BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Tríú Dlísheomra)

13 Márta 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Cabhair arna deonú ag na Ballstáit – An coincheap ‘cabhair’ – Reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar foráil maidir le beart i bhfabhar gnóthas atá gníomhach in earnáil na dteilgcheártaí iarainn agus cruach i gcás dúnadh páirteach nó iomlán a láithreán táirgthe – Ranníocaíocht airgeadais – Buntáiste)

I gCásanna uamtha C‑746/23 agus C‑747/23,

Dhá IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit, an Iodáil), trí bhreitheanna an 29 Samhain 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 5 Nollaig 2023, sna himeachtaí

Cividale SpA,

Flag Srl (C‑746/23),

Duferco Italia Holding SpA,

Duferco Sertubi SpA (C‑747/23)

v

Ministero dello Sviluppo economico,

Direzione generale per l’incentivazione delle attività imprenditoriali del Ministero dello Sviluppo economico,

Dipartimento per lo Sviluppo e la Coesione economica del Ministero dello Sviluppo economico,

Direzione generale per l’incentivazione delle attività imprenditoriali del Ministero dello Sviluppo economico-Divisione X,

idiragraithe:

Fonderia di Torbole SpA,

tugann AN CHÚIRT (an Tríú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta ar seo a leanas: C. Lycourgos, Uachtarán Dlísheomra, S. Rodin (Rapóirtéir), N. Piçarra, O. Spineanu-Matei agus N. Fenger, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Cividale SpA agus Flag Srl, ag S. Grassani agus S. Mendolia, avvocati,

Duferco Italia Holding SpA agus Duferco Sertubi SpA, ag S. Grassani agus S. Mendolia, avvocati,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó S. Fiorentino, avvocato dello Stato,

an Coimisiún Eorpach, ag D. Recchia agus B. Stromsky, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas

1

Baineann na hiarrataí ar réamhrialú le léiriú Airteagail 107 agus 108 CFAE agus Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle an 22 Márta 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal [89 CE] a chur i bhfeidhm (IO 1999 L 83, lch. 1).

2

Rinneadh na hiarrataí in dhá shraith imeachtaí idir, faoi seach, Cividale SpA agus Flag Srl, i gCás C‑746/23, agus Duferco Italia Holding SpA agus Duferco Sertubi SpA, i gCás C‑747/23, agus Ministero dello Sviluppo economico (an Aireacht Forbartha Eacnamaíche, an Iodáil) (‘MISE’), agus Direzione generale per l’incentivazione delle attività imprenditoriali del Ministero dello Sviluppo economico (an Ard-Stiúrthóireacht um Bearta Dreasacha do Ghnóthais MISE), an Iodáil), Dipartimento per lo Sviluppo e la Coesione economica del Ministero dello Sviluppo economico (an Roinn um Fhorbairt agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch MISE, an Iodáil) agus Direzione generale per l’incentivazione delle attività imprenditoriali del Ministero dello Sviluppo Economico-Divisione X (Ard-Stiúrthóireacht um Bearta Dreasachta do Ghnóthais MISE — Rannán X, an Iodáil) maidir le dlíthiúlacht na gcinntí lenar thug MISE údarú, i bhfabhar Flag agus Duferco Sertubi, go ndéanfaí ranníocaíochtaí airgeadais a íoc a bhaineann lena rannpháirtíocht i gclár chun earnáil na teilgcheárta a chuíchóiriú, i méid níos ísle ná an méid a socraíodh roimhe sin agus go sealadach.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

3

Cuireadh Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 [CFAE] a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248, lch. 9) in ionad Rialachán Uimh. 659/1999. Mar sin féin, i bhfianaise na bhfíoras is cúis leis na díospóidí sna príomhimeachtaí, leanann forálacha Rialachán Uimh. 659/1999 d’fheidhm a bheith acu ina leith:

4

De réir Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 659/1999:

‘1.   Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt i rialacháin arna ndéanamh de bhun Airteagal 89 [CE] nó i bhforálacha ábhartha eile de, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann aon phleananna chun cabhair nua a dheonú in iúl don Choimisiún [na Comhphobail Eorpacha] in am trátha. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát lena mbaineann go bhfuarthas an fógra a luaithe is féidir.

2.   San fhógra, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl gach faisnéis is gá ionas go bhféadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagail 4 agus 7 (“fógra iomlán”).’

5

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 3 den Rialachán sin:

‘Maidir le cabhair is infhógartha de bhun Airteagal 2(1), ní chuirfear i bhfeidhm an chabhair sin sula mbeidh cinneadh déanta, nó sula measfar go bhfuil cinneadh déanta, ag an gCoimisiún an chabhair sin a údarú.’

6

Faoi Airteagal 8(1) den Rialachán sin:

‘Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a fhógra a tharraingt siar de réir bhrí Airteagal 2 in am trátha sula ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh de bhun Airteagal 4 nó 7.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na hIodáile

Dlí Uimh. 273/2002

7

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 12(1) agus (2) de legge n. 273 – Misure per favorire l’iniziativa privata e lo sviluppo della concorrenza (Dlí Uimh. 273 maidir le bearta chun tionscnaíocht phríobháideach agus forbairt na hiomaíochta a spreagadh) an 12 Nollaig 2002 (GURI Uimh. 293, an 14 Nollaig 2002, gnáthfhorlíonadh Uimh. 230), sa leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí (‘Dlí Uimh. 273/2002’):

‘1.   Údaraítear leithreasuithe dar luach EUR 11900000 don bhliain 2002 agus EUR 13500000 do gach ceann de na blianta 2003 agus 2004 chun clár chun earnáil na dteilgcheártaí iarainn agus cruach a chuíchóiriú a chur chun feidhme.

2.   Leis an gclár dá dtagraítear i mír 1, agus rialacha an Chomhphobail maidir le státchabhair á gcomhlíonadh, déanfar na cuspóirí seo a leanas a shaothrú:

a)

feabhsú an táirgthe a chur chun cinn, ó thaobh na leordhóthanachta de, lena n‑áirítear tríd an acmhainneacht táirgthe a atheagrú agus coinníollacha a fhorbairt atá fabhrach dá comhchruinniú i ngnóthais a bhfuil an leibhéal is airde iomaíochais mar shaintréith acu;

[...]’

