BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)
1 Lúnasa 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Aontas custaim – Dleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh – Rialachán (CEE) Uimh. 1430/79 – Dleachtanna custaim a bailíodh de shárú ar dhlí an Aontais – An tríú fomhír d’Airteagal 2(2) – Coinníollacha maidir le haisíocaíocht uathoibríoch – Cinneadh gur toibhíodh na dleachtanna sin go míchuí roimh dhul in éag thréimhse 3 bliana ón dáta a cuireadh san áireamh na dleachtanna sin – A chinneadh go bhfuil na húdaráis chustaim náisiúnta ar an eolas faoi aitheantas na n‑oibreoirí lena mbaineann agus faoin méid atá le haisíoc le gach ceann acu – Oibleagáid ar na húdaráis sin na bearta is gá agus is iomchuí a dhéanamh chun an fhaisnéis is gá a fháil chun aisíocaíocht den sórt sin a dhéanamh)
I gCás C‑206/24,
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Cour de cassation (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh, an Fhrainc), trí bhreith an 13 Márta 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 14 Márta 2024, sna himeachtaí
YX,
Logística i Gestió Caves Andorranes i Vidal SA
v
Ministre de l’Économie, des Finances et de la Relance,
Direction générale des douanes et droits indirects,
tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. L. Arastey Sahún (Rapóirtéir), Uachtarán Dlísheomra, D. Gratsias, E. Regan, J. Passer agus B. Smulders, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: R. Norkus,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Rialtas na Fraince, ag P. Chansou agus B. Travard, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag A. Demeneix agus B. Eggers, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 6 Márta 2025
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 2(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 1430/79 ón gComhairle an 2 Iúil 1979 maidir le haisíocaíocht nó loghadh na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí (IO 1979 L 175, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CEE) Uimh. 3069/86 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 1986 (IO 1986 L 286, lch. 1) (‘Rialachán Uimh. 1430/79’), agus leis an tríú fomhír d’Airteagal 236(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO 1992 L 302, lch. 1; ‘Cód Custaim an Chomhphobail’). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir YX agus Logística i Gestió Caves Andorranes i Vidal SA (‘Caves Andorranes’), cuideachta atá corpraithe faoi dhlíthe Andóra, agus Ministre de l’Économie, des Finances et de la Relance (Aireacht um an nGeilleagar, um Airgeadas agus um Théarnamh, an Fhrainc) agus Directeur général des douanes et droits indirects (Ard-Stiúrthóir Custam agus Cánacha Indíreacha, an Fhrainc) maidir le haisíoc ex officio dleachtanna custaim arna dtobhach go míchuí i leith allmhairí earraí de thionscnamh tríú tíortha isteach in Andóra. |
An dlí lena mbaineann
Rialachán Uimh. 1430/79
|
3 |
Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 1 de Rialachán Uimh. 1430/79: ‘1. Leagtar síos leis an Rialachán seo na coinníollacha faoina ndéanfaidh na húdaráis inniúla dleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh. 2. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: [...]
