BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Dara Dlísheomra)

30 Eanáir 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Cleachtais tráchtála éagóracha idir trádálaithe agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach – Treoir 2005/29/CE – Modhanna atá beartaithe chun na cleachtais sin a chomhrac – Airteagail 11 agus 13 – Imeachtaí um shárú ar rialacha maidir le dlí na dtomhaltóirí – Tréimhse réasúnta a urramú – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear oibleagáid ar an údarás náisiúnta ráiteas agóidí a eisiúint laistigh de thréimhse 90 lá tar éis dó eolas a fháil ar na gnéithe bunriachtanacha den sarú – Cinneadh an údaráis náisiúnta a chur ar neamhní ina iomláine agus go huathoibríoch i gcás nach gcomhlíontar an teorainn ama sin – An prionsabal ne bis in idem – An chumhacht chun imeachtaí nua um shárú i leith na bhfíoras céanna a bhaint – Prionsabal na héifeachtachta – Cearta cosanta gnóthas)

I gCás C‑510/23,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (Cúirt Riaracháin Réigiúnach, Lazio, an Iodáil), trí bhreith an 2 Lúnasa 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 8 Lúnasa 2023, sna himeachtaí

Trenitalia SpA

v

Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato,

páirtí leasmhar:

Federconsumatori,

tugann an CHÚIRT (an Dara Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte, ag feidhmiú mar Uachtarán an Dara Dlísheomra, F. Biltgen, Uachtarán an Chéad Dlísheomra, I. Jarukaitis, Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra, M. L. Arastey Sahún (Rapóirtéir), Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra, agus J. Passer, Breitheamh,

Abhcóide Ginearálta: P. Pikamäe,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta ó bhéal,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Trenitalia SpA, ag P. Fattori, A. Lirosi agus S. Spagnuolo, avvocati,

Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato, ag F. Sclafani, avvocato dello Stato,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó L. Fiandaca agus P. Gentili, avvocati dello Stato,

an Coimisiún Eorpach, ag P. Kienapfel, P. Ondrůšek agus D. Recchia, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag an éisteacht an 5 Meán Fómhair 2024,

an breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 11 de Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle agus Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’) (IO 2005 L 149, lch. 22).

2

Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir Trenitalia SpA agus an Autorità garante della Concorrenza e del Mercato (Údarás Iomaíochta na hIodáile) (‘AGCM’) maidir le pionóis a d’fhorchuir sé ar Trenitalia mar gheall ar chleachtas tráchtála éagórach.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Treoir 2005/29

3

Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 2005/29, dar teideal ‘Cuspóir’:

‘Is é cuspóir na Treorach seo chun cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus chun ardchaighdeán cosanta tomhaltóirí a áirithiú le forálacha reachtaíochta, Rialacháin agus riaracháin de chuid na mBallstát a chomhoiriúnú maidir leis na cleachtais tráchtála éagóracha lena ndéantar difear do leasanna eacnamaíocha na dtomhaltóirí.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráiltear le hAirteagal 5 den Treoir sin, dar teideal ‘Toirmeasc ar chleachtais tráchtála éagóracha’, i mír 1:

‘Cuirtear toirmeasc ar chleachtais tráchtála éagóracha. [...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear le hAirteagal 11 den Treoir sin, dar teideal ‘Forfheidhmiú’:

‘1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú gurb ann do mhodhanna leordhóthanacha éifeachtacha chun cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac chun comhlíonadh fhorálacha na Treorach seo a fhorfheidhmiú ar mhaithe le tomhaltóirí.

Áireofar ar na modhanna sin forálacha dlíthiúla lena gcuirfear ar chumas daoine nó eagraíochtaí a bhfuil leas dlisteanach acu, de réir na reachtaíochta náisiúnta, cleachtais tráchtála éagórach a chomhrac, lena n‑áirítear iomaitheoirí:

(a)

caingean dlí a thionscnamh i gcoinne na gcleachtas tráchtála éagórach,

agus/nó

(b)

na cleachtais tráchtála éagóracha a thabhairt os comhair údarás riaracháin inniúil chun cinneadh a fháil faoi na gearáin, nó na himeachtaí cuí a thionscnamh.

[...]

2.   I gcomhthéacs na bhforálacha dlíthiúla dá bhforáiltear i mír 1, tabharfaidh na Ballstáit cumhachtaí do na cúirteanna nó do na húdaráis riaracháin lena gcuirfear ar a gcumas, sa chás ina measann siad go bhfuil na bearta sin riachtanach agus gach leas atá i gceist á gcur san áireamh, agus go háirithe an leas ginearálta:

(a)

chun a ordú go scoirfear de na cleachtais tráchtála éagóracha nó chun imeachtaí dlí iomchuí a thionscnamh ionas go scoirfear de chleachtais tráchtála éagóracha,

(b)

i gcás nár cuireadh tús leis an gcleachtas tráchtála éagórach go fóill ach go bhfuil sé ar tí a bheith curtha i bhfeidhm, is féidir leo an cleachtas sin a thoirmeasc nó is féidir leo dul i mbun imeachtaí dlí cuí a thionscnamh chun toirmeasc a chur air,

fiú in easnamh fianaise ar chaillteanas nó damáiste iarbhír, nó rún nó faillí ó thaobh an trádálaí de.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Foráiltear le hAirteagal 13 den Treoir sin, dar teideal ‘Pionóis’:

‘Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Na pionóis dá bhforáiltear, ní mór dóibh a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí Uimh. 2006/2004

7

Foráiltear in aithris 7 de Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (IO 2004 L 364, lch. 1), arna leasú le Treoir 2005/29 (‘Rialachán Uimh. 2006/2004’), mar seo a leanas:

‘Tá cumas na n‑údarás inniúil comhoibriú faoi shaoirse ar bhonn cómhalartach chun faisnéis a mhalartú agus sáruithe laistigh den Chomhphobal a bhrath, a imscrúdú agus bearta a dhéanamh chun deireadh a chur le sáruithe laistigh den Chomhphobal nó a thoirmeasc sár-riachtanach chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 1 de Rialachán Uimh. 2006/2004 sin, dar teideal ‘Cuspóir’:

‘Leis an Rialachán seo, leagtar síos na coinníollacha maidir le comhar idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit atá ainmnithe mar údaráis atá freagrach as na dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus maidir le comhar leis an gCoimisiún [Eorpach] chun a áirithiú go gcomhlíonfar na dlíthe sin agus go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go réidh agus chun cosaint leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a fheabhsú. [...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Foráiltear le hAirteagal 3 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’ mar seo a leanas:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘na dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí’ na Treoracha, arna dtrasuí i ndlíchórais na mBallstát, agus na Rialacháin atá liostaithe san Iarscríbhinn;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Foráiltear le hAirteagal 9 den Rialachán sin, dar teideal ‘Comhordú faireachais margaidh agus gníomhaíochtaí cur chun feidhme’:

‘1.   Comhordóidh údaráis inniúla a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh agus forfheidhmithe reachtaíochta. Déanfaidh siad gach faisnéis is gá chun na críche sin a mhalartú.

