2.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 155/29 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation du Grand-Duché de Luxembourg (Lucsamburg) a taisceadh an 23 Eanair 2023 – FV v Caisse pour l’avenir des enfants
(Cás C-27/23, Hocinx) (1)
(2023/C 155/36)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour de cassation du Grand-Duché de Luxembourg
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: FV
Cosantóir: Caisse pour l’avenir des enfants
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An gcuirtear cosc, le prionsabal na córa comhionainne arna ráthú ag Airteagal 45 CFAE agus ag Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 (2) agus le hAirteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (3) agus Airteagal 60 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 (4), ar fhorálacha arna n-achtú ag Ballstát nach bhféadfaidh oibrithe trasteorann liúntas teaghlaigh a fháil, liúntas a bhaineann lena ghníomhú mar dhuine fostaithe sa Bhallstát sin, le haghaidh leanaí a chuirtear faoina gcúram faoi ordú cúirte, cé go bhfuil aon leanbh a chuirtear faoi chúram faoi ordú cúirte agus atá ina chónaí sa Bhallstát sin i dteideal an liúntas sin a fháil, liúntas a íoctar leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil coimeád an linbh acu agus a bhfuil cónaí oifigiúil ar an leanbh leo agus lena bhfuil sé nó sí ag maireachtáil i ndáiríre agus ar bhonn leanúnach? An bhfuil tionchar le himirt ar fhreagra na ceiste sin toisc go bhfuil an t-oibrí trasteorann ag soláthar maidir le cothabháil an linbh sin?
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d'fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Aontas (IO 2011 L 141, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO 2009 L 284, lch. 1).