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
4 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 2 den Rialachán sin: ‘1. Déanfar dleachtanna ar allmhairí a aisíoc nó a loghadh a mhéid atá na húdaráis inniúla sásta go bhfuil méid na ndleachtanna sin a cuireadh san áireamh:
2. Déanfar dleachtanna ar allmhairí a aisíoc nó a loghadh ar cheann de na forais dá dtagraítear i mír 1 ar iarratas a thaisceadh leis an oifig custaim lena mbaineann roimh dhul in éag thréimhse 3 bliana ón dáta a cuireadh san áireamh na dleachtanna sin. Ní féidir síneadh a chur leis an tréimhse sin, mura rud é gur chuir an duine lena mbaineann fianaise ar fáil gur cuireadh cosc air a iarratas a chur isteach laistigh den tréimhse sin de bharr imthosca nárbh fhéidir a thuar nó de bharr force majeure. Déanfaidh na húdaráis inniúla a aisíoc nó a loghadh ar a dtionscnamh féin i gcás ina dtagann siad féin ar an eolas, laistigh den tréimhse sin, go bhfuil ceann amháin nó ceann eile de na cásanna a thuairiscítear i mír 1 ann.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
Seo a leanas foclaíocht Airteagal 15 den Rialachán sin: ‘Ní dhéanfar dleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc ná a loghadh ach amháin chuig an duine a d’íoc na dleachtanna sin nó atá faoi dhliteanas iad a íoc, nó chuig na daoine a tháinig i gcomharbas air ina chearta agus ina oibleagáidí.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
6 |
Rinneadh Rialachán Uimh. 1430/79 a aisghairm le hAirteagal 251 de Chód Custaim an Chomhphobail. |
Cód Custam an Chomhphobail
|
7 |
Foráiltear le hAirteagal 236 de Chód Custaim an Chomhphobail: ‘1. Déanfar dleachtanna ar allmhairí nó dleachtanna ar onnmhairí a aisíoc a mhéid a shuitear nach raibh méid na ndleachtanna sin dlite go dlíthiúil nuair a íocadh iad nó gur cuireadh an méid san áireamh contrártha d’Airteagal 220(2). Déanfar dleachtanna ar allmhairí nó dleachtanna ar onnmhairí a loghadh a mhéid a shuitear nach raibh méid na ndleachtanna sin dlite go dlíthiúil nuair a cuireadh san áireamh iad nó gur cuireadh an méid san áireamh contrártha d’Airteagal 220(2). Ní dheonófar aon aisíocaíocht ná loghadh nuair is toradh ar ghníomh d’aon ghnó ag an duine lena mbaineann na fíorais as ar eascair méid nach raibh dlite go dlíthiúil a íoc nó a chur san áireamh. 2. Déanfar dleachtanna ar allmhairí nó dleachtanna ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh nuair a chuirfear iarratas isteach chuig an oifig custaim iomchuí laistigh de thréimhse 3 bliana ón dáta a cuireadh méid na ndleachtanna sin in iúl don fhéichiúnaí. Cuirfear síneadh leis an tréimhse i gcás ina gcuirfidh an t‑iarratasóir fianaise ar fáil gur cuireadh bac air a iarratas a chur isteach laistigh den tréimhse a forordaíodh de bharr cúinsí neamh-intuartha nó de bharr force majeure. Aisíocfaidh nó logfaidh na húdaráis chustaim i gcás, laistigh den tréimhse sin go bhfaighidh na húdaráis chustaim féin amach go bhfuil ceann amháin nó eile de na cásanna a thuairiscítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír de mhír 1 ann.’ |
|
8 |
I gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 253 de, bhí feidhm ag an gCód sin ón 1 Eanáir 1994. |
|
9 |
Aisghaireadh an Cód sin le hAirteagal 186 de Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO 2008 L 145, lch. 1), tar éis an chóid dheireanaigh sin a aisghairm le hAirteagal 286 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1, agus ceartúchán IO 2016 L 267, lch. 2). |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
10 |
Idir 1988 agus 1991, d’allmhairigh cuideachtaí a corpraíodh faoi dhlíthe Andóra isteach in Andóra, tríd an comhlacht Ysal, gníomhaire custaim arna bhunú sa Fhrainc, earraí ó, inter alia, tíortha nach Ballstáit iad. Mar thoradh ar na hallmhairí sin, íocadh dleachtanna custaim sa Fhrainc. An tráth sin, d’éiligh údaráis chustaim na Fraince go scaoilfí earraí a thagann ó thríú tíortha agus atá ceaptha le haghaidh Andóra i saorchúrsaíocht nuair a thrasnaigh siad críoch na Fraince. |