2.   I gcás ina dtagann údaráis inniúla ar an eolas faoi shárú laistigh den Chomhphobal a dhéanann difear do leasanna tomhaltóirí i níos mó ná dhá Bhallstát, déanfaidh siad a mbearta forfheidhmiúcháin agus a n‑iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a chomhordú tríd an oifig idirchaidrimh aonair. Go sonrach, féachfaidh siad le himscrúduithe a dhéanamh agus le bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh ag an am céanna.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Tagraítear i bpointe 16 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin do Threoir 2005/29.

12

Aisghaireadh Rialachán Uimh. 2006/2004, le héifeacht an 17 Eanáir 2020, le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO 2017 L 345, lch. 1).

Dlí na hIodáile

Cód na dTomhaltóirí

13

Foráiltear le hAirteagal 27 de decreto legislativo n. 206 Codice del consumo (Foraithne Reachtach Uimh. 206 maidir le Cód na dTomhaltóirí) an 6 Meán Fómhair 2005 (Gnáthfhorlíonadh le GURI Uimh. 235 an 8 Deireadh Fómhair 2005), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, dar teideal ‘Cosaint riaracháin agus bhreithiúnach’:

‘1.   Feidhmeoidh [AGCM] na cumhachtaí a rialaítear leis an Airteagal seo freisin mar an t‑údarás inniúil chun [Rialachán Uimh. 2006/2004] a chur chun feidhme, faoi réir theorainneacha na bhforálacha dlíthiúla.

[...]

2.   Toirmeascfaidh AGCM, ex officio nó ar iarraidh ó aon duine nó eagraíocht eile leasmhar, ar leanúint ar aghaidh le cleachtais tráchtála éagóracha agus cuirfidh sé deireadh lena n‑éifeachtaí. Chun na críche sin, bainfidh AGCM leas as na cumhachtaí imscrúdaithe agus forghníomhaithe a leagtar síos le [Rialachán Uimh. 2006/2004], lena n‑áirítear i leith sáruithe nach sáruithe trasteorann iad. [...]

[...]

13.   Tá na fíneálacha riaracháin a ghearrfar mar gheall ar sháruithe ar an bhForaithne seo faoi réir, a mhéid is atá siad infheidhme, na bhforálacha de Chaibidil I, Roinn I agus Airteagail 26, 27, 28 agus 29 de [Dhlí Uimh. 689 – Modifiche al sistema penale (Dlí Uimh. 689 lena leasaítear an córas ceartais choiriúil) an 24 Samhain 1981, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (“Dlí Uimh. 689/81”)). [...]’

Dlí Uimh. 689/81

14

Rialaítear le Dlí Uimh. 689/81 córas ginearálta na bhfíneálacha riaracháin agus foráiltear in Airteagal 14, dar teideal ‘Ráiteas agóidí agus fógra’:

‘Caithfear an sárú a chur in iúl láithreach, más féidir, don chiontóir agus don té atá faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith na suime atá dlite de bharr an tsáraithe sin.

I gcás nach bhfuil aon chur in iúl láithreach do na daoine dá dtagraítear sa mhír thuas, caithfear na gnéithe den sárú a chur in iúl do na páirtithe leasmhara a bhfuil cónaí orthu i gcríoch na Poblachta laistigh de theorainn ama 90 lá agus caithfear é sin a chur in iúl dóibh a bhfuil cónaí orthu thar lear laistigh de theorainn ama 360 lá ón dáta a tugadh [an sárú] faoi deara.

Nuair a sheoltar na doiciméid a bhaineann leis an sárú chuig an údarás inniúil trí bhíthin cinneadh ón údarás breithiúnach, cuirtear tús leis na teorainneacha ama a luaitear sa mhír thuas ón dáta a fuarthas [na doiciméid sin].

[...]’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

15

Is é Trenitalia an phríomhchuideachta bainistíochta paisinéirí iarnróid atá ag feidhmiú san Iodáil. Soláthraíonn sé seirbhísí iarnróid réigiúnacha, meánchomaitéireachta agus cianchomaitéireachta, a bhfuil traenacha ardluais sa chatagóir deiridh sin.

16

Idir an bhliain 2011 agus an bhliain 2016, fuair AGCM tuairiscí agus gearáin ó thomhaltóirí, ón Autorità di regolazione dei trasporti (Údarás Rialúcháin Iompair, an Iodáil), agus ón gcomhlachas Federconsumatori, maidir leis na socruithe le haghaidh ticéid traenach a dhíol ar líne. An 21 Deireadh Fómhair 2016, rinne AGCM taifead ar thorthaí ó ionsamhlúcháin cheannaigh a rinne a chuid oifigeach idir an 26 Lúnasa agus an 30 Meán Fómhair 2016.

17

An 15 Samhain 2016, chuir AGCM in iúl do Trenitalia an cinneadh chun imeachtaí a thionscnamh chun a shuíomh go raibh sárú ar chosaint tomhaltóirí ann agus rinne sé cigireacht i gceanncheathrú an chomhlachta sin, a raibh sé mar thoradh air gur urghabhadh doiciméid. Tugadh an deis do chomhairleoirí Trenitalia an comhad imscrúdaithe a scrúdú agus argóintí cosanta a chur i láthair. Ina theannta sin, rinneadh imscrúdú ar an gcomhlacht a chuir an córas ríomhaireachta ar fáil do Trenitalia freisin.

18

Lena chinneadh an 19 Iúil 2017, dheimhnigh AGCM go raibh Trenitalia i mbun cleachtas tráchtála éagórach maidir le ticéid traenach a dhíol ar líne. De réir AGCM, bhain na réitigh taistil a cuireadh ar fáil don tomhaltóir trí chóras faisnéise teileamaitice, cuardaigh agus ceannaigh ticéad Trenitalia go príomha le traenacha ardluais, cé gurbh amhlaidh, ar na huaireanta céanna, go bhféadfaí traenacha réigiúnacha a úsáid, a bhí i bhfad níos saoire, ach nár taispeánfadh. Dá bharr sin, d’ordaigh an t‑údarás do Trenitalia scor den chleachtas faoi thrácht, thug sé tréimhse ama dó na bearta riachtanacha a shainaithint chun é sin a dhéanamh, agus, ag féachaint do thromchúis agus achar an tsáraithe, ghearr sé fíneáil EUR 5 mhilliún air.

19

Rinne Trenitalia agóid i gcoinne chinneadh AGCM an 19 Iúil 2017 os comhair Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Lazio, an Iodáil), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, ag brath, inter alia, ar an bhfíoras gur tionscnaíodh an chéim imscrúdaithe sáraíochta den nós imeachta inar tugadh an cinneadh sin ró-dhéanach.

20

I ndáil leis sin, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, de réir chásdlí an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit, an Iodáil) le déanaí, go bhfuil na himeachtaí cosanta tomhaltóirí arna seoladh ag AGCM faoi réir chomhlíonadh Airteagal 14 de Dhlí Uimh. 689/81, faoina gceanglaítear ar an údarás sin, faoi phian a chumhachta chun pionós a fhorchur a bhaint de, an chéim imscrúdaithe sáraíochta den nós imeachta a thionscnamh trí bhíthin ráiteas agóidí laistigh de 90 lá ón tráth a mbeidh sé ar an eolas faoi na gnéithe bunriachtanacha den sárú líomhainte (‘an tréimhse atá i gceist’).