Foraithne Aireachta Uimh. 73/2004

8

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 2 de decreto n. 73– Regolamento recante norme di attuazione dell’articolo 12 della legge 12 dicembre 2002, n. 273, concernente il sostegno del programma nazionale di razionalizzazione del comparto delle fonderie di ghisa e di acciaio (Foraithne Aireachta Uimh.73 – Rialacha Cur Chun Feidhme le haghaidh Airteagal 12 de Dhlí Uimh. 273/2002 maidir le tacaíocht don chlár náisiúnta chun earnáil na dteilgcheártaí iarainn agus cruach a chuíchoiriú) an 13 Eanáir 2004 (GURI Uimh. 69, an 23 Márta 2004) sa leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí (‘Foraithne Aireachta Uimh. 73/2004’):

‘1.   Chun críche atheagrú na hearnála, [earnáil na dteilgcheártaí iarainn agus cruach], ós rud é go bhfuil ró-acmhainneacht táirgthe mar shaintréith den chóras táirgthe, cláir tacaíochta dreasachtaí chun na suiteálacha agus an t‑innealra atá sa timthriall táirgthe a scriosadh go fisiciúil, as a dtiocfaidh dúnadh an láithreáin táirgthe lena mbaineann. [...]

2   Déantar méid na ranníocaíochta airgeadais a chinneadh ar bhonn an luacha is airde den dá luach dá bhforáiltear i dTeachtaireacht C (2002) 315 ón Aontas Eorpach an 7 Márta 2002, is é sin an ‘Corrlach Cion Tairbhe le haghaidh Costais Sheasta’ agus ‘Luach Iarmharach Saoráidí a bhfuil sé beartaithe iad a Dhiúscairt’, agus comhfhreagraíonn sé don mhéid seo a leanas:

a)

100 % den luach is airde den dá luach sin i gcás inar toradh é an laghdú ar acmhainneacht táirgthe ar chumasc idir gnóthais nó comhaontuithe idir gnóthais teilgcheárta lena bhforáiltear, go háirithe, do réiteach iomchuí ar shaincheisteanna fostaíochta. Go háirithe, ní mór don teilgcheárta a fhaigheann an táirgeadh díchoimisiúnaithe a chruthú go bhfuil luachanna ROS (‘return on sales’ (fáltas ar dhíolacháin) bainte amach aige de réir mheán na dtrí chlár chomhardaithe cheadaithe dheireanacha. Ní mór go ndéanfaí an cruthúnas a sholáthar le deimhniúchán arna dhéanamh ag gnólacht iniúchóireachta. Ní mór a chruthú freisin, trí bhíthin tuarascáil ó shaineolaí arna déanamh ag saineolaí teicniúil ón earnáil, go bhfuil sé de chumas aige táirgeadh na teilgcheárta a bhfuil a cuid oibríochtaí á scor aici a chur i gcrích, lena saoráidí féin;

b)

60 % den luach is airde den dá luach i gcás laghdú aonair ar an acmhainneacht táirgthe.

3.   Déanfar na luachanna thuasluaite a chinneadh mar seo a leanas:

[...]

b)

glanluach de réir na leabhar de chuid na saoráidí atá le scriosadh, lúide an dímheas a rinneadh an 31 Nollaig 2002.

[...]

5   Ceanglófar ar ghnóthais a dhéanann iarratas ar ranníocaíocht airgeadais an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:

a)

na ráitis airgeadais a athaicmiú trí úsáid a bhaint as gnólachtaí iniúchóireachta i gcomhréir leis an sceideal a leagtar amach in Iarscríbhinn D;

b)

réiteach iomchuí ar na saincheisteanna fostaíochta a eascraíonn as sin a leagan amach sna cláir um shaoráidí a scriosadh;

c)

na saoráidí a chumhdaítear leis an mbeart dreasachta a scriosadh laistigh de bhliain amháin ó fhoilsiú na Foraithne Aireachta seo in Gazzetta ufficiale della Repubblica italiana;

d)

chun tairbhe a bhaint as an ranníocaíocht airgeadais ag ráta 100 %, an comhaontú a tháirgeadh arna thabhairt i gcrích leis an ngnóthas a bhfuil sé de chumas aige táirgeadh atá comhionann leis an táirgeadh arna dhíchoimisiúnú a chur i gcrích, lena n‑áirítear na gnéithe a cheanglaítear le mír 2(a) den Airteagal seo.

6.   Is éard a bheidh i gceist le scriosadh saoráidí táirgthe codanna de na saoráidí a liostaítear in Iarscríbhinn C a bhaint. Déanfar costais na n‑oibríochtaí sin a asbhaint ó na fáltais ó dhíol na dramhaíola a bheidh mar thoradh ar an scriosadh.

[...]

8.   Déanfar na fáltais ó dhíol na dramhaíola a bheidh mar thoradh ar an scriosadh a fhaigheann na gnóthais a bhfuil iarratas déanta acu ar ranníocaíocht airgeadais, tar éis na costais a tabhaíodh le haghaidh oibríochtaí ghearradh le hocsaigin agus scriosadh na saoráidí lena mbaineann a asbhaint, a íoc le buiséad an Stáit, in aon chás tar éis mhéid iomlán na ranníocaíochta airgeadais atá dlite chun na saoráidí sin a scriosadh a fháil. [...]’

9

Foráiltear le hAirteagal 9 den Fhoraithne Aireachta sin:

‘1.   Cuirfear toirmeasc ar ghnóthais a fhaigheann ranníocaíochtaí airgeadais an acmhainneacht táirgthe a asbhaineadh laistigh de 5 bliana ó dháta na híocaíochta a athbhunú.