|
11 |
An 23 Eanáir 1991, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach tuairim réasúnaithe COM(90) 2042 final, inar chinn sé, ar an gcéad dul síos, trí fhoráil a dhéanamh maidir le ceanglas den sórt sin maidir le hearraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht, nár chomhlíon Poblacht na Fraince a hoibleagáidí faoi fhorálacha áirithe de dhlí an Aontais agus, ar an dara dul síos, d’iarr sé ar an mBallstát sin na bearta is gá a dhéanamh chun an tuairim réasúnaithe sin a chomhlíonadh laistigh de 30 lá. |
|
12 |
Is léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte gur chuir údaráis na Fraince in iúl don Choimisiún an 27 Márta 1991 gur chinn siad freagra fabhrach a thabhairt ar iarraidh an Choimisiúin trí dheireadh a chur leis an gceanglas sin maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht, rud a rinne siad trí fhógra a thabhairt d’allmhaireoirí agus d’onnmhaireoirí na hAireachta um an nGeilleagar, um Airgeadas agus um Théarnamh (an Fhrainc), a foilsíodh in Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince an 6 Meitheamh 1991. |
|
13 |
An 20 Bealtaine 2008, thug Ysal caingean i gcoinne riarachán custaim na Fraince os comhair cúirt chéadchéime de chuid na Fraince ag lorg aisíocaíocht na ndleachtanna custaim arna mbailiú ag an údarás sin go mícheart i leith allmhairí earraí ó thríú tíortha go hAndóra idir 1988 agus 1991 (‘na dleachtanna custaim atá i gceist’). |
|
14 |
Le breithiúnas an 15 Meitheamh 2010, dhearbhaigh an chúirt chéadchéime sin go raibh caingean Ysal do-ghlactha mar gheall ar easpa seasaimh agus easpa leasa in imeachtaí a thionscnamh. Seasadh leis an mbreithiúnas sin ar achomharc an 13 Nollaig 2011. |
|
15 |
Le breithiúnas an 21 Eanáir 2014, dhiúltaigh an Cour de cassation (an Chúirt Achomhairc, an Fhrainc) don achomharc a rinne Ysal i gcoinne an achomhairc sin. Is léir ó na doiciméid atá os comhair na cúirte, sa bhreithiúnas sin, gur thug an Cour de cassation (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh, an Fhrainc) faoi deara, inter alia, gur aisíoc allmhaireoirí Andóra na dleachtanna custaim atá i gceist le Ysal, a d’íoc Ysal thar a gceann, agus, dá bhrí sin, nach raibh seasamh agus leas ach ag na hallmhaireoirí sin amháin in imeachtaí a thionscnamh. |
|
16 |
An 16 Iúil 2015, thionscain na hallmhaireoirí sin, a bhfuil Caves Andorranes agus YX díoraithe óna gcearta, caingean i gcoinne riarachán custaim na Fraince os comhair an Tribunal de grande instance de Toulouse (Cúirt Réigiúnach, Toulouse, an Fhrainc) ag iarraidh go n‑íocfaí suim a fhreagraíonn do na dleachtanna custaim atá i gceist, a bhailigh an t‑údarás sin go mícheart. Le breithiúnas an 4 Iúil 2017, rinne an chúirt sin an chaingean a dhiúltú. |
|
17 |
Le breithiúnas an 10 Feabhra 2020, sheas an cour d’appel de Toulouse (Cúirt Achomhairc Toulouse, an Fhrainc) leis an mbreithiúnas sin. I ndáil leis sin, chinn sí go raibh an fhasinéis is gá ag teastáil ó údarás custaim na Fraince, chun na dleachtanna custaim atá i gceist a aisíoc ex officio ar bhonn Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 1430/79 agus an tríú fomhír d’Airteagal 236(2) de Chód Custaim an Chomhphobail, chun méid na dleachta atá le haisíoc agus aitheantas gach duine atá faoi dhliteanas i leith íocaíochta araon a chinneadh, gan imscrúduithe díréireacha a dhéanamh. |
|
18 |