21

Tá túsphointe na tréimhse atá i gceist faoi réir athbhreithniú breithiúnach agus sa chomhthéacs sin ní mór don chúirt riaracháin measúnú cúlghabhálach a dhéanamh agus a fháil amach cén pointe ónar leor an fhaisnéis a bhí ar fáil do AGCM ag am ar leith chun go gceanglófaí air an ráiteas agóidí a sheoladh agus, dá réir sin, tús a chur le céim imscrúdaithe sáraíochta an nós imeachta. I gcás ina mainneofaí an teorainn ama sin a chomhlíonadh, chuirfí cinneadh AGCM a glacadh ag deireadh an nós imeachta um shárú ar neamhní ina iomláine. Lena chois sin, de bhun an phrionsabail ne bis in idem, ní fhéadfaidh an t‑údarás sin nós imeachta imscrúdaithe nua a thionscnamh i dtaca leis an gcleachtas céanna, fiú i gcás nár chuir an gnóthas lena mbaineann deireadh leis an gcleachtas sin.

22

Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, baineann cur i bhfeidhm na teorann ama atá i gceist an bonn de neamhspleáchas AGCM trína cheangal air imscrúdú a dhéanamh ar na cásanna atá os a chomhair in ord croineolaíoch amháin, gan bheith in ann sainghnéithe gach cáis a chur san áireamh. Ina theannta sin, i bhfianaise a chasta atá gníomhaíocht AGCM, go háirithe le linn imscrúduithe a bhaineann le cleachtais oibreoirí móra eacnamaíocha, mhéadófaí an riosca nach mbeadh an t‑údarás sin in ann an fhianaise riachtanach agus leordhóthanach a bhailiú chun an sárú líomhainte a shuí dá dtionscnófaí an chéim sáraíochta imscrúdaithe den nós imeachta ró-luath.

23

Sa chomhthéacs seo, déanann an chúirt a rinne an tarchur comparáid leis na pionóis arna nglacadh i réimse na hiomaíochta, a bhfuil ar an údarás inniúil nós imeachta maidir le sárú a chur i gcrích laistigh de theorainn ama réasúnta’. Tá feidhm ag an tréimhse sin freisin, de réir analaí, i réimse na cosanta tomhaltóirí, agus is é an toradh atá air sin nach mór neamhaird a thabhairt ar an teorainn ama atá i gceist, nach n‑eascraíonn in aon chás ó dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí.

24

Thairis sin, ós rud é nach gceanglaítear ar an ngnóthas atá faoi amhras i leith cleachtais thráchtála éagóracha, faoin dlí náisiúnta, arna léiriú ag an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit), a shuíomh gur bhain damáiste dó toisc gur tionscnaíodh an chéim imscrúdaithe sáraíochta den nós imeachta i ndiaidh na teorann ama atá i gceist, tá toimhde dhofhrisnéise ann gur sáraíodh cearta cosanta an ghnóthais sin mar gheall ar an mainneachtain sin amháin an teorainn ama a chomhlíonadh.

25

In aon chás, níl cur i bhfeidhm teorann ama a mbraitheann a túsphointe ar an gcás faoi leith ag luí leis an bprionsabal maidir le hionchais dhlisteanacha a chosaint, nach mór do na gnóthais a ngearrtar pionós orthu a bheith in ann a éileamh.

26

I bhfianaise na mbreithnithe sin, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur an bhfuil cur i bhfeidhm na teorann ama atá i gceist maidir le nósanna imeachta imscrúdaithe a bhaineann le sáruithe arna ndéanamh le forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir 2005/29 i gcomhréir le dlí an Aontais.

27

Sna cúinsí sin, chinn an Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (Cúirt Riaracháin Réigiúnach, Lazio) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

‘An gcaithfear Airteagal 11 de Threoir [2005/29], arna léamh i bhfianaise na bprionsabal na bprionsabal um chosaint tomhaltóirí agus éifeachtacht na gníomhaíochta riaracháin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 14 de [Dhlí Uimh. 689/81] - mar a léirítear sa chásdlí is déanaí - lena gceanglaítear ar [AGCM] an nós imeachta imscrúdaithe a thionscnamh chun cleachtas tráchtála éagórach (éagothroma) a bhrath laistigh de theorainn ama nócha lá, ag tosú ón nóiméad a bhfuil an tÚdarás ar an eolas faoi ghnéithe riachtanacha an tsáraithe, ós rud é go bhféadfadh na gnéithe sin a bheith [...] sa chéad tuarascáil ar an gcion?’

Breithniú ar an gceist a tharchuirtear

28

Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt chun cuimhne, i gcomhthéacs an nós imeachta um chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais a bhunaítear le hAirteagal 267 CFAE, gur faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt don chúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas breith a thabhairt sa díospóid atá os a comhair. Ón taobh sin de, is féidir leis an gCúirt, i gcás inarb iomchuí, na ceisteanna a tharchuirtear chuici a chur i bhfocail eile agus rialacha dhlí an Aontais nár thagair an chúirt náisiúnta dóibh i bhfoclaíocht a ceiste a chur san áireamh, más gá (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Eanáir 2024, Direktor na Glavna direktsia Natsionalna politsia pri MVR–Sofia, C‑118/22, EU:C:2024:97, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

29

Sa chás seo, luann an chúirt a rinne an tarchur, cé gur theorannaigh sí a ceist d’Airteagal 11 de Threoir 2005/29, go bhfuil sé de thoradh freisin ar an sárú ar an teorainn ama atá i gceist go gcuirtear ar neamhní ina iomláine an cinneadh críochnaitheach arna ghlacadh ag AGCM agus go mbaintear an chumhacht de imeachtaí nua a bhaineann leis na fíorais chéanna a thionscnamh. A mhéid a bhaineann Airteagal 13 den Treoir sin le cinneadh na mBallstát ar na pionós is infheidhme i gcás sárú ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach sin, ní mór Airteagal 13 a chur san áireamh freisin sa fhreagra ar an gceist a tharchuirtear.

30

Chun freagra iomlán úsáideach a thabhairt, ní mór a mheas, dá bhrí sin, lena ceist, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagail 11 agus 13 de Threoir 2005/29 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir, le linn imeachtaí maidir le cleachtas tráchtála éagórach arna chur i bhfeidhm ag údarás náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú na reachtaíochta cosanta tomhaltóirí, ar an gcéad dul síos, a fhorchuirtear oibleagáid ar an údarás sin an chéim imscrúdaithe sáraíochta den nós imeachta sin a thionscnamh trí ráiteas agóidí a sheoladh chuig an ngnóthas sin laistigh de theorainn ama 90 lá ón tráth a bhfuil sé ar an eolas faoi na gnéithe bunriachtanacha den sárú líomhainte, a d’fhéadfadh a bheith teoranta do na gnéithe sa chéad tuairisc maidir leis an sárú sin, agus, ar an dara dul síos, a dhéantar neamhchomhlíonadh na teorann ama sin a phionósú tríd an gcinneadh críochnaitheach ón údarás sin ag deireadh an nós imeachta um shárú a chur ar neamhní ina iomláine agus tríd an gcumhacht a bhaint den údarás sin imeachtaí nua um shárú a thionscnamh maidir leis an gcleachtas céanna.