2.   I gcás nach gcomhlíonfar mír 1, caillfidh na gnóthais lena mbaineann an ceart chun ranníocaíochtaí airgeadais a fháil suas le méid na hacmhainneachta táirgthe a athbhunaíodh agus, dá bhrí sin, ceanglófar orthu an ranníocaíocht airgeadais chomhfhreagrach a aisíoc, lena n‑áireofar ús reachtúil agus athluacháil chomh maith.

3.   I gcás nach gcomhlíonfar an comhaontú idir gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a) den Fhoraithne Aireachta seo, caillfidh an gnóthas lena mbaineann an ceart chun tairbhe a bhaint as an ranníocaíocht airgeadais níos airde.

4.   I gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme, beidh feidhm ag forálacha na míreanna roimhe seo maidir le máthairchuideachtaí, fochuideachtaí nó, in aon chás, cuideachtaí cleamhnaithe na ngnóthas a fhaigheann ranníocaíochtaí airgeadais den sórt sin.

[...]’

Foraithne Aireachta an 6 Feabhra 2006

10

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 2 den decreto – Definizione dei criteri applicativi del regolamento attuativo 13 gennaio 2004, n. 73, per l’attribuzione dei benefici previsti in favore del comparto delle fonderie di ghisa e di acciaio, previsto dall’articolo 12 della legge 12 dicembre 2002, n. 273 (Foraithne maidir le sainmhínithe na gcritéar chun Foraithne Aireachta Uimh. 73/2004 maidir leis na buntáistí dá bhforáiltear i bhfabhar earnáil na dteilgcheártaí iarainn agus cruach a dheonú a chur i bhfeidhm, dá bhforáiltear le hAirteagal 12 de Dhlí Uimh. 273/2002) an 6 Feabhra 2006 (GURI Uimh. 36 an 13 Feabhra 2006) sa leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí (‘Foraithne Aireachta an 6 Feabhra 2006’):

‘Íocfar an cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 1 tar éis an gnóthas lena mbaineann a bhaint den chlár tráchtála i gcomhréir le hAirteagal 2495 den Codice civile (an Cód Sibhialta) nó, i gcás gnóthais a bhfuil roinnt brainsí gníomhaíochta acu, tar éis an gnó teilgcheárta a aistriú chuig gnóthas nuachruthaithe eile a scoireann den ghníomhaíocht atá i gceist, tar éis dó na hoibríochtaí agus na hoibleagáidí a bhaineann le scriosadh fisiceach na saoráidí lena mbaineann a chur i gcrích. In aon chás, ní fhéadfar an cúiteamh sin a íoc mura scriosfar na saoráidí sin laistigh de bhliain amháin ó fhoilsiú na Foraithne Aireachta atá i gceist in Gazzetta ufficiale della Repubblica italiana.’

An diospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

Cás C‑746/23

11

Bhí FLAG, cuideachta atá gníomhach in earnáil na dteilgcheártaí iarainn agus cruach agus atá faoi lánúinéireacht Cividale, ina úinéir ar bhunaíocht teilgcheárta in Marcon (an Iodáil), ina bhfuil dhá aonad táirgthe ar leithligh.

12

Tar éis comhaontú a thabhairt i gcrích le Cividale ina raibh réiteach ar na saincheisteanna fostaíochta, chuir Flag iarratas faoi bhráid MISE an 18 Meitheamh 2004 maidir leis an ranníocaíocht airgeadais a fháil a dheonaigh údaráis na hIodáile chun ceann dá haonaid táirgthe a scriosadh, de bhun Airteagal 12(2)(a) de Dhlí Uimh. 273/2000 i gcomhar le hAirteagal 2(2)(a) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 73/2004.

13

Le nóta dar dáta an 14 Meán Fómhair 2006, rinne MISE, tar éis imscrúdú chun luach na saoráide a bhí le díchoimisiúnú a chinneadh, an ranníocaíocht airgeadais a bhí le híoc le Flag a shocrú go sealadach ar thart ar EUR 1645000. Bhí íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais sin faoi réir, de pháirt amháin, seiceáil, arna déanamh ag coimisiún aireachta ad hoc, scriosadh na saoráide sin agus, de pháirt eile, aistriú an bhrainse gníomhaíochta lena mbaineann chuig cuideachta eile, a bunaíodh go heisiach chun críche an scriosta sin.

14

Le gníomh an 28 Nollaig 2006, d’aistrigh Flag an brainse gníomhaíochta sin chuig Flag Fonderia Acciaio Marcon Srl, cuideachta a bunaíodh chun an tsaoráid sin a scriosadh, an fuíoll a d’eascair as an scriosadh sin a dhíol agus na fáltais ón díol sin a áireamh i mbuiséad an Stáit. Rinneadh an chuideachta dheireanach sin a fhoirceannadh ina dhiaidh sin agus a bhaint den chlár tráchtála.

15

Le cinneadh óna stiúrthóir an 17 Aibreán 2009, dheimhnigh Direzione generale per la politica industriale e la competitività del Ministero dello Sviluppo economico (an Ard-Stiúrthóireacht um Beartas Tionsclaíoch agus Iomaíochas MISE, an Iodáil) nár mhór méid na ranníocaíochta airgeadais a bhí le híoc le Flag a chinneadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(2) agus (3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 73/2004.

16

Le cinneadh an 29 Bealtaine 2013, áfach, níor thug MISE ach údarú chun EUR 200000 a íoc le Flag faoi rialacha an Aontais maidir le Státchabhair ‘de minimis’.

17

Rinne Cividale agus Flag caingean a thionscnamh i gcoinne an chinnidh sin, ag maíomh, inter alia, gur sáraíodh Airteagail 107 agus 108 CFAE agus Rialachán Uimh. 659/1999. Dar leis an dá chuideachta sin, ní státchabhair í an ranníocaíocht airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí, ach cúiteamh nach dtugtar aon bhuntáiste eacnamaíoch leis.

18

Dhiúltaigh an Tribunale amministrativo regionale per il Veneto (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Veneto, an Iodáil) don chaingean sin ar an bhforas nach bhféadfaí an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáladh ar dtús a dheonú murar tugadh réamhfhógra don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 108 CFAE.