Rinne Caves Andorranes agus YX achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair an Cour de cassation (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh, an Fhrainc), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, a mhaíonn siad, go bunúsach, gur sháraigh an Cour d’appel de Toulouse (Cúirt Réigiúnach, Toulouse, an Fhrainc), lena breithiúnas an 10 Feabhra 2020, Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 1430/79. Níl an oibleagáid maidir le haisíoc ex officio a leagtar síos san fhoráil sin ach faoi réir chomhlíonadh le tréimhse 3 bliana ón dáta a chuirtear na dleachtanna custaim in iúl don fhéichiúnaí. Ar an taobh eile, ní fhoráiltear leis an bhforáil sin nach mór an fhaisnéis is gá a bheith ar fáil do na húdaráis chustaim chun méid na dleachta atá le haisíoc agus aitheantas gach duine atá faoi dhliteanas i leith íocaíochta a chinneadh. Dá bhrí sin, chuir an Cour d’appel de Toulouse (Cúirt Réigiúnach, Toulouse, an Fhrainc) coinníoll leis an bhforáil sin nach bhfuil inti. |
|
19 |
Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur nach féidir le riarachán custaim na Fraince na dleachtanna custaim atá i gceist a aisíoc as a stuaim féin ach amháin má tá an fhaisnéis uile aici lena gcuirtear ar a chumas a chinneadh gur bailíodh na dleachtanna sin go míchuí agus nach mór iad a aisíoc. Ní féidir a cheangal ar an riarachán custaim imscrúduithe mionsonraithe a dhéanamh chun méid na ndleachtanna atá le haisíoc le gach ceann de na hoibreoirí lena mbaineann a chinneadh. |
|
20 |
Dá bhrí sin, fiafraíonn an Cour de cassation (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh, an Fhrainc) sin an gá Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 1430/79 agus Airteagal 236(2) de Chód Custaim an Chomhphobail a léiriú sa chaoi nach gceanglaítear ar an údarás náisiúnta inniúil, dleachtanna custaim a aisíoc ach amháin más rud é, chun é sin a dhéanamh, go bhfuil an fhaisnéis uile is gá aige agus, ina éagmais sin, nár cheart dó imscrúduithe díréireacha a dhéanamh. |
|
21 |
De réir na cúirte sin, tagann an cheist chun cinn freisin an féidir le húdarás náisiúnta custaim aisíocaíocht uaidh féin a dhéanamh tar éis thréimhse 3 bliana ón dáta a cuireadh na dleachtanna in iúl don fhéichiúnaí. I bhfianaise bhreithiúnas an 14 Meitheamh 2012, CIVAD (C‑533/10, EU:C:2012:347), mír 21, inar chinn an Chúirt go leagtar síos leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 236(2) de Chód Custaim an Chomhphobail, teorainn 3 bliana, aisíocaíocht dleachtanna custaim nach bhfuil dlite go dlíthiúil, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gá Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 1430/79 a léiriú sa chaoi nach bhféadfadh na húdaráis inniúla, tar éis na tréimhse sin, aisíocaíocht a dhéanamh as a stuaim féin, fiú má shuitear gur chinn siad, le linn na tréimhse sin, nach raibh na dleachtanna sin dlite go dleathach. |
|
22 |
Sna himthosca seo, chinn an Cour de cassation (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh, an Fhrainc) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:
|
Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú
|
23 |
Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, ag féachaint don dáta a éilítear gur tháinig an ceart chun aisíocaíocht a fháil ar na dleachtanna custaim atá i gceist chun cinn ex officio, gurb iad forálacha Rialachán Uimh. 1430/79 a bhfuil feidhm acu go heisiach maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí. |
|
24 |
Dá bhrí sin, ní mór a mheas, lena dhá cheist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá an tríú fomhír d’Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 1430/79 a léiriú sa chaoi go bhfuil oibleagáid ann dleachtanna custaim a aisíoc ex officio ag údarás custaim náisiúnta faoi réir, ar an gcéad dul síos, gur shuigh an t‑údarás sin féin, roimh dhul in éag thréimhse 3 bliana ó cuireadh na dleachtanna sin san áireamh, gur toibhíodh go míchuí agus, ar an dara dul síos, go bhfuil aitheantas na n‑oibreoirí lena mbaineann agus an méid atá le haisíoc le gach ceann acu ar eolas ag an údarás sin. Sa chomhthéacs sin, tá amhras ar an gcúirt sin maidir leis na bearta nach mór don údarás sin a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, chun faisnéis den sórt sin a fháil. |