31

De bhun na chéad fomhíre d’Airteagal 11(1) de Threoir 2005/29, cinnteoidh na Ballstáit go bhfuil modhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha ann chun dul i ngleic le cleachtais tráchtála éagóracha d’fhonn chomhlíonadh na bhforálacha den Treoir sin a fhorfheidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí. Foráiltear in Airteagal 11(2)(a) go dtabharfaidh na Ballstáit cumhachtaí do na húdaráis riaracháin lena gcuirtear iad ar a gcumas, sa chás ina measann siad go bhfuil na bearta sin riachtanach agus gach leas atá i gceist á gcur san áireamh, agus go háirithe ar mhaithe leis an leas ginearálta, chun a ordú go scoirfear de na cleachtais tráchtála éagóracha nó imeachtaí a thionscnamh ionas go scoirfear de na cleachtais sin.

32

Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 13 den Treoir sin nach mór do na Ballstáit na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh le cur i bhfeidhm na Treorach sin, agus go nglacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad, agus ní mór do na pionóis a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

33

Mar is léir nuair a léitear Airteagal 1 agus an chéad fhomhír d’Airteagal 11(1) de Threoir 2005/29 i gcomhar lena chéile, is é cuspóir na Treorach sin ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú agus, chuige sin, a áirithiú go ndéanfar cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac go héifeachtach ar mhaithe le tomhaltóirí (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Meán Fómhair 2018, Wind Tre agus Vodafone Italia, C‑54/17 agus C‑55/17, EU:C:2018:710, mír 54, agus an 2 Feabhra 2023, Towarzystwo Ubezpieczeń Ż (Conarthaí caighdeánacha árachais mhíthreoracha), C‑208/21, EU:C:2023:64, mír 81).

34

Ní fhoráiltear leis an Treoir sin, in Airteagal 5(1), áfach, ach go gcuirfear ‘toirmeasc’ ar chleachtais tráchtála éagóracha, agus, dá réir sin, fágtar corrlach breithmheasa do na Ballstáit maidir le rogha na mbeart náisiúnta atá beartaithe chun na cleachtais sin a chomhrac, i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 13 den Treoir sin, ar an gcoinníoll go bhfuil siad oiriúnach agus éifeachtach agus go bhfuil na pionóis dá bhforáiltear ar an gcaoi sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach (féach, chuige sin, breithiúnais an 19 Meán Fómhair 2018, Bankia, C‑109/17, EU:C:2018:735, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 2 Feabhra 2023, Towarzystwo Ubezpieczeń Ż (Conarthaí chaighdeánacha árachais mítheoracha), C‑208/21, EU:C:2023:64, mír 79).

35

Dá bhrí sin, in éagmais rialacha sonracha de chuid an Aontais lena rialaítear teorainneacha ama nós imeachta chun a áirithiú go bhfuil modhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha ann chun cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac agus chun pionós a fhorchur ina leith ar bhealach éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, ní mór do na Ballstáit rialacha nós imeachta náisiúnta a leagan síos agus a chur i bhfeidhm sa réimse sin (féach, de réir analaí, breithiúnais an 21 Eanáir 2021, Whiteland Import Export, C‑308/19, EU:C:2021:47, míreanna 43 go 45; an 13 Iúil 2023, Napfeny-Toll, C‑615/21, EU:C:2023:573, mír 34, agus an 21 Nollaig 2023, BMW Bank agus páirtithe eile, C‑38/21, C‑47/21 agus C‑232/21, EU:C:2023:1014, mír 303).

36

Mar sin féin, cé faoi inniúlacht na mBallstát a dhéantar na rialacha sin a leagan síos agus a chur i bhfeidhm, ní mór dóibh an inniúlacht sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus, ag féachaint do phrionsabal na héifeachtachta, ní fhéadfaidh siad a fhágáil go mbeidh sé beagnach dodhéanta nó ródheacair dlí an Aontais a chur chun feidhme (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Eanáir 2021, Whiteland Import Export, C‑308/19, EU:C:2021:47, mír 46, agus an 13 Iúil 2023, Napfény-Toll, C‑615/21, EU:C:2023:573, míreanna 35 agus 47).

37

Ba cheart a mheas go bhfuil socrú teorainneacha ama nós imeachta réasúnta d’údaráis náisiúnta atá freagrach as an dlí i réimse na cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm d’fhonn cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac ag luí le dlí an Aontais. Leagtar síos teorainneacha ama réasúnta den sórt sin chun leas na ngnóthas lena mbaineann agus na n‑údarás sin araon, i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, agus ní fhágann siad go bhfuil cur chun feidhme dhlí an Aontais dodhéanta nó ródheacair i gcleachtas (féach, de réir analaí, breithiúnais an 29 Deireadh Fómhair 2015, BBVA, C‑8/14, EU:C:2015:731, mír 28, agus an 21 Eanáir 2021, Whiteland Import Export, C‑308/19, EU:C:2021:47, mír 48).

38

Dá réir sin, ní mór, leis na rialacha náisiúnta lena leagtar síos teorainneacha ama nós imeachta do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú d’fhonn cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac chun sáruithe a shuí agus pionóis a fhorchur, i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, féachaint lena áirithiú go ndéileálfar le cásanna laistigh de thréimhse réasúnta ama gan é a bheith d’éifeacht acu cur chun feidhme éifeachtach Threoir 2005/29 sa dlíchóras náisiúnta a chur i mbaol (breithiúnas an 21 Eanáir 2021, Whiteland Import Export, C‑308/19, EU:C:2021:47, mír 49).

39

Chun a chinneadh an urramaíonn córas teorainneacha ama náisiúnta cothromú den sórt sin, is iomchuí chur san áireamh, go háirithe, fad na tréimhse lena mbaineann agus na rialacha mionsonraithe uile maidir lena cur i bhfeidhm, amhail an dáta a thosaíonn sí, an sásra chun tús a chur leis an tréimhse sin, agus na socruithe faoinar féidir í a chur ar fionraí nó a bhriseadh (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Eanáir 2021, Whiteland Import Export, C‑308/19, EU:C:2021:47, mír 50, agus an 10 Meitheamh 2021, BNP Paribas Personal Finance, C‑776/19 go C‑782/19, EU:C:2021:470, mír 30).

40

Ní mór gnéithe sonracha na gcásanna a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne cleachtais tráchtála éagóracha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2005/29 a chur san áireamh freisin, agus go háirithe go bhféadfadh sé gur ghá anailís chasta fhíorasach agus eacnamaíoch a dhéanamh sna cásanna sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Eanáir 2021, Whiteland Import Export, C‑308/19, EU:C:2021:47, mír 51).

