan dochar d'Airteagal I-28(2), ní iarrfaidh comhaltaí an Choimisiúin teagaisc ar aon rialtas ná aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile ná ní ghlacfaidh siad teagasc uathu. Staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena bhfeidhmeanna nó le comhlíonadh a gcúraimí.

8.   Beidh an Coimisiún mar chomhlacht freagrach do Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa vótáil ar thairiscint cáinte i leith an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal III-340. Má ritear tairiscint den sórt sin, caithfidh comhaltaí uile an Choimisiúin scor dá n-oifig d'aon bhuíon agus caithfidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais éirí as na feidhmeanna a fheidhmíonn sé nó sí sa Choimisiún.

Airteagal I-27

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

1.   Ag féachaint do na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus tar éis dul i mbun na gcomhairliúchán iomchuí, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an t-iarrthóir atá beartaithe aici d'Uachtaránacht an Choimisiúin a mholadh do Pharlaimint na hEorpa. Toghfaidh Parlaimint na hEorpa an t-iarrthóir sin trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í. Mura sroichfidh sé nó sí an tromlach is gá, molfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir nua do Pharlaimint na hEorpa faoi cheann míosa agus toghfaidh Parlaimint na hEorpa é nó í de réir an nós imeachta chéanna.

2.   Glacfaidh an Chomhairle, i gcomhaontú de thoil a chéile leis an Uachtarán toghaí, an liosta de na daoine eile a bheartóidh sí a cheapadh ina gcomhaltaí den Choimisiún. Déanfar an rogha sin ar bhonn moltaí arna ndéanamh ag na Ballstáit, i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach i mír 4 agus sa dara fomhír de mhír 6 d'Airteagal I-26.

Déanfar an tUachtarán, Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus comhaltaí eile an Choimisiúin a chur mar chomhlacht faoi réir vóta um thoiliú ag Parlaimint na hEorpa. Ceapfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an Coimisiún ar bhonn an toilithe sin.

3.   Déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin:

(a)

na treoirlínte a leagan síos a bhfeidhmeoidh an Coimisiún laistigh díobh;

(b)

eagrúchán inmheánach an Choimisiúin a chinneadh chun comhchuibheas, éifeachtúlacht agus coláisteachas a ghníomhaíochta a áirithiú;

(c)

Leasuachtaráin, seachas Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, a cheapadh as líon chomhaltaí an Choimisiúin.

Éireoidh comhalta den Choimisiún as oifig arna iarraidh sin don Uachtarán. Éireoidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais as oifig, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal I-28(1), arna iarraidh sin don Uachtarán.

Airteagal I-28

Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais

1.   Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, le comhaontú ó Uachtarán an Choimisiúin, Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a cheapadh. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach a théarma nó a téarma oifige a chríochnú de réir an nós imeachta chéanna.

2.   Seolfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais. Rannchuideoidh sé nó sí trína thograí nó trína tograí leis an mbeartas sin a chumadh agus feidhmeoidh sé nó sí é faoi mar a shaineoidh an Chomhairle. Gníomhóidh sé nó sí amhlaidh maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta.

3.   Beidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha.

4.   Beidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais ar dhuine de Leas-Uachtaráin an Choimisiúin. Áiritheoidh sé nó sí comhchuibheas ghníomhaíocht eachtrach an Aontais. Beidh sé nó sí freagrach laistigh den Choimisiún as na freagrachtaí a thiteann ar an gCoimisiún sa chaidreamh eachtrach agus as gnéithe eile de ghníomhaíocht eachtrach an Aontais a chomhordú. Agus na freagrachtaí sin á bhfeidhmiú aige nó aici laistigh den Choimisiún, agus i dtaca leis na freagrachtaí sin amháin, beidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais faoi réir nósanna imeachta an Choimisiúin, a mhéad atá sé sin comhchuí le míreanna 2 agus 3.

Airteagal I-29

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.   Cuimseoidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an Chúirt Bhreithiúnais, an Chúirt Ghinearálta agus cúirteanna speisialaithe. Áiritheoidh sí go gcomhlíonfar an dlí i léiriú an Bhunreachta agus ina chur i bhfeidhm.

Cuirfidh na Ballstáit leighis ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint dlí éifeachtach a áirithiú sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais.

2.   Beidh an Chuirt Bhreithiúnais comhdhéanta de bhreitheamh amháin as gach Ballstát. Beidh Abhcóidí Ginearálta de chúnamh aici.

Beidh ar an gCúirt Ghinearálta breitheamh amháin ar a laghad as gach Ballstát.

Roghnófar Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais agus Breithiúna na Cúirte Ginearálta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a chomhallann na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagail III-355 agus III-356. Ceapfaidh rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile ar feadh téarma sé bliana. Féadfar Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta atá ag éirí as oifig a athcheapadh.

3.   Déanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le Cuid III:

(a)

rialú a thabhairt ar chaingne arna dtabhairt ag Ballstát, institiúid nó duine nádúrtha nó dlítheanach;

(b)

réamhrialuithe a thabhairt, arna n-iarraidh sin do chúirteanna nó binsí de chuid na mBallstát, maidir le léiriú dhlí an Aontais nó le bailíocht gníomhartha arna nglacadh ag na hinstitiúidí;

(c)

rialú a thabhairt i gcásanna eile dá bhforáiltear sa Bhunreacht.

CAIBIDIL II

INSTITIÚIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA EILE AN AONTAIS

Airteagal I-30

An Banc Ceannais Eorpach

1.   Comhdhéanfar an Córas Eorpach Bhanc Ceannais den Bhanc Ceannais Eorpach i dteannta leis na bainc cheannais náisiúnta. Déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach i dteannta le bainc cheannais náisiúnta na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu, a chomhdhéanann an tEurochóras, beartas airgeadaíochta an Aontais a sheoladh.

2.   Is iad comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh a rialóidh an Córas Eorpach Banc Ceannais. Beidh de chuspóir príomhúil ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar don chuspóir sin, tacóidh sé leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais. Seolfaidh sé cúraimí eile Bainc Cheannais i gcomhréir le Cuid III agus le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

3.   Is institiúid é an Banc Ceannais Eorpach. Beidh pearsantacht dhlítheanach aige. Eisean amháin a fhéadfaidh eisiúint an euro a údarú. Beidh sé neamhspleách i bhfeidhmiú a chumhachtaí agus i mbainistiú a chúrsaí airgeadais. Déanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus rialtais na mBallstát an neamhspleáchas sin a urramú.

4.   Glacfaidh an Banc Ceannais Eorpach pé bearta is gá chun a chúraimí a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagail III-185 go III-191 agus le hAirteagal III-196, agus leis na coinníollacha atá socraithe i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh. I gcomhréir leis na hAirteagail chéanna sin, coinneoidh na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus a gcuid Banc Ceannais, a gcumhachtaí in ábhair airgeadaíochta.

5.   Rachfar i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, sna réimsí a thig faoina fhreagrachtaí, maidir le gach gníomh Aontais arna bheartú, agus le gach togra rialacháin ar leibhéal náisiúnta, agus féadfaidh sé tuairimí a thabhairt.

6.   Tá comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, a gcomhdhéanamh agus a mhodhanna oibriúcháin leagtha amach in Airteagail III-382 agus III-383, agus freisin i Reacht an Chórais Eorpaigh Bhanc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal I-31

An Chúirt Iniúchóirí

1.   Is institiúid í an Chúirt Iniúchóirí. Déanfaidh sí iniúchóireacht ar chuntais an Aontais.

2.   Scrúdóidh sí na cuntais ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Aontais, agus áiritheoidh sí an dea-bhainistíocht airgeadais.

3.   Beidh sí comhdhéanta de náisiúnach amháin as gach Ballstát. Beidh a comhaltaí, chun leas ginearálta an Aontais, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

Airteagal I-32

Comhlachtaí comhairleacha an Aontais

1.   Beidh Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a fheidhmeoidh feidhmeanna comhairleacha de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún.

2.   Beidh Coiste na Réigiún comhdhéanta d'ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

3.   Beidh an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta comhdhéanta d'ionadaithe d'eagraíochtaí fostóirí, fostaithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha.

4.   Ní bheidh comhaltaí Choiste na Réigiún agus an Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha. Beidh siad, chun leas ginearálta an Aontais, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

5.   Tá na rialacha a bhaineann le comhdhéanamh na gCoistí sin, lena gcuid comhaltaí a ainmniú, lena gcumhachtaí agus lena n-oibriúcháin leagtha amach in Airteagail III-386 go III-392.

Déanfaidh an Chomhairle na rialacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a bhaineann le cineál a gcomhdhéanaimh a athbhreithniú go tráthrialta chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta agus déimeagrafacha san Aontas a chur san áireamh. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinntí Eorpacha chuige sin.

TEIDEAL V

INNIÚLACHTAÍ AN AONTAIS A FHEIDHMIÚ

CAIBIDIL I

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal I-33

Gníomhartha dlí an Aontais

1.   D'fhonn inniúlachtaí an Aontais a fheidhmiú, úsáidfidh na hinstitiúidí mar ionstraimí dlítheanacha, i gcomhréir le Cuid III, dlíthe Eorpacha, dlíthe réime Eorpacha, rialacháin Eorpacha, cinntí Eorpacha, moltaí agus tuairimí.

Is gníomh reachtach é an dlí Eorpach a mbeidh feidhm ghinearálta aige. Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Is gníomh reachtach é an dlí réime Eorpach a bheidh ina cheangal ar gach Ballstát chuig a ndíreofar é maidir leis an toradh atá le gnóthú, ach fágfar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú.

Is gníomh neamhreachtach é an rialachán Eorpach a mbeidh feidhm ghinearálta aige maidir le gníomhartha reachtacha agus forálacha áirithe den Bhunreacht a chur chun feidhme. Féadfaidh sé a bheith ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát, nó ina cheangal ar gach Ballstát chuig a ndíreofar é maidir leis an toradh atá le gnóthú, ach fágfar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú.

Is gníomh neamhreachtach é an cinneadh Eorpach a bheidh ina cheangal go huile agus go hiomlán. Nuair a shonróidh cinneadh iad siúd chuig a ndíreofar é is orthu sin amháin a bheidh sé ina cheangal.

Ní bheidh aon bhrí cheangailteach le moltaí ná le tuairimí.

2.   Agus dréachtghníomhartha á bplé acu, staonfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ó ghníomhartha a ghlacadh nach bhforáiltear dóibh sa nós imeachta reachtach is ábhartha sa réimse i dtrácht.

Airteagal I-34

Gníomhartha reachtacha

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha a ghlacadh go compháirteach i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach mar atá leagtha amach in Airteagal III-396. Mura n-éireoidh leis an dá institiúid teacht ar chomhaontú, ní ghlacfar an gníomh i gceist.

2.   Sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sa Bhunreacht, déanfaidh Parlaimint na hEorpa dlíthe agus dlíthe réime Eorpacha a ghlacadh le rannpháirtíocht ón gComhairle, nó déanfaidh an Chomhairle iad a ghlacadh le rannpháirtíocht ó Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir le nósanna imeachta reachtacha speisialta.

3.   Sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sa Bhunreacht, féadfar dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha a ghlacadh ar thionscnamh ó ghrúpa de Bhallstáit nó ó Pharlaimint na hEorpa, ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais nó don Bhanc Eorpach Infheistíochta.

Airteagal I-35

Gníomhartha neamhreachtacha

1.   Glacfaidh an Chomhairle Eorpach cinntí Eorpacha sna cásanna dá bhforáiltear sa Bhunreacht.

2.   Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún, go háirithe sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagail i-36 agus i-37, agus an Banc Ceannais Eorpach sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sa Bhunreacht, rialacháin nó cinntí Eorpacha a ghlacadh.

3.   Glacfaidh an Chomhairle moltaí. Gníomhóidh sí ar thogra ón gCoimisiún sna cásanna uile ina bhforáiltear sa Bhunreacht go nglacfaidh sí gníomhartha ar thogra ón gCoimisiún. Gníomhóidh sí d'aon toil sna réimsí sin inar gá aontoilíocht chun gníomh Aontais a ghlacadh. Déanfaidh an Coimisiún, agus an Banc Ceannais Eorpach sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sa Bhunreacht, moltaí a ghlacadh.

Airteagal I-36

Rialacháin Eorpacha arna dtarmligean

1.   Féadfaidh dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún rialacháin Eorpacha arna dtarmligean a ghlacadh chun eilimintí áirithe nach bhfuil sár-riachtanach den dlí Eorpach nó den dlí réime Eorpach a fhorlíonadh nó a leasú.

Déanfar cuspóirí, inneachar, raon feidhme agus ré tharmligean na cumhachta a shainiú go sainráite sna dlíthe Eorpacha agus sna dlíthe réime Eorpacha. Déanfar na heilimintí sár-riachtanacha d'aon réimse a fhorchoimeád don dlí Eorpach nó don dlí réime Eorpach agus ní bheidh na heilimintí sin dá réir sin ina n-ábhar do tharmligean cumhachta.

2.   Leagfar síos go sainráite le dlíthe Eorpacha agus le dlíthe réime Eorpacha na coinníollacha a mbeidh an tarmligean faoina réir; féadfaidh na coinníollacha sin a bheith mar a leanas:

(a)

féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a chinneadh an tarmligean a chúlghairm;

(b)

ní fhéadfaidh an rialachán Eorpach arna tharmligean teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse arna socrú le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach.

Chun críocha (a) agus (b), gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, agus gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

Airteagal I-37

Gníomhartha cur chun feidhme

1.   Glacfaidh na Ballstáit gach beart dlí náisiúnta is gá chun gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme.

2.   Nuair is gá coinníollacha comhionanna chun gníomhartha Aontais a chur chun feidhme, tabharfaidh na gníomhartha sin cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, nó, i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal I-40, don Chomhairle.

3.   Chun críocha mhír 2, bunófar roimh ré le dlíthe Eorpacha na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin.

4.   Is i bhfoirm rialacháin Eorpacha cur chun feidhme nó cinntí Eorpacha cur chun feidhme a bheidh gníomhartha cur chun feidhme Aontais.

Airteagal I-38

Prionsabail is coiteann do ghníomhartha dlí an Aontais

1.   Nuair nach sonraítear leis an mBunreacht an saghas gnímh atá le glacadh, roghnóidh na hinstitiúidí é de réir an cháis, agus na nósanna imeachta is infheidhme agus prionsabal na comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal I-11 á gcomhlíonadh.

2.   Sonrófar sna gníomhartha dlí na réasúin is bun leo agus tagróidh siad do na tograí, na tionscnaimh, na moltaí, na hiarrataí nó na tuairimí is gá de bhun an Bhunreachta.

Airteagal I-39

Foilsiú agus teacht i bhfeidhm

1.   Is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán na Comhairle a shíneoidh na dlíthe Eorpacha agus na dlíthe réime Eorpacha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

I gcásanna eile is é Uachtarán na hinstitiúide a ghlac iad a shíneoidh iad. Foilseofar dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a shonrófar iontu nó, mura sonrófar dáta chuige, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe.

2.   Rialacháin Eorpacha agus cinntí Eorpacha nach sonraíonn cé chuige a bhfuil siad dírithe, is é Uachtarán na hinstitiúide a ghlac iad a shíneoidh iad.

Rialacháin Eorpacha agus cinntí Eorpacha, i gcás nach sonraíonn na cinntí sin cé chuige a bhfuil siad dírithe, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a shonrófar iontu nó, mura sonrófar dáta chuige, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe.

3.   Cuirfear cinntí Eorpacha seachas na cinn dá dtagraítear i mír 2 in iúl dóibh siúd chuig a ndíreofar iad agus gabhfaidh éifeacht leo ar iad a chur in iúl amhlaidh.

CAIBIDIL II

FORÁLACHA SONRACHA

Airteagal I-40

Forálacha sonracha a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála

1.   Seolfaidh an tAontas Eorpach comhbheartas eachtrach agus slándála, arna bhunú ar an dlúthpháirtíocht pholaitiúil fhrithpháirteach a fhorbairt idir na Ballstáit, ar cheisteanna leasa ghinearálta a shainaithint agus ar chéim chóineasaithe a bheidh ag síormhéadú idir ghníomhaíochtaí na mBallstát a ghnóthú.

2.   Déanfaidh an Chomhairle Eorpach leasanna straitéiseacha an Aontais a shainaithint agus cuspóirí a chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chinneadh. Cumfaidh an Chomhairle an beartas sin faoi chuimsiú na dtreoirlínte straitéiseacha arna mbunú ag an gComhairle Eorpach agus i gcomhréir le Cuid III.

3.   Glacfaidh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle na cinntí Eorpacha is gá.

4.   Déanfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus na Ballstáit an comhbheartas eachtrach agus slándála a chur in éifeacht, agus leas á bhaint as acmhainní naísiúnta agus acmhainní an Aontais.

5.   Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile i dtionól na Comhairle Eorpaí agus i dtionól na Comhairle maidir le haon saincheist leasa ghinearálta a bhaineann le beartas eachtrach agus slándála chun cur chuige coiteann a shainiú. Sula nglacfaidh sé ar láimh aon ghníomhaíocht ar an ardán idirnáisiúnta nó aon cheangaltas a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna an Aontais, rachaidh gach Ballstát i gcomhairle leis na Ballstáit eile i dtionól na Comhairle Eorpaí nó i dtionól na Comhairle. Áiritheoidh na Ballstáit, trína gcuid gníomhaíochtaí a chóineasú, go mbeidh an tAontas in ann a leasanna agus a luachanna a chur i gcion ar an ardán idirnáisiúnta. Beidh na Ballstáit dlúthpháirteach le chéile.

6.   Déanfaidh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle cinntí Eorpacha a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a ghlacadh d'aon toil, seachas sna cásanna dá dtagraítear i gCuid III. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle ar thionscnamh ó Bhallstát, ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, nó ar thogra ón Aire sin le tacaíocht ón gCoimisiún. Eisiafar dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha.

7.   Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh Eorpach a ghlacadh d'aon toil lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach cáilithe i gcásanna seachas na cinn dá dtagraítear i gCuid III.

8.   Rachfar i gcomhairle go tráthrialta le Parlaimint na hEorpa maidir le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais eachtraigh agus slándála. Coinneofar ar an eolas í faoina éabhlóid.

Airteagal I-41

Forálacha sonracha a bhaineann leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta

1.   Beidh an comhbheartas slándála agus cosanta ina chuid dhílis den chomhbheartas eachtrach agus slándála. Cuirfidh sé cumas oibríochtúil ar fáil don Aontas trí tharraingt ar shócmhainní sibhialta agus míleata. Féadfaidh an tAontas iad a úsáid maidir le misin lasmuigh den Aontas a bhaineann leis an tsíochánaíocht, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Cuirfear na cúraimí sin i gcrích ag baint úsáide as cumais arna gcur ar fáil ag na Ballstáit.

2.   Beidh ar áireamh sa chomhbheartas slándála agus cosanta comhbheartas cosanta an Aontais a chumadh go comhleanúnach. Tiocfaidh comhchosaint as sin nuair a chinnfidh an Chomhairle Eorpach amhlaidh, ag gníomhú di d'aon toil. Sa chás sin, molfaidh sí do na Ballstáit cinneadh den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Ní dhéanfaidh beartas an Aontais i gcomhréir leis an Airteagal seo dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe, urramóidh sé na hoibleagáidí a chineann ó Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i gcás Ballstát áirithe a mheasann go bhfuil a gcomhchosaint bainte amach acu in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, agus beidh sé ag luí leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta arna bhunú sa chreat sin.

3.   Déanfaidh na Ballstáit, d'fhonn an comhbheartas slándála agus cosanta a chur chun feidhme, cumais shibhialta agus mhíleata a chur ar fáil don Aontas chun rannchuidiú leis na cuspóirí arna sainiú ag an gComhairle. Na Ballstáit sin a bhunaíonn fórsaí ilnáisiúnta le chéile, féadfaidh siad freisin na fórsaí sin a chur ar fáil don chomhbheartas slándála agus cosanta.

Gabhfaidh na Ballstáit ar láimh a gcumais mhíleata a fheabhsú go comhleanúnach. Déanfar Gníomhaireacht a bhaineann le cumais chosanta a fhorbairt, le taighde, le soláthar agus le harmálacha (Gníomhaireacht Eorpach um Chosaint) a bhunú chun riachtanais oibríochtúla a shainaithint, bearta a chur ar aghaidh chun na riachtanais sin a chomhall, rannchuidiú le haon bheart is gá do neartú bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch earnáil na cosanta a shainaithint, agus nuair is iomchuí, a chur chun feidhme, bheith rannpháirteach i mbeartas Eorpach chumas agus armálacha a shainiú, agus cuidiú leis an gComhairle chun feabhsú ar a gcumas míleata a mheas.

4.   Cinntí Eorpacha a bhaineann leis an mbeartas slándála agus cosanta, lena n-áirítear na cinntí sin a chuireann tús le misean dá dtagraítear san Airteagal seo, glacfaidh an Chomhairle iad ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais nó ar thionscnamh ó Bhallstát. Féadfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a mholadh go rachfar ar iontaoibh acmhainní náisiúnta agus ionstraimí an Aontais araon, i gcomhpháirt leis an gCoimisiún nuair is iomchuí.

5.   Féadfaidh an Chomhairle a chur de chúram, i gcreat an Aontais, ar ghrúpa de Bhallstáit cúram a chur i gcrích d'fhonn luachanna an Aontais a chosaint agus fónamh dá leasanna. Beidh cur i gcrích an chúraim sin faoi réir Airteagal III-310.

6.   Na Ballstáit sin a chomhallann a gcumais mhíleata critéir níos airde agus a bhfuil ceangaltais níos ceangailtí déanta acu i leith a chéile sa réimse sin ar mhaithe leis na cúraimí is déine, bunóidh siad buanchomhar struchtúrtha laistigh de chreat an Aontais. Beidh an comhar sin faoi réir Airteagal III-312. Ní dhéanfaidh sé difear d'fhorálacha Airteagal III-309.

7.   Má dhéantar ionsaí armtha ar a chríoch ar Bhallstát, caithfidh na Ballstáit rannpháirteacha eile cúnamh agus cabhair a thabhairt dó le gach meán is féidir leo, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe. Ní dhéanfaidh sé sin difear do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe.

Beidh na ceangaltais agus an comhar sa réimse sin comhchuí leis na ceangaltais arna ngabháil ar láimh laistigh d'Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh a leanann de bheith mar bhunsraith dá gcosaint chomhchoiteann i gcás na Stát atá ina gcomhaltaí de agus mar eagras dá cur chun feidhme.

8.   Rachfar i gcomhairle go tráthrialta le Parlaimint na hEorpa maidir le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais slándála agus cosanta. Coinneofar ar an eolas í faoina éabhlóid.

Airteagal I-42

Forálacha sonracha a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais

1.   Is limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bheidh san Aontas:

(a)

trí dhlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha a ghlacadh arb é is aidhm dóibh, más gá, dlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú sna réimsí dá dtagraítear i gCuid III;

(b)

trí mhuinín fhrithpháirteach a chur chun cinn idir údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe ar bhonn cinntí breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha a aithint go frithpháirteach;

(c)

trí chomhar oibríochtúil idir údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus seirbhísí eile a dhéanann speisialtóireacht ar chionta coiriúla a chosc agus a bhrath.

2.   Féadfaidh na Parlaimintí náisiúnta, faoi chuimsiú limistéar saoirse, slándála agus ceartais, a bheith rannpháirteach sna sásraí meastóireachta dá bhforáiltear in Airteagal III-260. Beidh siad bainteach leis an bhfaireachán polaitiúil ar Europol agus leis an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust, i gcomhréir le hAirteagail III-276 agus III-273.

3.   Beidh ceart tionscnaimh ag na Ballstáit i réimse an chomhair phóilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, i gcomhréir le hAirteagal III-264.

Airteagal I-43

Clásal na dlúthpháirtíochta

1.   Gníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhpháirt le chéile de mheon dlúthpháirtíochta má fhulaingíonn Ballstát ionsaí sceimhlitheoireachta nó tubaiste nádúrtha nó de dhéantús an duine. Slógfaidh an tAontas na hionstraimí uile dá bhfuil ar láimh aige, lena n-áirítear na hacmhainní míleata arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, chun:

(a)

bagairt na sceimhlitheoireachta ar chríoch na mBallstát a chosc;

institiúidí daonlathacha agus an pobal sibhialta a chosaint ar aon ionsaí sceimhlitheoireachta;

bheith de chúnamh ag Ballstát ar a chríoch arna iarraidh sin dá údaráis pholaitiúla i gcás ionsaí sceimhlitheoireachta;

(b)

bheith de chúnamh ag Ballstát ar a chríoch arna iarraidh sin dá údaráis pholaitiúla i gcás tubaiste nádúrtha nó de dhéantús an duine.

2.   Tá na rialacha mionsonraithe chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme leagtha amach in Airteagal III-329.

CAIBIDIL III

COMHAR FEABHSAITHE

Airteagal I-44

Comhar feabhsaithe

1.   Na Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu féin faoi chuimsiú inniúlachtaí neamheisiacha an Aontais, féadfaidh siad leas a bhaint as institiúidí an Aontais agus na hinniúlachtaí sin a fheidhmiú trí fhorálacha iomchuí an Bhunreachta a chur i bhfeidhm, faoi réir na dteorainneacha agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos san Airteagal seo agus in Airteagail III-416 go III-423.

Is é is aidhm don chomhar feabhsaithe dlús a chur le cuspóirí an Aontais, a leasanna a chosaint agus a phróiseas lánpháirtíochta a neartú. Beidh an comhar sin ar oscailt do gach Ballstát tráth ar bith, i gcomhréir le hAirteagal III-418.

2.   Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh Eorpach lena n-údarófar an comhar feabhsaithe a ghlacadh mar rogha dheireanach nuair a bheidh sé suite aici nach bhféadfaidh an tAontas ina iomláine cuspóirí an chomhair sin a bhaint amach laistigh de thréimhse réasúnta, agus ar chuntar go mbeidh trian ar a laghad de na Ballstáit rannpháirteach ann. Gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal III-419.

3.   Féadfaidh gach comhalta den Chomhairle a bheith rannpháirteach ina pléití, ach ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí sin amháin den Chomhairle a ionadaíonn na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe.

Is éard is aontoilíocht ann vótaí ionadaithe na mBallstát rannpháirteach amháin.

Saineofar an tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na Stát sin.

Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn níos mó ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.

De mhaolú ar an tríú fomhír agus ar an gceathrú fomhír, nuair nach ar thogra ón gCoimisiún ná ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a ghníomhóidh an Chomhairle, saineofar an tromlach cáilithe is gá mar 72 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na mBallstát sin.

4.   Ní bheidh gníomhartha arna nglacadh faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe ina gceangal ach ar na Ballstáit rannpháirteacha amháin. Ní mheasfar iad mar chuid den acquis a gcaithfidh Stáit is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas glacadh leis.

TEIDEAL VI

SAOL DAONLATHACH AN AONTAIS

Airteagal I-45

Prionsabal an chomhionannais dhaonlathaigh

Ina chuid gníomhaíochtaí uile, urramóidh an tAontas prionsabal chomhionannas a shaoránach a gheobhaidh cóir chomhionann óna chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí.

Airteagal I-46

Prionsabal an daonlathais ionadaíoch

1.   Beidh oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch.

2.   Tá na saoránaigh ionadaithe go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa.

Tá na Ballstáit ionadaithe sa Chomhairle Eorpach ag a gCeannairí Stáit nó Rialtais agus sa Chomhairle ag a rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach, sin os comhair na bParlaimintí náisiúnta nó os comhair a gcuid saoránach.

3.   Beidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais. Glacfar cinntí chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach.

4.   Rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le thoil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.

Airteagal I-47

Prionsabal an daonlathais rannpháirtíoch

1.   Tabharfaidh na hinstitiúidí do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíocha, trí bhealaí iomchuí, an deis a gcuid tuairimí a chur in iúl agus iad a nochtadh go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

2.   Coimeádfaidh na hinstitiúidí agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta.

3.   D'fhonn comhchuibheas agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí an Aontais a áirithiú, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán leathan le páirtithe lena mbaineann.

4.   Féadfaidh saoránaigh den Aontas, nach lú a líon ná aon mhilliún amháin ar a laghad as líon suntasach de Bhallstáit, an tionscnamh a ghlacadh iarraidh ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh maidir le ceisteanna a bhfuil gá dar leis na saoránaigh le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun an Bunreacht a chur chun feidhme. Leagfar síos le dlíthe Eorpacha na forálacha do na nósanna imeachta agus do na coinníollacha is gá do thionscnamh mar sin ó na saoránaigh, lena n-áirítear an t-íoslíon Ballstát as a gcaithfidh na saoránaigh sin teacht.

Airteagal I-48

Na comhpháirtithe sóisialta agus an t-agallamh sóisialta uathrialach

Déanann an tAontas ról na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais a aithint agus a chur chun cinn, agus éagsúlacht na gcóras náisiúnta á cur san áireamh aige. Éascóidh sé an t-agallamh idir na comhpháirtithe sóisialta, agus a neamhspleáchas á hurramú aige.

An Cruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach ar mhaithe leis an bhFás agus leis an bhFostaíocht, rannchuideoidh sé leis an agallamh sóisialta.

Airteagal I-49

An tOmbudsman Eorpach

Glacfaidh Ombudsman Eorpach arna thoghadh ag Parlaimint na hEorpa gearáin maidir le drochriarachán i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Bhunreacht, scrúdóidh sé nó sí na gearáin sin agus déanfaidh sé nó sí tuarascáil orthu. Beidh an tOmbudsman Eorpach neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna.

Airteagal I-50

Trédhearcacht imeachtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais

1.   D'fhonn an dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir.

2.   Suífidh Parlaimint na hEorpa i seisiún poiblí, agus suífidh an Chomhairle i seisiún poiblí nuair a dhéanann sí dréachtghníomh reachtach a phlé agus nuair a dhéanann sí vótáil ina leith.

3.   Beidh ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i gCuid III, ceart rochtain a fháil ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, is cuma cén meán ina bhfuil siad.

Leagfar síos le dlíthe Eorpacha na prionsabail ghinearálta agus na teorainneacha a mbeidh an ceart rochtain a fháil ar dhoiciméid den sórt sin faoina rialú ar mhaithe leis an leas poiblí nó príobháideach.

4.   Cinnfidh gach institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht ina rialacha nós imeachta féin forálacha sonracha i dtaca le rochtain ar a chuid doiciméad, i gcomhréir leis na dlíthe Eorpacha dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal I-51

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Tá ag gach duine an ceart go ndéantar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

2.   Leagfar síos le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na rialacha a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus ag na Ballstáit nuair atá gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi réir rialú údarás neamhspleách.

Airteagal I-52

Stádas eaglaisí agus eagraíochtaí neamhfhaoistiniúla

1.   Urramaíonn an tAontas an stádas faoin dlí náisiúnta atá ag eaglaisí agus comhlachais nó pobail reiligiúnacha sna Ballstáit agus ní dhéanann sé dochar don stádas sin.

2.   Urramaíonn an tAontas mar an gcéanna an stádas faoin dlí náisiúnta atá ag eagraíochtaí fealsúnacha agus neamhfhaoistiniúla.

3.   Agus aitheantas á thabhairt aige dá gcéannacht agus dá rannchuidiú sonrach, déanfaidh an tAontas agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta a choimeád ar siúl leis na heaglaisí agus na heagraíochtaí sin.

TEIDEAL VII

CÚRSAÍ AIRGEADAIS AN AONTAIS

Airteagal I-53

Prionsabail bhuiséadacha agus airgeadais

1.   Déanfar gach ioncam agus caiteachas de chuid an Aontais a áireamh i meastacháin arna dtarraingt suas do gach bliain airgeadais agus taispeánfar iad i mbuiséad an Aontais, i gcomhréir le Cuid III.

2.   Ní foláir an t-ioncam agus an caiteachas arna dtaispeáint sa bhuiséad a bheith ar comhardú.

3.   Údarófar an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad don tréimhse bhuiséadach bhliantúil i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-412.

4.   Chun an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad a chur chun feidhme beidh gá le gníomh Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh roimh ré chun bunús dlí a sholáthar dá ghníomhaíocht agus do chur chun feidhme an chaiteachas chomhfhreagraigh i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-412, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sa dlí sin.

5.   D'fhonn an smacht buiséadach a áirithiú, ní ghlacfaidh an tAontas aon ghníomh ar dóigh dó iarmhairtí suntasacha a bheith aige ar an mbuiséad gan a dheimhniú go bhféadfar an caiteachas a eascraíonn ón ngníomh sin a mhaoiniú laistigh de theorainneacha acmhainní dílse an Aontais agus i gcomhréir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal I-55.

6.   Déanfar an buiséad a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an Aontas chun a áirithiú go n-úsáidfear na leithreasaí sa bhuiséad i gcomhréir leis an bprionsabal sin.

7.   Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal III-415, calaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

Airteagal I-54

Acmhainní dílse an Aontais

1.   Cuirfidh an tAontas ar fáil dó féin na meáin is gá chun a chuspóirí a bhaint amach agus a bheartais a chur i gcrích.

2.   Gan dochar d'ioncam eile, maoineofar buiséad an Aontais go hiomlán as a acmhainní dílse.

3.   Leagfar síos le dlí Eorpach ón gComhairle na forálacha a bhaineann le córas acmhainní dílse an Aontais. Sa chomhthéacs sin, féadfar catagóirí nua acmhainní dílse a bhunú nó catagóir atá ann a dhíothú. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Ní thiocfaidh an dlí sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé formheasta ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

4.   Leagfar síos le dlí Eorpach ón gComhairle cur chun feidhme chóras acmhainní dílse an Aontais a mhéad a fhoráiltear sa dlí Eorpach arna ghlacadh ar bhonn mhír 3. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal I-55

An creat airgeadais ilbhliantúil

1.   Áiritheoidh an creat airgeadais ilbhliantúil go dtiocfaidh forbairt ar chaiteachas an Aontais ar dhóigh ordúil agus laistigh de theorainneacha a acmhainní dílse. Socróidh sé méideanna na n-uasteorainneacha bliantúla do leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí de réir catagóirí caiteachais i gcomhréir le hAirteagal III-402.

2.   Leagfar síos le dlí Eorpach ón gComhairle an creat airgeadais ilbhliantúil. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa arna thabhairt ag tromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.

3.   Comhlíonfaidh buiséad bliantúil an Aontais an creat airgeadais ilbhliantúil.

4.   Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh d'aon toil lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach cáilithe nuair a bheidh an dlí Eorpach ón gComhairle dá dtagraítear i mír 2 á ghlacadh.

Airteagal I-56

Buiséad an Aontais

Bunófar buiséad bliantúil an Aontais le dlí Eorpach, i gcomhréir hAirteagal III-404.

TEIDEAL VIII

AN tAONTAS AGUS A CHOMHARSANA

Airteagal I-57

An tAontas agus a chomharsana

1.   Déanfaidh an tAontas gaolmhaireacht speisialta a fhorbairt le tíortha comharsanacha d'fhonn limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta a bhunú, arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar an gcomhar.

2.   Chun críocha mhír 1, féadfaidh an tAontas comhaontuithe sonracha a thabhairt i gcrích leis na tíortha i dtrácht. Féadfaidh cearta agus oibleagáidí cómhalartacha a bheith ar áireamh sna comhaontuithe sin mar aon leis an gcaoi gníomhaíochtaí a ghabháil ar láimh go comhpháirteach. Beidh a gcur chun feidhme ina ábhar do chomhairliúchán tréimhsiúil.

TEIDEAL IX

BALLRAÍOCHT AN AONTAIS

Airteagal I-58

Coinníollacha inghlacthachta agus nós imeachta maidir le haontachas leis an Aontas

1.   Beidh an tAontas ar oscailt do gach Stát Eorpach a urramaíonn na luachanna dá dtagraítear in Airteagal I-2 agus atá tiomanta iad a chur chun cinn go comhpháirteach.

2.   Féadfaidh aon Stát Eorpach ar mian leis teacht chun bheith ina chomhalta den Aontas a iarratas a dhíriú chuig an gComhairle. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoin iarratas sin. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa a ghníomhóidh trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í. Beidh na coinníollacha agus na socruithe maidir leis an aontachas ina ábhar do chomhaontú idir na Ballstáit agus an Stát is iarrthóir. Beidh an comhaontú sin faoi réir a dhaingnithe ag gach Stát Conarthach, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Airteagal I-59

Cearta áirithe a leanann ó bhallraíocht san Aontas a fhionraí

1.   Ar thionscnamh réasúnaithe ó thrian de na Ballstáit nó ar thionscnamh réasúnaithe ó Pharlaimint na hEorpa nó ar thogra ón gCoimisiún, féadfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach a ghlacadh lena suífear go bhfuil baol soiléir ann Ballstát do dhéanamh sárú tromchúiseach ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal I-2. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach ceithre chúigiú dá comhaltaí tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

Sula suífidh sí amhlaidh, éistfidh an Chomhairle an Ballstát i dtrácht agus, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta céanna, féadfaidh sí moltaí a dhíriú chuig an Stát sin.

Athbhreithneoidh an Chomhairle go tráthrialta an bhfuil feidhm i gcónaí ag na forais a bhí lena suíomh amhlaidh.

2.   Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, ar thionscnamh ó thrian de na Ballstáit nó ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena suífear go bhfuil sárú tromchúiseach leanúnach á dhéanamh ag Ballstát ar na luachanna atá luaite in Airteagal I-2, tar éis iarraidh ar an mBallstát i gceist a bharúlacha a thíolacadh. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

3.   Nuair a shuífear amhlaidh faoi mhír 2, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena bhfionrófar cearta áirithe a chineann ón mBunreacht a chur i bhfeidhm ar an mBallstát i dtrácht, lena n-áirítear cearta vótála an chomhalta den Chomhairle a ionadaíonn an Stát sin. Cuirfidh an Chomhairle san áireamh na hiarmhairtí a fhéadfadh teacht ón bhfionraíocht sin i dtaca le cearta agus le hoibleagáidí daoine nádúrtha agus dlítheanacha.

Ar aon chuma, leanfaidh an Stát sin de bheith faoi cheangal ag a chuid oibleagáidí faoin mBunreacht.

4.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena modhnófar nó lena gcúlghairfear bearta atá glactha aici faoi mhír 3 mar fhreagra ar athruithe sa staid ba bhun leis na bearta sin a fhorchur.

5.   Chun críocha an Airteagail seo, ní ghlacfaidh an comhalta den Chomhairle Eorpach nó den Chomhairle a ionadaíonn an Ballstát i dtrácht páirt sa vótáil agus ní chuirfear an Ballstát i dtrácht san áireamh nuair a bheidh trian nó ceithre chúigiú de na Ballstáit, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, á ríomh. Ní choiscfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí atá i láthair go pearsanta nó atá ionadaithe ar na cinntí Eorpacha dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh.

D'fhonn na cinntí Eorpacha dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a ghlacadh, saineofar tromlach cáilithe mar 72 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65 % de dhaonra na mBallstát sin.

Nuair a dhéanann an Chomhairle, tar éis cinneadh a ghlacadh cearta vótála a fhionraí i gcomhréir le mír 3, gníomhú trí thromlach cáilithe ar bhonn ceann d'fhorálacha an Bhunreachta, saineofar an tromlach cáilithe sin mar atá sé sainithe sa dara fomhír nó, nuair a ghníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún nó ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, mar thromlach 55 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na Stát sin. Sa chás deireanach sin, ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn níos mó ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.

6.   Chun críocha an Airteagail seo, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, atá in ionannas le tromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í.

Airteagal I-60

Tarraingt siar dheonach ón Aontas

1.   Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla féin, tarraingt siar ón Aontas.

2.   Déanfaidh Ballstát a chinnfidh tarraingt siar fógra faoina intinn a chur chuig an gComhairle Eorpach. I bhfianaise na dtreoirlínte ón gComhairle Eorpach, rachaidh an tAontas i mbun caibidlíochta agus tabharfaidh sé comhaontú i gcrích leis an Stát sin, ina leagfar amach na socruithe dá tharraingt siar, ag féachaint don chreat dá ghaolmhaireacht thodhchaí leis an Aontas. Déanfar an comhaontú sin a chaibidil i gcomhréir le hAirteagal III-325(3). Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, an comhaontú sin a thabhairt i gcrích.

3.   Scoirfidh an Bunreacht d'fheidhm a bheith aige maidir leis an mBallstát i dtrácht ó dháta an comhaontú um tharraingt siar a theacht i bhfeidhm nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 2, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an mBallstát i dtrácht, an tréimhse sin a fhadú.

4.   Chun críocha mhíreanna 2 agus 3, ní bheidh an comhalta den Comhairle Eorpach nó den Chomhairle a ionadaíonn an Ballstát atá ag tarraingt siar rannpháirteach i bpléití na Comhairle Eorpaí nó na Comhairle nó i gcinntí Eorpacha a bhaineann leis an mBallstát sin.

Saineofar tromlach cáilithe mar 72 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na Stát sin.

5.   Má iarrann Stát a tharraing siar ón Aontas aontú athuair, beidh an iarraidh sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal I-58.

CUID II

AN CHAIRT UM CHEARTA BUNÚSACHA AN AONTAIS

Brollach

Tá sé beartaithe ag pobail na hEorpa, trí aontas níos buandlúithe fós a chruthú eatarthu, todhchaí shíochánta arna fothú ar chomhluachanna a roinnt.

Ós feasach dó an oidhreacht spioradálta, mhorálta atá aige, tá an tAontas fothaithe ar luachanna dodhealaithe uilechoiteanna dhínit an duine, na saoirse, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta; tá sé bunaithe ar phrionsabail an daonlathais agus an smachta reachta. Cuireann sé an duine i gceartlár a ghníomhaíochtaí trí shaoránacht Aontais a chur ar bun agus trí limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú.

Rannchuidíonn an tAontas leis na comhluachanna sin a chaomhnú agus a fhorbairt agus urraim á tabhairt aige d'éagsúlacht chultúir agus thraidisiúin phobail na hEorpa, d'fhéiniúlacht náisiúnta na mBallstát agus d'eagrúchán a n-údarás poiblí ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal áitiúil; féachann sé le forbairt chothromúil inbhuanaithe a chur chun cinn agus áirithíonn sé saorghluaiseacht daoine, seirbhísí, earraí agus caipitil, agus saoirse bunaíochta.

Chuige sin, is gá cosaint na gceart bunúsach a neartú i bhfianaise an fhoráis sa tsochaí, an dul chun chinn sóisialta agus forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha trí na cearta sin a dhéanamh níos sofheicthe i gCairt.

Athdhaingníonn an Chairt seo, ag féachaint go cuí d'inniúlachtaí agus do chúraimí an Aontais agus do phrionsabal na coimhdeachta, na cearta a leanann ach go háirithe as na traidisiúin bhunreachtúla agus as na hoibleagáidí idirnáisiúnta is coiteann do na Ballstáit, as an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, as na Cairteanna Sóisialta arna nglacadh ag an Aontas agus ag Comhairle na hEorpa, agus as cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh cúirteanna an Aontais agus na mBallstát an Chairt a léiriú le haird chuí ar na míniúcháin arna n-ullmhú faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt agus arna dtabhairt suas chun dáta faoi fhreagracht Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh.

Tá freagrachtaí agus dualgais i dtaca le daoine eile, leis an bpobal daonna agus leis na glúnta atá le teacht ag gabháil le teachtadh na gceart sin.

Dá dheasca sin, aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach anseo thíos.

TEIDEAL I

DÍNIT

Airteagal II-61

Dínit an duine

Tá dínit an duine dosháraithe. Ní mór an dínit sin a urramú agus a chosaint.

Airteagal II-62

Ceart chun beatha

1.   Tá ag gach duine an ceart chun beatha.

2.   Ní féidir duine a dhaoradh chun pionós an bháis ná a chur chun báis.

Airteagal II-63

An ceart chun iomláine an duine

1.   Tá ag gach duine an ceart go dtabharfar meas ar a iomláine nó ar a hiomláine choirp agus mheabhrach.

2.   I réimsí na míochaine agus na bitheolaíochta, ní mór na nithe seo a leanas go háirithe a urramú:

(a)

toiliú saor feasach an duine i dtrácht, de réir nósanna imeachta atá leagtha síos le dlí;

(b)

toirmeasc ar chleachtais dea-ghinice, go háirithe na cleachtais sin arb é is aidhm dóibh daoine a roghnú;

(c)

toirmeasc ar fhoinse bhrabúis a dhéanamh den chorp daonna agus de bhaill den chorp, ina gcáil mar chorp agus mar bhaill den chorp;

(d)

toirmeasc ar chlónáil táirgeach daoine.

Airteagal II-64

Toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach

Ní dhéanfar céastóireacht ar aon duine ná ní chuirfear aon íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach ar aon duine.

Airteagal II-65

Toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe

1.   Ní dhéanfar aon duine a choimeád faoi sclábhaíocht nó faoi dhaoirse.

2.   Ní dhéanfar iallach a chur ar aon duine saothar éignithe nó éigeantach a dhéanamh.

3.   Toirmisctear an gháinneáil ar dhaoine.

TEIDEAL II

SAOIRSÍ

Airteagal II-66

An ceart chun saoirse agus slándála

Tá ag gach duine an ceart chun saoirse agus slándála pearsan.

Airteagal II-67

Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh

Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus saol a theaghlaigh nó a teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú.

Airteagal II-68

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

2.   Ní mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go cóir ar mhaithe le cuspóirí sonracha agus ar bhonn thoiliú an duine i dtrácht no ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos le dlí. Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá bailithe agus a bhaineann leis nó léi, agus an ceart go ndéanfar na sonraí sin a cheartú.

3.   Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi réir a rialaithe ag údarás neamhspleách.

Airteagal II-69

An ceart chun pósadh agus an ceart chun teaghlach a bhunú

Déanfar an ceart chun pósadh agus an ceart chun teaghlach a bhunú a ráthú i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear feidhmiú na gceart sin.

Airteagal II-70

Saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin

1.   Tá ag gach duine an ceart chun saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin. Tá ar áireamh sa cheart sin saoirse chun reiligiún nó creideamh a athrú agus saoirse, mar dhuine aonair nó i gcomhluadar le daoine eile agus go poiblí nó go príobháideach, reiligiún nó creideamh a léiriú trí adhradh, trí theagasc, trí chleachtas agus trí dheasghnátha.

2.   Aithnítear an ceart chun agóid choinsiasach a dhéanamh i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear feidhmiú an chirt sin.

Airteagal II-71

Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil

1.   Tá ag gach duine an ceart chun tuairimí a nochtadh. Folóidh an ceart sin saoirse chun tuairimí a bheith ag an duine agus faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus ar neamhaird ar theorainneacha.

2.   Déanfar saoirse agus iolrachas na meán a urramú.

Airteagal II-72

Saoirse comhthionóil agus comhlachais

1.   Tá ag gach duine an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais ar gach leibhéal, go háirithe in ábhair pholaitiúla, ceardchumainn agus sibhialta, rud a thugann le tuiscint go bhfuil ag gach duine an ceart chun ceardchumainn a chur ar bun agus an ceart chun bheith mar bhall de cheardchumainn chun a leasanna a chosaint.

2.   Rannchuidíonn na páirtithe polaitiúla ar leibhéal Aontais chun toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.

Airteagal II-73

Saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí

Beidh na healaíona agus an taighde eolaíoch saor ó shriantacht. Déanfar an tsaoirse acadúil a urramú.

Airteagal II-74

An ceart chun oideachais

1.   Tá ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach.

2.   Folaíonn an ceart sin an chaoi chun saoroideachas éigeantach a fháil.

3.   Déanfar an tsaoirse chun forais oideachasúla a chur ar bun le hurraim chuí do phrionsabail dhaonlathacha agus do cheart tuismitheoirí a áirithiú go ndéanfar a leanaí a oiliúint agus a theagasc i gcomhréir lena n-áitiúis reiligiúnacha, fhealsúnacha agus oideolaíocha, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear feidhmiú na saoirse agus na gceart sin.

Airteagal II-75

Saoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh

1.   Tá ag gach duine an ceart chun obair a dhéanamh agus gabháil do shlí bheatha atá roghnaithe nó glactha go saorálach aige nó aici.

2.   Tá ag gach saoránach den Aontas an tsaoirse chun fostaíocht a lorg, chun obair a dhéanamh, agus chun an ceart chun gnóthas a chur ar bun agus seirbhísí a sholáthar nó a fháil in aon Bhallstát a fheidhmiú.

3.   Tá náisiúnaigh tríú tíortha atá údaraithe chun obair a dhéanamh ar chríoch na mBallstát i dteideal dálaí oibre a bheith acu atá coibhéiseach leis na dálaí oibre atá ag saoránaigh an Aontais.

Airteagal II-76

Saoirse chun gnó a sheoladh

Aithnítear an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

Airteagal II-77

An ceart chun maoine

1.   Tá ag gach duine an ceart chun a shealúchais nó a sealúchais arna bhfáil go dleathach a shealbhú, a úsáid, a dhiúscairt agus a thiomnú. Ní fhéadfar a shealúchais nó a sealúchais a cheilt ar dhuine ach amháin ar mhaithe leis an leas poiblí agus sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí, ach sin faoi réir cúiteamh cóir a íoc in am trátha mar chomaoin ar chailleadh na sealúchas sin. Féadfar úsáid maoine a rialáil le dlí a mhéad is gá sin ar mhaithe leis an leas ginearálta.

2.   Déanfar an mhaoin intleachtúil a chosaint.

Airteagal II-78

An ceart chun tearmainn

Ráthófar an ceart chun tearmainn agus urraim chuí á tabhairt do rialacha Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus Phrótacal an 31 Eanáir 1967 a bhaineann le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir leis an mBunreacht.

Airteagal II-79

Cosaint i gcás ina dtarlaíonn aistriú, díbirt nó eiseachadadh

1.   Toirmiscfear díbirtí comhchoiteanna.

2.   Ní fhéadfar aon duine a aistriú, a dhíbirt nó a eiseachadadh chuig Stát ina bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfar é nó í a chur faoi phionós an bháis nó a chéasadh nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach a chur air nó uirthi.

TEIDEAL III

COMHIONANNAS

Airteagal II-80

Comhionannas os comhair an dlí

Is comhionann gach duine os comhair an dlí.

Airteagal II-81

Neamh-idirdhealú

1.   Toirmiscfear aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.

2.   Laistigh de raon feidhme an Bhunreachta, agus gan dochar d'aon cheann dá fhorálacha sonracha, toirmiscfear aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta.

Airteagal II-82

Éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga

Déanfaidh an tAontas an éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga a urramú.

Airteagal II-83

Comhionannas idir mná agus fir

Ní mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá.

Ní chuirfidh prionsabal an chomhionannais cosc ar bhearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena bhforáiltear do bhuntáistí sonracha i bhfabhar an ghnéis thearcionadaithe.

Airteagal II-84

Cearta an linbh

1.   Beidh ag leanaí an ceart chun cibé cosaint agus cúram is gá ar mhaithe lena ndea-bhail. Féadfaidh siad a dtuairimí a nochtadh go saorálach. Cuirfear na tuairimí sin san áireamh i dtaca le hábhair a bhaineann leo i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht.

2.   I ngach gníomh a bhaineann le leanaí, bíodh sé á glacadh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha, ní mór leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh.

3.   Beidh ag gach leanbh an ceart chun caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach a bheith aige nó aici go tráthrialta lena bheirt nó lena beirt thuismitheoirí mura rud é go bhfuil sé sin contrártha le leasanna an linbh.

Airteagal II-85

Cearta daoine scothaosta

Aithníonn agus urramaíonn an tAontas cearta daoine scothaosta chun saol faoi dhínit agus neamhspleáchas a bheith acu agus chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha.

Airteagal II-86

Daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú

Aithníonn agus urramaíonn an tAontas ceart daoine faoi mhíchumas chun tairbhiú de bhearta atá ceaptha chun neamhspleáchas na ndaoine sin, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú.

TEIDEAL IV

DLÚTHPHÁIRTÍOCHT

Airteagal II-87

Ceart oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin sa ghnóthas

Ní mór a ráthú go dtabharfar faisnéis d'oibrithe nó dá gcuid ionadaithe agus go ndéanfar comhairliúchán leo, ar gach leibhéal iomchuí agus in am trátha, sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais agus i ndlíthe agus i gcleachtais náisiúnta.

Airteagal II-88

An ceart chun comhargántaíochta agus chun gníomhaíochta comhchoitinne

Tá an ceart ag fostóirí agus ag fostaithe, nó ag a n-eagraíochtaí faoi seach, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, dul i mbun caibidlíochta agus comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích ar na leibhéil iomchuí agus, má tá coinbhleacht leasa ann, chun gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh, lena n-áirítear dul ar stailc, chun a leasanna féin a chosaint.

Airteagal II-89

An ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhís socrúcháin

Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil saor in aisce ar sheirbhís socrúcháin.

Airteagal II-90

Cosaint i gcás ina dtarlaíonn dífhostú neamh-inleithscéil

Tá ag gach oibrí an ceart chun cosaint a fháil ar dhífhostú neamh-inleithscéil, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

Airteagal II-91

Dálaí oibre cothroma agus córa

1.   Tá ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit.

2.   Tá ag gach oibrí an ceart chun go mbeidh teorainn leis an líon uasta uaireanta oibre, chun tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine agus chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana.

Airteagal II-92

Toirmeasc ar leanaí a bheith ag obair agus cosaint daoine óga ag an obair

Toirmisctear fostaíocht a thabhairt do leanaí. Ní fhéadfaidh an aois íosta chun dul i mbun fostaíochta a bheith níos ísle ná an aois chun an scoil a fhágáil, gan dochar do cibé rialacha atá níos fabhrúla do dhaoine óga agus seachas i gcás maoluithe teoranta amháin.

Daoine óga a gceadaítear dóibh dul i mbun fostaíochta, ní mór dálaí oibre a bheith acu a oireann dá n–aois agus ní mór iad a chosaint ar dhúshaothrú eacnamaíoch agus ar aon obair ar dóigh di a sábháilteacht, a sláinte, a bhforbairt choirp, mheabhrach, mhorálta nó shóisialta a dhochrú nó cur isteach ar a n-oideachas.

Airteagal II-93

Saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil

1.   Beidh ag an teaghlach cosaint dhlítheanach, eacnamaíoch agus shóisialta.

2.   Chun gur féidir comhréiteach a fháil idir saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil, beidh ag gach duine an ceart chun cosaint a fháil ar dhífhostú ar chúis atá bainteach le máithreachas agus an ceart chun saoire máithreachais le pá agus chun saoire do thuismitheoir tar éis breithe nó uchtála linbh.

Airteagal II-94

Slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta

1.   Aithníonn agus urramaíonn an tAontas an teideal chuig liúntais slándála sóisialta agus seirbhísí sóisialta lena soláthraítear cosaint i gcásanna amhail máithreachas, breoiteacht, tíonóiscí tionsclaíocha, cleithiúnas nó seanaois agus i gcásanna ina gcailltear fostaíocht, ach sin i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

2.   Tá gach duine a chónaíonn agus a ghluaiseann go dleathach laistigh den Aontas Eorpach i dteideal liúntais slándála sóisialta agus buntáistí sóisialta a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

3.   D'fhonn eisiamh sóisialta agus bochtaineacht a chomhrac, aithníonn agus urramaíonn an tAontas an ceart chun cúnamh sóisialta agus tithíochta a fháil chun a áirithiú go bhfuil caighdeán maireachtála cuibhiúil ag na daoine sin go léir gan acmhainní leordhóthanacha, de réir na rialacha atá leagtha síos le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

Airteagal II-95

Cúram sláinte

Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar chúram sláinte coisctheach agus chun tairbhiú den chóireáil leighis faoi na coinníollacha atá bunaithe le dlíthe agus cleachtais náisiúnta. Déanfar ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais.

Airteagal II-96

Rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta

Aithníonn agus urramaíonn an tAontas rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta dá bhforáiltear i ndlíthe agus i gcleachtais náisiúnta, i gcomhréir leis an mBunreacht, d'fhonn comhtháthú sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn.

Airteagal II-97

Cosaint an chomhshaoil

Ní mór ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a lánpháirtiú i mbeartais an Aontais, agus a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe.

Airteagal II-98

Cosaint tomhaltóirí

Déanfar ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú i mbeartais an Aontais.

TEIDEAL V

CEARTA NA SAORÁNACH

Airteagal II-99

An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa

1.   Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina gcónaíonn sé nó sí, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin.

2.   Toghfar comhaltaí do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, trí shaorbhallóid rúnda.

Airteagal II-100

An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha

Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn sé nó sí, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin.

Airteagal II-101

An ceart chun dea-riaracháin

1.   Tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon, go cóir agus laistigh de thréimhse réasúnta.

2.   Folaíonn an ceart sin:

(a)

ceart gach duine chun éisteacht a fháil sula nglactar aon bheart leithleach i ndáil leis nó léi ar beart é a dhéanfadh dochar dó nó di;

(b)

ceart gach duine rochtain a fháil ar a chomhad nó a comhad, agus leasanna dlisteanacha rúndachta agus sicréideachta gairmiúla agus gnó á n-urramú ag an am céanna;

(c)

an oibleagáid atá ar an lucht riaracháin cúiseanna a thabhairt lena chinntí.

3.   I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh an tAontas aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a oifigigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.

4.    Féadfaidh gach duine scríobh chuig institiúidí an Aontais i gceann de theangacha an Bhunreachta agus caithfidh sé no sí freagra a fháil sa teanga chéanna.

Airteagal II-102

An ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid

Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, is cuma cén meán ina bhfuil siad.

Airteagal II-103

Ombudsman Eorpach

Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú di ina cáil bhreithiúnach, a tharchur chuig an Ombudsman Eorpach.

Airteagal II-104

An ceart chun achainí a dhéanamh

Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa.

Airteagal II-105

Saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe

1.   Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát.

2.   Féadfar saoirse gluaiseachta agus cónaithe a dheonú, i gcomhréir leis an mBunreacht, do náisiúnaigh tríú tíortha a chónaíonn go dlíthiúil ar chríoch Ballstáit.

Airteagal II-106

Cosaint taidhleoireachta agus chonsalach

Beidh gach saoránach den Aontas, ar chríoch tríú tíre nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát ar náisiúnach de é nó í, i dteideal cosaint a fháil ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha aon Bhallstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit sin.

TEIDEAL VI

CEARTAS

Airteagal II-107

An ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil

Tá ag gach duine a ndéantar a chearta nó a cearta agus a shaoirsí nó a saoirsí, arna ráthú le dlí an Aontais, a shárú, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

Tá gach duine i dteideal éisteacht chóir phoiblí a fháil laistigh de thréimhse réasúnta ó bhinse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí. Beidh an chaoi ag gach duine go ndéanfar é nó í a chomhairliú, a chosaint agus a ionadú.

Déanfar cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu a mhéad is gá an cúnamh sin chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a áirithiú.

Airteagal II-108

Toimhde na neamhchiontachta agus ceart chun cosaint a fháil

1.   Toimhdeofar gach duine atá cúisithe a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthófar é nó í a bheith ciontach de réir dlí.

2.   Déanfar urraim ar na cearta maidir le cosaint aon duine atá cúisithe a ráthú.

Airteagal II-109

Prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis

1.   Ní bhfaighfear aon duine ciontach in aon chion coiriúil i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh nár chion coiriúil é faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta tráth a dhéanta. Mar an gcéanna, ní ghearrfar pionós is troime ná an pionós ab infheidhme an tráth a rinneadh an cion coiriúil. Más rud é, tar éis an cion coiriúil a dhéanamh, go bhforáiltear do phionós níos éadroime sa dlí, beidh an pionós sin infheidhme.

2.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do thriail agus do phionósú aon duine i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh a bhí, tráth a dhéanta, coiriúil de réir na bprionsabal ginearálta atá aitheanta ag pobal na náisiún.

3.   Ní ceadmhach déine na bpionós a bheith neamhchomhréireach leis an gcion coiriúil.

Airteagal II-110

An ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna

Ní dhlífear aon duine a thriail ná a phionósú athuair in imeachtaí coiriúla i ngeall ar chion ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh é nó í go críochnaitheach san Aontas i ngeall air cheana i gcomhréir leis an dlí.

TEIDEAL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA A bhFUIL LÉIRIÚ AGUS CUR I bhFEIDHM NA CAIRTE FAOINA RIALÚ

Airteagal II-111

Raon feidhme

1.   Tá forálacha na Cairte seo dírithe ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais le hurraim chuí do phrionsabal na coimhdeachta, agus ar na Ballstáit an tráth a gcuireann siad dlí an Aontais chun feidhme, agus an tráth sin amháin. Dá dheasca sin, tabharfaidh siad aird ar na cearta, déanfaidh siad na prionsabail a urramú agus cuirfidh a gcur i bhfeidhm chun cinn i gcomhréir lena gcumhachtaí faoi seach agus na teorainneacha atá ar chumhachtaí an Aontais mar atá siad tugtha dó i gCodanna eile den Bhunreacht á n-urramú acu.

2.   Ní dhéanann an Chairt seo raon feidhme dhlí an Aontais a fhorleathnú thar chumhachtaí an Aontais ná aon chumhacht ná aon chúram nua a bhunú don Aontas, ná cumhachtaí agus cúraimí atá sainithe i gCodanna eile den Bhunreacht a mhodhnú.

Airteagal II-112

Raon feidhme agus léiriú na gceart agus na bprionsabal

1.   Ní mór foráil le dlí d'aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa Chairt seo agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. Faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

2.   Déanfar cearta arna n-aithint sa Chairt seo agus dá bhforáiltear i gCodanna eile den Bhunreacht a fheidhmiú faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá sainithe sna Codanna ábhartha sin.

3.   A mhéad a chuimsíonn an Chairt seo cearta a fhreagraíonn do chearta arna ráthú leis an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, is ionann an bhrí agus an raon feidhme a bheidh ag na cearta sin agus an bhrí agus an raon feidhme atá leagtha síos leis an gCoinbhinsiún sin. Ní choiscfidh an fhoráil seo dlí an Aontais ar chosaint níos forleithne a sholáthar.

4.   A mhéad a aithníonn an Chairt seo saoirsí bunúsacha mar a leanann siad ó na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit, déanfar na cearta sin a léiriú ar aon dul leis na traidisiúin sin.

5.   Forálacha den Chairt seo ina bhfuil prionsabail, féadfar iad a chur chun feidhme le gníomhartha reachtacha agus feidhmiúcháin arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus le gníomhartha ó na Ballstáit nuair a bhíonn dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, i bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoi seach. Ní fhéadfar iad a agairt os comhair cúirte ach amháin i dtaca le léiriú na ngníomhartha sin agus le rialú ar a ndlíthiúlacht.

6.   Tabharfar aird iomlán, faoi mar atá sonraithe sa Chairt seo, ar dhlíthe agus ar chleachtais náisiúnta.

7.   Tabharfaidh cúirteanna an Aontais agus na mBallstát aird chuí ar na mínithe arna dtarraingt suas mar threoir ar mhaithe leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a léiriú.

Airteagal II-113

Leibhéal na cosanta

Ní léireofar aon fhoráil sa Chairt seo sa chaoi go ndéanfar cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a shrianadh nó a dhochrú mar atá siad arna n-aithint, ina raonta feidhme faoi seach, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas nó na Ballstáit uile ina bpáirtithe iontu, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus le bunreachtanna na mBallstát.

Airteagal II-114

Toirmeasc ar chearta a mhí-úsáid

Ní léireofar aon ní sa Chairt seo ar dhóigh a thabharfadh le tuiscint go bhfuil aon cheart ann chun gabháil le haon ghníomhaíocht nó aon ghníomh a dhéanamh arb é is aidhm dó na cearta nó na saoirsí átá aitheanta sa Chairt seo a mhilleadh nó iad a theorannú níos mó ná mar a fhoráiltear sa Chairt.

CUID III

BEARTAIS AGUS OIBRIÚ AN AONTAIS

TEIDEAL I

FORÁLACHA A bhFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU

Airteagal III-115

Déanfaidh an tAontas comhchuibheas idir na beartais agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Chuid seo a áirithiú, ag cur a chuspóirí uile san áireamh agus i gcomhréir leis an bprionsabal tabhartha cumhachtaí.

Airteagal III-116

Sna gníomhaíochtaí uile dá dtagraítear sa Chuid seo, is é is aidhm don Aontas neamhionannais idir mná agus fir a dhíchur agus an comhionnanas eatarthu a chur ar aghaidh.

Airteagal III-117

Agus na beartais agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Chuid seo á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, tabharfaidh an tAontas aird ar na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine.

Airteagal III-118

Agus na beartais agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Chuid seo á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, is é is aidhm don Aontas gach idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.

Airteagal III-119

Ní foláir ceanglais chosaint an chomhshaoil a lánpháirtiú i sainiú agus i gcur chun feidhme na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Chuid seo, go háirithe d'fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

Airteagal III-120

Tabharfar aird ar cheanglais maidir le cosaint an tomhaltóra i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí eile an Aontais.

Airteagal III-121

Agus beartais an Aontais maidir leis an talmhaíocht, leis an iascach, leis an iompar, leis an margadh inmheánach, leis an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch agus leis an spás á bhfoirmiú agus á gcur chun feidhme acu, tabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit lánaird, toisc gur neacha mothaitheacha na hainmhithe, ar na ceanglais maidir le leas ainmhithe agus forálacha reachtacha nó riaracháin agus nósanna na mBallstát, go háirithe maidir le deasghnátha reiligiúnacha, traidisiúin chultúrtha agus oidhreacht réigiúnach, á n-urramú acu.

Airteagal III-122

Gan dochar d'Airteagail I-5, III-166, III-167 agus III-238, agus ag féachaint do thábhacht na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta mar sheirbhísí dá dtugann cách san Aontas luach maille leis an ról atá acu i gcomhtháthú sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn, féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit chuige, gach ceann díobh laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach agus laistigh de raon feidhme an Bhunreachta, go n-oibreoidh seirbhísí den sórt sin ar bhonn prionsabal agus coinníollacha, ach go háirithe coinníollacha eacnamaíocha agus airgeadais, a chumasaíonn dóibh a gcúraimí a chomhall. Bunófar le dlíthe Eorpacha na prionsabail sin agus socrófar leo na coinníollacha sin gan dochar d'inniúlacht na mBallstát, ar cothrom leis an mBunreacht, chun na seirbhísí sin a sholáthar, a choimisiúnú agus a chistiú.

TEIDEAL II

NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS SAORÁNACHT

Airteagal III-123

Féadfar rialacha a leagan síos le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha chun idirdhealú ar fhoras náisiúntachta a thoirmeasc dá dtagraítear in Airteagal I-4(2).

Airteagal III-124

1.   Gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta agus laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha leis don Aontas, féadfar na bearta is gá a bhunú le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle chun idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar bunphrionsabail a bhunú le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha faoi chomhair beart dreasachta Aontais agus na bearta sin a shainiú chun tacú le gníomhaíocht arna déanamh ag na Ballstáit d'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

Airteagal III-125

1.   Más cosúil gur gá gníomhaíocht ón Aontas chun feidhmiú an chirt, dá dtagraítear in Airteagal I-10(2)(a), atá ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse, a éascú agus nach bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha leis an mBunreacht, féadfar bearta a bhunú le dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha chun na críche sin.

2.   Chun na gcríoch céanna agus na críocha dá dtagraítear i mír 1 agus mura bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha leis an mBunreacht, féadfar bearta a bhunú le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle i dtaca le pasanna, cártaí aitheantais, ceadanna cónaithe nó le haon doiciméad dá samhail agus i dtaca le slándáil shóisialta nó le cosaint shóisialta. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-126

Bunófar le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle na rialacha mionsonraithe chun an ceart a fheidhmiú, dá dtagraítear in Airteagal I-10(2)(b), atá ag gach saoránach den Aontas chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina gcónaíonn sé nó sí gan bheith ina náisúnach den Bhallstát sin. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Féadfaidh na rialacha mionsonraithe sin maoluithe a fhoráil nuair a dhlíonn fadhbanna is sonrach do Bhallstát é.

Feidhmeofar an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa gan dochar d'Airteagal III-330(1) agus do na bearta arna nglacadh lena chur chun feidhme.

Airteagal III-127

Glacfaidh na Ballstáit na forálacha is gá chun an chosaint taidhleoireachta agus chonsalach dá dtagraítear in Airteagal I-10(2)(c) a áirithiú do shaoránaigh na mBallstát i dtriú tíortha.

Rachaidh na Ballstáit i mbun na caibidlíochta idirnáisiúnta is gá chun an chosaint sin a áirithiú.

Féadfar na bearta is gá a bhunú le dlí Eorpach ón gComhairle chun an chosaint sin a éascú. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-128

Is iad na teangacha atá liostaithe in Airteagal 448(1) na teangacha ina bhfuil an ceart ag gach saoránach den Aontas dul i dteagmháil leis na hinstitiúidí nó na comhlachtaí de bhua Airteagal I-10(2)(d), agus freagra a fháil. Is iad na hinstitiúidí agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal I-10(2)(d) iad siúd atá liostaithe sa dara fomhír d'Airteagal I-19(1), in Airteagail I-30, I-31 agus I-32, mar aon leis an Ombudsman Eorpach.

Airteagal III-129

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta gach trí bliana ar chur i bhfeidhm Airteagal I-10 agus an Teidil seo. Cuirfidh an tuarascáil sin forbairt an Aontais san áireamh.

Ar bhonn na tuarascála sin agus gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta, féadfar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal I-10 a chomhlánú le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa. Ní thiocfaidh an dlí nó an dlí réime i dtrácht i bhfeidhm go dtí go mbeidh a bhformheas tugtha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

TEIDEAL III

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA

CAIBIDIL I

MARGADH INMHEÁNACH

ROINN 1

BUNÚ AGUS OIBRIÚ AN MHARGAIDH INMHEÁNAIGH

Airteagal III-130

1.   Glacfaidh an tAontas na bearta is gá chun margadh inmheánach a bhunú nó chun oibriú an mhargaidh sin a áirithiú, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Bhunreacht.

2.   Is éard é an margadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n–áiritheofar saorghluaiseacht daoine, seirbhísí, earraí agus caipitil i gcomhréir leis an mBunreacht.

3.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha lena saineofar na treoirlínte agus na coinníollacha is gá chun dul chun cinn cothromúil a áirithiú i ngach ceann de na hearnálacha lena mbaineann.

4.   Nuair a bheidh a thograí á n-ullmhú aige d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a bhaint amach, tabharfaidh an Coimisiún aird ar a mbeidh le déanamh ag geilleagair áirithe nach bhfuil ar aon chéim maidir lena bhforbairt chun an margadh inmheánach a bhunú agus féadfaidh sé bearta iomchuí a mholadh.

Más maoluithe iad na bearta sin, ní foláir dóibh a bheith sealadach agus gan oibriú an mhargaidh inmheánaigh a shuaitheadh ach a laghad is féidir.

Airteagal III-131

Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile d'fhonn na nithe is gá a dhéanamh i gcomhar le chéile chun nach gcoiscfí oibriú an mhargaidh inmheánaigh mar gheall ar bhearta a bheadh le glacadh ag Ballstát i gcás suaitheadh tromchúiseach inmheánach a dhul i gcion ar an ord poiblí, i gcás cogaidh nó i gcás mórtheannais idirnáisiúnta a mbeadh bagairt chogaidh ann, nó chun oibleagáidí a chomhlíonadh a bhí glactha aige d'fhonn an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chaomhnú.

Airteagal III-132

Más rud é go dtiocfaidh de na bearta a ghlacfar sna himthosca dá dtagraítear in Airteagail III-131 agus III-436 saobhadh ar na coinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach, scrúdóidh an Coimisiún an scéal, i gcomhar leis an mBallstát i dtrácht, féachaint conas is féidir na bearta sin a oiriúnú do na rialacha atá leagtha síos sa Bhunreacht.

De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail III-360 agus III-361, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais go díreach má mheasann an Coimisiún nó an Ballstát go bhfuil Ballstát eile ag baint mí-úsáide as na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagail III-131 agus III-436. Tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a rialú i gcúirt iata.

ROINN 2

SAORGHLUAISEACHT DAOINE AGUS SEIRBHÍSÍ

Foroinn 1

Oibrithe

Airteagal III-133

1.   Beidh ag oibrithe an ceart chun gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Aontas.

2.   Toirmiscfear aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta idir oibrithe na mBallstát maidir le fostaíocht, le luach saothair agus le coinníollacha eile oibre agus fostaíochta.

3.   Faoi réir teorainneacha a bhfuil call leo ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí, beidh ag oibrithe an ceart:

(a)

chun glacadh le fostaíocht a tairgeadh iarbhír;

(b)

chun gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát chuige sin;

(c)

chun fanacht i mBallstát le bheith ag gabháil d'fhostaíocht ann de réir na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin a bhfuil fostaíocht náisiúnaigh an Stáit sin faoina rialú;

(d)

chun fuireach i gcríoch Ballstáit tar éis bheith ar fostú sa Stát sin, faoi réir coinníollacha a chorprófar i rialacháin Eorpacha a ghlacfaidh an Coimisiún.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le fostaíocht sa tseirbhís phoiblí.