|
25 |
Leanann sé ó Airteagal 2(1) den Rialachán sin, go háirithe, go bhfuil dleachtanna custaim le haisíoc a mhéid a shuitear, chun sástacht na n‑údarás inniúil, go mbaineann an méid dleachtanna a cuireadh san áireamh le hearraí nár toibhíodh aon fhiach custaim ina leith nó gur mó é ná an méid a bhí dlite go dlíthiúil. |
|
26 |
Leagtar síos in Airteagal 2(2) den Rialachán sin dhá nós imeachta ar leith chun aisíocaíocht den sórt sin a dhéanamh, ar iarratas nó ex officio (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2017, Aqua Pro, C‑407/16, EU:C:2017:817, mír 41). |
|
27 |
Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 1430/79, tá aisíocaíocht le tabhairt ar iarratas a thaisceadh leis an oifig custaim lena mbaineann roimh dhul in éag thréimhse 3 bliana ón dáta a cuireadh san áireamh na dleachtanna sin. Ar an dara dul síos, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 2(2) den Rialachán sin, ní mór do na húdaráis inniúla aisíocaíocht a dhéanamh as a stuaim féin i gcás ina dtagann siad féin ar an eolas, le linn na tréimhse sin, gurb ann do cheann amháin nó eile de na cásanna a thuairiscítear in Airteagal 2(1) den Rialachán sin. |
|
28 |
I bhfianaise na gcásanna a thuairiscítear in Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 1430/79, leanann sé as sin go n‑aisíocfaidh na húdaráis sin dleachtanna custaim i gcás ina suíonn siad, le linn na tréimhse sin, gur bailíodh go míchuí iad, is é sin le rá, i gcás ina suitear, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Rialachán sin, chun sástacht na n‑údarás sin, go háirithe, go mbaineann an méid dleachta a cuireadh san áireamh le hearraí nár tabhaíodh aon fhiach custaim ina leith nó gur mó é ná an méid a bhí dlite go dleathach. |
|
29 |
I ndáil leis sin, leis an tríú fomhír d’Airteagal 2(2) den Rialachán sin, a mhéid a fhoráiltear leis i dtéarmaí catagóire go n‑aisíocfaidh na húdaráis chustaim náisiúnta ‘as a stuaim féin’, forchuirtear oibleagáid ar na húdaráis sin aisíocaíocht a dhéanamh gan iallach a bheith ar an allmhaireoir lena mbaineann í a iarraidh. |
|
30 |
Ós rud é, san fhoráil sin, go leanann na focail ‘le linn na tréimhse sin’ an briathar ‘bunaigh’, ní mór a thuiscint go gciallaíonn na focail sin, chun go n‑eascróidh an oibleagáid aisíocaíochta sin, nach mór cinneadh den sórt sin a dhéanamh roimh dhul in éag thréimhse 3 bliana ón dáta a cuireadh na dleachtanna custaim san áireamh. I gcomhréir le hAirteagal 1(2)(e) de Rialachán Uimh. 1430/79, comhfhreagraíonn an dáta sin do dháta glactha an ghnímh riaracháin lenar bhunaigh na húdaráis inniúla méid na ndualgas sin ar dtús. |
|
31 |
Dá réir sin, ní mór a mheas gurb ann d’oibleagáid ar údarás náisiúnta dleachtanna custaim a aisíoc ex officio ag brath ar an gcoinníoll gur shuigh an t‑údarás sin féin, roimh dhul in éag thréimhse 3 bliana ón dáta a cuireadh san áireamh na dleachtanna custaim lena mbaineann, gur toibhíodh na dleachtanna sin go mícheart. |
|
32 |
Sainítear leis an tréimhse sin, dá bhrí sin, an tréimhse ar lena linn a cheanglaítear ar na húdaráis chustaim náisiúnta a shuigh gur toibhíodh dleachtanna custaim go míchuí na dleachtanna agus ní mór iad a aisíoc as a stuaim féin. Ar an taobh eile, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 46 go 50 dá Thuairim, ní gá go ndéanfaí aisíocaíocht laistigh den tréimhse sin, agus mar thoradh air sin is féidir an aisíocaíocht a dhéanamh tar éis dhul in éag na tréimhse sin. |
|
33 |