41

Thairis sin, chun críocha teorainneacha ama réasúnta a leagan síos do na nósanna imeachta arna seoladh ag na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an reachtaíocht cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm d’fhonn cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac agus a phionósú, ceanglaítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla ar na Ballstáit rialacha maidir le tréimhsí teorann a bhunú atá beacht, soiléir agus intuartha go leor chun go mbeidh na páirtithe uile lena mbaineann ar an eolas go beacht faoi raon na n‑oibleagáidí a fhorchuirtear orthu leis na rialacha atá i gceist agus bearta a dhéanamh dá réir (féach, de réir analaí, breithiúnais an 11 Nollaig 2012, an Coimisiún v an Spáinn, C‑610/10, EU:C:2012:781, mír 49; an 3 Meitheamh 2021, Jumbocarry Trading, C‑39/20, EU:C:2021:435, mír 48, agus an 7 Márta 2024, Cás C‑582/22, Die Länderbahn agus páirtithe eile, C‑582/22, EU:C:2024:213, mír 66).

42

Sa chomhthéacs sin, is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le himeachtaí um shárú ar Airteagail 101 agus 102 CFAE arna seoladh ag an gCoimisiún nach mór prionsabal na tréimhse réasúnta a urramú, i bprionsabal, ag gach céim de na himeachtaí sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Deireadh Fómhair 2002, Limburgse Vinyl Maatschappij agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑238/99 P, C‑244/99 P, C‑245/99 P, C‑247/99 P, C‑250/99 P go C‑252/99 P agus C‑254/99 P, EU:C:2002:582, míreanna 199 agus 230, agus an 21 Meán Fómhair 2006, Nederlandse Federatieve Vereniging voor de Groothandel op Elektrotechnisch Gebied v an Coimisiún, C‑105/04 P, EU:C:2006:592, míreanna 37 go 39).

43

Ar chúiseanna comhchosúla, agus teorainneacha ama nós imeachta á leagan síos maidir le sáruithe a shuí agus pionós a fhorchur ag údaráis náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú na reachtaíochta i réimse na cosanta tomhaltóirí a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ní hamháin do rialacha ginearálta maidir le hurchosc ama is infheidhme maidir leis na himeachtaí sáraithe ina n‑iomláine ach freisin, i gcás inarb iomchuí, teorainneacha ama lena rialaítear seoladh céimeanna áirithe den nós imeachta sin, amhail an chéim sula gcuirtear an ráiteas agóidí in iúl don ghnóthas lena mbaineann, ar choinníoll go bhfuil na teorainneacha ama atá i gceist i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 38 go 41 den bhreithiúnas seo.

44

I ndáil leis sin, ba cheart a choinneáil i gcuimhne, ar an gcéad dul síos, nach mór réasúntacht fhad na céime sin a mheas, i bprionsabal, i bhfianaise na n‑imthosca a bhaineann go sonrach le gach cás (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Meitheamh 2013, HGA agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑630/11 P go C‑633/11 P, EU:C:2013:387, mír 82). Go sonrach, ní mór d’fhad tréimhse nós imeachta lena rialaítear an chéim sin a bheith leordhóthanach sa chleachtas chun seoladh cuí na céime sin a áirithiú (féach, chuige sin, breithiúnais an 29 Deireadh Fómhair 2015, BBVA, C‑8/14, EU:C:2015:731, mír 29, agus an 9 Meán Fómhair 2020, Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides(Diúltú d’iarratas ina dhiaidh sin–Teorainn ama chun achomharc a dhéanamh), C‑651/19, EU:C:2020:681, mír 57).

45

Ní mór a thabhairt faoi deara freisin, i gcomhthéacs imeachtaí um shárú faoi Airteagail 101 agus 102 CFAE arna seoladh ag an gCoimisiún, go bhfuil sé beartaithe leis an réamhchéim imscrúdaithe, a leanann go dtí an ráiteas agóidí, ní hamháin a chur ar chumas na hinstitiúide sin an fhianaise ábhartha go léir a bhailiú lena ndeimhnítear nó nach ndeimhnítear gurb ann do shárú ar na rialacha iomaíochta, ach seasamh a ghlacadh freisin maidir leis an treo a ghlacfar sa nós imeachta agus an méid a dhéanfar ina dhiaidh sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Deireadh Fómhair 2002, Limburgse Vinyl Maatschappij agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑238/99 P, C‑244/99 P, C‑245/99 P, C‑247/99 P, C‑250/99 P go C‑252/99 P agus C‑254/99 P, EU:C:2002:582, mír 182, agus an 29 Meán Fómhair 2011, Elf Aquitaine v an Coimisiún, C‑521/09 P, EU:C:2011:620, mír 113).

46

Cé go bhféadfadh castacht an nós imeachta i réimse na hiomaíochta údar a thabhairt go bhféadfadh an réamhchéim den nós imeachta sin dul ar aghaidh ar feadh tréimhse fhada (féach, chuige sin, breithiúnais an 2 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v Tempus Energy agus Tempus Energy Technology, C‑57/19 P, EU:C:2021:663, mír 62, agus an 17 Samhain 2022, Irish Wind Farmers’ Association agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑578/21 P, EU:C:2022:898, mír 88), níl an Coimisiún údaraithe chun staid neamhghníomhaíochta a bhuanú le linn na céime sin den nós imeachta (féach, chuige sin, breithiúnais an 18 Márta 1997, Guérin automobiles v an Coimisiún, C‑282/95 P, EU:C:1997:159, mír 36, agus an 13 Meitheamh 2013, HGA agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑630/11 P go C‑633/11 P, EU:C:2013:387, mír 81).

47

Ina theannta sin, is prionsabal bunúsach de dhlí an Aontais é urraim do chearta na cosanta agus ní mór é a urramú go hiomlán i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin a thagann faoi dhlí an Aontais. I gcomhthéacs imeachtaí um shárú ar na rialacha iomaíochta, is é an ráiteas agóidí an ráthaíocht bhunúsach ina leith sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Deireadh Fómhair 2017, Global Steel Wire agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑457/16 P agus C‑459/16 P go C‑461/16 P, EU:C:2017:819, míreanna 139 agus 140; an 13 Meán Fómhair 2018, UBS Europe agus páirtithe eile, C‑358/16, EU:C:2018:715, mír 60, agus an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C‑882/19, EU:C:2021:800, mír 56).

48

Dá bhrí sin, tá na breithnithe a leagtar amach i míreanna 45 go 47 den bhreithiúnas seo ábhartha freisin i gcomhthéacs nós imeachta riaracháin arna sheoladh, ar an leibhéal náisiúnta, ag údarás náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú na reachtaíochta i réimse na cosanta tomhaltóirí d’fhonn pionós a fhorchur i dtaca le sárú ar reachtaíocht an Aontais sa réimse sin.

49

Chun a n‑oibleagáid i leith reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a chur chun feidhme go héifeachtach, ní mór do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú na reachtaíochta maidir le cosaint tomhaltóirí a bheith in ann leibhéil éagsúla tosaíochta a thabhairt do na gearáin a chuirtear faoina mbráid trí chorrlach breithmheasa leathan a bheith acu chun na críche sin (féach, de réir analaí, breithiúnais an 14 Nollaig 2000, Masterfoods agus HB, C‑344/98, EU:C:2000:689, mír 46, agus an 19 Meán Fómhair 2013, EFIM v an Coimisiún, C‑56/12 P, C‑56/12 P, EU:C:2013:575, míreanna 72 agus 83).