19

Thug an chúirt sin dá haire gur ‘fhéach’ MISE le fógra a thabhairt don Choimisiún, an 24 Meán Fómhair 2003, faoin gclár um chuíchóiriú dá bhforáiltear le Dlí Uimh. 273/2002 agus le Foraithne Aireachta Uimh. 73/2004, mar chabhair phleanáilte, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán Uimh. 659/1999. Tarraingíodh siar an fógra sin, áfach, tar éis teachtaireacht ón gCoimisiún, dar dáta an 21 Samhain 2003, inar iarradh faisnéis bhreise. Mar thoradh ar na malartuithe leis an gCoimisiún, mheas MISE go raibh an cinneadh maidir le comhoiriúnacht an chláir sin le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair diúltach in aon chás. Ar an gcúis sin, ní dhearna MISE an nós imeachta um fhógra a thabhairt a chur i gcrích.

20

Rinne Cividale agus Flag achomharc i gcoinne bhreithiúnas an Tribunale amministrativo regionale per il Veneto (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Veneto) os comhair an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit, an Iodáil), arb í an chúirt a rinne an tarchur. Maíonn siad, go háirithe, nach féidir an ranníocaíocht airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí a aicmiú mar Státchabhair, ós rud é nach dtugann sí aon bhuntáiste suntasach agus nach dócha go ndéanfaidh sí difear do thrádáil idir na Ballstáit nó go ndéanfaidh sí iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh, agus sa chaoi sin nach gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 107 CFAE. Mar thaca leis an argóint sin, maíonn siad, ar an gcéad dul síos, go bhfuil íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais sin faoi réir scriosadh cinntitheach na saoráidí táirgthe lena mbaineann agus scor de ghníomhaíocht an eintitis ar leis iad. Ina dhiaidh sin, níl sa ranníocaíocht airgeadais sin ach cúiteamh as caillteanas acmhainneachta táirgthe an eintitis sin. Ar deireadh, tá méid na ranníocaíochta airgeadais sin, arna chinneadh i gcomhréir leis na critéir ríofa a leagtar síos i bhForaitheanta Aireachta Uimh. 73/2004 agus an 6 Feabhra 2006, i bhfad níos ísle ná luach na saoráide arna scriosadh, ag féachaint dá acmhainneacht táirgthe.

21

Iarrann an chúirt a rinne an tarchur an gcaithfear an ranníocaíocht airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí a mheas mar ‘Státchabhair’ de réir bhrí dhlí an Aontais. Measann an chúirt sin go bhfuil sé deacair an buntáiste eacnamaíoch arna fáil ag an ngnóthas is faighteoir ranníocaíocht airgeadais den sórt sin a chinneadh, go háirithe i gcás, mar is amhlaidh sa chás seo, nach ionann an ranníocaíocht sin agus méid luach margaidh na saoráide díchóimisiúnaithe agus dá cumas ioncam a ghiniúint.

22

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur roinnt gnéithe in iúl ina leith sin. Is cosúil go nglactar leis an gcoincheap ‘Státchabhair’, de réir bhrí dhlí an Aontais, go bhfuil an gnóthas is faighteoir fós ann. D’íocfaí ranníocaíocht airgeadais amhail an ranníocaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí i gcomaoin ar scriosadh fisiciúil saoráidí táirgthe agus scor comhuaineach na gníomhaíochta nó an bhrainse gníomhaíochta lena mbaineann de chuid an ghnóthais is faighteoir an ranníocaíocht airgeadais sin agus ar leis na saoráidí sin. Dá bhrí sin, bheadh an dara ceann i bhfoirm beart lena n‑éascófaí scor de ghníomhaíocht an ghnóthais sin nó de cheann dá bhrainsí gníomhaíochta.

23

Ina theannta sin, sonraíonn an chúirt sin go gcuirtear bac leis an reachtaíocht náisiúnta ar an ranníocaíocht airgeadais sin a íoc le gnóthas a gheallann, tar éis dó comhaontú a thabhairt i gcrích leis an ngnóthas a dhéanann na saoráidí lena mbaineann a dhíchoimisiúnú, teacht i gceannas ar a acmhainneacht táirgthe agus a fhoireann. Thairis sin, foráiltear leis an reachtaíocht sin nach bhféadfaidh an t‑eintiteas a bhaineann tairbhe as ranníocaíocht airgeadais den sórt sin an acmhainneacht táirgthe lena mbaineann a athbhunú ar feadh na 5 bliana tar éis a híocaíochta.

24

Sonraíonn an chúirt sin freisin go ndéantar méid na ranníocaíochta airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí a ríomh ar bhonn luach de réir na leabhar de chuid na saoráidí lena mbaineann, tar éis an dímheas a rinneadh cheana a asbhaint, nó, más airde é ná an ceann roimhe sin, de réir luach reatha chorrlach ranníocaíochta aschur na saoráidí sin, do na blianta 2000 go 2002. Sna himthosca sin, ní hionann an ranníocaíocht airgeadais sin, rud a chinntear gan luach foriomlán na hinfheistíochta agus an cumas ioncam a ghiniúint a chur san áireamh, ach amháin i bhfianaise ceann amháin nó ceann eile de na gnéithe sin, agus an luach a d’fhéadfadh a bheith ag an tsaoráid táirgthe tar éis na caibidlíochta.

25

Os a choinne sin, leis na comhaontuithe a tugadh i gcrích le gnóthas eile chun leanúint den táirgeadh agus chun an fhostaíocht a chaomhnú, atá incháilithe do ranníocaíocht airgeadais de réir ráta 100 %, de bhun Airteagal 2(2)(a) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 73/2004, ceadaítear custaiméirí agus láimhdeachas an ghnóthais a dhéanann díchoimisiúnú a atreorú i dtreo gnóthas aonair eile, a bhaineann buntáiste as. D’fhéadfadh comhaontuithe den sórt sin, a fortiori má tá siad nasctha le fíor-idirbhearta cumaisc, a bheith ina gcomhchruinnithe idir gnóthais, a d’fhéadfadh, i bprionsabal, difear a dhéanamh don iomaíocht. Mar sin féin, níl aon fhoráil sa reachtaíocht maidir le cuíchóiriú earnáil na dteilgcheártaí lena ndéantar cur i bhfeidhm na rialacha náisiúnta agus rialacha an Aontais maidir le comhchruinnithe. Dá bhrí sin, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí neamhaird fiú ar chomhchruinnithe atá tábhachtach don Aontas mar thoradh ar an reachtaíocht sin.

26

Ar deireadh, measann an chúirt sin gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir an beart dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(a) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 73/2004 agus an beart dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(b) den Fhoraithne Aireachta sin, ós rud é go ndéantar foráil leis an bhforáil dheireanach sin do ranníocaíocht airgeadais ar ráta 60 %. Go deimhin, foráiltear leis an bhforáil dheireanach sin go n‑íocfar ranníocaíocht airgeadais atá teoranta do 60 % de cheann amháin den dá luach dá dtagraítear in Airteagal 2(2) leis an ngnóthas a bhaineann na saoráidí lena mbaineann agus a scoireann dá ghníomhaíochtaí gan comhaontú a thabhairt i gcrích le hoibreoir eile chun leanúint den táirgeadh agus teacht i gceannas ar an bhfoireann, agus iarchustaméirí an ghnóthais sin á leithdháileadh gan bhac i measc na ngnóthas san earnáil lena mbaineann.

Cás C‑747/23

27

D’iarr Duferco Sertubi a bheith páirteach sa chlár atá i gceist sna príomhimeachtaí gan comhaontú a thabhairt i gcrích le gnóthas eile, de réir bhrí Airteagal 2(2)(a) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 73/2004. Dá bhrí sin, d’iarr sé ranníocaíocht airgeadais ar an ráta 60 % dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(b) den Fhoraithne Aireachta sin. Seachas sin, tá na fíorais dá dtagraítear agus an réasúnaíocht a leagtar amach san iarraidh ar réamhrialú i gCás C‑747/23 ar aon dul leo siúd a luaitear san iarraidh ar réamhrialú i gCás C‑746/23.

28

Sna himthosca sin, chinn an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit, an Iodáil) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú, ceisteanna atá i dtéarmaí comhionanna i gCásanna C‑746/23 agus C‑747/23:

‘1)

An féidir beart amhail an beart a rialaítear leis an reachtaíocht náisiúnta [...], agus go háirithe an beart dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(a) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 73/2004, a aicmiú mar “chabhair” de réir bhrí agus chun críocha Airteagail 107 agus 108 CFAE agus [an] Rialacháin [Uimh. 659/1999]?

2)

An féidir beart amhail an beart a rialaítear leis an reachtaíocht náisiúnta [...], agus go háirithe an beart dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(b) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 73/2004, a aicmiú mar “chabhair” de réir bhrí agus chun críocha Airteagail 107 agus 108 CFAE agus [an] Rialacháin [Uimh. 659/1999]?’

Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

29

Leis an dá cheist a tharchuireann sí, arb iomchuí iad a scrúdú le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 107(1) CFAE a léiriú sa chaoi gurb ionann na ranníocaíochtaí airgeadais dá bhforáiltear i gcomhthéacs clár um chuíchóiriú óna bhfuil gnóthais in earnáil na dteilgcheártaí iarainn agus cruach, arb ionann iad agus 100 % de luach de réir na leabhar de chuid na saoráidí táirgthe arna ndíchoimisiúnú ag an ngnóthas is iarratasóir, agus ‘Státchabhair’, tar éis an dímheas a rinneadh cheana a asbhaint, nó luach reatha an chorrlaigh chun rannchuidiú le costais sheasta thoradh na saoráidí sin ar feadh tréimhse roimh ghlacadh an chláir sin, más airde an luach deiridh sin, i gcás ina bhfuil cumasc nó comhaontuithe idir gnóthais san earnáil sin ag gabháil leis an laghdú ar an acmhainneacht táirgthe, arb é an gnóthas is iarratasóir sin ceann díobh, lena bhforáiltear, inter alia, do réiteach iomchuí ar na saincheisteanna fostaíochta, is é sin le rá, 60 % den luach is airde den dá luach sin i gcás nach ndéantar ach saoráidí táirgthe an iarratasóra sin a dhíchoimisiúnú.

30

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a luaitear i mír 27 den bhreithiúnas seo, gur léir ón ordú tarchuir i gCás C‑747/23, maidir le hiarratas Duferco Sertubi chun tairbhe na ranníocaíochta airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí a fháil, gur rinneadh an t‑iarratas sin ar bhonn Airteagal 2(2)(b) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 73/2004. Leanann sé ón méid sin, murab ionann agus an méid arna mhaíomh ag Rialtas na hIodáile, nach bhfuil an dara ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú de chineál hipitéiseach agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí inghlactha.

31

I bhfianaise an tsoiléirithe sin, ní mór a mheabhrú go bhfuil an oibleagáid fógra a thabhairt ar cheann de ghnéithe bunúsacha an chórais rialaithe a bunaíodh le Conradh FAE i réimse na Státchabhrach. Faoin gcóras sin, ceanglaítear ar na Ballstáit, ar an gcéad dul síos, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi gach beart atá beartaithe chun cabhair a dheonú nó a athrú de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE agus, ar an dara dul síos, gan beart den sórt sin a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE, mar a shonraítear in Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 659/1999, go dtí go ndéanfaidh an institiúid sin de chuid an Aontais cinneadh críochnaitheach a ghlacadh maidir leis an mbeart sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Samhain 2020, Viasat Broadcasting UK, C‑445/19, EU:C:2020:952, mír 19 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 28 Deireadh Fómhair 2021, Eco Fox agus páirtithe eile, C‑915/19 go C‑917/19, EU:C:2021:887, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

32

Ós rud é go bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais an treoir uile maidir le léiriú dhlí an Aontais a sholáthar do na cúirteanna náisiúnta, rud a d’fhéadfadh a chur ar a gcumas measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht scéime nó birt náisiúnta le dlí an Aontais d’fhonn breithniú a dhéanamh ar an gcás os a gcomhair, féadfaidh sí treoir a thabhairt do na cúirteanna sin maidir le léiriú lena gcuirtear ar a gcumas a chinneadh an féidir scéim nó beart náisiúnta a aicmiú mar ‘Státchabhair’ de réir bhrí dhlí an Aontais. Ar an taobh eile, más gá glacadh le haicmiú den sórt sin, tagann an measúnú ar chomhoiriúnacht na scéime nó an bhirt sin leis an margadh inmheánach faoi inniúlacht eisiach an Choimisiúin, faoi réir athbhreithniú ag Cúirteanna an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Márta 2024, Fallimento Esperia agus GSE, C‑558/22, EU:C:2024:209, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear).

33

Chun beart náisiúnta a aicmiú mar ‘Státchabhair’ de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ní mór go ndéanfaí gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh. Ar an gcéad dul síos, ní mór gurbh ionann an beart sin agus idirghabháil arna déanamh ag an Stát nó trí acmhainní Stáit. Ar an dara dul síos, ní mór go ndéanfaidh idirghabháil sin difear do thrádáil idir na Ballstáit. Ar an tríú dul síos, ní mór dó buntáiste roghnaitheach a thabhairt dá thairbhí. Ar an gceathrú dul síos, ní mór go ndéanfaí iomaíocht a shaobhadh nó bagairt a dhéanamh í a shaobhadh leis (breithiúnas an 19 Meán Fómhair 2024, an Ríocht Aontaithe agus páirtithe eile v an Coimisiún (Cánachas ar bhrabúis CFCanna), C‑555/22 P, C‑556/22 P agus C‑564/22 P, EU:C:2024:763, mír 91 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34

Leanann sé ó na hiarrataí ar réamhrialú gur gá, go háirithe, scrúdú a dhéanamh ar an gceist an bhféadfadh na ranníocaíochtaí airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí a bheith ina mbuntáiste dá dtairbhithe, rud a shaobhann iomaíocht agus trádáil idir na Ballstáit nó a d’fhéadfadh iad a shaobhadh, agus é á chur san áireamh go bhfuil dlínse iomlán ag an gcúirt a rinne an tarchur chun scrúdú a dhéanamh an gcomhlíontar na coinníollacha go léir dá dtagraítear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo.

35

Ar an gcéad dul síos, leanann sé as mír 33 den bhreithiúnas seo nach gá fíoréifeacht a bheith ag beart cabhrach ar thrádáil idir na Ballstáit ná saobhadh iarbhír ar an iomaíocht a chruthú. Is leor go bhféadfadh an beart sin difear a dhéanamh do thrádáil den sórt sin agus iomaíocht a shaobhadh (breithiúnas an 7 Márta 2024, Fallimento Esperia agus GSE, C‑558/22, EU:C:2024:209, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ina theannta sin, déantar coinníoll den sórt sin a chomhlíonadh tráth theacht i bhfeidhm an bhirt cabhrach, nuair atá ann d’iomaíocht éifeachtach sa mhargadh atá i gceist ionas gur dócha go bhféadfaidh an idirghabháil ón Stát nó trí achmhainní Stáit difear a dhéanamh don trádáil idir Ballstáit agus an iomaíocht a shaobhadh nó go bhféadfadh an idirghabháil sin iomaíocht a shaobhadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Eanáir 2023, DOBELES HES, C‑702/20 agus C‑17/21, EU:C:2023:1, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear), gan aon ghá do na gnóthais is faighteoirí páirt a ghlacadh iad féin i dtrádáil idir na Ballstáit (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Eanáir 2015, Eventech, C‑518/13, EU:C:2015:9, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear).

36

Ar deireadh, níl aon tairseach ná céatadán ann ar faoina bhun is féidir a mheas nach ndéantar difear don trádáil idir na Ballstáit. Le méid réasúnta beag cabhrach nó méid réasúnta beag an ghnóthais is faighteoir, ní chuirtear as an áireamh, a priori, an fhéidearthacht go bhféadfaí difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit (breithiúnas an 14 Eanáir 2015, Eventech, C‑518/13, EU:C:2015:9, mír 68 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37

Sa chás seo, tá comhthuiscint ann go raibh earnáil na dteilgcheártaí iarainn agus cruach oscailte don iomaíocht agus go raibh baint acu le trádáil trasteorann tráth chur chun feidhme an chláir lena bhforáiltear do na ranníocaíochtaí airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí.

38

Mar thoradh air sin, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, is léir ón gcomhad a cuireadh faoi bhráid na Cúirte go bhféadfadh íocaíocht na ranníocaíochtaí airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit agus don iomaíocht.

39

Ar an dara dul síos, is léir ó na hiarrataí ar réamhrialú go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur an ionann na ranníocaíochtaí airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí agus buntáiste, ós rud é go bhfuil baint acu le laghdú, nó fiú baint, acmhainneacht táirgthe na ngnóthas is faighteoirí, ar thaobh amháin, agus nach bhfreagraíonn siad don luach a d’fhéadfadh a bheith ag na saoráidí táirgthe atá le scriosadh tar éis na caibidlíochta, ar an taobh eile.

40

I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú gur buntáiste é, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 33 den bhreithiúnas seo, aon bheart Stáit a d’fhéadfadh, go díreach nó go hindíreach, buntáiste a thabhairt do ghnóthas amháin nó níos mó, nó a thugann buntáiste do na gnóthais sin nach mbeidís in ann a fháil faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 33 den bhreithiúnas seo (breithiúnas an 17 Samhain 2022, Volotea agus easyJet v an Coimisiún, C‑331/20 P agus C‑343/20 P, EU:C:2022:886, mír 107 agus an cásdlí dá dtagraítear).

41

Dá bhrí sin, d’fhéadfadh na buntáistí a dheonaítear a bheith follasach ó shochair dhearfacha, amhail fóirdheontais, ach freisin ó bhearta lena maolaítear, i bhfoirmeacha éagsúla, na muirir a áirítear de ghnáth i mbuiséad gnóthais (breithiúnas an 27 Eanáir 2022, Sātiņi-S, C‑238/20, EU:C:2022:57, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42

Os a choinne sin, ní féidir leis an gcoincheap ‘cabhair’, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, beart arna dheonú do ghnóthas trí acmhainní Stáit a chumhdach i gcás ina bhféadfadh an gnóthas sin an buntáiste céanna a fháil in imthosca a chomhfhreagraíonn do ghnáthdhálaí an mhargaidh. Déantar an measúnú ar na coinníollacha faoinar deonaíodh buntáiste den sórt sin, i bprionsabal, trí phrionsabal an oibreora phríobháidigh a chur i bhfeidhm, ach amháin mura bhfuil aon fhéidearthacht ann iompar an Stáit atá i gceist sa chás seo a chur i gcomparáid le hiompar oibreora phríobháidigh, toisc go bhfuil an t‑iompar sin nasctha go doscartha le bonneagar a bheith ann nach mbeadh aon oibreoir príobháideach in ann a chruthú riamh, nó má ghníomhaigh an Stát ina cháil mar údarás poiblí (breithiúnas an 17 Samhain 2022, Volotea agus easyJet v an Coimisiún, C‑331/20 P agus C‑343/20 P, EU:C:2022:886, mír 108 agus an cásdlí dá dtagraítear). Is é sin le rá, braitheann infheidhmeacht chritéar an oibreora phríobháidigh sa deireadh ar bhuntáiste eacnamaíoch arna thabhairt ag an mBallstát lena mbaineann, ina cháil mar oibreoir phríobháideach seachas ina cháil mar údarás poiblí do ghnóthas. Mar a léirigh an Chúirt cheana féin, d’fhéadfadh cineál agus cuspóir an bhirt atá i gceist, a chomhthéacs, an cuspóir atá á shaothrú agus na rialacha a bhfuil an beart sin faoina réir, go háirithe, a bheith ábhartha (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Meitheamh 2012, an Coimisiún v EDF, C‑124/10 P, EU:C:2012:318, míreanna 81 agus 86, agus an 19 Nollaig 2019, Arriva Italia agus páirtithe eile, C‑385/18, EU:C:2019:1121, mír 73).

43

Is ar bhonn na ngnéithe sin a iarrfar ar an gcúirt a rinne an tarchur, nach bhfuil dlínse aici ach fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí a aimsiú agus a mheas agus raon feidhme beacht na bhforálacha náisiúnta a mheas, a chinneadh an féidir, leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí buntáiste a thabhairt do na gnóthais a bhfuil siad dírithe orthu. É sin ráite, coinníonn an Chúirt an dlínse chun treoir a thabhairt don chúirt sin ag féachaint don chomhad sna príomhimeachtaí agus do na barúlacha i scríbhinn a cuireadh faoina bráid, ar mhaithe lena chur ar chumas na cúirte sin rialú a thabhairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Samhain 2024, Bayerische Ärzteversorgung agus páirtithe eile, C‑758/22 agus C‑759/22, EU:C:2024:989, míreanna 47 agus 48). Sa chás seo, is gá na soiléirithe seo a leanas a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur chun go mbeidh sí in ann rialú cuí a thabhairt sna díospóidí atá os a comhair.

44

Ar an gcéad dul síos, ní léir ar bhealach ar bith ón gcomhad atá faoi bhráid na Cúirte gur ghlac Stát na hIodáile, mar oibreoir eacnamaíoch príobháideach, na cinntí chun na ranníocaíochtaí airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí a dheonú. Dá bhrí sin, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, ní cosúil, sa chás seo, go bhféadfaí critéar an oibreora phríobháidigh a chur i bhfeidhm chun a chinneadh an buntáiste roghnaitheach iad na ranníocaíochtaí sin.

45

Ar an dara dul síos, is cosúil ó na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 12(2)(a) de Dhlí Uimh. 273/2002, eadhon feabhas a chur ar an táirgeadh, go háirithe trí acmhainneacht táirgthe a atheagrú agus coinníollacha atá fabhrach dá comhchruinniú a fhorbairt, go bhfuil sé beartaithe, leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí, laghdú a dhéanamh, go páirteach ar a laghad, ar na costais a bhaineann le stop a chur leis an táirgeadh in earnáil ina bhfuil ró-acmhainneacht táirgthe ina saintréith aici. Is cuid iad na muirir sin de na muirir a chuirtear san áireamh de ghnáth i mbuiséad gnóthais, de réir bhrí mhír 41 den bhreithiúnas seo.

46

Ar an tríú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, go ndéantar na ranníocaíochtaí airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí a ríomh ar bhonn luach de réir na leabhar na saoráidí táirgthe arna ndíchoimisiúnú ag an ngnóthas is iarratasóir, tar éis an dímheas a rinneadh cheana a asbhaint, nó, más airde é ná an ceann roimhe sin, luach reatha an chorrlaigh ranníocaíochta le costais sheasta aschur na saoráidí sin ar feadh tréimhse roimh ghlacadh an chláir lena dtugtar isteach na ranníocaíochtaí airgeadais sin.

47

Is cosúil go mbaineann an chúirt a rinne an tarchur de thátal as sin go bhfuil na ranníocaíochtaí airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí níos ísle ná luach intreach na n‑aonad arna ndíchoimisiúnú, nach mór an luach sin a ríomh, faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh, trí luach na hinfheistíochta arna comhdhéanamh ag an aonad táirgthe díchoimisiúnaithe a charnadh agus an luach a eascraíonn as cumas an aonaid sin ioncam a ghiniúint.

48

Mar sin féin, ní leor imthoisc den sórt sin, sa chás seo, chun a chur as an áireamh gurb ann do bhuntáiste, de réir bhrí Airteagal 107 CFAE. Go deimhin, is deacair a shamhlú go bhféadfaí aonad táirgthe a dhíol ar phraghas lena léirítear a luach intreach, i gcás ina bhfuil rótháirgeadh mar shaintréith den mhargadh lena mbaineann, mar atá sa chás seo. Dá bhrí sin, is cosúil go bhfuil na ranníocaíochtaí airgeadais a íoctar i gcomhthéacs cláir, amhail an clár atá i gceist sna príomhimeachtaí, chun gnóthais a spreagadh chun aonaid táirgthe áirithe a dhíchoimisiúnú atá i margadh a bhfuil rótháirgeadh mar shaintréith de, níos buntáistí go heacnamaíoch ná an chomaoin a d’fhéadfadh na gnóthais sin a fháil, faoi na coinníollacha a bhaineann go sonrach le margadh den sórt sin, chun na haonaid sin a dhiúscairt.

49

Dá bhrí sin, ní mór a mheas, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, gur buntáiste eacnamaíoch iad na ranníocaíochtaí airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí nach bhféadfadh na gnóthais is faighteoir a fháil faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 40 den bhreithiúnas seo.

50

Ar an gceathrú dul síos, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, ní léir ach oiread ón gcomhad atá faoi bhráid na Cúirte nach ‘gnóthais’ iad tairbhithe na ranníocaíochtaí airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, arb í a ngníomhaíocht an t‑aon ghníomhaíocht dá dtagraítear san fhoráil sin (breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, an Coimisiún agus Poblacht na Slóvaice v Dôvera zdravotná poist’ovňa, C‑262/18 P agus C‑271/18 P, EU:C:2020:450, mír 27).

51

Go deimhin, dealraíonn sé ó Airteagal 2 d’Fhoraithne Aireachta an 6 Feabhra 2006 go bhféadfaidh gnóthas is iarratasóir é féin a theorannú do bhrainse gníomhaíochta na dteilgcheártaí a aistriú chuig gnóthas nuachruthaithe eile a scoireann den ghníomhaíocht atá i gceist a dhéanamh, tar éis dó na hoibríochtaí agus na hoibleagáidí a bhaineann le scriosadh fisiceach na saoráidí lena mbaineann a chur i gcrích. Sa chás seo, dealraíonn sé chomh maith ón gcomhad os comhair na Cúirte go raibh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí in ann iad féin a theorannú do cheann dá n‑aonaid táirgthe a aistriú chuig gnóthas nua den sórt sin d’fhonn na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 2 a chomhlíonadh.

52

Dá réir sin, is é an freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear ná nach mór Airteagal 107(1) CFAE a léiriú sa chaoi go dtugtar buntáiste leis na ranníocaíochtaí airgeadais dá bhforáiltear i gcomhthéacs clár um chuíchoiriú a bhféadfadh gnóthais in earnáil na dteilgcheártaí iarainn agus cruach tairbhe a bhaint astu, arb ionann é agus 100 % de luach de réir na leabhar na saoráidí táirgthe arna ndíchoimisiúnú ag an ngnóthas is iarratasóir, tar éis an dímheas a rinneadh cheana a asbhaint, nó luach reatha an chorrlaigh chun rannchuidiú le costais sheasta aschur na saoráidí sin ar feadh tréimhse roimh ghlacadh an chláir sin, más airde an luach deiridh sin, i gcás ina bhfuil cumasc nó comhaontuithe idir gnóthais san earnáil sin ag gabháil leis an laghdú ar an acmhainneacht táirgthe, arb é ceann acu an gnóthas is iarratasóir sin, lena bhforáiltear, inter alia, do réiteach iomchuí ar na saincheisteanna fostaíochta, is é sin le rá, 60 % den luach is airde den dá luach sin i gcás nach bhfuil ach díchoimisiúnú shaoráidí táirgthe an ghnóthais is iarratasóir sin ag gabháil leis, ar buntáiste é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thrádáil idir Ballstáit agus d’iomaíocht éifeachtach, ar choinníoll go suitear de pháirt amháin, nach bhféadfadh an gnóthas céanna tairbhe a bhaint as na himthosca céanna i gcomhthéacsanna iomaíochta a chomhfhreagraíonn don dara margadh lena mbaineann agus, de pháirt eile go raibh ann d’iomaíocht éifeachtach sa mhargadh sin.

Costais

53

Os rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Tríú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Ní mór Airteagal 107(1) CFAE a léiriú sa chaoi go dtugtar buntáiste leis na ranníocaíochtaí airgeadais dá bhforáiltear i gcomhthéacs clár um chuíchoiriú a bhféadfadh gnóthais in earnáil na dteilgcheártaí iarainn agus cruach tairbhe a bhaint astu, arb ionann é agus 100 % de luach de réir na leabhar na saoráidí táirgthe arna ndíchoimisiúnú ag an ngnóthas is iarratasóir, tar éis an dímheas a rinneadh cheana a asbhaint, nó luach reatha an chorrlaigh chun rannchuidiú le costais sheasta aschur na saoráidí sin ar feadh tréimhse roimh ghlacadh an chláir sin, más airde an luach deiridh sin, i gcás ina bhfuil cumasc nó comhaontuithe idir gnóthais san earnáil sin ag gabháil leis an laghdú ar an acmhainneacht táirgthe, arb é ceann acu an gnóthas is iarratasóir sin, lena bhforáiltear, inter alia, do réiteach iomchuí ar na saincheisteanna fostaíochta, is é sin le rá, 60 % den luach is airde den dá luach sin i gcás nach bhfuil ach díchoimisiúnú shaoráidí táirgthe an ghnóthais is iarratasóir sin ag gabháil leis, ar bhuntáiste é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thrádáil idir Ballstáit agus d’iomaíocht éifeachtach, ar choinníoll go suitear, de pháirt amháin, nach bhféadfadh an gnóthas céanna tairbhe a bhaint as na himthosca céanna i gcomhthéacsanna iomaíochta a chomhfhreagraíonn don dara margadh lena mbaineann agus, de pháirt eile, go raibh ann d’iomaíocht éifeachtach sa mhargadh sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.