Ina theannta sin, a mhéid a fhorchuirtear dleachtanna custaim i leith méideanna sonracha, arna mbunú ag an údarás náisiúnta custaim ar bhonn dearbhuithe custaim arna dtíolacadh thar ceann duine ar leith, má chinneann an t‑údarás sin gur toibhíodh dleachtanna den sórt sin go míchuí, ní mór a thabhairt le tuiscint go bhfuil méid sonrach íoctha go míchuí ag duine arb eol don údarás sin é, arb eol don údarás sin freisin. Dá bhrí sin, i gcás ina gcinnfidh an t‑údarás custaim náisiúnta gur toibhíodh dleachtanna custaim go míchuí agus go bhfuil siad le haisíoc, tá an t‑údarás ar an eolas, i bprionsabal, faoi aitheantas an duine a bhfuil sé le haisíoc leis agus faoin méid beacht atá le haisíoc. |
|
34 |
Ní féidir leis an údarás sin brath ar an bhfíoras nach bhfuil na dearbhuithe custaim arna gcur isteach ag na páirtithe lena mbaineann ar fáil dó a thuilleadh, ná na cinntí aonair a rinneadh ina leith, chun údar a thabhairt le mainneachtain fhéideartha na dleachtanna custaim a fuair sé amach, laistigh den tréimhse 3 bliana a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 1430/79, a aisíoc leis na páirtithe leasmhara sin, gur bailíodh go míchuí iad toisc, go dtí go mbeidh an tréimhse sin imithe in éag, go gceanglaítear ar na húdaráis chustaim na doiciméid agus an fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le haisíoc féideartha na ndleachtanna custaim a bailíodh a choimeád. |
|
35 |
Tá feidhm ag na breithnithe sin freisin i gcás ina n‑eascraíonn cineál míchuí bhailiú na ndleachtanna custaim as earráid a rinne an t‑údarás náisiúnta custaim a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht dleachtanna custaim a ghearradh ar allmhairí ó thríú tír ar leith nó chuig tríú tír ar leith. Is fíor go bhféadfadh earráid den sórt sin difear a dhéanamh do líon suntasach oibreoirí agus cinntí aonair agus, dá bhrí sin, a cheangal ar údarás custaim an Bhallstáit lena mbaineann taighde cainníochtúil a dhéanamh chun na daoine atá i dteideal aisíocaíochta a shainaithint. Mar sin féin, is cásdlí socair é nach bhféadfaidh údaráis Bhallstáit deacrachtaí praiticiúla, riaracháin nó airgeadais a phléadáil chun údar a thabhairt le neamhchomhlíonadh na n‑oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais Eorpaigh (breithiúnas an 27 Feabhra 2020, an Coimisiún v an Bheilg(Cuntasóirí), C‑384/18, EU:C:2020:124, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
36 |
Is fíor, i gcásanna áirithe, chun dleachtanna custaim a toibhíodh go míchuí a aisíoc, go bhféadfadh faisnéis áirithe nach bhfuil ina sheilbh nó nach bhféadfadh a bheith ina sheilbh a bheith ag teastáil ón údarás custaim náisiúnta. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, maidir le haitheantas an duine nó na ndaoine a tháinig i gcomharbas ar an duine a d’íoc na dleachtanna atá le haisíoc, ós rud é, i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 15 de Rialachán Uimh. 1430/79, nach ndeonaítear aisíocaíocht dleachtanna custaim ach amháin don duine a d’íoc na dleachtanna sin nó do na daoine a tháinig i gcomharbas air maidir lena chearta agus lena oibleagáidí. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh freisin i gcás sonraí cuntais bainc a bhfuil an aisíocaíocht le déanamh isteach ann. |
|
37 |
Mar sin féin, tá an fíoras sin ábhartha, i gcás inarb iomchuí, chun a shuí gurb ann d’oibleagáid aisíocaíochta, ós rud é go dtagann oibleagáid den sórt sin chun cinn a luaithe a chinneann an t‑údarás náisiúnta custaim, sna himthosca dá dtagraítear i mír 31 den bhreithiúnas seo, go raibh íocaíocht dleachtanna custaim míchuí, ach chun a chinneadh ar mhainnigh an t‑údarás sin, trí mhoill a chur ar an aisíocaíocht sin, nó trí mhainneachtain aisíocaíocht den sórt sin a dhéanamh, a oibleagáid gníomhú ex officio a chomhlíonadh. |
|
38 |