50

Ar an dara dul síos, le Rialachán Uimh. 2006/2004, a bhí infheidhme tráth a tionscnaíodh an chuid sáraíochta den nós imeachta sna príomhimeachtaí, agus ansin le Rialachán 2017/2394, bunaíodh sásra comhair agus comhordúcháin agus faoin gcreat sin d’fhéadfadh na húdaráis náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú an dlí maidir le cosaint tomhaltóirí dul i gcomhar lena chéile agus comhordú a dhéanamh lena chéile agus leis an gCoimisiún chun catagóirí áirithe sáruithe ar na gníomhartha dá dtagraítear san iarscríbhinn a ghabhann le gach ceann den dá Rialachán sin, lena n‑áirítear Treoir 2005/29, a chomhrac.

51

I gcomhréir le hAirteagal 9(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 2006/2004, bhí na húdaráis inniúla lena ngníomhaíochtaí faireachais margaidh agus forfheidhmiúcháin a chomhordú trí fhéachaint le himscrúduithe a dhéanamh agus le bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh go comhuaineach i dtaca le cosaint tomhaltóirí. Mar is léir ó aithris 7 den Rialachán sin, tá cumas na n‑údarás inniúil comhoibriú faoi shaoirse ar bhonn cómhalartach chun faisnéis a mhalartú agus sáruithe arna gcuimsiú leis an Rialachán a bhrath, a imscrúdú agus bearta a dhéanamh chun deireadh a chur le sáruithe laistigh den Chomhphobal nó a thoirmeasc bunriachtanach chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú.

52

Is léir ó chuspóir féin na céime roimh an ráiteas agóidí in imeachtaí um shárú i réimse na cosanta tomhaltóirí agus ón gcorrlach breithmheasa leathan atá le bheith ag údarás náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú na reachtaíochta sa réimse sin agus tosaíochtaí á leagan síos dá imeachtaí sa réimse sin, gurb amhlaidh, le linn na céime sin den nós imeachta, nach mór don údarás sin a bheith in ann ní hamháin na réamhbhearta imscrúdaithe a ghlacadh agus na measúnuithe fíorais agus dlí a dhéanamh, ar minic iad a bheith casta, agus a bhfuil gá leo chun measúnú a dhéanamh an bhfuil údar le tús a chur leis an gcéim imscrúdaithe den nós imeachta, ach freisin lena roghnú, de réir an leibhéil tosaíochta is mian leis a thabhairt, i bhfeidhmiú a neamhspleáchais oibriúcháin, do nós imeachta um shárú atá ar siúl, agus an tráth is iomchuí chun tús a chur leis an gcéim imscrúdaithe sáraíochta den nós imeachta sin, más iomchuí sin.

53

Dá bhrí sin, ní mór an fhéidearthacht a bheith ag údarás iomaíochta náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú na reachtaíochta i réimse na cosanta tomhaltóirí tionscnamh na céime imscrúdaithe sáraíochta in imeachtaí faoi leith a chur siar go sealadach, cé go bhfuil gnéithe fíor-riachtanacha an tsáraithe líomhainte suite aige cheana féin. Tá féidearthacht den sórt sin i gcomhréir leis an gcuspóir chun a áirithiú go mbeidh an t‑údarás lena mbaineann in ann na himeachtaí go léir um shárú atá os a chomhair a láimhseáil go hiomchuí. Is dócha freisin go rannchuideoidh sin na hacmhainní atá ar fáil a úsáid go héifeachtach agus go gcothóidh sé comhar iomchuí laistigh den ghréasán um chomhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú na reachtaíochta maidir le cosaint tomhaltóirí, a bunaíodh le Rialachán Uimh. 2006/2004 agus le Rialachán 2017/2394 ina dhiaidh sin. Mar sin féin, ní fhéadfadh sé a bheith de thoradh ar chur siar sealadach den sórt sin go sárófaí an tréimhse réasúnta ina bhfuil an chéim roimh an ráiteas agóidí le cur i gcrích.

54

Ar an tríú dul síos, agus neamhspleáchas nós imeachta á fheidhmiú ag Ballstát, caithfidh sé a áirithiú ní hamháin lánéifeachtacht reachtaíocht an Aontais i réimse na cosanta tomhaltóirí, agus go dtionscnófar imeachtaí i gcoinne sáruithe ar an reachtaíocht sin agus go ngearrfar pionós ina leith, ach freisin go n‑urramaítear na cearta bunúsacha, lena n‑áirítear, go háirithe, cearta chosaint na ngnóthas atá faoi réir nósanna imeachta sáraithe (féach, chuige sin, breithiúnais an 7 Nollaig 2010, VEBICI, C‑439/08, EU:C:2010:739, mír 63, agus an 5 Meitheamh 2018, Kolev agus páirtithe eile, C‑612/15, EU:C:2018:392, mír 98).

55

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt cheana féin go bhféadfadh tionchar a bheith ag fad iomarcach na céime roimh an ráiteas agóidí ar na féidearthachtaí a bheidh ann sa todhchaí maidir le cosaint na ngnóthas lena mbaineann, go háirithe trína gcearta cosanta a shárú i gcomhthéacs na céime imscrúdaithe sáraíochta den nós imeachta um shárú a bhfuil siad faoina réir. Dá fhad an tréimhse idir réamhbheart imscrúdaithe agus an ráiteas agóidí, is ea is dóichí a thiocfaidh sé nach féidir aon fhianaise shaorthach a bhaineann leis an sárú a ndearnadh gearán ina leith sa ráiteas sin a bhailiú a thuilleadh nó go mbaileofar í ach deacrachtaí a bheith ann leis sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2006, Nederlandse Federatieve Vereniging voor de Groothandel op Elektrotechnisch Gebied v an Coimisiún, C‑105/04 P, EU:C:2006:592, mír 49).

56

Cé go bhfuil teorainneacha ama nós imeachta réasúnta beartaithe, dá bhrí sin, inter alia, chun feidhmiú éifeachtach chearta cosanta na ngnóthas atá faoi réir imeachtaí um shárú a áirithiú, is amhlaidh fós nach mór reachtaíocht náisiúnta lena leagtar síos teorainneacha ama nós imeachta maidir le pionóis arna bhforchur ag na húdaráis náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú na reachtaíochta i réimse na cosanta tomhaltóirí d’fhonn cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac agus a phionósú a chur in oiriúint do ghnéithe sonracha dhlí an Aontais sa réimse sin agus do chuspóirí chur chun feidhme an dlí sin ag na daoine lena mbaineann, ionas nach mbainfear an bonn dá lánéifeachtacht (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Eanáir 2021, Whiteland Import ExportC‑308/19, EU:C:2021:47, mír 52).

57

Sa chás seo, mar is léir ón ordú tarchuir, ceanglaítear ar AGCM an chéim imscrúdaithe sáraíochta den nós imeachta a thionscnamh trí bhíthin ráiteas agóidí laistigh de thréimhse shocraithe 90 lá ón tráth a shuitear gnéithe bunriachtanacha an tsáraithe líomhainte. Thairis sin, is é an toradh a bhíonn ar mhainneachtain cloí leis an teorainn ama atá i gceist, ar an gcéad dul síos, go ndéantar an cinneadh críochnaitheach a ghlac AGCM ag deireadh na n‑imeachtaí um shárú a neamhniú go huathoibríoch, a mhéid a bhaineann sé le scor den chleachtas tráchtála éagórach agus leis na pionóis a fhorchuirtear ar an ngnóthas lena mbaineann. Ar an dara dul síos, cuirtear cosc go cinntitheach ar an údarás sin, de bhua an phrionsabail ne bis in idem, imeachtaí nua um shárú a thionscnamh maidir leis an gcleachtas tráchtála éagórach céanna. Mar is léir ón gcomhad os comhair na Cúirte, is é cuspóir na rialacha sin cearta cosanta na ngnóthas a choimirciú le linn na n‑imeachtaí um shárú a bhfuil siad faoina réir trí na hagóidí ina gcoinne a chur in iúl dóibh in am trátha.

58

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 107 go 109 agus 114 dá Thuairim, tá baol ann go gcuirfidh cur i bhfeidhm na teorann ama atá i gceist d’oibleagáid ar AGCM déileáil go neamhdhealaithe leis na himeachtaí um shárú go léir atá os a chomhair gan imthosca sonracha gach nós imeachta a chur san áireamh, ach trí ord croineolaíoch amháin a leanúint, rud a chuirfeadh cosc air tosaíochtaí dá imeachtaí a bhaineann le cosaint tomhaltóirí a leagan síos agus a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an údarás sin imeachtaí imscrúdaithe a thionscnamh ar bhonn fíorasach nó dlí éiginnte nó tús áite a thabhairt do láimhseáil catagóirí áirithe cásanna a ligeann a chuid acmhainní dó déileáil leo i ndiaidh na céime réamhscrúdaithe, i gcás inarb iomchuí, chun dochair do cháschomhaid thar a bheith casta a dhéanfadh dochar mór do leasanna tomhaltóirí. Is mó seans go gcuirfí as do neamhspleáchas oibríochtúil AGCM ar an gcaoi sin i gcás ina mbeidh túsphointe na tréimhse, a ndealraíonn sé go bhfuil na modhanna chun tús a chur leis an tréimhse, thairis sin, neamhbheacht, doiléir agus dothuartha ar thaobh an údaráis sin agus ar thaobh an ghnóthais lena mbaineann, ag teacht leis an gcéad tuairisc ar an sárú líomhainte a rinneadh leis an údarás sin, a bheidh faoi oibleagáid an cáschomhad a imscrúdú láithreach.

59

Thairis sin, d’fhéadfadh na hiarmhairtí a bhaineann le dul thar an teorainn ama atá i gceist bac a chur ar AGCM a bheith ag comhoibriú go hiomlán laistigh den ghréasán a cuireadh ar bun le Rialachán Uimh. 2006/2004, agus ansin le Rialachán 2017/2394. Mar a chuir AGCM agus an Coimisiún in iúl, agus an ceart acu, ina mbarúlacha i scríbhinn, féadfaidh sé go n‑iarrfar ar an údarás sin gníomhú i gcásanna trasteorann, ar bhonn tuairisc a thagann ó údarás nó Ballstát eile nó ón gCoimisiún. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an tréimhse atá i gceist leordhóthanach chun a chur ar chumas AGCM comhoibriú go héifeachtach le húdaráis na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún, a fortiori i gcás ina raibh an cleachtas tráchtála lena mbaineann ina ábhar foláirimh cheana féin san Iodáil, lenar cuireadh tús leis an tréimhse atá i gceist.

60

Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach féidir, in aon chás, cearta cosanta na ngnóthas is ábhar d’imeachtaí um shárú a shárú mar gheall ar mhainneachtain an teorainn ama atá i gceist a chomhlíonadh agus mar gheall air sin amháin.

61

Mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i mír 131 dá Thuairim, cé go bhfuil sé tábhachtach go deimhin nach sárófaí ar bhealach doleigheasta cearta cosanta gnóthais le linn na réamhchéime d’imeachtaí um shárú maidir le cleachtas tráchtála éagórach, féadfaidh gnóthas den sórt sin, in aon chás, a chearta cosanta a fheidhmiú go héifeachtach fós, ar choinníoll go ráthaítear nach féidir leis an údarás iomaíochta náisiúnta aon chinneadh a dhéanamh i gcoinne gnóthas den sórt sin gan an t‑údarás sin a bheith tar éis céim imscrúdaithe sáraíochta a thionscnamh ina bhféadfaidh an chuideachta sin a cearta cosanta a fheidhmiú go hiomlán sa chomhthéacs sin.

62

Ar an dara dul síos, chinn an Chúirt cheana, i gcomhthéacs gníomhaíocht na n‑údarás náisiúnta iomaíochta atá beartaithe chun sáruithe ar dhlí iomaíochta an Aontais a phionósú, go bhfuil na rialacha náisiúnta maidir le tréimhsí teorann lena gcuirtear cosc go córasach, ar chúiseanna a bhaineann leis na rialacha sin féin, ar phionóis éifeachtacha agus athchomhairleacha a fhorchur i leith sáruithe ar an dlí sin, de chineál a fhágann go mbeadh sé dodhéanta nó ródheacair i gcleachtas an dlí sin a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, mheas sí nár comhlíonadh prionsabal na héifeachtachta le reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear tréimhse theorann, a d’fhéadfadh a cur i bhfeidhm, i bhfianaise a chasta atá cásanna dhlí na hiomaíochta, riosca sistéamach a chruthú go mbeadh saoirse ó phionós ann i leith gníomhartha ar sáruithe iad ar an dlí sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Eanáir 2021, Whiteland Import ExportC‑308/19, EU:C:2021:47, míreanna 53 agus 56).

63

I bhfianaise chuspóir Threoir 2005/29 maidir le hardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí agus a áirithiú go ndéanfar cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac go héifeachtach ar mhaithe le tomhaltóirí, dá dtagraítear i mír 33 den bhreithiúnas seo, tá na breithnithe a leagtar amach sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo ábhartha freisin i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí na n‑údarás náisiúnta atá freagrach forfheidhmiú na reachtaíochta maidir le cosaint tomhaltóirí.

64

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 137 go 139 dá Thuairim, is cosúil go bhfágann na hiarmhairtí faoin reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí i gcás neamhchomhlíonadh na teorann ama atá i gceist go mbeadh baol ann go mbeadh saoirse ó phionós ann i leith fíorais arb ionann iad agus sáruithe ar an toirmeasc ar chleachtais tráchtála éagóracha arna leagan síos le hAirteagal 5(1) de Threoir 2005/29. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé go bhfágfadh an reachtaíocht náisiúnta sin nach mbeadh líon suntasach sáruithe ar an bhforáil sin faoi réir pionóis éifeachtacha agus athchomhairleacha. Ina theannta sin, ós rud é nach féidir le AGCM imeachtaí nua um shárú a thionscnamh chun pionóis den sórt sin a ghlacadh, d’fhéadfaí, go deimhin, gnóthais a spreagadh chun cleachtais tráchtála éagóracha a choinneáil ar bun, rud a chuirfeadh go mór i mbaol cur chun feidhme rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí ag na húdaráis atá freagrach as forfheidhmiú na reachtaíochta sa réimse sin.