Airteagal III-134

Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na bearta is gá chun saorghluaiseacht oibrithe a ghnóthú, mar atá sainithe in Airteagal III-133. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Is é is aidhm do na dlíthe Eorpacha nó na dlíthe réime Eorpacha sin ach go háirithe:

(a)

dlúthchomhar a áirithiú idir na seirbhísí náisiúnta fostaíochta;

(b)

na gnásanna agus na cleachtais riaracháin sin agus na tréimhsí cáiliúcháin sin maidir le bheith i dteideal fostaíochta a dhíothú atá ar fáil, cibé acu ó reachtaíocht náisiúnta nó ó chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit a thig siad, a mbeadh a gcoimeád ar bun ina chonstaic ar ghluaiseacht oibrithe a léirscaoileadh;

(c)

na tréimhsí cáiliúcháin agus na srianta eile sin go léir a dhíothú dá bhforáiltear faoi reachtaíocht náisiúnta nó faoi chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit, a fhorchuireann ar oibrithe ó Bhallstáit eile coinníollacha maidir le saor–rogha fostaíochta nach bhforchuirtear ar oibrithe an Stáit atá i gceist;

(d)

sásra iomchuí a chur ar bun chun tairiscintí fostaíochta agus iarratais ar fhostaíocht a thabhairt i dteagmháil le chéile agus chun go n-éascófar cothromaíocht idir soláthar agus éileamh ar mhargadh na fostaíochta d'fhonn go seachnófar aon bhagairt thromchúiseach don chaighdeán maireachtála agus don leibhéal fostaíochta sna réigiúin agus sna tionscail éagsúla.

Airteagal III-135

Taobhóidh na Ballstáit, faoi chuimsiú cláir chomhpháirtigh, le hoibrithe óga a mhalartú le chéile.

Airteagal III-136

1.   I réimse na slándála sóisialta, bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na bearta is gá chun saorghluaiseacht oibrithe a ghnóthú trí shocruithe a dhéanamh chun a áirithiú do na hoibrithe imirceacha fostaithe agus féinfhostaithe agus dá gcleithiúnaithe:

(a)

go gcomhshuimeofar, d'fhonn an ceart chun sochair a fháil agus a choinneáil agus méid an tsochair a ríomh, na tréimhsí uile a chuirtear san áireamh faoi dhlíthe na dtíortha éagsúla;

(b)

go n–íocfar sochair le daoine a chónaíonn ar chríocha na mBallstát.

2.   Má mheasann comhalta den Chomhairle go ndéanfadh dréacht-dlí Eorpach nó dréacht-dlí réime Eorpach dá dtagraítear i mír 1 difear do ghnéithe bunúsacha dá chóras slándála sóisialta, lena n-áirítear a raon feidhme, a chostas nó a struchtúr airgeadais, nó go ndéanfadh sé difear do chothromaíocht airgeadais an chórais sin, féadfaidh sé a iarraidh an t-ábhar a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí. Sa chás sin, déanfar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal III-396 a fhionraí. Tar éis an cheist a phlé agus faoi cheann ceithre mhí amhail ón bhfionraí sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach:

(a)

an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle, cinneadh a chuirfidh deireadh le fionraí an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal III-396, nó

(b)

a iarraidh ar an gCoimisiún togra nua a thíolacadh; sa chás sin, measfar nach bhfuil an gníomh a moladh an chéad uair glactha.

Foroinn 2

Saoirse bunaíochta

Airteagal III-137

Faoi chuimsiú na Foroinne seo, toirmiscfear srianta ar shaoirse bunaíochta náisiúnach de chuid Ballstáit i gcríoch Ballstáit eile. Beidh feidhm ag an toirmeasc sin freisin maidir le srianta ar ghníomhaireachtaí, brainsí nó fochuideachtaí a chur ar bun ag náisiúnaigh d'aon Bhallstát atá bunaithe i gcríoch aon Bhallstáit.

Beidh ag náisiúnaigh de chuid Ballstáit an ceart, i gcríoch Ballstáit eile, chun gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar oibrithe féinfhostaithe agus chun gnóthais a chur ar bun agus a bhainistiú, go háirithe cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d'Airteagal III-142, faoi na coinníollacha atá leagtha síos dá náisiúnaigh féin le dlí an Bhallstáit ina bhfuil suíomh na bunaíochta sin, faoi réir Roinn 4 a bhaineann le caipiteal agus le híocaíochtaí.

Airteagal III-138

1.   Bunófar le dlíthe réime Eorpacha bearta chun an tsaoirse bunaíochta a bhaint amach i gcás gníomhaíochta áirithe. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

2.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na dualgais a thitfidh orthu faoi mhír 1 a fheidhmiú, go háirithe:

(a)

trí thosaíocht a thabhairt, de ghnáth, do ghníomhaíochtaí ina ndéanann an tsaoirse bunaíochta fóntas ar leith d'fhorbairt na táirgeachta agus na trádála;

(b)

trí dhlúthchomhar idir na húdaráis náisiúnta inniúla a áirithiú ionas go gcinnteofar an staid áirithe san Aontas atá ar na gníomhaíochtaí éagsúla atá i gceist;

(c)

trí dhíothú na ngnásanna agus na gcleachtas riaracháin sin, cibé acu ó reachtaíocht náisiúnta nó ó chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit a thig siad, a mbeadh a gcoimeád ar bun ina chonstaic ar shaoirse bunaíochta;

(d)

trína áirithiú go bhféadfaidh oibrithe ó Bhallstát amháin atá ar fostú i gcríoch Ballstáit eile fuireach sa chríoch sin chun gabháil le gníomhaíochtaí ann mar oibrithe féinfhostaithe, má chomhlíonann siad na coinníollacha ba ghá dóibh a shásamh dá mba ag an am a bhí siad ar intinn gabháil leis na gníomhaíochtaí sin a thiocfaidís isteach sa Stát sin;

(e)

trína chumasú do náisiúnach Ballstáit amháin talamh agus foirgnimh a fháil agus a úsáid a bhfuil a suíomh i gcríoch Ballstáit eile, a mhéad nach bhfuil sin contrártha leis na prionsabail atá leagtha síos in Airteagal III-227(2);

(f)

trí dhíothú comhleanúnach a dhéanamh ar shrianta ar shaoirse bunaíochta i ngach brainse gníomhaíochta a bheidh faoi bhreithniú, i gcás na gcoinníollacha maidir le gníomhaireachtaí, brainsí nó fochuideachtaí a chur ar bun i gcríoch Ballstáit agus i gcás na gcoinníollacha lena rialaítear pearsanra de chuid na príomhbhunaíochta a dhul isteach i bpoist bhainistíochta nó maoirseachta sna gníomhaireachtaí, sna brainsí nó sna fochuideachtaí sin;

(g)

trí chomhordú a dhéanamh, a mhéad is gá sin ar na coimircí a éilíonn Ballstáit ar chuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d'Airteagal III-142, ionas go gcosnófar leasanna comhaltaí agus daoine eile, d'fhonn na coimircí sin a chomhionannú ar fud an Aontais;

(h)

trína dheimhniú dóibh féin nach saobhfar na coinníollacha bunaíochta trí chabhracha arna ndeonú ag na Bhallstáit.

Airteagal III-139

Ní bheidh feidhm ag an bhForoinn seo, i gcás aon Bhallstáit áirithe, maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu sa Stát sin, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil.

Féadfaidh dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha gníomhaíochtaí áirithe a eisiamh ó chur i bhfeidhm na Foroinne seo.

Airteagal III-140

1.   Ní rachaidh an Fhoroinn seo, agus na bearta arna nglacadh dá bun, chun dochair d'infheidhmeacht forálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin lena bhforáiltear cóir speisialta do náisiúnaigh choigríche ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí.

2.   Déanfar na forálacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a chomhordú le dlíthe réime Eorpacha.

Airteagal III-141

1.   Éascófar le dlíthe réime Eorpacha do dhaoine gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe. Folóidh siad:

a)

dioplómaí, teastais agus cruthúnais eile ar cháilíochtaí foirmiúla a aithint go frithpháirteach;

b)

comhordú a thabhairt ar na forálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin sna Ballstáit i dtaobh gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe.

2.   gcás ghairm na míochaine agus gairmeacha gaolmhara agus ghairm na cógaisíochta, beidh an díothú comhleanúnach ar shrianta ag brath ar chomhordú choinníollacha a gcleachta sin sna Ballstáit éagsúla.

Airteagal III-142

Cuideachtaí nó gnólachtaí a foirmíodh i gcomhréir le dlí Ballstáit agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu san Aontas, déileálfar leo, chun críocha na Foroinne seo, ar an gcuma chéanna le daoine nádúrtha is náisiúnaigh de Bhallstáit.

Ciallaíonn ‘cuideachtaí nó gnólachtaí’ cuideachtaí nó gnólachtaí a bunaíodh faoin dlí sibhialta nó faoin dlí tráchtála, lena n-áirítear comharchumainn, agus daoine dlítheanacha eile a rialaítear le dlí poiblí nó le dlí príobháideach, cé is moite díobh siúd atá seachbhrabúsach.

Airteagal III-143

Tabharfaidh Ballstáit do náisiúnaigh na mBallstát eile an chóir chéanna a thugann siad dá náisiúnaigh féin maidir le rannpháirtíocht i gcaipiteal cuideachtaí nó gnólachtaí, de réir bhrí an dara mír d'Airteagal III-142, gan dochar do chur i bhfeidhm na bhforálacha eile den Bhunreacht.

Foroinn 3

Saoirse chun seirbhísí a sholáthar

Airteagal III-144

Faoi chuimsiú na Foroinne seo, déanfar srianta ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar san Aontas a thoirmeasc i gcás náisiúnaigh de chuid Ballstáit atá bunaithe i mBallstát seachas Ballstát an duine dá bhfuil na seirbhísí ceaptha.

Féadfaidh dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha an Fhoroinn seo a chur chun sochair do sholáthróirí seirbhísí is náisiúnaigh de thríú Stát agus atá bunaithe san Aontas.

Airteagal III-145

Measfar gur ‘seirbhísí’ chun críocha an Bhunreachta seirbhísí a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair, sa mhéid nach bhfuil siad faoi réir na bhforálacha a bhaineann le saorghluaiseacht daoine, earraí agus caipitil.

Áireofar go háirithe gur ‘seirbhísí’:

(a)

gníomhaíochtaí de chineál tionsclaíoch;

(b)

gníomhaíochtaí de chineál tráchtála;

(c)

gníomhaíochtaí aos ceirde;

(d)

gníomhaíochtaí aos gairme.

Gan dochar d'Fhoroinn 2 a bhaineann le saoirse bunaíochta, féadfaidh soláthróir seirbhíse, chun go bhféadfaidh sé nó sí an tseirbhís a sholáthar, a ghníomhaíocht nó a gníomhaíocht a shaothrú go sealadach sa Bhallstát ina soláthraítear an tseirbhís, faoi na coinníollacha céanna a fhorchuireann an Stát sin ar a náisiúnaigh féin.

Airteagal III-146

1.    Beidh an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réim an iompair faoi rialú Roinn 7 de Chaibidil III a bhaineann le hiompar.

2.    Déanfar an léirscaoileadh ar sheirbhísí baincéireachta agus árachais a bhaineann le gluaiseachtaí caipitil i gcomhréim leis an léirscaoileadh ar ghluaiseacht caipitil.

Airteagal III-147

1.   Bunóidh dlíthe réime Eorpacha bearta chun léirscaoileadh seirbhíse áirithe a ghnóthú. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

2.   Tabharfaidh na dlíthe réime Eorpacha dá dtagraítear i mír 1 tosaíocht de ghnáth do na seirbhísí sin a bhfuil éifeacht acu go díreach ar chostais táirgthe nó a gcuidíonn a léirscaoileadh le trádáil in earraí a chur chun cinn.

Airteagal III-148

Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun seirbhísí a léirscaoileadh thar mar is gá faoi na dlíthe réime Eorpacha arna nglacadh de bhun Airteagal III-147(1), má dhéanann a staid eacnamaíoch i gcoitinne agus bail na hearnála áirithe dá ngeilleagar sin a cheadú.

Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún moltaí chuig na Ballstáit i gceist.

Airteagal III-149

Fad a bheidh srianta ar shaoirse chun seirbhísí a sholáthar gan díothú, cuirfidh na Ballstáit na srianta sin i bhfeidhm gan idirdhealú ar fhoras náisiúntachta ná áite cónaithe ar gach duine a sholáthraíonn seirbhísí de réir bhrí na chéad mhíre d'Airteagal III-144.

Airteagal III-150

Beidh feidhm ag Airteagail III-139 go III-142 maidir leis na hábhair a rialaítear leis an bhForoinn seo.

ROINN 3

SAORGHLUAISEACHT EARRAÍ

Foroinn 1

Aontas custaim

Airteagal III-151

1.   Cuimseoidh an tAontas aontas custaim a fholóidh an trádáil go léir in earraí, agus a bhéarfaidh go dtoirmiscfear idir na Ballstáit dleachtanna custaim ar allmhairí agus ar onnmhairí agus gach muirear comhéifeachta, agus go nglacfar le comhtharaif chustaim ina gcaidreamh le tríú tíortha.

2.   Beidh feidhm ag mír 4 agus Foroinn 3 a bhaineann le srianta cainníochtúla a thoirmeasc maidir le táirgí de thionscnamh na mBallstát agus le táirgí ó thríú tíortha atá ar saorchúrsaíocht sna Ballstáit.

3.   Measfar táirgí ó thríú tír a bheith ar saorchúrsaíocht i mBallstát má comhlíonadh foirmiúlachtaí an allmhairithe agus gur toibhíodh sa Bhallstát sin aon dleachtanna custaim nó muirir chomhéifeachta is iníoctha agus murar thairbhigh siad d'aisíoc iomlán nó páirteach ar na dleachtanna nó na muirir sin.

4.   Toirmiscfear dleachtanna custaim ar allmhairí agus ar onnmhairí agus muirir chomhéifeachta idir na Ballstáit. Beidh feidhm ag an toirmeasc sin freisin maidir le dleachtanna custaim de chineál fioscach.

5.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha agus na cinntí Eorpacha lena socrófar dleachtanna na Comhtharaife Custaim.

6.   Chun na cúraimí a chuirtear air faoin Airteagal seo a chomhlíonadh, beidh mar stiúir ag an gCoimisiún:

(a)

an gá atá ann an trádáil idir na Ballstáit agus tríú tíortha a chur ar aghaidh;

(b)

forbairtí i gcoinníollacha iomaíochta laistigh den Aontas sa mhéid go dtugann siad feabhsú ar chumas iomaíochta gnóthas;

(c)

riachtanais an Aontais maidir le soláthar amhábhar agus earraí leathchríochnaithe; i ndáil leis sin de féachfaidh an Coimisiún chuige nach saobhfar coinníollacha iomaíochta idir na Ballstáit i gcás earraí críochnaithe;

(d)

an gá atá ann suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagair na mBallstát a sheachaint agus a áirithiú go dtiocfaidh forbairt réasúnach faoin táirgeadh agus forleathnú ar thomhaltas earraí san Aontas.

Foroinn 2

Comhar custaim

Airteagal III-152

Laistigh de raon feidhme an Bhunreachta, bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha bearta chun comhar custaim idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún a neartú.

Foroinn 3

Srianta cainníochtúla a thoirmeasc

Airteagal III-153

Toirmiscfear idir na Ballstáit srianta cainníochtúla ar allmhairí agus ar onnmhairí agus gach beart comhéifeachta.

Airteagal III-154

Ní fhágann Airteagal III-153 go mbeidh bac ar thoirmisc nó ar shrianta ar allmhairí, onnmhairí nó earraí faoi bhealach, más gá a leithéid ar mhaithe leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil phoiblí; chun sláinte agus saol daoine nó ainmhithe nó plandaí a chosaint; chun seoda náisúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta a chosaint; nó chun maoin tionscail agus tráchtála a chosaint. Ach ní cead áis a bhaint as na toirmisc ná na srianta sin le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Bhallstáit.

Airteagal III-155

1.   Déanfaidh na Ballstáit coigeartú ar aon státmhonaplachtaí de chineál tráchtála chun a áirithiú nach mbeidh aon idirdhealú ann idir náisiúnaigh de na Ballstáit maidir leis na coinníollacha faoina bhfaightear earraí agus faoina gcuirtear ar an margadh iad.

Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon chomhlacht trína ndéanann Ballstát, ó dhlí nó ó fhíoras, maoirsiú nó cinneadh nó tionchar suntasach a oibriú, go díreach nó go hindíreach, ar allmhairí nó onnmhairí idir na Ballstáit. Beidh feidhm aige mar an gcéanna maidir le monaplachtaí arna dtarmligean ag an Stát.

2.    Staonfaidh na Ballstáit ó aon bheart nua a thabhairt isteach atá contrártha leis na prionsabail atá leagtha síos i mír 1 nó a chuireann srian ar raon feidhme na nAirteagal a bhaineann le dleachtanna custaim agus srianta cainníochtúla a thoirmeasc idir na Ballstáit.

3.   Má bhíonn ag státmhonaplacht de chineál tráchtála rialacha a ceapadh chun gur fusa táirgí talmhaíochta a dhiúscairt nó an fáltas is fearr a ghnóthú astu, ní mór féachaint chuige, agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, go mbeidh a chomhionann sin de choimirce á áirithiú d'fhostaíocht na dtáirgeoirí lena mbaineann agus dá gcaighdeán maireachtála.

ROINN 4

CAIPITEAL AGUS ÍOCAÍOCHTAÍ

Airteagal III-156

Faoi chuimsiú na Foroinne seo, toirmiscfear srianta ar ghluaiseacht caipitil agus ar íocaíochtaí araon idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha.

Airteagal III-157

1.   Beidh Airteagal III-156 gan dochar do chur i bhfeidhm i leith tríú tíortha na srianta atá ann an 31 Nollaig 1993 faoin dlí náisiúnta nó Aontais i ndáil le gluaiseacht caipitil chuig tríú tíortha nó uathu a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach, lena n-áirítear infheistíocht in eastát réadach, le bunaíocht, le soláthar seirbhísí airgeadais nó le hurrúis a ligean isteach ar mhargaí caipitil. Maidir le srianta atá ann faoin dlí náisiúnta san Eastóin agus san Ungáir, is é an 31 Nollaig 1999 an dáta i dtrácht.

2.   Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha bearta i ndáil le gluaiseacht caipitil chuig tríú tíortha nó uathu a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach, lena n-áirítear infheistíocht in eastát réadach, le bunaíocht, le soláthar seirbhísí airgeadais nó le hurrúis a ligean isteach ar mhargaí caipitil.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a ndícheall chun cuspóir na saorghluaiseachta caipitil a bhaint amach idir na Ballstáit agus tríú tíortha a mhéad is féidir agus gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta.

3.   De mhaolú ar mhír 2, is le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle, agus leis sin amháin, a fhéadfar bearta a bhunú atá in ionannas le céim siar i ndlí an Aontais i dtaca le léirscaoileadh gluaiseachta caipitil chuig tríú tíortha nó uathu. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-158

1.   Beidh Airteagal III-156 gan dochar do cheart na mBallstát:

(a)

forálacha ábhartha a ndlí cánach a chur i bhfeidhm a idirdhealaíonn idir cáiníocóirí nach bhfuil sa staid chéanna maidir lena n-áit chónaithe nó maidir leis an áit ina bhfuil a gcuid caipitil infheistithe;

(b)

gach beart fíor-riachtanach a ghlacadh chun sáruithe ar fhorálacha reachtaíochta nó rialúcháin náisiúnta a chosc, go háirithe i réimse an chánachais agus na maoirseachta stuamachta ar institiúidí airgeadais, nó nósanna imeachta a leagan síos maidir le dearbhuithe um ghluaiseachtaí caipitil chun críocha faisnéise riaracháin nó staidrimh, nó bearta a ghlacadh a dhlitear ar fhorais an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí.

2.   Beidh an Roinn seo gan dochar d'infheidhmeacht na srianta ar an gceart bunaíochta atá ag luí leis an mBunreacht.

3.   Ní fhéadfar áis a bhaint as na bearta ná na nósanna imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar shaorghluaiseacht caipitil agus íocaíochtaí mar atá sí sainithe in Airteagal III-156.

4.   Nuair nach bhfuil dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach dá bhforáiltear in Airteagal III-157(3) ann, féadfaidh an Coimisiún, nó, nuair nach bhfuil cinneadh Eorpach ón gCoimisiún ann laistigh de thrí mhí ón mBallstát i dtrácht iarraidh a dhéanamh, féadfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach a ghlacadh á rá go meastar go bhfuil na bearta cánachais sriantacha arna nglacadh ag Ballstát i leith tríú tíre amháin nó níos mó ag luí leis an mBunreacht má tá call leo ar mhaithe le ceann de chuspóirí an Aontais agus go bhfuil siad ag luí le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar iarratas ó Bhallstát.

Airteagal III-159

Má bhíonn, in imthosca eisceachtúla, gluaiseachtaí caipitil chuig tríú tíortha nó uathu ina gcúis, nó ag bagairt bheith ina gcúis, le deacrachtaí tromchúiseacha d'oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha a ghlacadh lena dtabharfar isteach bearta coimirce i leith tríú tíortha go feadh tréimhse nach mó ná sé mhí, má tá fíorghá le bearta den sórt sin. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Airteagal III-160

Nuair is gá, chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal III-257 a ghnóthú, a mhéad a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus gníomhaíochtaí gaolmhara a chosc agus a chomhrac, saineofar le dlíthe Eorpacha creat do bhearta riaracháin maidir le gluaiseachtaí caipitil agus le híocaíochtaí amhail cistí, sócmhainní airgeadais nó gnóthachain eacnamaíocha a reo ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le grúpaí nó le heintitis neamhstáit iad nó atá ina seilbh nó ar teachtadh acu.

Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha chun na dlíthe Eorpacha dá dtagraítear sa chéad mhír a chur chun feidhme.

Áireofar sna gníomhartha dá dtagraítear san Airteagal seo na forálacha is gá i dtaca le coimircí dlíthiúla.

ROINN 5

RIALACHA IOMAÍOCHTA

Foroinn 1

Rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le gnóthais

Airteagal III-161

1.   Toirmiscfear na cleachtais seo a leanas mar chleachtais nach luíonn leis an margadh inmheánach: gach comhaontú idir ghnóthais, gach cinneadh ag comhlachais ghnóthas agus gach cleachtas comhbheartaithe a d'fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Bhallstáit agus arb é a gcuspóir nó a n–éifeacht iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, agus go háirithe iad siúd trína ndéantar:

(a)

praghsanna ceannaigh nó díola nó aon choinníollacha eile trádála a shocrú, go díreach nó go hindíreach;

(b)

táirgeadh, margaí, forbairt theicniúil, nó infheistiú a theorannú nó a rialú;

(c)

margaí nó foinsí soláthair a pháirtiú;

(d)

coinníollacha neamhionanna a chur i bhfeidhm ar idirbhearta coibhéiseacha le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste iad san iomaíocht;

(e)

chun go gcuirfear conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.

2.   Aon chomhaontuithe nó cinntí a thoirmiscfear de bhun an Airteagail seo, beidh siad ar neamhní dá dhroim sin.

3.   Féadfar, áfach, a dhearbhú nach mbeidh mír 1 infheidhme maidir leis na nithe seo a leanas:

aon chomhaontú nó aon chineál comhaontuithe idir ghnóthais,

aon chinneadh nó aon chineál cinntí ag comhlachais ghnóthas,

aon chleachtas comhbheartaithe nó aon chineál cleachtas comhbheartaithe,

a rannchuidíonn le feabhas a thabhairt ar tháirgeadh nó dáileadh earraí a fheabhsú nó leis an dul chun cinn teicniúil nó eacnamaíoch a chur chun cinn, agus cion cothrom den tairbhe uaidh sin a ligean le tomhaltóirí, agus:

(a)

nach bhforchuireann ar na gnóthais i dtrácht srianta nach bhfuil fíor–riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú;

(b)

nach dtugann do na gnóthais sin breith ar iomaíocht a dhíchur i gcás cuid mhór de na táirgí i gceist.

Airteagal III-162

Déanfar aon mhí–úsáid ag gnóthas nó gnóthais ag a bhfuil ceannasacht sa mhargadh inmheánach nó i gcuid mhór de a thoirmeasc mar ní nach luíonn leis an margadh inmheánach sa mhéid go bhféadfaidh sí difear a dhéanamh do thrádáil idir Bhallstáit.

D'fhéadfadh sé go háirithe gurb é atá sa mhí-úsáid sin:

(a)

praghsanna míchóra ceannaigh nó díola nó coinníollacha míchóra eile trádála a fhorchur, go díreach nó go hindíreach;

(b)

an táirgeadh, na margaí nó an fhorbairt theicniúil a theorannú chun dochair do thomhaltóirí;

(c)

coinníollacha neamhionanna a chur i bhfeidhm ar idirbhearta coibhéiseacha le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht iad;

(d)

chun go dtabharfar conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.

Airteagal III-163

Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail atá leagtha amach in Airteagail III-161 agus III-162. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Ceapfar na rialacháin sin go háirithe:

(a)

chun a áirithiú go ngéillfear do na toirmisc atá leagtha síos in Airteagail III-161(1) agus III-162, trí fhíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha a fhoráil ina leith;

(b)

chun rialacha mionsonraithe a leagan síos i dtaobh Airteagal III-161(3) a chur i bhfeidhm, á chur san áireamh an gá atá ann, ar thaobh amháin, maoirsiú éifeachtach a áirithiú agus, ar an taobh eile, an riarachán a shimpliú chomh fada riamh agus is féidir;

(c)

chun sainiú a dhéanamh, más gá, i gcás bhrainsí éagsúla an gheilleagair ar raon feidhme Airteagail III-161 agus III-162;

(d)

chun feidhmeanna an Choimisiúin agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi seach, a shainiú maidir leis na forálacha atá leagtha síos sa mhír seo a chur i bhfeidhm;

(e)

chun an gaol a chinneadh idir dlíthe na mBallstát agus an Fhoroinn seo maille leis na rialacháin Eorpacha arna nglacadh de bhun an Airteagail seo.

Airteagal III-164

Go dtí go dtiocfaidh na rialacháin Eorpacha arna nglacadh de bhun Airteagal III-163 i bhfeidhm, bhéarfaidh údaráis na mBallstát rialú, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus le hAirteagal III-161, go háirithe mír 3, agus le hAirteagal III-162, ar inghlacthacht comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe agus ar mhí-úsáid ceannasachta sa mhargadh inmheánach.

Airteagal III-165

1.   Gan dochar d'Airteagal III-164, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear i bhfeidhm na prionsabail atá leagtha amach in Airteagail III-161 agus III-162. Ar iarratas a fháil ó Bhallstát, nó ar a thionscnamh féin, agus i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát, a thabharfaidh a gcúnamh dó, scrúdóidh an Coimisiún cásanna ina bhfuil amhras gur sáraíodh na prionsabail thuasluaite. Má fhaigheann sé gur tharla sárú, molfaidh sé bearta iomchuí chun deireadh a chur leis.

2.   Mura gcuirfear deireadh leis an sárú dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún cinneadh Eorpach réasúnaithe lena dtaifeadfar an sárú ar na prionsabail. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a fhoilsiú agus a údarú do Bhallstáit na bearta is gá a ghlacadh chun an staid a leigheas, agus saineoidh sé coinníollacha agus sonraí na mbeart sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún rialacháin Eorpacha a ghlacadh a bhaineann leis na haicmí comhaontuithe a bhfuil an Chomhairle tar éis rialachán Eorpach a ghlacadh ina leith i gcomhréir le pointe (b) den dara mír d'Airteagal III-163.

Airteagal III-166

1.   I gcás na ngnóthas poiblí agus na ngnóthas dá dtugann na Ballstáit cearta speisialta nó cearta eisiacha, ní achtóidh na Ballstáit, ná ní choinneoidh siad i bhfeidhm, aon bheart atá contrártha leis an mBunreacht, go háirithe le hAirteagal I-4(2), agus le hAirteagail III-161 go III-169.

2.   Gnóthais arb é a gcúram seirbhísí a oibriú ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta i gcoitinne nó seirbhísí de chineál monaplachta fioscaí, beidh siad faoi réir fhorálacha an Bhunreachta, go háirithe na rialacha iomaíochta, chomh fada is nach dtiocfaidh de na rialacha sin a chur i bhfeidhm bac ar chomhlíonadh, ó dhlí nó ó fhíoras, na gcúram áirithe a ceapadh dóibh. Caithfear gan cur as d'fhorbairt na trádála go feadh méid ba dhochar do leasanna an Aontais.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear forálacha an Airteagail seo i bhfeidhm agus, nuair is gá sin, glacfaidh sé rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha iomchuí.

Foroinn 2

Cabhracha arna ndeonú ag na Ballstáit

Airteagal III-167

1.   Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht, aon chabhair a thabharfaidh Ballstáit nó a thabharfar trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an margadh inmheánach sa mhéid a ndéanann sí difear don trádáil idir Bhallstáit.

2.   Beidh cabhair dá leithéid seo a leanas ag luí leis an margadh inmheánach:

(a)

cabhair de chineál sóisialta do thomhaltóirí aonair, ar chuntar go dtabharfar an chabhair sin gan idirdhealú maidir le tionscnamh na dtáirgí i dtrácht;

(b)

cabhair chun damáiste a shlánú a tharla de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarlachtaintí neamhchoitianta eile;

(c)

cabhair do gheilleagar limistéar áirithe de Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine ar chuir deighilt na Gearmáine as dóibh, sa mhéid gur gá an chabhair sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a tháinig den deighilt sin. Cúig bliana tar éis an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip a theacht i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena n-aisghairfear an pointe seo.

3.   Féadfar a mheas go bhfuil cabhair dá leithéid seo a leanas ag luí leis an margadh inmheánach:

(a)

cabhair chun forbairt eacnamaíoch a thabhairt ar limistéir ina bhfuil an caighdeán maireachtála thar a bheith íseal nó ina bhfuil mórchuid tearcfhostaíochta, agus ar na réigiúin dá dtagraítear in Airteagal III-424, ag féachaint dá staid struchtúrach, eacnamaíoch agus shóisialta;

(b)

cabhair chun cuidiú le tionscadal tábhachtach chun leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn nó chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas;

(c)

cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála go feadh méid atá contrártha leis an leas coiteann;

(d)

cabhair chun cultúr agus caomhnú na hoidhreachta a chur chun cinn nuair nach gcuireann sí isteach ar dhálaí trádála agus iomaíochta san Aontas go feadh méid atá contrártha leis an leas coiteann;

(e)

cabhair de cibé aicmí eile a shonrófar le rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha arna nglacadh ag an gComhairle ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal III-168

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, na córais chabhrach go léir sna Stáit sin a choimeád faoi shíorbhreithniú. Molfaidh sé do na Ballstáit sin aon bhearta iomchuí is gá chun an margadh inmheánach a fhorbairt go comhleanúnach nó chun a oibrithe.

2.   Más rud é, tar éis fógra a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann a mbarúlacha a thíolacadh, go bhfaighidh an Coimisiún go bhfuil cabhair a thug Ballstát nó a tugadh trí bhíthin acmhainní Stáit gan bheith ag luí leis an margadh inmheánach ag féachaint d'Airteagal III-167, nó go bhfuil an chabhair sin á mí-úsáid, glacfaidh sé cinneadh Eorpach lena gcuirfear de cheangal ar an mBallstát i dtrácht an chabhair sin a dhíothú nó a athrú laistigh de thréimhse a chinnfidh an Coimisiún.

Mura gcomhlíonfaidh an Ballstát i dtrácht an cinneadh sin laistigh den tréimhse ordaithe, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát leasmhar eile, de mhaolú ar Airteagail III-360 agus III-361, an t-ábhar a thabhairt faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go díreach.

Féadfaidh an Chomhairle, ar iarratas ó Bhallstát, cinneadh Eorpach a ghlacadh d'aon toil, á rá go measfar cabhair atá á tabhairt nó le tabhairt ag an Stát sin a bheith ag luí leis an margadh inmheánach, de mhaolú ar Airteagal III-167 nó ar na rialacháin Eorpacha dá bhforáiltear in Airteagal III-169, má fhágann imthosca eisceachtúla gur cinneadh cóir é sin. Más rud é, maidir leis an gcabhair sin, go bhfuil an Coimisiún tar éis an nós imeachta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír den mhír seo a thionscnamh cheana féin, beidh d'éifeacht ag an iarratas chun na Comhairle ón mBallstát atá i gceist go bhfionrófar an nós imeachta sin go dtí go mbeidh an Chomhairle tar éis a dearcadh a chur in iúl.

Más rud é, áfach, nach mbeidh a dearcadh curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thrí mhí ó rinneadh an t-iarratas sin, gníomhóidh an Coimisiún.

3.   Cuirfidh na Ballstáit i bhfios don Choimisiún aon phleananna chun cabhair a thabhairt nó a athrú, in am trátha ionas go bhféadfaidh sé a bharúlacha a thabhairt fúthu. Má mheasann sé go bhfuil aon phlean den sórt sin gan bheith ag luí leis an margadh inmheánach, ag féachaint d'Airteagal III-167, tionscnóidh sé, gan mhoill, an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo. Ní chuirfidh an Ballstát na bearta atá ceaptha aige in éifeacht go dtí go bhfaighfear cinneadh críochnaitheach de thoradh an nós imeachta sin.

4.   Féadfaidh an Coimisiún rialacháin Eorpacha a ghlacadh a bhainfidh leis na haicmí cabhrach Stáit a bhfuil cinneadh glactha ag an gComhairle ina leith, de bhun Airteagal III-169, go bhfuil siad díolmhaithe ón nós imeachta dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal III-169

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha a ghlacadh chun Airteagail III-167 agus III-168 a chur i bhfeidhm, agus chun na coinníollacha faoina mbeidh feidhm ag Airteagal III-168(3) a chinneadh mar aon leis na haicmí cabhrach atá díolmhaithe ón nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 168(3). Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

ROINN 6

FORÁLACHA FIOSCACHA

Airteagal III-170

1.   Ní fhorchuirfidh aon Bhallstát, go díreach ná go hindíreach, ar tháirgí Ballstát eile aon chánachas inmheánach de shaghas ar bith de bhreis ar a bhforchuirtear go díreach nó go hindíreach ar a samhail de tháirgí náisiúnta.

Fairis sin, ní fhorchuirfidh aon Bhallstát ar tháirgí Ballstát eile aon chánachas inmheánach de shaghas a thabharfaidh cosaint indíreach do tháirgí eile.

2.   I gcás earraí arna n-onnmhairiú ag Ballstát go críoch Bhallstáit eile, ní bheidh aon aisíocaíocht ar chánachas inmheánach níos mó ná an cánachas inmheánach a forchuireadh orthu, go díreach nó go hindíreach.

3.   I gcás muirear seachas cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus cineálacha eile cánachais indírigh, ní fhéadfar maithiúnais ná aisíocaíochtaí i leith onnmhairí go Ballstáit eile a dheonú ná ní fhéadfar muirir frithchúitimh i leith allmhairí ó Bhallstáit a fhorchur mura mbeidh na forálacha a mheabhraítear formheasta roimh ré go ceann tréimhse teoranta le cinneadh Eorpach arna ghlacadh ag an gComhairle ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal III-171

Déanfar bearta a bhunú le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta a bhaineann le cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus cineálacha eile cánachais indírigh ar chuntar gur gá an comhchuibhiú sin chun bunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus chun saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

ROINN 7

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal III-172

1.   Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht, beidh feidhm ag an Airteagal seo d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal III-130 a bhaint amach. Bunófar le dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha bearta maidir le comhfhogasú na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin atá ceaptha sna Ballstáit chun an margadh inmheánach a bhunú nó a oibriú. Glacfar na dlíthe sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le forálacha fioscacha, le forálacha maidir le saorghluaiseacht daoine ná le forálacha maidir le cearta agus leasanna fostaithe.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na tograí arna dtíolacadh aige faoi mhír 1 maidir le sláinte, sábháilteacht, cosaint an chomhshaoil agus cosaint an tomhaltóra a bhunú ar ardleibhéal cosanta, agus aon fhorbairt nua atá bunaithe ar fhíorais eolaíocha á cur san áireamh ach go háirithe. Faoi chuimsiú a gcumhachtaí faoi seach, féachfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle freisin leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

4.   Más rud é, tar éis beart comhchuibhithe a ghlacadh le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach, nó le rialachán Eorpach ón gCoimisiún, go measfaidh Ballstát gur gá forálacha náisiúnta a choimeád ar bun de bharr riachtanas tábhachtach dá dtagraítear in Airteagal III-154 nó a bhaineann le cosaint an chomhshaoil nó na timpeallachta oibre, déanfaidh sé na forálacha sin, maille leis na forais lena gcoimeád ar bun, a chur in iúl don Choimisiún.

5.   Thairis sin, gan dochar do mhír 4, más rud é, tar éis beart comhchuibhithe a ghlacadh le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach, nó le rialachán Eorpach ón gCoimisiún, go measfaidh Ballstát gur gá forálacha náisiúnta a thabhairt isteach atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch nua maidir le cosaint an chomhshaoil nó na timpeallachta oibre de bharr fadhb a bhaineann go leithleach leis an mBallstát sin agus a thagann chun cinn tar éis don bheart comhchuibhithe a bheith glactha, déanfaidh sé na forálacha arna mbeartú, maille leis na cúiseanna atá leo, a chur in iúl don Choimisiún.

6.   Laistigh de shé mhí ó na fógraí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a fháil, glacfaidh an Coimisiún cinneadh Eorpach lena ndéanfar na forálacha náisiúnta i gceist a fhormheas nó a dhiúltú tar éis dó a fhíorú an bhfuil nó nach bhfuil áis á baint astu le haghaidh idirdhealú treallach nó chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Bhallstáit agus an bhfuil nó nach bhfuil siad ina gconstaic d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh.

Mura ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar go bhfuil na forálacha náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 formheasta.

Nuair atá call leis sin mar gheall ar chastacht an ábhair agus in éagmais contúirte do shláinte an duine, féadfaidh an Coimisiún a chur in iúl don Bhallstát i dtrácht go bhféadfar an tréimhse dá dtagraítear sa mhír seo a fhadú go ceann tréimhse eile suas go sé mhí.

7.   Nuair a údaraítear do Bhallstát, de bhun mhír 6, forálacha náisiúnta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach de mhaolú ar bheart comhchuibhithe, scrúdóidh an Coimisiún láithreach an cóir oiriúnú ar an mbeart sin a mholadh.

8.   Nuair a dhéanfaidh Ballstát fadhb shonrach sláinte poiblí a tharraingt anuas i réimse a bhí ina ábhar roimhe sin do bhearta comhchuibhithe, tabharfaidh sé ar aird don Choimisiún í agus scrúdóidh an Coimisiún láithreach an cóir bearta iomchuí a mholadh.

9.   De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail III-360 agus III-361, féadfaidh an Coimisiún agus Ballstát ar bith an t-ábhar a thabhairt díreach os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh má mheasann siad go bhfuil Ballstát eile ag baint mí-úsáide as na cumhachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo.

10.   Beidh sna bearta comhchuibhithe dá dtagraítear san Airteagal seo, i ngach cás is iomchuí, clásal cosanta lena n-údarófar do na Ballstáit, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna neamheacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal III-154, bearta sealadacha a ghlacadh faoi réir nós imeachta rialaithe de chuid an Aontais.

Airteagal III-173

Gan dochar d'Airteagal III-172, bunófar le dlí réime Eorpach ón gComhairle bearta le haghaidh chomhfhogasú na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin sin de chuid na mBallstát a dhéanann difear go díreach do bhunú nó d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-174

Má fhaigheann an Coimisiún go bhfuil difríocht idir na forálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin i mBallstáit atá ag saobhadh na gcoinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach agus gur gá an saobhadh dá dheasca sin a dhíchur, rachaidh sé i gcomhairle leis na Ballstáit i dtrácht.

Mura dtiocfaidh comhaontú as an gcomhairliúchán sin, bunófar le dlíthe réime Eorpacha na bearta is gá chun an saobhadh i gceist a dhíchur. Féadfar gach beart iomchuí eile dá bhforáiltear sa Bhunreacht a ghlacadh.

Airteagal III-175

1.   Má bhíonn cúis ann chun a cheapadh gur baolach saobhadh de réir bhrí Airteagal III-174 teacht as foráil reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin de chuid Ballstáit a ghlacadh nó a leasú, rachaidh Ballstát a dteastaíonn uaidh sin a dhéanamh i gcomhairle leis an gCoimisiún. Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, díreoidh an Coimisiún moladh chuig na Ballstáit lena mbaineann maidir leis na bearta is iomchuí chun an saobhadh sin a sheachaint.

2.   Mura gcomhlíonfaidh an Ballstát a dteastaíonn uaidh forálacha dá chuid féin a thabhairt isteach nó a leasú an moladh a thug an Coimisiún dó, ní iarrfar, de bhun Airteagal III-174, ar na Ballstáit eile a bhforálacha féin a leasú chun an saobhadh sin a dhíchur. Má bhíonn an Ballstát a thug neamhaird ar mholadh an Choimisiúin ina chúis le saobhadh a rachaidh chun dochair dó féin amháin, ní bheidh feidhm ag Airteagal III-174.

Airteagal III-176

Faoi chuimsiú an margadh inmheánach a bhunú nó a oibriú, bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha bearta maidir le cearta Eorpacha maoine intleachtúla a chruthú chun cosaint chomhionann ar chearta maoine intleachtúla a áirithiú ar fud an Aontais agus maidir le córais lárnaithe um údarú, comhordú agus maoirsiú a chur ar bun ar leibhéal an Aontais.

Bunófar le dlí Eorpach ón gComhairle na socruithe teanga do na cearta Eorpacha maoine intleachtúla. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

CAIBIDIL II

BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA

Airteagal III-177

Chun na gcríoch atá luaite in Airteagal I-3, cuimseoidh gníomhaíochtaí na mBallstát agus an Aontais, mar a bhforáiltear sa Bhunreacht, beartas eacnamaíoch a ghlacadh atá bunaithe ar chomhordú dlúth idir bheartais eacnamaíocha na mBallstát, ar an margadh inmheánach agus ar shainiú comhchuspóirí agus a sheoltar i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht.

Go comhthreomhar leis sin, agus faoi na coinníollacha agus de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Bhunreacht, cuimseoidh na gníomhaíochtaí sin airgeadra aonair, an euro, mar aon le beartas aonair airgeadaíochta agus beartas aonair ráta malairte a shainiú agus a sheoladh arb é is cuspóir príomhúil leo araon cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun agus, gan dochar don chuspóir sin, tacú le beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas, i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht.

Béarfaidh gníomhaíochtaí sin na mBallstát agus an Aontais go ndéanfar na treoirphrionsabail seo a leanas a chomhlíonadh: praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta, dálaí airgeadaíochta fónta agus comhardú cobhsaí íocaíochtaí.

ROINN 1

BEARTAS EACNAMAÍOCH

Airteagal III-178

Seolfaidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha d'fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a ghnóthú, mar atá siad sainithe in Airteagal I-3, agus faoi chuimsiú na mór-threoirlínte dá dtagraítear in Airteagal III-179(2). Gníomhóidh na Ballstáit agus an tAontas i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal III-177.

Airteagal III-179

1.   Measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn a mbeartais eacnamaíocha agus déanfaidh siad comhordú orthu i dtionól na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal III-178.

2.   Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, dréacht a fhoirmiú de mhór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais agus déanfaidh sí tuarascáil ar an méid sin don Chomhairle Eorpach.

Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ar bhonn na tuarascála ón gComhairle, conclúid a phlé ar mhór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais. Ar bhonn na conclúide sin, glacfaidh an Chomhairle moladh a shocróidh na mór-threoirlínte sin. Cuirfidh sí Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoina moladh.

3.   D'fhonn comhordú níos dlúithe ar na beartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach ar fheidhmiú eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú, déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha arna dtíolacadh ag an gCoimisiún, faireachán ar fhorbairtí eacnamaíocha i ngach ceann de na Ballstáit agus san Aontas agus ar chomhchuibheas na mbeartas eacnamaíoch leis na mór-threoirlínte dá dtagraítear i mír 2 agus déanfaidh sí measúnú foriomlán go tráthrialta.

Chun críocha an fhaireacháin iltaobhaigh sin, cuirfidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún ar bhearta tábhachtacha arna nglacadh acu i réimse a mbeartais eacnamaíoch agus pé faisnéis eile a mheasfaidh siad is gá.

4.   Má shuitear, faoi chuimsiú an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil beartais eacnamaíocha Ballstáit comhchuí leis na mór-threoirlínte dá dtagraítear i mír 2 nó gur dóigh dóibh oibriú rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chur i gcontúirt, féadfaidh an Coimisiún foláireamh a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht. Féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, na moltaí is gá a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, ar thogra ón gCoimisiún, a moltaí a phoibliú.

Faoi chuimsiú na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle gan vóta chomhalta na Comhairle a ionadaíonn an Ballstát i dtrácht a chur san áireamh.

Saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí eile na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach.

Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon ar a laghad de na comhaltaí eile sin den Chomhairle a ionadaíonn níos mó ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.

5.   Déanfaidh Uachtarán na Comhairle agus an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa ar thorthaí an fhaireacháin iltaobhaigh. Féadfar a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle láithriú os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa má bhíonn a moltaí poiblithe ag an gComhairle.

6.   Féadfar le dlíthe Eorpacha rialacha mionsonraithe a leagan síos don nós imeachta faireacháin iltaobhaigh dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4.

Airteagal III-180

1.   Gan dochar d'aon nósanna imeachta eile dá bhforáiltear sa Bhunreacht, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena mbunófar na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch, go háirithe má tharlaíonn géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe.

2.   I gcás Ballstát a bheith i ndeacrachtaí nó géardheacrachtaí a bheith ag dianbhagairt air de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena ndeonófar, faoi choinníollacha áirithe, cúnamh airgeadais Aontais don Bhallstát i dtrácht. Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh.

Airteagal III-181

1.   Toirmiscfear ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar bhainc cheannais na mBallstát (dá ngairtear ‘bainc cheannais náisiúnta’ anseo feasta) saoráidí rótharraingtí nó aon saoráid chreidmheasa de shaghas ar bith eile a thabhairt i bhfabhar institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí Aontais, rialtas láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú ag an dlí poiblí nó ghnóthas poiblí na mBallstát, agus toirmiscfear freisin ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar bhainc cheannais náisiúnta ionstraimí fiachais a cheannach go díreach uathu.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hinstitiúidí creidmheasa ar úinéireacht phoiblí ar a gcuireann bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhthéacs soláthair chúlchistí ó bhainc cheannais, an chóir chéanna a chuirtear ar institiúidí creidmheasa príobháideacha.

Airteagal III-182

Toirmiscfear aon bheart nó foráil, nach bhfuil bunaithe ar dhálaí stuamachta, a thugann rochtain phribhléideach ar institiúidí airgeadais d'institiúidí, do chomhlachtaí, d'oifigí nó do ghníomhaireachtaí an Aontais, do rialtais láir, d'údaráis réigiúnacha nó áitiúla nó d'údaráis phoiblí eile, do chomhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó do ghnóthais phoiblí na mBallstát.

Airteagal III-183

1.   Ceangaltais rialtas láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí de chuid aon Bhallstáit, ní bheidh an tAontas faoi dhliteanas ina leith ná ní ghabhfaidh sé air féin iad, gan dochar do ráthaíochtaí airgeadais frithpháirteacha ar mhaithe le comhghnóthú tionscadail shonraigh. Ceangaltais rialtas láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí de chuid Ballstáit eile, ní bheidh Ballstát faoi dhliteanas ina leith ná ní ghabhfaidh sé air féin iad, gan dochar do ráthaíochtaí airgeadais frithpháirteacha ar mhaithe le comhghnóthú tionscadail shonraigh.

2.   Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha a ghlacadh lena sonrófar na sainmhínithe maidir le cur i bhfeidhm na dtoirmeasc dá dtagraítear in Airteagail III-181 agus III-182 agus san Airteagal seo. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-184

1.   Seachnóidh na Ballstáit easnaimh rialtais iomarcacha.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairt na staide buiséadaí agus ar stoc an fhiachais rialtais sna Ballstáit d'fhonn ollearráidí a shainaithint. Scrúdóidh sé ach go háirithe comhlíonadh smachta bhuiséadaigh ar bhonn an dá chritéar seo a leanas:

(a)

an dtéann an cóimheas idir an t-easnamh rialtais pleanáilte nó iarbhír agus an olltáirgeacht intíre thar luach tagartha,

(i)

mura bhfuil an cóimheas tar éis ísliú go suntasach leanúnach agus mura bhfuil sé tar éis leibhéal a shroicheadh atá gar don luach tagartha;

(ii)

nó, ina mhalairt de chás, mura bhfuil san fharasbarr thar an luach tagartha ach farasbarr eisceachtúil agus sealadach amháin agus mura bhfanann an cóimheas gar don luach tagartha;

(b)

an dtéann an cóimheas idir an fiachas rialtais agus an olltáirgeacht intíre thar luach tagartha, mura bhfuil an cóimheas ag laghdú a dhóthain agus ag druidim ar luas sásúil leis an luach tagartha.

Sonraítear na luachanna tagartha sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach.

3.   Mura ndéanfaidh Ballstát na ceanglais faoi cheann amháin de na critéir sin nó faoin dá cheann a chomhall, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil. Cuirfear san áireamh freisin i dtuarascáil an Choimisiúin an dtéann an t-easnamh rialtais thar chaiteachas infheistíochta rialtais maille le gach toisc ábhartha eile lena n-áirítear riocht eacnamaíoch agus buiséadach meántéarmach an Bhallstáit.

Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú freisin má tá sé den tuairim, d'ainneoin chomhall na gceanglas faoi na critéir, go bhfuil baol easnaimh iomarcaigh ann i mBallstát.

4.   Foirmeoidh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, arna chur ar bun faoi Airteagal III-192, tuairim ar thuarascáil an Choimisiúin.

5.   Má mheasann an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach nó baol easnaimh iomarcaigh ann i mBallstát, déanfaidh sé tuairim a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas.

6.   Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, tar éis aon bharúlacha a chur san áireamh is mian leis an mBallstát i dtrácht a chur faoina bráid, a chinneadh tar éis measúnú foriomlán an bhfuil easnamh iomarcach ann. Sa chás sin, glacfaidh sí, gan mhoill, ar mholadh ón gCoimisiún, na moltaí arna ndíriú chuig an mBallstát i dtrácht chun deireadh a chur leis an staid sin laistigh de thréimhse a thugtar. Faoi réir mhír 8, ní dhéanfar na moltaí sin a phoibliú.

Faoi chuimsiú na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle gan vóta chomhalta na Comhairle a ionadaíonn an Ballstát i dtrácht a chur san áireamh.

Saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí eile na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na mBallstát rannpháirteach.

Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí eile sin na Comhairle a ionadaíonn níos mó ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar tromlach cáilithe a bheith ann.

7.   Glacfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, na cinntí Eorpacha agus na moltaí dá dtagraítear i míreanna 8 go 11.

Gníomhóidh sí gan vóta chomhalta na Comhairle a ionadaíonn an Ballstát i dtrácht a chur san áireamh.

Saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí eile na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na mBallstát rannpháirteach.

Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí eile sin na Comhairle a ionadaíonn níos mó ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar tromlach cáilithe a bheith ann.

8.   Má ghlacann an Chomhairle cinneadh Eorpach lena suífear nach bhfuil aon ghníomhaíocht éifeachtach déanta mar fhreagra ar a moltaí laistigh den tréimhse arna leagan síos, féadfaidh sí a moltaí a phoibliú.

9.   Má leanann Ballstát de bheith ag mainneachtain na moltaí ón gComhairle a chur i ngníomh, féadfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach a ghlacadh lena dtabharfar foláireamh don Bhallstát i dtrácht bearta a ghlacadh laistigh de thréimhse shonraithe chun an laghdú easnaimh a bhaint amach a mheasann an Chomhairle a bheith riachtanach chun an staid a leigheas.

Féadfaidh an Chomhairle, i gcás den sórt sin, a iarraidh ar an mBallstát i dtrácht tuarascálacha a thíolacadh de réir tráthchláir shonraigh chun iarrachtaí coigeartaithe an Bhallstáit sin a scrúdú.

10.   Fad nach gcomhlíonann Ballstát cinneadh Eorpach arna ghlacadh i gcomhréir le mír 9, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh beart amháin nó bearta de na cinn seo a leanas a chur i bhfeidhm nó, de réir mar a bheidh, a threisiú:

(a)

a chur de cheangal ar an mBallstát i dtrácht tuilleadh faisnéise, a shonróidh an Chomhairle, a fhoilsiú sula n-eiseoidh sé bannaí agus urrúis;

(b)

a iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta a bheartas a athbhreithniú maidir le hiasachtaí a thabhairt don Bhallstát i dtrácht;

(c)

a chur de cheangal ar an mBallstát i dtrácht taisce neamhúsmhar de mhéid iomchuí a dhéanamh leis an Aontas go dtí go measfaidh an Chomhairle go bhfuil an t-easnamh iomarcach ceartaithe;

(d)

fíneálacha de mhéid iomchuí a ghearradh.

Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na bearta a glacadh.

11.   Aisghairfidh an Chomhairle cuid de na bearta nó na bearta uile dá dtagraítear i mír 6 agus i míreanna 8, 9 agus 10 má mheasann sí go bhfuil an t-easnamh iomarcach sa Bhallstát i dtrácht ceartaithe. Má tá moltaí poiblí déanta ag an gComhairle roimhe sin, déanfaidh sí, a luaithe a aisghairfear an cinneadh Eorpach dá dtagraítear i mír 8, ráiteas poiblí nach bhfuil easnamh iomarcach ann a thuilleadh sa Bhallstát i dtrácht.

12.   Ní fheidhmeofar na cearta chun caingne a thionscnamh, dá bhforáiltear in Airteagail III-360 agus III-361, faoi chuimsiú mhíreanna 1 go 6, ná faoi chuimsiú mhíreanna 8 ná 9.

13.   Tá a thuilleadh forálacha maidir le cur chun feidhme an nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal seo leagtha amach sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach.

Leagfar síos le dlí Eorpach ón gComhairle na bearta is iomchuí chun ionad an Phrótacail sin a ghlacadh. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Faoi réir fhorálacha eile na míre seo, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe agus sainmhínithe chun an Prótacal sin a chur i bhfeidhm. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

ROINN 2

BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

Airteagal III-185

1.   Beidh de chuspóir príomhúil ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais cobhsaíocht praghsanna a choiméad ar bun. Gan dochar don chuspóir sin, tacóidh an Córas Eorpach Banc Ceannais leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas d'fhonn rannchuidiú le gnóthú a chuspóirí mar atá siad leagtha síos in Airteagal I-3. Gníomhóidh an Córas Eorpach Banc Ceannais i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal III-177 á gcomhlíonadh.

2.   Is iad na bunchúraimí a chuirfear i gcrích tríd an gCóras Eorpach Banc Ceannais:

(a)

beartas airgeadaíochta an Aontais a shainiú agus a chur chun feidhme;

(b)

oibríochtaí malairte eachtraí is comhchuí le hAirteagal III-326 a sheoladh,

(c)

cúlchistí oifigiúla eachtracha na mBallstát a shealbhú agus a bhainistiú;

(d)

dea-oibriúchán na gcóras íocaíochtaí a chur chun cinn.

3.   Beidh mír 2(c) gan dochar do Rialtais Bhallstát iarmhéideanna oibre malairte eachtraí a shealbhú agus a bhainistiú.

4.   I dtaca leis an mBanc Ceannais Eorpach:

(a)

rachfar i gcomhairle leis maidir le haon ghníomh Aontais arna bheartú i réimsí laistigh dá chumhachtaí;

(b)

rachaidh údaráis náisiúnta i gcomhairle leis maidir le haon dréachtfhoráil reachtach i réimsí laistigh dá chumhachtaí, ach faoi na teorainneacha agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal III-187(6).

Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach tuairimí ar ábhair laistigh dá chumhachtaí a chur faoi bhráid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais nó faoi bhráid na n-údarás náisiúnta.

5.   Rannchuideoidh an Córas Eorpach Banc Ceannais le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

6.   Féadfaidh dlí Eorpach ón gComhairle cúraimí sonracha a chur ar an mBanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile seachas gnóthais árachais. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Airteagal III-186

1.   Beidh ag an mBanc Ceannais Eorpach an ceart eisiach chun eisiúint nótaí bainc euro san Aontas a údarú. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc den sórt sin a eisiúint. Is ag na nótaí bainc arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag na bainc cheannais náisiúnta, agus ag nótaí bainc den sórt sin amháin, a bheidh an stádas dlíthairisceana laistigh den Aontas.

2.   Féadfaidh na Ballstáit monaí euro a eisiúint faoi réir formheasa ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le méid na heisiúna.

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha a ghlacadh lena mbunófar bearta chun ainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla na monaí le haghaidh cúrsaíochta a chomhchuibhiú a mhéad is gá chun a gcúrsaíocht réidh laistigh den Aontas a cheadú. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Airteagal III-187

1.   Is iad comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, arb iad an Chomhairle Rialaithe agus an Bord Feidhmiúcháin, a rialóidh an Córas Eorpach Banc Ceannais.

2.   Tá Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais leagtha síos sa Phrótacal ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

3.   Féadfar Airteagal 5(1), (2) agus (3), Airteagail 17 agus 18, Airteagal 19(1), Airteagail 22, 23, 24 agus 26, Airteagal 32(2), (3), (4) agus (6), Airteagal 33(1)(a) agus Airteagal 36 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh a leasú le dlíthe Eorpacha:

(a)

ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach;

(b)

nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

4.   Glacfaidh an Chomhairle na rialacháin Eorpacha agus na cinntí Eorpacha lena leagfar síos na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 5(4), Airteagal 19(2), Airteagal 20, Airteagal 28(1), Airteagal 29(2), Airteagal 30(4) agus Airteagal 34(3) de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa:

(a)

ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach;

(b)

nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Airteagal III-188

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh na gcúraimí agus na ndualgas atá curtha orthu leis an mBunreacht agus le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ní fhéadfaidh an Banc Ceannais Eorpach, banc ceannais náisiúnta ná aon chomhalta dá gcomhlachtaí cinnteoireachta teagaisc a iarraidh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, ar aon Rialtas Ballstáit nó ar aon chomhlacht eile ná a ghlacadh uathu. Gabhfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais maille le Rialtais na mBallstát orthu féin an prionsabal sin a urramú agus gan a iarraidh tionchar a oibriú ar chomhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh nó na mbanc ceannais náisiúnta i gcomhlíonadh a gcúraimí.

Airteagal III-189

Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil a chuid reachtaíochta náisiúnta, lena n-áirítear reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí leis an mBunreacht agus le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal III-190

1.   D'fhonn na cúraimí a chuirtear de chúram ar an gCóras Eorpach Banc Ceannais a chomhlíonadh, glacfaidh an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhréir leis an mBunreacht agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh:

(a)

rialacháin Eorpacha a mhéad is gá chun na cúraimí atá sainithe in Airteagal 3(1)(a), in Airteagal 19(1), Airteagal 22 agus Airteagal 25(2) de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh a chur chun feidhme agus i gcásanna a leagfar síos sna rialacháin Eorpacha agus sna cinntí Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal III-187(4);

(b)

na cinntí Eorpacha is gá chun na cúraimí a chuirtear de chúram ar an gCóras Eorpach Banc Ceannais faoin mBunreacht agus faoi Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh a chomhlíonadh;

(c)

moltaí agus tuairimí.

2.   Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a chinneadh a chinntí Eorpacha, a mholtaí agus a thuairimí a fhoilsiú.

3.   Glacfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal III-187(4), na rialacháin Eorpacha lena socrófar na teorainneacha agus na coinníollacha faoina mbeidh an Banc Ceannais Eorpach i dteideal fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar ghnóthais mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoina rialacháin Eorpacha agus faoina chinntí Eorpacha.

Airteagal III-191

Gan dochar d'inniúlachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh, bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na bearta is gá chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Glacfar na dlíthe nó na dlíthe réime sin tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

ROINN 3

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

Airteagal III-192

1.   Chun comhordú bheartais na mBallstát a chur ar aghaidh a mhéad is gá ar mhaithe le hoibriú an mhargaidh inmheánaigh, bunaítear leis seo Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.

2.   Beidh de chúram ar an gCoiste:

(a)

tuairimí a thabhairt, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, le cur faoi bhráid na n-institiúidí sin;

(b)

staid eacnamaíoch agus airgeadais na mBallstát agus an Aontais a choimeád faoi léirmheas agus tuarascáil a dhéanamh go tráthrialta uirthi don Chomhairle agus don Choimisiún, go háirithe i dtaobh an chaidrimh airgeadais le tríú tíortha agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta;

(c)

gan dochar d'Airteagal III-344, rannchuidiú le hullmhúchán d'obair na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal III-159, Airteagal III-179(2), (3), (4) and (6), Airteagail III-180, III-183 agus III-184, Airteagal III-185(6), Airteagal III-186(2), Airteagal III-187(3) agus (4), Airteagail III-191, III-196, Airteagal III-198(2) agus (3), Airteagal III-201, Airteagal III-202(2) agus (3), agus Airteagail III-322 agus III-326, agus na cúraimí eile comhairleacha agus ullmhúcháin arna sannadh dó ag an gComhairle a chur i gcrích;

(d)

an staid a scrúdú, ar a laghad uair sa bhliain, maidir le gluaiseacht caipitil agus saoirse íocaíochtaí, mar a leanann siad ó chur i bhfeidhm an Bhunreachta agus ghníomhartha an Aontais; folóidh an scrúdú gach beart a bhaineann le gluaiseachtaí caipitil agus le híocaíochtaí; déanfaidh an Coiste tuarascáil don Choimisiún agus don Chomhairle ar thoradh an scrúdaithe sin.

Ceapfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach faoi seach beirt chomhaltaí ar a mhéad den Choiste.

3.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach lena leagfar síos a rialacha mionsonraithe maidir le comhdhéanamh an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCoiste. Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin gcinneadh sin.

4.   De bhreis ar na cúraimí dá dtagraítear i mír 2, má tá agus fad atá Ballstáit go maolú dá dtagraítear in Airteagal III-197 ann, coimeádfaidh an Coiste staid airgeadaíochta agus airgeadais maille le córas ginearálta íocaíochtaí na mBallstát sin faoi léirmheas agus déanfaidh sé tuarascáil go tráthrialta don Chomhairle agus don Choimisiún ar an ábhar sin.

Airteagal III-193

Féadfaidh an Chomhairle nó Ballstát, i gcúrsaí faoi raon feidhme Airteagal III-179(4), Airteagal III-184 seachas mír 13, Airteagail III-191, III-196, Airteagal III-198(3) agus Airteagal III-326, a iarraidh ar an gCoimisiún moladh nó togra a dhéanamh, mar is iomchuí. Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh sin agus cuirfidh sé a chonclúidí faoi bhráid na Comhairle gan mhoill.

ROINN 4

FORÁLACHA IS SONRACH DO BHALLSTÁIT A bhFUIL AN EURO MAR AIRGEADRA ACU

Airteagal III-194

1.   D'fhonn oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta mar is cuí a áirithiú, agus i gcomhréir le forálacha ábhartha an Bhunreachta, glacfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha as a measc siúd dá dtagraítear in Airteagail III-179 agus III-184, seachas an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal III-184(13), bearta a bhaineann go sonrach leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu d'fhonn:

(a)

an comhordú ar a smacht buiséadach agus an mhaoirseacht air a neartú;

(b)

treoirlínte beartais eacnamaíoch a leagan amach dóibh, agus é á áirithiú go bhfuil siad ag luí leis na treoirlínte arna nglacadh don Aontas i gcoitinne agus go bhfuil maoirseacht á déanamh orthu.

2.   Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil maidir leis na bearta atá luaite i mír 1 ach comhaltaí sin na Comhairle a ionadaíonn Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí sin na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na mBallstát rannpháirteach.

Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí eile sin na Comhairle a ionadaíonn níos mó ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar tromlach cáilithe a bheith ann.

Airteagal III-195

Leagtar amach leis an bPrótacal maidir leis an nGrúpa Euro na socruithe do chruinnithe idir airí na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Airteagal III-196

1.   D'fhonn ionad an euro sa chóras idirnáisiúnta airgeadaíochta a áirithiú, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach lena mbunófar na comhsheasaimh ar ábhair ina bhfuil leas ar leith don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta laistigh de na hinstitiúidí agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais inniúla. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

2.   Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta iomchuí a ghlacadh chun ionadaíocht aontaithe laistigh de na hinstitiúidí agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais inniúla a áirithiú. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

3.   Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil maidir leis na bearta atá luaite i míreanna 1 agus 2 ach comhaltaí sin na Comhairle a ionadaíonn Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí sin na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na mBallstát rannpháirteach.

Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí eile sin na Comhairle a ionadaíonn níos mó ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa sin meastar tromlach cáilithe a bheith ann.

ROINN 5

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal III-197

1.   ‘Ballstáit go maolú’ a ghairfear anseo feasta ar na Ballstáit nach bhfuil cinnte ag an gComhairle ina leith go gcomhallann siad na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh.

2.   Ní bheidh na forálacha seo a leanas sa Bhunreacht infheidhme maidir le Ballstáit go maolú:

(a)

glacadh na gcodanna sin de na mór-threoirlínte beartais eacnamaíoch a bhaineann leis an limistéar euro i gcoitinne (Airteagal III-179(2));

(b)

meáin chomhéigneacha chun easnaimh iomarcacha a leigheas (Airteagal III-184(9) agus (10));

(c)

cuspóirí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus na cúraimí atá air (Airteagal III-185(1), (2), (3) agus (5));

(d)

eisiúint an euro (Airteagal III-186);

(e)

gníomhartha ón mBanc Ceannais Eorpach (Airteagal III-190);

(f)

bearta a rialaíonn úsáid an euro (Airteagal III-191);

(g)

comhaontuithe airgeadaíochta agus bearta eile a bhaineann leis an mbeartas ráta malairte (Airteagal III-326);

(h)

ceapachán chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh (Airteagal III-382(2));

(i)

cinntí Eorpacha lena mbunaítear comhsheasaimh ar cheisteanna atá fíor–ábhartha don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta laistigh de na hinstitiúidí agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais inniúla (Airteagal III-196(1));

(j)

bearta chun ionadaíocht aontaithe laistigh de na hinstitiúidí agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais a áirithiú (Airteagal III-196(2)).

Dá dheasca sin, sna hAirteagail dá dtagraítear i bpointí (a) go (j), ciallaíonn ‘Ballstáit’ na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

3.   Faoi Chaibidil IX de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, tá Ballstáit go maolú agus a mbainc cheannais náisiúnta eisiata ó na cearta agus ó na hoibleagáidí faoi chuimsiú an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais.

4.   Déanfar cearta vótála chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn Ballstáit go maolú a fhionraí nuair atá na bearta dá dtagraítear sna hAirteagail atá luaite i mír 2 á nglacadh ag an gComhairle, agus sna cásanna seo a leanas:

(a)

moltaí arna gcur faoi bhráid na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu faoi chuimsiú an fhaireacháin iltaobhaigh, lena n-áirítear moltaí ar chláir chobhsaíochta agus foláirimh (Airteagal III-179(4));

(b)

bearta i dtaca le heasnaimh iomarcacha a bhaineann leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu (Airteagal III-184(6), (7), (8) agus (11)).

Saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí eile na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na mBallstát rannpháirteach.

Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí eile sin na Comhairle a ionadaíonn níos mó ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar tromlach cáilithe a bheith ann.

Airteagal III-198

1.   Ar a laghad uair sa dá bhliain, nó arna iarraidh sin do Bhallstát go maolú, déanfaidh an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil don Chomhairle ar dhul chun cinn na mBallstát go maolú i gcomhall a n-oibleagáidí maidir le gnóthú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Beidh sna tuarascálacha sin scrúdú an bhfuil reachtaíocht náisiúnta gach Ballstáit, lena n-áirítear reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí le hAirteagail III-188 agus III-189 agus le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Scrúdóidh na tuarascálacha sin freisin ar gnóthaíodh ardleibhéal de chóineasú inbhuanaithe trí anailís a dhéanamh ar a mhéad atá gach ceann de na Ballstáit sin tar éis na critéir seo a leanas a chomhall:

(a)

gnóthú ardleibhéil chobhsaíochta praghsanna; beidh sé sin follasach ó ráta boilscithe atá gar do ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht praghsanna;

(b)

inbhuaine an riochta airgeadais rialtais; beidh sé sin follasach óir beidh riocht buiséadach rialtais gnóthaithe aige gan easnamh is iomarcach mar atá arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal III-184(6);

(c)

urramú na ngnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear le sásra ráta malairte an chórais airgeadaíochta Eorpaigh ar feadh dhá bhliain ar a laghad, gan díluacháil in aghaidh an euro;

(d)

marthanacht an chóineasaithe a bheidh gnóthaithe ag an mBallstát go maolú agus a rannpháirtíochta sa sásra ráta malairte á brath ar leibhéil fhadtéarmacha rátaí úis.

Déantar na ceithre chritéar atá leagtha síos sa mhír seo agus na tréimhsí ábhartha ar lena linn atá siad le hurramú a fhorbairt a thuilleadh sa Phrótacal maidir leis na critéir um chóineasú. Cuirfear san áireamh freisin sna tuarascálacha ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach torthaí imeascadh na margaí, staid agus forbairt chomhardú na n-íocaíochtaí ar chuntas reatha, agus scrúdú ar fhorbairt costas aonad saothair agus ar innéacsanna eile praghsanna.

2.   Tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tar éis plé sa Chomhairle Eorpach, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach lena mbunófar cé hiad na Ballstáit go maolú a chomhallann na coinníollacha is gá ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos i mír 1 agus aisghairfidh sí maoluithe na mBallstát i dtrácht.

Gníomhóidh an Chomhairle tar éis moladh a fháil ó thromlach cáilithe de na comhaltaí dá cuid a ionadaíonn na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Gníomhóidh na comhaltaí sin laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an Chomhairle an togra ón gCoimisiún a fháil.

Saineofar an tromlach cáilithe dá dtagraítear sa dara fomhír mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí sin na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na mBallstát rannpháirteach. Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí sin na Comhairle a ionadaíonn níos mó ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar tromlach cáilithe a bheith ann.

3.   Má chinntear, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i mír 2, maolú a aisghairm, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha lena socrófar go neamh-inchúlghairthe an ráta ar a gcuirfear an euro in ionad airgeadra an Bhallstáit i dtrácht agus lena mbunófar na bearta eile is gá chun an euro a thabhairt isteach mar airgeadra aonair sa Bhallstát sin. Gníomhóidh an Chomhairle le haontoilíocht na gcomhaltaí a ionadaíonn na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus an Bhallstáit i dtrácht, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Airteagal III-199

1.   Má tá agus fad atá Ballstáit go maolú ann, agus gan dochar d'Airteagal III-187(1), cuirfear ar bun mar thríú comhlacht cinnteoireachta den Bhanc Ceannais Eorpach an Chomhairle Ghinearálta den Bhanc Ceannais Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 45 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

2.   Má tá agus fad atá Ballstáit go maolú ann, déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach, i dtaca leis na Ballstáit sin:

(a)

an comhar idir na bainc cheannais náisiúnta a neartú;

(b)

comhordú bheartais airgeadaíochta na mBallstát a neartú ar mhaithe le cobhsaíocht praghsanna a áirithiú;

(c)

faireachán a dhéanamh ar oibriú an tsásra rátaí malairte;

(d)

comhairliúcháin a chur ar siúl maidir le saincheisteanna a thagann faoi inniúlacht na mbanc ceannais náisiúnta agus a dhéanann difear do chobhsaíocht institiúidí agus margaí airgeadais;

(e)

na cúraimí a bhí ar an gCiste Eorpach um Chomhar Airgeadaíochta tráth, agus a ghabh an Institiúid Airgeadaíochta Eorpach ar láimh ina dhiaidh sin, a fheidhmiú.

Airteagal III-200

Déanfaidh gach Ballstát go maolú a bheartas rátaí malairte a bhreithniú mar ábhar leasa choitinn. Lena linn sin, cuirfidh sé san áireamh taithí an chomhair faoi chuimsiú an tsásra ráta malairte.

Airteagal III-201

1.   I gcás Ballstát go maolú a bheith i ndeacrachtaí, nó deacrachtaí a bheith ag dianbhagairt air, maidir lena chomhardú íocaíochtaí mar thoradh ar éagothromaíocht fhoriomlán sa chomhardú sin nó mar thoradh ar an saghas airgeadra atá ar láimh aige, agus nuair is dóigh go háirithe do na deacrachtaí sin oibriú an mhargaidh inmheánaigh nó cur chun feidhme an chomhbheartais tráchtála a chur i gcontúirt, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú láithreach ar riocht an Stáit i gceist agus ar an ngníomh atá déanta ag an Stát sin nó a fhéadfaidh sé a dhéanamh i gcomhréir leis an mBunreacht, agus úsáid á baint aige as gach meán atá ar láimh aige. Sonróidh an Coimisiún na bearta a mholann sé don Stát i dtrácht lena nglacadh.

Mura leor gníomh an Bhallstáit go maolú agus na bearta arna moladh ag an gCoimisiún chun na deacrachtaí atá tagtha chun cinn nó atá ag bagairt a shárú, molfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, don Chomhairle cúnamh frithpháirteach a dheonú maille leis na modhanna iomchuí chuige sin.

Coinneoidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta ar an staid agus ar a héabhlóid.

2.   Glacfaidh an Chomhairle rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha lena ndeonófar cúnamh frithpháirteach den sórt sin agus lena leagfar síos na coinníollacha agus na sonraí do chúnamh den sórt sin a fhéadfaidh a bheith mar a leanas:

(a)

triall comhbheartaithe chuig aon eagraíocht idirnáisiúnta eile, nó laistigh di, a bhféadfaidh Ballstát go maolú dul ar a hiontaoibh;

(b)

bearta is gá chun sraonadh trádála a sheachaint nuair a dhéanann an Ballstát go maolú, a bhfuil deacrachtaí aige, srianta cainníochtúla i leith tríú tíortha a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach athuair;

(c)

Ballstáit eile creidmheasanna teoranta a dheonú, faoi réir a gcomhaontaithe.

3.   Mura ndeonóidh an Chomhairle an cúnamh frithpháirteach a mholann an Coimisiún nó mura leor an cúnamh frithpháirteach a dheonaítear agus na bearta a ghlactar, údaróidh an Coimisiún don Bhallstát go maolú, a bhfuil deacrachtaí aige, bearta coimirce a ghlacadh agus saineoidh an Coimisiún coinníollacha agus mionsonraí na mbeart sin.

Féadfaidh an Chomhairle údarú den sórt sin a chúlghairm agus coinníollacha agus sonraí den sórt sin a athrú.

Airteagal III-202

1.   Nuair a tharlaíonn géarchéim thobann i gcomhardú na n-íocaíochtaí agus nach nglactar cinneadh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-201(2) láithreach, féadfaidh Ballstát go maolú na bearta cosanta is gá a ghlacadh mar réamhchúram. Ní foláir do bhearta den sórt sin an suaitheadh is lú is féidir a dhéanamh in oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus gan a raon a bheith níos leithne ná mar is fíorghá chun na deacrachtaí tobanna atá tagtha chun cinn a leigheas.

2.   Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi na bearta cosanta dá dtagraítear i mír 1 tráth a dteacht i bhfeidhm ar a dhéanaí. Féadfaidh an Coimisiún moladh don Chomhairle cúnamh frithpháirteach a dheonú faoi Airteagal III-201.

3.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar mholadh ón gCoimisiún, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena bhforáiltear go ndéanfaidh an Ballstát i dtrácht na bearta cosanta dá dtagraítear i mír 1 a leasú, a fhionraí nó a dhíothú.

CAIBIDIL III

BEARTAIS I RÉIMSÍ EILE

ROINN 1

FOSTAÍOCHT

Airteagal III-203

Saothróidh an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhréir leis an Roinn seo, chun straitéis chomhordaithe don fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun fórsa saothair sciliúil oilte solúbtha agus margaí fostaíochta atá oscailte don athrú eacnamaíoch a chur chun cinn d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal I-3 a bhaint amach.

Airteagal III-204

1.   Rannchuideoidh na Ballstáit, trína mbeartais fostaíochta, leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal III-203 a ghnóthú ar dhóigh is comhchuí le mór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal III-179(2).

2.   Measfaidh na Ballstáit, ag féachaint do chleachtais náisiúnta a bhaineann le freagrachtaí na gcomhpháirtithe sóisialta, gur ábhar leasa choitinn é an fhostaíocht a chur chun cinn agus déanfaidh sé comhordú ar a ngníomhaíocht ina leith i dtionól na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal III-206.

Airteagal III-205

1.   Rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal fostaíochta tríd an gcomhar idir Bhallstáit a chothú agus trí thacú lena ngníomhaíocht agus, más gá, tríd an ngníomhaíocht sin a chomhlánú. Lena linn sin, déanfar inniúlachtaí na mBallstát a urramú.

2.   Tabharfar aird ar chuspóir an ardleibhéil fostaíochta i bhfoirmiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais.

Airteagal III-206

1.   Breithneoidh an Chomhairle Eorpach gach bliain staid na fostaíochta san Aontas agus glacfaidh sí conclúidí ar an ábhar sin ar bhonn tuarascála bliantúla comhpháirtí ón gComhairle agus ón gCoimisiún.

2.   Ar bhonn chonclúidí na Comhairle Eorpaí, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, treoirlínte a ghlacadh gach bliain a chuirfidh na Ballstáit san áireamh ina mbeartais fostaíochta. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, le Coiste na Réigiún, leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus leis an gCoiste Fostaíochta.

Beidh na treoirlínte sin comhchuí leis na mór-threoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal III-179(2).

3.   Cuirfidh gach Ballstát tuarascáil bhliantúil ar fáil don Chomhairle agus don Choimisiún maidir leis na príomhbhearta arna nglacadh chun a bheartas fostaíochta a chur chun feidhme i bhfianaise na dtreoirlínte don fhostaíocht dá dtagraítear i mír 2.

4.   Gach bliain, déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 agus tar éis dearcadh an Choiste Fostaíochta a fháil, scrúdú ar chur chun feidhme bheartais fostaíochta na mBallstát i bhfianaise na dtreoirlínte don fhostaíocht. Féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh a dhíreoidh sí chuig na Ballstáit.

5.   Ar bhonn thorthaí an scrúdaithe sin, déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún tuarascáil chomhpháirteach bhliantúil a chuir faoi bhráid na Comhairle Eorpaí maidir le staid na fostaíochta san Aontas agus cur chun feidhme na dtreoirlínte don fhostaíocht.

Airteagal III-207

Féadfar bearta dreasachta a bhunú le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha atá ceaptha chun comhar a chothú idir Bhallstáit agus tacú lena ngníomhaíocht i réimse na fostaíochta trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh malairtí faisnéise agus dea-chleachtais a fhorbairt, trí anailís chomparáideach agus comhairle a sholáthar mar aon le cur chuige nuálaíoch a chur chun cinn agus an taithí a mheas, go háirithe trí leas a bhaint as treoirthionscadail. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Ní chuimseoidh dlíthe Eorpacha ná dlíthe réime Eorpacha comhchuibhiú ar dhlíthe ná ar rialacháin na mBallstát.

Airteagal III-208

Glacfaidh an Chomhairle, trí thromlach simplí, cinneadh Eorpach lena mbunófar Coiste Fostaíochta a mbeidh stádas comhairleach aige chun comhordú idir na Ballstáit maidir le beartais fostaíochta agus margadh an tsaothair a chur chun cinn. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Is iad na cúraimí a bheidh ar an gCoiste:

(a)

faireachán a dhéanamh ar staid na fostaíochta agus ar na beartais fostaíochta san Aontas agus sna Ballstáit;

(b)

gan dochar d'Airteagal III-344, tuairimí a fhoirmiú, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, agus rannchuidiú le hullmhú imeachtaí na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal III-206.

Agus a shainordú á chomhall, rachaidh an Coiste i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta.

Ceapfaidh gach Ballstát beirt chomhaltaí den Choiste agus ceapfaidh an Coimisiún beirt chomhaltaí den Choiste.

ROINN 2

BEARTAS SÓISIALTA

Airteagal III-209

Beidh de chuspóirí ag an Aontas agus ag na Ballstáit, agus aird á tabhairt acu ar chearta sóisialta bunúsacha amhail iad sin atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa arna síniú in Torino an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus i gCairt Chomhphobail 1989 um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe, dlús a chur le fostaíocht, le dálaí feabhsaithe maireachtála agus oibre, chun go bhféadfar iad a chomhchuibhiú agus an feabhsú á choimeád ar bun, le cosaint chuí shóisialta, leis an agallamh idir na comhpháirtithe sóisialta, le hacmhainní daonna a fhorbairt ar mhaithe le hardleibhéal marthanach fostaíochta agus leis an eisiamh a chomhrac.

Chun na críche sin, gníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit agus aird á tabhairt acu ar éagsúlacht na gcleachtas náisiúnta, go háirithe i réimse an chaidrimh chonarthaigh, agus an riachtanas cumas iomaíochta gheilleagar an Aontais a choimeád ar bun.

Creideann siad go leanfaidh forbraíocht den sórt sin ní hamháin as oibirú an mhargaidh inmheánaigh a chuirfidh ar aghaidh comhchuibhiú na gcóras sóisialta, ach freisin as na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Bhunreacht agus as comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát.

Airteagal III-210

1.   D'fhonn cuspóirí Airteagal III-103 a ghnóthú, tacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí na mBallstát agus comhlánóidh sé sna réimsí seo a leanas iad:

(a)

an timpeallacht oibre go háirithe a fheabhsú d'fhonn sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint;

(b)

dálaí oibre;

(c)

slándáil shóisialta agus cosaint shóisialta oibrithe;

(d)

cosaint oibrithe i gcás fhoirceannadh a gconarthaí oibre;

(e)

oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo;

(f)

ionadú agus cosaint chomhchoiteann leasanna oibrithe agus fostóirí, lena n-áirítear comhchinneadh, faoi réir mhír 6;

(g)

dálaí fostaíochta do náisiúnaigh tríú tíortha a chónaíonn go dlíthiúil ar chríoch an Aontais;

(h)

lánpháirtiú daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair, gan dochar d'Airteagal III-283;

(i)

comhionannas idir mná agus fir maidir le deiseanna ar mhargadh an tsaothair agus cóir chomhionann san obair;

(j)

an t-eisiamh sóisialta a chomhrac;

(k)

córais chosanta sóisialta a nuachóiriú, gan dochar do phointe (c).

2.   Chun críocha mhír 1:

(a)

féadfar bearta a bhunú le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha atá ceaptha chun comhar idir na Ballstáit a chothú trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh an t-eolas a fheabhsú, malairtí faisnéise agus dea-chleachtais a fhorbairt, cur chuige nuálaíoch a chur chun cinn agus an taithí a mheas, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát;

(b)

sna réimsí dá dtagraítear i mír 1(a) go (i), féadfar ceanglais íosta a chuirfear chun feidhme de réir a chéile a bhunú le dlíthe réime Eorpacha, ag féachaint do na dálaí agus do na rialacha teicniúla i ngach ceann de na Ballstáit. Staonfar sna dlíthe réime Eorpacha sin ó shrianta riaracháin airgeadais agus dlítheanacha a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide.

I ngach cás, glacfar na dlíthe Eorpacha nó na dlíthe réime Eorpacha sin tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

3.   De mhaolú ar mhír 2, sna réimsí dá dtagraítear i mír 1(c), (d), (f) agus (g), glacfaidh an Chomhairle dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha, ag gníomhú di d'aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh a dhéanfaidh an gnáthnós imeachta reachtach infheidhme maidir le mír 1(d), (f) agus (g). Gníomhóidh sí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

4.   Féadfaidh Ballstát cur chun feidhme na ndlíthe réime Eorpacha arna nglacadh de bhun mhíreanna 2 agus 3, nó, nuair is iomchuí, cur chun feidhme rialachán Eorpach nó cinntí Eorpacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal III-212 a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, arna iarraidh sin dóibh i gcomhpháirt le chéile.

Sa chás sin, áiritheoidh sé go bhfuil, ar dháta nach déanaí ná an dáta nach mór dlí réime Eorpach a thrasuí, nó an dáta nach mór rialachán Eorpach nó cinneadh Eorpach a chur chun feidhme, na bearta is gá tugtha isteach trí chomhaontú ag na comhpháirtithe sóisialta, agus an Ballstát i dtrácht faoi cheangal gach beart is gá a ghlacadh chun a chumasú dó tráth ar bith a bheith in ann na torthaí arna bhforchur leis an dlí réime sin, leis an rialachán sin nó leis an gcinneadh sin a ráthú.

5.   Na dlíthe Eorpacha agus na dlíthe réime Eorpacha arna nglacadh de bhun an Airteagail seo:

(a)

ní dhéanfaidh siad difear do cheart na mBalllstát prionsabail bhunúsacha a gcóras slándála sóisialta a shainiú agus caithfidh siad gan mórdhifear a dhéanamh do chothromaíocht airgeadais na gcóras sin;

(b)

ní choiscfidh siad ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine atá ag luí leis an mBunreacht a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach.

6.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le pá, maidir leis an gceart comhlachais, leis an gceart chun dul ar stailc ná leis an gceart frithdhúnadh a fhorchur.

Airteagal III-211

1.   Cuirfidh an Coimisiún chun cinn an comhairliúchán idir na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais agus glacfaidh sé aon bheart ábhartha chun an t-agallamh eatarthu a éascú trína áirithiú go dtabharfar tacaíocht chothromúil do na páirtithe.

2.   Chun críocha mhír 1, sula dtíolacfaidh sé tograí i réimse an bheartais shóisialta, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ar threo ionchasach gníomhaíochta Aontais.

3.   Má mheasann an Coimisiún, tar éis an chomhairliúcháin sin dá dtagraítear i mír 2, go bhfuil gníomhaíocht Aontais inmhianaithe, rachaidh sé i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ar inneachar an togra arna bheartú. Cuirfidh na comhpháirtithe sóisialta tuairim, nó moladh más iomchuí, ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

4.   Tráth an chomhairliúcháin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, féadfaidh na comhpháirtithe sóisialta a chur i bhfios don Choimisiún gur mian leo an próiseas dá bhforáiltear in Airteagal III-212(1) a thionscnamh. Ní mhairfidh ré an phróisis seo níos mó ná naoi mí mura gcinnfidh na comhpháirtithe sóisialta i dtrácht agus an Coimisiún i gcomhpháirt í a fhadú.

Airteagal III-212

1.   Más é sin is toil leis na comhpháirtithe sóisialta, féadfaidh caidreamh conarthach, lena n-áirítear comhaontuithe, a bheith mar thoradh ar an agallamh eatarthu ar leibhéal an Aontais.

2.   Is i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na cleachtais is sonrach do na comhpháirtithe sóisialta agus do na Ballstáit nó, in ábhair a thig faoi Airteagal III-210, arna iarraidh sin i gcomhpháirt do na páirtithe sínitheacha, trí rialacháin Eorpacha nó trí chinntí Eorpacha arna nglacadh ag an gComhairle ar thogra ón gCoimisiún a chuirfear chun feidhme na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil nuair atá foráil amháin nó níos mó sa chomhaontú i dtrácht a bhaineann le ceann de na réimsí ar gá aontoilíocht dóibh de bhun Airteagal III-210(3).

Airteagal III-213

Chun cuspóirí Airteagal III-209 a ghnóthú agus gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta, cothóidh an Coimisiún comhar idir na Ballstáit agus déanfaidh sé comhordú a ngníomhaíochta a éascú i réimsí uile an bheartais shóisialta faoin Roinn seo, go háirithe i gcúrsaí a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

fostaíocht;

(b)

dlí an tsaothair agus dálaí oibre;

(c)

gairmoiliúint bhunchéime agus ardchéime;

(d)

slándáil shóisialta;

(e)

tionóiscí ceirde agus galair cheirde a chosc;

(f)

sláinteachas ceirde;

(g)

an ceart chun dul i gcomhlachas, agus cómhargáil idir fostóirí agus oibrithe.

Chun na críche sin, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit trí staidéir a dhéanamh, tuairimí a thabhairt agus comhairliúcháin a shocrú i dtaobh fadhbanna a thagann chun cinn ar leibhéal náisiúnta agus fadhbanna is ábhar cúraim d'eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go hiomlán ar an eolas.

Sula dtabharfaidh an Coimisiún na tuairimí dá bhforáiltear san Airteagal seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-214

1.   Áiritheoidh gach Ballstát cur chun feidhme an phrionsabail go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag dul d'oibrithe baineanna agus d'oibrithe fireanna.

2.   Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn ‘pá’ an gnáthphá nó an gnáth-thuarastal bunaidh nó íosta maille le haon chomaoin eile, in airgead tirim nó ina chomhchineál, a fhaigheann an t-oibrí, go díreach nó go hindíreach, óna fhostóir as ucht a fhostaíochta.

Ciallaíonn pá comhionann gan idirdhealú bunaithe ar ghnéas:

(a)

go ndéantar an pá ar an obair chéanna ar thascrátaí a ríomh ar bhonn an aonaid tomhais chéanna;

(b)

i gcás obair de réir amrátaí gurb é an pá céanna a íoctar as an jab céanna.

3.   Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na bearta d'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, lena n-áirítear prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

4.   D'fhonn comhionannas iomlán iarbhír idir mná agus fir a áirithiú i saol na hoibre, ní chuirfidh prionsabal na córa comhionainne cosc ar aon Bhallstát bearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena ndéanfar foráil maidir le buntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe gabháil le gairm bheatha nó chun míbhuntáistí i slite beatha gairmiúla a chosc nó a chúiteamh.

Airteagal III-215

Féachfaidh na Ballstáit leis an gcoibhéis atá ann idir scéimeanna saoire le pá a choimeád ar bun.

Airteagal III-216

Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil gach bliain ar an dul chun cinn atá déanta i gnóthú chuspóirí Airteagal III-209, lena n-áirítear staid dhéimeagrafach an Aontais. Cuirfidh sé an tuarascáil sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-217

Déanfaidh an Chomhairle, trí thromlach cáilithe, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena mbunófar Coiste um Chosaint Shóisialta a mbeidh stádas comhairleach aige chun comhar maidir le beartais cosanta sóisialta a chur chun cinn idir Bhallstáit agus leis an gCoimisiún. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Is iad na cúraimí an Choiste:

(a)

faireachán a dhéanamh ar an staid shóisialta agus ar fhorbairt na mbeartas cosanta sóisialta sna Ballstáit agus san Aontas;

(b)

malairtí faisnéise, taithí agus dea-chleachtais a chur chun cinn idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún;

(c)

gan dochar d'Airteagal III-344, tuarascálacha a ullmhú, tuairimí a fhoirmiú nó obair eile a ghabháil ar láimh laistigh de réimsí a chumhachtaí, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin.

Agus a shainordú á chomhall aige, bunóidh an Coiste tadhaill iomchuí leis na comhpháirtithe sóisialta.

Ceapfaidh gach Ballstát beirt chomhaltaí den Choiste agus ceapfaidh an Coimisiún beirt chomhaltaí den Choiste.

Airteagal III-218

Cuirfidh an Coimisiún isteach ina thuarascáil bhliantúil do Pharlaimint na hEorpa caibidil ar leith ar fhorbairtí sóisialta san Aontas.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar an gCoimisiún tuarascálacha a tharraingt suas i dtaobh aon fhadhbanna áirithe a bhaineann le dálaí sóisialta.

Airteagal III-219

1.   Chun go bhfeabhsófar na deiseanna ar fhostaíocht d'oibrithe sa mhargadh inmheánach agus chun go rannchuideofar amhlaidh leis an gcaighdeán maireachtála a ardú, cuirtear Ciste Sóisialta na hEorpa ar bun, arb é is aidhm dó fostú d'oibrithe a éascú agus méadú a thabhairt ar a soghluaiseacht gheografach agus ghairmiúil laistigh den Aontas agus oiriúnú d'athruithe tionsclaíocha agus d'athruithe sna córais táirgeachta a éascú, go háirithe trí bhíthin na gairmoiliúna agus na hathghairmoiliúna.

2.   Is é an Coimisiún a riarfaidh an Ciste. Sa chúram sin beidh de chúnamh ag an gCoimisiún Coiste a mbeidh comhalta den Choimisiún i gceannas air agus a bheidh comhdhéanta d'ionadaithe ó Bhallstáit agus ó cheardchumainn agus ó eagraíochtaí fostóirí.

3.   Bunófar le dlíthe Eorpacha na bearta cur chun feidhme a bhaineann leis an gCiste. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

ROINN 3

COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH, SÓISIALTA AGUS CRÍOCHACH

Airteagal III-220

D'fhonn forbairt chomhchuí i gcoitinne a chur chun cinn, déanfaidh an tAontas a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú.

Féachfaidh an tAontas go háirithe leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúl agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú.

As na réigiúin lena mbaineann, tabharfar aird faoi leith ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhteach.

Airteagal III-221

Déanfaidh na Ballstáit a mbeartas eacnamaíoch a sheoladh agus a chomhordú d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal III-220 a bhaint amach freisin. Saineofar agus cuirfear beartais agus gníomhaíochtaí an Chomhphobail chun feidhme agus cuirfear an margadh inmheánach chun feidhme le haird ar na cuspóirí sin agus rannpháirteoidh siad i ngnóthú na gcuspóirí sin. Tacóidh an tAontas leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus é ag gníomhú trí bhíthin na gcistí struchtúracha (Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, Ciste Sóisialta na hEorpa, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa), tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí na hionstraimí airgeadais eile atá ann cheana.

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste na Réigiún agus don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta gach trí bliana ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a ghnóthú agus ar an tslí inar rannchuidigh na meáin éagsúla dá bhforáiltear san Airteagal seo leis. Beidh tograí iomchuí in éineacht leis an tuarascáil sin más gá.

Féadfar gach beart sonrach lasmuigh de na Cistí a bhunú le dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha gan dochar do na bearta arna nglacadh faoi chuimsiú bheartais eile an Aontais. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-222

Tá ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a cheartú, trí rannpháirtiú i bhforbairt agus i gcoigeartú struchtúrach na réigiún a bhfuil a bhforbairt tite ar gcúl agus in athrúchán na réigiún tionsclaíoch atá ag meath.

Airteagal III-223

1.   Gan dochar d'Airteagal III-224, saineofar le dlíthe Eorpacha cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gcistí struchtúracha a fhéadfaidh grúpáil na gcistí a chuimsiú, na rialacha ginearálta is infheidhme ina leith mar aon leis na forálacha is gá chun éifeachtúlacht na gcistí agus comhordú eatarthu agus leis na hionstraimí airgeadais eile atá ann cheana a áirithiú.

Déanfaidh Ciste Comhtháthaithe arna chur ar bun le dlí Eorpach ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil do thionscadail i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán traseorpach i gcúrsaí bonneagair iompair.

I ngach cás, glacfar na dlíthe Eorpacha sin tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

2.   Bunófar le dlí Eorpach ón gComhairle na forálacha tosaigh a bhaineann leis na cistí struchtúracha agus leis an gCiste Comhtháthaithe arna nglacadh ina ndiaidh sin atá i bhfeidhm ar dháta an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip a shíniú. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal III-224

Bunófar le dlíthe Eorpacha bearta cur chun feidhme a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Beidh feidhm ag Airteagail III-231 agus III-219(3) faoi seach maidir le Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta agus le Ciste Sóisialta na hEorpa.

ROINN 4

TALMHAÍOCHT AGUS IASCACH

Airteagal III-225

Déanfaidh an tAontas comhbheartas talmhaíochta agus iascaigh a shainiú agus a chur chun feidhme.

Ciallaíonn ‘táirgí talmhaíochta’ torthaí na talún, na tógála stoic agus na hiascaireachta, agus táirgí próiseála céadchéime a bhaineann go díreach leis na torthaí sin. Tuigfear, i gcás tagairtí don chomhbheartas talmhaíochta nó don talmhaíocht agus i gcás úsáid an téarma ‘talmhaíocht’ go bhfuiltear ag tagairt freisin don iascach, ag féachaint do shainairíonna sonracha na hearnála sin.

Airteagal III-226

1.   Sroichfidh an margadh inmheánach chun na talmhaíochta agus chun na trádála i dtáirgí talmhaíochta.

2.   Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt in Airteagail III-227 go III-232, beidh feidhm maidir le táirgí talmhaíochta ag na rialacha atá leagtha síos do bhunú agus d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh.

3.   Na táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn I, beidh siad faoi réir Airteagail III-227 go III-232.

4.   I dteannta an margadh inmheánach do tháirgí talmhaíochta a oibriú agus a fhorbairt, ní foláir comhbheartas talmhaíochta a bhunú.

Airteagal III-227

1.   Is iad cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta:

(a)

táirgiúlacht na talmhaíochta a mhéadú trí dhul chun cinn teicniúil a chur chun cinn agus trína áirithiú go ndéanfar forbairt réasúnach ar tháirgeadh na talmhaíochta agus go n-úsáidfear mar is fearr is féidir na tosca táirgthe, go háirithe na hoibrithe;

(b)

mar sin, caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don lucht talmhaíochta, go háirithe trí thuilleamh gach duine dá mbíonn ag gabháil don talmhaíocht a mhéadú;

(c)

margaí a chobhsú;

(d)

a chinntiú go mbíonn soláthairtí ar fáil;

(e)

a áirithiú go mbíonn soláthairtí á bhfáil ar phraghsanna réasúnta ag tomhaltóirí.

2.   Ar an gcomhbheartas talmhaíochta agus na modhanna speisialta chun a fheidhmithe a bheith á n-oibriú amach, cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

nádúr sainghnéitheach ghníomhaíocht na talmhaíochta, mar gheall ar struchtúr sóisialta na talmhaíochta agus mar gheall ar dhifríochtaí struchtúracha agus ar dhifríochtaí nádúrtha idir na réigiúin éagsúla talmhaíochta;

(b)

an gá atá ann na coigeartuithe is cuí a dhéanamh céim ar chéim;

(c)

an talmhaíocht sna Ballstáit a bheith ina hearnáil atá dlúth-tháite leis an ngeilleagar ina iomláine.

Airteagal III-228

1.   Chun na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal III-227 a ghnóthú, bunófar comheagraíocht mhargaí talmhaíochta.

Is i bhfoirm acu seo a leanas, de réir an táirge i dtrácht, a bheidh an eagraíocht sin:

(a)

comhrialacha iomaíochta;

(b)

comhordú éigeantach ar na heagraíochtaí náisiúnta éagsúla margaíochta;

(c)

eagraíocht Eorpach margaíochta.

2.   An chomheagraíocht a bhunófar de réir mhír 1, féadfaidh sí na bearta uile a chuimsiú is gá chun na haidhmeanna a ghnóthú atá leagtha amach in Airteagal III-227, go háirithe rialú praghsanna, cabhracha chun na táirgí éagsúla a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, córais chun táirgí a stóráil agus a thabhairt anonn agus comhshásra chun allmhairí nó onnmhairí a chobhsú.

Beidh ar an gcomheagraíocht cloí le gnóthú na n-aidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal III-227 agus gan idirdhealú ar bith a dhéanamh idir tháirgeoirí nó idir thomhaltóirí san Aontas.

Bunófar aon chomhbheartas praghsanna ar chomhchaighdeáin agus ar chómhodhanna ríomha.

3.   Chun a chumasú don chomheagraíocht dá dtagraítear i mír 1 a haidhmeanna a ghnóthú, féadfar ciste nó cistí um threoraíocht agus ráthaíocht talmhaíochta a bhunú.

Airteagal III-229

Chun go bhféadfar na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal III-227 a ghnóthú, féadfar socrú a dhéanamh faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta do bhearta mar iad seo:

(a)

comhordú éifeachtach ar iarrachtaí i réimse na gairmoiliúna, an taighde, agus leathadh eolais ar an talmhaíocht; chuige sin, is féidir tionscadail nó institiúidí a mhaoiniú i gcomhar;

(b)

comhbhearta chun tomhaltas táirgí áirithe a chur chun cinn.

Airteagal III-230

1.   Ní bheidh feidhm ag an Roinn a bhaineann le rialacha iomaíochta maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta ach amháin a mhéad a chinnfear le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal III-231(2), ag féachaint do na cuspóirí atá socraithe in Airteagal III-227.

2.   Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialachán Eorpach nó cinneadh Eorpach a ghlacadh lena n-údarófar cabhair a dheonú:

(a)

chun fiontair a chosaint atá faoi chis mar gheall ar dhálaí struchtúracha nó nádúrtha;

(b)

faoi chuimsiú clár forbartha eacnamaíoch.

Airteagal III-231

1.   Déanfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh chun an comhbheartas talmhaíochta a leagan amach agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear ceann de na foirmeacha comheagraíochta dá bhforáiltear in Airteagal III-228(1) a chur in ionad na n–eagraíochtaí náisiúnta, agus chun na bearta dá dtagraítear sa Roinn seo a chur chun feidhme.

Sna tograí sin cuirfear san áireamh idirthuilleamaíocht na gcúrsaí talmhaíochta dá dtagraítear sa Roinn seo.

2.   Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha comheagraíocht na margaí dá bhforáiltear in Airteagal III-228(1) agus na forálacha eile is gá chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta agus an chomhbheartais iascaigh a shaothrú. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

3.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha a bhaineann le praghsanna, tobhaigh, cabhair agus srianta cainníochtúla a shocrú agus maidir le háraigh iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt.

4.   I gcomhréir le mír 2, féadfar an chomheagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal III-228(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta, más rud é:

(a)

go dtairgeann an chomheagraíocht do na Ballstáit atá ina choinne sin, agus a bhfuil eagraíocht dá gcuid féin acu don táirgeadh i dtrácht, a chomhionann sin de ráthú um fhostaíocht agus caighdeán maireachtála na dtáirgeoirí a bheidh i gceist, ag féachaint do na hoiriúnuithe is indéanta agus don speisialtóireacht is gá le himeacht aimsire;

(b)

go n-áirithíonn an eagraíocht sin dálaí trádála san Aontas mar atá i margadh náisiúnta.

5.   Má bhíonn comheagraíocht d'amhábhair áirithe bunaithe sula mbeidh comheagraíocht ann do na táirgí próiseáilte a fhreagraíonn dóibh, féadfar na hamhábhair a úsáidtear do tháirgí próiseáilte atá le honnmhairiú go tríú tíortha a allmhairiú ó lasmuigh den Aontas.

Airteagal III-232

Nuair a dhéantar i mBallstát táirge a thabhairt faoi eagraíocht náisiúnta margaíochta nó faoi rialacha inmheánacha comhéifeachta a imríonn ar staid iomaíochta a shamhail de tháirgeadh i mBallstát eile, cuirfidh na Ballstáit muirear frithchúitimh ar an táirge sin, arna allmhairiú ón mBallstát ina bhfuil an eagraíocht nó na rialacha sin, mura rud é go gcuireann an Stát sin muirear cúiteach chun feidhme ar onnmhairí.

Glacfaidh an Coimisiún rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha lena socrófar méid na muirear sin ar an leibhéal is gá chun an chothromaíocht a shlánú. Féadfaidh sé freisin bearta eile a údarú a gcinnfidh sé a gcoinníollacha agus a sonraí.

ROINN 5

COMHSHAOL

Airteagal III-233

1.   Rannchuideoidh beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil leis na cuspóirí seo a leanas a shaothrú:

(a)

mianach an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú;

(b)

sláinte an duine a chosaint;

(c)

acmhainní nádúrtha a úsáid go stuama réasúnach;

(d)

bearta a chur chun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna réigiúnacha nó domhanda an chomhshaoil.

2.   Beidh sé d'aidhm ag beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil ardleibhéal cosanta a shroicheadh ag cur san áireamh éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais. Fothófar é ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar na prionsabail gur cóir bearta coisctheacha a ghlacadh, go dtabharfar tosaíocht do bhearta chun damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse agus gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as.

Sa chomhthéacs sin, beidh sna bearta comhchuibhithe a fhreagraíonn do cheanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, i gcásanna iomchuí, clásal coimirce a údaróidh do na Ballstáit bearta sealadacha, a bheidh faoi réir nós imeachta rialaithe ag an Aontas, a ghlacadh ar fhorais chomhshaoil neamheacnamaíocha.

3.   Agus a bheartas i réimse an chomhshaoil á ullmhú aige, cuirfidh an tAontas san áireamh:

(a)

a bhfuil ar fáil de shonraí eolaíocha agus teicniúla;

(b)

dálaí an chomhshaoil i réigiúin éagsúla an Aontais;

(c)

na buntáistí agus na costais a fhéadfaidh a theacht as gníomhaíocht nó easpa gníomhaíochta;

(d)

forbairt eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais ina iomláine agus forbairt chothromúil a chuid réigiún.

4.   Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh an tAontas agus na Ballstáit le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh na socruithe do chomhar an Aontais a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

Airteagal III-234

1.   Cinnfear le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha an ghníomhaíocht atá le gabháil ar láimh chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal III-233 a ghnóthú. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

2.   De mhaolú ar mhír 1 agus gan dochar d'Airteagal III-172 glacfaidh an Chomhairle d'aon toil dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha lena mbunófar:

(a)

forálacha atá de chineál fioscach go príomha;

(b)

bearta a dhéanann difear:

(i)

do phleanáil baile agus tuaithe;

(ii)

do bhainistíocht chainníochtúil ar acmhainní uisce nó a dhéanann difear go díreach nó go hindíreach do na hacmhainní sin a bheith ar fáil;

(iii)

d'úsáid talún seachas bainistíocht dramhaíola;

(c)

bearta a dhéanann difear suntasach do rogha Bhallstáit idir fhoinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh.

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh d'aon toil lena ndéanfar infheidhme an gnáthnós imeachta reachtach maidir leis na hábhair dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

I ngach cás, gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

3.   Bunófar le dlíthe Eorpacha cláir ghníomhaíochta ghinearálta lena socrófar na cuspóirí tosaíochta a bheidh le gnóthú. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Glacfar na bearta is gá chun na cláir sin a chur chun feidhme, faoi théarmaí mhír 1 nó mhír 2, de réir mar a bheidh.

4.   Gan dochar do bhearta áirithe arna nglacadh ag an Aontas, déanfaidh na Ballstáit an beartas comhshaoil a mhaoiniú agus a chur chun feidhme.

5.   Gan dochar don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, i gcás go mbéarfaidh beart arna bhunú ar mhír 1 costais a mheastar is díréireach d'údaráis phoiblí Ballstáit, forálfar i bhfoirm iomchuí leis an mbeart sin:

(a)

do mhaoluithe sealadacha agus/nó

(b)

do thacaíocht airgeadais ón gCiste Comhtháthaithe.

6.   Ní choiscfidh na bearta cosanta arna nglacadh de bhun an Airteagail seo ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach. Ní mór do bhearta den sórt sin a bheith ag luí leis an mBunreacht. Cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

ROINN 6

COSAINT TOMHALTÓIRÍ

Airteagal III-235

1.   Chun leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, rannchuideoidh an tAontas le sláinte, sábháilteacht agus leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a chosaint, maille lena gceart chun faisnéise agus oideachais a chur chun cinn agus chun iad féin a eagrú ar mhaithe lena leasanna a choimirciú.

2.   Rannchuideoidh an tAontas leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú:

(a)

trí bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal III-172 faoi chuimsiú bhunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh;

(b)

trí bhearta lena dtacaítear leis an mbeartas arna shaothrú ag na Ballstáit, lena bhforlíontar é agus lena ndéanfar faireachán air.

3.   Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na bearta dá dtagraítear i mír 2(b). Glacfar na dlíthe sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

4.   Ní choiscfidh gníomhartha arna nglacadh de bhun mhír 3 ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach. Ní mór d'fhorálacha den sórt sin a bheith ag luí leis an mBunreacht. Cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

ROINN 7

IOMPAR

Airteagal III-236

1.   Déanfar cuspóirí an Bhunreachta, in ábhair atá faoi rialú ag an Teideal seo, a shaothrú faoi chuimsiú comhbheartais iompair.

2.   Déanfar mír 1 a chur chun feidhme le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha, ag cur sainghnéithe an iompair san áireamh. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Bunófar leis na dlíthe Eorpacha sin nó leis na dlíthe réime Eorpacha sin:

(a)

comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta go críoch Ballstáit nó uaithi nó ag gabháil trí chríoch Ballstáit amháin nó níos mó;

(b)

na coinníollacha faoina bhféadfaidh carraeirí nach gcónaíonn ann seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát;

(c)

na bearta ar mhaithe le feabhas a thabhairt ar shábháilteacht an iompair;

(d)

aon bheart eile iomchuí.

3.   Agus na dlíthe Eorpacha nó na dlíthe réime Eorpacha dá dtagraítear i mír 2 á nglacadh, cuirfear san áireamh na cásanna sin ina bhféadfadh a gcur i bhfeidhm éifeacht thromchúiseach a bheith aige ar an gcaighdeán maireachtála agus ar leibhéal na fostaíochta i réigiúin áirithe, agus ar oibriú saoráidí iompair.

Airteagal III-237

Go dtí go nglacfar na dlíthe Eorpacha nó na dlíthe réime Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal III-236(2), ní fhéadfaidh aon Bhallstát, mura mbeidh cinneadh Eorpach lena ndeonófar maolú glactha d'aon toil ag an gComhairle, cuid is lú fabhar, ina n-éifeacht dhíreach nó indíreach ar charraeirí Ballstát eile i gcomparáid le carraeirí is náisiúnaigh dá chuid féin, a thabhairt sna forálacha éagsúla a bhfuil an t-ábhar faoina rialú an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás Stát aontach, ar dháta a n-aontachais.

Airteagal III-238

Luífidh cabhracha leis an mBunreacht má fhreastalaíonn siad ar na riachtanais atá ann maidir le comhordú an iompair nó más é atá iontu aisíocaíocht as oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh ar gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí iad.

Airteagal III-239

Aon bhearta arna nglacadh faoi chuimsiú an Bhunreachta maidir le rátaí agus coinníollacha iompair, cuirfear imthosca eacnamaíocha na gcarraeirí san áireamh iontu.

Airteagal III-240

1.   Toirmiscfear, i gcás iompair san Aontas, aon idirdhealú trína ndéanann carraeirí rátaí difriúla a bhaint amach agus coinníollacha difriúla a fhorchur as na hearraí céanna a iompar ar na hidirbhealaí céanna iompair mar gheall ar Bhallstát thionscnamh nó cheann scríbe na n-earraí i dtrácht.

2.   Ní choiscfear le mír 1 dlíthe Eorpacha ná dlíthe réime Eorpacha eile a ghlacadh de bhun Airteagal III-236(2).

3.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha chun mír 1 a chur chun feidhme. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Féadfaidh an Chomhairle, go háirithe, na rialacháin Eorpacha agus na cinntí Eorpacha is gá a ghlacadh chun a chumasú do na hinstitiúidí a thabhairt go gcomhlíonfar an riail atá leagtha síos i mír 1 agus a áirithiú go mbeidh a tairbhe iomlán ag úsáidirí.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, uaidh féin nó ar iarratas ó Bhallstát, scrúdú ar aon chásanna idirdhealaithe a thig faoi mhír 1 agus, tar éis dul i gcomhairle le haon Bhallstát lena mbaineann, glacfaidh sé cibé cinntí is gá faoi chuimsiú na rialachán Eorpach agus na gcinntí Eorpacha dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal III-241

1.   Toirmiscfear ar Bhallstát rátaí agus coinníollacha, a bhfuil tacaíocht nó cosaint ar bith ag roinnt leo ar mhaithe le gnóthas nó tionscal áirithe amháin nó níos mó, a fhorchur i leith gníomhaíochtaí iompair san Aontas, mura n-údarófar amhlaidh le cinneadh Eorpach ón gCoimisiún.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, uaidh féin nó ar iarratas ó Bhallstát, scrúdú ar na rátaí agus ar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, á chur san áireamh go háirithe, ar thaobh amháin, a bhfuil riachtanach do bheartas eacnamaíoch réigiúnach iomchuí, riachtanais limistéar tearcfhorbartha agus fadhbanna limistéar a bhfuil imthosca polaitiúla ag cur as dóibh go mór agus, ar an taobh eile, éifeachtaí na rátaí agus na gcoinníollacha sin ar an iomaíocht idir na modhanna éagsúla iompair.

Tar éis dul i gcomhairle le gach Ballstát lena mbaineann, glacfaidh an Coimisiún na cinntí Eorpacha is gá.

3.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá bhforáiltear i mír 1 maidir leis na taraifí a socraíodh faoi chomhair iomaíochta.

Airteagal III-242

Na muirir nó na dleachtanna a éileoidh carraeir as teorainneacha a thrasnú, i dteannta na rátaí iompair, ní ghabhfaidh siad thar leibhéal réasúnta, ar na costais a tabhaíodh iarbhír sa trasnú sin a chur san áireamh.

Féachfaidh na Ballstáit leis na costais sin a laghdú.

Féadfaidh an Coimisiún moltaí a chur faoi bhráid na mBallstát maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal III-243

Ní bheidh forálacha na Roinne seo ina gconstaic ar chur i bhfeidhm beart arna nglacadh i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, sa mhéid gur gá na bearta sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a thug deighilt na Gearmáine ar an ngeilleagar i limistéir áirithe de Phoblacht na Cónaidhme ar chuir an deighilt sin as dóibh. Cúig bliana tar éis Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip a theacht i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena ndéanfar an tAirteagal seo a aisghairm.

Airteagal III-244

Cuirfear coiste comhairleach de shaineolaithe arna n-ainmniú ag rialtais na mBallstát ag gabháil leis an gCoimisiún. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste, aon uair is fóinteach leis é, i dtaobh cúrsaí iompair.

Airteagal III-245

1.   Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hiompar d'iarnród, de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre.

2.   Féadfar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na bearta is iomchuí a bhunú do mhuiriompar agus d'aeriompar. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

ROINN 8

GRÉASÁIN THRASEORPACHA

Airteagal III-246

1.   D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagail III-130 agus III-220 agus d'fhonn a chumasú do shaoránaigh an Aontais, d'oibreoirí eacnamaíocha agus do phobail réigiúnacha agus áitiúla tairbhiú go hiomlán de na buntáistí a chinfidh ó limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chur ar bun, rannchuideoidh an tAontas le gréasáin thraseorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnálacha bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

2.   Faoi chuimsiú córas margaí a bheidh ar oscailt agus a bheidh iomaíoch, beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht an Aontais taobhú le hidirnascadh agus le hidir-inoibritheacht na ngréasán náisiúnta agus le rochtain ar na gréasáin sin. Tabharfaidh sé aird go háirithe ar an ngá atá ann na réigiúin oileánacha, talamhiata agus forimeallacha a nascadh le réigiúin láir an Aontais.

Airteagal III-247

1.   D'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal III-246 a ghnóthú:

(a)

bunóidh an tAontas sraith treoirlínte a fholóidh cuspóirí, tosaíochtaí agus imlínte na ngníomhaíochtaí arna mbeartú i réimse na ngréasán traseorpach; sonróidh na treoirlínte sin tionscadail chomhleasa;

(b)

cuirfidh an tAontas chun feidhme gach gníomhaíocht a mheasfar is gá chun idir-inoibritheacht na ngréasán a áirithiú, go háirithe i réimse chomchuibhiú na gcaighdeán teicniúl;

(c)

féadfaidh an tAontas tacú le tionscadail chomhleasa lena dtacóidh na Ballstáit agus a shonrófar faoi chuimsiú na dtreoirlínte dá dtagraítear i bpointe (a), go háirithe trí bhíthin staidéar féidearthachta, ráthaíochtaí iasachta nó fóirdheontais úis; féadfaidh an tAontas rannchuidiú freisin tríd an gCiste Comhtháthaithe le maoiniú tionscadal sonrach sna Ballstáit i réimse bhonneagar an iompair.

Cuirfear inmharthanacht eacnamaíoch phoitéinsiúil na dtionscadal san áireamh i ngníomhaíocht an Aontais.

2.   Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na treoirlínte agus na bearta eile dá dtagraítear i mír 1. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Treoirlínte agus tionscadail chomhleasa a bhaineann le críoch Ballstáit, ní mór comhaontú ón mBallstát sin a bheith ann dóibh.

3.   Déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, ar bheartais a shaothrófar ar leibhéal náisiúnta a bhféadfaidh éifeacht shuntasach a bheith acu ar ghnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal III-246. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur chun cinn.

4.   Féadfaidh an tAontas comhoibriú le tríú tíortha chun tionscadail leasa fhrithpháirtigh a chur chun cinn agus idir-inoibritheacht na ngréasán a áirithiú.

ROINN 9

TAIGHDE AGUS FORBAIRT THEICNEOLAÍOCH AGUS SPÁS

Airteagal III-248

1.   Beidh sé de chuspóir ag an Aontas a chuid fothaí eolaíocha agus teicneolaíocha a neartú trí limistéar Eorpach taighde a ghnóthú ina mbeidh taighdeoirí, fios eolaíoch agus teicneolaíocht ag gluaiseacht faoi shaoirse, agus trí bhreis iomaíochais a spreagadh, lena n-áirítear an t-iomaíochas i gcúrsaí tionsclaíochta, agus gach gníomhaíocht taighde a chur chun chinn a mheasfar is gá de bhua chaibidlí eile an Bhunreachta.

2.   Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, cothóidh an tAontas gnóthais ar fud an Aontais, lena n-áirítear gnóthais bheaga agus meánmhéide, lárionaid taighde agus ollscoileanna, ina n-iarrachtaí maidir le taighde agus forbairt theicneolaíoch d'ardchaighdeán. Tacóidh sé lena n-iarrachtaí comhoibriú le chéile, go háirithe d'fhonn a chumasú do lucht taighde comhoibriú faoi shaoirse trasna teorainneacha agus do ghnóthais leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe trí bhíthin conarthaí náisiúnta poiblí a oscailt, comhchaighdeáin a shainiú agus constaicí dlíthiúla agus fioscacha ar chomhar den sórt sin a dhíchur.

3.   Déanfar gach gníomhaíocht Aontais i réimse an taighde agus na forbartha teicneolaíche, lena n-áirítear tionscadail taisealbhaidh, a chinneadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Roinn seo.

Airteagal III-249

Agus na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal III-248 á saothrú aige, déanfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur i gcrích chun na gníomhaíochtaí atá ar siúl sna Ballstáit a chomhlánú:

(a)

cláir a chur chun feidhme maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh trí chomhar le gnóthais, lárionaid taighde agus ollscoileanna agus eatarthu a chur chun cinn;

(b)

comhar maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh Aontais a chur chun cinn le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

torthaí gníomhaíochtaí maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh Aontais a leathadh agus earraíocht iomlán a bhaint astu;

(d)

oiliúint agus soghluaisteacht lucht taighde san Aontas a spreagadh.

Airteagal III-250

1.   Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit a ngníomhaíochtaí a chomhordú maidir le taighde agus forbairt theicneolaíoch chun a áirithiú go mbeidh comhchuibheas frithpháirteach idir na beartais náisiúnta agus beartas an Aontais.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú dá dtagraítear i mír 1 a chur chun cinn, go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.

Airteagal III-251

1.   Bunófar le dlíthe Eorpacha clár réime ilbhliantúil ina leagfar amach na gníomhaíochtaí uile arna maoiniú ag an Aontas. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Déanfaidh an clár réime:

(a)

na cuspóirí eolaíocha agus teicneolaíocha atá le gnóthú sna gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal III-249 agus na tosaíochtaí a bheidh ag gabháil leo a shocrú;

(b)

imlínte do na gníomhaíochtaí sin a chur i bhfios;

(c)

an t-uasmhéid foriomlán agus na rialacha mionsonraithe a shocrú do rannpháirtíocht airgeadais an Aontais sa chlár réime maille leis an gcion faoi seach i ngach gníomhaíocht arna beartú.

2.   Déanfar an clár réime ilbhliantúil a oiriúnú nó a fhorlíonadh de réir mar a athraíonn an staid.

3.   Bunófar cláir shonracha le dlí Eorpach ón gComhairle chun an clár réime ilbhliantúil a chur chun feidhme laistigh de gach gníomhaíocht. Déanfaidh gach clár sonrach rialacha mionsonraithe a chur chun feidhme a shainiú, a ré a shocrú agus an maoiniú a mheastar is gá a fhoráil. Ní fhéadfaidh suim na méideanna a mheastar is gá arna socrú sna cláir shonracha a bheith níos mó ná an t-uasmhéid foriomlán arna shocrú don chlár réime agus do gach gníomhaíocht. Glacfar an dlí sin tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

4.   Mar chomhlánú ar na gníomhaíochtaí a bheartófar leis an gclár réime ilbhliantúil, bunófar le dlíthe Eorpacha na bearta is gá chun an limistéar Eorpach taighde a chur chun feidhme. Glacfar na dlíthe sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-252

1.   Ar mhaithe le cur chun feidhme an chláir réime ilbhliantúil, bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha:

(a)

na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht ghnóthas, lárionad taighde agus ollscoileanna;

(b)

na rialacha is infheidhme maidir le torthaí an taighde a leathadh.

Glacfar na dlíthe Eorpacha nó na dlíthe réime Eorpacha sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

2.   Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun feidhme, féadfar cláir fhorlíontacha a bhunú le dlíthe Eorpacha nach mbeidh rannpháirteach iontu ach Ballstáit áirithe a dhéanfaidh iad a mhaoiniú faoi réir rannpháirtíocht ionchasach an Aontais.

Socrófar leis na dlíthe Eorpacha sin na rialacha is infheidhme maidir leis na cláir fhorlíontacha, go háirithe maidir le leathadh eolais agus rochtain ag Ballstáit eile. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le comhaontú ó na Ballstáit i dtrácht.

3.   Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun feidhme, féadfar foráil a dhéanamh le dlíthe Eorpacha, le comhaontú na mBallstát i dtrácht, do rannpháirtíocht i gcláir thaighde agus forbartha a bheidh gafa ar láimh ag Ballstáit éagsúla, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna struchtúir arna gcur ar bun chun na cláir sin a chur i gcrích.

Glacfar na dlíthe Eorpacha sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

4.   Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun feidhme, féadfaidh an tAontas foráil do chomhar maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh an Aontais le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Féadfaidh rialacha mionsonraithe an chomhair sin a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht.

Airteagal III-253

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha a ghlacadh lena gcuirfear ar bun comhghnóthais nó aon struchtúr eile is gá do dhea-chur i gcrích chláir an Aontais maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-254

1.   Ullmhóidh an tAontas beartas spáis d'fhonn an forás eolaíoch agus teicniúil, an t-iomaíochas tionsclaíoch agus cur chun feidhme a chuid beartas a chur chun cinn. Chuige sin, féadfaidh sé tionscnaimh chomhpháirteacha a chur chun cinn, tacú leis an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch agus comhordú a dhéanamh ar na hiarrachtaí is gá a dhéanamh chun an spás a thaiscéaladh agus a shaothrú.

2.   D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na bearta is gá a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm cláir Eorpaigh spáis.

3.   Bunóidh an tAontas gach caidreamh is iomchuí leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis.

Airteagal III-255

Ag tús gach bliana, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Folóidh an tuarascáil sin faisnéis faoi ghníomhaíochtaí a bhaineann le taighde, forbairt theicneolaíoch agus leathadh torthaí i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus an clár oibre don bhliain reatha.

ROINN 10

FUINNEAMH

Airteagal III-256

1.   I gcomhthéacs bhunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus ag féachaint don ghá atá ann an comhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú, beidh sé d'aidhm ag beartas an Aontais maidir le fuinneamh:

(a)

oibriú an mhargaidh fuinnimh a áirithiú,

(b)

slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas a áirithiú, agus

(c)

an tíosacht agus an bharainn ar an bhfuinneamh a chur chun cinn mar aon le forbairt foirmeacha nua, inathnuaite fuinnimh.

2.   Gan dochar do chur i bhfeidhm fhorálacha eile an Bhunreachta, déanfar na cuspóirí i mír 1 a bhaint amach le bearta arna n-achtú le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha. Glacfar na dlíthe sin nó na dlíthe réime sin tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Ní dhéanfaidh na dlíthe Eorpacha sin ná na dlíthe réime Eorpacha sin difear don cheart atá ag Ballstát na coinníollacha a chinneadh maidir lena acmhainní fuinnimh a shaothrú, dá rogha idir fhoinsí éagsúla fuinnimh agus do struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh, gan dochar d'Airteagal III-234(2)(c).

3.   De mhaolú ar mhír 2, bunófar le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle na bearta dá dtagraítear nuair is bearta de chineál fioscach go príomha iad. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

CAIBIDIL IV

LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS

ROINN 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal III-257

1.   Is éard a bheidh san Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina n–urramófar cearta bunúsacha agus córais agus traidisiúin éagsúla dlí na mBallstát.

2.   Áiritheoidh sé nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann do dhaoine agus cumfaidh sé comhbheartas maidir le tearmann, inimirce agus rialú ag teorainneacha seachtracha, arna bhunú ar an dlúthpháirtíocht idir Bhallstáit a thugann cothrom na féinne do náisiúnaigh tríú tíortha. Chun críche na Caibidle seo, déileálfar le daoine gan stát mar náisiúnaigh tríú tíre.

3.   Déanfaidh an tAontas a dhícheall ardleibhéal slándála a áirithiú trí bhearta chun an choireacht, an ciníochas agus an tseineafóibe a chosc agus a chomhrac agus trí bhearta um chomhordú agus um chomhar idir na húdaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha agus údaráis inniúla eile, chomh maith le breithiúnais a aithint go frithpháirteach in ábhair choiriúla, agus, más gá, trí na dlíthe coiriúla a chomhfhogasú.

4.   Éascóidh an tAontas an rochtain ar an gceartas, go háirithe trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta.

Airteagal III-258

Saineoidh an Chomhairle Eorpach na treoirlínte straitéiseacha don phleanáil reachtach agus oibríochtúil laistigh de limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais.

Airteagal III-259

Áiritheoidh na Parlaimintí náisiúnta go gcomhlíonfaidh na tograí agus na tionscnaimh reachtacha arna dtíolacadh faoi Ranna 4 agus 5 den Chaibidil seo prionsabal na coimhdeachta, i gcomhréir leis na socruithe arna leagan síos leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.

Airteagal III-260

Gan dochar d'Airteagail III-360 go III-362, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha a ghlacadh lena mbunófar na socruithe ar dá réir a dhéanann na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, meastóireacht oibiachtúil neamhchlaonta ar chur chun feidhme bheartais an Aontais dá dtagraítear sa Chaibidil seo ag údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe chun lánchur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a éascú. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoina bhfuil sa mheastóireacht agus faoina torthaí.

Airteagal III-261

Cuirfear buanchoiste ar bun laistigh den Chomhairle chun a áirithiú go ndéanfar an comhar oibríochtúil maidir leis an tslándáil inmheánach a chur chun cinn agus a neartú san Aontas. Gan dochar d'Airteagal III-344, éascóidh sé an comhordú ar ghníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát. Féadfaidh ionadaithe do na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí Aontais lena mbaineann a bheith rannpháirteach in imeachtaí an choiste sin. Coinneofar Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoi na himeachtaí.

Airteagal III-262

Ní dhéanfaidh an Teideal seo difear d'fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a choimirciú.

Airteagal III-263

Glacfaidh an Chomhairle rialacháin Eorpacha chun comhar riaracháin a áirithiú idir ranna ábhartha na mBallstát sna réimsí a thig faoin gCaibidil seo, agus idir na ranna sin agus an Coimisiún. Gníomhóidh sé ar thogra ón gCoimisiún, faoi réir Airteagal III-264, agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-264

Na gníomhartha dá dtagraítear i Ranna 4 agus 5 den Chaibidil seo, mar aon leis na rialacháin Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal III-263 a áirithíonn comhar riaracháin sna réimsí atá luaite sna Ranna sin, déanfar iad a ghlacadh:

(a)

ar thogra ón gCoimisiún, nó

(b)

ar thionscnamh ón gceathrú cuid de na Ballstáit.

ROINN 2

BEARTAIS MAIDIR LE SEICEÁLACHA TEORANN, LE TEARMANN AGUS LE hINIMIRCE

Airteagal III-265

1.   Déanfaidh an tAontas beartas a fhorbairt d'fhonn:

(a)

a áirithiú nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag dul trasna teorainneacha inmheánacha;

(b)

seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha;

(c)

córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a thabhairt isteach de réir a chéile.

2.   Chun críocha mhír 1, bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha bearta maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an comhbheartas maidir le víosaí agus maidir le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile;

(b)

na seiceálacha a mbeidh daoine faoina réir agus iad ag dul trasna teorainneacha seachtracha;

(c)

na coinníollacha faoina mbeidh saoirse ag náisiúnaigh tríú tíortha taisteal ar feadh gearrthréimhse laistigh den Aontas;

(d)

aon bheart is gá chun córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile;

(e)

nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag dul trasna teorainneacha inmheánacha.

3.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear d'inniúlacht na mBallstát maidir le críochú geografach a dteorainneacha, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal III-266

1.   Déanfaidh an tAontas comhbheartas a fhorbairt maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach d'fhonn stádas iomchuí a thairiscint do náisiúnach aon tríú tír a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uaidh agus chun comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement a áirithiú. Caithfidh an beartas sin a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus le Prótacal an 31 Eanáir 1967 maidir le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir le conarthaí ábhartha eile.

2.   Chun críocha mhír 1, leagfar síos le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha bearta faoi chomhair comhchórais Eorpaigh tearmainn a chuimseoidh na nithe seo a leanas:

(a)

stádas comhionann tearmainn do náisiúnaigh tríú tíortha, a bheidh bailí ar fud an Aontais;

(b)

stádas comhionann um chosaint choimhdeach do náisiúnaigh tríú tíortha nach bhfaigheann tearmann Eorpach ach a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu;

(c)

comhchóras cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe má bhíonn rabharta mór ann de dhaoine as tír isteach;

(d)

comhnósanna imeachta um thearmann comhionann nó stádas cosanta coimhdí a dheonú agus a tharraingt siar;

(e)

critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach a scrúdú;

(f)

caighdeáin maidir leis na coinníollacha a bhaineann le glacadh lucht iarrtha tearmainn nó cosanta coimhdí;

(g)

comhpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha chun bainistiú a dhéanamh ar rabhartaí daoine as tír isteach atá ag déanamh iarratais ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach.

3.   I gcás Ballstát amháin nó níos mó a bheith i láthair staid éigeandála arb é a príomhthréith rabharta tobann de náisiúnaigh tríú tíortha, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha a ghlacadh a chuimseoidh bearta sealadacha ar mhaithe leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-267

1.   Déanfaidh an tAontas comhbheartas inimirce a fhorbairt arb é is aidhm dó a áirithiú ag gach céim go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar rabhartaí inimirce, go gcuirfear cóir chothrom ar náisiúnaigh tríú tíre a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstáit, go ndéanfar an inimirce neamhdhlíthiúil agus an gháinneáil ar dhaoine a chosc agus bearta feabhsaithe a ghlacadh chun iad sin a chomhrac.

2.   Chun críocha mhír 1, bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha bearta sna réimsí seo a leanas:

(a)

coinníollacha iontrála agus cónaithe agus caighdeáin maidir le Ballstáit d'eisiúint víosaí fadtéarmacha agus ceadanna cónaithe, lena n-áirítear iad sin a eisítear chun críche athaontú teaghlach;

(b)

cearta náisiúnach tríú tíortha a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstát a shainiú, lena n-áirítear na coinníollacha lena rialaítear an tsaoirse gluaiseachta agus cónaithe i mBallstáit eile;

(c)

inimirce neamhdhlíthiúil agus cónaí neamhúdaraithe, lena n-áirítear daoine a chónaíonn gan údarú a aistriú agus a aisdúichiú;

(d)

an gháinneáil ar dhaoine, go háirithe an gháinneáil ar mhná agus ar leanaí, a chomhrac.

3.   Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a ligean ar ais ina dtír bhunaidh nó thionscnaimh mura gcomhallfaidh siad nó mura gcomhallfaidh siad a thuilleadh na coinníollacha maidir le hiontráil ar chríoch ceann de na Ballstáit, maidir le bheith ar an gcríoch sin nó maidir le fanacht ann.

4.   Féadfar bearta a bhunú le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha chun dreasachtaí agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht Ballstát d'fhonn lánpháirtiú náisiúnaigh tríú tíre a chónaíonn go dlíthiúil ar a gcríocha a chur chun cinn amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

5.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do cheart na mBallstát líon na náisiúnach tríú tíre a shocrú a thig as tríú tíortha isteach ar a gcríocha ar thóir oibre, bíodh siad fostaithe nó féinfhostaithe.

Airteagal III-268

Beidh beartais an Aontais a leagtar amach sa Roinn seo, agus a gcur chun feidhme, faoi rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, lena n-áirítear a impleachtaí airgeadais, idir na Ballstáit. Nuair is gá sin, beidh bearta iomchuí chun éifeacht a thabhairt don phrionsabal sin i ngníomhartha Aontais arna nglacadh de bhun na Roinne seo.

ROINN 3

COMHAR BREITHÚNACH IN ÁBHAIR SHIBHIALTA

Airteagal III-269

1.   Déanfaidh an tAontas forbairt ar an gcomhar breithiúnach sna hábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, arna bhunú ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha. Féadfar a áireamh sa chomhar sin bearta a ghlacadh chun dlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú.

2.   Chun críocha mhír 1, bunófar bearta le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpach, go háirithe nuair is gá sin d'oibriú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, arb é is aidhm dóibh na nithe seo a leanas a áirithiú:

(a)

breithiúnais agus cinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha a aithint go frithpháirteach agus a fhorfheidhmiú;

(b)

doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil trasna teorainneacha;

(c)

na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontas dlíthe agus dlínse a bheidh ag luí le chéile;

(d)

comhar le linn fianaise a ghlacadh;

(e)

rochtain éifeachtach ar an gceartas;

(f)

constaicí ar dhea-oibriú imeachtaí sibhialta a dhíchur, más gá, trí chomhchuibheas na rialacha maidir leis an nós imeachta sibhialta is infheidhme sna Ballstáit a chur chun cinn;

(g)

malairt modhanna a fhorbairt chun díospóidí a shocrú;

(h)

tacú le hoiliúint na breithiúnachta agus na foirne breithiúnaí.

3.   D'ainneoin mhír 2, bunófar le dlí Eorpach ón gComhairle nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle bearta maidir le dlí an teaghlaigh a mbeidh impleachtaí trasteorann acu. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena gcinnfear na gnéithe sin de dhlí an teaghlaigh a mbeidh impleachtaí trasteorann acu a d'fhéadfadh a bheith ina n-ábhar do ghníomhartha arna nglacadh de réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

ROINN 4

COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA

Airteagal III-270

1.   Déanfar an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla san Aontas a bhunú ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí agus cuimseoidh an comhar breithiúnach comhfhogasú dhlíthe agus rialacháin na mBallstát sna réimsí dá dtagraítear i mír 2 agus in Airteagal III-271.

Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha bearta d'fhonn:

(a)

rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos chun a áirithiú go dtabharfar aitheantas ar fud an Aontais do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha de gach cinéal;

(b)

easaontais dlínse idir Bhallstáit a chosc agus a shocrú;

(c)

tacú le hoiliúint na breithiúnachta agus na foirne breithiúnaí;

(d)

comhar a éascú idir údaráis bhreithiúnacha nó údaráis choibhéiseacha na mBallstát i ndáil le himeachtaí in ábhair choiriúla agus le breitheanna a fhorfheidhmiú.

2.   A mhéad is gá chun aitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha a éascú, chomh maith leis an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, féadfar rialacha íosta a bhunú le dlíthe réime Eorpacha. Cuirfidh na rialacha íosta sin san áireamh na difríochtaí idir thraidisiúin dlí agus idir chórais dlí na mBallstát.

Bainfidh siad leis na nithe seo a leanas:

(a)

inghlacthacht fhrithpháirteach fianaise idir Bhallstáit;

(b)

cearta daoine aonair sa nós imeachta coiriúil;

(c)

cearta íospartaigh na coireachta;

(d)

aon sainghnéithe eile den nós imeachta coiriúil a bheidh sainaitheanta roimh ré ag an gComhairle le cinneadh Eorpach; do ghlacadh an chinnidh sin, gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

Ní choiscfidh glacadh na rialacha íosta sin dá dtagraítear sa mhír seo ar na Ballstáit leibhéal níos airde cosanta do dhaoine aonair a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach.

3.   Má mheasann comhalta den Chomhairle go ndéanfadh dréacht-dlí réime Eorpach dá dtagraítear i mír 2 difear do ghnéithe bunúsacha dá chóras dlí coiriúil, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal III-302 a chur ar fionraí. Tar éis an cheist a phlé agus laistigh de cheithre mhí ó bhfionraí sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach:

(a)

an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle, rud a chuirfidh deireadh le fionraí an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal III-396, nó

(b)

a iarraidh ar an gCoimisiún nó ar an ngrúpa Ballstát a thionscain an dréacht dréacht nua a thíolacadh; sa chás sin, measfar nár glacadh an gníomh a beartaíodh an chéad uair.

4.   Mura mbeidh an Chomhairle Eorpach tar éis gníomhú, faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 3 nó más rud é, laistigh de dhá mhí dhéag ón data a ndearnadh dréacht nua a thíolacadh faoi mhír 3(b), nach mbeidh an dlí réime Eorpach glactha agus gur mian le haon trian de na Ballstáit ar a laghad comhar feabhsaithe a chur ar bun ar bhonn an dréacht–dlí réime i dtrácht, cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas.

Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagail I-44(2) agus III-419(1) agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcomhar feabhsaithe.

Airteagal III-271

1.   Féadfar rialacha íosta a bhunú le dlíthe réime Eorpacha maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i réimsí na coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo mar gheall ar nádúr na gcionta sin nó mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu nó toisc go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn coiteann.

Is iad seo a leanas na réimsí coireachta sin: an sceimlitheoireacht, an gháinneáil ar dhaoine agus an teacht i dtír gnéasach ar mhná agus ar leanaí, an gháinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí, an gháinneáil aindleathach ar airm, sciúradh airgid, an éillitheacht, góchumadh modhanna íocaíochta, coireacht ríomhairí agus an choireacht eagraithe.

De réir mar a tharlaíonn forbairtí sa choireacht, féadfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach a ghlacadh lena sainaithneofar réimsí eile coireachta a chomhallann na critéir a shonraítear sa mhír seo. Gníomhóidh sí d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Parlaimint na hEorpa.

2.   Más léir go bhfuil sé sár-riachtanach dlíthe cóiriúla agus rialacháin choiriúla na mBallstát a chomhfhogasú chun beartas an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtúil i réimse ina ndearnadh bearta um chomhchuibhiú, féadfar rialacha íosta a bhunú le dlíthe réime Eorpacha maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú sa réimse lena mbaineann. Glacfar iad de réir an nós imeachta chéanna a leanadh agus na bearta um comhchuibhiú i dtrácht á nglacadh, gan dochar d'Airteagal III-264.

3.   Má mheasann comhalta den Chomhairle go ndéanfadh dréacht-dlí réime Eorpach dá dtagraítear i mír 2 difear do ghnéithe bunúsacha dá chóras dlí coiriúil, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar an dréacht–dlí réime a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, nuair a bheidh an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal III-396 infheidhme, déanfar é a chur ar fionraí. Tar éis an cheist a phlé agus laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach:

(a)

an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle, rud a chuirfidh deireadh le fionraí an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal III-396, nuair atá sé infheidhme, nó

(b)

a iarraidh ar an gCoimisiún nó ar an ngrúpa Ballstát a thionscain an dréacht dréacht nua a thíolacadh; sa chás sin, measfar nár glacadh an gníomh a beartaíodh an chéad uair.

4.   Mura mbeidh an Chomhairle Eorpach tar éis gníomhú, faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 3 nó más rud é, laistigh de dhá mhí dhéag ón data a ndearnadh dréacht nua a thíolacadh faoi mhír 3(b), nach mbeidh an dlí réime Eorpach glactha agus gur mian le haon trian de na Ballstáit ar a laghad comhar feabhsaithe a chur ar bun ar bhonn an dréacht–dlí réime i dtrácht, cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas.

Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagail I-44(2) agus III-419(1) agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcomhar feabhsaithe.

Airteagal III-272

Féadfar bearta a bhunú le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha chun gníomhaíocht na mBallstát maidir le cosc na coireachta a chur chun cinn agus tacú léi, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

Airteagal III-273

1.   Beidh de chúram ar Eurojust tacú agus treisiú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta imscrúdúcháin agus ionchúisimh i ndáil le coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn choiteanna, ar bhonn na n-oibríochtaí arna seoladh agus ar bhonn na faisnéise arna tabhairt ag údaráis na mBallstát agus ag Europol.

Sa chomhthéacs sin, cinnfear le dlíthe Eorpacha struchtúr, oibriú, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Eurojust. Féadfaidh a bheith san áireamh ar na cúraimí sin:

(a)

imscrúduithe coiriúla a thosú agus a bheartú go dtosófaí ar ionchúisimh arna seoladh ag údaráis náisiúnta inniúla, go háirithe na ionchúisimh a bhaineann le cionta in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais;

(b)

na himscrúduithe coiriúla agus na hionchúisimh choiriúla dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhordú;

(c)

an comhar breithiúnach a neartú, lena n-áirítear trí choinbhleachtaí dlínse a shocrú agus trí dhlúthchomhar leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach.

Cinnfear le dlíthe Eorpacha freisin na socruithe maidir le baint a bheith ag Parlaimint na hEorpa agus ag na Parlaimintí náisiúnta leis an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust.

2.   Faoi chuimsiú na n-ionchúiseamh dá dtagraítear i mír 1, agus gan dochar d'Airteagal III-274, is iad na hoifigigh náisiúnta inniúla a dhéanfaidh gníomhartha foirmiúla nós imeachta bhreithiúnaigh a chur i gcrích.

Airteagal III-274

1.   D'fhonn coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac, féadfar, le dlí Eorpach ón gComhairle, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun ó Eurojust. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

2.   Beidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh freagrach, i gcuibhreann le Europol nuair is iomchuí, as lucht déanta cionta a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, mar atá siad sainithe leis an dlí Eorpach dá bhforáiltear i mír 1, agus as a gcomhchoirithe, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais. Feidhmeoidh sí feidhmeanna ionchúisitheora i gcúirteanna inniúla na mBallstát i ndáil leis na cionta sin.

3.   Cinnfear leis an dlí Eorpach dá dtagraítear i mír 1 na rialacha ginearálta a bheidh infheidhme maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, na coinníollacha lena rialófar comhlíonadh a feidhmeanna, na rialacha nós imeachta a bheidh infheidhme maidir lena gníomhaíochtaí chomh maith leis na rialacha lena rialófar inghlacthacht fianaise agus na rialacha a bheidh infheidhme maidir le athbhreithmiú breithiúnach ar bhearta nós imeachta arna nglacadh aici i gcomhlíonadh a feidhmeanna.

4.   Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, san am céanna nó dá éis sin, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena leasófar mír 1 d'fhonn cumhachtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a leathnú chun go n-áireofar iontu an choireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi, agus lena leasófar dá réir sin mír 2 maidir le lucht déanta coireanna tromchúiseacha a dhéanann difear do Bhallstát amháin nó níos mó agus maidir lena gcomhchoirithe. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

ROINN 5

COMHAR PÓILÍNEACHTA

Airteagal III-275

1.   Bunóidh an tAontas comhar póilíneachta a mbeidh baint ag údaráis inniúla uile na mBallstát leis, lena n-áirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe dlí i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

2.   Chun críocha mhír 1, féadfar bearta a bhunú le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha maidir le:

(a)

faisnéis ábhartha a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú;

(b)

tacaíocht d'oiliúint foirne, agus comhar i leith malartú foirne, i leith trealaimh agus i leith an taighde ar bhrath na coireachta;

(c)

teicníochtaí coiteanna imscrúdaithe i ndáil le saghsanna tromchúiseacha coireachta eagraithe a bhrath.

3.   Féadfar bearta a bhunú le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil idir na húdaráis dá dtagraítear san Airteagal seo. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-276

1.   Beidh de chúram ag Europol tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis phóilíneachta na mBallstát agus le seirbhísí eile forfheidhmithe dlí agus lena gcomhar frithpháirteach d'fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas ag an Aontas a chosc agus a chomhrac.

2.   Leagfear síos le dlíthe Eorpacha struchtúr, oibriú, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol. Féadfaidh a bheith san áireamh ar na cúraimí sin:

(a)

faisnéis, arna cur ar aghaidh ach go háirithe ag údaráis na mBallstát nó ag tríú tíortha nó ag tríú comhlachtaí, a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú;

(b)

gníomhaíocht imscrúdaitheach agus oibríochtúil, arna cur i gcrích i gcomhpháirt le húdaráis inniúla na mBallstát nó i gcomhthéacs comhfhoirne imscrúdaitheacha, a chomhordú, a eagrú agus a chur chun feidhme, i gcuibhreann le Eurojust nuair is iomchuí.

Leagfar síos le dlíthe Eorpacha na nósanna imeachta um ghrinnbhreathnú ar ghníomhaíochtaí Europol ag Parlaimint na hEorpa i dteannta leis na Parlaimintí náisiúnta.

3.   Ní mór aon ghníomhaíocht oibríochtúil ag Europol a chur i gcrích i gcuibhreann le húdaráis na mBallstát arb é a gcríoch atá i dtrácht agus le comhaontú na n-údarás sin. Is ar na húdaráis náisiúnta inniúla a bheidh an fhreagracht eisiach as bearta comhéigneacha a chur i bhfeidhm.

Airteagal III-277

Leagfar síos le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle na coinníollacha agus na teorainneacha faoina bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagail III-270 agus III-275 oibriú ar chríoch Ballstáit eile i gcuibhreann le húdaráis an Stáit sin agus le comhaontú na n-údarás sin. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

CAIBIDIL V

RÉIMSÍ INA BHFÉADFAIDH AN tAONTAS GNÍOMHAÍOCHT CHOMHORDAITHE, CHOMHLÁNTACH NÓ TACAÍOCHTA A DHÉANAMH

ROINN 1

SLÁINTE PHOIBLÍ

Airteagal III-278

1.   Déanfar ardleibhéal cosanta ar shláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais.

Díreofar gníomhaíocht an Aontais, a chomhlánóidh beartais náisiúnta, ar shláinte phoiblí a fheabhsú, ar thinnis agus ar ghalair dhaonna a chosc agus ar ábhair chontúirte do shláinte choirp agus do shláinte mheabhrach a sheachaint. Folóidh ghníomhaíocht den sórt sin:

(a)

an comhrac in aghaidh na móraicídí trí thaighde a chur chun cinn ar na cúiseanna atá leo agus ar mhodhanna a seolta agus a gcoiscthe, maille le faisnéis agus oideachas sláinte;

(b)

faireachán a dhéanamh ar mhórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte, rabhadh a thabhairt go luath faoi bhagairtí den sórt sin, agus iad a chomhrac.

Comhlánóidh an tAontas gníomhaíocht na mBallstát chun damáiste don tsláinte a thig ó dhrugaí a laghdú, lena n-áirítear faisnéis agus cosc.

2.   Cothóidh an tAontas comhar idir na Ballstáit sna réimsí dá dtagraítear san Airteagal seo agus, más gá, tacóidh sé lena ngníomhaíocht. Cothóidh sé go háirithe comhar idir na Ballstáit chun comhlántacht a gcuid seirbhísí sláinte sna réigiúin thrasteorann a fheabhsú.

Déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, ar a mbeartais agus ar a gcláir sna réimsí dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit, aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur chun cinn, go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malartú dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú d'fhaireachán tréimhsiúil agus do mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.

3.   Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit le comhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla i réimse na sláinte poiblí.

4.   De mhaolú ar Airteagail I-12(5) agus I-17(a) agus i gcomhréir le hAirteagal I-14(2)(k), rannchuideoidh dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo trí na bearta seo a leanas a bhunú chun déileáil le gnáthcheisteanna sábháilteachta:

(a)

bearta ag leagan síos ardchaighdeáin cháilíochta agus shábháilteachta d'orgáin agus do shubstaintí de bhunús daonna, d'fhuil agus do dhíorthaigh fola; ní chuirfidh na bearta sin cosc ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach;

(b)

bearta i réimse na tréidliachta agus na fíteasláintíochta a bhfuil sé de chuspóir díreach acu an tsláinte phoiblí a chosaint;

(c)

bearta ag leagan síos ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do tháirgí sláinte agus d'fheistí míochaine;

(d)

bearta a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar mhórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte, rabhadh a thabhairt go luath ar bhagairtí den sórt sin, agus iad a chomhrac.

Glacfar na dlíthe Eorpacha sin nó na dlíthe réime Eorpacha sin tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

5.   Féadfar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha bearta dreasachta a bhunú freisin a bheidh ceaptha chun sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú agus go háirithe na móraicídí trasteorann a chomhrac, mar aon le bearta arb é is cuspóir díreach dóibh an tsláinte phoiblí a chosaint i dtaca le tabac agus le mí-úsáid alcóil, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

6.   Chun críocha an Airteagail seo, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh freisin.

7.   Déanfaidh gníomhaíocht an Aontais urraim a thabhairt do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir lena mbeartas sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte agus cúram liachta a eagrú agus a sholáthar. Áireofar ar fhreagrachtaí na mBallstát seirbhísí sláinte agus cúram liachta a bhainistiú agus na hacmhainní a shanntar dóibh a chionroinnt orthu. Ní dhéanfaidh na bearta dá dtagraítear i mír 4(a) difear d'fhorálacha náisiúnta maidir le deonú nó úsáid mhíochaine orgán agus fola.

ROINN 2

TIONSCAL

Airteagal III-279

1.   Féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit chuige go mbeidh na dálaí ann is gá chun cumas iomaíochta thionscal an Aontais a áirithiú.

Chuige sin, i gcomhréir le córas margaí a bheidh ar oscailt agus iomaíoch, is é is aidhm dá ngníomhaíocht:

(a)

oiriúnú an tionscail d'athruithe struchtúracha a bhrostú;

(b)

timpeallacht a chothú atá fabhrach don tionscnamh agus d'fhorbairt gnóthas ar fud an Aontais, go háirithe gnóthais bheaga agus meánmhéide;

(c)

timpeallacht a chothú atá fabhrach don chomhar idir ghnóthais;

(d)

taobhú le hacmhainneacht thionsclaíoch beartas nuála, taighde agus forbartha teicneolaíche a shaothrú níos fearr.

2.   Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile i gcuibhreann leis an gCoimisiún agus, más gá, déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú. Féadfaidh an Coimisiún aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur chun cinn, go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malartú dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.

3.   Rannchuideoidh an tAontas le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí a shaothraíonn sé faoi fhorálacha eile den Bhunreacht. Féadfar, le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha, bearta sonracha a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí arna ndéanamh sna Ballstáit d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Ní bheidh an Roinn seo mar bhonn ag an Aontas do thabhairt isteach aon bhirt ar dóigh dó an iomaíocht a shaobhadh nó ina bhfuil forálacha cánachais nó forálacha a bhaineann le cearta agus leasanna daoine fostaithe.

ROINN 3

CULTÚR

Airteagal III-280

1.   Rannchuideoidh an tAontas le borradh chultúir na mBallstát, ag urramú a n–éagsúlachta náisiúnta agus réigiúnaí agus ag tabhairt na comhoidhreachta cultúrtha chun suntais dó.

2.   Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais comhar idir Bhallstáit a chothú agus, más gá, tacú lena ngníomhaíocht agus í a chomhlánú sna réimsí seo a leanas:

(a)

feabhsú ar eolas agus ar leathadh chultúr agus stair na bpobal Eorpach;

(b)

caomhnú agus coimirciú na hoidhreachta cultúrtha a bhfuil tábhacht Eorpach aici;

(c)

malartuithe neamhthráchtála i réimse an chultúir;

(d)

cruthú ealaíonta agus liteartha, go fiú in earnáil an chlosamhairc.

3.   Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit le comhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla i réimse an chultúir agus go háirithe le Comhairle na hEorpa.

4.   Tabharfaidh an tAontas aird ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht faoi fhorálacha eile den Bhunreacht, go háirithe d'fhonn éagsúlacht a chuid cultúr a urramú agus a chur chun cinn.

5.   Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a)

bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha bearta dreasachta, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún;

(b)

glacfaidh an Chomhairle moltaí, ar thogra ón gCoimisiún.

ROINN 4

TURASÓIREACHT

Airteagal III-281

1.   Comhlánóidh an tAontas gníomhaíocht na mBallstát in earnáil na turasóireachta, go háirithe trí iomaíochas ghnóthais an Aontais inti a chur chun cinn.

Chuige sin, díreofar gníomhaíocht an Aontais ar na nithe seo a leanas:

(a)

cruthú timpeallachta a spreagadh a bheidh fabhrach d'fhorbairt na ngnóthas san earnáil seo;

(b)

comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn, go háirithe trí mhalartú dea-chleachtais.

2.   Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha bearta sonracha arb é is aidhm dóibh gníomhaíochtaí laistigh de na Ballstáit a chomhlánú chun na cuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo a ghnóthú, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

ROINN 5

OIDEACHAS, ÓIGE, SPÓRT AGUS GAIRMOILIÚINT

Airteagal III-282

1.   Rannchuideoidh an tAontas le hoideachas de cháilíocht ardchaighdeáin a fhorbairt trí chomhar idir Bhallstáit a chothú agus, más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht agus í a chomhlánú. Déanfaidh sé freagracht na mBallstát i leith inneachar an teagaisc agus eagrúchán an chórais oideachais agus a n-éagsúlacht chultúrtha agus teanga a urramú go hiomlán.

Rannchuideoidh an tAontas leis an spórt Eorpach a chur chun cinn, ag féachaint do shain-nádúr an spóirt, dá struchtúir atá bunaithe ar an ngníomhaíocht shaorálach agus d'fheidhm shóisialta agus oideachasúil an spóirt.

Beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht an Aontais:

(a)

éirim Eorpach an oideachais a fhorbairt, go háirithe trí theangacha na mBallstát a theagasc agus a leathadh;

(b)

taobhú le soghluaisteacht mac léinn agus teagascóirí lena n-áirítear aitheantas acadúil a thabhairt do dhioplómaí agus do thréimhsí staidéir;

(c)

comhar a chur chun cinn idir bhunaíochtaí oideachais;

(d)

malartuithe faisnéise agus taithí a fhorbairt ar shaincheisteanna is coiteann do chórais oideachais na mBallstát;

(e)

taobhú le malartuithe idir dhaoine óga agus idir theagascóirí sochoideachasúla a fhorbairt agus rannpháirtíocht na hóige i saol daonlathach na hEorpa a chothú;

(f)

forbairt an chianoideachais a chothú;

(g)

an ghné Eorpach a fhorbairt sa spórt, trí chothrom na féinne agus an oscailteacht i gcomórtais spóirt agus comhar idir chomhlachtaí atá freagrach as an spórt a chur chun cinn agus trí iomláine choirp agus mhorálta na lúthchleasaithe, go háirithe na lúthchleasaithe óga, a chosaint.

2.   Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit le comhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla, agus go háirithe le Comhairle na hEorpa, i réimse an oideachais agus an spóirt.

3.   Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a)

bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha bearta dreasachta, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta;

(b)

glacfaidh an Chomhairle moltaí, ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal III-283

1.   Cuirfidh an tAontas beartas gairmoiliúna chun feidhme a thacóidh le gníomhaíochtaí na mBallstát agus a chomhlánfaidh iad, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar agus eagrúchán na gairmoiliúna á hurramú go hiomlán aige.

Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais:

(a)

oiriúnú d'athruithe tionsclaíocha a éascú, go háirithe trí bhíthin na gairmoiliúna agus na hathoiliúna;

(b)

an ghairmoiliúint tosaigh agus leanúnach a fheabhsú chun an t–imeascadh agus an t–athimeascadh gairmiúil ar mhargadh an tsaothair a éascú;

(c)

rochtain ar an ngairmoiliúint a éascú agus taobhú le soghluaisteacht oidí agus daoine faoi oiliúint, go háirithe daoine óga;

(d)

comhar i réimse na hoiliúna a spreagadh idir bhunaíochtaí oideachais nó oiliúna agus gnóthais;

(e)

malartuithe faisnéise agus taithí a fhorbairt ar shaincheisteanna is coiteann do chórais oiliúna na mBallstát.

2.   Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil maidir le gairmoiliúint.

3.   Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a)

bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na bearta is gá, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta;

(b)

glacfaidh an Chomhairle moltaí, ar thogra ón gCoimisiún.

ROINN 6

COSAINT SHIBHIALTA

Airteagal III-284

1.   Cothóidh an tAontas comhar idir Bhallstáit d'fhonn cur le héifeachtúlacht na gcóras chun tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine a chosc agus cosaint ina gcoinne.

Beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht an Aontais:

(a)

gníomhaíocht na mBallstát a chothú agus a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil maidir le priacail a chosc, trína bhfoirne cosanta sibhialta a ullmhú agus maidir le hidirghabháil i gcás tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine laistigh den Aontas;

(b)

comhar sciobtha éifeachtúil oibríochtúil a chur chun cinn laistigh den Aontas idir na seirbhísí náisiúnta cosanta sibhialta;

(c)

an chomhsheasmhacht a chur chun cinn in obair idirnáisiúnta cosanta sibhialta.

2.   Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpach na bearta is gá chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

ROINN 7

COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal III-285

1.   Measfar gur ábhar leasa choitinn atá sár–riachtanach do dhea-oibriú an Aontais é na Ballstáit dlí an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach.

2.   Féadfaidh an tAontas tacú le hiarrachtaí na mBallstát a gcumas riaracháin a fheabhsú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme. Féadfaidh a bheith san áireamh leis sin malartú faisnéise agus státseirbhíseach a éascú agus tacú le scéimeanna oiliúna. Ní bheidh iachall ar Bhallstát ar bith tarraingt ar an tacaíocht sin. Bunófar le dlíthe Eorpacha na bearta is gá chuige sin, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

3.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'oibleagáid na mBallstát dlí an Aontais a chur chun feidhme nó do shainchumais agus do dhualgais an Choimisiúin. Beidh an tAirteagal gan dochar freisin d'fhorálacha eile an Bhunreachta lena bhforáiltear do chomhar riaracháin idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an tAontas.

TEIDEAL IV

TÍORTHA AGUS CRÍOCHA THAR LEAR A CHOMHLACHÚ

Airteagal III-286

1.   Déanfar na tíortha agus na críocha neamh-Eorpacha a bhfuil caidreamh speisialta acu leis an Danmhairg, leis an bhFrainc, leis an Ísiltír agus leis an Ríocht Aontaithe a chomhlachú leis an Aontas. Tá na tíortha agus na críocha sin (dá ngairtear ‘na tíortha agus na críocha’ anseo feasta) liostaithe in Iarscríbhinn II.

Beidh feidhm ag an teideal seo maidir leis an nGraonlainn, faoi réir fhorálacha sonracha an Phrótacail ar shocruithe speisialta don Ghraonlainn.

2.   Is é is cuspóir don chomhlachas forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha agus na gcríoch a chur chun cinn agus dlúthchaidreamh eacnamaíoch a bhunú idir iad agus an tAontas.

Fónfaidh an comhlachas go príomha chun leasanna agus rathúnas áitritheoirí na dtíortha agus na gcríoch sin a chur ar aghaidh, d'fhonn iad a sheoladh i dtreo na forbartha, idir eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha, a bhfuil a ndóchas léi.

Airteagal III-287

Beidh na cuspóirí seo a leanas ag an gcomhlachas:

(a)

cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm ar a dtrádáil leis na tíortha agus leis na críocha an chóir chéanna a chuireann siad ar a chéile de bhun an Bhunreachta;

(b)

cuirfidh gach tír nó críoch i bhfeidhm ar a trádáil leis na Ballstáit agus leis na tíortha agus leis na críocha eile an chóir chéanna a chuireann sí ar an Stát Eorpach a bhfuil caidreamh speisialta aici leis;

(c)

rannchuideoidh na Ballstáit leis na hinfheistíochtaí is gá chun na tíortha agus na críocha sin a fhorbairt go comhleanúnach;

(d)

i dtaca leis na hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an Aontas, beidh rannpháirtíocht sna tairiscintí agus sna soláthairtí ar oscailt, ar choinníollacha comhionanna, do gach duine, idir nádúrtha agus dlítheanach, is náisiúnach de Bhallstát nó de cheann de na tíortha agus na críocha;

(e)

sa chaidreamh idir Ballstáit agus na tíortha agus na críocha, déanfar an ceart bunaíochta do náisiúnaigh agus do chuideachtaí nó do ghnólachtaí a rialú de réir fhorálacha Fhoroinn 2 de Roinn 2 de Chaibidil I de Theideal III a bhaineann leis an tsaoirse bunaíochta agus de bhun na nósanna imeachta atá leagtha síos san Fhoroinn sin agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, faoi réir aon ghníomhartha arna nglacadh de bhun Airteagal III-291.

Airteagal III-288

1.   Déanfar dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na dtíortha agus na gcríoch a allmhaireofar isteach sna Ballstáit a thoirmeasc i gcomhréir leis an toirmeasc ar dhleachtanna custaim idir Bhallstáit dá bhforáiltear sa Bhunreacht.

2.   Déanfar dleachtanna custaim ar allmhairí isteach i ngach tír nó críoch ó Bhallstáit nó ó na tíortha nó na críocha eile a thoirmeasc i gcomhréir le hAirteagal III-151(4).

3.   Féadfaidh na tíortha agus na críocha, áfach, dleachtanna custaim a thobhach a fhreagraíonn do riachtanais a bhforbartha agus a dtionsclaíochta nó a ghnóthaíonn ioncam dá mbuiséid.

Ní fhéadfaidh na dleachtanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír dul thar leibhéal na ndleachtanna a fhorchuirtear ar tháirgí a allmhairítear ón mBallstát a bhfuil caidreamh speisialta ag gach tír nó gach críoch ar leith leis.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis na tíortha ná leis na críocha a dhéanann, mar gheall ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta áirithe atá de cheangal orthu, taraif chustaim neamh-idirdhealaitheach a chur i bhfeidhm cheana féin.

5.   Má thugtar isteach dleachtanna custaim nó má athraítear ar dhóigh ar bith dleachtanna custaim ar earraí a allmhairítear isteach sna tíortha agus sna críocha, ní bheidh sin ina chúis, ó dhlí ná ó fhíoras, le haon idirdhealú, díreach ná indíreach, a dhéanamh idir allmhairí ó na Ballstáit éagsúla.

Airteagal III-289

I gcás na ndleachtanna is inchurtha ar earraí ó thríú tír, ar a dteacht isteach i dtír nó i gcríoch, a bheith ar leibhéal ar cosúil dó, nuair a chuirtear Airteagal III-288(1) i bhfeidhm, an trádáil a shraonadh chun dochair d'aon Bhallstát, féadfaidh an Stát sin a iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh do na Ballstáit eile na bearta is gá a ghlacadh chun an staid sin a leigheas.

Airteagal III-290

Faoi réir na bhforálacha a bhaineann leis an tsláinte phoiblí, an tslándáil phoiblí nó beartas poiblí, déanfar an tsaoirse gluaiseachta laistigh de Bhallstáit le haghaidh oibrithe ó na tíortha agus ó na críocha, agus laistigh de na tíortha agus críocha le haghaidh oibrithe ó na Ballstáit, a rialú le gníomhartha arna nglacadh i gcomhréir le Airteagal III-291.

Airteagal III-291

Glacfaidh an Chomhairle d'aon toil, ar thogra ón gCoimisiún, ar bhonn na taithí atá faighte faoi chuimsiú chomhlachas na dtíortha agus na gcríoch leis an Aontas, dlíthe Eorpacha, dlíthe réime Eorpacha, rialacháin Eorpacha agus cinntí Eorpacha maidir leis na rialacha mionsonraithe agus leis an nós imeachta chun na tíortha agus na críocha a chomhlachú leis an Aontas. Glacfar na dlíthe agus na dlíthe réime sin tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

TEIDEAL V

GNÍOMHAÍOCHT EACHTRACH AN AONTAIS

CAIBIDIL I

FORÁLACHA A bhFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU

Airteagal III-292

1.   Beidh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta á stiúradh ag na prionsabail a spreag a chruthú, a fhorbairt agus an meádú air, prionsabail a bhféachann sé lena gcur ar aghaidh sa domhan mór: an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

Féachfaidh an tAontas le caidrimh a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí a thógáil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó domhanda a pháirtíonn na prionsabail chéanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Curifidh sé réitigh iltaobhacha ar fhadhbanna coiteanna chun cinn, go háirithe faoi chreat na Náisiún Aontaithe.

2.   Déanfaidh an tAontas comhbheartais agus gníomhaíochtaí a shainiú agus a shaothrú agus cuirfidh sé roimhe an comhar a chothú go mór i réimsí uile an chaidrimh idirnáisiúnta, d'fhonn:

(a)

a luachanna, a bhunleasanna, a shlándáil, a neamhspleáchas agus a iomláine a choimirciú;

(b)

an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo;

(c)

an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, i gcomhréir le cuspóirí agus le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, le prionsabail Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus le cuspóirí Chairt Pháras, lena n-áirítear na prionsabail sin a bhaineann le teorainneacha seachtracha;

(d)

tacú le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha, agus é mar phríomhaidhm deireadh a chur leis an mbochtaineacht;

(e)

lánpháirtiú na dtíortha uile sa gheilleagar domhanda a chothú, lena n-áirítear trí shrianta ar an trádáil idirnáisiúnta a dhíothú de réir a chéile;

(f)

cuidiú le forbairt beart idirnáisiúnta chun mianach an chomhshaoil agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha an domhain a chaomhnú agus a fheabhsú, chun an fhorbairt inbhuanaithe a áirithiú;

(g)

cabhrú le pobail, le tíortha agus le réigiúin atá ag tabhairt aghaidh ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine;

(h)

córas idirnáisiúnta a chur chun cinn arna bhunú ar chomhar iltaobhach níos láidre agus ar an dea-rialachas domhanda.

3.   Urramóidh an tAontas na prionsabail atá leagtha amach i mír 1 agus mír 2 agus saothróidh sé na cuspóirí atá leagtha amach iontu, nuair atá na réimsí éagsúla de ghníomhaíocht eachtrach an Aontais a thagann faoi réim an Teidil seo agus gnéithe eachtracha a bheartas eile á bhforbairt agus á gcur chun feidhme.

Áiritheoidh an tAontas comhchuibheas idir na réimsí éagsúla dá ghníomhaíocht eachtrach agus idir na réimsí sin agus a chuid beartas eile. Áiritheoidh an Chomhairle agus an Coimisiún, le cúnamh ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, an comhchuibheas sin agus comhoibreoidh siad chuige sin.

Airteagal III-293

1.   Ar bhonn na bprionsabal agus na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal III-292, déanfaidh an Chomhairle Eorpach leasanna agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais a shainaithint.

Beidh cinntí Eorpacha ón gComhairle Eorpach maidir le leasanna agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais bainteach leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus le réimsí eile de ghníomhaíocht eachtrach an Aontais. Féadfaidh na cinntí sin a bheith bainteach le caidreamh an Aontais le tír shonrach nó réigiún sonrach nó féadfaidh cur chuige téamúil a bheith acu. Saineoidh siad a ré agus na meáin a chuirfidh an tAontas agus na Ballstáit ar fáil.

Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil ar thogra ón gComhairle arna glacadh ag an gComhairle de réir na socruithe arna leagan síos do gach réimse. Cuirfear cinntí Eorpacha ón gComhairle Eorpach chun feidhme de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Bhunreacht.

2.   Féadfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, agus an Coimisiún, i réimsí eile den bheartas eachtrach, tograí comhpháirteacha a thíolacadh don Chomhairle.

CAIBIDIL II

AN COMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

ROINN I

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal III-294

1.   Faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí a ghníomhaíochta eachtraí, saineoidh an tAontas agus cuirfidh sé chun feidhme comhbheartas eachtrach agus slándála a fholóidh gach réimse den bheartas eachtrach agus slándála.

2.   Tacóidh na Ballstáit go gníomhach agus gan chuntar le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta i leith a chéile.

Oibreoidh na Ballstáit le chéile chun a ndlúthpháirtíocht pholaitiúil fhrithpháirteach a fheabhsú agus a fhorbairt. Staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht a bheadh contrártha le leasanna an Aontais nó ar dóigh di a éifeachtúlacht mar fhórsa comhtháthaithe sa chaidreamh idirnáisiúnta a dhochrú.

Áiritheoidh an Chomhairle agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais go gcomhlíonfar na prionsabail sin.

3.   Seolfaidh an tAontas an comhbheartas eachtrach agus slándála:

(a)

trí na treoirlínte ginearálta a shainiú;

(b)

trí chinntí Eorpacha a ghlacadh lena saineofar:

(i)

gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích ag an Aontas;

(ii)

seasaimh atá le glacadh ag an Aontas;

(iii)

socruithe maidir leis na cinntí Eorpacha dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) a chur chun feidhme;

(c)

trí neartú a dhéanamh ar chomhar córasach idir na Ballstáit agus a mbeartas á seoladh acu.

Airteagal III-295

1.   Saineoidh an Chomhairle Eorpach na treoirlínte ginearálta don chomhbheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear ábhair a bhfuil impleachtaí cosanta acu.

Má éilíonn forbairt idirnáisiúnta é, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a chomóradh d'fhonn línte straitéiseacha bheartas an Aontais a shainiú i bhfianaise na bhforbairtí sin.

2.   Glacfaidh an Chomhairle na cinntí Eorpacha is gá chun an comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme ar bhonn na dtreoirlínte ginearálta agus na línte straitéiseacha arna sainiú ag an gComhairle Eorpach.

Airteagal III-296

1.   Rannchuideoidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, a rachaidh i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a ullmhú trína thograí nó a tograí agus áiritheoidh sé nó sí cur chun feidhme na gcinntí Eorpacha arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle.

2.   Feidhmeoidh an tAire Gnóthaí Eachtracha ar son an Aontais maidir le hábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála. Seolfaidh sé nó sí agallamh polaitiúil le tríú páirtithe thar ceann an Aontais agus léireoidh sé nó sí seasamh an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta.

3.   Agus a shainordú nó a sainordú á chomhall aige nó aici, beidh de chúnamh ag Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Eachtraí. Oibreoidh an tseirbhís sin i gcomhar le seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát agus comhdhéanfar í d'oifigigh ó na rannóga ábhartha d'Ardrúnaíocht na Comhairle agus den Choimisiún mar aon le foireann arna tabhairt ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát. Socrófar eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Eachtraí le cinneadh Eorpach ón gComhairle. Gníomhóidh an Chomhairle ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus toiliú a fháil ón gCoimisiún.

Airteagal III-297

1.   Nuair a éilíonn an staid idirnáisiúnta gníomhaíocht oibríochtúil ag an Aontas, glacfaidh an Chomhairle na cinntí Eorpacha is gá. Leagfar síos leis na cinntí sin na cuspóirí, an raon feidhme, na hacmhainní a chuirfear ar fáil don Aontas, ré na gníomhaíochta más gá, agus na coinníollacha maidir le cur chun feidhme na gníomhaíochta.

Má tharlaíonn athrú sna himthosca a bhfuil éifeacht shuntasach aige ar cheist atá faoi réir cinnidh Eorpaigh den sórt sin, déanfaidh an Chomhairle prionsabail agus cuspóirí an chinnidh sin a athbhreithniú agus glacfaidh sí na cinntí Eorpacha is gá.

2.   Beidh na cinntí Eorpacha dá dtagraítear i mír 1 ina gceangal ar na Ballstáit sna seasaimh a ghlacfaidh siad agus i seoladh a ngníomhaíochta.

3.   Aon uair a bheartaítear seasamh náisiúnta a ghlacadh nó gníomhaíocht náisiúnta a dhéanamh de bhun cinnidh Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Ballstát i dtrácht faisnéis ar fáil in am ionas gur féidir, más gá, comhairle a ghlacadh roimh ré i dtionól na Comhairle. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid eolas a chur ar fáil roimh ré maidir le bearta nach mbeidh iontu ach trasuí náisiúnta ar chinneadh den sórt sin.

4.   I gcás géar-riachtanas a bhaineann le hathruithe ar an staid agus mura mbeidh athbhreithniú déanta ar an gcinneadh Eorpach dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh ar bhonn práinne, ag féachaint do chuspóirí ginearálta an chinnidh sin. Cuirfidh an Ballstát i dtrácht an Chomhairle ar an eolas láithreach faoi aon bheart den sórt sin.

5.   I gcás mórdheacrachtaí maidir le cinneadh Eorpach dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun feidhme, cuirfidh Ballstát na deacrachtaí os comhair na Comhairle a dhéanfaidh iad a phlé agus réitigh iomchuí a lorg. Ní bheidh na réitigh sin contrártha le cuspóirí na gníomhaíochta ná ní dhéanfaidh siad a héifeachtúlacht a dhochrú.

Airteagal III-298

Glacfaidh an Chomhairle cinntí Eorpacha lena saineofar cur chuige an Aontais faoi ábhar áirithe de chineál geografach nó téamúil. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a mbeartais náisiúnta ar cothrom le seasaimh an Aontais.

Airteagal III-299

1.   Féadfaidh aon Bhallstát, Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, nó an tAire sin le tacaíocht ón gCoimisiún, aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle agus tionscnaimh nó tograí mar is iomchuí a thíolacadh di.

2.   I gcásanna ina mbeidh gá le cinneadh sciobtha, comórfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, uaidh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, cruinniú urghnách den Chomhairle laistigh d'ocht n-uaire daichead nó, má tá éigeandáil ann, laistigh de thréimhse níos giorra.

Airteagal III-300

1.   Glacfaidh an Chomhairle na cinntí Eorpacha dá dtagraítear sa Chaibidil seo ag gníomhú di d'aon toil.

Agus é ag staonadh ó vótáil, féadfaidh comhalta den Chomhairle a staonadh ó vótáil a cháiliú trí dhearbhú foirmiúil a dhéanamh. Sa chás sin, ní bheidh d'oibleagáid air an cinneadh Eorpach a chur i bhfeidhm ach glacfaidh sé leis go bhfuil an cinneadh de cheangal ar an Aontas. Staonfaidh an Ballstát i dtrácht, de mheon dlúthpháirtíochta i leith a chéile, ó aon ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ar neamhréir le gníomhaíocht an Aontais a bheidh bunaithe ar an gcinneadh sin nó gníomhaíocht sin an Aontais a bhac agus urramóidh na Ballstáit eile a sheasamh. Má ionadaíonn líon na gcomhaltaí den Chomhairle a dhéanann a staonadh ó vótáil a cháiliú amhlaidh trian ar a laghad de na Ballstáit a chuimsíonn trian ar a laghad de dhaonra an Aontais, ní ghlacfar an cinneadh.

2.   De mhaolú ar mhír 1, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe:

(a)

nuair a ghlacfaidh sí cinntí Eorpacha lena saineofar gníomhaíocht nó seasamh Aontais ar bhonn cinnidh Eorpaigh ón gComhairle Eorpach a bhaineann le leasanna agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal III-293(1);

(b)

nuair a ghlacfaidh sí cinneadh Eorpach lena saineofar gníomh nó seasamh Aontais, ar thogra arna thíolacadh ag Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais mar thoradh ar iarraidh shonrach chuig an Aire ón gComhairle Eorpach ar a tionscnamh féin nó ar thionscnamh an Aire;

(c)

nuair a ghlacfaidh sí cinneadh Eorpach ag cur cinneadh Eorpach chun feidhme lena sainítear gníomh nó seasamh Aontais;

(d)

nuair a ghlacfaidh sí cinneadh Eorpach maidir le hionadaí speisialta a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal III-302.

Má dhearbhaíonn comhalta den Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aige, ar chúiseanna bunúsacha sonraithe beartais náisiúnta, cur i gcoinne cinneadh Eorpach a ghlacadh atá le glacadh trí thromlach cáilithe, ní dhéanfar vótáil. Déanfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, i ndlúthchomhairle leis an mBallstát i dtrácht, réiteach is inghlactha ag an mBallstát a lorg. Má theipeann ar an iarracht, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a iarraidh go ndéanfar an cheist a tharchur chuig an gComhairle Eorpach chun cinneadh Eorpach a ghlacadh d'aon toil.

3.   I gcomhréir le hAirteagal I-40(7), féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh Eorpach a ghlacadh d'aon toil lena bhforálfar go ngníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe i gcásanna seachas na cinn dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 maidir le cinntí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu.

Airteagal III-301

1.   Nuair a bheidh cur chuige coiteann de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal I-40(5) sainithe ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle, déanfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus Airí Gnóthaí Eachtracha na mBallstát a ngníomhaíochtaí a chomhordú i dtionól na Comhairle.

2.   Comhoibreoidh misin taidhleoireachta na mBallstát agus toscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus rannchuideoidh siad leis an gcur chuige coiteann dá dtagraítear i mír 1 a fhoirmiú agus a chur chun feidhme.

Airteagal III-302

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, ionadaí speisialta a cheapadh a mbeidh sainordú aige nó aici i ndáil le saincheisteanna áirithe beartais. Cuirfidh an t-ionadaí speisialta a shainordú nó a sainordú i gcrích faoi údarás an Aire.

Airteagal III-303

Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó sna réimsí a thig faoin gCaibidil seo.

Airteagal III-304

1.   Rachaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus cuirfidh sé nó sí ar an eolas í i gcomhréir le hAirteagail I-40(8) agus I-41(8). Áiritheoidh sé nó sí go dtabharfar aird chuí ar dhearcadh Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh na hionadaithe speisialta a bheith rannpháirteach maidir le Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ceisteanna a chur ar an gComhairle agus ar Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais nó moltaí a dhéanamh leo. Cuirfidh sí díospóireacht ar siúl dhá uair sa bhliain maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta.

Airteagal III-305

1.   Comhordóidh na Ballstáit a ngníomhaíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Déanfaidh siad seasaimh an Aontais a chosaint sna fóraim sin. Déanfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais an comhordú sin a eagrú.

In eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta nach bhfuil na Ballstáit uile rannpháirteach iontu, déanfaidh na Ballstáit sin atá rannpháirteach iontu seasaimh an Aontais a chosaint.

2.   I gcomhréir le hAirteagal I-16(2), déanfaidh na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht acu in eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag comhdhálacha idirnáisiúnta nach bhfuil na Ballstáit uile rannpháirteach iontu na Ballstáit eile sin agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a chur ar an eolas faoi aon ábhar leasa choitinn.

Na Ballstáit atá freisin ina gcomhaltaí de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, déanfaidh siad comhbheartú agus coinneoidh siad na Ballstáit eile agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais ar an eolas go hiomlán. Na Ballstáit atá ina gcomhaltaí den Chomhairle Slándála, déanfaidh siad, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, seasaimh agus leasanna an Aontais a chosaint, gan dochar dá bhfreagrachtaí faoi Chairt na Náisiún Aontaithe.

Nuair a bheidh seasamh sainithe ag an Aontas ar ábhar atá ar chlár oibre Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, iarrfaidh na Ballstáit a shuíonn ar an gComhairle Slándála go n-iarrfar ar Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais seasamh an Aontais a chur i láthair.

Airteagal III-306

Déanfaidh misin taidhleoireachta agus chonsalacha na mBallstát agus toscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta, agus a n-ionadaíochtaí chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, comhoibriú chun a áirithiú go ndéanfar na cinntí Eorpacha lena sainítear seasaimh agus gníomhartha Aontais arna nglacadh de bhun na Caibidle seo a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme. Cuirfidh siad dlús leis an gcomhar trí fhaisnéis a mhalartú agus trí mheasúnachtaí comhpháirteacha a dhéanamh.

Rannchuideoidh siad leis an gceart a chur chun feidhme atá ag saoránaigh Eorpacha chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagail I-10(2)(c) agus leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal III-127 a chur chun feidhme.

Airteagal III-307

1.   Gan dochar d'Airteagal III-344, déanfaidh Coiste Polaitiúil agus Slándála faireachán ar an staid idirnáisiúnta sna réimsí a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála, agus rannchuideoidh sé le beartais a shainiú trí thuairimí a thabhairt don Chomhairle arna iarraidh sin di, nó arna iarraidh sin d'Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, nó ar a thionscnamh féin. Déanfaidh sé freisin faireachán ar chur chun feidhme beartas comhaontaithe, gan dochar do chumhachtaí Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais.

2.   Faoi chuimsiú na Caibidle seo, feidhmeoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála, faoi fhreagracht na Comhairle agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach na n-oibríochtaí bainistíochta géarchéime dá dtagraítear in Airteagal III-309.

Féadfaidh an Chomhairle an Coiste a údarú, ar mhaithe le hoibríocht bainistíochta géarchéime agus ar feadh a ré, mar atá sainithe ag an gComhairle, na bearta ábhartha a ghlacadh maidir le rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach na hoibríochta.

Airteagal III-308

Ní dhéanfaidh cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus raon chumachtaí na n-institiúidí dá bhforáiltear sa Bhunreacht chun na hinniúlachtaí Aontais dá dtagraítear in Airteagail I-13 go I-15 agus I-17 a fheidhmiú.

Mar an gcéanna, ní dhéanfaidh cur chun feidhme na mbeartas atá liostaithe sna hAirteagail sin difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus raon chumhachtaí na n-institiúidí dá bhforáiltear sa Bhunreacht chun na hinniúlachtaí Aontais faoin gCaibidil seo a fheidhmiú.

ROINN 2

COMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA

Airteagal III-309

1.   Beidh san áireamh ar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal I-41(1), a bhféadfaidh an tAontas earraíocht a bhaint as meáin shibhialta agus mhíleata lena linn, oibríochtaí comhpháirteacha dí-armála, cúraimí daonnúla agus tarrthála, cúraimí comhairle agus cúnaimh míleata, cúraimí a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc agus cúraimí síochánaíochta, cúraimí fórsaí comhraic le linn bainistíochta géarchéime, lena n-áirítear an tsíocháin a dhéanamh agus an cobhsú iarchoinbhleachta. Féadfaidh na cúraimí sin uile rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, go fiú trí thacú le tríú tíortha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar a gcríocha.

2.   Glacfaidh an Chomhairle cinntí Eorpacha maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 lena saineofar a gcuspóirí agus a raon feidhme agus na coinníollacha ginearálta lena gcur chun feidhme. Áiritheoidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, ag gníomhú dó nó di faoi údarás na Comhairle agus i ndlúth-thadhall buan leis an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, go ndéanfar comhordú ar ghnéithe sibhialta agus míleata na gcúraimí sin.

Airteagal III-310

1.   Faoi chuimsiú na gcinntí Eorpacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal III-309, féadfaidh an Chomhairle cur chun feidhme cúraim a chur ar ghrúpa de Bhallstáit atá toilteanach agus a bhfuil an cumas is gá acu le haghaidh cúraim den sórt sin. Comhaontóidh na Ballstáit sin eatarthu féin, i gcomhlachas le hAire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, maidir le bainistiú an chúraim.

2.   Coinneoidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chúram an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoin dul chun cinn, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát eile. Cuirfidh na Ballstáit sin an Chomhairle ar an eolas láithreach más léir go leanfadh móriarmhairtí ón gcúram a chur i gcrích nó gur ghá leasú ar an gcuspóir, an raon feidhme agus na coinníollacha arna socrú don chúram sna cinntí Eorpacha dá dtagraítear i mír 1. Sna cásanna sin glacfaidh an Chomhairle na cinntí Eorpacha is gá.

Airteagal III-311

1.   Is é an cúram a bheidh ar an nGníomhaireacht a bhaineann le cumais chosanta a fhorbairt, le taighde, soláthar agus armálacha (Gníomhaireacht Eorpach um Chosaint), arna bunú le hAirteagal I-41(3) agus atá faoi réir údarás na Comhairle:

(a)

rannchuidiú le cuspóirí na mBallstát i ndáil le cumais mhíleata a shainaithint agus measúnú a dhéanamh ar a mhéad a urramaítear na ceangaltais chumais atá tugtha ag na Ballstáit;

(b)

comhchuibhiú ar na riachtanais oibríochtúla a chur cun cinn agus modhanna soláthair éifeachtúla comhoiriúnacha a ghlacadh;

(c)

tionscadail iltaobhacha a mholadh chun na cuspóirí a chomhall i dtaca le cumais mhíleata de, comhordú ar na cláir arna gcur chun bhfeidhme ag na Ballstáit agus bainistiú na gclár sonrach comhair a áirithiú;

(d)

tacú le taighde i dteicneolaíocht na cosanta, agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde agus staidéar ar réitigh theicneolaíocha a fhreagróidh do riachtanais oibríochtúla todhchaí a chomhordú agus a phleanáil;

(e)

rannchuidiú le gach beart fóinteach a shainaithint agus, más gá, a chur chun feidhme chun bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch earnáil na cosanta a neartú agus chun éifeachtúlacht an chaiteachais mhíleata a fheabhsú.

2.   Beidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint ar oscailt do gach Ballstát ar mian leis a bheith rannpháirteach inti. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh Eorpach lena saineofar reacht, suíomh agus rialacha oibríochtúla na Gníomhaireachta. Ba chóir go dtabharfadh an cinneadh sin aird ar leibhéal na rannpháirtíochta iarbhír i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Cuirfear grúpaí sonracha ar bun laistigh den Ghníomhaireacht a thabharfaidh le chéile Ballstáit a bhfuil tionscadail chomhpháirteacha á gcur i gcrích acu. Cuirfidh an Ghníomhaireacht a cuid cúraimí i gcrích i gcuibhreann leis an gCoimisiún nuair is gá.

Airteagal III-312

1.   Na Ballstáit ar mian leo a bheith rannpháirteach sa bhuanchomhar struchtúrtha dá dtagraítear in Airteagal I-41(6), a chomhallann na critéir agus a bhfuil na ceangaltais déanta acu maidir le cumais mhíleata atá leagtha amach sa Phrótacal maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh siad a n-intinn in iúl don Chomhairle agus d'Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais.

2.   Faoi cheann trí mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach lena mbunófar buanchomhar struchtúrtha agus lena gcinnfear liosta na mBallstát rannpháirteach. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe tar éis dul i gcomhairle le hAire Gnóthaí Eachtracha an Aontais.

3.   Gach Ballstát ar mian leis, tráth níos déanaí, a bheith rannpháirteach sa bhuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle agus d'Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais.

Glacfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach lena ndaingneofar rannpháirtíocht an Bhallstáit i dtrácht a chomhallann na critéir agus a dhéanann na ceangaltais dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe tar éis dul i gcomhairle le hAire Gnóthaí Eachtracha an Aontais. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha.

Saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha, a chuimsíonn 65 % de dhaonra na mBallstát sin.

Ní mór a bheith san áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn níos mó ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.

4.   Más rud é nach gcomhallann Ballstát rannpháirteach na critéir a thuilleadh nó nach féidir leis na ceangaltais dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir le buanchomhar struchtúrtha a ghabháil ar láimh a thuilleadh, féadfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach a ghlacadh chun rannpháirtíocht an Bhallstáit sin a fhionraí.

Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha, amach ón mBallstát i dtrácht.

Saineofar an tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha, a chuimsíonn 65 % de dhaonra na mBallstát sin.

Ní mór a bheith san áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn níos mó ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.

5.   Más mian le Ballstát rannpháirteach tarraingt siar ón mbuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle a thabharfaidh dá haire go bhfuil deireadh le rannpháirtíocht an Bhallstáit i dtrácht.

6.   Na cinntí Eorpacha agus na moltaí ón gComhairle arna nglacadh faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha, seachas na cinn dá bhforáiltear i míreanna 2 go 5, glacfar d'aon toil iad. Chun críche na míre seo, is éard is aontoilíocht ann vótaí ionadaithe na mBallstát rannpháirteach amháin.

ROINN 3

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal III-313

1.   Déanfar an caiteachas riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí mar thoradh ar chur chun feidhme na Caibidle a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais.

2.   Aon chaiteachas oibríochtúil a bheidh ann de bharr an Chaibidil seo a chur chun feidhme, muirearófar é ar bhuiséad an Aontais freisin, seachas aon chaiteachas a thig ó oibríochtaí a mbeidh impleachtaí míleata nó cosanta acu agus cásanna ina gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt.

Nuair nach muirearófar caiteachas ar bhuiséad an Aontais, muirearófar ar na Ballstáit é i gcomhréir le scála na holltáirgeachta náisiúnta, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt. I dtaca le caiteachas a thig ó oibríochtaí a mbeidh impleachtaí míleata nó cosanta acu, ní bheidh d'iallach ar na Ballstáit a bhfuil dearbhú foirmiúil déanta ag a n-ionadaithe sa Chomhairle faoin dara fomhír d'Airteagal III-300(1) ranníocaíochtaí a dhéanamh maidir lena maoiniú.

3.   Glacfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach lena mbunófar na nósanna imeachta speisialta chun rochtain sciobtha a ráthú ar leithreasaí i mbuiséad an Aontais chun tionscadail faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a mhaoiniú go práinneach, agus go háirithe le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail I-41(1) agus III-309. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Déanfar na gníomhaíochtaí ullmhúcháin do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal I-41(1) agus III-309 nach muirearófar ar bhuiséad an Aontais a mhaoiniú trí chiste tosaithe arna chomhdhéanamh de ranníocaíochtaí ó na Ballstáit.

Glacfaidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, cinntí Eorpacha lena mbunófar:

(a)

na nósanna imeachta chun an ciste tosaithe a chur ar bun agus a mhaoiniú, go háirithe na méideanna arna gcionroinnt ar an gciste;

(b)

na nósanna imeachta chun an ciste tosaithe a riar;

(c)

na nósanna imeachta rialaithe airgeadais.

Nuair nach féidir an cúram arna bheartú i gcomhréir le hAirteagail I-41(1) agus III-309 a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais, údaróidh an Chomhairle d'Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais an ciste sin a úsáid. Déanfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais tuarascáil don Chomhairle maidir leis an sainordú a chur chun feidhme.

CAIBIDIL III

COMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA

Airteagal III-314

Trí aontas custaim a bhunú i gcomhréir le hAirteagal III-151, rannchuideoidh an tAontas, ar mhaithe leis an leas coiteann, le forbairt chomhchuí na trádála domhanda, le díothú comhleanúnach srianta ar thrádáil idirnáisiúnta agus ar infheistíocht dhíreach choigríche, agus le hísliú bacainní custaim agus eile.

Airteagal III-315

1.   Fothófar an comhbheartas tráchtála ar phrionsabail chomhionanna, go háirithe maidir le hathruithe ar rátaí taraife, le comhaontuithe taraife agus trádála a bhaineann le trádáil in earraí agus seirbhísí a thabhairt i gcrích, agus gnéithe tráchtála na maoine intleachtúla, le hinfheistíocht dhíreach choigríche, le comhionannas a ghnóthú i mbearta léirscaoilte, le beartas onnmhairiúcháin agus le bearta chun trádáil a chosaint amhail bearta a ghlacfar i gcás dumpála nó fóirdheontas. Seolfar an comhbheartas tráchtála faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht eachtrach an Aontais.

2.   Bunófar le dlíthe Eorpacha na bearta lena saineofar an creat chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme.

3.   Nuair is gá comhaontuithe le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, beidh feidhm ag Airteagal III-325, faoi réir fhorálacha speisialta an Airteagail seo.

Cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle a údaróidh dó tús a chur leis an gcaibidlíocht is gá. Beidh an Chomhairle agus an Coimisiún freagrach as a áirithiú go bhfuil na comhaontuithe arna gcaibidil ag luí le beartais agus rialacha inmheánacha an Aontais.

Is é an Coimisiún a sheolfaidh an chaibidlíocht sin, i gcomhairle le coiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle chun a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún sa chúram sin, agus faoi chuimsiú na dtreoracha a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú chuige. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil go tráthrialta don choiste speisialta agus do Pharlaimint na hEorpa maidir le dul chun cinn na caibidlíochta.

4.   D'fhonn na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 3 a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

D'fhonn comhaontuithe a bhaineann le réimsí na trádála i seirbhísi agus gnéithe tráchtála na maoine intleachtúla, mar aon le hinfheistíocht dhíreach choigríche, a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil nuair atá forálacha sna comhaontuithe sin ar gá aontoilíocht a bheith leo chun rialacha inmheánacha a ghlacadh.

Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil freisin maidir le comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích:

(a)

i réimse na trádála i seirbhísí cultúrtha agus closamhairc nuair is dóigh do na comhaontuithe sin dochar a dhéanamh d'éagsúlacht chultúrtha agus teanga an Aontais;

(b)

i réimse na trádála i seirbhísí sóisialta, oideachais agus sláinte, nuair is dóigh dóibh eagrúchán náisiúnta na seirbhísí sin a shuaitheadh go tromchúiseach ar leibhéal náisiúnta agus dochar a dhéanamh do fhreagracht na mBallstát na seirbhísí sin a sholáthar.

5.   Beidh caibidlíocht agus tabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta i réimse an iompair faoi réir Roinn 7 de Chaibidil III de Theideal III agus Airteagal III-325.

6.   Ní dhéanfaidh feidhmiú na n-inniúlachtaí arna dtabhairt san Airteagal seo i réimse an chomhbheartais tráchtála difear do theorannú na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit ná ní bheidh comhchuibhiú ar fhorálacha reachtacha ná rialúcháin na mBallstát mar thoradh air a mhéad a eisiann an Bunreacht comhchuibhiú den sórt sin.

CAIBIDIL IV

COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL

ROINN 1

COMHAR UM FHORBAIRT

Airteagal III-316

1.   Seolfar beartas an Aontais i réimse an chomhair um fhorbairt faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí bheartas eachtrach an Aontais. Déanfaidh beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus beartas na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.

Is é is cuspóir príomhúil do bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad. Tabharfaidh an tAontas aird ar chuspóirí an chomhair um fhorbairt sna beartais a chuirfidh sé chun feidhme ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do thíortha i mbéal forbartha.

2.   Urramóidh an tAontas agus na Ballstáit na gealltanais agus tabharfaidh siad aird ar na cuspóirí a bheidh formheasta acu faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla eile.

Airteagal III-317

1.   Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na bearta is gá chun beartas comhair um fhorbairt a chur chun feidhme, bearta a fhéadfaidh a bheith bainteach le cláir ilbhliantúla comhair le tíortha i mbéal forbartha nó le cláir a bhfuil cur chuige téamúil acu.

2.   Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagail III-292 agus III-316 a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.

3.   Rannchuideoidh an Banc Eorpach Infheistíochta, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear ina Reacht, le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal III-318

1.   D'fhonn comhlántacht agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochta a chur chun cinn, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit comhordú ar a mbeartais maidir le comhar um fhorbairt agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile maidir lena gcláir chabhrach, go fiú in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Féadfaidh siad gníomhaíocht chomhpháirteach a ghabháil ar láimh. Rannchuideoidh na Ballstáit, más gá, le cur chun feidhme chláir chabhrach an Aontais.

2.   Féadfaidh an Coimisiún aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú dá dtagraítear i mír 1 a chur chun cinn.

3.   Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh an tAontas agus na Ballstáit le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.

ROINN 2

COMHAR EACNAMAÍOCH, AIRGEADAIS AGUS TEICNIÚIL LE TRÍÚ TÍORTHA

Airteagal III-319

1.   Gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta, agus go háirithe d'Airteagail III-316 go III-318, cuirfidh an tAontas i gcrích bearta comhair eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil, lena n-áirítear cúnamh, agus cúnamh airgeadais ach go háirithe, le tríú tíortha seachas na tíortha i mbéal forbartha. Beidh na gníomhaíochtaí sin comhchuí le beartas forbartha an Aontais agus cuirfear i gcrích iad faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí a bheartais eachtraigh. Déanfaidh gníomhaíochtaí an Aontais agus gníomhaíochtaí na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.

2.   Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na bearta is gá chun mír 1 a chur chun feidhme.

3.   Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh na socruithe do chomhar Aontais a bheith ina n-ábhair do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.

Airteagal III-320

Nuair a éilíonn an staid i dtríú tír cúnamh airgeadais práinneach ón Aontas, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na cinntí Eorpacha is gá.

ROINN 3

CABHAIR DHAONNÚIL

Airteagal III-321

1.   Seolfar oibríochtaí an Aontais i réimse na cabhrach daonnúla faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí bheartas eachtrach an Aontais. Beidh na hoibríochtaí sin ceaptha chun cúnamh ad hoc, faoiseamh agus cosaint a sholáthar do dhaoine i dtríú tíortha is íospartaigh i dtubaistí nádúrtha nó i dtubaistí de dhéantús an duine d'fhonn freastal ar na riachtanais dhaonnúla a leanann ó na staideanna éagsúla sin. Déanfaidh oibríochtaí an Aontais agus oibríochtaí na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.

2.   Seolfar oibríochtaí i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta agus le prionsabail na neamhchlaontachta, na neodrachta agus an neamh-idirdhealaithe.

3.   Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na bearta lena saineofar an creat ina ndéanfar gníomhaíochtaí cabhrach daonnúla an Aontais a chur chun feidhme.

4.   Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal III-292 a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.

5.   D'fhonn creat a bhunú chun go bhféadfaidh Eorpaigh óga rannchuidiú go comhpháirteach le hoibríochtaí cabhrach daonnúla an Aontais, cuirfear ar bun Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil. Socrófar le dlíthe Eorpacha na rialacha agus na nósanna imeachta d'oibriú an Chóir.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú idir gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát a chur chun cinn d'fhonn éifeachtúlacht agus comhlántacht bhearta cabhrach daonnúla an Aontais agus beart cabhrach daonnúla náisiúnta a fheabhsú.

7.   Áiritheoidh an tAontas go mbeidh a oibríochtaí cabhrach daonnúla comhordaithe agus comhchuí le hoibríochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe leo sin atá ina gcuid de chóras na Náisiún Aontaithe.

CAIBIDIL V

BEARTA SRIANTACHA

Airteagal III-322

1.   Nuair a fhoráiltear le cinneadh Eorpach, arna ghlacadh i gcomhréir le Caibidil II, go ndéanfar an caidreamh eacnamaíoch agus airgeadais le tríú tír amháin nó níos mó a bhriseadh nó a laghdú, go hiomlán nó go páirteach, glacfaidh an Chomhairle na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha is gá, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra comhpháirteach ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus ón gCoimisiún. Cuirfidh sí Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

2.   Nuair a fhoráiltear amhlaidh le cinneadh Eorpach arna ghlacadh i gcomhréir le Caibidil II, féadfaidh an Chomhairle bearta sriantacha a ghlacadh faoin nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, in aghaidh grúpaí nó in aghaidh eintiteas neamhstáit.

3.   Beidh sna gníomhartha dá dtagraítear san Airteagal seo na forálacha is gá maidir le coimircí dlíthiúla.

CAIBIDIL VI

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

Airteagal III-323

1.   Féadfaidh an tAontas comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó má fhoráiltear amhlaidh sa Bhunreacht nó nuair is gá comhaontú a thabhairt i gcrích d'fhonn ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sa Bhunreacht a ghnóthú faoi chuimsiú bheartais an Aontais, nó má fhoráiltear dó i ngníomh Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí nó más dóigh dó difear a dhéanamh do chomhrialacha nó a raon feidhme a athrú.

2.   Beidh na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas ina gceangal ar institiúidí an Aontais agus ar a Bhallstáit.

Airteagal III-324

Féadfaidh an tAontas comhaontú comhlachais a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó chun comhlachas a bhunú lena ngabhfaidh cearta agus oibleagáidí frithpháirteacha, comhghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta speisialta.

Airteagal III-325

1.   Gan dochar do na forálacha sonracha atá leagtha síos in Airteagail III-315, déanfar comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.

2.   Údaróidh an Chomhairle an chaibidlíocht a thosú, glacfaidh sí na treoracha caibidlíochta, údaróidh sí síniú comhaontuithe agus tabharfaidh sí na comhaontuithe i gcrích.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, nó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais nuair a bhaineann an comhaontú arna bheartú go heisiach nó go príomha leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, moltaí a thíolacadh don Chomhairle, agus glacfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach lena n-údarófar an chaibidlíocht a thosú agus lena n-ainmneofar, i bhfianaise ábhar an chomhaontaithe arna bheartú, idirbheartaí an Aontais nó ceannaire fhoireann caibidlíochta an Aontais.

4.   Féadfaidh an Chomhairle treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí agus coiste speisialta a ainmniú a ndéanfar an chaibidlíocht a sheoladh i gcomhairle leis.

5.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh Eorpach lena n-údarófar an comhaontú a shíniú agus, más gá, é a chur i bhfeidhm go sealadach roimh a theacht i bhfeidhm.

6.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh Eorpach lena dtabharfar an comhaontú i gcrích.

Ach amháin nuair a bhaineann an comhaontú go heisiach leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, glacfaidh an Chomhairle an cinneadh Eorpach lena dtabharfar an comhaontú i gcrích:

(a)

tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa sna cásanna seo a leanas:

(i)

comhaontuithe comhlachais;

(ii)

aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint;

(iii)

comhaontuithe lena mbunófar creat institiúideach sonrach trí nósanna imeachta comhair a eagrú;

(iv)

comhaontuithe a mbeidh impleachtaí buiséadacha suntasacha acu don Aontas;

(v)

comhaontuithe a fholaíonn réimsí a mbeidh feidhm ina leith ag an ngnáthnós imeachta reachtach nó, nuair is gá toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, an nós imeachta reachtach speisialta.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcás práinne, teorainn ama don toiliú a chomhaontú.

(b)

tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa i ngach cás eile. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairim laistigh den teorainn ama a fhéadfaidh an Chomhairle a shocrú i bhfianaise na práinne. Cheal tuairime laistigh den teorainn ama sin, féadfaidh an Chomhairle gníomhú.

7.   Agus comhaontú á thabhairt i gcrích aici, féadfaidh an Chomhairle, de mhaolú ar mhíreanna 5, 6 agus 9, a údarú don idirbheartaí formheas a thabhairt thar ceann an Aontais ar leasuithe ar an gcomhaontú nuair a fhoráiltear ann go nglacfar iad trí nós imeachta simplithe nó trí chomhlacht arna bhunú leis an gcomhaontú. Féadfaidh an Chomhairle coinníollacha sonracha a chur ag gabháil leis an údarú sin.

8.   Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe i gcaitheamh an nós imeachta.

Gníomhóidh sí d'aon toil, áfach, nuair a bhaineann an comhaontú le réimse inar gá aontoilíocht chun gníomh Aontais a ghlacadh, i gcás comhaontuithe comhlachais agus i gcás na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal III-319 leis na Stáit is iarrthóirí ar aontachas.

9.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún nó ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, cinneadh Eorpach lena bhfionrófar cur i bhfeidhm comhaontaithe agus lena mbunófar na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha a fhorlíonann nó a leasaíonn creat institiúideach an chomhaontaithe.

10.   Cuirfear Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas láithreach ag gach céim den nós imeachta.

11.   Féadfaidh Ballstát, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún tuairim na Cúirte Breithiúnais a fháil i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an comhaontú arna bheartú ag luí leis an mBunreacht. Má bhíonn tuairim na Cúirte Breithiúnais codarsnach, ní fhéadfaidh an comhaontú arna bheartú teacht i bhfeidhm mura ndéanfar é a leasú nó an Bunreacht a athbhreithniú.

Airteagal III-326

1.   De mhaolú ar Airteagal III-325, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach nó ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach d'fhonn teacht ar comhthoil is comhchuí leis an gcuspóir cobhsaíochta praghsanna, comhaontuithe foirmiúla a thabhairt i gcrích ar chóras rátaí malairte don euro i ndáil le hairgeadraí de chuid tríú Stát. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 3.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach nó ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach d'fhonn teacht ar comhthoil is comhchuí leis an gcuspóir cobhsaíochta praghsanna, rátaí lárnacha an euro laistigh den chóras ráta malairte a ghlacadh, a choigeartú nó a thréigean. Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le glacadh, coigeartú nó tréigean rátaí lárnacha an euro.

2.   In éagmais córais rátaí malairte i ndáil le hairgeadra nó le hairgeadraí de chuid tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach nó ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, treoshuímh ghinearálta le haghaidh beartais rátaí malairte a fhoirmiú i ndáil leis na hairgeadraí sin. Beidh na treoshuímh ghinearálta sin gan dochar do chuspóir príomhúil an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais, .i. cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun.

3.   De mhaolú ar Airteagal III-325, nuair a bhíonn comhaontuithe ar ábhair a bhaineann leis an gcóras airgeadaíochta nó leis an gcóras rátaí malairte ina n-ábhair do chaibidlíocht idir an tAontas agus tríú Stát amháin nó níos mó nó eagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, na socruithe a chinneadh do chaibidlíocht agus do thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe sin. Áiritheoidh na socruithe sin go ndéanfaidh an tAontas seasamh aonair a chur in iúl. Beidh an Coimisiún bainteach go hiomlán leis an gcaibidlíocht.

4.   Gan dochar d'inniúlachtaí Aontais agus do chomhaontuithe Aontais maidir leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, féadfaidh na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.

CAIBIDIL VII

CAIDREAMH AN AONTAIS LE hEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA AGUS LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS

Airteagal III-327

1.   Bunóidh an tAontas gach comhar is iomchuí le comhlachtaí na Náisiún Aontaithe agus lena sainghníomhaireachtaí, le Comhairle na hEorpa, leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

Déanfaidh an tAontas freisin caidreamh mar is iomchuí a choimeád ar bun le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

2.   Cuirfear de chúram ar Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus ar an gCoimisiún an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal III-328

1.   Feidhmeoidh toscaireachtaí an Aontais ar son an Aontais i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.   Cuirfear toscaireachtaí an Aontais faoi údarás Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais. Gníomhóidh siad i ndlúthchomhar le misin taidhleoireachta agus chonsalacha na mBallstát.

CAIBIDIL VIII

AN CLÁSAL DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

Airteagal III-329

1.   Má fhulaingíonn Ballstát ionsaí sceimhlitheoireachta nó tubaiste nádúrtha nó de dhéantús an duine, beidh na Ballstáit eile de chúnamh aige arna iarraidh sin dá údaráis pholaitiúla. Chuige sin, comhordóidh na Ballstáit le chéile i dtionól na Comhairle.

2.   Saineofar na socruithe maidir leis an Aontas an clásal dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal I-43 a chur chun feidhme le cinneadh Eorpach arna ghlacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di ar thogra comhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais. Nuair a bhíonn impleachtaí cosanta ag an gcinneadh sin, gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal III-300(1). Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

Chun críocha na míre seo agus gan dochar d'Airteagal III-344, beidh de chúnamh ag an gComhairle an Coiste Polaitiúil agus Slándála, le tacaíocht ó na struchtúir arna bhforbairt faoi chuimsiú an chomhbheartais slándála agus cosanta, agus an Coiste dá dtagraítear in Airteagal III-261; tabharfaidh an dá choiste tuairimí comhpháirteacha, más gá.

3.   Déanfaidh an Chomhairle Eorpach measúnú go tráthrialta ar na bagairtí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu ag an Aontas chun a chumasú don Aontas agus do na Ballstáit gníomhú go héifeachtúil.

TEIDEAL VI

OIBRIÚ AN AONTAIS

CAIBIDIL I

FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ

ROINN 1

NA hINSTITIÚIDÍ

Foroinn I

Parlaimint na hEorpa

Airteagal III-330

1.   Bunófar le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle na bearta is gá do thoghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach i gcomhréir le nós imeachta comhionann sna Ballstáit go léir nó i gcomhréir le prionsabail ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit go léir.

Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa a ghníomhóidh trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í. Tiocfaidh an dlí nó an dlí réime sin i bhfeidhm tar éis a fhormheasta ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2.   Leagfar síos le dlí Eorpach ó Pharlaimint na hEorpa na rialacha agus na coinníollacha ginearálta a rialaíonn comhlíonadh a gcuid dualgas ag comhaltaí Pharlaimint na hEorpa. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa ar a tionscnamh féin tar éis tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ón gComhairle. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil maidir le gach riail nó coinníoll a bhaineann le cáin a ghearradh ar chomhaltaí nó iarchomhaltaí.

Airteagal III-331

Leagfar síos le dlíthe Eorpacha na rialacháin a mbeidh páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach dá dtagraítear in Airteagal I-45(4) faoina rialú, agus go háirithe na rialacha maidir lena gcistiú.

Airteagal III-332

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, a iarraidh ar an gCoimisiún aon togra iomchuí a chur faoina bráid ar na hábhair ar gá, dar léi, gníomh Aontais ina leith chun an Bunreacht a chur chun feidhme. Mura gcuirfidh an Coimisiún togra faoina bráid, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na cúiseanna.

Airteagal III-333

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, agus a cúraimí á gcomhall aici, arna iarraidh sin don cheathrú cuid de na comhaltaí a chomhdhéanann í, coiste fiosrúcháin sealadach a chur ar bun chun iniúchadh a dhéanamh, gan dochar do na cumhachtaí atá tugtha d'institiúidí nó do chomhlachtaí eile sa Bhunreacht, ar líomhaintí maidir le sárú nó le drochriarachán i gcur chun feidhme dhlí an Aontais, ach amháin má tá na fíorais a líomhnaítear faoi scrúdú os comhair cúirte agus fad nach mbeidh na himeachtaí dlíthiúla críochnaithe.

Beidh deireadh leis an gcoiste fiosrúcháin sealadach ar thaisceadh a thuarascála dó.

Leagfar síos le dlí Eorpach ó Pharlaimint na hEorpa na rialacha mionsonraithe maidir leis an gceart chun fiosrúcháin a fheidhmiú. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa ar a tionscnamh féin tar éis toiliú a fháil ón gComhairle agus ón gCoimisiún.

Airteagal III-334

I gcomhréir le hAirteagal I-10(2)(d), beidh ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, go leithleach nó i gcomhlachas le saoránaigh nó daoine eile, an ceart achainí a chur os comhair Pharlaimint na hEorpa ar ábhar a thig faoi réimsí gníomhaíochta an Aontais agus a bhaineann go díreach leis nó léi.

Airteagal III-335

1.   Toghfaidh Parlaimint na hEorpa Ombudsman Eorpach. I gcomhréir le hAirteagail I-10(2)(d) agus I-49, cumhachtófar an tOmbudsman chun gearáin a ghlacadh ó gach saoránach den Aontas nó ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát maidir le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfeidhmiú a feidhmeanna breithiúnacha di.

I gcomhréir lena dhualgais nó lena dualgais, cuirfidh an tOmbudsman na fiosrúcháin i gcrích a bhfuil call leo dar leis nó léi, ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó ar bhonn gearán arna gcur faoina bhráid nó faoina bráid go díreach nó trí chomhalta de Pharlaimint na hEorpa, ach amháin má tá nó má bhí na fíorais a líomhnaítear ina n-ábhar d'imeachtaí dlíthiúla. I gcás go suífidh an tOmbudsman go bhfuil drochriarachán i gceist, cuirfidh sé nó sí an cás faoi bhráid na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta i dtrácht ag a mbeidh trí mhí chun a thuairim nó a tuairim a thabhairt dó nó di. Ansin cuirfidh an tOmbudsman tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an institiúid, an gcomhlacht, an oifig nó an ngníomhaireacht i dtrácht. Cuirfear an duine a rinne an gearán ar an eolas faoi thoradh na bhfiosrúchán sin.

Tíolacfaidh an tOmbudsman tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa gach bliain ar thorthaí a chuid nó a cuid fiosrúchán.

2.   Toghfar an tOmbudsman tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa go ceann théarma oifige Pharlaimint na hEorpa. Féadfar téarma oifige an Ombudsman a athnuachan.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais an tOmbudsman a bhriseadh arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa mura gcomhallfaidh sé nó sí a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú nó má bhí sé nó sí ciontach i mí-iompar tromchúiseach.

3.   Beidh an tOmbudsman neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna. I gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas dó nó di, ní iarrfaidh sé nó sí ná ní ghlacfaidh sé nó sí teagaisc ó aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile. Ní ghabhfaidh sé nó sí, le linn a théarma nó a téarma oifige, le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach.

4.   Leagfar síos le dlí Eorpach ó Pharlaimint na hEorpa na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta d'fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa ar a tionscnamh féin tar éis tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ón gComhairle.

Airteagal III-336

Beidh seisiún in aghaidh na bliana ag Parlaimint na hEorpa. Tiocfaidh sí le chéile, gan a bheith de riachtanas í a chomóradh, an dara Máirt de Mhárta.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa teacht le chéile i seisiún urghnách arna iarraidh sin do thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í nó arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún.

Airteagal III-337

1.   Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle de réir na gcoinníollacha a bheidh leagtha síos i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Eorpaí agus i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a bheith i láthair ag gach cruinniú de Pharlaimint na hEorpa agus, arna iarraidh sin dó, tabharfar éisteacht dó. Freagróidh sé ó bhéal nó i scríbhinn ceisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó comhaltaí Pharlaimint na hEorpa chuige.

3.   Pléifidh Parlaimint na hEorpa i seisiún poiblí an tuarascáil ghinearálta bhliantúil a bheidh curtha faoina bráid ag an gCoimisiún.

Airteagal III-338

Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach de na vótaí arna gcaitheamh. Socrófar an córam ina Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal III-339

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa a Rialacha Nós Imeachta trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.

Foilseofar imeachtaí Pharlaimint na hEorpa ar an modh arna leagan síos sa Bhunreacht agus i Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal III-340

Má leagtar faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa tairiscint ag cáineadh ghníomhaíochtaí an Choimisiúin, ní vótálfaidh Parlaimint na hEorpa ar an tairiscint sin go ceann trí lá ar a laghad tar éis an tairiscint a leagan faoina bráid, agus is trí vótáil phoiblí a dhéanfar sin.

Má ritear an tairiscint cháinte trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, agus gurb ionann sin agus tromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann Parlaimint na hEorpa, éireoidh comhaltaí an Choimisiúin as a n-oifig d'aon bhuíon agus éireoidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais as na dualgais a fheidhmíonn sé nó sí sa Choimisiún. Fanfaidh siad i mbun oifige agus leanfaidh siad orthu ag déileáil le gnó reatha go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad i gcomhréir le hAirteagail I-26 agus I-27. Sa chás sin, rachaidh téarma oifige chomhaltaí an Choimisiúin a cheapfar chun a n-ionad a ghabháil in éag ar an dáta a rachadh téarma oifige chomhaltaí an Choimisiúin ar tugadh orthu éirí as d'aon bhuíon in éag.

Foroinn 2

An Chomhairle Eorpach

Airteagal III-341

1.   Nuair a dhéantar vótáil, féadfaidh comhalta ar bith den Chomhairle Eorpach gníomhú freisin thar ceann comhalta amháin eile ar a mhéad.

Ní choiscfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí atá i láthair go pearsanta nó atá ionadaithe an Chomhairle Eorpach ar chinntí a ghlacadh ar gá aontoilíocht dóibh.

2.   Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cuireadh chun éisteacht a thabhairt d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.

3.   Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach trí thromlach simplí maidir le ceisteanna nós imeachta agus maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta.

4.   Beidh Ardrúnaíocht na Comhairle de chúnamh ag an gComhairle Eorpach.

Foroinn 3

Comhairle na nAirí

Airteagal III-342

Tiocfaidh an Chomhairle le chéile arna comóradh ag a hUachtarán ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin do chomhalta den Chomhairle nó don Choimisiún.

Airteagal III-343

1.   Nuair a dhéantar vótáil, féadfaidh comhalta ar bith den Chomhairle gníomhú freisin thar ceann comhalta amháin eile ar a mhéad.

2.   Nuair a cheanglaítear ar an gComhairle gníomhú trí thromlach simplí, gníomhóidh sí trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.

3.   Ní choiscfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí atá i láthair go pearsanta nó atá ionadaithe an Chomhairle ar chinntí a ghlacadh ar gá aontoilíocht dóibh.

Airteagal III-344

1.   Beidh coiste arna chomhdhéanamh de Bhuanionadaithe na mBallstát freagrach as obair na Comhairle a ullmhú agus as na cúraimí a chuireann an Chomhairle air a chur i gcrích. Féadfaidh an Coiste cinntí maidir le nós imeachta a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.

2.   Beidh Ardrúnaíocht de chúnamh ag an gComhairle, faoi fhreagracht Ardrúnaí arna cheapadh ag an gComhairle.

Cinnfidh an Chomhairle trí thromlach simplí eagrúchán na hArdrúnaíochta.

3.   Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach simplí maidir le ceisteanna nós imeachta agus maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal III-345

Féadfaidh an Chomhairle, trí thromlach simplí, a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun aon staidéir a mheasann an Chomhairle a bheith fóinteach chun na comhchuspóirí a ghnóthú, agus aon tograí iomchuí a thíolacadh di. Mura dtíolacfaidh an Coimisiún togra, cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna.

Airteagal III-346

Glacfaidh an Chomhairle cinntí Eorpacha lena leagfar síos na rialacha a rialóidh na coistí dá bhforáiltear sa Bhunreacht. Gníomhóidh sí trí thromlach simplí, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Foroinn 4

An Coimisiún Eorpach

Airteagal III-347

Staonfaidh comhaltaí an Choimisiúin ó aon ghníomh nach luíonn lena bhfeidhmeanna. Urramóidh na Ballstáit a neamhspleáchas agus ní fhéachfaidh siad le tionchar a oibriú orthu i gcomhlíonadh a gcúraimí dóibh.

Ní ghabhfaidh comhaltaí an Choimisiúin le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach, le linn a dtéarma oifige. Ar dhul i mbun a ndualgas dóibh, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh, na hoibleagáidí a leanann as a n-oifig agus go háirithe a ndualgas chun bheith ionraic stuama i dtaobh ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis scor dá n-oifig dóibh. Má dhéantar aon sárú ar na hoibleagáidí sin, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, nó ón gCoimisiún, a rialú, de réir na n-imthosca, go bhfuil an comhalta i dtrácht le scor go héigeantach i gcomhréir le hAirteagal III-349 nó go bhfuil a cheart nó a ceart chun pinsin nó chun sochar eile in ionad pinsin le baint de nó di.

Airteagal III-348

1.   Amach ó ghnáthathrú ar chomhaltaí nó i gcás comhalta d'fháil bháis, críochnóidh feidhmeanna chomhaltaí an Choimisiúin ar é nó í d'éirí as oifig nó ar é nó í a scor go héigeantach.

2.   Déanfar folúntas a tharlóidh de bharr éirí as oifig nó scor go héigeantach nó de bharr báis a líonadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an chomhalta le comhalta nua den náisiúntacht chéanna arna cheapadh ag an gComhairle, de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach in Airteagal I-26(4).

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó Uachtarán an Choimisiúin, a chinneadh nach gá an folúntas a líonadh, go háirithe nuair nach bhfuil fágtha ach beagán ama de théarma oifige an chomhalta.

3.   I gcás an tUachtarán d'éirí as oifig, do scor go héigeantach nó d'fháil bháis, déanfar duine a cheapadh ina ionad nó ina hionad ar feadh a bhfuil fágtha dá théarma nó dá téarma oifige, i gcomhréir le hAirteagal I-27(1).

4.   I gcás Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais d'éirí as oifig, do scor go héigeantach nó d'fháil bháis, déanfar duine a cheapadh ina ionad nó ina hionad ar feadh a bhfuil fágtha dá théarma nó dá téarma oifige, i gcomhréir le hAirteagal I-28(1).

5.   I gcás na gcomhaltaí uile den Choimisiún do scor, fanfaidh siad i mbun oifige agus leanfaidh siad orthu ag déileáil le gnó reatha go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad, ar feadh a bhfuil fágtha dá dtéarma oifige, i gcomhréir le hAirteagail I-26 agus I-27.

Airteagal III-349

Aon chomhalta den Choimisiún nach bhfuil na coinníollacha is gá chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú á gcomhall aige nó aici a thuilleadh nó a bhí ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, nó ón gCoimisiún, é nó í a scor go héigeantach.

Airteagal III-350

Gan dochar d'Airteagal I-28(4), déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin na freagrachtaí is dlite don Choimisiún a struchtúrú agus a dháileadh idir a chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagail I-27(3). Féadfaidh an tUachtarán na freagrachtaí sin a athdháileadh i rith théarma oifige an Choimisiúin. Feidhmeoidh comhaltaí an Choimisiúin na feidhmeanna a thugann an tUachtarán dóibh faoina údarás nó faoina húdarás siúd.

Airteagal III-351

Gníomhóidh an Coimisiún trí thromlach dá chomhaltaí. Socrófar an córam ina Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal III-352

1.   Glacfaidh an Coimisiún a Rialacha Nós Imeachta chun a oibriú féin agus oibriú a chuid rann a áirithiú. Áiritheoidh sé go bhfoilseofar na Rialacha sin.

2.   Foilseoidh an Coimisiún go bliantúil, tráth nach déanaí ná mí roimh oscailt sheisiún Pharlaimint na hEorpa, tuarascáil ghinearálta ar ghníomhaíochtaí an Aontais.

Foroinn 5

Cúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh

Airteagal III-353

Suífidh an Chúirt Bhreithiúnais i ndlísheomraí, ina Mór-Dhlísheomra nó mar Chúirt iomlán, i gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal III-354

Beidh ochtar Abhcóidí Ginearálta de chúnamh ag an gCúirt Bhreithiúnais. Má iarrann an Chúirt Bhreithiúnais é, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, cinneadh Eorpach a ghlacadh chun líon na nAbhcóidí Ginearálta a mhéadú.

Beidh de dhualgas ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó nó di le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna ina n-éilítear a rannpháirtíocht i gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal III-355

Roghnófar Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu na cáilíochtaí is gá chun a gceaptha do na hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha faoi seach nó is dlí-eolaithe a n-aithnítear a n-inniúlacht; ceapfaidh Rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile tar éis dul i gcomhairle leis an bpainéal dá bhforáiltear in Airteagal III-357.

Athrófar cuid de na Breithiúna agus de na hAbhcóidí Ginearálta gach trí bliana faoi na coinníollacha atá leagtha amach i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán na Cúirte Breithiúnais as a líon féin go ceann téarma trí bliana. Féadfar é nó í a atoghadh.

Glacfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a Rialacha Nós Imeachta. Is gá toiliú a fháil ón gComhairle do na Rialacha sin.

Airteagal III-356

Socrófar líon Bhreithiúna na Cúirte Ginearálta le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Féadfar a fhoráil sa Reacht go mbeidh abhcóidí ginearálta de chúnamh ag an gCúirt Ghinearálta.

Roghnófar comhaltaí na Cúirte Ginearálta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun a gceaptha d'ardoifig bhreithiúnach. Ceapfaidh rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile tar éis dul i gcomhairle leis an bpainéal dá bhforáiltear in Airteagal III-357.

Athrófar cuid de Bhreithiúna na Cúirte Ginearálta gach trí bliana.

Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán na Cúirte Ginearálta as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é nó í a atoghadh.

Glacfaidh an Chúirt Ghinearálta a Rialacha Nós Imeachta le comhaontú na Cúirte Breithiúnais. Is gá toiliú a fháil ón gComhairle do na rialacha sin.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht, beidh feidhm maidir leis an gCúirt Ghinearálta ag forálacha an Bhunreachta a bhaineann leis an gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal III-357

Cuirfear painéal ar bun chun tuairim a thabhairt ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun feidhmeanna Breithimh agus Abhcóide Ghinearálta den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú sula ndéanfaidh rialtais na mBallstát na ceapacháin dá dtagraítear in Airteagail III-355 agus III-356.

Beidh ar an bpainéal seachtar arna dtoghadh as measc iarchomhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, comhaltaí de chúirteanna uachtaracha náisiúnta agus dlíodóirí a n-aithnítear a n-inniúlacht, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa duine amháin acu a mholadh. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach lena mbunófar rialacha oibriúcháin an phainéil agus cinneadh Eorpach lena gceapfar a chomhaltaí. Gníomhóidh sí ar thionscnamh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal III-358

1.   Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta caingne nó imeachtaí dá dtagraítear in Airteagail III-365, III-367, III-370, III-372 agus III-374 a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim, cé is moite díobh siúd a shanntar do chúirt speisialaithe arna cur ar bun faoi Airteagal III-359, agus díobh siúd a fhorchoimeádtar chuig an gCúirt Bhreithiúnais i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Féadfar a fhoráil sa Reacht go mbeidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta maidir le haicmí eile caingne nó imeachtaí.

Beidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Ghinearálta de bhun na míre seo go heisceachtúil faoi réir ceart achomhairc a bheith ann chun na Cúirte Breithiúnais ar phoncanna dlí amháin, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos leis an Reacht.

2.   Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta caingne nó imeachtaí arna dtionscnamh i gcoinne breitheanna ó na cúirteanna speisialaithe a éisteacht agus a chinneadh.

Féadfaidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Ghinearálta de bhun na míre seo a bheith go heisceachtúil faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nuair atá baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais.

3.   Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú de bhun Airteagal III-369 a éisteacht agus a chinneadh i réimsí sonracha atá leagtha síos le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Má mheasann an Chúirt Ghinearálta go n-éilíonn an cás breith ar phrionsabal a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais, féadfaidh sí an cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun go dtabharfaidh sí breith.

Féadfaidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Ghinearálta ar cheisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú a bheith go heisceachtúil faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos leis an Reacht, nuair atá baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais.

Airteagal III-359

1.   Féadfar cúirteanna speisialaithe a bheidh i gceangal leis an gCúirt Ghinearálta a bhunú le dlíthe Eorpacha chun aicmí áirithe caingne nó imeachtaí i réimsí áirithe a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim. Glacfar iad ar thogra ón gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

2.   Leagfar síos leis an dlí Eorpach lena mbunófar cúirt speisialaithe na rialacha maidir le comhdhéanamh na cúirte sin agus raon na dlínse a thugtar di.

3.   Beidh breitheanna arna dtabhairt ag cúirteanna speisialaithe faoi réir ceart achomhairc a bheith ann ar phoncanna dlí amháin nó, nuair a fhoráiltear amhlaidh sa dlí Eorpach lena mbunófar an chúirt speisialaithe, faoi réir ceart achomhairc freisin ar cheisteanna fíorais a bheith ann chun na Cúirte Ginearálta.

4.   Roghnófar comhaltaí na gcúirteanna speisialaithe as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun a gceaptha d'oifig bhreithiúnach. Ceapfaidh an Chomhairle iad, ag gníomhú di d'aon toil.

5.   Glacfaidh na cúirteanna speisialaithe a Rialacha Nós Imeachta le comhaontú na Cúirte Breithiúnais. Is gá toiliú a fháil ón gComhairle do na Rialacha sin.

6.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí Eorpach lena mbunófar an chúirt speisialaithe, beidh feidhm maidir leis na cúirteanna speisialaithe ag na forálacha sin den Bhunreacht a bhaineann le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ag forálacha Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ar aon chaoi ag Teideal I den Reacht agus ag Airteagal 64 de maidir leis na cúirteanna speisialaithe.

Airteagal III-360

Má mheasann an Coimisiún gur mhainnigh Ballstát oibleagáid faoin mBunreacht a chomhall, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe ina thaobh sin tar éis caoi a thabhairt don Stát i dtrácht barúlacha ina thaobh a thíolacadh.

Mura ndéanfaidh an Stát i dtrácht de réir na tuairime laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal III-361

Aon Bhallstát a mheasfaidh gur mhainnigh Ballstát eile oibleagáid faoin mBunreacht a chomhall, féadfaidh sé an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Sula dtabharfaidh Ballstát caingean in aghaidh Ballstáit eile mar gheall ar shárú a líomhnaítear a bheith déanta ar oibleagáid faoin mBunreacht, tabharfaidh sé an t-ábhar os comhair an Choimisiúin.

Tabharfaidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe tar éis caoi a bheith tugtha do gach Stát i dtrácht a chás féin agus a bharúlacha ar chás an pháirtí eile a thíolacadh ó bhéal agus i scríbhinn.

Mura mbeidh tuairim tugtha ag an gCoimisiún laistigh de thrí mhí ón dáta a tugadh an t-ábhar os a chomhair, ní fhágfaidh easnamh na tuairime sin nach bhféadfar an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte.

Airteagal III-362

1.   Má shuíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur mhainnigh Ballstát oibleagáid faoin mBunreacht a chomhall, cuirfear de cheangal ar an Stát sin na forálacha is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh.

2.   Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na bearta is gá do chomhlíonadh an bhreithiúnais dá dtagraítear i mír 1 glactha ag an mBallstát i dtrácht, féadfaidh sé an cás a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tar éis caoi a thabhairt don Bhallstát sin a bharúlacha a thíolacadh. Cuirfidh sé in iúl méid na cnapshuime nó na híocaíochta pionósaí a bheidh le híoc ag an mBallstát i dtrácht a mheasann sé is iomchuí sna himthosca.

Má fhaigheann an Chúirt nach bhfuil a breithiúnas comhlíonta ag an mBallstát i dtrácht, féadfaidh sí cnapshuim nó íocaíocht phionósach a ghearradh air.

Beidh an nós imeachta sin gan dochar d'Airteagal III-361.

3.   Nuair a thugann an Coimisiún cás os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal III-360 ar an bhforas gur mhainnigh an Ballstát i dtrácht a oibleagáidí a chomhall maidir le bearta a chur in iúl lena ndéantar dlí réime Eorpach a thrasuí, féadfaidh sé, nuair is iomchuí leis, méid na cnapshuime nó na híocaíochta pionósaí a shonrú a bheidh le híoc ag an mBallstát i dtrácht a mheasann sé is iomchuí sna himthosca.

Má fhaigheann an Chúirt gur tharla sárú, féadfaidh sí cnapshuim nó íocaíocht phionósach nach mó a méid ná an méid arna shonrú ag an gCoimisiún a ghearradh ar an mBallstát i dtrácht. Gabhfaidh éifeacht leis an íocaíocht phionósach ar an dáta arna shocrú ag an gCúirt ina breithiúnas.

Airteagal III-363

Féadfaidh dlíthe Eorpacha agus rialacháin Eorpacha ón gComhairle dlínse neamhtheoranta a thabhairt do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir leis na pionóis dá bhforáiltear iontu.

Airteagal III-364

Gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta, féadfaidh dlí Eorpach dlínse a thabhairt, go feadh méid a chinnfidh sé, do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm gníomhartha arna nglacadh ar bhonn an Bhunreachta a chruthaíonn cearta Eorpacha maoine intleachtúla.

Airteagal III-365

1.   Déanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú ar dhlíthiúlacht dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha, ghníomhartha na Comhairle, an Choimisiúin agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, seachas moltaí nó tuairimí, agus na ngníomhartha sin de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle Eorpach atá ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil a bheith acu i leith tríú páirtithe. Déanfaidh sé freisin athbhreithniú ar dhlíthiúlacht na ngníomhartha sin de chomhlachtaí, d'oifigí nó de ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil a bheith acu i leith tríú páirtithe.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcaingne arna dtionscnamh ag Ballstát, ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún mar gheall ar easpa inniúlachta, ar shárú ceanglais fhíor-riachtanaigh nós imeachta, ar shárú an Bhunreachta nó rialach dlí a bhaineann lena chur i bhfeidhm nó ar mhí-úsáid cumhachtaí.

3.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi na coinníollacha atá leagtha síos i míreanna 1 agus 2 i gcaingne arna dtionscnamh ag an gCúirt Iniúchóirí, ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag Coiste na Réigiún d'fhonn a sainchumais a choimirciú.

4.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos i míreanna 1 agus 2, imeachtaí a thionscnamh in aghaidh gníomh a díríodh chuig an duine sin nó gníomh is dá chúram nó dá cúram go díreach agus go leithleach, agus in aghaidh gníomh rialúcháin is dá chúram nó dá cúram go díreach agus nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag gabháil leis.

5.   Féadfaidh gníomhartha lena gcuirfear comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais ar bun coinníollacha agus socruithe sonracha a leagan síos maidir le caingne arna dtionscnamh ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha in aghaidh gníomhartha de chuid na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí sin atá ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil a bheith acu ina leith.

6.   Déanfar na himeachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón uair a foilsíodh an beart, nó a cuireadh in iúl don ghearánaí é nó, murar cuireadh, ón lá a fuair an gearánaí fios air, de réir mar a bheidh.

Airteagal III-366

Má tá foras ar fónamh leis an gcaingean, dearbhóidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an gníomh i dtrácht a bheith ar neamhní.

Ar a shon sin, cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais in iúl, má mheasann sí gur gá é, cé acu d'éifeachtaí an ghnímh a dhearbhaigh sí a bheith ar neamhní is inmheasta a bheith cinntitheach.

Airteagal III-367

Más rud é, de shárú ar an mBunreacht, go mainneoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, an Coimisiún nó an Banc Ceannais Eorpach gníomhú, féadfaidh na Ballstáit agus institiúidí eile an Aontais caingean a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun an sárú sin a shuíomh. Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin faoi na coinníollacha céanna maidir le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a mhainníonn gníomhú.

Ní bheidh an chaingean inghlactha ach amháin sa chás inar iarradh i dtosach ar an institiúid, ar an gcomhlacht, ar an oifig nó ar an ngníomhaireacht i dtrácht gníomhú. Más rud é, laistigh de dhá mhí tar éis a iarrtha sin air nó uirthi, go mbeidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht i dtrácht gan a sheasamh nó a seasamh sa chás a shonrú, féadfar an chaingean a thionscnamh laistigh de thréimhse bhreise dhá mhí.

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chéad mhír agus sa dara mír, gearán a dhéanamh leis an gCúirt gur mhainnigh institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais aon ghníomh seachas moladh nó tuairim a dhíriú chun an duine sin.

Airteagal III-368

An institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht ar dearbhaíodh a ghníomh nó a gníomh a bheith ar neamhní nó ar dearbhaíodh a neamhghníomh a bheith contrártha leis an mBunreacht, ceanglófar air nó uirthi na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

Ní dhéanfaidh an oibleagáid sin difear d'aon oibleagáid a d'fhéadfadh a theacht ón dara mír d'Airteagal III-431 a chur i bhfeidhm.

Airteagal III-369

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun réamhrialú a thabhairt:

(a)

ar léiriú an Bhunreachta;

(b)

ar bhailíocht agus léiriú gníomhartha de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais.

Nuair a thugtar ceist den sórt sin ar aird os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, féadfaidh an chúirt nó an binse sin, má mheasann sé nó sí gur gá cinneadh ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé nó sí breithiúnas a thabhairt, a iarraidh ar an gCúirt rialú a thabhairt ar an gceist sin.

Nuair a thugtar aon cheist den sórt sin ar aird i gcás a bheidh ar feitheamh os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, agus nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta in aghaidh chinntí na cúirte nó an bhinse sin, tabharfaidh an chúirt nó an binse sin an t–ábhar os comhair na Cúirte.

Má thugtar ceist den sórt sin ar aird i gcás a bheidh ar feitheamh os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit maidir le duine atá faoi choimeád, gníomhóidh an Chúirt a luaithe is féidir.

Airteagal III-370

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí maidir leis an gcúiteamh i ndamáiste dá bhforáiltear sa dara mír agus sa tríú mír d'Airteagal III-431.

Airteagal III-371

Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt maidir le dlíthiúlacht gnímh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle de bhun Airteagal I-59 ach amháin arna iarraidh sin don Bhallstát atá ina ábhar do shuíomh ón gComhairle Eorpach nó ón gComhairle agus ach amháin i ndáil leis na réamhchoinníollacha nós imeachta san Airteagal sin.

Ní mór an iarraidh sin a dhéanamh laistigh de mhí ó dháta an tsuímh sin. Rialóidh an Chúirt laistigh de mhí ó dháta na hiarrata sin.

Airteagal III-372

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid idir an tAontas agus a sheirbhísigh faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha atá leagtha síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais.

Airteagal III-373

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi réir na dteorainneacha atá leagtha síos ina dhiaidh seo, i ndíospóidí a bhaineann:

(a)

le comhall oibleagáidí faoi Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta ag na Ballstáit. I dtaca leis sin de, beidh ag Bord Stiúrthóirí an Bhainc na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún le hAirteagal III-360;

(b)

le bearta arna nglacadh ag Bord Gobharnóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. I dtaca leis sin de, féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún nó Bord Stiúrthóirí an Bhainc imeachtaí a thionscnamh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal III-365;

(c)

le bearta arna nglacadh ag Bord Stiúrthóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Ní bheidh imeachtaí in aghaidh beart den sórt sin intionscanta ach amháin ag Ballstát nó ag an gCoimisiún, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal III-365, agus ar na forais sin amháin nár comhlíonadh an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19(2), (5), (6) agus (7) de Reacht an Bhainc;

(d)

le comhall na n-oibleagáidí a thig ón mBunreacht agus ó Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh ag bainc cheannais náisiúnta. I dtaca leis sin de, beidh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh i leith na mbanc ceannais náisiúnta na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún le hAirteagal III-360 i leith na mBallstát. Má fhaigheann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur mhainnigh banc ceannais náisiúnta oibleagáid faoin mBunreacht a chomhall, cuirfear de cheangal ar an mbanc sin na forálacha is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh.

Airteagal III-374

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an Aontas nó thar a cheann, cibé acu faoin dlí poiblí nó faoin dlí príobháideach don chonradh sin.

Airteagal III-375

1.   Ach amháin mar a dtugann an Bunreacht dlínse do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ní bheidh díospóidí ar páirtí iontu an tAontas eisiata ar an bhforas sin ó dhlínse chúirteanna nó bhinsí na mBallstát.

2.   Gabhann na Ballstáit orthu féin nach gcuirfidh siad díospóid maidir le léiriú nó feidhmiú an Bhunreachta á réiteach ar mhodh ar bith seachas mar a fhoráiltear sa Bhunreacht.

3.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid idir Bhallstáit a bhaineann le hábhar an Bhunreachta, má chuirtear an díospóid faoina bráid faoi chomhaontú speisialta idir na páirtithe.

Airteagal III-376

Ní bheidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndáil le hAirteagail I-40 agus I-41 ná leis na forálacha sin de Chaibidil II de Theideal V a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála ná le hAirteagal III-293 a mhéad a bhaineann sé leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála.

Ar a shon sin, beidh dlínse ag an gCúirt chun faireachán a dhéanamh maidir le comhlíonadh Airteagal III-308 agus chun rialú a thabhairt ar imeachtaí, arna dtionscnamh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal III-365(4), a dhéanann athbhreithniú ar dhlíthiúlacht na gcinntí Eorpacha lena bhforáiltear do bhearta sriantacha in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn Chaibidil II de Theideal V.

Airteagal III-377

Agus a cuid cumhachtaí maidir le forálacha Roinn 4 agus Roinn 5 de Chaibidil IV de Theideal III a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais á bhfeidhmiú aici, ní bheidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le bailíocht nó comhréireacht oibríochtaí arna ndéanamh ag póilíní nó seirbhísí eile forfheidhmithe dlí de chuid Ballstáit nó le feidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit i dtaca leis an ord poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach a choimirciú.

Airteagal III-378

D'ainneoin an tréimhse atá leagtha síos in Airteagal III-365(6) a bheith caite, féadfaidh aon pháirtí, i gcás imeachtaí ina mbeidh gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige arna ghlacadh ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais faoi shaincheist, na forais a phléadáil dá bhforáiltear in Airteagal III-365(2), d'fhonn neamhfheidhmeacht an ghnímh sin a agairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal III-379

1.   Ní bheidh éifeacht fionraíochta le caingne a thionscnófar os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh an Chúirt, áfach, má mheasann sí gur gá sin sna himthosca, a ordú go bhfionrófar feidhm an ghnímh a chonspóidtear.

2.   Féadfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, in aon chásanna os a comhair, aon bhearta idirlinne is gá a ordú.

Airteagal III-380

Beidh breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh infhorfheidhmithe faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal III-401.

Airteagal III-381

Beidh Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leagtha síos i bPrótacal.

Féadfar forálacha an Reachta a leasú le dlí Eorpach, cé is moite de Theideal I agus d'Airteagal 64 de. Glacfar an dlí sin arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, nó ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais.

Foroinn 6

An Banc Ceannais Eorpach

Airteagal III-382

1.   Beidh ar Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus Gobharnóirí bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát gan mhaolú de réir bhrí Airteagal III-197.

2.   Beidh ar an mBord Feidhmiúcháin an tUachtarán, an Leasuachtarán agus ceithre chomhalta eile.

Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar mholadh ón gComhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh, Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh as measc daoine a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta nó baincéireachta.

Ocht mbliana a bheidh ina dtéarma oifige agus ní fhéadfar é a athnuachan.

Náisiúnaigh Ballstáit amháin a fhéadfaidh a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin.

Airteagal III-383

1.   Féadfaidh Uachtarán na Comhairle agus comhalta den Choimisiún a bheith rannpháirteach, gan ceart vótála, i gcruinnithe Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Féadfaidh Uachtarán na Comhairle tairiscint plé a chur faoi bhráid Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

2.   Iarrfar ar Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh a bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle nuair a bheidh ceisteanna a bhaineann le cuspóirí agus le cúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Cheannais á bplé aici.

3.   Díreoidh an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Cuirfidh Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh an tuarascáil sin i láthair do Pharlaimint na hEorpa, a fhéadfaidh díospóireacht ghinearálta a chur ar siúl ar an mbonn sin, agus don Chomhairle.

Féadfaidh na comhlachtaí inniúla de chuid Pharlaimint na hEorpa Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus comhaltaí eile an Bhoird Fheidhmiúcháin a éisteacht arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Uachtarán agus do na comhaltaí ar a dtionscnamh féin.

Foroinn 7

An Chúirt Iniúchóirí

Airteagal III-384

1.   Scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí na cuntais ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Aontais. Scrúdóidh sí freisin na cuntais ar ioncam agus ar chaiteachas uile gach comhlachta, oifige nó gníomhaireachta arna chur ar bun ag an Aontas a mhéad nach gcoisceann an ionstraim lena mbunaítear an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht sin an scrúdú sin.

Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo agus foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Féadfar an ráiteas sin a fhorlíonadh le measúnacht shonrach do gach mór-réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

2.   Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí scrúdú féachaint an bhfuarthas an t-ioncam uile agus ar tabhaíodh an caiteachas uile ar mhodh dleathach rialta, agus an ndearnadh bainistíocht fhónta ar an airgeadas. Lena linn sin, déanfaidh sí tuarascáil ach go háirithe ar aon chásanna neamhrialtachta.

Iniúchfar an t-ioncam ar bhonn na suimeanna is dlite arna suíomh agus ar bhonn na suimeanna arna n-íoc iarbhír leis an Aontas.

Iniúchfar an caiteachas ar bhonn ceangaltas arna nglacadh ar láimh agus íocaíochtaí arna ndéanamh.

Féadfar an iniúchóireacht sin a dhéanamh roimh dhúnadh na gcuntas don bhliain airgeadais atá i gceist.

3.   Bunófar an iniúchóireacht ar thaifid agus, más gá, déanfar ar an bhfód í sna hinstitiúidí eile, nó in áitreabh aon chomhlachta, oifige nó gníomhaireachta a dhéanann bainistíocht ar ioncam nó ar chaiteachas thar ceann an Aontais agus sna Ballstáit, lena n-áirítear áitreabh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad. Sna Ballstáit déanfar an iniúchóireacht i gcuibhreann le comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta nó, mura mbíonn na cumhachtaí riachtanacha acu sin, leis na ranna náisiúnta inniúla. Comhoibreoidh an Chúirt Iniúchóirí agus comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta na mBallstát de mheon muiníne ach gan a neamhspleáchas a thréigean. Cuirfidh na comhlachtaí nó na ranna sin i bhfios don Chúirt Iniúchóirí an bhfuil siad chun páirt a ghlacadh san iniúchóireacht.

Déanfaidh na hinstitiúidí eile, aon chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí a dhéanann bainistíocht ar ioncam nó ar chaiteachas thar ceann an Aontais, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad agus na comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta nó, mura mbíonn na cumhachtaí riachtanacha acu sin, na ranna náisiúnta inniúla, aon doiciméad nó faisnéis is gá chun a cúram a chomhlíonadh a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí, arna iarraidh sin di.

I ndáil le gníomhaíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta le linn bainistíocht a dhéanamh ar ioncam agus ar chaiteachas an Aontais, beidh cearta rochtana na Cúirte Iniúchóirí ar fhaisnéis arna sealbhú ag an mBanc faoi rialú ag comhaontú idir an Chúirt Iniúchóirí, an Banc agus an Coimisiún. Cheal comhaontú, beidh rochtain ag an gCúirt Iniúchóirí áfach ar an bhfaisnéis is gá chun caiteachas agus ioncam de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht an Bhainc a iniúchadh.

4.   Tar éis dheireadh gach bliana airgeadais tarraingeoidh an Chúirt Iniúchóirí suas tuarascáil bhliantúil. Cuirfear ar aghaidh chuig na hinstitiúidí eile í agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh í, mar aon le freagraí na n-institiúidí sin ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí.

Féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí ina theannta sin, tráth ar bith, a barúlacha, go háirithe i bhfoirm tuarascálacha speisialta, a thíolacadh ar cheisteanna sonracha agus tuairimí a thabhairt arna iarraidh sin do cheann de na hinstitiúidí eile.

Glacfaidh sí a cuid tuarascálacha bliantúla, tuarascálacha speisialta nó tuairimí trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í. Ar a shon sin, féadfaidh sí seomraí inmheánacha a bhunú chun catagóirí áirithe tuarascálacha nó tuairimí a ghlacadh faoi na coinníollacha arna leagan síos ina Rialacha Nós Imeachta.

Beidh sí de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna rialaithe chun an buiséad a chur chun feidhme.

Glacfaidh sí a Rialacha Nós Imeachta. Is gá toiliú a fháil ón gComhairle do na rialacha sin.

Airteagal III-385

1.   Roghnófar comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí as measc daoine a bhaineann nó a bhain ina Stáit faoi seach le comhlachtaí iniúchóireachta seachtracha nó a bhfuil cáilíocht speisialta acu le haghaidh na hoifige sin. Ní bheidh a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

2.   Ceapfar comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí go ceann téarma sé bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach lena socrófar liosta na gcomhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Toghfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí a nUachtarán as a líon féin go ceann téarma trí bliana. Féadfar é nó í a atoghadh.

3.   I gcomhlíonadh a ndualgas dóibh, ní iarrfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí teagaisc ar aon rialtas ná ar aon chomhlacht eile ná ní ghlacfaidh siad teagasc uathu. Staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena bhfeidhmeanna.

4.   Ní ghabhfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí, le linn a dtéarma oifige, le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach. Ar dhul i mbun a ndualgas dóibh, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh, na hoibleagáidí a leanann as a n-oifig agus go háirithe a ndualgas chun a bheith ionraic stuama i dtaobh ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis scor dá n-oifig dóibh.

5.   Amach ó ghnáthathrú ar chomhaltaí, nó i gcás comhalta d'fháil bháis, críochnóidh feidhmeanna comhalta den Chúirt Iniúchóirí ar é nó í d'éirí as oifig, nó ar é nó í a scor go héigeantach de bhíthin rialú ón gCúirt Bhreithiúnais de bhun mhír 6.

Déanfar folúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an chomhalta.

Ach amháin i gcás iad a scor go héigeantach, fanfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí i mbun oifige go dtí go ngabhfar a n-ionad.

6.   Ní fhéadfar a oifig nó a hoifig ná a cheart nó a ceart chun pinsin nó sochar eile ina ionad sin a bhaint de chomhalta den Chúirt Iniúchóirí ach amháin i gcás ina suífidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gCúirt Iniúchóirí, nach bhfuil coinníollacha riachtanacha a oifige nó a hoifige á gcomhall ná na hoibleagáidí a ghabhann léi á bhfreastal aige nó aici a thuilleadh.

ROINN 2

COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA AN AONTAIS

Foroinn 1

Coiste na Réigiún

Airteagal III-386

Ní rachaidh líon chomhaltaí Choiste na Réigiún thar 350. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach lena gcinnfear comhdhéanamh an Choiste.

Ceapfar comhaltaí an Choiste mar aon lena chomhlíon de mhalartaigh go ceann cúig bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan. Ní fhéadfaidh comhalta den Choiste a bheith ina chomhalta de Pharlaimint na hEorpa san am céanna.

Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh Eorpach lena socrófar liosta na gcomhaltaí agus na malartach arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát.

Ar dhul in éag don sainordú dá dtagraítear in Airteagal I-32(2) ar dá bhun a rinneadh an togra ina dtaobh, tiocfaidh deireadh go huathoibríoch lena dtéarma oifige ar an gCoiste agus cuirfear comhaltaí ina n-ionad i gcomhréir leis an nós imeachta céanna ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige sin.

Airteagal III-387

Déanfaidh Coiste na Réigiún a chathaoirleach agus a oifigigh a thoghadh as líon a chomhaltaí go ceann téarma dhá bhliain go leith.

Déanfaidh a chathaoirleach an Coiste a chomóradh, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún. Féadfaidh an Coiste teacht le chéile freisin ar a thionscnamh féin.

Glacfaidh sé a Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal III-388

Rachaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún i gcomhairle le Coiste na Réigiún sna cásanna dá bhforáiltear sa Bhunreacht agus i ngach cás eile is iomchuí le haon cheann de na hinstitiúidí sin é, go háirithe sna cásanna sin a bhaineann le comhar trasteorann.

Má mheasann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún gur gá sin, sonróidh siad don Choiste, chun a thuairim a thíolacadh, tréimhse nach giorra ná mí ón dáta a bhfaighidh an cathaoirleach scéala dá réir sin. Mura mbeidh tuairim faighte ar an tréimhse sin a bheith caite, ní chuirfidh sin cosc le dul ar aghaidh tuilleadh.

Gach uair a rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, cuirfidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún Coiste na Réigiún ar an eolas faoin iarraidh sin ar thuairim. Féadfaidh Coiste na Réigiún, má mheasann sé go bhfuil sainleasanna réigiúnacha i dtreis, tuairim a thabhairt i dtaca leis sin. Féadfaidh sé tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin freisin.

Cuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún an tuairim ón gCoiste maille le taifead ar a imeachtaí.

Foroinn 2

An Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta

Airteagal III-389

Ní rachaidh líon chomhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta thar 350. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach lena gcinnfear comhdhéanamh an Choiste.

Airteagal III-390

Ceapfar comhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta go ceann cúig bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan.

Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh Eorpach lena socrófar liosta na gcomhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát.

Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Féadfaidh sí tuairim a fháil ó chomhlachtaí Eorpacha a ionadaíonn na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta éagsúla agus an tsochaí shibhialta ar cúram leo gníomhaíochtaí an Aontais.

Airteagal III-391

Déanfaidh an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a chathaoirleach agus a oifigigh a thoghadh as líon a chomhaltaí go ceann téarma dhá bhliain go leith.

Déanfaidh a chathaoirleach an Coiste a chomóradh, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún. Féadfaidh an Coiste teacht le chéile freisin ar a thionscnamh féin.

Glacfaidh sé a Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal III-392

Rachaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún i gcomhairle le Coiste na Réigiún sna cásanna dá bhforáiltear sa Bhunreacht. Féadfaidh na hinstitiúidí sin dul i gcomhairle leis i ngach cás inar cuí leo é. Féadfaidh an Coiste tuairim a thabhairt freisin ar a thionscnamh féin.

Má mheasann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún gur gá sin, sonróidh siad don Choiste, chun a thuairim a thíolacadh, tréimhse nach giorra ná mí ón dáta a bhfaighidh an cathaoirleach scéala dá réir sin. Mura mbeidh tuairim faighte ar an tréimhse sin a bheith caite, ní chuirfidh sin cosc le dul ar aghaidh tuilleadh.

Cuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tuairim an Choiste, maille le taifead ar a imeachtaí.

ROINN 3

AN BANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA

Airteagal III-393

Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an mBanc Eorpach Infheistíochta.

Is iad na Ballstáit a chomhaltaí.

Tá Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta leagtha síos i bPrótacal.

Féadfar Reacht an Bhainc a leasú le dlí Eorpach ón gComhairle. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, arna iarraidh sin don Bhanc Eorpach Infheistíochta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, nó ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.

Airteagal III-394

Is é is cúram don Bhanc Eorpach Infheistíochta rannchuidiú, trí dhul ar iontaoibh mhargadh an chaipitil agus trína acmhainní féin a úsáid, le forbairt chothromúil rianúil an mhargaidh inmheánaigh chun leas an Aontais. Chuige sin déanfaidh an Banc Eorpach Infheistíochta ach go háirithe, ag oibriú dó ar bhonn seachbhrabúsach, iasachtaí agus ráthaíochtaí a thabhairt a éascóidh maoiniú na dtionscadal seo a leanas i ngach earnáil den gheilleagar:

(a)

tionscadail le haghaidh fhorbairt na réigiún lagfhorbartha;

(b)

tionscadail chun gnóthais a nuachóiriú nó a athrú nó chun gníomhaíochtaí úra a fhorbairt a mbeidh call leo mar gheall ar bhunú nó oibriú an mhargaidh inmheánaigh, i gcás nach féidir, mar gheall ar mhéid nó cineál na dtionscadal sin, iad a mhaoiniú go hiomlán ar na modhanna éagsúla atá ar fáil sna Ballstáit leithleacha;

(c)

tionscadail leasa choitinn do Bhallstáit éagsúla nach féidir, mar gheall ar mhéid nó cineál na dtionscadal sin, iad a mhaoiniú go hiomlán ar na modhanna éagsúla atá ar fáil sna Ballstáit leithleacha.

I gcomhlíonadh a chúraimí dó, éascóidh an Banc Eorpach Infheistíochta maoiniú clár infheistíochta i gcuibhreann le cabhair ó na cistí struchtúracha agus ó ionstraimí airgeadais Aontais eile.

FOROINN 4

FORÁLACHA IS COITEANN D'INSTITIÚIDÍ, DO CHOMHLACHTAÍ, D'OIFIGÍ AGUS DO GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS

Airteagal III-395

1.   Nuair a ghníomhóidh an Chomhairle, de bhun an Bhunreachta, ar thogra ón gCoimisiún, ní fhéadfaidh sí an togra sin a leasú ach amháin ag gníomhú d'aon toil di, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail I-55, I-56, III-396(10) agus (13), III-404 agus III-405(2).

2.   Fad a bheidh an Chomhairle gan gníomhú, féadfaidh an Coimisiún a thogra a leasú tráth ar bith le linn na nósanna imeachta as a dtiocfaidh glacadh gnímh Aontais.

Airteagal III-396

1.   Nuair a ghlacfar, de bhun an Bhunreachta, dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha faoin ngnáthnós imeachta reachtach, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas.

2.   Tíolacfaidh an Coimisiún togra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa a seasamh sa chéad léamh agus cuirfidh sí i bhfios don Chomhairle é.

4.   Má fhormheasann an Chomhairle seasamh Pharlaimint na hEorpa, glacfar an gníomh i dtrácht sa fhriotal a fhreagraíonn do sheasamh Pharlaimint na hEorpa.

5.   Más rud é nach bhformheasfaidh an Chomhairle seasamh Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh sí a seasamh sa chéad léamh agus cuirfidh sí in iúl do Pharlaimint na hEorpa é.

6.   Tabharfaidh an Chomhairle gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoi na cúiseanna a thug uirthi a seasamh a ghlacadh sa chéad léamh. Tabharfaidh an Coimisiún gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoina sheasamh.

7.   Más rud é, laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirtear an t-eolas sin chuici:

(a)

go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle sa chéad léamh a fhormheas nó nach mbeidh cinneadh glactha aici, measfar go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha sa fhriotal a fhreagraíonn do sheasamh na Comhairle;

(b)

go ndiúltóidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle sa chéad léamh, trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha;

(c)

go molfaidh Parlaimint na hEorpa, trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, leasuithe ar sheasamh na Comhairle sa chéad léamh, cuirfear an téacs arna leasú amhlaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún a thabharfaidh tuairim ar na leasuithe sin.

8.   Má dhéanann an Chomhairle, laistigh de thrí mhí ó na leasuithe a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe,

(a)

na leasuithe sin uile a fhormheas, measfar go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha;

(b)

gan na leasuithe uile a fhormheas, comórfaidh Uachtarán na Comhairle, le comhaontú Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, cruinniú den Choiste Idir-réitigh laistigh de shé seachtaine.

9.   Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar na leasuithe a bhfuil tuairim dhiúltach tugtha ag an gCoimisiún ina dtaobh.

10.   Beidh de chúram ar an gCoiste Idir–réitigh, a chomhdhéanfar de chomhaltaí na Comhairle nó dá n–ionadaithe agus a chomhlíon de chomhaltaí a ionadóidh Parlaimint na hEorpa, teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, trí thromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle nó dá n–ionadaithe agus trí thromlach de na comhaltaí a ionadóidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de shé seachtaine óna chomóradh ar bhonn sheasamh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa dara léamh.

11.   Beidh an Coimisiún rannpháirteach in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh agus glacfaidh sé gach tionscnamh is gá d'fhonn seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a thabhairt le chéile.

12.   Más rud é nach bhformheasfaidh an Coiste Idir–réitigh téacs comhpháirteach laistigh de shé seachtaine óna chomóradh, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha.

13.   Má fhormheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh den tréimhse sin, beidh tréimhse sé seachtaine ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle tar éis an fhormheasa sin chun an gníomh i dtrácht a ghlacadh i gcomhréir leis an téacs comhpháirteach, trí thromlach de na vótaí arna gcaitheamh i gcás Pharlaimint na hEorpa agus agus trí thromlach cáilithe i gcás na Comhairle. Má theipeann orthu sin a dhéanamh, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha.

14.   Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar na tréimhsí trí mhí agus sé seachtaine dá dtagraítear san Airteagal seo a fhadú mí amháin nó dhá sheachtain faoi seach ar a mhéad.

15.   Más rud é, sna cásanna dá bhforáiltear sa Bhunreacht, go gcuirfear dlí nó dlí réime faoi réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh ar thionscnamh ó ghrúpa de Bhallstáit, nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach, nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais, ní bheidh feidhm ag mír 2, ag an dara habairt de mhír 6 ná ag mír 9.

Sna cásanna sin, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an gníomh arna bheartú in iúl don Choimisiún mar aon lena seasaimh sa chéad agus sa dara léamh. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a thuairim a iarraidh ar an gCoimisiún i gcaitheamh an nós imeachta, agus féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin freisin. Féadfaidh sé freisin, má mheasann sé gur gá, a bheith rannpháirteach sa Choiste Idir–réitigh i gcomhréir le mír 11.

Airteagal III-397

Rachaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i gcomhairle le chéile agus déanfaidh siad socruithe de thoil a chéile don chomhar eatarthu. Chuige sin, féadfaidh siad, agus an Bunreacht á chomlíonadh acu, comhaontuithe idirinstitiúideacha a thabhairt i gcrích a fhéadfaidh a bheith ceangailteach.

Airteagal III-398

1.   Beidh de thacaíocht ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus a gcúraimí á gcomhall acu, riarachán Eorpach a bheidh oscailte, éifeachtach agus neamhspleách.

2.   Agus na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta arna nglacadh ar bhonn Airteagal III-427 á gcomhlíonadh, socrófar le dlíthe Eorpacha forálacha chun na críche sin.

Airteagal III-399

1.   Áiritheoidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais trédhearcacht ina gcuid oibre agus, de bhun Airteagal I-50, cinnfidh siad ina rialacha nós imeachta forálacha sonracha maidir le rochtain phoiblí ar a gcuid doiciméad. Ní bheidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach ná an Banc Eorpach Infheistíochta faoi réir fhorálacha Airteagal I-50(3) ná faoi réir fhorálacha an Airteagail seo ach amháin nuair a bheidh a bhfeidhmeanna riaracháin á bhfeidhmiú acu.

2.   Áiritheoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go ndéanfar doiciméid a bhaineann leis na nósanna imeachta reachtacha a fhoilsiú faoi na coinníollacha arna leagan síos leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal I-50(3).

Airteagal III-400

1.   Glacfaidh an Chomhairle rialacháin Eorpacha agus cinntí Eorpacha lena gcinnfear:

(a)

tuarastail, slánaíochtaí agus pinsin Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin, Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, chomhaltaí an Choimisiúin, Uachtarán, chomhaltaí agus Chláraitheoirí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus Ardrúnaí na Comhairle;

(b)

coinníollacha fostaíochta Uachtarán agus chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí agus go háirithe a dtuarastail, a slánaíochtaí agus a bpinsin;

(c)

aon íocaíocht is intugtha in ionad luach saothair do na daoine dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).

2.   Glacfaidh an Chomhairle rialacháin Eorpacha agus cinntí Eorpacha lena gcinnfear slánaíochtaí chomhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta.

Airteagal III-401

Na gníomhartha ón gComhairle, ón gCoimisiún nó ón mBanc Ceannais Eorpach a fhorchuirfidh oibleagáid airgeadais ar dhaoine nach Ballstáit iad, beidh siad infhorfheidhmithe.

Rialófar a bhforfheidhmiú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ar ina chríoch a dhéantar an forfheidhmiú. Beidh an t-ordú á fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh, gan d'fhoirmiúlacht ach fíorú ar bharántúlacht an chinnidh, ón údarás náisiúnta a cheapfaidh Rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Choimisiún agus do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí atá i gceist, féadfaidh seisean dul i gceann an fhorfheidhmithe tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an údaráis inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Ní féidir an forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ach beidh dlínse ag cúirteanna na tíre i dtrácht ar ghearáin go bhfuil an forfheidhmiú á dhéanamh ar dhóigh neamhrialta.

CAIBIDIL II

FORÁLACHA AIRGEADAIS

ROINN 1

AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL

Airteagal III-402

1.   Bunófar creat airgeadais ilbhliantúil ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad i gcomhréir le hAirteagal I-55.

2.   Cinnfear leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil méideanna na n-uasteorainneacha bliantúla ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí de réir aicme caiteachais agus méideanna na huasteorann bliantúla ar leithreasaí íocaíochta. Freagróidh na haicmí caiteachais, ar teoranta a líon, do phríomhearnálacha gníomhaíochta an Aontais.

3.   Leagfar síos leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil aon fhorálacha eile is gá chun go n-oibreoidh an nós imeachta buiséadach bliantúil go réidh.

4.   Mura mbeidh dlí Eorpach ón gComhairle lena gcinnfear creat nua airgeadais glactha roimh dheireadh an chreata airgeadais roimhe sin, fadófar na huasteorainneacha agus na forálacha eile a fhreagraíonn do bhliain dheireanach an chreata sin go dtí go nglacfar an dlí sin.

5.   I gcaitheamh an nós imeachta as a dtiocfaidh glacadh an chreata airgeadais ilbhliantúil, glacfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gach beart is gá chun críochnú rathúil an nós imeachta a éascú.

ROINN 2

BUISÉAD BLIANTÚIL AN AONTAIS

Airteagal III-403

Tosóidh an bhliain airgeadais an 1 Eanáir agus críochnóidh sí an 31 Nollaig.

Airteagal III-404

Bunófar buiséad bliantúil an Aontais le dlíthe Eorpacha i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

1.

Déanfaidh gach institiúid, roimh an 1 Iúil, meastacháin ar a caiteachas a tharraingt suas don bhliain bhuiséadach dár gcionn. Comhdhlúthóidh an Coimisiún na meastacháin sin i ndréachtbhuiséad a bhféadfaidh malairt meastachán a bheith ann.

Beidh meastachán ar ioncam agus meastachán ar chaiteachas sa dréacht sin.

2.

Tíolacfaidh an Coimisiún togra ina mbeidh an dréachtbhuiséad do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle lá nach déanaí ná an 1 Meán Fómhair den bhliain roimh an mbliain a bheidh an buiséad le cur chun feidhme.

Féadfaidh an Coimisiún an dréachtbhuiséad a leasú le linn an nós imeachta go dtí go ndéanfar an Coiste Idir-réitigh, dá dtagraítear i mír 5, a chomóradh.

3.

Glacfaidh an Chomhairle a seasamh ar an dréachtbhuiséad agus cuirfidh sí ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa é lá nach déanaí ná an 1 Deireadh Fómhair den bhliain roimh an mbliain a bheidh an buiséad le cur chun feidhme. Cuirfidh an Chomhairle Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas faoi na cúiseanna a thug uirthi a seasamh a ghlacadh.

4.

Más rud é, laistigh de dhá lá is daichead ón eolas sin a chur :

(a)

go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle a fhormheas, beidh an dlí Eorpach lena mbunófar an buiséad glactha;

(b)

nach mbeidh cinneadh glactha ag Parlaimint na hEorpa, measfar go bhfuil an dlí Eorpach lena mbunófar an buiséad glactha;

(c)

go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, leasuithe a ghlacadh, cuirfear an dréacht arna leasú amhlaidh ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Déanfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, i gcomhaontú le hUachtarán na Comhairle, cruinniú den Choiste Idir-réitigh a chomóradh láithreach. Ar a shon sin, más amhlaidh, laistigh de dheich lá tar éis an dréacht sin a chur ar aghaidh, go gcuirfidh an Chomhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas go bhfuil a cuid leasuithe uile formheasta aici, ní thiocfaidh an Coiste Idir-réitigh le chéile.

5.

Beidh de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, a chomhdhéanfar de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus a chomhlíon de chomhaltaí a ionadóidh Parlaimint na hEorpa, teacht ar chomhaontú, ar bhonn na seasamh de chuid Pharlaimint na hEorpa agus de chuid na Comhairle, maidir le téacs comhpháirteach trí thromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle nó ionadaithe dóibh agus trí thromlach ionadaithe Pharlaimint na hEorpa laistigh d'aon lá fichead óna chomóradh.

Glacfaidh an Coimisiún páirt in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh agus glacfaidh sí gach tionscnamh is gá d'fhonn seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a thabhairt le chéile.

6.

Más rud é, laistigh den tréimhse aon lá fichead dá dtagraítear i mír 5, go dtiocfaidh an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, beidh tréimhse ceithre lá dhéag ó dháta an chomhaontaithe sin ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle chun an téacs comhpháirteach a fhormheas.

7.

Más rud é, laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag dá dtagraítear i mír 6:

(a)

go bhformheasfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an téacs comhpháirteach nó go mainneoidh siad cinneadh a ghlacadh, nó go bhformheasfaidh ceann de na hinstitiúidí sin an téacs comhpháirteach agus go mainneoidh an ceann eile cinneadh a ghlacadh, measfar go bhfuil an dlí Eorpach lena mbunófar an buiséad glactha go cinntitheach i gcomhréir leis an téacs comhpháirteach; nó

(b)

go ndiúltóidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, agus an Chomhairle araon téacs comhpháirteach, nó go ndiúltóidh ceann de na hinstitiúidí sin an téacs comhpháirteach agus go mainneoidh an ceann eile cinneadh a ghlacadh, tíolacfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséad nua; nó

(c)

go ndiúltóidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach dá comhaltaí, an téacs comhpháirteach ach go bhformheasfaidh an Chomhairle é, tíolacfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséad nua; nó

(d)

go bhformheasfaidh Parlaimint na hEorpa an téacs comhpháirteach ach go ndiúltóidh an Chomhairle é, féadfaidh an Pharlaimint, laistigh de thréimhse ceithre lá dhéag amhail ón gComhairle téacs a dhiúltú, agus ag gníomhú di trí thromlach dá comhaltaí agus le trí chúigiú de na vótaí arna gcaitheamh, a chinneadh na leasuithe uile dá dtagraítear i mír 4(c) nó cuid díobh a dhearbhú. Nuair nach ndéanfar leasú de chuid Pharlaimint na hEorpa a dhearbhú, coinneálfar an seasamh a comhaontaíodh sa Choiste Idir-réitigh maidir leis an gceannteideal buiséadach is ábhar don leasú. Measfar go bhfuil an dlí Eorpach lena mbunófar an buiséad glactha go cinntitheach ar an mbonn sin.

8.

Más rud é, laistigh den tréimhse aon lá fichead dá dtagraítear i mír 5, nach dtiocfaidh an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, tíolacfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséad nua.

9.

Nuair a bheidh deireadh leis an nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal seo, dearbhóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa go bhfuil an dlí Eorpach lena mbunófar an buiséad glactha go cinntitheach.

10.

Feidhmeoidh gach Institiúid na cumhachtaí a thugtar di san Airteagal seo, agus forálacha an Bhunreachta agus na gníomhartha arna nglacadh dá bhun á gcomhlíonadh, go háirithe i dtaca le hacmhainní dílse an Aontais agus leis an gcomhardú idir ioncam agus caiteachas.

Airteagal III-405

1.   Más rud é, i dtosach bliana airgeadais, nach mbeidh dlí Eorpach lena mbunófar an buiséad glactha go cinntitheach fós, féadfar suim nach mó ná an dóú cuid déag de na leithreasaí buiséid arna n-iontráil sa chaibidil i gceist den bhuiséad don bhliain airgeadais roimhe sin a chaitheamh gach mí i leith aon chaibidle, i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-412; ar a shon sin, ní rachaidh an tsuim sin thar ná an dóú cuid déag de an leithreasaí dá bhforáiltear sa chaibidil chéanna den dréachtbhuiséad.

2.   Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus na coinníollacha eile atá leagtha síos sa chéad mhír á gcomhlíonadh, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena n-údarófar caiteachas de bhreis ar an dóú cuid déag, i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-412. Cuirfidh an Chomhairle an cinneadh ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa láithreach.

Leagfar síos leis an gcinneadh Eorpach sin na bearta is gá a bhaineann le hacmhainní chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na dlíthe Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal I-54(3) agus (4).

Tiocfaidh sé i bhfeidhm tríocha lá tar éis a ghlactha ach amháin más rud é nach mbeidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, tar éis a chinneadh an caiteachas sin a laghdú laistigh den teorainn ama sin.

Airteagal III-406

I gcomhréir leis na coinníollacha a leagfar síos leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-412, aon leithreasaí, seachas iad siúd a bhaineann le caiteachas ar fhoireann, atá gan caitheamh i ndeireadh na bliana airgeadais, féadfar iad a thabhairt ar aghaidh chuig an mbliain airgeadais ina dhiaidh sin, ach ní níos faide ná sin.

Aicmeofar na leithreasaí faoi chaibidlí éagsúla, agus míreanna caiteachais á ngrúpáil de réir a gcineáil nó a gcuspóra, agus á bhforoinnt i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-412.

Déanfar caiteachas

Pharlaimint na hEorpa,

na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle,

an Choimisiúin, agus

Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

a leagan amach i ranna ar leithligh den bhuiséad gan dochar do shocruithe speisialta le haghaidh míreanna áirithe caiteachais is coiteann dóibh.

ROINN 3

AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME AGUS A URSCAOILEADH

Airteagal III-407

Cuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme, i gcomhar leis na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-412, ar a fhreagracht féin agus laistigh de theorainneacha na leithreasaí arna gcionroinnt, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun a áirithiú go n-úsáidtear na leithreasaí i gcomhréir leis na prionsabail sin.

Bunófar leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-412 na hoibleagáidí maidir le rialú agus iniúchóireacht a bheidh ar na Ballstáit i gcur chun feidhme an bhuiséid agus na freagrachtaí a bheidh mar thoradh air sin. Bunófar leis an dlí sin na freagrachtaí agus na rialacha mionsonraithe do gach institiúid maidir lena páirt ina caiteachas féin a chur i ngníomh.

Laistigh den bhuiséad, féadfaidh an Coimisiún, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagfar síos leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-412, leithreasaí a aistriú ó chaibidil go chéile nó ó fhoroinn go chéile.

Airteagal III-408

Tíolacfaidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach bliain cuntais na bliana airgeadais roimhe sin a bhaineann leis an mbuiséad a chur chun feidhme. Cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chucu freisin ráiteas airgeadais ar shócmhainní agus dliteanais an Aontais.

Tíolacfaidh an Coimisiún freisin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tuarascáil mheastóireachta ar riocht airgeadais an Aontais arna bunú ar na torthaí atá gnóthaithe, go háirithe i ndáil leis na sonraí arna dtabhairt ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle de bhun Airteagal III-409.

Airteagal III-409

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle, urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún i leith an buiséad a chur chun feidhme. Chun na críche sin, déanfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, i ndiaidh a chéile, scrúdú ar na cuntais, ar an ráiteas airgeadais agus ar an tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear in Airteagal III-408, ar thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maille leis na freagraí ó na hinstitiúidí faoi iniúchadh ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí, ar an ráiteas dearbhaithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal III-384(1), agus ar aon tuarascálacha speisialta ábhartha ón gCúirt Iniúchóirí.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, sula dtabharfaidh sí urscaoileadh don Choimisiún nó chun aon chríche eile i ndáil le cumhachtaí an Choimisiúin a fheidhmiú i leith an buiséad a chur chun feidhme, iarraidh an Coimisiún a éisteacht ar chur i ngníomh an chaiteachais nó ar oibriú na gcóras rialaithe airgeadais. Tíolacfaidh an Coimisiún gach faisnéis is gá do Pharlaimint na hEorpa arna iarraidh sin di.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gach dícheall chun go dtabharfar éifeacht do na barúlacha atá i gceangal leis na cinntí urscaoilte maille le barúlacha eile Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcaiteachas a chur i ngníomh agus na gluaiseanna a bheidh in éineacht leis na moltaí urscaoilte arna nglacadh ag an gComhairle.

4.   Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar na bearta a bheidh glactha i bhfianaise na mbarúlacha agus na ngluaiseanna sin agus go háirithe ar na teagaisc a bheidh tugtha do na ranna atá freagrach as an mbuiséad a chur chun feidhme. Cuirfear na tuarascálacha sin ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí freisin.

ROINN 4

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal III-410

Tarraingeofar suas an creat airgeadais ilbhliantúil agus an buiséad bliantúil in euro.

Airteagal III-411

Féadfaidh an Coimisiún, ach é a chur in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, aistriú go hairgeadra ceann de na Ballstáit a dhéanamh ar a bhfuil ina sheilbh aige d'airgeadra Ballstáit eile, a mhéad is gá le go bhféadfar é a úsáid chun na gcríoch a cheaptar dó leis an mBunreacht seo. Seachnóidh an Coimisiún aistriú dá leithéid sin, chomh fada agus is féidir, má bhíonn airgead nó sócmhainní insóinseáilte ar seilbh aige sna hairgeadraí atá ag teastáil uaidh.

Déileálfaidh an Coimisiún le gach Ballstát i dtrácht tríd an údarás a bheidh sonraithe ag an Stát sin. Chun oibríochtaí airgeadais a chur i gcrích, bainfidh an Coimisiún leas as seirbhísí bhanc eisiúna an Bhallstáit atá i gceist nó aon institiúide airgeadais eile a bheidh formheasta ag an Stát sin.

Airteagal III-412

1.   Bunófar le dlíthe Eorpacha:

(a)

na rialacha airgeadais lena sonrófar go háirithe an nós imeachta is inleanta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh;

(b)

na rialacha ina bhforálfar do sheiceálacha ar an bhfreagracht atá ar oibreoirí airgeadais, agus go háirithe ar oifigigh údaráis agus oifigigh cuntais.

Glacfar na dlíthe Eorpacha sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí.

2.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialachán Eorpach lena leagfar síos na modhanna agus an nós imeachta ar dá réir a bheidh an t-ioncam buiséid dá bhforáiltear faoi na socruithe i dtaobh acmhainní dílse an Aontais le cur ar fáil don Choimísiún agus na bearta atá le cur i bhfeidhm, más gá, chun freastal ar riachtanais airgeadais. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCúirt Iniúchóirí.

3.   Go dtí an 31 Nollaig 2006 gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil sna cásanna uile dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal III-413

Áiritheoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go gcuirfear na meáin airgeadais ar fáil chun go bhféadfaidh an tAontas a chuid oibleagáidí dlíthiúla a chomhall i leith tríú páirtithe.

Airteagal III-414

Ar thionscnamh ón gCoimisiún, comórfar cruinnithe tráthrialta idir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin faoi na nósanna imeachta buiséadacha dá dtagraítear sa Chaibidil seo. Glacfaidh na hUachtaráin gach beart is gá chun comhairliúchán a chur chun cinn agus seasaimh na n-institiúidí a bhfuil siad i gceannas orthu a thabhairt le chéile chun cur chun feidhme na Caibidle seo a éascú.

ROINN 5

CALAOIS A CHOMHRAC

Airteagal III-415

1.   Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit calaois agus gach gníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac trí bhearta a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo. Beidh na bearta sin ina mbac agus de chineál a chinnteoidh cosaint éifeachtúil sna Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile den Aontas.

2.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta céanna chun calaois a chomhrac a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais is a ghlacann siad chun calaois a chomhrac a dhéanann díobháil dá leasanna airgeadais féin.

3.   Gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta, comhordóidh na Ballstáit a ngníomhaíocht chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcoinne na calaoise. Chuige sin, eagróidh siad, i dteannta leis an gCoimisiún, dlúthchomhar tráthrialta idir na húdaráis inniúla.

4.   Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na bearta is gá maidir le calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac ar mhaithe le cosaint éifeachtach choibhéiseach a thabhairt sna Ballstáit agus in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí uile an Aontais. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí.

5.   Tíolacfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, tuarascáil gach bliain do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar na bearta agus na forálacha arna nglacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

CAIBIDIL III

COMHAR FEABHSAITHE

Airteagal III-416

Comhlíonfaidh aon chomhar feabhsaithe Bunreacht an Aontais agus dlí an Aontais.

Ní fhéadfaidh an comhar sin dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach ná don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Ní bheidh sé ina bhacainn ar an trádáil ná ní dhéanfaidh sé idirdhealú sa trádáil idir Bhallstáit agus ní shaobhfaidh sé an iomaíocht eatarthu.

Airteagal III-417

Comhlíonfaidh aon chomhar feabhsaithe inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na mBallstát sin nach mbeidh rannpháirteach ann. Ní chuirfidh na Ballstáit sin bac ar a chur chun feidhme ag na Ballstáit rannpháirteacha.

Airteagal III-418

1.   Nuair a bheidh an comhar feabhsaithe á chur ar bun, beidh sé ar oscailt do na Ballstáit uile, faoi réir aon choinníollacha rannpháirtíochta arna leagan síos leis na gcinneadh Eorpach um údarú a chomhlíonadh. Beidh sé ar oscailt dóibh, tráth ar bith eile freisin, faoi réir chomhlíonadh na ngníomhartha arna nglacadh cheana faoina chuimsiú sin, de bhreis ar na coinníollacha sin.

Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe go ndéanfaidh siad rannpháirtíocht a oiread Ballstát agus is féidir a chur chun cinn.

2.   Déanfaidh an Coimisiún agus, nuair is iomchuí, Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choinneáil ar an eolas go tráthrialta faoi fhorbairtí sa chomhar feabhsaithe.

Airteagal III-419

1.   Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu i gceann de na réimsí atá folaithe sa Bhunreacht, amach ó réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach agus ón gcomhbheartas eachtrach agus slándála, díreoidh siad chuig an gCoimisiún iarraidh a shonróidh raon feidhme agus cuspóirí an chomhair fheabhsaithe arna bheartú. Féadfaidh an Coimisiún togra chuige sin a thíolacadh don Chomhairle. Mura ndéanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoi na cúiseanna nár thiolaic sé togra.

Is le cinneadh Eorpach ón gComhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, a dheonófar an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe.

2.   Díreofar chuig an gComhairle an iarraidh ó na Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a bhunú eatarthu. Déanfar an iarraidh a chur ar aghaidh chuig Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, a thabharfaidh tuairim an bhfuil an comhar feabhsaithe arna bheartú comhchuí le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, agus chuig an gCoimisiún, a thabharfaidh a thuairim go háirithe an bhfuil an comhar feabhsaithe arna bheartú comhchuí le beartais eile an Aontais. Cuirfear chuig Parlaimint na hEorpa í freisin mar eolas.

Is le cinneadh Eorpach ón gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil, a dheonófar an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe.

Airteagal III-420

1.   Aon Bhallstát ar mian leis bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe atá ar siúl i gceann de na réimsí dá dtagraítear in Airteagal III-419(1), cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún.

Laistigh de cheithre mhí ó dháta an fhógra a fháil, daingneoidh an Coimisiún rannpháirtíocht an Bhallstáit i dtrácht. Suífidh sé más gá go bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta agus glacfaidh sé aon bhearta idirthréimhseacha is gá maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhartha arna nglacadh cheana faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe.

Ar a shon sin, má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta, sonróidh sé na socruithe atá le glacadh chun na coinníollacha sin a chomhall agus socróidh sé teorainn ama chun an iarraidh ar rannpháirtíocht a athscrúdú. Ar an teorainn ama sin a bheith caite, athscrúdóidh sé an iarraidh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach sa dara fomhír. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta fós, féadfaidh an Ballstát i dtrácht an cheist a tharchur chuig an gComhairle a ghlacfaidh cinneadh ar an iarraidh. Gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal I-44(3). Féadfaidh sí freisin, ar thogra ón gCoimisiún, na bearta idirthréimhseacha dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh.

2.   Gach Ballstát ar mian leis bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe atá ar siúl faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle, d'Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus don Choimisiún.

Daingneoidh an Chomhairle rannpháirtíocht an Bhallstáit i gceist, tar éis dul i gcomhairle le hAire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus tar éis a shuíomh, más gá, go bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, aon bhearta idirthréimhseacha is gá a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhartha atá glactha cheana faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe. Má mheasann an Chomhairle, áfach, nach bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta, sonróidh sí na socruithe atá le glacadh chun na coinníollacha sin a chomhall agus socróidh sí teorainn ama chun an iarraidh ar rannpháirtíocht a athscrúdú.

Chun críocha na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil agus i gcomhréir le hAirteagal I-44(3).

Airteagal III-421

Is iad na Ballstáit rannpháirteacha a iompróidh an caiteachas a thig ón gcomhar feabhsaithe a chur chun feidhme, seachas costais riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí, mura gcinnfidh comhaltaí uile na Comhairle a mhalairt, ag gníomhú dóibh d'aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-422

1.   Nuair a leagtar síos le foráil den Bhunreacht a fhéadfar a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe go ngníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos in Airteagal I-44(3), cinneadh Eorpach a ghlacadh lena leagfar síos mar choinníoll go ngníomhóidh sí trí thromlach cáilithe.

2.   Nuair a leagtar síos le foráil den Bhunreacht a fhéadfar a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe go nglacfaidh an Chomhairle dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha faoi nós imeachta reachtach speisialta, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos in Airteagal I-44(3), cinneadh Eorpach a ghlacadh lena leagfar síos go ngníomhóidh sí faoin ngnáthnós imeachta reachtach. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir leis na cinntí a mbeidh impleachtaí míleata nó cosanta acu.

Airteagal III-423

Áiritheoidh an Chomhairle agus an Coimisiún comhchuibheas na ngníomhaíochtaí arna ngabháil ar láimh i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe agus comhchuibheas na ngníomhaíochtaí sin le beartais an Aontais, agus comhoibreoidh siad le chéile siad chuige sin.

TEIDEAL VII

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal III-424

Ag féachaint do staid eacnamaíoch agus sóisialta struchtúrach Ghuadalúip, Ghuáin na Fraince, Martinique, La Réunion, na nAsór, Mhaidéara agus na nOileán Canárach, staid is measa fós mar gheall ar a n-iargúltacht, a n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtopagrafaíocht agus a n-aeráid achrannach, agus a spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí, a ndéanann a mbuaine agus comhcheangal díobh mórdhochar dá bhforbairt, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, dlíthe Eorpacha, dlíthe réime Eorpacha, rialacháin Eorpacha agus cinntí Eorpacha a mbeidh d'aidhm acu, ach go háirithe, na coinníollacha a leagan síos chun an Bunreacht, lena n-áirítear comhbheartais, a chur i bhfeidhm ar na réigiúin sin. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Bainfidh na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír go háirithe le réimsí amhail beartais chustaim agus trádála, beartas fioscach, saorlimistéir, beartais talmhaíochta agus iascaigh, coinníollacha maidir le soláthar amhábhar agus earraí tomhaltais sár-riachtanacha, státchabhracha agus coinníollacha rochtana ar chistí struchtúracha agus ar chláir chothrománacha Aontais.

Glacfaidh an Chomhairle na gníomhartha dá dtagraítear sa chéad mhír ag cur ghnéithe agus shrianta speisialta na réigiún is forimeallaí san áireamh ach gan baint d'iomláine ná de chomhchuibheas dhlíchóras an Aontais, lena n-áirítear an margadh inmheánach agus na comhbheartais.

Airteagal III-425

Ní dhéanfaidh an Bunreacht dochar ar dhóigh ar bith do na rialacha sna Ballstáit a bhfuil úinéireacht maoine faoina rialú.

Airteagal III-426

I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an Aontas an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoina dhlíthe ag daoine dlítheanacha; féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla. Chuige sin, feidhmeoidh an Coimisiún ar son an Aontais. Ar a shon sin, feidhmeoidh gach ceann de na hinstitiúidí ar son an Aontais, de bhua a neamhspleáchais riaracháin, in ábhair a bhaineann lena hoibriú faoi seach.

Airteagal III-427

Leagfar síos le dlí Eorpach Rialacháin Foirne oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais. Glacfar an dlí sin tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí lena mbaineann.

Airteagal III-428

Chun na cúraimí a chuirtear air a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis is gá a chruinniú, agus aon fhíorú is gá a dhéanamh, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a bheidh leagtha síos le rialachán Eorpach nó le cinneadh Eorpach arna ghlacadh ag an gComhairle trí thromlach simplí.

Airteagal III-429

1.   Gan dochar d'Airteagal 5 den Phrótacal ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, leagfar síos le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach na bearta chun staidreamh a chur ar fáil nuair is gá sin chun gníomhaíochtaí an Aontais a chomhlíonadh.

2.   Cuirfear an staidreamh ar fáil i gcomhréir le neamhchlaontacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, neamhspleáchas eolaíoch, éifeachtúlacht costais agus rúndacht an staidrimh. Ní bheidh ualaí iomarcacha ar oibreoirí eacnamaíocha dá bharr.

Airteagal III-430

Beidh de cheangal ar chomhaltaí institiúidí an Aontais, ar chomhaltaí coistí agus ar oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan faisnéis a nochtadh is de chineál atá faoi chumhdach na rúndachta gairmiúla, go háirithe faisnéis a bhaineann le gnóthais, lena gcaidreamh gnó nó le comhdhéanamh a gcostas.

Airteagal III-431

Beidh dliteanas conarthach an Aontais faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist.

I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an tAontas, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a mbeidh a institiúidí nó a sheirbhísigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.

D'ainneoin an dara mír, déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a mbeidh sé féin nó a sheirbhísigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.

Beidh dliteanas pearsanta a sheirbhíseach i leith an Aontais faoi rialú ag na forálacha arna leagan síos leis na Rialacháin Foirne nó na Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme ina leith.

Airteagal III-432

Cinnfidh Rialtais na mBallstát, de thoil a chéile, suíomh institiúidí an Aontais.

Airteagal III-433

Glacfaidh an Chomhairle, d'aon toil, rialachán Eorpach lena leagfar síos na rialacha i dtaobh theangacha institiúidí an Aontais, gan dochar do Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal III-434

Beidh ag an Aontas, ar chríocha na mBallstát, na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá sainithe sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh.

Airteagal III-435

Ní dhéanfaidh an Bunreacht difear do na cearta agus na hoibleagáidí a éiríonn as comhaontuithe a tugadh i gcrích roimh an 1 Eanáir 1958, nó, i dtaca le Stáit aontacha, roimh dháta a n-aontachais, idir Ballstát amháin nó níos mó de thaobh amháin agus tríú tír amháin nó níos mó den taobh eile.

Sa mhéid nach bhfuil na comhaontuithe sin ag luí leis an mBunreacht, glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit i dtrácht gach slí iomchuí chun an neamhluí arna shuíomh a dhíchur. Nuair is gá, cabhróidh na Ballstáit le chéile chuige sin agus glacfaidh siad comhdhearcadh nuair is iomchuí sin.

Ag cur na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad mhír i bhfeidhm dóibh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh gur cuid dhílis den Aontas na buntáistí atá deonaithe faoin mBunreacht ag gach Ballstát agus uime sin go bhfuil siad i ndlúthnasc doscartha le bunú institiúidí, a bhfuil cumhachtaí tugtha leis an mBunreacht dóibh, agus le buntáistí comhionanna a bheith á ndeonú orthu ag na Ballstáit eile go léir.

Airteagal III-436

1.   Ní chuirfidh an Bunreacht bac ar na rialacha seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha le leasanna sár-riachtanacha a shlándála;

(b)

féadfaidh gach Ballstát cibé bearta a ghlacadh a mheasfaidh sé is gá chun leasanna sár-riachtanacha a shlándála a chosaint agus ar bearta iad a bhaineann le hairm, muinisin agus ábhair chogaidh a tháirgeadh nó a thrádáil; ní rachaidh, áfach, na bearta sin chun dochair do na coinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach i gcás táirgí nach bhfuil ceaptha chun críoch míleata go sonrach.

2.   Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh d'aon toil lena ndéanfar athruithe ar liosta an 15 Aibreán 1958 de na táirgí a bhfuil feidhm ag forálacha mhír 1(b) ina leith.

CUID IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal IV-437

Conarthaí roimhe seo a aisghairm

1.   An Conradh seo ag bunú Bunreachta don Eoraip, aisghairfidh sé an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, an Conradh ar an Aontas Eorpach agus, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal maidir leis na hionstraimí agus na conarthaí a rinne an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus an Conradh ar an Aontas Eorpach a fhorlíonadh nó a leasú, na hionstraimí agus na conarthaí a rinne iad a fhorlíonadh nó a leasú, faoi réir mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

2.   Déantar na Conarthaí maidir le hAontachas:

(a)

Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann;

(b)

na Poblachta Heilléanaí;

(c)

Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile;

(d)

Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne, agus

(e)

Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice,

a aisghairm.

Ar a shon sin:

forálacha na gConarthaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus atá leagtha amach nó a dtagraítear dóibh sa Phrótacal maidir le Conarthaí agus Ionstraimí Aontachais Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, na Poblachta Heilléanaí, Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile, agus Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne, fanfaidh siad i bhfeidhm agus déanfar a n-éifeachtaí dlíthiúla a chaomhnú i gcomhréir leis an bPrótacal sin;

forálacha an Chonartha dá dtagraítear i bpointe (e) agus atá leagtha amach nó a dtagraítear dóibh sa Phrótacal maidir le Conradh agus Ionstraim Aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice, fanfaidh siad i bhfeidhm agus déanfar a n-éifeachtaí dlíthiúla a chaomhnú i gcomhréir leis an bPrótacal sin.

Airteagal IV-438

Comharbas agus leanúnachas dlíthiúil

1.   Tiocfaidh an tAontas Eorpach arna bhunú leis an gConradh seo i gcomharbas ar an Aontas Eorpach, arna bhunú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, agus ar an gComhphobal Eorpach.

2.   Faoi réir Airteagal IV-439, déanfaidh na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí atá ann ar dháta an Conradh seo a theacht i bhfeidhm, ina gcomhdhéanamh ar an dáta sin, a gcumhachtaí a fheidhmiú de réir bhrí an Chonartha seo go dtí go nglacfar forálacha nua dá bhun nó go dtí deireadh a dtéarma oifige.

3.   Gníomhartha na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí arna nglacadh ar bhonn na gconarthaí agus na n-ionstraimí atá aisghairthe le hAirteagal IV-437, fanfaidh siad i bhfeidhm. Déanfar a n-éifeachtaí dlíthiúla a chaomhnú go dtí go ndéanfar iad a aisghairm, a neamhniú nó a leasú de bhun an Chonartha seo. Is mar an gcéanna a bheidh maidir le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir Bhallstáit ar bhonn na gconarthaí agus na n-ionstraimí atá aisghairthe le hAirteagal IV-437.

Na heilimintí eile de acquis an Chomhphobail agus an Aontais atá ann tráth an Conradh seo a theacht i bhfeidhm, go háirithe na comhaontuithe idirinstitiúideacha, na cinntí agus na comhaontuithe arna gcomhaontú ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit maidir le hoibriú an Aontais nó an Chomhphobail nó atá nasctha le gníomhaíocht an Aontais agus an Chomhphobail, na dearbhuithe, lena n-áirítear na dearbhuithe arna ndéanamh i gcomhthéacs comhdhálacha idir-rialtasacha, mar aon leis na rúin nó na seasaimh eile arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle agus na cinn a bhaineann leis an Aontas nó leis an gComhphobal arna nglacadh de thoil a chéile ag na Ballstáit, déanfar iad a chaomhnú go dtí go scriosfar nó go leasófar iad.

4.   Cásdlí Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus na Cúirte Céadchéime a bhaineann leis na conarthaí agus na hionstraimí atá aisghairthe le hAirteagal IV-437, agus leis na hionstraimí agus na coinbhinsiúin arna nglacadh ar mhaithe lena gcur i bhfeidhm, a léiriú agus a chur i bhfeidhm, leanfaidh sé mutatis mutandis mar fhoinse do léiriú dhlí an Aontais agus go háirithe léiriú fhorálacha inchomparáide an Bhunreachta.

5.   Déanfar an leanúnachas maidir le nósanna imeachta riaracháin agus dlí arna dtosú roimh dháta an Chonartha seo a theacht i bhfeidhm a áirithiú agus an Bunreacht á chomhlíonadh. Glacfaidh na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí is freagrach as na nósanna imeachta sin gach beart is iomchuí chuige sin.

Airteagal IV-439

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hinstitiúidí áirithe

Is sa Phrótacal maidir leis na forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais a leagfar síos na forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, le sainiú an tromlaigh cháilithe sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle, lena n-áirítear na cásanna sin nuair nach nglacann gach comhalta den Chomhairle Eorpach nó den Chomhairle páirt sa vótáil, agus le comhdhéanamh an Choimisiúin, lena n-áirítear Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais.

Airteagal IV-440

Raon feidhme críochach

1.    Beidh feidhm ag an gConradh seo maidir le Ríocht na Beilge, le Poblacht na Seice, le Ríocht na Danmhairge, le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, le Poblacht na hEastóine, leis an bPoblacht Heilléanach, le Ríocht na Spáinne, le Poblacht na Fraince, le hÉirinn, le Poblacht na hIodáile, le Poblacht na Cipire, le Poblacht na Laitvia, le Poblacht na Liotuáine, le hArd-Diúcacht Lucsamburg, le Poblacht na hUngáire, le Poblacht Mhálta, le Ríocht na hÍsiltíre, le Poblacht na hOstaire, le Poblacht na Polainne, le Poblacht na Portaingéile, le Poblacht na Slóivéine, le Poblacht na Slóvaice, le Poblacht na Fionlainne, le Ríocht na Sualainne agus le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

2.   Beidh feidhm ag an gConradh seo maidir le Guadalúip, le Guáin na Fraince, le Martinique, le La Réunion, leis na hAsóir, le Maidéara agus leis na hOileáin Chanáracha, i gcomhréir le hAirteagal III-424.