Go sonrach, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil don údarás custaim sin, gan locht a bheith air, chun dleachtanna custaim arna dtobhach go míchuí a aisíoc, amhail na dleachtanna dá dtagraítear i mír 36 den bhreithiúnas seo, is faoin údarás custaim sin atá sé, chun a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le haisíocaíocht faoin tríú fomhír d’Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 1430/79, na bearta is gá agus is iomchuí a dhéanamh chun an fhaisnéis sin a fháil. Is fíor nach n‑áirítear le bearta den sórt sin taighde díréireach, eadhon taighde lena n‑éileofaí úsáid acmhainní daonna agus ábhair nach mbaineann leis an méid a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta ó riarachán dícheallach. Mar sin féin, níl dearcadh éighníomhach ón údarás custaim, ar an leithscéal nach bhfuil an fhaisnéis sin aige, ag luí lena oibleagáid thuasluaite maidir le haisíoc ná leis na ceanglais a eascraíonn as an gceart chun dea-riaracháin, ar prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é atá beartaithe a chur i bhfeidhm maidir leis na Ballstáit agus an ceart sin á chur chun feidhme acu (féach breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2022, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság agus páirtithe eile, C‑159/21, EU:C:2022:708, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
39 |
Sa chás atá i gceist sna príomhimeachtaí, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh an féidir a mheas gur shuigh údaráis chustaim na Fraince iad féin, roimh dhul in éag thréimhse 3 bliana ó cuireadh na dleachtanna custaim atá i gceist san áireamh, gur toibhíodh na dleachtanna sin go mícheart. D’fhonn treoir a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur sa mheasúnú sin, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, mar sin féin, na heilimintí léirithe go léir faoi dhlí an Aontais a d’fhéadfadh a bheith úsáideach di a sholáthar di (féach, inter alia, breithiúnas an 7 Aibreán 2022, Berlin Chemie A. Menarini, C‑333/20, EU:C:2022:291, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
40 |
I ndáil leis sin, is léir ó na doiciméid os comhair na Cúirte gur sheol an Coimisiún tuairim réasúnaithe chuig Poblacht na Fraince, an 23 Eanáir 1991 inar mhaígh sé go raibh an cleachtas maidir le ceangal a chur ar Phoblacht na Fraince dleachtanna custaim a íoc i leith earraí a thagann ó thríú tíortha agus atá ceaptha le haghaidh Andóra contrártha do dhlí an Aontais. I litir dar dáta an 27 Márta 1991, d’fhreagair údaráis na Fraince don Choimisiún gur chinn siad freagra fabhrach a thabhairt ar iarraidh an Choimisiúin agus, agus forálacha comhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an tríú tír sin, a bhí le teacht i bhfeidhm an 1 Iúil 1991, á gcur san áireamh, na socruithe maidir le honnmhairiú táirgí talmhaíochta chuig Andóra a leasú roimh ré. Le tuairim aireachta an 6 Meitheamh 1991, chuir údaráis na Fraince deireadh leis an gcleachtas sin i leith na n‑earraí uile a thagann ó thríú tíortha agus atá ceaptha d’Andóra. |
|
41 |
Dá mbeadh an chúirt a rinne an tarchur den tuairim gur féidir a thuiscint ó na himeachtaí sin gur chinn údaráis chustaim na Fraince go hintuigthe ach go riachtanach gur toibhíodh go neamhdhleathach na dleachtanna custaim a toibhíodh ar allmhairiú earraí ó thríú tíortha go hAndóra, ós rud é nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach ag tuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an gCoimisiún, ann féin (féach, inter alia, breithiúnas an 29 Meán Fómhair 1998, an Coimisiún v an Ghearmáin, C‑191/95, EU:C:1998:441, mír 44), ní mór a mheas go ndearna na húdaráis chustaim sin cinneadh den sórt sin ‘iad féin’, agus mar thoradh air sin go raibh na húdaráis chustaim sin faoi oibleagáid, chun an tríú fomhír d’Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 1430/79 a chomhlíonadh, na dleachtanna custaim atá i gceist a aisíoc as a stuaim féin, ós rud é gur bailíodh iad le linn na 3 bliana roimh an gcinneadh sin. |