65

Sna himthosca sin, i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i míreanna 58, 59 agus 64 den bhreithiúnas seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh d’éifeacht ag cur i bhfeidhm na teorann ama atá i gceist maidir le gníomhaíocht AGCM an bonn a bhaint de neamhspleáchas oibríochtúil an údaráis sin agus riosca sistéamach a chruthú go mbeidh saoirse ó phionós ann i leith na bhfíoras ar sáruithe iad ar an toirmeasc ar chleachtais tráchtála éagóracha arna bhunú le hAirteagal 5(1) de Threoir 2005/29.

66

Thairis sin, ní mór a lua, maidir le léiriú ar an dlí náisiúnta sa chiall go bhfuil iarmhairtí mhainneachtain AGCM an teorainn ama atá i gceist a chomhlíonadh teoranta do chumhacht an údaráis sin pionóis a fhorchur a bhaint de, agus é fós de chumhacht aige a ordú do ghnóthas deireadh a chur lena chleachtas tráchtála éagórach, ní fhéadfadh sé sin baol den sórt sin go mbeadh saoirse ó phionós ann a chur as an áireamh agus cur i bhfeidhm éifeachtach Threoir 2005/29 a áirithiú. Tá teorainneacha den sórt sin ar ghníomhaíocht údaráis náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú na reachtaíochta cosanta tomhaltóirí ar neamhréir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit a leagtar síos in Airteagal 13 den Treoir sin córas pionós éifeachtach agus athchomhairleach a bhunú agus forfheidhmiú an chórais sin a áirithiú.

67

A mhéid, de réir na cúirte a rinne an tarchur, atá cur i bhfeidhm na teorann ama atá i gceist sna príomhimeachtaí mar thoradh ar léiriú áirithe ar an dlí náisiúnta ag cúirt níos airde, ba cheart a lua freisin, chun éifeachtacht fhorálacha uile dhlí an Aontais a áirithiú, go gceanglaítear le prionsabal na tosaíochta ar chúirteanna náisiúnta a ndlí náisiúnta a léiriú, a mhéid is féidir, i gcomhréir le dlí an Aontais (breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C‑882/19, EU:C:2021:800, mír 70 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 12 Deireadh Fómhair 2023, Z. (Ceart chun cóip de chonradh creidmheasa a fháil), C‑326/22, EU:C:2023:775, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

68

Dá bhrí sin, agus an dlí náisiúnta á chur i bhfeidhm, ceanglaítear ar na cúirteanna sin é a léiriú, a mhéid is féidir, i bhfianaise fhoclaíocht agus chuspóir fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais, agus an dlí náisiúnta á chur san áireamh ina iomláine agus na modhanna léirithe a aithnítear leis á gcur i bhfeidhm, chun a áirithiú go bhfuil na forálacha sin lánéifeachtach agus chun teacht ar thoradh atá comhsheasmhach leis an gcuspóir a shaothraítear leis na forálacha sin (féach chuige sin, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C‑882/19, EU:C:2021:800, mír 71 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 22 Meán Fómhair 2022, Vincente (Caingean le haghaidh táillí dlíodóra a íoc), C‑335/21, EU:C:2022:720, mír 72 agus an cásdlí dá dtagraítear).

69

Dá bhrí sin, ní mór don chúirt a rinne an tarchur a dlí náisiúnta a léiriú, a mhéid is féidir, go sonrach Airteagal 27(13) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 206 maidir le Cód na dTomhaltóirí, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí agus Airteagal 14 de Dhlí Uimh. 689/81, ar bhealach atá comhsheasmhach le dlí an Aontais chun a áirithiú go bhfuil sé lánéifeachtach. Leis an oibleagáid an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais, ceanglaítear ar an gcúirt sin cásdlí socair a athrú, i gcás inarb iomchuí, i gcás ina bhfuil an cásdlí sin bunaithe ar léiriú ar an dlí náisiúnta atá ar neamhréir le cuspóirí forála de dhlí an Aontais agus, chuige sin, aon léiriú arna ghlacadh ag cúirt níos airde, nó ag cúirt uachtarach fiú, a bheadh ina cheangal uirthi faoina dlí náisiúnta a fhágáil gan feidhm uaithi féin, mura bhfuil an léiriú sin i gcomhréir le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Meitheamh 2019, Popławski, C‑573/17, EU:C:2019:530, mír 78 agus an cásdlí a luaitear; an 21 Eanáir 2021, Whiteland Import Export, C‑308/19, EU:C:2021:47, mír 58, agus an 13 Meitheamh 2024, DG de la Función Pública, Generalitat de Catalunya agus Departamento de Justicia de la Generalitat de Catalunya, C‑331/22 agus C‑332/22, EU:C:2024:496, míreanna 108 agus 110).

70

I bhfianaise an mhéid sin go léir, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear nach mór Airteagail 11 agus 13 de Threoir 2005/29, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir, le linn imeachtaí arna seoladh ag údarás náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú na reachtaíochta maidir le cosaint tomhaltóirí, ar an gcéad dul síos, a fhorchuirtear oibleagáid ar an údarás sin an chéim imscrúdaithe sáraíochta den nós imeachta sin a thionscnamh trí ráiteas agóidí a sheoladh chuig an ngnóthas sin laistigh de theorainn ama 90 lá ón tráth a bhfuil sé ar an eolas faoi na gnéithe bunriachtanacha den sárú líomhainte, a d’fhéadfadh a bheith teoranta do na gnéithe sa chéad tuairisc maidir leis an sárú sin, agus, ar an dara dul síos, a dhéantar neamhchomhlíonadh na teorann ama sin a phionósú tríd an gcinneadh críochnaitheach ón údarás sin ag deireadh an nós imeachta um shárú a chur ar neamhní ina iomláine agus tríd an gcumhacht a bhaint den údarás sin imeachtaí nua um shárú a thionscnamh maidir leis an gcleachtas céanna.

Costais

71

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Dara Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagail 11 agus 13 de Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha’), arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir, le linn imeachtaí arna seoladh ag údarás náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú na reachtaíochta maidir le cosaint tomhaltóirí, ar an gcéad dul síos, a fhorchuirtear oibleagáid ar an údarás sin an chéim imscrúdaithe sáraíochta den nós imeachta sin a thionscnamh trí ráiteas agóidí a sheoladh chuig an ngnóthas sin laistigh de theorainn ama 90 lá ón tráth a bhfuil sé ar an eolas faoi na gnéithe bunriachtanacha den sárú líomhainte, a d’fhéadfadh a bheith teoranta do na gnéithe sa chéad tuairisc maidir leis an sárú sin, agus, ar an dara dul síos, a dhéantar neamhchomhlíonadh na teorann ama sin a phionósú tríd an gcinneadh críochnaitheach ón údarás sin ag deireadh an nós imeachta um shárú a chur ar neamhní ina iomláine agus tríd an gcumhacht a bhaint den údarás sin imeachtaí nua um shárú a thionscnamh maidir leis an gcleachtas céanna.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.