3.   Beidh feidhm ag na socruithe speisialta i dtaobh comhlachais atá leagtha amach i dTeideal IV de Chuid III den Chonradh seo maidir leis na tíortha agus na críocha thar lear atá sa liosta in Iarscríbhinn II.

Ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le tíortha agus críocha thar lear a bhfuil caidreamh speisialta acu le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus nach bhfuil sa liosta sin.

4.   Beidh feidhm ag an gConradh seo maidir leis na críocha Eorpacha a bhfuil Ballstát freagrach as a gcaidreamh eachtrach.

5.   Beidh feidhm ag an gConradh seo maidir le hOileáin Åland mar aon leis na maoluithe a bhí ann an chéad uair sa Chonradh dá dtagraítear in Airteagal IV-437(2)(d) agus atá ionchorpraithe i Roinn 5 de Theideal V den Phrótacal maidir le Conarthaí agus Ionstraimí Aontachais Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, na Poblachta Heilléanaí, Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile, agus Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 1 go 5:

(a)

ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le hOileáin Fharó;

(b)

ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le Akrotiri agus Dhekelia, ar Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir iad, ach amháin a mhéad is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na socruithe dá bhforáiltear an chéad uair sa Phrótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir atá i gceangal leis an Ionstraim Aontachais, atá ina cuid dhílis den Chonradh dá dtagraítear in Airteagal IV-437(2)(e), agus atá ionchorpraithe i dTeideal III de Chuid II den Phrótacal maidir le Conarthaí agus Ionstraimí Aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice;

(c)

ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le hOileáin Mhuir nIocht agus le hOileán Mhanann ach amháin a mhéad is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na socruithe atá leagtha amach an chéad uair sa Chonradh dá dtagraítear in Airteagal IV-437(2)(a) den Bhunreacht agus atá ionchorpraithe i Roinn 3 de Theideal II den Phrótacal maidir le Conarthaí agus Ionstraimí Aontachais Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, na Poblachta Heilléanaí, Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile, agus Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.

7.   Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, ar thionscnamh ón mBallstát i dtrácht, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena leasófar an stádas i leith an Aontais atá ag tír nó críoch de chuid na Danmhairge, na Fraince nó na hÍsiltíre dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Airteagal IV-441

Aontais réigiúnacha

Ní chuirfidh an Conradh seo bac ar aontais réigiúnacha idir an Bheilg agus Lucsamburg, nó idir an Bheilg, Lucsamburg agus an Ísiltír, a bheith ann nó a chomhlánú, sa mhéid nach bhfuil cuspóirí na n-aontas réigiúnach sin á ngnóthú tríd an gConradh seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal IV-442

Prótacail

Is cuid dhílis den Chonradh seo na Prótacail agus na hIarscríbhinní atá i gceangal leis.

Airteagal IV-443

An gnáthnós imeachta um athbhreithniú

1.   Féadfaidh Rialtas aon Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa nó an Coimisiún tograí a thíolacadh don Chomhairle chun an Conradh seo a leasú. Cuirfidh an Chomhairle na tograí sin chuig an gComhairle Eorpach agus cuirfear in iúl iad do na Parlaimintí náisiúnta.

2.   Má dhéanann an Chomhairle Eorpach, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh trí thromlach simplí i bhfabhar scrúdú a dhéanamh ar na leasuithe arna mbeartú, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí Coinbhinsiún a chomóradh arb iad a bheidh air ionadaithe do na Parlaimintí náisiúnta, do Cheannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún. Rachfar i gcomhairle freisin leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás athruithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta. Scrúdóidh an Coinbhinsiún na tograí do leasuithe agus glacfaidh sé de chomhthoil moladh chuig comhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát dá bhforáiltear i mír 3.

Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh trí thromlach simplí, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, gan Coinbhinsiún a chomóradh más rud é nach bhfuil call leis de bharr raon na leasuithe arna mbeartú. Sa chás déanach, saineoidh an Chomhairle Eorpach na téarmaí tagartha do chomhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát.

3.   Comórfaidh Uachtarán na Comhairle comhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát chun na leasuithe a bheidh le déanamh ar an gConradh seo a chinneadh de thoil a chéile.

Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm tar éis a ndaingnithe ag na Ballstáit go léir i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

4.   Más rud é, dhá bhliain tar éis an conradh ag leasú an Chonartha seo a shíniú, go mbeidh sé daingnithe ag ceithre chúigiú de na Ballstáit agus go mbeidh deacrachtaí ag Ballstát amháin nó níos mó dul ar aghaidh leis an daingniú, déanfar an cheist a tharchur chuig an gComhairle Eorpach.

Airteagal IV-444

An nós imeachta um athbhreithniú simplithe

1.   Nuair a fhoráiltear i gCuid III go ngníomhóidh an Chomhairle d'aon toil i réimse nó i gcás faoi leith, féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh Eorpach a ghlacadh lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach cáilithe sa réimse sin nó sa chás sin.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cinntí a bhfuil impleachtaí míleata acu nó i réimse na cosanta.

2.   Nuair a fhoráiltear i gCuid III go nglacfaidh an Chomhairle dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh Eorpach a ghlacadh lena n-údarófar na dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha sin a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

3.   Déanfar gach tionscnamh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach ar bhonn mhír 1 nó mhír 2 a chur in iúl do na Parlaimintí náisiúnta. Ar Pharlaimint náisiúnta a freasúra a chur in iúl laistigh de shé mhí ón bhfógra sin, ní ghlacfar an cinneadh Eorpach dá dtagraítear i mír 1 nó mír 2. Cheal freasúra, féadfaidh an Chomhairle Eorpach an cinneadh a ghlacadh.

Chun na cinntí Eorpacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ghlacadh, gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa a ghníomhóidh trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.

Airteagal IV-445

An nós imeachta um athbhreithniú simplithe a bhaineann le beartais inmheánacha agus gníomhaíocht inmheánach an Aontais

1.   Féadfaidh rialtas aon Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa nó an Coimisiún tograí a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí chun na forálacha i dTeideal III de Chuid III maidir le beartais inmheánacha agus gníomhaíocht inmheánach an Aontais a athbhreithniú go hiomlán nó go páirteach.

2.   Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh Eorpach a ghlacadh lena leasófar na forálacha i dTeideal III de Chuid III go hiomlán nó go páirteach. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, agus leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás athruithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta.

Ní thiocfaidh an cinneadh Eorpach sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé formheasta ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

3.   Ní fhéadfaidh an cinneadh Eorpach dá dtagraítear i mír 2 na hinniúlachtaí atá tugtha don Aontas leis an gConradh seo a mhéadú.

Airteagal IV-446

Tá an Conradh seo tugtha i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.

Airteagal IV-447

Daingniú agus teacht i bhfeidhm

1.   Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh seo i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile.

2.   Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm ar an 1 Samhain 2006, ar an gcoinníoll go mbeidh gach ionstraim dhaingniúcháin taiscthe, nó, ina éagmais sin, ar an gcéad lá den dara mí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an Stát sínitheach is déanaí a dhéanfaidh an taisceadh sin.

Airteagal IV-448

Téacsanna barántúla agus aistriúcháin

1.   Tarraingíodh an Conradh seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de na Stáit shínitheacha.

2.   Féadfar an Conradh seo a aistriú chuig aon teanga eile arna cinneadh ag na Ballstáit as measc na dteangacha sin a bhfuil stádas oifigiúil acu ar a gcríoch nó ar chuid de, i gcomhréir le hord bunreachtúil na mBallstát sin. Cuirfidh na Ballstáit i dtrácht cóip dheimhnithe de na haistriúcháin sin ar fáil agus taiscfear iad i gcartlann na Comhairle.

EN FE DE LO CUAL, los plenipotenciarios infrascritos suscriben el presente Tratado

Na DŮKAZ ČEHOŽ připojili níže podepsaní zplnomocnění zástupci k této smlouvě své podpisy

TIL BEKRÆFTELSE HERAF har undertegnede befuldmægtigede underskrevet denne traktat

ZU URKUND DESSEN haben die unterzeichneten Bevollmächtigten ihre Unterschriften unter diesen Vertrag gesetzt

SELLE KINNITUSEKS on nimetatud täievolilised esindajad käesolevale lepingule alla kirjutanud

ΕΙΣ ΠΙΣΤΩΣΗ ΤΩΝ ΑΝΩΤΕΡΩ, οι υπογεγραμμένοι πληρεξούσιοι υπέγραψαν την παρούσα Συνθήκη

IN WITNESS WHEREOF, the undersigned plenipotentiaries have signed this Treaty

EN FOI DE QUOI, les plénipotentiaires soussignés ont apposé leur signature au bas du présent traité

DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an gConradh seo

IN FEDE DI CHE, i plenipotenziari sottoscritti hanno apposto la loro firma in calce al presente trattato

TO APLIECINOT, attiecīgi pilnvarotas personas ir parakstījušas šo Līgumu

TAI PALIUDYDAMI šią Sutartį pasirašė toliau nurodyti įgaliotieji atstovai

FENTIEK HITELÉÜL az alulírott meghatalmazottak aláírták ezt a szerződést

B'XIEHDA TA' DAN, il-plenipotenzjarji sottoskritti ffirmaw dan it-Trattat

TEN BLIJKE WAARVAN de ondergetekende gevolmachtigden hun handtekening onder dit verdrag hebben gesteld

W DOWÓD CZEGO niżej podpisani pełnomocnicy złożyli swoje podpisy pod niniejszym Traktatem

EM FÉ DO QUE os plenipotenciários abaixo assinados apuseram as suas assinaturas no final do presente Tratado

NA DÔKAZ TOHO dolupodpísaní splnomocnení zástupcovia podpísali túto zmluvu

V POTRDITEV TEGA so spodaj podpisani pooblaščenci podpisali to pogodbo

TÄMÄN VAKUUDEKSI alla mainitut täysivaltaiset edustajat ovat allekirjoittaneet tämän sopimuksen

TILL BEVIS HÄRPÅ har undertecknade befullmäktigade undertecknat detta fördrag

Hecho en Roma, el veintinueve de octubre del dos mil cuatro.

V Římě dne dvacátého devátého října dva tisíce čtyři

Udfærdiget i Rom den niogtyvende oktober to tusind og fire.

Geschehen zu Rom am neunundzwanzigsten Oktober zweitausendundvier.

Kahe tuhande neljanda aasta oktoobrikuu kahekümne üheksandal päeval Roomas

Έγινε στις Ρώμη, στις είκοσι εννέα Οκτωβρίου δύο χιλιάδες τέσσερα.

Done at Rome on the twenty-ninth day of October in the year two thousand and four.

Fait à Rome, le vingt-neuf octobre deux mille quatre.

Arna dhéanamh sa Róimh, an naoú lá fichead de Dheireadh Fómhair sa bhliain dhá mhíle is a ceathair

Fatto a Roma, addì ventinove ottobre duemilaquattro.

Romā, divi tūkstoši ceturtā gada divdesmit devītajā oktobrī

Priimta du tūkstančiai ketvirtų metų spalio dvidešimt devintą dieną Romoje

Kelt Rómában, a kétezer-negyedik év október havának huszonkilencedik napján

Magħmul f'Ruma fid-disa' u għoxrin jum ta' Ottubru tas-sena elfejn u erbgħa

Gedaan te Rome, de negenentwintigste oktober tweeduizendvier.

Sporządzono w Rzymie dnia dwudziestego dziewiątego października roku dwutysięcznego czwartego

Feito em Roma, em vinte e nove de Outubro de dois mil e quatro

V Ríme dvadsiatehodeviateho októbra dvetisícštyri

V Rimu, devetindvajsetega oktobra leta dva tisoč štiri

Tehty Roomassa kahdentenakymmenentenäyhdeksäntenä päivänä lokakuuta vuonna kaksituhattaneljä.

Som skedde i Rom den tjugonionde oktober tjugohundrafyra.

Pour Sa Majesté le Roi des Belges

Voor Zijne Majesteit de Koning der Belgen

Für Seine Majestät den König der Belgier

Image

Cette signature engage également la Communauté française, la Communauté flamande, la Communauté germanophone, la Région wallonne, la Région flamande et la Région de Bruxelles-Capitale.

Deze handtekening verbindt eveneens de Vlaamse Gemeenschap, de Franse Gemeenschap, de Duitstalige Gemeenschap, het Vlaamse Gewest, het Waalse Gewest en het Brussels Hoofdstedelijk Gewest.

Diese Unterschrift bindet zugleich die Deutschsprachige Gemeinschaft, die Flämische Gemeinschaft, die Französische Gemeinschaft, die Wallonische Region, die Flämische Region und die Region Brüssel-Hauptstadt.

Za prezidenta České republiky

Image

For Hendes Majestæt Danmarks Dronning

Image

Für den Präsidenten der Bundesrepublik Deutschland

Image

Eesti Vabariigi Presidendi nimel

Image

Για τον Πρόεδρο της Ελληνικής Δημοκρατίας

Image

Por Su Majestad el Rey de España

Image

Pour le Président de la République française

Image

Thar ceann Uachtarán na hÉireann

For the President of Ireland

Image

Per il Presidente della Repubblica italiana

Image

Για τον Πρόεδρο της Κυπριακής Δημοκρατίας

Image

Latvijas Republikas Valsts prezidentes vārdā

Image

Lietuvos Respublikos Prezidento vardu

Image

Pour Son Altesse Royale le Grand-Duc de Luxembourg

Image

A Magyar Köztársaság Elnöke részéről

Image

Għall-President ta' Malta

Image

Voor Hare Majesteit de Koningin der Nederlanden

Image

Für den Bundespräsidenten der Republik Österreich

Image

Za Prezydenta Rzeczypospolitej Polskiej

Image

Pelo Presidente da República Portuguesa

Image

Za predsednika Republike Slovenije

Image

Za prezidenta Slovenskej republiky

Image

Suomen Tasavallan Presidentin puolesta

För Republiken Finlands President

Image

För Konungariket Sveriges regering

Image

For Her Majesty the Queen of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland

Image


PRÓTACAIL MAR AON LE hIARSCRÍBHINNÍ

A.   PRÓTACAIL

1.   

PRÓTACAL MAIDIR LE RÓL NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA SAN AONTAS EORPACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH gur ceist é a bhaineann le heagrúchán agus cleachtas bunreachtúil gach Ballstáit an dóigh a ndéanann na Parlaimintí náisiúnta scrúdú ar a rialtas féin i ndáil le gníomhaíochtaí an Aontais,

ÓS MIAN LEO níos mó rannpháirteachais i ngníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chothú sna Parlaimintí náisiúnta agus feabhas a chur ar a n-ábaltacht a ndearcadh a nochtadh ar dhréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha agus ar ábhair eile a bhfuil suim ar leith acu iontu,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis an gConradh ag bunú Comhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

TEIDEAL I

FAISNÉIS LE hAGHAIDH NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA

Airteagal 1

Cuirfidh an Coimisiún gach doiciméad comhairliúcháin dá chuid (páipéir ghlasa, páipéir bhána agus cumarsáidí) chuig na Parlaimintí náisiúnta go díreach ar iad a fhoilsiú. Cuirfidh an Coimisiún an clár reachtach bliantúil mar aon le gach ionstraim eile a bhaineann le pleanáil reachtach nó beartas chuig na Parlaimintí náisiúnta freisin san am céanna a chuirtear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad.

Airteagal 2

Na dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha arna gcur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, cuirfear chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.

Chun críocha an Phrótacail seo, ciallaíonn ‘dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha’ tograí ón gCoimisiún, tionscnaimh ó ghrúpa de Bhallstáit, tionscnaimh ó Pharlaimint na hEorpa, iarrataí ón gCúirt Bhreithiúnais, moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach agus iarrataí ón mBanc Eorpach Infheistíochta d'fhonn gníomh reachtach Eorpach a ghlacadh.

Dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha a eascraíonn ón gCoimisiún, cuirfidh an Coimisiún go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta iad san am céanna a chuirtear chuig Parlaimint na hEorpa nó chuig an gComhairle iad.

Dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha a eascraíonn ó Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh Parlaimint na hEorpa go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.

Dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha a eascraíonn ó ghrúpa de Bhallstáit, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta, cuirfidh an Chomhairle chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.

Airteagal 3

Féadfaidh na Parlaimintí náisiúnta tuairim réasúnaithe a chur chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin á rá an gcomhlíonann dréachtghníomh reachtach Eorpach prionsabal na coimhdeachta, de réir an nós imeachta dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.

Más ó ghrúpa de Bhallstáit a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach Eorpach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim nó na tuairimí réasúnaithe chuig rialtais na mBallstát sin.

Más ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach Eorpach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim nó na tuairimí réasúnaithe chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht i dtrácht.

Airteagal 4

Rachaidh tréimhse sé seachtaine in éag idir an dáta a chuirtear dréachtghníomh reachtach Eorpach ar fáil do na Parlaimintí náisiúnta i dteangacha oifigiúla an Aontais agus an dáta a chuirfear ar chlár oibre sealadach na Comhairle é lena ghlacadh nó le seasamh a ghlacadh faoi chuimsiú nós imeachta reachtaigh. Féadfar eisceachtaí i gcásanna práinne a bheith ann a sonrófar na cúiseanna atá leo i ngníomh nó i seasamh na Comhairle. Ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil cúiseanna cuí tugtha ina leith, ní fhéadfar aon chomhaontú a shuíomh ar dhréachtghníomh reachtach Eorpach le linn na sé seachtaine sin. Ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil cúiseanna cuí tugtha ina leith, rachaidh tréimhse deich lá in éag idir dréachtghníomh reachtach Eorpach a chur ar chlár oibre sealadach na Comhairle agus seasamh a ghlacadh.

Airteagal 5

Na cláir oibre do chruinnithe na Comhairle mar aon le torthaí na gcruinnithe sin, lena n-áirítear miontuairiscí na gcruinnithe ina mbíonn dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha á bplé ag an gComhairle, cuirfear go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta san am céanna a chuirtear chuig rialtais na mBallstát iad.

Airteagal 6

Nuair a bhíonn sé ar intinn ag an gComhairle Eorpach leas a bhaint as Airteagal IV-444(1) nó (2) den Bhunreacht, cuirfear na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoin tionscnamh ón gComhairle Eorpach sé mhí ar a laghad sula nglacfar aon chinneadh Eorpach.

Airteagal 7

Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí a tuarascáil bhliantúil chuig na Parlaimintí náisiúnta mar eolas san am céanna a chuirtear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle í.

Airteagal 8

Nuair nach seomra amháin atá sa chóras parlaiminteach náisiúnta, beidh feidhm ag Airteagail 1 go 7 maidir le seomraí a chomhdhéanta.

TEIDEAL II

COMHAR IDIRPHARLAIMINTEACH

Airteagal 9

Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta i gcomhar le chéile conas an comhar idirpharlaiminteach a eagrú agus a chur chun cinn go héifeachtúil tráthrialta san Aontas.

Airteagal 10

Féadfaidh Comhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais aon rannchuidiú a mheasann sí is iomchuí a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Ina theannta sin, cuirfidh an Chomhdháil sin chun cinn malartú faisnéise agus dea-chleachtais idir na Parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa, go fiú idir a gcoistí speisialta. Féadfaidh sí comhdhálacha idirpharlaiminteacha a eagrú freisin ar théamaí sonracha, go háirithe chun ábhair a phlé a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta. Ní bheidh rannchuidithe ón gComhdháil ina gceangal ar na Parlaimintí náisiúnta ná ní dhéanfaidh siad réamhbhreith ar a seasaimh.

2.   

PRÓTACAL MAIDIR LE PRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS NA COMHRÉIREACHTA A CHUR I bhFEIDHM

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO a áirithiú go nglacfar cinntí ar leibhéal chomh gar agus is féidir do shaoránaigh an Aontais,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, mar atá siad leagtha síos in Airteagal I-11 den Bhunreacht, a bhunú, agus córas a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bprionsabal sin,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:

Airteagal 1

Féachfaidh gach institiúid chuige go ndéanfar prionsabail na coimhdeachta, agus na comhréireachta mar atá leagtha síos in Airteagal I-11 den Bhunreacht, a urramú i gcónaí.

Airteagal 2

Sula ndéanfaidh sé gníomh reachtach Eorpach a mholadh, glacfaidh an Coimisiún comhairle go forleathan. Cuirfidh na comhairliúcháin sin san áireamh, más iomchuí, éirim réigiúnach agus áitiúil na gníomhaíochta arna beartú. Má tá práinn eisceachtúil ann, ní ghlacfaidh an Coimisiún comhairle amhlaidh. Tabharfaidh sé cúiseanna leis an gcinneadh sin ina thogra.

Airteagal 3

Chun críocha an Phrótacail seo, ciallaíonn ‘dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha’ tograí ón gCoimisiún, tionscnaimh ó ghrúpa de Bhallstáit, tionscnaimh ó Pharlaimint na hEorpa, iarrataí ón gCúirt Bhreithiúnais, moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach agus iarrataí ón mBanc Eorpach Infheistíochta d'fhonn gníomh reachtach Eorpach a ghlacadh.

Airteagal 4

Cuirfidh an Coimisiún a dhréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha agus a dhréachtaí leasaithe chuig na Parlaimintí náisiúnta san am céanna a chuirtear chuig reachtóir an Aontais iad.

Cuirfidh Parlaimint na hEorpa a dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha agus a dréachtaí leasaithe chuig na Parlaimintí náisiúnta.

Cuirfidh an Chomhairle chuig na Parlaimintí náisiúnta na dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha a eascraíonn ó ghrúpa de Bhallstáit, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta, mar aon leis na dréachtaí leasaithe.

Ar iad a ghlacadh, cuirfidh Parlaimint na hEorpa a rúin reachtacha chuig na Parlaimintí náisiúnta agus cuirfidh an Chomhairle a cuid seasamh chucu.

Airteagal 5

Déanfar na dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha a fhírinniú i ndáil le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Is cóir ráiteas mionsonraithe a bheith i ngach dréachtghníomh reachtach Eorpach ionas gur féidir a mheas an ndéantar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chomhlíonadh. Is cóir a bheith sa ráiteas sin freisin measúnú áirithe ar iarmhairt airgeadais an togra agus, más dlí réime Eorpach atá ann, measúnú ar a impleachtaí maidir leis na rialacha atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit, lena n-áirítear, más gá, an reachtaíocht réigiúnach. Tabharfar táscairí cáilíochtúla, agus, nuair is féidir, táscairí cainníochtúla mar bhunús leis na cúiseanna ar dá mbun a chonclúidítear gur fearr is féidir cuspóir de chuid an Aontais a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Déanfar aird a thabhairt leis na dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha ar an ngá atá ann aon ualach, bíodh sé ina ualach airgeadais nó ina ualach riarthach, a bheidh ar an Aontas, ar rialtais náisiúnta, ar údaráis réigiúnacha nó áitiúla, ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar shaoránaigh, a íosmhéadú agus é a bheith comhchuimseach leis an gcuspóir a bheidh le gnóthú.

Airteagal 6

Féadfaidh aon Pharlaimint náisiúnta nó aon seomra de chuid Parlaiminte náisiúnta, laistigh de shé seachtaine ó dháta an Coimisiún a dhréachtghníomh reachtach a chur chuici nó chuige, tuairim réasúnaithe a chur chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin á rá cad chuige a mheasann sé nó sí nach gcomhlíonann an dréacht i gceist prionsabal na coimhdeachta. Is faoi gach Parlaimint náisiúnta nó faoi gach seomra de Pharlaimint náisiúnta dul i gcomhairle, nuair is iomchuí, le Parlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu.

Más ó ghrúpa de Bhallstáit a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach Eorpach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim chuig rialtais na mBallstát sin.

Más ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach Eorpach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim chuig an institiúid nó an gcomhlacht i dtrácht.

Airteagal 7

Cuirfidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus más iomchuí, an grúpa de Bhallstáit, an Chúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach nó an Banc Eorpach Infheistíochta, más uathu a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach Eorpach, san áireamh na tuairimí réasúnaithe ó na Parlaimintí náisiúnta nó ó sheomra de Pharlaimint náisiúnta.

Beidh dhá vóta ag gach Parlaimint náisiúnta, arna gcionroinnt ar bhonn an chórais pharlaimintigh náisiúnta. Má tá córas parlaiminteach ann ina bhfuil dhá sheomra, beidh vóta amháin ag gach ceann den dá sheomra.

Nuair a bhíonn tuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann dréachtghníomh reachtach Eorpach prionsabal na coimhdeachta in ionannas le trian ar a laghad de na vótaí uile arna gcionroinnt ar na Parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an dara mír, ní mór an dréacht a athbhreithniú. Beidh an tairseach seo in ionannas leis an gceathrú cuid más dréachtghníomh reachtach Eorpach é arna thíolacadh ar bhonn Airteagal III-264 den Bhunreacht maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún nó, más iomchuí, an grúpa de Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa, an Chúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach nó an Banc Eorpach Infheistíochta, más uathu a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach Eorpach, a chinneadh an dréacht a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar. Ní mór cúiseanna a thabhairt don chinneadh sin.

Airteagal 8

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcaingne mar gheall ar ghníomh reachtach Eorpach prionsabal na coimhdeachta a shárú, arna dtionscnamh ag Ballstáit i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal III-365 den Bhunreacht nó arna gcur in iúl acu i gcomhréir lena ndlíchóras thar ceann a bParlaiminte náisiúnta nó thar ceann seomra den Pharlaimint sin.

I gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear san Airteagal sin, féadfaidh Coiste na Réigiún caingne den sórt sin a thionscnamh freisin in aghaidh na ngníomhartha reachtacha Eorpacha sin dá bhforáiltear sa Bhunreacht nach mór dul i gcomhairle leis chun iad a ghlacadh.

Airteagal 9

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil gach bliain don Chomhairle Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na Parlaimintí náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal I-11 den Bhunreacht. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil sin freisin chuig Coiste na Réigiún agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

3.   

PRÓTACAL AR REACHT CHÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal III-381 den Bhunreacht a leagan síos,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal 1

Comhdhéanfar Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus feidhmeoidh sí i gcomhréir leis an mBunreacht, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh CEFA) agus leis an Reacht seo.

TEIDEAL I

BREITHIÚNA AGUS ABHCÓIDÍ GINEARÁLTA

Airteagal 2

Sula rachaidh sé i mbun a dhualgas glacfaidh gach Breitheamh mionn ós comhair na Cúirte Breithiúnais, i gcúirt oscailte, go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfadh sé plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 3

Beidh na Breithiúna díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla. Tar éis dóibh scor dá n-oifig, leanfaidh siad de dhíolúine a bheith acu i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ina suí di mar chúirt iomlán, an díolúine a tharscaoileadh. Má bhaineann an bhreith le comhalta den Chúirt Ghinearálta nó de chúirt speisialaithe, cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt i dtrácht.

I gcás inar tarscaoileadh díolúine agus ina dtionscnaítear imeachtaí coiriúla i gcoinne Breithimh, ní intriailte é, in aon cheann de na Ballstáit, ach amháin ag an gCúirt atá inniúil ar bhreithiúnas a thabhairt ar na breithiúna is airde dlínse náisiúnta.

Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 14 agus ag Airteagal 17 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais maidir le Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoirí agus Rapóirtéirí Cúnta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, gan dochar do na forálacha a bhaineann le Breithiúna a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla agus atá leagtha amach sa chéad mhír, sa dara mír agus sa tríú mír den Airteagal seo.

Airteagal 4

Ní fhéadfaidh na Breithiúna oifig pholaitíochta ná riaracháin a shealbhú.

Ní fhéadfaidh siad gabháil d'aon slí bheatha, sochrach ná neamhshochrach, mura dtabharfaidh an Chomhairle díolúine d'eisceacht le cinneadh Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach simplí.

Nuair a rachaidh siad i mbun a ndualgas, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh sin, na hoibleagáidí a bheidh orthu de bharr na hoifige sin, go háirithe an dualgas chun bheith ionraic discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis dóibh scor dá n-oifig.

Déanfar aon amhras ina thaobh sin a shocrú le breith ón gCúirt Bhreithiúnais. Má bhaineann an bhreith le comhalta den Chúirt Ghinearálta nó de chúirt speisialaithe, cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt i dtrácht.

Airteagal 5

Amach ó ghnáthathrú ar Bhreithiúna, nó i gcás Breitheamh d'fháil bháis, críochnóidh dualgais Bhreithimh ar é d'éirí as oifig.

Nuair a éiríonn Breitheamh as oifig, díreofar a litir éirí as oifig chuig Uachtarán na Cúirte Breithiúnais lena tarchur chuig Uachtarán na Comhairle. Ar an bhfógra sin a thabhairt beidh folúntas ar an mBinse.

Ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 6, fanfaidh Breitheamh i seilbh a oifige go dtí go rachaidh a chomharba i mbun a dhualgas.

Airteagal 6

Ní fhéadfar a oifig ná a cheart chun pinsin nó sochar eile ina ionad sin a bhaint de Bhreitheamh, ach amháin más rud é, i dtuairim aontola Bhreithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais, nach bhfuil coinníollacha riachtanacha a oifige á gcomhlíonadh nó na hoibleagáidí a ghabhann léi á bhfreastal aige a thuilleadh. Ní ghlacfaidh an Breitheamh a bheidh i gceist páirt in aon phlé den sórt sin. Más comhalta den Chúirt Ghinearálta nó de chúirt speisialaithe an duine i gceist, cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt i dtrácht.

Cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais breith na Cúirte Breithiúnais in iúl d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus d'Uachtarán an Choimisiúin agus tabharfaidh sé fógra faoi d'Uachtarán na Comhairle.

I gcás breith ag baint a oifige de Bhreitheamh, beidh folúntas ar an mBinse nuair a thabharfar an fógra sin is déanaí atá luaite.

Airteagal 7

Breitheamh a ghabhfaidh ionad comhalta den Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil a théarma oifige caite, ceapfar é go ceann a bhfuil fágtha de théarma a réamhtheachtaí.

Airteagal 8

Bainfidh forálacha Airteagail 2 go 7 leis na hAbhcóidí Ginearálta.

TEIDEAL II

EAGRÚCHÁN NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS

Airteagal 9

Nuair a athrófar cuid de na Breithiúna gach trí bliana, athrófar triúr déag agus dháréag díobh gach re seach.

Nuair a athrófar cuid de na hAbhcóidí Ginearálta gach trí bliana, athrófar ceathrar Abhcóidí Ginearálta ar gach ócáid.

Airteagal 10

Glacfaidh an Cláraitheoir mionn os comhair na Cúirte Breithiúnais go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfaidh sé plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 11

Déanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais socrú chun duine a dhul in ionad an Chláraitheora ar ócáidí nach féidir dó freastal ar an gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 12

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú. Beidh siad freagrach don Chláraitheoir faoi údarás an Uachtaráin.

Airteagal 13

Féadfaidh dlí Eorpach foráil a dhéanamh chun Rapóirtéirí Cúnta a cheapadh agus na rialacha a leagan síos a rialóidh a seirbhís. Glacfar é arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais. Féadfar a cheangal ar na Rapóirtéirí Cúnta, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta, páirt a ghlacadh i réamhfhiosrúcháin i gcásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais agus comhoibriú leis an mBreitheamh a ghníomhóidh mar Rapóirtéir.

Roghnófar na Rapóirtéirí Cúnta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil na cáilíochtaí dlí acu is gá; is le cinneadh Eorpach ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, a cheapfar iad. Glacfaidh siad mionn os comhair na Cúirte Breithiúnais go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfaidh siad plé na Cúirte Breithiúnais faoi rún.

Airteagal 14

Beidh de cheangal ar na Breithiúna, ar na hAbhcóidí Ginearálta agus ar an gCláraitheoir cónaí san áit a bhfuil suíomh na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 15

Leanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais go buan ar seisiún. Cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais, ag féachaint go cuí do riachtanais a gnó, tréimhsí na saoire breithiúnaí.

Airteagal 16

Cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais eagar dlísheomraí de thriúr nó cúigear Breithiúna uirthi féin. Toghfaidh na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí as a líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.

Trí Bhreitheamh déag a bheidh ar an Mór-Dhlísheomra. Uachtarán na Cúirte Breithiúnais a bheidh ina uachtarán air. Is cuid den Mhór-Dhlísheomra freisin Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu agus Breithiúna eile arna gceapadh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.

Suífidh an Chúirt Bhreithiúnais mar Mhór-Dhlísheomra arna iarraidh sin do Bhallstát nó d'institiúid de chuid an Aontais is páirtí sna himeachtaí.

Suífidh an Chúirt Bhreithiúnais mar Chúirt iomlán nuair a thugtar cásanna os a comhair de bhun Airteagal III-335(2), an dara mír d'Airteagal III-347, Airteagal III-349 nó Airteagal III-385(6) den Bhunreacht.

Fairis sin, nuair a mheasann sí go bhfuil mórthábhacht ag roinnt le cás os a comhair, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a chinneadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, an cás a tharchur chuig an gCúirt iomlán.

Airteagal 17

Ní bheidh breitheanna na Cúirte Breithiúnais bailí ach amháin nuair is uimhir chorr dá comhaltaí a bheidh ina suí le linn an phlé.

Ní bheidh breitheanna na ndlísheomraí a bhfuil triúr nó cúigear Breithiúna iontu bailí ach amháin má ghlacann triúr Breithiúna iad.

Ní bheidh breitheanna an Mhór-Dhlísheomra bailí ach amháin má bhíonn naonúr Breithiúna ina suí.

Ní bheidh breitheanna na Cúirte iomláine bailí ach amháin má bhíonn cúig Bhreitheamh déag ina suí.

Mura féidir do dhuine de na Breithiúna as dlísheomra a bheith i láthair, féadfar glaoch ar Bhreitheamh as dlísheomra eile chun suí i gcomhréir le coinníollacha arna leagan síos sna Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal 18

Ní fhéadfaidh aon Bhreitheamh ná Abhcóide Ginearálta páirt a ghlacadh i dtriail aon cháis inar ghlac sé páirt roimhe sin mar ghníomhaire nó mar chomhairleoir nó inar ghníomhaigh sé thar ceann duine de na páirtithe, nó inar glaodh air breith a thabhairt mar chomhalta de chúirt nó de bhinse, de choimisiún fiosrúcháin nó in aon cháil eile.

Má mheasann aon Bhreitheamh nó Abhcóide Ginearálta nach ceart dó, ar chúis speisialta éigin, páirt a ghlacadh sa bhreithiúnacht nó sa scrúdú ar aon chás áirithe, cuirfidh sé é sin in iúl don Uachtarán. Má mheasann an tUachtarán, ar chúis speisialta éigin, nach ceart go suífeadh Breitheamh nó Abhcóide Ginearálta áirithe, nó go ndéanfadh sé aighneachtaí i gcás áirithe, cuirfidh sé é sin in iúl dó.

Socrófar le breith ón gCúirt Bhreithiúnais aon deacracht a éireoidh maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

Ní fhéadfaidh páirtí athrú ar chomhdhéanamh na Cúirte Breithiúnais ná dlísheomra dá cuid a iarraidh mar gheall ar náisiúntacht Breithimh nó toisc Breitheamh de náisiúntacht an pháirtí sin a bheith as láthair ón gCúirt nó ón dlísheomra.

TEIDEAL III

NÓS IMEACHTA OS COMHAIR NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS

Airteagal 19

Beidh gníomhaire a cheapfar do gach cás ag Ballstáit agus institiúidí an Aontais chun feidhmiú ar a son os comhair na Cúirte Breithiúnais. Féadfaidh an gníomhaire comhairleoir nó dlíodóir a bheith aige de chúnamh dó.

Beidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Údarás Faireacháin Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) dá dtagraítear sa Chomhaontú sin ionadaithe ar an gcuma chéanna.

Caithfidh páirtithe eile dlíodóir a bheith acu chun feidhmiú ar a son.

Dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirte de chuid Ballstáit nó de chuid Stáit eile is páirtí sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, eisean amháin a fhéadfaidh ionadú do pháirtí nó bheith de chúnamh aige os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Beidh ag na gníomhairí, na comhairleoirí agus na dlíodóirí sin nuair a láithreoidh siad os comhair na Cúirte Breithiúnais, na cearta agus na díolúintí is gá lena ndualgais a fheidhmiú go neamhspleách, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.

Maidir leis na comhairleoirí agus na dlíodóirí a láithreoidh os a comhair, beidh ag an gCúirt Bhreithiúnais na cumhachtaí a thugtar de ghnáth do chúirteanna dlí, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.

Múinteoirí ollscoile is náisiúnaigh de Bhallstát a dtugann a dhlí ceart éisteachta dóibh, beidh acu os comhair na Cúirte Breithiúnais na cearta céanna a thugtar leis an Airteagal seo do dhlíodóirí.

Airteagal 20

Roinnfear an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais ina dhá chuid: nós imeachta i scríbhinn agus nós imeachta ó bhéal.

Is éard a bheidh sa nós imeachta i scríbhinn, iarratais, ráitis cáis, cosaintí agus barúlacha, agus freagraí, más ann, mar aon leis na páipéir agus na doiciméid uile i dtaca leo, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a chur chuig na páirtithe agus chuig na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil a ngníomhartha faoi dhíospóid.

Cuirfidh an Cláraitheoir na nithe sin chucu san ord agus laistigh den am a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.

Is éard a bheidh sa nós imeachta ó bhéal, an tuarascáil a léamh a thíolaic an Breitheamh ag gníomhú dó mar Rapóirtéir, an Chúirt Bhreithiúnais d'éisteacht gníomhairí, comhairleoirí agus dlíodóirí, agus aighneachtaí ón Abhcóide Ginearálta agus, ina theannta sin, má bhíonn ann, finnéithe agus saineolaithe a éisteacht.

Má mheasann sí nach n-ardaíonn an cás aon phonc nua dlí, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a chinneadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go dtabharfar breith ar an gcás gan aighneacht ón Abhcóide Ginearálta.

Airteagal 21

Tabharfar cás os comhair na Cúirte Breithiúnais trí iarratas i scríbhinn arna dhíriú chuig an gCláraitheoir. Beidh san iarratas ainm agus buanseoladh an iarratasóra agus tuairisc an tsínitheora, ainm an pháirtí nó ainmneacha na bpáirtithe ar ina choinne nó ina gcoinne a dhéantar an t-iarratas, ábhar na díospóide, an saghas ordaithe atá á lorg agus ráiteas gearr ar na pléadálacha dlí ar a bhfuil an t-iarratas bunaithe.

Beidh ag gabháil leis an iarratas, nuair is iomchuí, an beart a bhfuil a neamhniú á iarraidh nó, sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal III-367 den Bhunreacht, fianaise dhoiciméid ar an dáta a iarradh ar institiúid gníomhú, i gcomhréir leis an Airteagal sin. Mura gcuirfear na doiciméid isteach i dteannta an iarratais, iarrfaidh an Cláraitheoir ar an bpáirtí lena mbaineann iad a thabhairt ar aird laistigh de thréimhse réasúnta, ach, más mar sin a bheidh, ní thitfidh cearta an pháirtí ar lár bíodh is nach dtabharfar na doiciméid sin ar aird go dtí tar éis an tráth chun imeachtaí a thionscnamh.

Airteagal 22

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 18 de Chonradh CEFA, is trí achomharc arna dhíriú chun an Chláraitheora a thabharfar an t-ábhar os comhair na Cúirte Breithiúnais. Beidh san achomharc ainm agus buanseoladh an achomharcóra agus tuairisc an tsínitheora, tagairt don chinneadh ar ina aghaidh a rinneadh an t-achomharc, ainmneacha na bhfreagróirí, ábhar na díospóide, na haighneachtaí a rinneadh agus ráiteas gearr ar na príomhfhorais ar a bhfuiltear ag seasamh.

Beidh ag gabháil leis an achomharc cóip dheimhnithe den chinneadh ón gCoiste Eadrána atá á dhíospóid.

Má dhiúltaíonn an Chúirt don achomharc, tiocfaidh cinneadh an Choiste Eadrána chun bheith ina chinneadh críochnaitheach.

Má neamhníonn an Chúirt cinneadh an Choiste Eadrána, féadfar an t-ábhar a tharraingt anuas athuair, más iomchuí, ar thionscnamh ceann de na páirtithe sa chás, os comhair an Choiste Eadrána. Déanfaidh an Coiste sin de réir aon chinntí ón gCúirt maidir le poncanna dlí.

Airteagal 23

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal III-369 den Bhunreacht, nuair a chinnfidh cúirt nó binse de chuid Ballstáit ar a himeachtaí a fhionraí agus cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, cuirfidh an chúirt nó an binse sin an cinneadh sin in iúl don Chúirt Bhreithiúnais. Ansin cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais an cinneadh in iúl do na páirtithe, do na Ballstáit agus don Choimisiún, agus don institiúid, don comhlacht, don oifig nó don ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid.

Laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl amhlaidh, beidh na páirtithe, na Ballstáit, an Coimisiún agus, más iomchuí, an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid, i dteideal ráitis cáis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.

Ina theannta sin, cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais an cinneadh ón gcúirt nó ón mbinse náisiúnta in iúl do na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus d'Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú sin agus féadfaidh siad, laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl agus nuair atá ceann de réimsí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe i gceist, ráitis cáis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le ceisteanna a thig faoi raon feidhme Chonradh CEFA.

Nuair atá sé leagtha síos i gcomhaontú a bhaineann le réimse sonrach arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle agus ag tríú tír amháin nó níos mó go bhfuil na tíortha sin i dteideal ráitis cáis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh nuair a tharchuireann cúirt nó binse de chuid Ballstáit ceist chun réamhrialú a thig faoi raon feidhme an chomhaontaithe chuig an gCúirt Bhreithiúnais, cuirfear cinneadh na cúirte nó an bhinse náisiúnta a fholaíonn an cheist sin in iúl freisin do na tríú tíortha i dtrácht. Laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl amhlaidh, féadfaidh na tíortha sin ráitis cáis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh leis an gCúirt Breithiúnais.

Airteagal 24

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a cheangal ar na páirtithe na doiciméid go léir a thabhairt ar aird, agus an fhaisnéis go léir a sholáthar, a mheasfaidh an Chúirt is inmhianaithe. Déanfar nóta foirmiúil d'aon diúltú.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a chur de cheangal, freisin, ar na Ballstáit agus ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais nach páirtithe iad sa chás gach faisnéis a thabhairt a mheasfaidh an Chúirt Bhreithiúnais is gá le haghaidh na n-imeachtaí.

Airteagal 25

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais tráth ar bith dul ar iontaoibh duine, comhlachta, údaráis, coiste nó eagraíochta eile is rogha léi chun tuairim shaineolach a thabhairt.

Airteagal 26

Féadfar finnéithe a éisteacht faoi na coinníollacha a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal 27

Maidir le finnéithe mainneachtana beidh ag an gCúirt Bhreithiúnais na cumhachtaí is gnách a thabhairt do chúirteanna agus do bhinsí agus féadfaidh sí pionóis airgid a ghearradh faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal 28

Féadfar finnéithe agus saineolaithe a éisteacht faoi mhionn arna ghlacadh san fhoirm a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta nó ar an modh atá leagtha síos i ndlí thír an fhinné nó an tsaineolaí.

Airteagal 29

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a ordú go n-éistfear finné nó saineolaí ag údarás breithiúnach a áite buanchónaithe.

Cuirfear an t-ordú lena chur chun feidhme go dtí an t-údarás breithiúnach inniúil faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta. Cuirfear ar ais chun na Cúirte Breithiúnais faoi na coinníollacha céanna na doiciméid a tarraingíodh suas i gcomhlíonadh na litreacha rogáide.

Íocfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na caiteachais, gan dochar don cheart chun iad a mhuirearú, nuair is iomchuí, ar na páirtithe.

Airteagal 30

Déileálfaidh Ballstát le haon sárú mionna ag finné nó saineolaí ionann is dá mba os comhair ceann dá chúirteanna a bhfuil dlínse aici in imeachtaí sibhialta a rinneadh an cion. Ar thionscnamh na Cúirte Breithiúnais, déanfaidh an Ballstát an ciontóir a ionchúiseamh os comhair a chúirte inniúla.

Airteagal 31

Is i gcúirt oscailte a éistfear cásanna mura ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, uaithi féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna troma.

Airteagal 32

Le linn na héisteachta féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na saineolaithe, na finnéithe agus na páirtithe féin a cheistiú. Ní fhéadfaidh siad siúd, áfach, an Chúirt Bhreithiúnais a aitheasc ach amháin trína n-ionadaithe.

Airteagal 33

Scríobhfar miontuairiscí ar gach éisteacht agus síneoidh an tUachtarán agus an Cláraitheoir iad.

Airteagal 34

Socróidh an tUachtarán liosta na gcásanna.

Airteagal 35

Beidh plé na Cúirte Breithiúnais ina rún agus fanfaidh sé amhlaidh.

Airteagal 36

Luafaidh na breithiúnais na réasúin ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh iontu ainmneacha na mBreithiúna a ghlac páirt sa phlé.

Airteagal 37

Síneoidh an tUachtarán agus an Cláraitheoir na breithiúnais. Léifear amach iad i gcúirt oscailte.

Airteagal 38

Breithneoidh an Chúirt Bhreithiúnais na costais.

Airteagal 39

Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, i modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá sa Reacht seo agus a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta, breithniú a dhéanamh ar iarratais chun an forghníomhú a fhionraí, mar a fhoráiltear in Airteagal III-379(1) den Bhunreacht agus in Airteagal 157 de Chonradh CEFA, nó bearta eatramhacha a ordú de bhun Airteagal III-379(2) den Bhunreacht nó forfheidhmiú a fhionraí i gcomhréir leis an gceathrú mír d'Airteagal III-401 den Bhunreacht nó leis an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA.

Mura féidir don Uachtarán bheith i láthair, gabhfaidh Breitheamh eile a ionad faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.

Rialú sealadach a bheidh i rialú an Uachtaráin nó an Bhreithimh a ghabhfaidh a ionad agus ní bheidh dochar ansin ar dhóigh ar bith do bhreith na Cúirte Breithiúnais ar shubstaint an cháis.

Airteagal 40

Féadfaidh Ballstáit agus institiúidí an Aontais idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Beidh an ceart céanna ar fáil do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus d'aon duine eile ar féidir leis leas a shuíomh i dtoradh cáis a cuireadh faoi bhráid na Cúirte. Ní fhéadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha idiragairt i gcásanna idir Bhallstáit, idir institiúidí de chuid an Aontais nó idir Ballstáit agus institiúidí de chuid an Aontais.

Gan dochar don dara mír, féadfaidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú sin idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais nuair atá ceann de réimsí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin i gceist.

Beidh iarratas ar idiragairt teoranta do thacaíocht a thabhairt don saghas ordaithe atá á lorg ag ceann de na páirtithe.

Airteagal 41

Má mhainníonn páirtí na cosanta, arna thoghairm go cuí, aighneachtaí scríofa cosanta a chomhdú, tabharfar breithiúnas mainneachtana i gcoinne an pháirtí sin. Féadfar agóid i gcoinne an bhreithiúnais sin a thaisceadh laistigh de mhí tar éis é a fhógairt. Ní chuirfidh an agóid bac ar fhorfheidhmiú an bhreithiúnais mhainneachtana, mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais a mhalairt.

Airteagal 42

Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus aon duine eile, nádúrtha nó dlítheanach, i gcásanna agus faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta, imeachtaí tríú páirtí a thionscnamh chun breithiúnas a chomhrac a tugadh gan éisteacht a thabhairt dóibh, má théann an breithiúnas chun dochair dá gcearta.

Airteagal 43

Má bhíonn amhras ann faoi bhrí nó faoi réim breithiúnais, forléireoidh an Chúirt Bhreithiúnais é ar iarratas ó aon pháirtí nó ó aon institiúid de chuid an Aontais a shuífidh a leas ann.

Airteagal 44

Ní fhéadfar athbhreithniú breithiúnais a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais ach amháin má aimsítear fíoras is de chineál cinntitheach agus nárbh eol, nuair a tugadh an breithiúnas, don Chúirt ná don pháirtí a bhfuil an t-athbhreithniú á éileamh aige.

Tosófar an t-athbhreithniú le breithiúnas ón gCúirt á thaifeadadh go sainráiteach fíoras nua a bheith ann, á aithint gur fíoras é de chineál a leathann an cás ar oscailt chun a athbhreithnithe agus á dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha ar an bhforas sin.

Ní bheidh aon iarratas ar athbhreithniú indéanta tar éis deich mbliana a bheith caite ó dháta an bhreithiúnais.

Airteagal 45

Leagfar síos sna Rialacha Nós Imeachta tréimhsí breise a bhunófar ar an bhfad ó láthair.

Ní dochar é do cheart ar bith tréimhse ama a bheith imithe in éag má chruthaíonn an páirtí lena mbaineann gur tharla imthosca nárbh fhéidir a thuar nó go raibh force majeure ann.

Airteagal 46

Beidh imeachtaí i gcoinne an Aontais in ábhair a éireoidh as dliteanas neamhchonarthach faoi urchosc tar éis tréimhse cúig bliana ó tharla an teagmhas as ar éirigh siad. Brisfear an tréimhse teorann má thionscnaítear imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais nó má dhéanann an páirtí éagóirithe iarratas roimhe sin chun na hinstitiúide ábhartha de chuid an Aontais. Sa chás deireanach sin, caithfear na himeachtaí a thionscnamh laistigh den tréimhse dhá mhí dá bhforáiltear in Airteagal III-365 den Bhunreacht. Beidh feidhm ag an dara mír d'Airteagal III-367 den Bhunreacht.

Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le himeachtaí i gcoinne an Bhainc Cheannais Eorpaigh a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach.

TEIDEAL IV

AN CHÚIRT GHINEARÁLTA

Airteagal 47

Beidh feidhm ag an gcéad mhír d'Airteagal 9, ag Airteagail 14 agus 15, ag an gcéad mhír, ag an dara mír, ag an gceathrú mír agus ag an gcúigiú mír d'Airteagal 17 agus ag Airteagal 18 maidir leis an gCúirt Ghinearálta agus maidir lena comhaltaí.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 10, 11 agus 14 maidir le Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta.

Airteagal 48

Cúig bhreitheamh is fiche a bheidh ar an gCúirt Ghinearálta.

Airteagal 49

Féadfar a iarraidh ar chomhaltaí na Cúirte Ginearálta cúram Abhcóide Ghinearálta a fheidhmiú.

Beidh de dhualgas ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna áirithe a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta, chun cuidiú leis an gCúirt i gcomhlíonadh a cúraim.

Leagfar síos i Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta na critéir chun cásanna den sórt sin a roghnú mar aon leis na nósanna imeachta chun na hAbhcóidí Ginearálta a ainmniú.

Ní fhéadfaidh comhalta ar iarradh air cúram an Abhcóide Ghinearálta a fheidhmiú i gcás páirt a ghlacadh i mbreithiúnas an cháis sin.

Airteagal 50

Suífidh an Chúirt Ghinearálta i ndlísheomraí de thriúr nó de chúigear Breithiúna. Toghfaidh na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí as a líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.

Beidh comhdhéanamh na ndlísheomraí agus sannadh na gcásanna dóibh faoi rialú ag na Rialacha Nós Imeachta. I gcásanna áirithe atá sainithe sna Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta suí mar chúirt iomlán nó féadfar í a chomhdhéanamh de Bhreitheamh aonair.

Féadfar a fhoráil sna Rialacha Nós Imeachta go bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta suí mar Mhór-Dhlísheomra sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá sonraithe iontu.

Airteagal 51

De mhaolú ar an riail atá leagtha síos in Airteagal III-358(1) den Bhunreacht, forchoimeádfar dlínse chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear in Airteagail III-365 agus III-367 den Bhunreacht nuair a thionscnaíonn Ballstát iad:

(a)

i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle nó de chuid an dá institúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, seachas:

cinntí Eorpacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin tríú fomhír d'Airteagal III-168(2) den Bhunreacht,

gníomhartha de chuid na Comhairle arna nglacadh de bhun gnímh ón gComhairle a bhaineann le bearta chun trádáil a chosaint de réir bhrí Airteagal III-315 den Bhunreacht,

gníomhartha de chuid na Comhairle lena bhfeidhmíonn sí cumhachtaí feidhmithe i gcomhréir le hAirteagal I-37(2) den Bhunreacht.

(b)

i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid an Choimisiúin faoi Airteagal III-420(1) den Bhunreacht.

Forchoimeádfar dlínse freisin chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear sna hAirteagail chéanna nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid an Aontais iad i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle nó de chuid an dá institúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, nó de chuid an Choimisiúin, nó nuair a thionscnaíonn institiúid iad i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal 52

Leagfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais agus Uachtarán na Cúirte Ginearálta síos de thoil a chéile na coinníollacha faoina ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile atá ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais a seirbhísí a sholáthar don Chúirt Ghinearálta ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú. Beidh oifigigh áirithe nó seirbhísigh áirithe eile freagrach do Chláraitheoir na Cúirte Ginearálta faoi údarás Uachtarán na Cúirte Ginearálta.

Airteagal 53

Beidh an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta faoi rialú ag Teideal III.

Aon fhorálacha níos mionchruinne is gá de bhreis, déanfar iad a leagan síos sna Rialacha Nós Imeachta. Féadfar maolú sna Rialacha Nós Imeachta ar an gceathrú mír d'Airteagal 40 agus ar Airteagal 41 d'fhonn tréithe sonracha na dlíthíochta i réimse na maoine intleachtúla a chur san áireamh.

De mhaolú ar an gceathrú mír d'Airteagal 20, féadfaidh an tAbhcóide Ginearálta a chuid aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i scríbhinn.

Airteagal 54

Má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig an gCúirt Ghinearálta a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta. Mar an gcéanna, má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig an gCúirt Bhreithiúnais a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais.

Má chinneann an Chúirt Ghinearálta nach bhfuil dlínse aici caingean a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais ina leith, déanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais. Mar an gcéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais go mbaineann caingean le dlínse na Cúirte Ginearálta, déanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chuig an gCúirt Ghinearálta, agus ní fhéadfaidh sise ansin dlínse a dhiúltú.

Má thugtar cásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta araon ina bhfuil an faoiseamh céanna á éileamh, ina dtógtar an tsaincheist chéanna léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht an ghnímh chéanna, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta, tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí os a comhair go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt Bhreithiúnais, nó i gcás caingne arna dtionscnamh de bhun Airteagal III-365 den Bhunreacht nó Airteagal 146 de Chonradh CEFA, féadfaidh sí dlínse a dhiúltú chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na caingne sin. Sna himthosca céanna, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a chinneadh freisin bac a chur ar na himeachtaí a tugadh os a comhair. Má dhéanann sí amhlaidh, leanfar de na himeachtaí a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta.

Má dhéanann Ballstát agus institiúid an gníomh céanna a chonspóid, diúltóidh an Chúirt Ghinearálta dlínse chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na hiarratais sin.

Airteagal 55

Déanfaidh Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta breitheanna críochnaitheacha na Cúirte Ginearálta, breitheanna nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach, nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht, a chur in iúl do gach páirtí agus freisin do na Ballstáit uile agus d'institiúidí an Aontais fiú mura bhfuil idiragairt déanta acu sa chás os comhair na Cúirte Ginearálta.

Airteagal 56

Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne bhreitheanna críochnaitheacha na Cúirte Ginearálta agus i gcoinne bhreitheanna na Cúirte sin nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht.

Féadfaidh aon pháirtí ar theip ar a chuid aighneachtaí go hiomlán nó go páirteach a leithéid sin d'achomharc a dhéanamh. Ní fhéadfaidh, áfach, idiragraithe nach Ballstáit ná institiúidí de chuid an Aontais iad achomharc den chineál sin a dhéanamh ach amháin má bhaineann breith na Cúirte Ginearálta go díreach leo.

Cé is moite de na cásanna a bhaineann le díospóidí idir an tAontas agus a chuid seirbhíseach, féadfaidh Ballstáit agus institiúidí de chuid an Aontais nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta achomharc a dhéanamh chomh maith. Cuirfear an chóir chéanna ar na Ballstáit agus na hinstitiúidí sin a chuirtear ar Bhallstáit nó institiúidí a rinne idiragairt ag an gcéad chéim.

Airteagal 57

Aon duine a ndéanfaidh an Chúirt Ghinearálta a iarratas idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais laistigh de dhá sheachtain tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in iúl.

Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne aon bhreithe de chuid na Cúirte Ginearálta a rinneadh de bhun Airteagal III-379(1) nó (2) nó faoin gceathrú mír d'Airteagal III-401 den Bhunreacht nó faoi Airteagal 157 nó faoin tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí tar éis a curtha in iúl.

Éistfear na hachomhairc dá dtagraítear sa chéad dá mhír, agus déanfar breith orthu, de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39.

Airteagal 58

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais ach ar phoncanna dlí amháin. Is é a bheidh de bhonn aige easpa dlínse na Cúirte Ginearálta, sárú nós imeachta os a comhair a théann chun dochair do leas an achomharcóra nó sárú ar dhlí an Aontais ag an gCúirt Ghinearálta.

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh nach mbaineann ach le méid na gcostas nó leis an bpáirtí ar ordaíodh dó iad a íoc.

Airteagal 59

Má dhéantar achomharc i gcoinne breithe de chuid na Cúirte Ginearálta, beidh cuid den nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais i scríbhinn agus cuid de ó bhéal. Faoi réir na gcoinníollacha arna leagan síos sna Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta agus na páirtithe a éisteacht, an nós imeachta ó bhéal a fhágáil ar lár.

Airteagal 60

Gan dochar d'Airteagal III-379(1) agus (2) den Bhunreacht nó d'Airteagal 157 de Chonradh CEFA, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc.

De mhaolú ar Airteagal III-380 den Bhunreacht, breitheanna na Cúirte Ginearálta á dhearbhú dlí Eorpach nó rialachán Eorpach atá ceangailteach go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát a bheith ar neamhní, ní ghlacfaidh siad éifeacht ach amháin ón dáta a mbeidh an tréimhse dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 56 den Reacht seo dulta in éag, nó má rinneadh achomharc laistigh den tréimhse sin, ón dáta a díbheadh an t-achomharc, gan dochar, ar a shon sin, do cheart an pháirtí chun a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais, de bhun Airteagal III-379(1) agus (2) den Bhunreacht nó Airteagal 157 de Chonradh CEFA, éifeachtaí an dlí Eorpaigh nó an rialacháin Eorpaigh neamhnithe a fhionraí nó aon bhearta idirlinne eile a ordú.

Airteagal 61

Má tá bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta. Féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n-imeachtaí a leithéid, nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais.

Má tharchuirtear cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, beidh breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí ina ceangal ar an gCúirt Ghinearálta.

Má tá bunús le hachomharc a dhéanann Ballstát nó institiúid de chuid an Aontais nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, más dóigh léi gur gá sin, a rá cad iad na héifeachtaí de bhreith neamhnithe na Cúirte Ginearálta a mheasfar a bheith críochnaitheach i leith na bpáirtithe sa dlíthíocht.

Airteagal 62

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal III-358(2) agus (3) den Bhunreacht, nuair a mheasann an Chéad Abhcóide Ginearálta go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d'aontacht agus do chomhchuibheas dhlí an Aontais, féadfaidh sé togra a dhéanamh go ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta a athbhreithniú.

Ní foláir an togra a dhéanamh laistigh de mhí ón tráth a thugann an Chúirt Ghinearálta an bhreith. Laistigh de mhí tar éis di an togra ón gCéad Abhcóide Ginearálta a fháil, cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais an cóir nó nach cóir an bhreith a athbhreithniú.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 63

Beidh i Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta aon fhorálacha eile is gá chun an Reacht seo a chur i bhfeidhm agus, más gá, chun é a fhorlíonadh.

Airteagal 64

Leagfar síos le rialachán Eorpach ón gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil, na rialacha i dtaobh na socruithe teanga is infheidhme i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Glacfar an rialachán sin arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le Parlaimint na hEorpa, nó ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais agus le Parlaimint na hEorpa.

Go dtí go nglacfar na rialacha sin, beidh feidhm ag forálacha Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais agus ag forálacha Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta a rialaíonn socruithe teanga. De mhaolú ar Airteagail III-355 agus III-356 den Bhunreacht, ní fhéadfar na forálacha sin a leasú ná a aisghairm ach amháin le toiliú d'aon toil ón gComhairle.

Airteagal 65

1.   De mhaolú ar Airteagal IV-437 den Bhunreacht, aon leasú ar an bPrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus le Conradh CEFA, arna ghlacadh idir síniú an Chonartha ag bunú Bunreachta don Eoraip agus a theacht i bhfeidhm, fanfaidh sé i bhfeidhm.

2.   D'fhonn iad a ionchorprú i dtéarmaí achtaithe an Reachta seo, beidh na leasuithe dá dtagraítear i mír 1 faoi réir códú oifigiúil i ndlí Eorpach ón gComhairle, arna ghlacadh arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais. Ar an dlí Eorpach códaitheach sin a theacht i bhfeidhm, aisghairfear an tAirteagal seo.

4.   

PRÓTACAL MAIDIR LE REACHT AN CHÓRAIS EORPAIGH BANC CEANNAIS AGUS AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagail I-30 agus III-187(2) den Bhunreacht a chinneadh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:

CAIBIDIL I

AN CÓRAS EORPACH BANC CEANNAIS

Airteagal 1

An Córas Eorpach Banc Ceannais

1.   I gcomhréir le hAirteagal I-30(1) den Bhunreacht, comhdhéanfar an Córas Eorpach Banc Ceannais den Bhanc Ceannais Eorpach i dteannta leis na bainc cheannais náisiúnta. Comhdhéanfar an tEurochóras den Bhanc Ceannais Eorpach agus de bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

2.   Comhlíonfaidh an Córas Eorpach Banc Ceannais agus an Banc Ceannais Eorpach a gcúraimí agus cuirfidh siad i gcrích a ngníomhaíochtaí i gcomhréir leis an mBunreacht agus leis an Reacht seo.

CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ AN CHÓRAIS EORPAIGH BANC CEANNAIS

Airteagal 2

Cuspóirí

I gcomhréir le hAirteagail I-30(2) agus III-185(1) den Bhunreacht, beidh de chuspóir príomhúil ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar don chuspóir sin, tacóidh sé leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais mar atá siad leagtha síos in Airteagal I-3 den Bhunreacht. Gníomhóidh an Córas Eorpach Banc Ceannais i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal III-177 den Bhunreacht.

Airteagal 3

Cúraimí

1.   I gcomhréir le hAirteagal III-185(2) den Bhunreacht, is iad na bunchúraimí a chuirfear i gcrích tríd an gCóras Eorpach Banc Ceannais:

(a)

beartas airgeadaíochta an Aontais a shainiú agus a chur chun feidhme;

(b)

oibríochtaí malairte eachtraí is comhchuí le hAirteagal III-326 den Bhunreacht a sheoladh;

(c)

cúlchistí oifigiúla eachtracha na mBallstát a shealbhú agus a bhainistiú;

(d)

oibriú rianúil córas íocaíochtaí a chur chun cinn.

2.   I gcomhréir le hAirteagal III-185(3) den Bhunreacht, beidh mír 1(c) den Airteagal seo gan dochar do Rialtais Bhallstát iarmhéideanna oibre malairte eachtraí a shealbhú agus a bhainistiú.

3.    I gcomhréir le hAirteagal III-185(5) den Bhunreacht, rannchuideoidh an Córas Eorpach Banc Ceannais le seoladh rianúil beartais arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

Airteagal 4

Feidhmeanna comhairleacha

I gcomhréir le hAirteagal III-185(4) den Bhunreacht:

(a)

rachfar i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach maidir le haon ghníomh Aontais arna bheartú laistigh dá chumhachtaí;

(b)

faoi na teorainneacha agus na coinníollacha atá leagtha amach ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, rachaidh údaráis náisiúnta i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach maidir le haon dréachtfhoráil reachtach laistigh dá réimsí inniúlachta;

Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach tuairimí ar ábhair laistigh dá chumhachtaí a chur faoi bhráid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais nó na n-údarás náisiúnta.

Airteagal 5

Faisnéis staidrimh a bhailiú

1.    D'fhonn cúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais a ghlacadh ar láimh, baileoidh an Banc Ceannais Eorpach, le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta, an fhaisnéis staidrimh is gá ó na húdaráis náisiúnta inniúla nó go díreach ó ghníomhairí eacnamaíocha. Chuige sin, comhoibreoidh sé le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, le húdaráis inniúla na mBallstát nó de chuid tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.   Cuirfidh na bainc cheannais náisiúnta i gcrích, a mhéad is féidir, na cúraimí dá dtagraítear i mír 1.

3.    Rannchuideoidh an Banc Ceannais Eorpach le comhchuibhiú, más gá, ar na rialacha agus ar na cleachtais a rialaíonn bailiú, tiomsú agus dáileadh staidrimh sna réimsí laistigh dá chumhachtaí.

4.   Saineoidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir oibleagáidí maidir le tuairisciú, an córas rúndachta agus na forálacha iomchuí maidir le forfheidhmiú.

Airteagal 6

Comhar idirnáisiúnta

1.   I réimse an chomhair idirnáisiúnta maidir leis na cúraimí a chuirtear ar an gCóras Eorpach Banc Ceannais, cinnfidh an Banc Ceannais Eorpach cad é mar a dhéanfar an Córas Eorpach Banc Ceannais a ionadú.

2.   Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus, faoi réir a fhormheasa, na bainc cheannais náisiúnta a bheith rannpháirteach in institiúidí idirnáisiúnta airgeadaíochta.

3.   Beidh míreanna 1 agus 2 gan dochar d'Airteagal III-196 den Bhunreacht.

CAIBIDIL III

EAGRÚCHÁN AN CHÓRAIS EORPAIGH BANC CEANNAIS

Airteagal 7

Neamhspleáchas

I gcomhréir le hAirteagal III-188 den Bhunreacht, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh na gcúraimí agus na ndualgas a chuirtear orthu sa Bhunreacht agus sa Reacht seo, ní fhéadfaidh an Banc Ceannais Eorpach ná banc ceannais náisiúnta ná aon chomhalta dá gcomhlachtaí cinnteoireachta teagaisc a iarraidh ná a ghlacadh ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí Aontais, ó aon Rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht eile. Gabhfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí Aontais maille le Rialtais na mBallstát orthu féin an prionsabal sin a urramú agus gan a iarraidh tionchar a oibriú ar chomhaltaí chomhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh nó na mbanc ceannais náisiúnta i gcomhlíonadh a gcúraimí.

Airteagal 8

Prionsabal ginearálta

Is iad comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh a rialóidh an Córas Eorpach Banc Ceannais.

Airteagal 9

An Banc Ceannais Eorpach

1.   Beidh ag an mBanc Ceannais Eorpach, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige i gcomhréir le hAirteagal I-30(3) den Bhunreacht, an inniúlacht dhlítheanach i ngach Ballstát is fairsinge atá ar fáil ag daoine dlítheanacha faoina dhlí. Féadfaidh sé go háirithe maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí.

2.   Áiritheoidh an Banc Ceannais Eorpach go ndéanfar na cúraimí atá curtha ar an gCóras Eorpach Banc Ceannais faoi Airteagal III-185(2), (3) agus (5) den Bhunreacht a chur chun feidhme aige féin de bhun an Reachta seo nó trí na bainc cheannais náisiúnta de bhun Airteagail 12(1) agus 14.

3.   I gcomhréir le hAirteagal III-187(1) den Bhunreacht, is iad an Chomhairle Rialaithe agus an Bord Feidhmiúcháin comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal 10

An Chomhairle Rialaithe

1.   I gcomhréir le hAirteagal III-382(1) den Bhunreacht, beidh ar an gComhairle Rialaithe comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus Gobharnóirí bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát nach bhfuil an maolú acu dá dtagraítear in Airteagal III-197 den Bhunreacht.

2.   Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Chomhairle Rialaithe. Amhail ón dáta ar mó líon chomhaltaí na Comhairle Rialaithe ná aon duine is fiche, beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin agus is ag cúig dhuine dhéag de líon na ngobharnóirí a bheidh an ceart vótála. Déanfar na cearta vótála sin a chionroinnt de réir na huainíochta seo a leanas:

(a)

amhail ón dáta ar mó líon na ngobharnóirí ná cúig dhuine dhéag, go dtí go sroicheann sé beirt is fiche, cionroinnfear na gobharnóirí ar dhá ghrúpa i bhfianaise an chéimnithe atá ag méid scair Bhallstát a mbanc ceannais náisiúnta san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna agus i lánchlár comhardaithe comhiomlán institiúidí airgeadais airgeadaíochta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Sannfar ualú 5/6 agus 1/6 do na scaireanna san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna agus i lánchlár comhordaithe comhiomlán na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta faoi seach. Beidh cúig ghobharnóir sa chéad ghrúpa agus beidh na gobharnóirí eile sa dara grúpa. Ní lú minicíocht chearta vótála na ngobharnóirí sa chéad ghrúpa ná minicíocht chearta vótála na ngobharnóirí sa dara grúpa. Faoi réir na habairte roimhe seo, tabharfar ceithre cheart vótála don chéad ghrúpa agus aon cheart vótála déag don dara grúpa;

(b)

amhail ón dáta a shroichfidh líon na ngobharnóirí beirt is fiche, cionroinnfear na gobharnóirí ar thrí ghrúpa i bhfianaise céimnithe arna fothú ar na critéir atá leagtha síos in (a). Beidh cúig ghobarnóir sa chéad ghrúpa a dtabharfar ceithre cheart vótála dó. Beidh a leath de líon iomlán na ngobharnóirí sa dara grúpa, agus aon chodán á chothromú suas don tslánuimhir is gaire, agus tabharfar ocht gceart vótála don ghrúpa sin. Beidh na gobarnóirí eile sa tríú grúpa a dtabharfar trí cheart vótála dó;

(c)

laistigh de gach grúpa, beidh a gcearta vótála ag na gobharnóirí go ceann tréimhsí comhionanna;

(d)

chun na scaireanna san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna a ríomh, beidh feidhm ag Airteagal 29(2). Déanfar lánchlár comhordaithe comhiomlán na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta a ríomh i gcomhréir leis an gcreat staidrimh a bhfuil feidhm aige san Aontas tráth an ríomha;

(e)

aon uair a dhéantar an olltáirgeacht intíre comhiomlán de réir margadhphraghsanna a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 29(3), nó aon uair a thagann méadú ar líon na ngobharnóirí, déanfar líon agus/nó comhdhéanamh na ngrúpaí a choigeartú i gcomhréir leis na prionsabail arna leagan síos san fhomhír seo;

(f)

déanfaidh an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di trí thromlach dhá thrian dá comhaltaí uile, bíodh ceart vótála acu nó ná bíodh, gach beart a ghlacadh is gá chun na prionsabail arna leagan síos san fhomhír seo a chur chun feidhme agus féadfaidh sí tús an chórais uainíochta a chur ar athló go dtí an dáta ar mó líon na ngobharnóirí ná ocht nduine dhéag.

Ní mór an ceart vótála a fheidhmiú go pearsanta. De mhaolú ar an riail sin, féadfar a leagan síos sna Rialacha Nós Imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(3) go bhféadfaidh comhaltaí na Comhairle Rialaithe vótáil trí bhíthin teileachomhdhála. Forálfar freisin sna rialacha sin go bhféadfaidh comhalta den Chomhairle Rialaithe nach féidir dó ar feadh tréimhse fada freastal ar chruinnithe na Comhairle Rialaithe malartach a cheapadh chun a ionad a ghabháil mar chomhalta den Chomhairle Rialaithe.

Tá an dara fomhír agus an tríú fomhír gan dochar do chearta vótála chomhaltaí uile na Comhairle Rialaithe, bíodh ceart vótála acu nó ná bíodh, faoi mhír 3 agus Airteagal 40(2) agus (3). Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, gníomhóidh an Chomhairle Rialaithe trí thromlach simplí de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu. I gcás comhionannais vótaí, is ag an Uachtarán a bheidh an vóta réitigh.

Chun go bhféadfaidh an Chomhairle Rialaithe vótáil, ní mór córam dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a bheith ann. Mura sroichfear an córam, féadfaidh an tUachtarán cruinniú urghnách a chomóradh ina bhféadfar cinntí a ghlacadh gan aird ar an gcóram.

3.   Chun go nglacfar cinntí de bhun Airteagail 28, 29, 30, 32, 33 agus 49, déanfar na vótaí sa Chomhairle Rialaithe a ualú i gcomhréir le scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta i gcaipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Is ionann agus nialas ualú vótaí chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin. Déanfar cinneadh ar gá tromlach cáilithe chuige a ghlacadh má fhaigheann sé líon vótaí ina fhabhar in ionannas ar a laghad le dhá thrian de chaipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus in ionannas ar a laghad le leath na scairshealbhóirí. Mura féidir le Gobharnóir a bheith i láthair, féadfaidh sé malartach a ainmniú chun a vóta ualaithe a chaitheamh.

4.   Beidh imeachtaí na gcruinnithe faoi rún. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe toradh a pléití a phoibliú.

5.   Tiocfaidh an Chomhairle Rialaithe le chéile ar a laghad deich n-uaire sa bhliain.

Airteagal 11

An Bord Feidhmiúcháin

1.   I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal III-382(2) den Bhunreacht, beidh ar an mBord Feidhmiúcháin an tUachtarán, an Leasuachtarán agus ceithre chomhalta eile.

Comhlíonfaidh na comhaltaí a gcuid dualgas go lánaimseartha. Ní ghabhfaidh aon chomhalta le haon slí bheatha, sochrach ná neamhshochrach, mura ndeonóidh an Chomhairle Rialaithe díolúine go heisceachtúil dó.

2.   I gcomhréir le hAirteagal III-382(2) den Bhunreacht, déanfaidh an Chomhairle Eorpach ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar mholadh ón gComhairle agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle Rialaithe, Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh as measc daoine a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta nó baincéireachta.

Ocht mbliana a bheidh ina dtéarma oifige agus ní fhéadfar é a athnuachan.

Náisiúnaigh Ballstát amháin a fhéadfaidh a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin.

3.    Leagfar síos téarmaí agus coinníollacha fostaíochta chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, go háirithe a dtuarastail, a bpinsin agus a sochair slándála sóisialta eile i gconarthaí leis an mBanc Ceannais Eorpach agus socróidh an Chomhairle Rialaithe iad ar thogra ó choiste ar a mbeidh trí chomhalta arna gceapadh ag an gComhairle Rialaithe agus trí chomhalta arna gceapadh ag an gComhairle. Ní bheidh ceart vótála ag comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin ar ábhair dá dtagraítear sa mhír seo.

4.    Mura gcomhallfaidh comhalta den Bhord Feidhmiúcháin a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gComhairle Rialaithe nó ón mBord Feidhmiúcháin, é a scor go héigeantach.

5.   Beidh ceart vótála ag gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin a bheidh i láthair go pearsanta agus chuige sin beidh vóta amháin aige. Mura bhforáiltear a mhalairt, gníomhóidh an Bord Feidhmiúcháin trí thromlach simplí de na vótaí arna gcaitheamh. I gcás comhionannais vótaí, is ag an Uachtarán a bheidh an vóta réitigh. Sonrófar na socruithe vótála sna Rialacha Nós Imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

6.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as gnó reatha an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

7.   Déanfar aon fholúntas a tharlóidh ar an mBord Feidhmiúcháin a líonadh trí chomhalta nua a cheapadh i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 12

Freagrachtaí na gcomhlachtaí cinnteoireachta

1.   Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na treoirlínte agus na cinntí is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na cúraimí a chuireann an Bunreacht agus an Reacht seo ar an gCóras Eorpach Banc Ceannais. Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos beartas airgeadaíochta an Aontais lena n-áirítear, más iomchuí, cinntí maidir le cuspóirí meánreatha airgeadaíochta, eochair-rátaí úis agus soláthar cúlchistí sa Chóras Eorpach Banc Ceannais agus cinnfidh sí na treoirlínte is gá lena gcur chun feidhme.

Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an beartas airgeadaíochta chun feidhme i gcomhréir leis na treoirlínte agus na cinntí arna nglacadh ag an gComhairle Rialaithe. Tabharfaidh sé lena linn sin na teagaisc riachtanacha do na bainc cheannais náisiúnta. Ina theannta sin, féadfar cumhachtaí áirithe a tharmligean chuige má chinneann an Chomhairle Rialaithe amhlaidh.

A mhéad a mheastar is féidir agus is iomchuí agus gan dochar d'fhorálacha an Airteagail seo, rachaidh an Banc Ceannais Eorpach ar iontaoibh na mbanc ceannais náisiúnta chun oibríochtaí is cuid de chúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais a chur i gcrích.

2.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cruinnithe na Comhairle Rialaithe a ullmhú.

3.   Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe Rialacha Nós Imeachta lena gcinnfear eagrúchán inmheánach an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus a chuid comhlachtaí cinnteoireachta.

4.   Is í an Chomhairle Rialaithe a fheidhmeoidh na feidhmeanna comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 4.

5.   Is í an Chomhairle Rialaithe a ghlacfaidh na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 6.

Airteagal 13

An tUachtarán

1.   Is é an tUachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, an Leasuachtarán a bheidh ina chathaoirleach ar an gComhairle Rialaithe agus ar Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

2.   Gan dochar d'Airteagal 38, is é an tUachtarán nó a ainmnitheach a ionadóidh an Banc Ceannais Eorpach don saol mór.

Airteagal 14

Bainc cheannais náisiúnta

1.   I gcomhréir le hAirteagal III-189 den Bhunreacht, áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil a chuid reachtaíochta náisiúnta, lena n-áirítear reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí leis an mBunreacht agus leis an Reacht seo.

2.   Leagfaidh reachtanna na mbanc ceannais náisiúnta síos go háirithe nach lú ná cúig bliana téarma oifige Gobharnóra bainc cheannais náisiúnta.

Ní fhéadfar a oifig a bhaint de Ghobharnóir ach amháin mura gcomhallann sé a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh, nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach. Féadfaidh an Gobharnóir i dtrácht nó an Chomhairle Rialaithe cinneadh chuige sin a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, mar gheall ar sharú an Bhunreachta nó aon riail dlí a bhaineann lena chur i bhfeidhm. Déanfar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón uair a foilsíodh an cinneadh, nó a cuireadh in iúl don ghearánaí é nó, murar cuireadh, ón lá a fuair sé fios air, de réir mar a bheidh.

3.   Is cuid dhílis den Chóras Eorpach Banc Ceannais na bainc cheannais náisiúnta agus gníomhóidh siad i gcomhréir le treoirlínte agus teagaisc an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na bearta is gá chun comhlíonadh threoirlínte agus theagaisc an Bhainc Cheannais Eorpaigh a áirithiú agus éileoidh sí gach eolas riachtanach a thabhairt di.

4.   Féadfaidh bainc cheannais náisiúnta feidhmeanna seachas na feidhmeanna arna sonrú sa Reacht seo a chomhlíonadh mura gcinnfidh an Chomhairle Rialaithe, trí thromlach cáilithe dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, go gcuireann na feidhmeanna sin isteach ar chuspóirí agus ar chúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais. Comhlíonfar feidhmeanna den sórt sin ar fhreagracht agus ar dhliteanas na mbanc ceannais náisiúnta agus ní mheasfar gur cuid d'fheidhmeanna an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais iad.

Airteagal 15

Ceangaltais maidir le tuairisciú

1.   Tarraingeoidh an Banc Ceannais Eorpach suas agus foilseoidh sé tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais uair sa ráithe ar a laghad.

2.   Foilseofar ráiteas comhdhlúite airgeadais an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais in aghaidh na seachtaine.

3.   I gcomhréir le hAirteagal III-383(3) den Bhunreacht, díreoidh an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

4.   Cuirfear na tuarascálacha agus na ráitis dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil saor in aisce do pháirtithe leasmhara.

Airteagal 16

Nótaí bainc

I gcomhréir le hAirteagal III-186(1) den Bhunreacht, beidh ag an gComhairle Rialaithe an ceart eisiach chun eisiúint nótaí bainc euro laistigh den Aontas a údarú. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc den sórt sin a eisiúint. Is ag na nótaí bainc arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag na bainc cheannais náisiúnta, agus ag nótaí bainc den sórt sin amháin, a bheidh stádas dlíthairisceana laistigh den Aontas.

Urramóidh an Banc Ceannais Eorpach a mhéad is féidir cleachtais atá ann cheana maidir le heisiúint agus le dearadh nótaí bainc.

CAIBIDIL IV

FEIDHMEANNA AIRGEADAÍOCHTA AGUS OIBRÍOCHTAÍ AN CHÓRAIS EORPAIGH BANC CEANNAIS

Airteagal 17

Cuntais leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis na bainc cheannais náisiúnta

Chun a n-oibríochtaí a sheoladh, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta cuntais a oscailt le haghaidh institiúidí creidmheasa, eagras poiblí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh, agus sócmhainní, lena n-áirítear urrúis i gcuntais reatha, a ghlacadh mar chomhthaobhacht.

Airteagal 18

Oibríochtaí margaidh oscailte agus creidmheasa

1.   Chun cuspóirí an Chórais Eorpach Banc Ceannais a ghnóthú agus chun a chúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta:

(a)

oibriú ar na margaí airgeadais, trí cheannach nó díol thar barr amach (spotbheart agus réamhdhéileáil) nó trí chomhaontú athcheannaigh, trí éilimh agus ionstraimí indíolta a thabhairt agus a fháil ar iasacht, bídís in euro nó in airgeadraí eile, maille le miotail lómhara;

(b)

oibríochtaí creidmheasa a sheoladh le hinstitiúidí creidmheasa agus le rannpháirtithe eile sa mhargadh, agus na hiasachtaí á mbunú ar chomhthaobhacht leordhóthanach.

2.   Bunóidh an Banc Ceannais Eorpach prionsabail ghinearálta maidir leis na hoibríochtaí margaidh oscailte agus creidmheasa a chuireann sé féin nó na bainc cheannais náisiúnta i gcrích, lena n-áirítear prionsabail ghinearálta maidir le craoladh na gcoinníollacha faoina mbeidh siad ullamh idirbhearta den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 19

Cúlchistí íosta

1.   Faoi réir Airteagal 2, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a cheangal ar institiúidí creidmheasa arna mbunú i mBallstáit cúlchistí íosta a shealbhú ar cuntais leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis na bainc cheannais náisiúnta chun cuspóirí beartais airgeadaíochta a shaothrú. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le ríomh agus cinneadh na gcúlchistí íosta is gá. Mura gcomhlíonfar na rialacháin sin, beidh an Banc Ceannais Eorpach i dteideal ús pionósach a thobhach agus smachtbhannaí eile a fhorchur a bhfuil éifeacht inchomórtais leo.

2.   D'fhonn an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, saineoidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, an bunús le haghaidh cúlchistí íosta agus na cóimheasa uasta is incheadaithe idir na cúlchistí sin agus an bunús atá leo, mar aon le smachtbhannaí iomchuí i gcás neamhchomhlíonadh.

Airteagal 20

Ionstraimí eile um rialú airgeadaíochta

Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh, trí thromlach cáilithe dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, dul ar iontaoibh pé modhanna oibríochtúla eile um rialú airgeadaíochta is cuí léi, agus Airteagal 2 á urramú aici.

Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, raon feidhme modhanna den sórt sin a shainiú má fhorchuireann siad oibleagáidí ar thríú páirtithe.

Airteagal 21

Oibríochtaí le heagrais phoiblí

1.   I gcomhréir le hAirteagal III-181 den Bhunreacht, toirmiscfear ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar na bainc cheannais náisiúnta rótharraingtí nó aon saoráid chreidmheasa de shaghas ar bith eile a thabhairt i bhfabhar institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí Aontais, rialtais láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí na mBallstát. Toirmiscfear freisin ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar na bainc cheannais náisiúnta ionstraimí fiachais a cheannach go díreach uathu.

2.   Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta gníomhú amhail gníomhairí fioscacha thar ceann na n-eagras dá dtagraítear i mír 1.

3.   Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le hinstitiúidí creidmheasa ar úinéireacht phoiblí ar a gcuirfidh bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhthéacs soláthair cúlchistí ó bhainc cheannais, an chóir chéanna a chuirtear ar institiúidí creidmheasa príobháideacha.

Airteagal 22

Córais imréitigh agus íocaíochta

Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta saoráidí a chur ar fáil, agus féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach rialacháin a dhéanamh, d'fhonn córais éifeachtacha, fhónta imréitigh agus íocaíochta a áirithiú laistigh den Aontas agus le tíortha eile.

Airteagal 23

Oibríochtaí eachtracha

Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta:

(a)

caidreamh a bhunú le bainc cheannais agus le hinstitiúidí airgeadais i dtíortha eile agus, más iomchuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

(b)

gach saghas sócmhainní malairte eachtraí agus miotal lómhar a fháil agus a dhíol trí spotbheart agus réamhdhéileáil; cuimseoidh an abairt ‘sócmhainn airgid eachtraigh’ urrúis agus gach sócmhainn eile in airgeadra aon tíre nó in aonaid chuntais, is cuma cén fhoirm ina sealbhaítear iad;

(c)

na sócmhainní dá dtagraítear san Airteagal seo a shealbhú agus a bhainistiú;

(d)

gach saghas idirbhirt bhaincéireachta a sheoladh i ndáil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta lena n-áirítear oibríochtaí chun iasachtaí a fháil agus a thabhairt.

Airteagal 24

Oibríochtaí eile

I dteannta le hoibríochtaí a eascraíonn óna gcúraimí, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais naísiúnta oibríochtaí a dhéanamh ar mhaithe lena gcríocha riaracháin nó ar mhaithe lena bhfoireann.

CAIBIDIL V

MAOIRSEACHT STUAMACHTA

Airteagal 25

Maoirseacht stuamachta

1.   Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach comhairle a thabhairt don Chomhairle, don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát agus féadfaidh siad dul i gcomhairle leis maidir le raon feidhme agus le cur chun feidhme gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

2.   I gcomhréir le haon dlí Eorpach arna ghlacadh faoi Airteagal III-185(6) den Bhunreacht, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach cúraimí sonracha a chomhlíonadh i leith beartas a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile seachas gnóthais árachais.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS AN CHÓRAIS EORPAIGH BANC CEANNAIS

Airteagal 26

Cuntais airgeadais

1.   Tosóidh bliain airgeadais an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta ar an gcéad lá d'Eanáir agus críochnóidh sí ar an lá deiridh de mhí na Nollag.

2.   Tarraingeoidh an Bord Feidhmiúcháin suas cuntais bhliantúla an Bhainc Cheannais Eorpaigh i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an gComhairle Rialaithe. Formheasfaidh an Chomhairle Rialaithe na cuntais agus foilseofar dá éis sin iad.

3.   Ar mhaithe le cuspóirí anailíseacha agus oibríochtúla, tarraingeoidh an Bord Feidhmiúcháin suas clár comhardaithe comhdhlúite an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais a chuimseoidh sócmhainní agus dliteanais sin na mbanc ceannais náisiúnta a thig faoin gCóras Eorpach Banc Ceannais.

4.   Chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na rialacha is gá chun cuntasaíocht agus tuairisciú oibríochtaí arna ngabháil ar láimh ag na bainc cheannais náisiúnta a chaighdeánú.

Airteagal 27

Iniúchóireacht

1.   Déanfaidh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha arna moladh ag an gComhairle Rialaithe agus arna bhformheas ag an gComhairle cuntais an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus cuntais na mbanc ceannais náisiúnta a iniúchadh. Beidh lánchumhacht ag na hiniúchóirí leabhair agus cuntais uile an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta a scrúdú agus gach eolas a fháil maidir lena n-idirbhearta.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal III-384 den Bhunreacht ach maidir le scrúdú ar éifeachtacht oibríochtúil bhainistíocht an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal 28

Caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh

1.    Caipiteal 5 000 milliún euro a bheidh ag an mBanc Ceannais Eorpach. Féadfar an caipiteal a mhéadú pé méid a bhforálfar i gcinneadh Eorpach ón gComhairle Rialaithe ag gníomhú di tríd an tromlach cáilithe dá bhforáiltear in Airteagal 10(3), faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna socrú ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41.

2.   Is iad na bainc cheannais náisiúnta amháin a shuibscríobhfaidh agus a shealbhóidh caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Déanfar an caipiteal a shuibscríobh de réir an scála arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29.

3.   Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di tríd an tromlach cáilithe dá bhforáiltear in Airteagal 10(3), méid an chaipitil is iníoctha agus an fhoirm ina n-íocfar é.

4.   Faoi réir mhír 5, ní fhéadfar scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta i gcaipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh a aistriú, a chur i ngeall ná a astú.

5.   Má choigeartaítear an scála dá dtagraítear in Airteagal 29, aistreoidh na bainc cheannais náisiúnta eatarthu féin scaireanna caipitil a mhéad is gá d'fhonn a áirithiú go mbeidh dáileadh na scaireanna caipitil sin i gcomhréir leis an scála coigeartaithe. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe téarmaí agus coinníollacha na n-aistrithe sin.

Airteagal 29

An scála um shuibscríobh caipitil

1.   Déanfar an scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh a socraíodh an chéad uair i 1998 nuair a bunaíodh an Córas Eorpach Banc Ceannais a chinneadh trína shannadh do gach banc ceannais náisiúnta ualú sa scála is ionann agus suim:

50 % de scair a Bhallstáit faoi seach i ndaonra an Aontais sa bhliain leathdhéanach roimh an gCóras Eorpach Banc Ceannais a bhunú;

50 % de scair a Bhallstáit faoi seach in olltáirgeacht intíre an Aontais de réir margadhphraghsanna mar a bhí sí arna taifeadadh sna cúig bliana dheireanacha roimh an mbliain leathdhéanach roimh an gCóras Eorpach Banc Ceannais a bhunú.

Cothromófar na céatadáin suas nó síos don iolraí is gaire de 0,0001 pointe céatadáin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na sonraí staidrimh is gá do chur i bhfeidhm an Airteagail seo a chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos ag an gComhairle faoin nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 41.

3.    Déanfar na hualuithe arna sannadh do na bainc cheannais náisiúnta a choigeartú gach cúig bliana tar éis bhunú an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais de réir analaí le mír 1. Beidh feidhm ag an scála coigeartaithe ón gcéad lá den bhliain dár gcionn.

4.   Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 30

Cúlsócmhainní eachtracha a aistriú chuig an mBanc Ceannais Eorpach

1.   Gan dochar d'Airteagal 28, cuirfidh na bainc cheannais náisiúnta ar fáil don Bhanc Ceannais Eorpach cúlsócmhainní eachtracha seachas airgeadraí Ballstát, euro, riochtaí chúlchistí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus cearta tarraingthe speisialta, go feadh suim is ionann agus 50 000 milliún euro. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe an chionmhaireacht a bheidh le glaoch ag an mBanc Ceannais Eorpach. Beidh láncheart ag an mBanc Ceannais Eorpach na cúlchistí eachtracha a aistreofar chuige a shealbhú agus a bhainistiú, agus iad a úsáid chun na gcríoch atá leagtha amach sa Reacht seo.

2.   Socrófar ranníocaíochtaí gach bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir lena scair i gcaipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh

3.   Cuirfidh an Banc Ceannais Eorpach chun sochair gach bainc cheannais náisiúnta éileamh is ionann agus a ranníocaíocht. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe ainmníocht éileamh den sórt sin agus an íocaíocht ina leith.

4.   Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhréir le mír 2, cúlsócmhainní eachtracha breise a ghlaoch thar an teorainn atá socraithe i mír 1, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna socrú ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41.

5.   Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach suímh chúlchistí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus cearta tarraingthe speisialta a shealbhú agus a bhainistiú agus socrú a dhéanamh le sócmhainní den sórt sin a chomhthiomsú.

6.   Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 31

Cúlsócmhainní eachtracha arna sealbhú ag bainc cheannais náisiúnta

1.   Ceadófar do na bainc cheannais náisiúnta idirbhearta a chur i gcrích ar mhaithe lena n-oibleagáidí i leith eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhall i gcomhréir le hAirteagal 23.

2.   Gach oibríocht eile maidir leis na cúlsócmhainní eachtracha atá fós sna bainc cheannais náisiúnta tar éis na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 30, agus idirbhearta Ballstát lena n-iarmhéideanna oibre malairte eachtraí, beidh siad, os cionn teorann a bhunófar faoi chuimsiú mhír 3, faoi réir fhormheasa ón mBanc Ceannais Eorpach d'fhonn a áirithiú go mbeidh siad comhchuí le beartais ráta malairte agus airgeadaíochta an Aontais.

3.   Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos treoirlínte chun oibríochtaí den sórt sin a éascú.

Airteagal 32

Cionroinnt ioncam airgeadaíochta na mbanc ceannais náisiúnta

1.    Déanfar an t-ioncam a fhaibhreoidh do na bainc cheannais náisiúnta i gcomhlíonadh fheidhm bheartas airgeadaíochta an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (dá ngairtear ‘ioncam airgeadaíochta’ anseo feasta) a chionroinnt ag deireadh gach bliana airgeadais i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.

2.   Is ionann méid ioncam airgeadaíochta gach bainc cheannais náisiúnta agus an t-ioncam bliantúil a dhíorthóidh ó na sócmhainní arna sealbhú in aghaidh nótaí bainc i gcúrsaíocht agus dliteanais taisce i leith institiúidí creidmheasa. Cuirfidh na bainc cheannais náisiúnta na sócmhainní sin in áirithe i gcomhréir le treoirlínte a ghlacfaidh an Chomhairle Rialaithe.

3.   Más dóigh leis an gComhairle Rialaithe, tar éis thús an tríú céim, nach féidir mír 2 a chur i bhfeidhm toisc struchtúir chlár comhardaithe na mbanc ceannais náisiúnta, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh go ndéanfar, de mhaolú ar mhír 2, an t-ioncam airgeadaíochta a áireamh de réir modha mhalartaigh go ceann tréimhse nach faide ná cúig bliana.

4.   Laghdófar méid ioncam airgeadaíochta gach bainc cheannais náisiúnta méid is ionann agus pé ús a bheidh íoctha ag an mbanc ceannais sin ar a chuid dliteanas taisce le hinstitiúidí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 19.

Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh go slánófar bainc cheannais náisiúnta in aghaidh costais a bheidh tabhaithe acu i ndáil le heisiúint nótaí bainc nó, in imthosca eisceachtúla, ar chaillteanais shonracha a eascraíonn ó oibríochtaí beartais airgeadaíochta a bheidh gafa ar láimh thar ceann an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais. Beidh an slánú i bhfoirm a mheasfar is iomchuí de réir na Comhairle Rialaithe. Féadfar na méideanna sin a fhritháireamh in aghaidh ioncam airgeadaíochta na mbanc ceannais náisiúnta.

5.   Cionroinnfear suim ioncam airgeadaíochta na mbanc ceannais náisiúnta ar na bainc cheannais náisiúnta i gcoibhneas lena scaireanna íoctha i gcaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh, faoi réir aon chinnidh arna ghlacadh ag an gComhairle Rialaithe de bhun Airteagal 33(2).

6.   Cuirfidh an Banc Ceannais Eorpach i gcrích imréiteach agus socrú na n-iarmhéideanna a thig as cionroinnt an ioncaim airgeadaíochta i gcomhréir leis na treoirlínte arna nglacadh ag an gComhairle Rialaithe.

7.   Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 33

Brabúis ghlana agus caillteanais ghlana an Bhainc Cheannais Eorpaigh a chionroinnt

1.   Aistreofar brabús glan an Bhainc Cheannais Eorpaigh san ord seo a leanas:

(a)

déanfar méid a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe, nach bhféadfaidh a bheith níos mó ná 20 % den bhrabús glan, a aistriú chuig an gcúlchiste ginearálta faoi réir teorann is ionann agus 100 % den chaipiteal;

(b)

déanfar fuíoll an bhrabúis ghlain a dháileadh ar scairshealbhóirí an Bhainc Cheannais Eorpaigh i gcoibhneas lena scaireanna íoctha.

2.   I gcás an Banc Ceannais Eorpach caillteanas a thabhú, is féidir an gannchion a fhritháireamh in aghaidh chúlchiste ginearálta an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus, más gá, tar éis cinneadh ón gComhairle Rialaithe, in aghaidh ioncam airgeadaíochta na bliana airgeadais ábhartha i gcoibhneas leis na méideanna agus go feadh na méideanna arna gcionroinnt ar na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 32(5).

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 34

Gníomhartha dlíthiúla

1.   I gcomhréir le hAirteagal III-190 den Bhunreacht, glacfaidh an Banc Ceannais Eorpach:

(a)

rialacháin Eorpacha a mhéad is gá chun na cúraimí atá sainithe in Airteagal 3(1)(a), Airteagal 19(1), Airteagal 22 nó Airteagal 25(2) den Reacht seo a chur chun feidhme agus i gcásanna a leagfar síos sna rialacháin Eorpacha agus sna cinntí Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 41;

(b)

na cinntí Eorpacha is gá chun na cúraimí a chuirtear de chúram ar an gCóras Eorpach Banc Ceannais faoin mBunreacht agus faoin Reacht seo a chomhlíonadh;

(c)

moltaí agus tuairimí.

2.   Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a chinneadh a chinntí Eorpacha, a mholtaí agus a thuairimí a fhoilsiú.

3.   Faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, beidh an Banc Ceannais Eorpach i dteideal fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh ar ghnóthais mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoina rialacháin Eorpacha agus faoina chinntí Eorpacha.

Airteagal 35

Léirmheas breithiúnach agus ábhair ghaolmhara

1.   Féadfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gníomhartha nó neamhghníomhartha an Bhainc Cheannais Eorpaigh a athbhreithniú agus a léiriú sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Bhunreacht. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach imeachtaí a thionscnamh sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Bhunreacht.

2.   Is iad na cúirteanna náisiúnta inniúla a chinnfidh díospóidí idir an Banc Ceannais Eorpach, ar thaobh amháin, agus a chreidiúnaithe, a fhiachóirí nó aon duine eile, ar an taobh eile, ach amháin nuair atá dlínse tugtha do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.   Beidh an Banc Ceannais Eorpach faoi réir an chórais dliteanais dá bhforáiltear in Airteagal III-431 den Bhunreacht. Beidh na bainc cheannais náisiúnta faoi dhliteanas de réir a ndlíthe náisiúnta faoi seach.

4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá in aon chonradh, bíodh sé arna rialú ag an dlí poiblí nó ag an dlí príobháideach, a thabharfaidh an Banc Ceannais Eorpach i gcrích nó a thabharfar i gcrích thar a cheann.

5.   Is í an Chomhairle Rialaithe a ghlacfaidh cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le caingean a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

6.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le banc ceannais náisiúnta a chuid oibleagáidí a chomhall faoin mBunreacht agus faoin Reacht seo. Má mheasann an Banc Ceannais Eorpach go bhfuil mainnithe ag banc ceannais náisiúnta oibleagáid a chomhall faoin mBunreacht agus faoin Reacht seo, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe ar an ábhar tar éis deis a thabhairt don bhanc ceannais náisiúnta i dtrácht a chuid barúlacha a thíolacadh. Mura ngéillfidh an banc ceannais náisiúnta don tuairim laistigh den tréimhse atá leagtha síos ag an mBanc Ceannais Eorpach, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 36

Foireann

1.   Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos, ar thogra ón mBord Feidhmiúcháin, coinníollacha fostaíochta fhoireann an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid idir an Banc Ceannais Eorpach agus a sheirbhísigh faoi na teorainneacha agus faoi na coinníollacha arna leagan síos sna coinníollacha fostaíochta.

Airteagal 37

Rúndacht ghairmiúil

1.   Beidh de cheangal ar chomhaltaí na gcomhlachtaí rialaithe agus ar fhoireann an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan aon fhaisnéis a nochtadh is de shaghas atá faoi chumhdach oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

2.   Beidh daoine a mbeidh teacht acu ar shonraí atá faoi chumhdach gnímh Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a fhorchuireann oibleagáid rúndachta faoi réir na hoibleagáide sin.

Airteagal 38

Sínitheoirí

Cuirfear an Banc Ceannais Eorpach faoi dhliteanas dlíthiúil i leith tríú páirtithe ag an Uachtarán nó ag beirt chomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin nó ag síniú bheirt chomhaltaí d'fhoireann an Bhainc Cheannais Eorpaigh arna n-údarú go cuí ag an Uachtarán chun síniú thar ceann an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal 39

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh ag an mBanc Ceannais Eorpach ar chríocha na mBallstát na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpach.

CAIBIDIL VIII

LEASÚ AN REACHTA AGUS RIALACHA FORLÍONTACHA

Airteagal 40

Nósanna imeachta simplithe leasaithe

1.   I gcomhréir le hAirteagal III-187(3) den Bhunreacht, féadfar Airteagal 5(1), (2) agus (3), Airteagail 17 agus 18, Airteagal 19(1), Airteagail 22, 23, 24 agus 26, Airteagal 32(2), (3), (4) agus (6), Airteagal 33(1)(a) agus Airteagal 36 den Reacht seo a leasú le dlíthe Eorpacha:

(a)

ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, nó;

(b)

ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

2.   Féadfar Airteagal 10(2) a leasú le cinneadh Eorpach ón gComhairle ag gníomhú di d'aon toil ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, nó ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach. Ní thiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh siad formheasta ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

3.   Is gá cinneadh d'aon toil ón gComhairle Rialaithe chun an Banc Ceannais Eorpach a dhéanamh moladh faoin Airteagal seo.

Airteagal 41

Rialacha forlíontacha

I gcomhréir le hAirteagal III-187(4) den Bhunreacht, glacfaidh an Chomhairle na rialacháin Eorpacha agus na cinntí Eorpacha lena mbunófar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 5(4), Airteaga1 19(2), Airteagal 20, Airteagal 28(1), Airteagal 29(2), Airteagal 30(4) agus Airteagal 34(3) den Reacht seo. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa:

(a)

ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, nó;

(b)

ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS EILE DON CHÓRAS EORPACH BANC CEANNAIS

Airteagal 42

Forálacha ginearálta

1.   Béarfaidh maolú dá dtagraítear in Airteagal III-197(1) den Bhunreacht nach dtabharfaidh na hAirteagail seo a leanas den Reacht seo aon chearta don Bhallstát i dtrácht ná nach bhforchuirfidh siad aon oibleagáidí air: Airteagail 3 agus 6, Airteagal 9(2), Airteagal 12(1), Airteagal 14(3), Airteagail 16, 18, 19, 20, 22 agus 23, Airteagal 26(2), Airteagail 27, 30, 31, 32, 33, 34 agus 50.

2.   Coinneoidh bainc cheannais Bhallstát go maolú mar atá sonraithe in Airteagal III-197(1) den Bhunreacht a gcuid cumhachtaí i réimse an bheartais airgeadaíochta de réir an dlí náisiúnta.

3.   I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal III-197(2) den Bhunreacht, agus le hAirteagal 3, Airteagal 11(2) agus Airteagal 19 den Reacht seo, ciallaíonn ‘Ballstáit’ na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

4.   In Airteagal 9(2), Airteagal 10(2) agus (3), Airteagal 12(1), Airteagail 16, 17, 18, 22, 23, 27, 30, 31 agus 32, Airteagal 33(2) agus Airteagal 50 den Reacht seo, ciallaíonn ‘bainc cheannais náisiúnta’ bainc cheannais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

5.   In Airteagail 10(3) agus Airteagal 33(1), ciallaíonn ‘scairshealbhóirí’ bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

6.   In Airteagail 10(3) agus Airteagal 30(2), ciallaíonn ‘caipiteal suibscríofa’ caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh arna shuibscríobh ag bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Airteagal 43

Cúraimí idirthréimhseacha an Bhainc Cheannais Eorpaigh

Gabhfaidh an Banc Ceannais Eorpach chuige na cúraimí sin a bhí ar an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta dá dtagraítear in Airteagal III-199(2) den Bhunreacht nach foláir, de bhun maoluithe Ballstáit amháin nó níos mó, a chomhlíonadh fós tar éis an euro a thabhairt isteach.

Tabharfaidh an Banc Ceannais Eorpach comhairle nuair a bhíonn ullmhúcháin á ndéanamh d'aisghairm na maoluithe atá sonraithe in Airteagal III-198 den Bhunreacht.

Airteagal 44

Comhairle Ghinearálta an Bhainc Cheannais Eorpaigh

1.   Gan dochar d'Airteagal III-187(1) den Bhunreacht, tionscnófar an Chomhairle Ghinearálta mar thríú comhlacht cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

2.   Beidh ar an gComhairle Ghinearálta Uachtarán agus Leasuachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta. Féadfaidh comhaltaí eile an Bhoird Feidhmiúcháin a bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle Ginearálta, ach ní bheidh ceart vótála acu.

3.   Tá freagrachtaí na Comhairle Ginearálta liostaithe ina n-iomláine in Airteagal 46.

Airteagal 45

Oibriú na Comhairle Ginearálta

1.   Uachtarán nó, mura féidir dó bheith i láthair, Leasuachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh a bheidh ina chathaoirleach ar Chomhairle Ghinearálta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

2.   Féadfaidh Uachtarán na Comhairle agus comhalta de chuid an Choimisiúin a bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle Ginearálta, ach ní bheidh ceart vótála acu.

3.   Ullmhóidh an tUachtarán cruinnithe na Comhairle Ginearálta.

4.   De mhaolú ar Airteagal 12(3), glacfaidh an Chomhairle Ghinearálta a Rialacha Nós Imeachta.

5.   Soláthróidh an Banc Ceannais Eorpach rúnaíocht na Comhairle Ginearálta.

Airteagal 46

Freagrachtaí na Comhairle Ginearálta

1.   Déanfaidh an Chomhairle Ghinearálta:

(a)

na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43 a chomhlíonadh;

(b)

rannchuidiú leis na feidhmeanna comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 25(1).

2.   Rannchuideoidh an Chomhairle Ghinearálta le:

(a)

bailiú na faisnéise staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b)

gníomhaíochtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh maidir le tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 15;

(c)

bunú na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 26(4) is gá chun Airteagal 26 a chur i bhfeidhm;

(d)

glacadh gach birt eile dá dtagraítear in Airteagal 29(4) is gá chun Airteagal 29 a chur i bhfeidhm;

(e)

coinníollacha fostaíochta fhoireann an Bhainc Cheannais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 36 a leagan síos.

3.   Rannchuideoidh an Chomhairle Ghinearálta leis na hullmhúcháin is gá chun rátaí malairte airgeadraí na mBallstát go maolú a shocrú go neamh-inchúlghairthe in aghaidh an euro dá dtagraítear in Airteagal III-198(3) den Bhunreacht.

4.   Cuirfidh Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh an Chomhairle Ghinearálta ar an eolas faoi chinntí na Comhairle Rialaithe.

Airteagal 47

Forálacha idirthréimhseacha maidir le caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh

I gcomhréir le hAirteagal 29, sannfar ualú sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh do gach banc ceannais náisiúnta. De mhaolú ar Airteagal 28(3), ní íocfaidh bainc cheannais na mBallstát go maolú a gcaipiteal suibscríofa mura gcinnfidh an Chomhairle Ghinearálta, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe atá in ionannas le dhá thrian ar a laghad de chaipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus leath na scairshealbhóirí ar a laghad, go gcaithfear céatadán íosta a íoc mar ranníocaíocht le haghaidh chostais oibríochtúla an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal 48

Íocaíocht iarchurtha chaipiteal, chúlchistí agus sholáthairtí an Bhainc Cheannais Eorpaigh

1.   Déanfaidh banc ceannais Ballstáit a bhfuil a mhaolú aisghairthe a scair shuibscríofa de chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh a íoc go feadh an mhéid atá íoctha ag bainc cheannais na mBallstát eile a bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus aistreoidh sé chuig an mBanc Ceannais Eorpach sócmhainní cúlchistí eachtracha i gcomhréir le hAirteagal 30(1). Cinnfear an tsuim atá le haistriú tríd an euro-luach ag rátaí reatha malairte shócmhainní na gcúlchistí eachtracha a aistríodh cheana chuig an mBanc Ceannais Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 30(1) a iolrú faoin gcóimheas idir líon na scaireanna arna suibscríobh ag an mbanc ceannais náisiúnta i dtrácht agus líon na scaireanna atá íoctha cheana ag na bainc cheannais náisiúnta eile.

2.   I dteannta na híocaíochta a bheidh le déanamh i gcomhréir le mír 1, rannchuideoidh an banc ceannais náisiúnta i dtrácht le cúlchistí an Bhainc Cheannais Eorpaigh, leis na soláthairtí sin is comhionann le cúlchistí, agus leis an méid atá fós le leithghabháil leis na cúlchistí agus na soláthairtí i gcomhréir leis an gcomhardú sa chuntas brábúis agus caillteanais amhail an 31 Nollaig den bhliain roimh an maolú a aisghairm. Cinnfear an tsuim atá le rannchuidiú trí mhéid na gcúlchistí, mar atá sé sainithe thuas agus mar atá sé luaite i gclár comhardaithe formheasta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, a iolrú faoin gcóimheas idir líon na scaireanna arna suibscríobh ag an mbanc ceannais i dtrácht agus líon na scaireanna atá íoctha cheana ag na bainc cheannais eile.

3.   Ar Stát amháin nó níos mó a theacht chun bheith ina mBallstáit agus a mbainc cheannais náisiúnta faoi seach a theacht chun bheith ina gcuid den Chóras Eorpach Banc Ceannais, déanfar caipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus an teorainn ar mhéid na gcúlsócmhainní eachtracha is féidir a aistriú chuig an mBanc Ceannais Eorpach a mhéadú go huathoibríoch. Cinnfear an méadú trí na méideanna atá ann faoi seach a iolrú faoin gcóimheas, laistigh den scála méadaithe caipitil, idir ualú na mbanc ceannais náisiúnta i dtrácht atá ag teacht isteach agus ualú na mbanc ceannais náisiúnta atá cheana ina gcomhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais. Déanfar ualú gach bainc cheannais náisiúnta sa scála caipitil a ríomh de réir analaí le hAirteagal 29(1) agus i gcomhréir le hAirteagal 29(2). Is ionann na tréimhsí tagartha do na sonraí staidrimh agus na tréimhsí tagartha arna gcur i bhfeidhm ar an gcoigeartú cúigbhliantúil is déanaí do na hualuithe faoi Airteagal 29(3).

Airteagal 49

Maolú ar Airteagal 32

1.   Má chinneann an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis thús an tríú céim, go leanann athruithe sonraíocha ar riochtaí coibhneasta ioncaim na mbanc ceannais náisiúnta as cur i bhfeidhm Airteagal 32, déanfar méid an ioncaim a bheidh le cionroinnt de bhun Airteagal 32 a laghdú céatadán comhionann nach mó ná 60 % sa chéad bhliain airgeadais tar éis thús an tríú céim agus a laghdófar dhá phointe dhéag céatadáin ar a laghad gach bliain airgeadais ina dhiaidh sin.

2.   Beidh mír 1 infheidhme ar feadh cúig bliana iomlána airgeadais ar a mhéad tar éis thús an tríú céim.

Airteagal 50

Malartú nótaí bainc in airgeadraí na mBallstát

Tar éis na rátaí malairte a shocrú go neamh-inchúlghairthe i gcomhréir le hAirteagal III-198(3) den Bhunreacht, glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc arna n-ainmniú in airgeadraí na mBallstát le rátaí malairte atá socraithe go neamh-inchúlghairthe a mhalartú ar a luachanna pair faoi seach.

Airteagal 51

Infheidhmeacht na bhforálacha idirthréimhseacha

Má tá agus fad a bheidh Ballstáit go maolú ann, beidh Airteagail 42 go 47 infheidhme.

5.   

PRÓTACAL AR REACHT AN BHAINC EORPAIGH INFHEISTÍOCHTA

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta dá bhforáiltear in Airteagal III-393 den Bhunreacht a chinneadh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:

Airteagal 1

Comhdhéantar leis seo an Banc Eorpach Infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal III-393 den Bhunreacht (dá ngairtear an ‘Banc’ anseo feasta); comhlíonfaidh sé a fheidhmeanna agus déanfaidh sé a ghníomhaíochtaí de réir fhorálacha an Bhunreachta agus an Reachta seo.

Airteagal 2

Sainítear le hAirteagal III-394 den Bhunreacht an cúram a bheidh ar an mBanc.

Airteagal 3

I gcomhréir le hAirteagal III-393 den Bhunreacht, is iad na Ballstáit comhaltaí an Bhainc.

Airteagal 4

1.   Is é is caipiteal don Bhanc 163 653 737 000 euro, arna shuibscríobh ag na Ballstáit mar a leanas:

An Ghearmáin

26 649 532 500

An Fhrainc

26 649 532 500

An Iodáil

26 649 532 500

An Ríocht Aontaithe

26 649 532 500

An Spáinn

15 989 719 500

An Bheilg

7 387 065 000

An Ísiltír

7 387 065 000

An tSualainn

4 900 585 500

An Danmhairg

3 740 283 000

An Ostair

3 666 973 500

An Pholainn

3 411 263 500

An Fhionlainn

2 106 816 000

An Ghréig

2 003 725 500

An Phortaingéil

1 291 287 000

Poblacht na Seice

1 258 785 500

An Ungáir

1 190 868 500

Éire

935 070 000

An tSlóvaic

428 490 500

An tSlóivéin

397 815 000

An Liotuáin

249 617 500

Lucsamburg

187 015 500

An Chipir

183 382 000

An Laitvia

152 335 000

An Eastóin

117 640 000

Málta

69 804 000

Ní bheidh na Ballstáit faoi dhliteanas ach amháin go feadh méid a scaire den chaipiteal a suibscríobhadh agus nár íocadh.

2.   Má ligtear isteach comhalta nua bhéarfaidh sin méadú ar an gcaipiteal suibscríofa i gcomhréir lena dtabharfaidh an comhalta nua de chaipiteal isteach.

3.   Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, a chinneadh go méadófar an caipiteal suibscríofa.

4.   Ní féidir scair comhalta sa chaipiteal suibscríofa a aistriú, a chur i ngeall ná a astú.

Airteagal 5

1.   Íocfaidh na Ballstáit an caipiteal suibscríofa go feadh 5 % ar mheán na méideanna atá leagtha síos in Airteagal 4(1).

2.   I gcás méadú a theacht ar an gcaipiteal suibscríofa, socróidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, an céatadán atá le híoc agus modh a íoctha. Déanfar na híocaíochtaí in airgead tirim go heisiach in euro.

3.   Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí a cheangal go ndéanfar iarmhéid an chaipitil shuibscríofa a íoc, a mhéad is gá don Bhanc chun freastal dá oibleagáidí.

An íocaíocht a bheidh le déanamh amhlaidh ag gach Ballstát, beidh sí i gcomhréir lena scair den chaipiteal suibscríofa.

Airteagal 6

Beidh an Banc á stiúradh agus á bhainistiú ag Bord Gobharnóirí, Bord Stiúrthóirí agus Coiste Bainistíochta.

Airteagal 7

1.   Is iad a bheidh ar an mBord Gobharnóirí na hAirí a bheidh ceaptha ag na Ballstáit.

2.   Leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos treoracha ginearálta do bheartas creidmheasa an Bhainc, i gcomhréir le cuspóirí an Aontais.

Féachfaidh an Bord Gobharnóirí chuige go gcuirfear na treoracha sin i ngníomh.

3.   Ina theannta sin déanfaidh an Bord Gobharnóirí mar a leanas:

(a)

cinnfidh sé an bhfuil an caipiteal suibscríofa le méadú de réir Airteagal 4(3) agus Airteagal 5(2);

(b)

chun críocha Airteagal 9(1), cinnfidh sé na prionsabail is infheidhme ar na hoibríochtaí um maoiniú arna ngabháil ar láimh faoi chuimsiú chúram an Bhainc;

(c)

feidhmeoidh sé na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 9 agus 11 maidir le comhaltaí den Bhord Stiúrthóirí agus den Choiste Bainistíochta a cheapadh agus lena scor go héigeantach, mar aon leis na cumhachtaí dá bhforáiltear sa dara fomhír d'Airteagal 11(1);

(d)

glacfaidh sé cinntí maidir le maoiniú a dheonú le haghaidh oibríochtaí infheistíochta atá le cur i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, lasmuigh de chríocha na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 16(1);

(e)

formheasfaidh sé tuarascáil bhliantúil an Bhoird Stiúrthóirí;

(f)

formheasfaidh sé an clár comhardaithe bliantúil maille leis an gcuntas sochair agus dochair;

(g)

formheasfaidh sé Rialacha Nós Imeachta an Bhainc;

(h)

feidhmeoidh sé na cumhachtaí agus na feidhmeanna arna dtabhairt leis an Reacht seo.

4.   Faoi chuimsiú an Bhunreachta agus an Reachta seo, féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, aon chinntí a ghlacadh a bhaineann le fionraí oibríochtaí an Bhainc agus, dá dtarlódh sin, lena leachtú.

Airteagal 8

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, is trí thromlach dá chomhaltaí a dhéanfaidh an Bord Gobharnóirí cinntí. Ní mór an tromlach sin a bheith in ionannas le 50 % ar a laghad den chaipiteal suibscríofa.

Is gá ocht vóta dhéag agus 68 % den chaipiteal suibscríofa ina fhabhar do thromlach cáilithe.

2.   Ní chuirfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a gceann cosc ar chinntí a ghlacadh.

Airteagal 9

1.   Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí cinntí maidir le maoiniú a dheonú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí, agus maidir le hiasachtaí a chruinniú; socróidh sé na rátaí úis ar iasachtaí a dheonófar agus an coimisiún agus muirir eile. Féadfaidh sé cuid dá fheidhmeanna a tharmligean chuig an mBord Bainistíochta ar bhonn cinneadh arna ghlacadh trí thromlach cáilithe. Cinnfidh sé na téarmaí agus na coinníollacha do tharmligean den sórt sin agus maoirseoidh sé a fhorghníomhú.

Féachfaidh an Bord Gobharnóirí chuige go bhfuil an Banc á rith mar is cuí; áiritheoidh sé go bhfuil an Banc á bhainistiú i gcomhréir leis an mBunreacht, leis an Reacht seo agus leis na treoracha ginearálta a leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos.

I ndeireadh na bliana airgeadais, cuirfidh an Bord Stiúrthóirí tuarascáil faoi bhráid an Bhoird Gobharnóirí agus foilseoidh sé í tar éis a formheasta.

2.   Sé stiúrthóir is fiche agus sé mhalartach déag a bheidh ar an mBord Stiúrthóirí.

Déanfaidh an Bord Gobharnóirí na stiúrthóirí a cheapadh go ceann cúig bliana, stiúrthóir amháin arna ainmniú ag gach Ballstát. Ainmneoidh an Coimisiún stiúrthóir amháin freisin.

Déanfaidh an Bord Gobharnóirí na stiúrthóirí malartacha a cheapadh go ceann cúig bliana, mar a thaispeántar thíos:

beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine,

beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht na Fraince,

beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht na hIodáile,

beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,

malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Spáinne agus ag Poblacht na Portaingéile,

malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Beilge, ag Ard-Diúcacht Lucsamburg agus ag Ríocht na hÍsiltíre,

malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Danmhairge, ag an bPoblacht Heilléanach agus ag Éirinn,

malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Poblacht na hOstaire, ag Poblacht na Fionlainne agus ag Ríocht na Sualainne,

triúr malartach arna n-ainmniú de thoil a chéile ag Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine agus Poblacht na Slóvaice,

malartach amháin arna ainmniú ag an gCoimisiún.

Comhthoghfaidh an Bórd Stiúrthóirí seisear saineolaithe gan ceart vótála: triúr mar chomhaltaí agus triúr mar mhalartaigh.

Féadfar ceapacháin na stiúrthóirí agus na malartach a athnuachan.

Leagfaidh na Rialacha Nós Imeachta síos na socruithe maidir le bheith rannpháirteach i gcruinnithe den Bhord Stiúrthóirí agus na forálacha is infheidhme ar mhalartaigh agus ar shaineolaithe arna gcomhthoghadh.

Beidh Uachtarán an Choiste Bainistíochta nó, má bhíonn sé as láthair, duine dá Leasuachtaráin, i gceannas ar chruinnithe an Bhoird Stiúrthóirí, ach ní vótálfaidh sé.

Roghnófar comhaltaí an Bhoird Stiúrthóirí as daoine nach bhfuil a neamhspleáchas ná a n-inniúlacht inchurtha in amhras. Ní bheidh siad freagrach ach amháin don Bhanc.

3.   Ní fhéadfaidh an Bord Gobharnóirí stiúrthóir a scor go héigeantach ach amháin sa chás nach bhfuil na coinníollacha is gá chun a dhualgais a dhéanamh á gcomhlíonadh aige a thuilleadh; ní foláir don Bhord gníomhú trí thromlach cáilithe.

Mura dtugtar formheas ar an tuarascáil bhliantúil, éireoidh an Bord Stiúrthóirí as oifig.

4.   Aon fholúntas a tharlóidh trí bhás comhalta, nó trína éirí as oifig dá dheoin féin, nó trína éirí as go héigeantach, nó trí chomhaltaí d'éirí as d'aon bhuíon, líonfar é de réir mhír 2. Ach amháin i gcás an Bord Stiúrthóirí ar fad a athrú, gabhfar ionad comhalta go ceann a bhfuil fágtha dá théarma oifige.

5.   Cinnfidh an Bord Gobharnóirí luach saothair chomhaltaí an Bhoird Stiúrthóirí. Leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos cad iad na gníomhaíochtaí nach luíonn le dualgais stiúrthóra nó malartaigh.

Airteagal 10

1.   Beidh vóta amháin ag gach stiúrthóir ar an mBord Stiúrthóirí. Féadfaidh sé a vóta a tharmligean i ngach cás, de réir nósanna imeachta a leagfar síos le Rialacha Nós Imeachta an Bhainc.

2.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, is le trian ar a laghad de na comhaltaí atá i dteideal vótála, iad in ionannas le 50 % ar a laghad den chaipiteal suibscríofa, a ghlacfaidh an Bord Stiúrthóirí cinntí. Is gá ocht vóta dhéag agus 78 % den chaipiteal suibscríofa ina fhabhar do thromlach cáilithe. Leagfar síos i Rialacha Nós Imeachta an Bhainc cé mhéad comhalta den Bhord Stiúrthóirí is córam chun go nglacfar cinntí.

Airteagal 11

1.   Beidh ar an gCoiste Bainistíochta Uachtarán agus ochtar Leasuachtarán arna gceapadh go ceann sé bliana ag an mBord Gobharnóirí ar thogra ón mBord Stiúrthóirí. Féadfar a gceapacháin a athnuachan.

Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, líon na gcomhaltaí ar an gCoiste Bainistíochta a athrú.

2.   Ar thogra ón mBord Stiúrthóirí arna ghlacadh trí thromlach cáilithe, féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, comhalta den Choiste Bainistíochta a scor go héigeantach.

3.   Beidh an Coiste Bainistíochta freagrach i ngnóthaí reatha an Bhainc, faoi údarás an Uachtaráin agus faoi mhaoirseacht an Bhoird Stiúrthóirí.

Ullmhóidh sé cinntí an Bhoird Stiúrthóirí, lena n-áirítear cinntí i dtaobh iasachtaí a chruinniú agus maoiniú a dheonú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí. Féachfaidh sé chuige go gcuirfear na cinntí sin i ngníomh.

4.   Glacfaidh an Coiste Bainistíochta, ag gníomhú dó trí thromlach, tuairimí ar thograí chun iasachtaí a chruinniú nó maoiniú a dheonú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí.

5.   Cinnfidh an Bord Gobharnóirí luach saothair chomhaltaí an Choiste Bainistíochta agus leagfaidh sé síos cad iad na gníomhaíochtaí nach luíonn lena ndualgais.

6.   Feidhmeoidh an tUachtarán nó, mura féidir dó é, Leasuachtarán, ar son an Bhainc in ábhair dhlíthiúla agus in ábhair eile.

7.   Beidh foireann an Bhainc faoi údarás an Uachtaráin. Is é a fhostóidh agus a scoirfidh iad. Agus foireann á roghnú, ní hamháin go gcuirfear san áireamh cumas agus cáilíochtaí pearsanta ach ina theannta sin cuirfear san áireamh ionadaíocht chothromasach náisiúnach na mBallstát. Cinnfidh na Rialacha Nós Imeachta cad é an comhlacht is inniúil chun forálacha is infheidhme ar an bhfoireann a ghlacadh.

8.   Ní bheidh Coiste Bainistíochta agus foireann an Bhainc freagrach ach don Bhanc amháin agus beidh siad neamhspleách ar fad i gcomhlíonadh a ndualgas.

Airteagal 12

1.   Déanfaidh Coiste ar a mbeidh sé chomhalta, arna gceapadh ag an mBord Gobharnóirí ar bhonn a n-inniúlachta, a fhíorú go gcomhlíonann gníomhaíochtaí an Bhainc dea-chleachtas baincéireachta agus beidh sé freagrach as a chuntais a iniúchadh.

2.   Déanfaidh an Coiste dá dtagraítear i mír 1 a chinntiú gach bliain gur seoladh oibríochtaí an Bhainc agus gur coimeádadh a leabhair ar mhodh cuí. Chuige sin, fíoróidh sé go ndearnadh oibríochtaí an Bhainc a sheoladh ar cothrom leis na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Reacht agus sna Rialacha Nós Imeachta.

3.   Daingneoidh an Coiste dá dtagraítear i mír 1 go dtugann na ráitis airgeadais mar aon le gach faisnéis airgeadais eile dá bhfuil sna cuntais bhliantúla arna dtarraingt suas ag an mBord Stiúrthóirí léargas fíorcheart ar riocht airgeadais an Bhainc i dtaca lena shochair agus a dhochair, agus ar thorthaí a chuid oibríochtaí agus a shreabhthaí airgid thirim don bhliain airgeadais faoi bhreithniú.

4.   Sonróidh na Rialacha Nós Imeachta na cáilíochtaí atá riachtanach do chomhaltaí an Choiste and leagfaidh sé síos na téarmaí agus na coinníollacha do ghníomhaíocht an Choiste.

Airteagal 13

Déileálfaidh an Banc le gach Ballstát tríd an údarás a bheidh ceaptha ag an Stát sin. Ag seoladh a oibríochtaí airgeadais dó, rachaidh an Banc ar iontaoibh bhanc cheannais náisiúnta an Bhallstáit i dtrácht nó institiúidí eile airgeadais a bheidh formheasta ag an Stát sin.

Airteagal 14

1.   Comhoibreoidh an Banc le gach eagraíocht idirnáisiúnta atá gníomhach i réimsí atá cosúil lena chuid réimsí féin.

2.   Féachfaidh an Banc le gach comhtheagmháil chuí a bhunú ar mhaithe leis an gcomhoibriú le hinstitiúidí baincéireachta agus airgeadais sna tíortha a sroicheann a oibríochtaí chucu.

Airteagal 15

Arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Choimisiún, nó uaidh féin, déanfaidh an Bord Gobharnóirí, de réir na gcoinníollacha céanna a bhain lena nglacadh, na treoracha a bheidh leagtha síos aige faoi Airteagal 7 a léiriú nó a fhorlíonadh.

Airteagal 16

1.   Faoi chuimsiú an chúraim atá leagtha amach in Airteagal III-394 den Bhunreacht, deonóidh an Banc maoiniú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí dá chomhaltaí nó do ghnóthais phríobháideacha nó phoiblí le haghaidh infheistíochta a bheidh le cur in éifeacht i gcríocha Ballstát, sa mhéid nach bhfuil cistí le fáil ó fhoinsí eile ar théarmaí réasúnta.

Ach trí chinneadh ón mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe ar thogra ón mBord Stiúrthóirí, féadfaidh an Banc maoiniú a dheonú le haghaidh infheistíochta a bheidh le cur in éifeacht, go hiomlán nó go páirteach, lasmuigh de chríocha Ballstát.

2.   Chomh fada agus is féidir, ní dheonófar iasachtaí ach ar an gcoinníoll go n-úsáidtear foinsí eile airgeadais freisin.

3.   Nuair a bheidh iasacht á deonú aige do ghnóthas nó do chomhlacht seachas Ballstát, cuirfidh an Banc de choinníoll leis an iasacht sin go bhfaighfear ráthaíocht ón mBallstát ar ina chríoch atá an infheistíocht le cur in éifeacht nó go bhfaighfear ráthaíochtaí leormhaithe nó go mbeidh láidreacht airgeadais ag an bhféichiúnaí.

Fairis sin, i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an mBord Gobharnóirí de bhun Airteagal 7(3)(b), agus nuair is gá sin chun na tionscadail dá bhforáiltear in Airteagal III-394 den Bhunreacht a chur chun feidhme, socróidh an Bord Stiúrthóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, téarmaí agus coinníollacha aon oibríochta um maoiniú a bhfuil próifíl riosca shonrach ag gabháil léi agus a mheastar mar sin mar ghníomhaíocht speisialta.

4.   Féadfaidh an Banc iasachtaí a ráthú a thógfaidh gnóthais phoiblí nó phríobháideacha nó a thógfaidh comhlachtaí eile chun tionscadail dá bhforáiltear in Airteagal III-394 den Bhunreacht a chur in éifeacht.

5.   An méid comhiomlán a bheidh amuigh tráth ar bith d'iasachtaí agus de ráthaíochtaí ón mBanc, ní mó é ná 250 % dá chaipiteal suibscríofa, dá chúlchistí, dá sholáthairtí neamhchionroinnte agus den bharrachas ón gcuntas brabúis agus caillteanais. Laghdófar an méid comhiomlán sin méid is ionann agus an méid atá suibscríofa, bíodh nó ná bíodh sé íoctha isteach, i gcomhair aon rannpháirtíochta cothromais de chuid an Bhainc.

Méid na rannpháirtíochtaí cothromais de chuid an Bhainc atá íoctha amach, ní mó é tráth ar bith ná méid is comhfhreagrach le hiomlán a chaipitil shuibscríofa atá íoctha isteach, a chúlchistí, a sholáthairtí neamhchionroinnte agus bharrachas a chuntais brabúis agus caillteanais.

Mar eisceacht, beidh ag gníomhaíochtaí speisialta an Bhainc, mar a bheidh arna gcinneadh ag an mBord Gobharnóirí agus ag an mBord Stiúrthóirí i gcomhréir le mír 3, cionroinnt shonrach cúlchiste.

Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le cuntais chomhdhlúite an Bhainc.

6.   Cosnóidh an Banc é féin in aghaidh rioscaí malairte trí cibé clásail is cuí leis a chur isteach i gconarthaí le haghaidh iasachtaí agus ráthaíochtaí.

Airteagal 17

1.   Déanfar na rátaí úis ar iasachtaí ón mBanc agus an coimisiún agus muirir eile a oiriúnú do na coinníollacha atá i dtreis ar mhargadh an chaipitil agus iad a ríomh ar dhóigh go gcuirfidh an t-ioncam astu ar chumas an Bhainc freastal dá oibleagáidí, a chaiteachais agus a rioscaí a ghlanadh agus cúlchiste a thiomargadh mar a fhoráiltear in Airteagal 22.

2.   Ní dheonóidh an Banc aon laghdú ar rátaí úis. I gcás inar cosúil gur mhaith an rud é an t-ús a laghdú mar gheall ar an saghas infheistíochta atá le maoiniú, féadfaidh an Ballstát atá i gceist nó gníomhaireacht éigin eile cabhair a thabhairt chun íoctha an úis, sa mhéid go luífidh sin le hAirteagal III-167 den Bhunreacht.

Airteagal 18

Ina oibríochtaí i ndáil le maoiniú, urramóidh an Banc na prionsabail seo a leanas:

1.

Áiritheóidh sé úsáid a chistí ar an gcuma is réasúnaí is féidir ar mhaithe le leasanna an Aontais.

Ní fhéadfaidh sé iasachtaí ná ráthaíochtaí a thabhairt ach amháin:

(a)

más rud é, i gcás infheistíochtaí atá á gcur in éifeacht ag gnóthais in earnáil an táirgthe, go bhfuil íocaíochtaí in aghaidh úis agus amúchta á gcumhdach as brabúis oibriúcháin nó, i gcás infheistíochtaí eile, trí oibleagáidí faoina ndeachaigh an Stát a bhfuil an infheistíocht á cur in éifeacht ann nó ar mhodh éigin eile; agus,

(b)

más rud é go gcuidíonn feidhmiú na hinfheistíochta le méadú ar an táirgiúlacht eacnamaíoch i gcoitinne agus go gcuireann sé bunú nó oibriú an mhargaidh inmheánaigh chun cinn.

2.

Ní bhfaighidh sé aon leas i ngnóthas ná ní ghabhfaidh sé aon fhreagracht ina bhainistíocht, mura gá sin le go gcosnófaí cearta an Bhainc chun a áirithiú go bhfaighfear ar ais cistí a tugadh ar iasacht.

Ar a shon sin, i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an mBord Gobharnóirí de bhun Airteagal 7(3)(b), agus nuair is gá sin chun na hoibríochtaí dá bhforáiltear in Airteagal III-394 den Bhunreacht a chur chun feidhme, socróidh an Bord Stiúrthóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht chothromais a ghlacadh i ngnóthas tráchtála, de ghnáth mar chomhlánú ar iasacht nó ráthaíocht, a mhéad is gá sin chun infheistíocht nó clár a mhaoiniú.

3.

Féadfaidh sé a chuid éileamh a dhíol ar an margadh caipitil agus, chun na críche sin, féadfaidh sé a cheangal ar a fhéichiúnaithe bannaí nó urrúis eile a eisiúint.

4.

Ní fhorchuirfidh an Banc ná na Ballstáit coinníollacha á cheangal cistí a fuarthas ar iasacht ón mBanc a chaitheamh i gcríoch Ballstáit shonraithe.

5.

Féadfaidh an Banc é a chur de choinníoll le hiasachtaí uaidh go ndéanfar socrú le haghaidh iarraidh idirnáisiúnta ar thairiscintí.

6.

Ní mhaoineoidh an Banc, go hiomlán ná go páirteach, aon infheistíocht a bhfuil cur ina choinne ag an mBallstát ar ina chríoch atá sé le cur in éifeacht.

7.

Mar chomhlánú ar a ghníomhaíocht um iasachtú, féadfaidh an Banc seirbhísí cabhrach teicniúla a chur ar fáil i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha arna leagan síos ag an mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, agus i gcomhréir leis an Reacht seo.

Airteagal 19

1.   Féadfaidh aon ghnóthas, nó aon eagras poiblí nó príobháideach, iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh go díreach chun an Bhainc. Féadfar iarratais a dhéanamh freisin tríd an gCoimisiún nó tríd an mBallstát ar ina chríoch atá an infheistíocht le cur in éifeacht.

2.   Iarratais a dhéanfar tríd an gCoimisiún, cuirfear iad faoi bhráid an Bhallstáit ar ina chríoch atá an infheistíocht le cur in éifeacht, d'fhonn tuairim a fháil. Iarratais a dhéanfar trí Bhallstát, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad le tuairim a fháil. Iarratais a dhéanfaidh gnóthas go díreach, cuirfear iad faoi bhráid an Bhallstáit i dtrácht agus faoi bhráid an Choimisiúin.

Tabharfaidh an Ballstát i dtrácht agus an Coimisiún a dtuairimí laistigh de dhá mhí. Mura bhfaighfear freagra laistigh den tréimhse sin, féadfaidh an Banc glacadh leis nach bhfuil aon chur i gcoinne na hinfheistíochta i gceist.

3.   Tabharfaidh an Bord Stiúrthóirí rialú ar oibríochtaí maoinithe a chuirfidh an Coiste Bainistíochta faoina bhráid.

4.   Scrúdóidh an Coiste Bainistíochta na hoibríochtaí um maoiniú a cuireadh faoina bhráid féachaint an gcomhlíonann siad forálacha an Reachta seo, go háirithe Airteagail 16 agus 18. Má bhíonn an Coiste Bainistíochta i bhfabhar na hoibríochta maoinithe, cuirfidh sé an togra comhfhreagrach faoi bhráid an Bhoird Stiúrthóirí. Féadfaidh an Coiste cibé coinníollacha is fíor-riachtanach leis a chur lena thuairim fhabhrach. Má bhíonn an Coiste Bainistíochta in aghaidh an maoiniú a dheonú, cuirfidh sé na doiciméid iomchuí faoi bhráid an Bhoird Stiúrthóirí mar aon lena thuairim.

5.   Má thugann an Coiste Bainistíochta tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an maoiniú áirithe a dheonú mura gcinnfidh sé é sin d'aon toil.

6.   Má thugann an Coimisiún tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an maoiniú áirithe a dheonú mura gcinnfidh sé é sin d'aon toil, gan an stiúrthóir a bheidh ainmnithe ag an gCoimisiún a bheith páirteach sa vótáil.

7.   Má thugann an Coiste Bainistíochta agus an Coimisiún araon tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an maoiniú a dheonú.

8.   Más gá oibríocht um maoiniú a bhaineann le hinfheistíocht fhormheasta a athstruchtúrú chun cearta agus leasanna an Bhainc a chosaint, glacfaidh an Coiste Bainistíochta gan mhoill na bearta éigeandála a mheasann sé is gá, faoi réir an Bord Stiúrthóirí a chur ar an eolas faoi láithreach.

Airteagal 20

1.   Gheobhaidh an Banc ar iasacht ar na margaí caipitil na cistí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh.

2.   Féadfaidh an Banc iasachtaí a fháil ar mhargaí caipitil na mBallstát, de réir na bhforálacha dlíthiúla a bhaineann leis na margaí sin.

Ní fhéadfaidh údaráis inniúla Ballstáit go maolú de réir bhrí Airteagal III-197(1) den Bhunreacht cur ina choinne sin ach amháin nuair is baolach suaitheadh tromchúiseach a theacht ar mhargadh caipitil an Stáit sin.

Airteagal 21

1.   Féadfaidh an Banc aon chistí dá chuid atá ar fáil agus nach bhfuil de dhíth air láithreach chun freastal dá oibleagáidí a úsáid mar a leanas:

(a)

féadfaidh sé infheistiú ar na margaí airgid;

(b)

féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha Airteagal 18(2), urrúis a cheannach agus a dhíol;

(c)

féadfaidh sé aon oibríochtaí eile airgeadais a bhfuil baint acu lena chuspóirí a dhéanamh.

2.   Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 23, ní dhéanfaidh an Banc, ag bainistiú a infheistíochtaí dó, páirt a ghabháil in aon arbatráiste airgeadra nach gá go díreach chun a oibríochtaí iasachtaithe a chur i gcrích nó chun oibleagáidí a chomhall a d'éirigh as iasachtaí a thóg sé nó as ráthaíochtaí a thug sé.

3.   Sna réimeanna atá faoi thrácht san Airteagal seo, gníomhóidh an Banc i gcomhaontacht le húdaráis inniúla nó le banc cheannais náisiúnta an Bhallstáit atá i gceist.

Airteagal 22

1.   Déanfar cúlchiste go feadh deich faoin gcéad den chaipiteal suibscríofa a thiomargadh go comhleanúnach. Má bhíonn call leis mar gheall ar an staid ina bhfuil dliteanais an Bhainc, féadfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh ar chúlchistí breise a chur ar bun. Go dtí go mbeidh an cúlchiste tiomargtha go hiomlán, cothófar é:

(a)

le hús a fuarthas ar iasachtaí a dheonaigh an Banc as suimeanna is iníoctha ag na Ballstáit de bhun Airteagal 5;

(b)

le hús a fuarthas ar iasachtaí a dheonaigh an Banc as cistí a fuarthas de thoradh aisíoc na n-iasachtaí dá dtagraítear i bpointe (a),

sa mhéid nach bhfuil an t-ioncam sin ag teastáil faoi chomhair oibleagáidí an Bhainc nó chun a chaiteachais a íoc.

2.   Déanfar acmhainní an chúlchiste a infheistiú ar dhóigh go mbeidh siad ar fáil tráth ar bith faoi chomhair chuspóir an chiste.

Airteagal 23

1.   Beidh teideal ag an mBanc gach tráth a shócmhainní a aistriú isteach in airgeadra Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, chun oibríochtaí airgeadais a chur i gcrích a fhreagraíonn don chúram atá leagtha amach in Airteagal III-394 den Bhunreacht ag cur forálacha Airteagal 21 den Reacht seo san áireamh. Seachnóidh an Banc, oiread agus is féidir, aistriú dá leithéid sin, má bhíonn airgead tirim nó sócmhainní leachtacha aige san airgeadra atá ag teastáil.

2.   Ní fhéadfaidh an Banc a shócmhainní in airgeadra Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra aige a shóinseáil go hairgeadra tríú tír, gan comhaontú an Bhallstáit sin.

3.   Féadfaidh an Banc úsáid a dhéanamh gan bhac den chuid sin dá chaipiteal atá íoctha, agus d'aon airgeadra a fuarthas ar iasacht lasmuigh den Aontas.

4.   Gabhann na Ballstáit orthu féin go gcuirfidh siad ar fáil d'fhéichiúnaithe an Bhainc an t-airgeadra is gá chun aisíoctha an chaipitil agus chun íoctha an úis ar iasachtaí nó an choimisiúin ar ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an mBanc le haghaidh infheistíochtaí atá le cur in éifeacht ina gcríoch.

Airteagal 24

Mura bhfreastalóidh Ballstát dá oibleagáidí mar chomhalta de dhroim an Reachta seo, agus go háirithe an oibleagáid chun a scair den chaipiteal suibscríofa a íoc, a iasachtaí speisialta a dheonú nó na hiasachtaí a fuair sé a sheirbhísiú, féadfar deonú iasachtaí nó ráthaíochtaí don Bhallstát sin nó dá náisiúnaigh a fhionraí le cinneadh ón mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe.

Ní shaorfaidh an cinneadh sin an Ballstát ná a náisiúnaigh óna n-oibleagáidí i leith an Bhainc.

Airteagal 25

1.   Má chinneann an Bord Gobharnóirí oibríochtaí an Bhainc a fhionraí, stadfaidh a ghníomhaíochtaí uile láithreach, ach amháin na cinn is gá chun a áirithiú go ndéanfar a shócmhainní a réadú, a chosaint agus a chaomhnú agus a dhliteanais a shocrú mar is cuí.

2.   I gcás a leachtaithe, ceapfaidh an Bord Gobharnóirí na leachtaitheoirí agus tabharfaidh teagaisc dóibh chun an leachtú a chur in éifeacht. Áiritheoidh sé go ndéanfar cearta bhaill na foirne a chosaint.

Airteagal 26

1.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an mBanc an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoina ndlíthe ag daoine dlítheanacha. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe nó maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

2.   Beidh maoin an Bhainc díolmhaithe ó fhoréileamh nó ó dhíshealbhú de chineál ar bith.

Airteagal 27

1.   Aon díospóidí a tharlóidh idir an Banc ar thaobh amháin, agus a chreidiúnaithe, a fhéichiúnaithe nó duine ar bith eile ar an taobh eile, cinnfidh na cúirteanna náisiúnta inniúla iad, ach amháin mar a bhfuil dlínse tugtha do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh an Banc socrú le haghaidh eadrána a fhoráil in aon chonradh.

2.   Beidh seoladh le haghaidh seirbheála i ngach Ballstát ag an mBanc. Féadfaidh sé, áfach, seoladh áirithe le haghaidh seirbheála a shonrú in aon chonradh.

3.   Ní fhéadfar sócmhainní ná maoin an Bhainc a astú ná iad a urghabháil trí fhorghníomhú ach amháin le cinneadh cúirte.

Airteagal 28

1.   Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, a chinneadh fochomhlachtaí nó entitis eile a bhunú a mbeidh pearsanacht dhlítheanach agus uathriail airgeadais acu.

2.   Bunóidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, Reachtanna na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 a shaineoidh go háirithe a gcuspóirí, a struchtúr, a gcaipiteal, a gcomhaltas, a suíomh, a n-acmhainní airgeadais, a modhanna idirghabhála agus a socruithe iniúchóireachta maille lena ngaol le horgáin an Bhainc.

3.   Féadfaidh an Banc bheith rannpháirteach i mbainistíocht na gcomhlachtaí sin agus ranníocaíocht a dhéanamh i leith a gcaipitil shuibscríofa go feadh méid arna shainiú ag an mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil.

4.   Beidh feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 a mhéad a bheidh siad corpraithe faoi dhlí an Aontais, le comhaltaí a n-orgán i gcomhlíonadh a ndualgas sa cháil sin dóibh agus lena bhfoireann, faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis an mBanc.

Ar a shon sin, na díbhinní, na gnóthachain chaipitiúla nó na saghsanna eile ioncaim a thig ó chomhlachtaí den sórt sin a mbeidh na comhaltaí, seachas an tAontas Eorpach agus an Banc, ina dteideal, fanfaidh siad faoi réir fhorálacha fioscacha na reachtaíochta is infheidhme.

5.   Laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos anseo thíos, beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le bearta arna nglacadh ag orgáin chomhlachta atá corpraithe faoi dhlí an Aontais. Féadfaidh aon chomhalta de chomhlacht den sórt sin ina cháil mar chomhalta nó na Ballstáit imeachtaí i gcoinne bearta den sórt sin a thionscnamh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal III-365 den Bhunreacht.

6.   Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, a chinneadh foireann comhlachtaí atá corpraithe faoi dhlí an Aontais a ligean isteach i scéimeanna comhpháirteacha leis an mBanc, ar cothrom leis an nósanna imeachta inmheánacha faoi seach.

6.   

PRÓTACAL MAIDIR LE SUÍMH INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH AGUS SUÍMH COMHLACHTAÍ, OIFIGÍ, GNÍOMHAIREACHTAÍ AGUS RANNA ÁIRITHE DE CHUID AN AONTAIS EORPAIGH A SHOCRÚ

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG FÉACHAINT d'Airteagal III-432 den Bhunreacht,

AG MEABHRÚ DÓIBH AGUS AG DEIMHNIÚ Chinneadh an 8 Aibreán 1965 agus gan dochar do na cinntí maidir le suíomh institiúidí, comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna a bheidh ann amach anseo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal aonair

1.   Is in Strasbourg a bheidh suíomh Pharlaimint na hEorpa agus is ansin a thionólfar na 12 tréimhse de sheisiúin iomlánacha mhíosúla, lena n-áirítear an seisiún buiséadach. Is sa Bhruiséil a thionólfar na tréimhsí de sheisiúin iomlánacha breise. Tiocfaidh Coistí Pharlaimint na hEorpa le chéile sa Bhruiséil. Fanfaidh Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa agus a cuid ranna i Lucsamburg.

2.   Is sa Bhruiséil a bheidh suíomh na Comhairle. Tionólfar cruinnithe na Comhairle i Lucsamburg i rith Aibreáin, Meithimh agus Deireadh Fómhair.

3.   Is sa Bhruiséil a bheidh suíomh an Choimisiúin. Beidh na ranna atá liostaithe in Airteagail 7, 8 agus 9 de Chinneadh an 8 Aibreán 1965 lonnaithe i Lucsamburg.

4.   Is i Lucsamburg a bheidh suíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

5.   Is in Frankfurt a bheidh suíomh an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

6.   Is i Lucsamburg a bheidh suíomh na Cúirte Iniúchóirí.

7.   Is sa Bhruiséil a bheidh suíomh Choiste na Réigiún.

8.   Is sa Bhruiséil a bheidh suíomh an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta.

9.   Is i Lucsamburg a bheidh suíomh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.

10.   Is sa Háig a bheidh suíomh Europol.

7.   

PRÓTACAL AR PHRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ, de réir Airteagal III-434 den Bhunreacht, go mbeidh ag an Aontas i gcríocha na mBallstát na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chur i gcrích,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

CAIBIDIL I

MAOIN, CISTÍ, SÓCMHAINNÍ AGUSOIBRÍOCHTAÍ AN AONTAIS

Airteagal 1

Beidh áitribh agus foirgnimh an Aontais dosháraithe. Beidh siad díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú. Ní bheidh maoin ná sócmhainní an Aontais ina n-ábhar d'aon bheart comhéigin, riarthach ná dlíthiúil, gan údarás na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 2

Beidh cartlann an Aontais dosháraithe.

Airteagal 3

Beidh an tAontas, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.

Déanfaidh Rialtais na mBallstát, i ngach cás inar féidir é, na bearta is iomchuí chun méid na gcánacha indíreacha nó na gcánacha díolacháin a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe nó dochorraithe a mhaitheamh nó a aisíoc nuair a dhéanann an tAontas, le haghaidh a úsáide oifigiúla, ceannacháin thábhachtacha a bhfuil cánacha den sórt sin ar áireamh ina bpraghas. Ní chuirfear na forálacha sin i bhfeidhm, áfach, ionas go mbeidh de thoradh orthu an iomaíocht laistigh den Aontas a shaobhadh.

Ní dheonófar saoirseacht ar bith i leith muirir, cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí as seirbhísí fóntais phoiblí.

Airteagal 4

Beidh an tAontas saortha ó gach dleacht chustaim, ó gach toirmeasc agus ó gach srian ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí le haghaidh a úsáide oifigiúla. Ní dhéanfar earraí a allmhaireofar amhlaidh a dhiúscairt, ar íocaíocht nó gan íocaíocht, i gcríoch an Stáit ar allmhairíodh isteach ann iad, ach amháin faoi choinníollacha arna bhformheas ag rialtas an Stáit sin.

Beidh an tAontas saortha freisin ó aon dleachtanna custaim agus ó aon toirmisc agus srianta ar allmhairí agus onnmhairí maidir lena bhfoilseacháin.

CAIBIDIL II

CUMARSÁIDÍ AGUS LAISSEZ-PASSER

Airteagal 5

Le haghaidh a gcumarsáidí oifigiúla agus do tharchur a ndoiciméad go léir, gheobhaidh institiúidí an Aontais i gcríoch gach Ballstáit an chóir a thugann an Stát sin do mhisin taidhleoireachta.

Ní bheidh comhfhreagras oifigiúil ná cumarsáidí oifigiúla eile de chuid institiúidí an Aontais inchurtha faoi chinsireacht.

Airteagal 6

Féadfaidh Uachtaráin institiúidí an Aontais laissez-passer i bhfoirm a ordófar le rialachán Eorpach ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, agus a dtabharfaidh údaráis na mBallstát aitheantas dóibh mar dhoiciméid taistil bhailí, a eisiúint chuig comhaltaí agus seirbhísigh na n-institiúidí sin. Eiseofar na laissez-passer sin chuig oifigigh agus seirbhísigh eile faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais.

Féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe a dhéanamh chun na laissez-passer sin a aithint mar dhoiciméid taistil bhailí i gcríocha tríú Stát.

CAIBIDIL III

COMHALTAÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

Airteagal 7

Ní chuirfear aon srian riaracháin ná aon srian eile ar shaorghluaiseacht chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa nó uaidh.

Tabharfar do chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, maidir le custaim agus rialú malairte:

(a)

óna rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha agus iad ag taisteal ar an gcoigrích ar mhisin oifigiúla shealadacha;

(b)

ó rialtais Bhallstát eile, na saoráidí céanna a thugtar d'ionadaithe rialtas eachtrach ar mhisin oifigiúla shealadacha.

Airteagal 8

Ní bheidh comhaltaí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh.

Airteagal 9

Le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, beidh ag a comhaltaí:

(a)

i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bParlaiminte féin;

(b)

i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla.

Bainfidh an díolúine mar an gcéanna le comhaltaí ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa agus uaidh.

Ní féidir díolúine a éileamh nuair a gheofar comhalta i mbun cion a dhéanamh ná ní choiscfidh sí Parlaimint na hEorpa a ceart a fheidhmiú chun díolúine dhuine dá comhaltaí a tharscaoileadh.

CAIBIDIL IV

IONADAITHE BALLSTÁT A GHLACANN PÁIRT IN OBAIR INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS

Airteagal 10

Ionadaithe Ballstát a ghlacann páirt in obair institiúidí an Aontais, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách.

Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le comhaltaí de chomhlachtaí comhairleacha an Aontais.

CAIBIDIL V

OIFIGIGH AGUS SEIRBHÍSIGH EILE AN AONTAIS

Airteagal 11

I gcríoch gach Ballstáit agus is cuma cén náisiúntacht atá acu, i dtaca le hoifigigh agus le seirbhísigh eile an Aontais:

(a)

beidh siad díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa, faoi réir fhorálacha an Bhunreachta a bhaineann, ar thaobh amháin, leis na rialacha i ndáil le freagracht oifigeach agus seirbhíseach eile i leith an Aontais, agus ar an taobh eile, le dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar ábhair atá faoi dhíospóid idir an tAontas agus a oifigigh agus a sheirbhísigh eile. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá n-oifig;

(b)

ní bheidh siad féin ná a gcéilí ná daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh inchurtha faoi shrianta inimirce ná faoi fhoirmiúlachtaí chun eachtrannaigh a chlárú;

(c)

tabharfar dóibh, maidir le rialacháin airgeadra nó mhalairte, na saoráidí céanna is gnách a thabhairt d'oifigigh eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)

beidh acu an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a allmhairiú saor ó dhleacht, ag dul i mbun a bpoist an chéad uair dóibh sa Stát áirithe, agus an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a athonnmhairiú saor ó dhleacht ar chríochnú a ndualgas sa Stát sin, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas an Stáit ina bhfeidhmítear an ceart sin;

(e)

beidh acu an ceart chun gluaisteán le haghaidh a n-úsáide pearsanta féin a allmhairiú saor ó dhleacht, más gluaisteán é a fuarthas sa Stát deiridh ina raibh cónaí orthu nó sa Stát ar náisiúnaigh de iad, ar théarmaí mhargadh baile an Stáit sin, agus é a athonnmhairiú saor ó dhleacht, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas an Stáit áirithe.

Airteagal 12

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais inchurtha faoi cháin, chun tairbhe don Aontas, ar thuarastail, ar phá agus ar éadálacha a íocfaidh an tAontas leo, de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta a leagfar síos le dlí Eorpach. Glacfar an dlí sin tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí i dtrácht.

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais díolmhaithe ó chánacha náisiúnta ar thuarastail, ar phá agus ar éadálacha a íocfaidh an tAontas.

Airteagal 13

Maidir le cáin ioncaim, cáin rachmais agus dleachtanna báis a chur i bhfeidhm agus maidir le coinbhinsiúin chun cánachas dúbailte a sheachaint, a tugadh i gcrích idir Bhallstáit an Aontais, a chur i bhfeidhm, oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais a dhéanann, d'aon toisc mar gheall ar chomhlíonadh a ndualgas i seirbhís an Aontais, áit chónaithe a bhunú i gcríoch Ballstáit seachas a Stát sainchónaithe chun críocha cánach le linn dóibh dul isteach i seirbhís an Aontais, measfar i Stát a gcónaithe iarbhír agus sa Stát sainchónaithe chun críocha cánach, gur chothaigh siad a sainchónaí sa Stát sin is déanaí atá luaite, ar choinníoll gur comhalta den Aontas é. Beidh feidhm ag an bhforáil sin maidir le céile freisin, sa mhéid nach bhfuil an céile sin ag gabháil go leithleach do phost sochair, agus le leanaí atá i gcleithiúnas agus faoi chúram na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal seo.

Beidh maoin shochorraithe le daoine dá dtagraítear sa chéad mhír agus atá i gcríoch an Stáit ina bhfuil siad ag cur fúthu saortha ó dhleachtanna báis sa Stát sin. Measfar, chun an dleacht sin a mheasúnú, an mhaoin sin a bheith sa Stát sainchónaithe chun críocha cánach, faoi réir ceart tríú Stát agus ar an gcuntar go bhféadfadh sé go gcuirfí i bhfeidhm forálacha coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chánachas dúbailte.

Agus forálacha an Airteagail seo á gcur i bhfeidhm, déanfar neamhshuim d'aon sainchónaí a fuarthas d'aon toisc mar gheall ar dhualgais a chomhlíonadh i seirbhís eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Airteagal 14

Leagfar síos i ndlí Eorpach scéim na sochar slándála sóisialta d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais. Glacfar an dlí sin tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí i dtrácht.

Airteagal 15

Cinnfear le dlí Eorpach na haicmí oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid an Aontais a mbeidh feidhm ag Airteagal 11, an dara mír d'Airteagal 12 agus Airteagal 13 maidir leo, go hiomlán nó go páirteach. Glacfar an dlí sin tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí i dtrácht.

Cuirfear ainmneacha, gráid agus seoltaí na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile a áirítear sna haicmí sin in iúl ó am go chéile do rialtais na mBallstát.

CAIBIDIL VI

PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ MHISIN TRÍÚ STÁT ATÁ CREIDIÚNAITHE DON AONTAS

Airteagal 16

Déanfaidh an Ballstát ar ina chríoch atá a shuíomh ag an Aontas na pribhléidí agus na díolúintí taidhleoireachta is gnách a thabhairt do mhisin tríú Stát atá creidiúnaithe don Aontas.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 17

Is chun leas an Aontais agus chuige sin amháin a thabharfar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.

Beidh de cheangal ar gach institiúid de chuid an Aontais an díolúine a tugadh d'oifigeach nó do sheirbhíseach eile a tharscaoileadh aon uair a mheasfaidh an institiúid sin nach bhfuil tarscaoileadh na díolúine sin contrártha le leasanna an Aontais.

Airteagal 18

D'fhonn an Prótacal seo a chur i bhfeidhm, comhoibreoidh institiúidí an Aontais le húdaráis fhreagracha na mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 19

Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 maidir le comhaltaí an Choimisiúin.

Airteagal 20

Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 maidir le Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoirí agus Rapóirtéirí Cúnta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gan dochar do na forálacha sin d'Airteagal 3 den Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla.

Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 freisin maidir le comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí.

Airteagal 21

Beidh feidhm ag an bPrótacal seo freisin maidir leis an mBanc Ceannais Eorpach, le comhaltaí a orgán agus lena fhoireann, gan dochar don Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Beidh an Banc Ceannais Eorpach díolmhaithe ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus a orgán a dhéanfar i gcomhréir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.

Airteagal 22

Beidh feidhm ag an bPrótacal seo freisin maidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, le comhaltaí a orgán, lena fhoireann agus le hionadaithe na mBallstát a ghlacann páirt ina ghníomhaíochtaí, gan dochar don Phrótacal ar Reacht an Bhainc.

Beidh an Banc Eorpach Infheistíochta saortha ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ar an gcuma chéanna, ní thiocfaidh aon mhuirear de dhíscaoileadh ná de leachtú an Bhainc. Ar deireadh thiar, ní bheidh na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Banc agus a chuid orgán de réir a Reachta inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.

8.   

PRÓTACAL MAIDIR LE CONARTHAÍ AGUS IONSTRAIMÍ AONTACHAIS RÍOCHT NA DANMHAIRGE, NA hÉIREANN AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, NA POBLACHTA HEILLÉANAI, RÍOCHT NA SPÁINNE AGUS PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE, AGUS PHOBLACHT NA hOSTAIRE, PHOBLACHT NA FIONLAINNE AGUS RÍOCHT NA SUALAINNE

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH gur aontaigh Ríocht na Danmhairge, Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann do na Comhphobail Eorpacha an 1 Eanáir 1973; gur aontaigh an Phoblacht Heilléanach do na Comhphobail Eorpacha an 1 Eanáir 1981; gur aontaigh Ríocht na Spáinne agus Poblacht na Portaingéile do na Comhphobail Eorpacha an 1 Eanáir 1986; gur aontaigh Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne do na Comhphobail Eorpacha agus don Aontas Eorpach an 1 Eanáir 1995;

DE BHRÍ go bhforáiltear in Airteagal IV-437(2) den Bhunreacht go ndéanfar na Conarthaí a bhaineann leis na haontachais thuasluaite a aisghairm;

DE BHRÍ go leanann forálacha áirithe de na Conarthaí Aontachais sin agus de na hIonstraimí atá i gceangal leo de bheith ábhartha; de bhrí go bhforáiltear in Airteagal IV-437(2) den Bhunreacht nach foláir na forálacha sin a leagan amach i bPrótacal nó nach foláir tagairt dóibh i bPrótacal, chun go bhfanfaidh siad i bhfeidhm agus go gcaomhnófar a n-éifeachtaí dlíthiúla;

DE BHRÍ nach foláir na hoiriúnuithe teicniúla is gá a dhéanamh ar na forálacha sin chun go mbeidh siad ag luí leis an mBunreacht, gan a n-éifeacht dhlíthiúil a athrú;

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

TEIDEAL I

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 1

Na cearta agus na hoibleagáidí a leanann ó na Conarthaí Aontachais dá dtagraítear in Airteagal IV-437(2)(a) go (d) den Bhunreacht, tháinig siad i bhfeidhm faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí sin ar na dátaí seo a leanas:

(a)

an 1 Eanáir 1973 i gcás an Chonartha i dtaobh aontachas Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,

(b)

an 1 Eanáir 1981 i gcás an Chonartha i dtaobh aontachas na Poblachta Heilléanaí,

(c)

an 1 Eanáir 1986 i gcás an Chonartha i dtaobh aontachas Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile,

(d)

an 1 Eanáir 1995 i gcás an Chonartha i dtaobh aontachas Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.

Airteagal 2

1.   Cuirfear de cheangal ar na Ballstáit aontacha, dá dtagraítear in Airteagal 1, aontú do na comhaontuithe nó na coinbhinsiúin a tugadh i gcrích roimh a n-aontachas faoi seach, a mhéad atá na comhaontuithe nó na coinbinsiúin sin fós i bhfeidhm:

(a)

comhaontuithe nó coinbhinsiúin arna dtabhairt i gcrích idir na Ballstáit eile, atá fothaithe ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach nó ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, nó atá doscartha ó ghnóthú chuspóirí na gConarthaí sin, nó a bhaineann le hoibriú na gComhphobal nó an Aontais nó i ndáil lena ngníomhaíochtaí;

(b)

comhaontuithe nó coinbhinsiúin arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit eile, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach leis na Comhphobail Eorpacha, le tríú Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisúnta amháin nó níos mó agus do na comhaontuithe a bhfuil baint acu leis na comhaontuithe nó na coinbhinsiúin sin. Cabhróidh an tAontas agus na Ballstáit eile leis na Ballstáit aontacha, dá dtagraítear in Airteagal 1, ina leith sin.

2.   Glacfaidh na Ballstáit aontacha dá dtagraítear in Airteagal 1 na bearta iomchuí, más gá, chun a seasamh i leith eagraíochtaí idirnáisiúnta agus i leith na gcomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas nó an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó na Ballstáit eile ina bpáirtithe iontu freisin, a oiriúnú do na cearta agus na hoibleagáidí a thig óna n-aontachas leis an Aontas.

Airteagal 3

Na forálacha sin de na hIonstraimí Aontachais, mar atá arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus ag an gCúirt Chéadchéime, arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh, seachas mar bheart idirthréimhseach, gníomhartha a aisghairm nó a leasú a ghlac institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí na gComhphobal Eorpach nó an Aontais Eorpaigh arna mbunú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, fanfaidh siad i bhfeidhm faoi réir an dara mír.

Beidh ag na forálacha dá dtagraítear sa chéad mhír an stádas céanna dlí atá ag na gníomhartha a dhéanann siad a aisghairm nó a leasú agus beidh siad faoi réir na rialacha céanna leis na gníomhartha sin.

Airteagal 4

Amhail ó dháta na n-aontachas faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 1, is téacsanna barántúla, faoi na coinníollacha céanna leis na téacsanna barántúla arna dtarraingt suas sna teangacha eile, téacsanna ghníomhartha institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí na gComhphobal Eorpach nó an Aontais Eorpaigh arna mbunú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, a glacadh roimh na haontachais dá dtagraítear in Airteagal 1 agus a tarraingíodh suas ceann ar cheann ina dhiaidh sin sa Bhéarla agus sa Danmhairgis, sa Ghréigis, sa Spáinnis agus sa Phortaingéilis, agus san Fhionlainnis agus sa tSualainnis.

Airteagal 5

Féadfaidh dlí Eorpach ón gComhairle na forálacha idirthréimhseacha atá leagtha amach sa Phrótacal seo a aisghairm nuair nach mbeidh siad infheidhme a thuilleadh. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

TEIDEAL II

FORÁLACHA ARNA dTÓGÁIL ÓN IONSTRAIM I dTAOBH CHOINNÍOLLACHA AONTACHAIS RÍOCHT NA DANMHAIRGE, NA hÉIREANN AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN

ROINN 1

Forálacha a bhaineann le Giobráltar

Airteagal 6

1.   Gníomhartha na n-institiúidí a bhaineann leis na táirgí in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an mBunreacht agus leis na táirgí a bhíonn, ar iad a allmhairiú isteach san Aontas, faoi réir rialúchán sonrach de dhroim an comhbheartas talmhaíochta a chur i ngníomh, maille leis na gníomhartha a bhaineann le comhchuibhiú reachtaíocht na mBallstát i leith cánacha láimhdeachais, ní bheidh feidhm acu maidir le Giobráltar mura ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach a ghlacadh a dhéanann socrú dá mhalairt. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún.

2.   Déanfar cás Ghiobráltar, atá sainithe i bpointe VI d'Iarscríbhinn II  (1) a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, a chaomhnú.

ROINN 2

Forálacha a bhaineann le hOileáin Fharó

Airteagal 7

Ní mheasfar gur náisiúnaigh de chuid Ballstáit, de réir bhrí an Bhunreachta, náisiúnaigh de chuid na Danmhairge a bhfuil chónaí orthu ar Oileáin Fharó ach amháin ón dáta a thiocfaidh an Bunreacht chun bheith infheidhme ar na hOileáin sin.

ROINN 3

Forálacha maidir le hOileáin Mhuir nIocht agus le hOileán Mhanann

Airteagal 8

1.   Beidh feidhm ar Oileáin Mhuir nIocht agus Oileán Mhanann, faoi na coinníollacha céanna leis an Ríocht Aontaithe, ag rialacha an Aontais maidir le custaim agus maidir le srianta cainníochtúla, go háirithe dleachtanna custaim, muirir chomhéifeachta agus an Chomhtharaif Chustaim.

2.   I gcás táirgí talmhaíochta, agus táirgí a fhaightear óna bpróiseáil, is ábhar do chóras trádála speisialta, déanfaidh an Ríocht Aontaithe na tobhaigh agus na bearta eile i leith allmhairí dá bhforáiltear le rialacha an Aontais a fheidhmiú maidir le tríú tíortha.

Beidh na forálacha sin de rialacha an Aontais is gá chun go gceadófar saorghluaiseacht sa trádáil sna táirgí sin agus go n-urramófar na gnáthchoinníollacha iomaíochta ina leith infheidhme freisin.

Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha lena mbunaítear na coinníollacha faoina mbeidh na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír infheidhme ar na críocha sin.

Airteagal 9

Ní dhéanfaidh dlí an Aontais difear do na cearta as a dtairbhíonn náisiúnaigh na gcríoch sin sa Ríocht Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 8. Ar a shon sin, ní rachaidh forálacha dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht daoine agus seirbhísí chun tairbhe dóibhsean.

Airteagal 10

Na forálacha sin den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach is infheidhme i gcás daoine nó gnóthas de réir bhrí Airteagal 196 den Chonradh sin, beidh feidhm acu i gcás na ndaoine nó na ngnóthas sin tráth a mbunaithe sna críocha dá dtagraítear in Airteagal 8 den Phrótacal seo.

Airteagal 11

Déanfaidh údaráis na gcríoch sin dá dtagraítear in Airteagal 8 an chóir chéanna a chur i bhfeidhm maidir le gach duine, nádúrtha nó dlitheanach, de chuid an Aontais.

Airteagal 12

Más rud é, ar na socruithe a shainítear sa Roinn seo a fheidhmiú, go n-éireoidh deacrachtaí de pháirt amháin nó de pháirt eile sa chaidreamh idir an tAontas agus na críocha sin dá dtagraítear in Airteagal 8, molfaidh an Coimisiún don Chomhairle, gan mhoill, na bearta cosanta is dóigh leis a bheith riachtanach, ag sonrú na gcoinníollacha agus na modhanna feidhmiúcháin.

Glacfaidh an Chomhairle na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha iomchuí taobh istigh de mhí.

Airteagal 13

De réir bhrí na Roinne seo, measfar gur náisiúnach d'Oileáin Mhuir nIocht nó d'Oileán Mhanann gach saoránach Briotanach a bhfuil an tsaoránacht sin aige toisc gur rugadh, gur uchtaíodh, gur eadóirsíodh nó gur cláraíodh ar an oileán i gceist, é féin, duine dá thuismitheoirí nó duine dá sheantuismitheoirí; ach ní mheasfar, ina leith sin, duine mar sin a bheith ina náisiúnach d'Oileáin Mhuir nIocht nó d'Oileán Mhanann má rugadh, má uchtaíodh, má eadóirsíodh nó má cláraíodh sa Ríocht Aontaithe, é féin, duine dá thuismitheoirí nó duine dá sheantuismitheoirí. Ná ní mheasfar sa cháil sin é má bhí gnáthchónaí air, tráth ar bith, ar feadh cúig bliana sa Ríocht Aontaithe.

Cuirfear in iúl don Choimisiún na forálacha riaracháin is gá chun na daoine i dtrácht a aithint.

ROINN 4

Forálacha a bhaineann le beartas tionsclaíochta agus forbartha eacnamaíochta a chur i ngníomh in Éirinnn

Airteagal 14

Tugann na Ballstáit dá n-aire go bhfuil Rialtas na hÉireann ag gabháil do bheartas tionsclaíochta agus forbartha eacnamaíochta a chur i ngníomh arb é is sprioc dó an caighdeán maireachtála in Éirinn a chur ar chomhréim le caighdeán maireachtála na mBallstát eile, deireadh a chur leis an tearcfhostaíocht agus san am céanna na difríochtaí sa leibhéal forbraíochta ó réigiún go chéile a chur ar ceal.

Is léir dóibh gurb é a gcomhleas é aidhmeanna an bheartais sin a ghnóthú agus comhaontaíonn siad ar a mholadh chun na críche sin do na hinstitiúidí gach meán agus gach nós imeachta dá bhforáiltear leis an mBunreacht, go háirithe úsáid leormhaith a dhéanamh de na hacmhainní de chuid an Aontais atá ceaptha chun a aidhmeanna a bhaint amach.

Is aithnid do na Ballstáit go háirithe gur gá, ag cur Airteagail III-56 agus III-57 den Bhunreacht i bhfeidhm dóibh, féachaint le forás a thabhairt faoin ngeilleagar agus feabhas a thabhairt ar chaighdeán maireachtála an phobail.

ROINN 5

Forálacha maidir le malartú faisnéise leis an Danmhairg i réimse an fhuinnimh núicléach

Airteagal 15

1.   Amhail ón 1 Eanáir 1973, cuirfear ar láimh na Danmhairge an fhaisnéis a cuireadh i bhfios do Bhallstáit, do dhaoine agus do gnóthais, de réir Airteagal 13 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus tabharfaidh an Danmhairg leathantas srianta di ina críoch, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal sin.

2.   Amhail ón 1 Eanáir 1973, cuirfidh an Danmhairg ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a chomhoiread sin d'fhaisnéis sna hearnálacha a shonraítear i mír 3. Déanfar cuntas mionchruinn ar an bhfaisnéis sin a leagan amach i ndoiciméad a sheolfar go dtí an Coimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i bhfios do ghnóthais an Chomhphobail faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

3.   Is iad seo a leanas na hearnálacha ina bhfuil an Danmhairg le faisnéis a chur ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

(a)

imoibreoir DOR á mheasrú le huisce trom agus á chuisniú le leacht orgánach;

(b)

imoibreoirí uisce trom le brú-dhabhach DT — 350, DK — 400;

(c)

búcla gáis ardteochta;

(d)

córais ionstraimíochta agus trealamh leictreonach speisialta;

(e)

diongbháilteacht;

(f)

fisic imoibreoirí, dinimic imoibreoirí agus malartú teasa;

(g)

tástálacha ar ábhair agus ar threalamh i gcarn.

4.   Gabhann an Danmhairg uirthi féin go soláthróidh sí don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach aon fhaisnéis is comhlánú ar na tuarascálacha a thabharfaidh sí, go háirithe le linn cuairteanna ag gníomhairí ón gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó ó na Ballstáit ar Airmheán Risö, faoi choinníollacha a chinnfear de thoil a chéile i ngach cás.

Airteagal 16

1.    Sna hearnálacha ina gcuireann an Danmhairg faisnéis ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, déanfaidh na húdaráis inniúla ceadúnais a dheonú, arna n-iarraidh, ar théarmaí tráchtála, do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, i gcásanna ina bhfuil cearta eisacha acu chun paitinní a comhdaíodh i mBallstáit an Chomhphobail agus sa mhéid nach mbeidh siad, i leith tríú páirtithe, faoi aon oibleagáid ná gealltanas ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach a dheonú, ná beartú ar é a dheonú, chun na gceart sna paitinní sin.

2.   Má deonaíodh ceadúnas eisach nó páirt-eisach, tabharfaidh an Danmhairg spreagadh agus cúnamh chun go ndeonófar focheadúnais, ar théarmaí tráchtála do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, ó shealbhóirí na gceadúnas sin.

Is ar ghnáthbhonn tráchtála a dheonófar na ceadúnais eisacha nó páirt-eisacha sin.

ROINN 6

Forálacha maidir le malartú faisnéise le hÉirinn i réimse an fhuinnimh núicléach

Airteagal 17

1.   Amhail ón 1 Eanáir 1973, cuirfear ar láimh na hÉireann an fhaisnéis a cuireadh i bhfios do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais, de réir Airteagal 13 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus tabharfaidh Éire leathantas srianta di ina críoch, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal sin.

2.   Amhail ón 1 Eanáir 1973, cuirfidh Éire ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach faisnéis le haghaidh leathantais shrianta a fuarthas sa réimse núicléach in Éirinn, sa mhéid nach le feidhmeanna tráchtála amháin a bhaineann sí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i bhfios do ghnóthais an Chomhphobail, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

3.   Baineann an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 go príomha le staidéir ar fhorbairt imoibreora cumhachta agus le hobair ar rada-iseatóipí agus a n-úsáid sa mhíochaine, lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann le radachosaint.

Airteagal 18

1.   Sna hearnálacha ina gcuireann Éire faisnéis ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, déanfaidh na húdaráis inniúla ceadúnais a dheonú, arna n-iarraidh, ar théarmaí tráchtála do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, i gcásanna ina bhfuil cearta eisiacha acu chun paitinní a comhdaíodh i mBallstáit an Chomhphobail, agus sa mhéid nach mbeidh siad, i leith tríú páirtithe, faoi aon oibleagáid ná gealltanas ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach a dheonú, ná beartú ar é a dheonú, chun na gceart sna paitinní sin.

2.   Má deonaíodh ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach, tabharfaidh Éire spreagadh agus cúnamh chun go ndeonófar focheadúnais, ar théarmaí tráchtála, do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail ó shealbhóirí na gceadúnas sin.

Is ar ghnáthbhonn tráchtála a dheonófar na ceadúnais eisiacha nó páirt-eisiacha sin.

ROINN 7

Forálacha maidir le malartú faisnéise leis an Ríocht Aontaithe i réimse an fhuinnimh núicléach

Airteagal 19

1.   Amhail ón 1 Eanáir 1973, cuirfear ar láimh na Ríochta Aontaithe an fhaisnéis a cuireadh i bhfios do Bhallstáit, do dhaoine agus do gnóthais, de réir Airteagal 13 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus tabharfaidh sí leathantas srianta di ina críoch, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal sin.

2.   Amhail ón 1 Eanáir 1973, cuirfidh an Ríocht Aontaithe ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a chomhoiread sin d'fhaisnéis sna hearnálacha a shonraítear sa liosta atá san Iarscríbhinn (2) a ghabhann le Prótacal Uimh. 28 atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha Aontachais Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. Déanfar cuntas mionchruinn ar an bhfaisnéis sin a leagan amach i ndoiciméad a sheolfar go dtí an Coimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i bhfios do ghnóthais an Chomhphobail faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

3.   Toisc gur mó is suim leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach earnálacha áirithe seachas a chéile, cuirfidh an Ríocht Aontaithe béim ar leith ar fhaisnéis a thabhairt sna réimsí seo a leanas:

(a)

taighde agus forbairt ar luath-imoibreoirí (lena n-áirítear sábháilteacht);

(b)

taighde bunúsach (i ndáil le haicmí imoibreoirí);

(c)

sábháilteacht imoibreoirí, seachas luath-imoibreoirí;

(d)

miotalóireacht, cruach, cóimhiotail siorcóiniam agus coincréit;

(e)

comhoiriúnacht ábhar forganta;

(f)

monarú turgnamhach breoslaí;

(g)

teirmihidridinimic;

(h)

ionstraimíocht.

Airteagal 20

1.   Sna hearnálacha ina gcuireann an Ríocht Aontaithe faisnéis ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, déanfaidh na húdaráis inniúla ceadúnas a dheonú, arna n-iarraidh, ar théarmaí tráchtála, do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, i gcásanna ina bhfuil cearta eisiacha acu chun paitinní a comhdaíodh i mBallstáit an Chomhphobail agus sa mhéid nach mbeidh siad, i leith tríú páirtithe faoi aon oibleagáid ná gealltanas ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach a dheonú, ná beartú ar é a dheonú, chun na gceart sna paitinní sin.

2.   Má deonaíodh ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe spreagadh agus cúnamh chun go ndeonófar focheadúnais, ar théarmaí tráchtála do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, ó shealbhóirí na gceadúnas sin.

Is ar ghnáthbhonn tráchtála a dheonófar na ceadúnais eisiacha nó páirt-eisiacha sin.

TEIDEAL III

FORÁLACHA ARNA dTÓGÁIL ÓN IONSTRAIM I dTAOBH CHOINNÍOLLACHA AONTACHAIS NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ

ROINN 1

Forálacha maidir leis an bPoblacht Heilléanach do dhíolmhú dleachtannacustaim ar allmhairí earraí áirithe

Airteagal 21

Ní chuirfidh Airteagal III-151 den Bhunreacht bac ar an bPoblacht Heilléanach bearta díolúine a choimeád ar bun a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 1979 de bhun na ndlíthe seo a leanas:

(a)

Dlí Uimh. 4171/61 (Bearta ginearálta chun cabhrú le forbairt gheilleagar na tíre),

(b)

Forógra-Dlí Uimh. 2687/53 (Infheistíocht agus cosaint chaipitil eachtrannaigh),

(c)

Dlí Uimh. 289/76 (Gríosuithe chun forbairt na gceantar teorann a chur chun cinn, agus rialú do gach ábhar gaolmhar leis sin),

go dtí dul in éag na gcomhaontuithe a bheidh tugtha i gcrích ag an Rialtas Heilléanach le tairbhithe na mbeart sin.

ROINN 2

Forálacha maidir le cánachas

Airteagal 22

Beidh feidhm ag na gníomhartha a shonraítear i bpointe II.2. d'Iarscríbhinn VIII (3) a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais na Poblachta Heilléanaí maidir leis an bPoblacht Heilléanach faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach san Iarscríbhinn sin, seachas na tagairtí do phointí 9 agus 18(b).

ROINN 3

Forálacha maidir le cadás

Airteagal 23

1.   Bainfidh an Roinn seo le cadás, gan cardáil gan cíoradh, a bhaineann le fo-cheannteideal 5201 00 den Ainmníocht Chomhcheangailte.

2.   Tionscnófar san Aontas córas arb iad seo a leanas, go háirithe, is cuspóirí dó:

(a)

tacú le táirgeadh an chadáis sna réigiúin sin den Aontas mar a bhfuil sé tábhachtach don gheilleagar talmhaíochta,

(b)

a chumasú do na táirgeoirí atá i gceist tuilleamh cóir a ghnóthú,

(c)

an margadh a chobhsú trí struchtúir an tsoláthair agus na margaíochta a fheabhsú.

3.   Folóidh an córas dá dtagraítear i mír 2 deonú cabhrach táirgthe.

4.   D'fhonn a chumasú do tháirgeoirí cadáis an soláthar a chomhchruinniú agus an táirgeadh a oiriúnú do riachtanais an mhargaidh, tionscnófar córas chun tacú le buíonta táirgeoirí agus cónaidhmeanna buíonta den sórt sin a bhunú.

Deonófar cabhracha faoin gcóras sin chun bunú buíonta de tháirgeoirí a ghríosú agus a bhfeidhmiú a éascú.

Ní thairbheoidh den chóras sin ach amháin buíonta:

(a)

a bheidh bunaithe ar chonlán na dtáirgeoirí féin;

(b)

a thabharfaidh ráthaíocht dhóthanach maidir le ré agus éifeacht a ngníomhaíochta;

(c)

a bheidh aitheanta ag an mBallstát a bheidh i gceist.

5.   Ní chuirfear isteach ar chóras trádála an Aontais le tríú tíortha. I dtaca leis sin, ní fhéadfar, ach go háirithe, aon bheart srianta ar allmhairí a leagan síos.

6.   Bunófar le dlí Eorpach ón gComhairle aon oiriúnuithe is gá a dhéanamh ar an gcóras dá bhforáiltear sa Roinn seo.

Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha agus na cinntí Eorpacha lena mbunófar na rialacha is gá chun na forálacha dá dtagraítear sa Roinn seo a chur chun feidhme.

Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

ROINN 4

Forálacha maidir le forbairt eacnamaíoch agus thionsclaíoch na Gréige

Airteagal 24

Tugann na Ballstáit dá n-aire go bhfuil an Rialtas Heilléanach ag gabháil do bheartas tionsclaíochta agus forbartha eacnamaíche a chur i ngníomh arb é is sprioc dó an caighdeán maireachtála sa Ghréig a chur ar comhréim le caighdeán maireachtála na mBallstát eile, deireadh a chur leis an tearcfhostaíocht agus san am céanna na difríochtaí sa leibhéal forbartha ó réigiún go chéile a chur ar ceal.

Is aithnid dóibh gurb é a gcomhleas é aidhmeanna an bheartais sin a ghnóthú. Chun na críche sin cuirfidh na hinstitiúidí chun feidhme gach meán agus gach nós imeachta dá bhforáiltear leis an mBunreacht, go háirithe úsáid leormhaith a dhéanamh de na hacmhainní de chuid an Aontais atá ceaptha chun a aidhmeanna a bhaint amach.

Is gá go háirithe, ag cur Airteagail III-167 agus III-168 den Bhunreacht i bhfeidhm dóibh, forás eacnamaíoch agus feabhas chaighdeán maireachtála an phobail a chur san áireamh.

ROINN 5

Forálacha maidir le malartú faisnéise leis an nGréig i réimse an fhuinnimh núicléach

Airteagal 25

1.   Amhail ón 1 Eanáir 1981, cuirfear ar láimh na Poblachta Heilléanaí an fhaisnéis a cuireadh i bhfios do Bhallstáit, do dhaoine agus do gnóthais, de réir Airteagal 13 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus tabharfaidh sí leathantas srianta di ina críoch, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal sin.

2.   Amhail ón 1 Eanáir 1981, cuirfidh an Phoblacht Heilléanach ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach faisnéis le haghaidh leathantais shrianta a fuarthas sa réimse núicléach sa Ghréig, sa mhéid nach le feidhmeanna tráchtála amháin a bhaineann sí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i bhfios do ghnóthais an Chomhphobail, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

3.   Baineann an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 go príomha leis na hábhair seo a leanas:

(a)

staidéir ar úsáid rada-iseatóipí sna réimsí seo a leanas: míochaine, talmhaíocht, feithideolaíocht, cosaint an chomhshaoil,

(b)

teicníocht núicléach a chur i bhfeidhm san ársaimhéadracht,

(c)

gaireas leictreonach leighis a fhorbairt,

(d)

modhanna taiscealaíochta mianach radaighníomhach a fhorbairt.

Airteagal 26

1.   Sna hearnálacha ina gcuireann an Phoblacht Heilléanach faisnéis ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, déanfaidh na húdaráis inniúla ceadúnais a dheonú, arna n-iarraidh, ar théarmaí tráchtála do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, i gcásanna ina bhfuil cearta eisiacha acu chun paitinní a comhdaíodh i mBallstáit an Chomhphobail, agus sa mhéid nach mbeidh siad, i leith tríú páirtithe, faoi aon oibleagáid ná gealltanas ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach a dheonú, ná beartú ar é a dheonú, chun na gceart sna paitinní sin.

2.   Má deonaíodh ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach, tabharfaidh an Phoblacht Heilléanach spreagadh agus cúnamh chun go ndeonófar focheadúnais, ar théarmaí tráchtála, do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ó shealbhóirí na gceadúnas sin.

Is ar ghnáthbhonn tráchtála a dheonófar na ceadúnais eisiacha nó páirt-eisiacha sin.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA ARNA dTÓGÁIL ÓN IONSTRAIM I dTAOBH CHOINNÍOLLACHA AONTACHAIS PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE AGUS RÍOCHT NA SPÁINNE

ROINN 1

Forálacha airgeadais

Airteagal 27

Déanfar na hacmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a ríomh agus a iniúchadh amhail is dá mbeadh na hOileáin Chanáracha agus Ceuta agus Melilla áirithe i raon feidhme críochach an tSéú Treoir darb uimhir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 maidir le comhchuibhiú ar reachtaíocht na mBallstát a bhaineann le cánacha láimhdeachais — comhchóras na gcánacha breisluacha: aonbhonn measúnachta.

ROINN 2

Forálacha maidir le paitinní

Airteagal 28

Na forálacha sin de reachtaíocht náisiúnta na Spáinne a bhaineann leis an dualgas cruthúnais, arna nglacadh i gcomhréir le mír 2 de Phrótacal Uimh. 8 den Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile, ní bheidh feidhm acu i gcás imeachtaí um shárú a thionscnófar in aghaidh dílseanaigh phaitinne eile do phróiseas chun táirge a mhonarú is ionann agus an táirge a fuarthas de bharr phróiseas paitinnithe an ghearánaí, má deonaíodh an phaitinn eile roimh an 1 Eanáir 1986.

I gcásanna nach mbíonn feidhm le haistriú an dualgais chruthúnais, féadfaidh Ríocht na Spáinne leanúint den dualgas cruthúnais um shárú a chur ar dhílseánach na paitinne. I ngach aon chás díobh sin, áfach, cuirfidh Ríocht na Spáinne nós imeachta breithiúnach i bhfeidhm dá ngairtear ‘tochsal tuairisce’.

Ciallaíonn ‘tochsal tuairisce’ nós imeachta is cuid de chóras dá dtagraítear sa chéad mhír agus sa dara mír, ina bhféadfaidh duine ar bith atá i dteideal imeachtaí um shárú a thionscnamh tar éis ordú cúirte a fháil, arna thabhairt ar iarratas uaidh, a chur faoi deara go ndéanfaidh báille, le cuidiú saineolaithe, tuairisciú mionchruinn, in áitreabh an té a líomhnaítear an sárú air, ar na próisis atá faoi chonspóid, go háirithe trí fhótachóipeanna a dhéanamh de cháipéisí teicniúla, i dteannta nó d'uireasa tochsail iarbhír. Féadfaidh ordú sin na cúirte a fhoráil go n-íocfar urrús chun damáistí a dhámhachtain don té a líomhnaítear an sárú air i gcás díobháil a bhaint dó de bharr an ‘tochsail tuairisce’.

Airteagal 29

Na forálacha sin de reachtaíocht náisiúnta na Portaingéile a bhaineann leis an dualgas cruthúnais, arna nglacadh i gcomhréir le mír 2 de Phrótacal Uimh. 19 den Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile, ní bheidh feidhm acu i gcás imeachtaí um shárú a thionscnófar in aghaidh dílseanaigh phaitinne eile do phróiseas chun táirge a mhonarú is ionann agus an táirge a fuarthas de bharr phróiseas paitinnithe an ghearánaí, má deonaíodh an phaitinn eile roimh an 1 Eanáir 1986.

I gcásanna nach mbíonn feidhm le haistriú an dualgais chruthúnais, féadfaidh Poblacht na Portaingéile leanúint den dualgas cruthúnais um shárú a chur ar dhílseánach na paitinne. I ngach aon chás díobh sin, áfach, cuirfidh Poblacht na Portaingéile nós imeachta breithiúnach i bhfeidhm dá ngairtear ‘tochsal tuairisce’.

Ciallaíonn ‘tochsal tuairisce’ nós imeachta is cuid de chóras dá dtagraítear sa chéad mhír agus sa dara mír, ina bhféadfaidh duine ar bith atá i dteideal imeachtaí um shárú a thionscnamh tar éis ordú cúirte a fháil, arna thabhairt ar iarratas uaidh, a chur faoi deara go ndéanfaidh báille, le cuidiú saineolaithe, tuairisciú mionchruinn, in áitreabh an té a líomhnaítear an sárú air, ar na próisis atá faoi chonspóid, go háirithe trí fhótachóipeanna a dhéanamh de cháipéisí teicniúla, i dteannta nó d'uireasa tochsail iarbhír. Féadfaidh ordú sin na cúirte a fhoráil go n-íocfar urrús chun damáistí a dhámhachtain don té a líomhnaítear an sárú air i gcás díobháil a bhaint dó de bharr an ‘tochsail tuairisce’.

ROINN 3

Forálacha maidir leis an sásra le haghaidh freagrachtaí breise faoi chuimsiú na gcomhaontuithe iascaigh a rinne an tAontas le tríú tíortha

Airteagal 30

1.   Déanfar sainchóras a thioscnamh ina bhfeidhmeofar oibríochtaí a sheolfar de bhreis is de bharr ar na gníomhaireachtaí iascaireachta a bhíonn ar siúl ag báid faoi bhratach Ballstát sna huiscí a bhaineann le ceannasacht nó le dlínse tríú tíre faoi chuimsiú na bhfreagraíochtaí a bhunaítear faoi na comhaontuithe iascaigh a rinne an tAontas leis na tríú tíortha i dtrácht.

2.   Na hoibríochtaí a mheastar gur dóigh dóibh teacht chun cinn mar bhreis ar na gníomhaíochtaí iascaireachta, faoi réir na gcoinníollacha agus laistigh de na teorainneacha dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, baineann siad le:

(a)

táirgí iascaireachta a mbéarfaidh báid faoi bhratach Ballstáit orthu in uiscí tríú tíre agus iad i mbun iascaireachta de bhua feidhmiú comhaontú iascaigh a phróiseáil i gcríoch an tríú tír i dtrácht d'fhonn go gcuirfí na táirgí sin ar mhargadh an Aontais faoi cheannteidil taraife faoi Chaibidil 3 den Chomhtharaif Chustaim,

(b)

táirgí iascaireachta faoi Chaibidil 3 den Chomhtharaif Chustaim a luchtú, nó a thrasloingsiú ar bhád faoi bhratach Ballstáit a tharlaíonn faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear i gcomhaontú iascaigh den sórt sin d'fhonn na táirgí sin a iompar agus a phróiseáil lena gcur ar mhargadh an Aontais.

3.   Déanfar an t-allmhairiú isteach san Aontas ar tháirgí lena mbaineann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 a chur i gcrích faoi réir dhleachtanna na Comhtharaife Custaim a fhionraí go hiomlán nó go páirteach nó faoi réir córais speisialta muirear, ach sin faoi na coinníollacha agus teorainneacha breisíoctha a shocrófar gach bliain i ndáil le méid na n-árach iascaireachta a thig as na comhaontuithe i dtrácht agus ó na rialacha mionchruinne a ghabhann leo.

4.   Leagfaidh dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha síos rialacha ginearálta chur i bhfeidhm an chórais seo agus go háirithe critéir chun cionroinnt a dhéanamh ar na cainníochtaí i dtrácht.

Glacfar modhanna cur chun feidhme an chórais seo agus na cainníochtaí atá i gceist de réir nós imeachta Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 104/2000.

ROINN 4

Forálacha maidir le Ceuta agus Melilla

Foroinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 31

1.   Beidh feidhm ag an mBunreacht agus ag gníomhartha na n-institiúidí maidir le Ceuta agus le Melilla faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 agus fhorálacha eile na Roinne seo.

2.   Sainítear i bhForoinn 3 den Roinn seo na coinníollacha faoina mbeidh feidhm maidir le Ceuta agus le Melilla ag forálacha an Bhunreachta maidir le saorghluaiseacht earraí agus ag gníomhartha na n-institiúidí a bhaineann le reachtaíocht chustaim agus le beartas trachtála.

3.   Gan dochar d'fhorálacha sonracha Airteagal 32, ní bheidh feidhm ag gníomhartha na n-institiúidí a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus leis an gcomhbheartas iascaigh maidir le Ceuta ná le Melilla.

4.   Ar iarratas ó Ríocht na Spáinne, féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach ón gComhairle:

(a)

a chinneadh go n-áireofar Ceuta agus Melilla i gcríoch custaim an Aontais;

(b)

na bearta iomchuí a shocrú chun go gcuirfear na forálacha sin den reachtaíocht Aontais is infheidhme i mbaint le Ceuta agus le Melilla.

Ar thogra ón gCoimisiún uaidh féin nó ar iarratas ó Bhallstát, féadfaidh an Chomhairle dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach a ghlacadh chun aon oiriúnuithe is gá a dhéanamh ar an gcóras is infheidhme ar Ceuta agus ar Melilla.

Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Foroinn 2

Forálacha maidir leis an gcomhbheartas iascaigh

Airteagal 32

1.   Faoi réir mhír 2 agus gan dochar d'fhoroinn 3, ní bheidh feidhm ag an gcomhbheartas iascaigh maidir le Ceuta ná le Melilla.

2.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na dlíthe Eorpacha, na dlíthe réime Eorpacha, na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha lena:

(a)

socrófar na bearta struchtúrtha a d'fhéadfaí a ghlacadh i bhfabhar Ceuta agus Melilla;

(b)

socrófar modhanna iomchuí chun leasanna Ceuta agus Melilla a chur san áireamh, go hiomlán nó go páirteach, sna gníomhartha a ghlacfaidh sí, gach cás ar a fhiúntas féin, maidir le caibidlí an Aontais d'fhonn comhaontuithe iascaigh a fhadú nó a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus chun leasanna speisialta Ceuta agus Melilla a chur san áireamh sna coinbhinsiúin iascaigh idirnáisiúnta ar páirtí conarthach iontu an tAontas.

3.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na dlíthe Eorpacha, na dlíthe réime Eorpacha, na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha lena gcinnfear, más iomchuí, áraigh agus coinníollacha comhrochtana ar na limistéir iascaireachta, faoi seach, agus ar acmhainní na limistéar sin. Gníomhóidh sí d'aon toil.

4.   Glacfar na dlíthe Eorpacha nó na dlíthe réime Eorpacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Foroinn 3

Forálacha maidir le saorghluaiseacht earraí, reachtaíocht chánach agus beartas tráchtála

Airteagal 33

1.   Measfar nach earraí a chomhlíonann na coinníollacha i míreanna 1 go 3 d'Airteagal III-151 den Bhunreacht táirgí de thionscnamh Ceuta agus Melilla ná táirgí ó thríú tíortha a allmhairítear isteach in Ceuta nó in Melilla faoi chuimsiú na gcóras is infheidhme ina leith sna críocha sin, ar iad do theacht ar saorchúrsaíocht i gcríoch custaim an Aontais.

2.   Ní bheidh Ceuta agus Melilla ina gcuid de chríoch custaim an Aontais.

3.   Mura bhforáiltear a mhalairt san Fhoroinn seo, beidh gníomhartha na n-institiúidí maidir le reachtaíocht chustaim a bhaineann le trádáil eachtrach infheidhme, faoi réir na gcoinníollacha céanna, ar an trádáil idir críoch custaim an Aontais, de thaobh amháin, agus Ceuta agus Melilla, den taobh eile.

4.   Mura bhforáiltear a mhalairt san Fhoroinn seo, ní bheidh gníomhartha na n-institiúidí i dtaca leis an gcomhbheartas tráchtála, cibé acu is gníomhartha uathrialacha nó gníomhartha coinbhinsiúnta iad, a bhfuil baint dhíreach acu le hallmhairiú nó le honnmhairiú earraí, infheidhme maidir le Ceuta agus Melilla.

5.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo, cuirfidh an tAontas i bhfeidhm ina chuid trádála le Ceuta agus Melilla maidir le táirgí faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an mBunreacht an córas ginearálta céanna a chuireann sé i bhfeidhm ina thrádáil eachtrach.

Airteagal 34

Gan dochar d'Airteagal 35, díothófar na dleachtanna custaim ar allmhairiú, i gcríoch custaim an Aontais, táirgí de thionscnamh Ceuta agus Melilla.

Airteagal 35

1.   Tairbheoidh na táirgí iascaigh faoi cheannteidil Uimh. 0301, 0302, 0303, 1604 agus 1605 agus faoi fhocheannteidil 0511 91 agus 2301 20 den Chomhtharaif Chustaim is de thionscnamh Ceuta agus Melilla, de dhíolúine ó dhleachtanna custaim i gcríoch custaim uile an Aontais, go feadh méid na dtaraif-chuótaí a ríomhfar de réir táirge agus mheán na gcainníochtaí a diúscraíodh iarbhír sna blianta 1982, 1983 agus 1984.

Nuair a ligfear ar saorchúrsaíocht na táirgí a tugadh isteach i gcríoch custaim an Aontais faoi chuimsiú na dtaraif-chuótaí seo, beidh siad faoi réir na rialacha dá bhforálann comheagraíocht na margaí, agus na bpraghsanna tagartha, go speisialta.

2.   Socróidh an Chomhairle gach bliain, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha maidir le taraif-chuótaí a oscailt agus a dháileadh de réir na modhanna dá bhforáiltear i mír 1.

Airteagal 36

1.   Má thig mórmhéadú ar allmhairiú táirgí áirithe de thionscnamh Ceuta agus Melilla a rachadh chun dochair do tháirgeoirí Aontais de dhroim Airteagal 34 a bheith á chur i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha a ghlacadh chun coinníollacha speisialta a chur i mbaint le hallmhairiú na dtáirgí sin isteach i gcríoch custaim an Aontais.

2.   Má dhéanann, nó más dóigh go ndéanfadh, allmhairiú táirge de thionscnamh Ceuta nó Melilla mórdhíobháil do ghníomhaíocht táirgíochta i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit de bharr nach bhfuil an comhbheartas tráchtála ná an Chomhtharaif Chustaim á gcur i bhfeidhm ar allmhairiú amhábhar nó táirgí idirmheánacha isteach in Ceuta agus in Melilla, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát, nó ar a thionscnamh féin, na bearta iomchuí a ghlacadh.

Airteagal 37

Díothófar na dleachtanna custaim ar allmhairiú isteach in Ceuta agus Melilla táirgí de thionscnamh chríoch custaim an Aontais mar aon le haon mhuirear comhéifeachta.

Airteagal 38

Maidir leis na dleachtanna custaim agus na muirir ar comhéifeacht leis na dleachtanna sin agus an córas trádála a chuirtear i bhfeidhm i leith táirgí a allmhairítear isteach in Ceuta agus Melilla ó thríú tír, ní lú fabhar dóibh ná an fabhar a chuireann an tAontas i bhfeidhm de réir a oibleagáidí idirnáisiúnta nó a chomhshocraíochtaí fabhair i leith an tríú tír sin, ach sin ar an gcoinníoll go gcuirfidh an tríú tír sin an chóir chéanna chun feidhme ar allmhairiú ó Ceuta agus Melilla a chuireann sí chun feidhme ar allmhairiú ón Aontas. Ar a shon sin, ní fhéadfaidh an chóir a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhairiú isteach in Ceuta agus in Melilla ón tríú tír sin a bheith níos fabhraí ná an chóir a chuirtear i bhfeidhm maidir le táirgí a allmhairítear ó chríoch custaim an Aontais.

Airteagal 39

Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha lena socrófar rialacha feidhmiúcháin na Foroinne seo agus go háirithe na rialacha tionscnaimh is infheidhme sa trádáil, dá dtagraítear in Airteagail 34, 35 agus 37, lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le táirgí tionscnaimh a aithint agus tionscnamh a rialú.

Cuimseoidh na rialacha, go háirithe, forálacha maidir le marcáil agus/nó lipéadú, coinníollacha cláraithe soithí agus feidhmiú na rialach maidir le comhshuimiú na dtionscnamh i gcás táirgí éisc maille le forálacha chun tionscnamh na dtáirgí a shocrú.

ROINN 5

Forálacha maidir le forbairt réigiúnach na Spáinne

Airteagal 40

Tugann na Ballstáit dá n-aire go bhfuil Rialtas na Spáinne ag gabháil do bheartas forbartha réigiúnaí a chur i ngníomh atá ceaptha go háirithe chun fás eacnamaíoch réigiúin agus limistéir lagfhorbartha na Spáinne a spreagadh.

Is aithnid dóibh gurb é a gcomhleas é aidhmeanna an bheartais sin a ghnóthú.

Comhaontaíonn siad, d'fhonn cabhrú le Rialtas na Spáinne chun an cúram sin a chur i gcrích, a mholadh do na hinstitiúidí gach meán agus gach nós imeachta dá bhforáiltear leis an mBunreacht a fheidhmiú, go háirithe trí úsáid leormhaith a bhaint as na hacmhainní de chuid an Aontais atá ceaptha chun aidhmeanna an Aontais a bhaint amach;

Is aithnid do na Ballstáit go háirithe gur gá, ag cur Airteagail III-167 agus III-168 den Bhunreacht i bhfeidhm dóibh, féachaint le forás a thabhairt faoin ngeilleagar agus feabhas a thabhairt ar chaighdeán maireachtála phobal réigiúin agus limistéir lagfhorbartha na Spáinne.

ROINN 6

Forálacha maidir le forbairt eacnamaíoch agus tionscail na Portaingéile

Airteagal 41

Tugann na Ballstáit dá n-aire go bhfuil Rialtas na Portaingéile ag gabháil do bheartas tionscail agus forbartha eacnamaíochta a chur i ngníomh atá ceaptha chun an caighdeán maireachtála sa Phortaingéil a chur ar comhréim le caighdeán na mBallstát eile, deireadh a chur leis an tearcfhostaíocht agus, san am céanna, na difríochtaí sa leibhéal forbartha ó réigiún go chéile a chur ar ceal.

Is aithnid dóibh gurb é a gcomhleas é aidhmeanna an bheartais sin a ghnóthú.

Comhaontaíonn siad ar a mholadh chun na críche sin do na hinstitiúidí gach meán agus gach nós imeachta dá bhforáiltear leis an mBunreacht, go háirithe úsáid leormhaith a bhaint as na hacmhainní de chuid an Aontais atá ceaptha chun a aidhmeanna a bhaint amach.

Is aithnid do na Ballstáit go háirithe gur gá, ag cur Airteagail III-167 agus III-168 den Bhunreacht i bhfeidhm dóibh, féachaint le forás a thabhairt faoin ngeilleagar agus feabhas a thabhairt ar chaighdeán maireachtála an phobail.

ROINN 7

Forálacha maidir le malartú faisnéise le Ríocht na Spáinne i réimse an fhuinnimh núicléach

Airteagal 42

1.   Amhail ón 1 Eanáir 1986, cuirfear ar láimh Ríocht na Spáinne an fhaisnéis a cuireadh i bhfios do Bhallstáit, do dhaoine agus do gnóthais, de réir Airteagal 13 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus tabharfaidh Ríocht na Spáinne leathantas srianta di ina críoch, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal sin.

2.   Amhail ón 1 Eanáir 1986, cuirfidh Ríocht na Spáinne ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach faisnéis le haghaidh leathantas srianta a fuarthas sa réimse núicléach sa Spáinn sa mhéid nach le feidhmeanna tráchtála amháin a bhaineann sí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i bhfios do ghnóthais an Chomhphobail faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

3.   Baineann an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 go príomha leis na hábhair seo a leanas:

(a)

fisic núicléach (lagfhuinneamh agus ardfhuinneamh);

(b)

cosaint ar radaíocht;

(c)

úsáid iseatóipí, go háirithe iseatóipí cobhsaí;

(d)

imoibreoirí taighde agus na breoslaí a bhaineann leo;

(e)

taighde maidir le timthriall an bhreosla (go ró-áirithe mianadóireacht agus próiseáil mhianaigh ísealcháilíochta úráiniam; barr foirfeachta a chur ar eilimintí breosla d'imoibreoirí cumhachta).

Airteagal 43

1.   Sna hearnálacha ina gcuireann Ríocht na Spáinne faisnéis ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, déanfaidh na húdaráis inniúla ceadúnais a dheonú, arna n-iarraidh, ar théarmaí tráchtála, do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, i gcásanna ina bhfuil cearta eisiacha acu chun paitinní a comhdaíodh i mBallstáit agus sa mhéid nach mbeidh siad, i leith tríú páirtithe, faoi aon oibleagáid ná gealltanas ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach a dheonú, ná a dheonú sin a thairiscint, chun na gcearta sna paitinní sin.

2.   Má deonaíodh ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach, tabharfaidh Ríocht na Spáinne spreagadh agus cúnamh chun go ndeonófar focheadúnais, ar théarmaí tráchtála do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, ó shealbhóirí na gceadúnas sin.

Is ar ghnáthbhonn tráchtála a dheonófar na ceadúnais eisiacha nó páirt-eisiacha sin.

ROINN 8

Forálacha maidir le malartú faisnéise le Poblacht na Portaingéile i réimse an fhuinnimh núicléach

Airteagal 44

1.   Amhail ón 1 Eanáir 1986, cuirfear ar láimh Phoblacht na Portaingeile an fhaisnéis a cuireadh i bhfios do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais, de réir Airteagal 13 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus tabharfaidh Poblacht na Portaingéile leathantas srianta di ina críoch, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal sin.

2.   Amhail ón 1 Eanáir 1986, cuirfidh Poblacht na Portaingéile ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach faisnéis le haghaidh leathantas srianta a fuarthas sa réimse núicléach sa Phortaingéil, sa mhéid nach le feidhmeanna tráchtála amháin a bhaineann sí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i bhfios do ghnóthais an Chomhphobail, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

3.   Baineann an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 go príomha leis na hábhair seo a leanas:

(a)

dinimic imoibreoirí;

(b)

cosaint ar radaíocht;

(c)

úsáid teicníochtaí núicléacha tomhais (i réimsí an tionscail, na talmhaíochta, na seandálaíochta agus na geolaíochta);

(d)

fisic adamhach (tomhas éifeachtúil trasghearrthacha, teicníochtaí maidir le píblínte);

(e)

miotalóireacht bainte úráiniam.

Airteagal 45

1.   Sna hearnálacha ina gcuireann Poblacht na Portaingéile faisnéis ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, déanfaidh na húdaráis inniúla ceadúnais a dheonú, arna n-iarraidh, ar théarmaí tráchtála do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, i gcásanna ina bhfuil cearta eisiacha acu chun paitinní a comhdaíodh i mBallstáit, agus sa mhéid nach mbeidh siad, i leith tríú páirtithe, faoi aon oibleagáid ná gealltanas ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach a dheonú, ná a dheonú sin a thairisicint, chun na gceart sna paitinní sin.

2.   Má deonaíodh ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach, tabharfaidh Poblacht na Portaingéile spreagadh agus cúnamh chun go ndeonófar focheadúnais, ar théarmaí tráchtála, do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail ó shealbhóirí na gceadúnas sin.

Is ar ghnáthbhonn tráchtála a dheonófar na ceadúnais eisiacha nó páirt-eisiacha sin.

TEIDEAL V

FORÁLACHA ARNA dTÓGÁIL ÓN IONSTRAIM I dTAOBH CHOINNÍOLLACHA AONTACHAIS PHOBLACHT NA hOSTAIRE, PHOBLACHT NA FIONLAINNE AGUS RÍOCHT NA SUALAINNE

ROINN 1

Forálacha airgeadais

Airteagal 46

Déanfar acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a ríomh agus a sheiceáil amhail is dá mbeadh Oileáin Åland áirithe i raon feidhme críochach an tSéú Treoir darb uimhir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977, maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cánacha láimhdeachais - comhchóras na cánach breisluacha: aonbhonn measúnachta.

ROINN 2

Forálacha maidir leis an talmhaíocht

Airteagal 47

Nuair atá deacrachtaí tromchúiseacha ann de thoradh an aontachais agus nuair a mhaireann siad i ndiaidh earraíocht iomlán a bhaint as Airteagal 48 agus as na bearta eile a leanann ó na rialacha atá ann san Aontas, féadfaidh an Coimisiún cinneadh Eorpach a ghlacadh lena n-údarófar don Fhionlainn cabhracha náisiúnta a dheonú do tháirgeoirí chun a lánpháirtíocht iomlán sa chomhbheartas talmhaíochta a éascú.

Airteagal 48

1.   Glacfaidh an Coimisiún cinntí Eorpacha lena n-údarófar don Fhionlainn agus don tSualainn cabhracha náisiúnta fadtéarmacha a dheonú d'fhonn a áirithiú go ndéanfar an ghníomhaíocht talmhaíochta a chothabháil i réigiúin shonracha. Ba chóir a áireamh ar na réigiúin sin na hachair thalmhaíochta atá suite lastuaidh den 62ú Líne Dhomhanleithid agus roinnt réigiún tadhlach laisteas den líne dhomhanleithid sin a bhfuil dálaí aeráide inchomórtais ag fearadh orthu agus a bhfuil an ghníomhaíocht talmhaíochta fíordhuaisiúil iontu dá mbarr.

2.   Is é an Coimisiún a chinnfidh na réigiúin dá dtagraítear i mír 1, ag cur san áireamh go háirithe:

(a)

an dlús íseal daonra;

(b)

cion an talaimh thalmhaíochta san achar foriomlán;

(c)

cion an talaimh thalmhaíochta atá tugtha suas do bharr curaíochta atá ceaptha mar bhia don duine, san achar talmhaíochta a úsáidtear.

3.   Féadfaidh na cabhracha náisiúnta sin dá bhforáiltear i mír 1 a bheith bainteach le tosca fisiceacha, amhail heicteáir de thalamh talmhaíochta nó cinn ainmhithe ag cur san áireamh na dteorainneacha ábhartha atá leagtha síos i gcomheagraíochtaí an mhargaidh, mar aon le gréasáin stairiúla táirgeachta gach feirme, ach ní dhlífear:

(a)

iad a nascadh le táirgeacht thodhchaí;

(b)

ná go dtiocfaidh astu méadú ar an táirgeacht ná ar leibhéal na tacaíochta foriomláine arna thaifeadadh le linn tréimhse tagartha roimh an 1 Eanáir 1995, a chinnfidh an Coimisiún.

Féadfar na cabhracha a dhifreáil de réir an réigiúin.

Ní mór na cabhracha sin a dheonú go háirithe d'fhonn:

(a)

táirgeacht phríomhúil agus próiseáil atá traidisiúnta agus a oireann go nádúrtha do dhálaí aeráide na réigiún i dtrácht a chothabháil;

(b)

na struchtúir a fheabhsú chun táirgí talmhaíochta a tháirgeadh, a mhargú agus a phróiseáil;

(c)

diúscairt na dtáirgí sin a éascú;

(d)

cosaint an chomhshaoil agus caomhnú na tuaithe a áirithiú.

Airteagal 49

1.   Cuirfear in iúl don Choimisiún na cabhracha dá bhforáiltear in Airteagail 47 agus 48 agus aon chabhair náisiúnta eile atá faoi réir údarú ón gCoimisiún faoin Teideal seo. Ní fhéadfar iad a chur i bhfeidhm go dtí go dtabharfar an t-údarú sin.

2.   Maidir leis na cabhracha dá bhforáiltear in Airteagal 48, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle gach cúig bliana ón 1 Eanáir 1996 ar aghaidh:

(a)

ar na húdaruithe a deonaíodh;

(b)

ar thorthaí na cabhrach a deonaíodh faoi na húdaruithe sin.

D'fhonn tarraingt suas tuarascálacha den sórt sin a ullmhú, cuirfidh Ballstáit a fuair na húdaruithe sin faisnéis ar fáil don Choimisiún in am trátha ar éifeachtaí na gcabhracha a deonaíodh, ag taispeáint an fhoráis a tugadh faoi deara i ngeilleagar talmhaíochta na réigiún i gceist.

Airteagal 50

I réimse na gcabhracha dá bhforáiltear in Airteagail III-167 agus III-168 den Bhunreacht:

(a)

i measc na gcabhracha arna gcur i bhfeidhm san Ostair, san Fhionlainn agus sa tSualainn roimh an 1 Eanáir 1995, measfar gurb iad na cabhracha a cuireadh in iúl don Choimisiún faoin 30 Aibreán 1995 amháin atá ann de réir bhrí Airteagal III-168(1) den Bhunreacht;

(b)

measfar gur cuireadh in iúl an 1 Eanáir 1995 cabhracha atá ann agus pleananna atá ceaptha chun cabhracha a dheonú nó a athrú arna gcur in iúl don Choimisiún roimh an dáta sin.

Airteagal 51

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt i gcásanna sonracha, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha a ghlacadh is gá chun an Roinn seo a chur chun feidhme.

2.   Féadfaidh dlí Eorpach ón gComhairle na hoiriúnuithe is gá ar na forálacha sa Roinn seo a dheánamh de dheasca leasaithe ar dhlí an Aontais. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal 52

1.   Más gá bearta idirthréimhseacha chun an trasdul a éascú ón gcóras atá ann san Ostair, san Fhionlainn agus sa tSualainn go dtí an córas a leanfaidh ó chomheagraíocht na margaí a chur i bhfeidhm faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Ionstraim i dtaobh Aontachas Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne, glacfar bearta den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 38 de Rialachán Uimh. 136/66/CEE nó, más iomchuí, in Airteagail chomhfhreagracha na Rialachán eile maidir le comheagraíocht na margaí talmhaíochta. Féadfar na bearta sin a ghlacadh le linn tréimhse a rachaidh in éag an 31 Nollaig 1997 agus ní rachaidh a gcur i bhfeidhm thar an dáta sin.

2.   Féadfaidh dlí Eorpach ón gComhairle an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 a fhadú. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 53

Beidh Airteagail 51 agus 52 infheidhme maidir le táirgí iascaigh.

ROINN 3

Forálacha maidir le bearta idirthréimhseacha

Airteagal 54

Beidh feidhm ag na gníomhartha atá liostaithe i bpointí VII.B.I, VII.D.1, VII.D.2.c, IX.2.b, c, f, g, h, i, j, l, m, n, x, y, z agus aa, agus X.a, b agus c d'Iarscríbhinn XV  (4) a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh Choinníollacha Aontachas Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne maidir leis an Ostair, leis an bhFionlainn agus le Ríocht na Sualainne faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Iarscríbhinn sin.

Maidir le pointe IX.2.x d'Iarscríbhinn XV dá dtagraítear sa chéad mhír, ní mór an tagairt d'fhorálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, go háirithe d'Airteagail 95 agus 96 de, a thuiscint mar thagairt d'fhorálacha an Bhunreachta, go háirithe d'Airteagal III-170(1) agus (2) de.

ROINN 4

Forálacha maidir le hinfheidhmeacht gníomhartha áirithe

Airteagal 55

1.   Aon chinntí leithleacha díolúine arna nglacadh agus aon chinntí maidir le himréiteach diúltach arna nglacadh roimh an 1 Eanáir 1995, ag Údarás Faireacháin Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) nó ag an gCoimisiún, faoi Airteagal 53 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó Airteagal 1 de Phrótacal 25 atá i gceangal leis an gComhaontú sin, agus a bhaineann le cásanna a thig faoi Airteagal 81 den Chonradh ag bunú an Chomhpobail Eorpaigh de thoradh an aontachais, leanfaidh siad de bheith bailí chun críocha Airteagal III-161 den Bhunreacht go dtí go rachaidh an tréimhse atá sonraithe iontu in éag nó go dtí go nglacfaidh an Coimisiún a mhalairt de chinneadh Eorpach cuí-réasúnaithe, i gcomhréir le dlí an Aontais.

2.   Na cinntí uile arna nglacadh ag Údarás Faireacháin CSTE roimh an 1 Eanáir 1995 de bhun Airteagal 61 de Chomhaontú LEE agus a thig faoi Airteagal 87 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh de thoradh an aontachais, leanfaidh siad de bheith bailí i leith Airteagal III-167 den Bhunreacht mura nglacfaidh an Coimisiún a mhalairt de chinneadh Eorpach de bhun Airteagal III-168 den Bhunreacht. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cinntí atá faoi réir na n-imeachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 64 de Chomhaontú LEE.

3.   Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, leanfaidh cinntí arna nglacadh ag Údarás Faireacháin CSTE de bheith bailí i ndiaidh an 1 Eanáir 1995 mura nglacfaidh an Coimisiún a mhalairt de chinneadh cuí-réasúnaithe, i gcomhréir le dlí an Aontais.

ROINN 5

Forálacha maidir le hOileáin Åland

Airteagal 56

Ní fhágfaidh forálacha an Bhunreachta nach ndéanfar na forálacha atá i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994 a chur i bhfeidhm maidir le hOileáin Åland:

(a)

ar shrianta, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar an gceart ag daoine nádúrtha nach bhfuil hembygdsrätt/kotiseutuoikeus (saoránacht réigiúnach) acu in Åland, agus ag daoine dlítheanacha, maoin réadach a fháil agus a shealbhú ar Oileáin Åland gan cead ó údaráis inniúla Oileáin Åland;

(b)

ar shrianta, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar an gceart bunaíochta agus ar an gceart seirbhísí a sholáthar ag daoine nádúrtha nach bhfuil hembygdsrätt/kotiseutuoikeus (saoránacht réigiúnach) acu in Åland, nó ag daoine dlítheanacha, gan cead ó údaráis inniúla Oileáin Åland.

Airteagal 57

1.   Déanfar críoch Oileáin Åland — a mheasfar gur tríú críoch í, mar atá sainithe sa tríú fleasc d'Airteagal 3(1) de Threoir 77/388/CEE ón gComhairle, agus gur críoch náisiúnta í nach dtig faoi raon feidhme na dtreoracha maidir le comhchuibhiú dleachta máil mar atá sainithe in Airteagal 2 de Threoir 92/12/CEE ón gComhairle — a eisiamh ó chur i bhfeidhm críochach dhlí an Aontais i réimsí chomhchuibhiú dhlíthe na mBallstát maidir le cánacha láimhdeachais agus le dleachtanna máil agus foirmeacha eile de chánachas indíreach.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le forálacha Threoir 69/335/CEE ón gComhairle maidir le dleacht chaipitil.

2.   Is é is aidhm don mhaolú dá bhforáiltear i mír 1 geilleagar áitiúil inmharthana a chothabháil sna hOileáin agus ní bheidh aon éifeachtaí diúltacha aige ar leasanna an Aontais ná ar a chuid comhbheartas. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil call a thuilleadh leis na forálacha i mír 1, go háirithe maidir le hiomaíocht chóir nó le hacmhainní dílse, cuirfidh sé tograí iomchuí faoi bhráid na Comhairle a ghlacfaidh na gníomhartha is gá i gcomhréir le hairteagail ábhartha an Bhunreachta.

Airteagal 58

Áiritheoidh Poblacht na Fionlainne go gcuirfear an chóir chéanna i bhfeidhm ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha uile na mBallstát in Oileáin Åland.

Airteagal 59

Beidh feidhm ag forálacha na Roinne seo i bhfianaise an Dearbhaithe maidir le hOileáin Åland ina n-ionchorpraítear friotal bhrollach Phrótacal Uimh. 2 atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne, gan a éifeacht dhlíthiúil a athrú.

ROINN 6

Forálacha maidir leis an bpobal Sami

Airteagal 60

D'ainneoin fhorálacha an Bhunreachta, féadfar cearta eisiacha do riar réinfhianna laistigh de limistéir thraidisiúnta Sami a dheonú don phobal Sami.

Airteagal 61

Féadfar an Roinn seo a fhairsingiú chun aird a thabhairt ar aon fhorás breise ar chearta eisiacha Sami atá nasctha lena ngléas beo traidisiúnta. Féadfaidh dlí Eorpach ón gComhairle na leasuithe is gá ar an Roinn seo a dhéanamh. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Coiste na Réigiún.

Airteagal 62

Beidh feidhm ag forálacha an Teidil seo i bhfianaise an Dearbhaithe maidir leis an bpobal Sami ina n-ionchorpraítear friotal bhrollach Phrótacal Uimh. 3 atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne, gan a éifeacht dhlíthiúil a athrú.

ROINN 7

Forálacha speisialta faoi chuimsiú na gCistí Struchtúracha san Fhionlainn agus sa tSualainn

Airteagal 63

Beidh limistéir atá folaithe ag an gcuspóir forbairt agus oiriúnú struchtú