|
42 |
Má tharlaíonn sé, chun na dleachtanna custaim atá i gceist a aisíoc, go raibh faisnéis bhreise ag teastáil ó údaráis chustaim na Fraince, amhail an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 36 den bhreithiúnas seo, nach raibh agus nach bhféadfadh a bheith ina seilbh acu, beidh ar an gcúirt a rinne an tarchur scrúdú a dhéanamh, d’fhonn a chinneadh ar mhainnigh na húdaráis sin go mícheart a n‑oibleagáid a chomhlíonadh maidir leis an aisíocaíocht sin a aisíoc as a stuaim féin faoin tríú fomhír d’Airteagal 2(2), an ndearna na húdaráis sin, tar éis dóibh a chinneadh gur bailíodh na dleachtanna custaim atá i gceist go neamhdhleathach, bearta a dhéanamh a bhí riachtanach agus iomchuí, gan bheith díréireach, chun an fhaisnéis sin a fháil. I ndáil leis sin, faoi réir mheasúnú na cúirte a rinne an tarchur, ní mór a mheas, mar sin féin, nach léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte go ndearnadh na bearta sin. |
|
43 |
I bhfianaise na gcúiseanna go léir roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a tarchuireadh nach mór an tríú fomhír d’Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 1430/79 a léiriú sa chaoi go bhfuil oibleagáid ann dleachtanna custaim a aisíoc ex officio ag údarás náisiúnta custaim faoi réir an fhíorais gur shuigh an t‑údarás sin, roimh dhul in éag thréimhse 3 bliana ó cuireadh na dleachtanna sin san áireamh, gur toibhíodh na dleachtanna sin go míchuí, agus go dtugtar le tuiscint leis sin go bhfuil an t‑údarás sin ar an eolas faoi aitheantas na ndaoine a d’íoc na dleachtanna sin agus faoin méid atá le haisíoc le gach ceann acu. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá ag an údarás sin, agus nach bhféadfadh an fhaisnéis a bheith ar fáil dó, chun aisíocaíocht den sórt sin a dhéanamh leis an duine a d’íoc na dleachtanna custaim a toibhíodh go mícheart nó lena chomharbaí maidir lena chearta agus lena oibleagáidí, is faoin údarás sin atá sé, d’fhonn a oibleagáid maidir le haisíoc a chomhlíonadh, na bearta is gá agus is iomchuí a ghlacadh, gan bheith díréireach, chun an fhaisnéis sin a fháil agus chun aisíocaíocht a dhéanamh. |
Costais
|
44 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Maidir leis an tríú fomhír d’Airteagal 2(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 1430/79 ón gComhairle an 2 Iúil 1979, maidir le haisíocaíocht nó loghadh na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí arna leasú le Rialachán (CEE) Uimh. 3069/86 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 1986, |
|
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: |
|
oibleagáid na dleachtanna custaim a aisíoc ex officio ag údarás náisiúnta custaim faoi réir an fhíorais gur shuigh an t‑údarás sin, roimh dhul in éag thréimhse 3 bliana ó cuireadh na ndleachtanna sin san áireamh, gur toibhíodh na dleachtanna sin go míchuí, agus go dtugtar le tuiscint leis sin go bhfuil an t‑údarás sin ar an eolas faoi aitheantas na ndaoine a d’íoc na dleachtanna sin agus faoin méid atá le haisíoc le gach ceann acu. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá ag an údarás sin, agus nach bhféadfadh an fhaisnéis a bheith ar fáil dó, chun aisíocaíocht den sórt sin a dhéanamh leis an duine a d’íoc na dleachtanna custaim a toibhíodh go mícheart nó lena chomharbaí maidir lena chearta agus lena oibleagáidí, is faoin údarás sin atá sé, d’fhonn a oibleagáid maidir le haisíoc a chomhlíonadh, na bearta is gá agus is iomchuí a ghlacadh, gan bheith díréireach, chun an fhaisnéis sin a fháil agus chun aisíocaíocht a dhéanamh. |
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis.