BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)

1 Lúnasa 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Saoránacht an Aontais – Saorghluaiseacht daoine – Airteagal 18 CFAE – Neamh-idirdhealú ar bhonn náisiúntachta – Treoir 2004/38/CE – Airteagal 24 – Prionsabal na córa comhionainne – Leanbh ar saoránach de chuid an Aontais é a bhfuil ceart cónaithe aige faoin Treoir sin – Cead cónaithe náisiúnta a dheonú do thuismitheoir an linbh sin chun freagracht tuismitheora as an leanbh a fheidhmiú – Idirdhealú ar bhonn náisiúntacht an linbh – Tuismitheoir ag a bhfuil ceart cónaithe mar chuardaitheoir post – Maolú ar phrionsabal na córa comhionainne maidir le teidlíocht ar chúnamh sóisialta – Raon feidhme)

I gCás C‑397/23,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Sozialgericht Detmold (Cúirt Shóisialta Detmold, an Ghearmáin), trí bhreith an 22 Meitheamh 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 29 Meitheamh 2023, sna himeachtaí

FL

v

Jobcenter Arbeitplus Bielefeld,

idiragraí:

Stadt Bielefeld,

tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. L. Arastey Sahún, Uachtarán Dlísheomra, D. Gratsias, E. Regan (Rapóirtéir), J. Passer agus B. Smulders, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

Cláraitheoir: R. Şereş, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 14 Samhain 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag B.-R. Killmann agus E. Montaguti, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 13 Feabhra 2025,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Dhlí an Aontais maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát.

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir FL agus Jobcenter Arbeitplus Bielefeld (Ionad Fostaíochta Bielefeld, an Ghearmáin; ‘Jobcenter Bielefeld’) maidir le diúltú Jobcenter Bielefeld sochair sóisialta dá bhforáiltear le reachtaíocht na Gearmáine a dheonú ar FL.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

Treoir 2004/38/CE

3

Foráiltear le haithrisí 3, 4 agus 6 de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004 L 158, lch. 77, agus ceartúchán IO 2005 L 197, lch. 34) mar a leanas:

‘(3)

Ba cheart go mbeadh saoránacht an Aontais ina stádas bunúsach ag náisiúnaigh na mBallstát agus a gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse á fheidhmiú acu. Is gá, dá bhrí sin, na hionstraimí Comhphobail atá ann cheana a bhaineann ar leithligh le hoibrithe, le daoine féinfhostaithe, chomh maith le mic léinn agus daoine neamhghníomhacha eile a chódú agus a athbhreithniú chun an ceart chun saorghluaiseachta agus cónaithe atá ag saoránaigh uile an Aontais a shimpliú agus a neartú.

(4)

D’fhonn an cur chuige earnáil ar earnáil, ilroinnte seo maidir leis an gceart chun saorghluaiseachta agus cónaithe a leigheas agus d’fhonn feidhmiú an chirt sin a éascú, ní mór go mbeidh gníomh reachtach amháin ann chun [Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1968 maidir le saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Chomhphobal (IO 1968 L 257, lch. 2)] a leasú agus chun na gníomhartha seo a leanas a aisghairm [...]

[...]

(6)

Chun aontacht an teaghlaigh i gciall níos leithne a chothabháil agus gan dochar do thoirmeasc ar idirdhealú ar bhonn náisiúntachta, ba cheart don Bhallstát óstach, ar bhonn a reachtaíochta náisiúnta féin, scrúdú a dhéanamh ar staid na ndaoine sin nach n‑áirítear iad sa sainmhíniú ar bhaill teaghlaigh faoin Treoir seo, agus dá bhrí sin, nach bhfuil ceart uathoibríoch i dtaca le cead isteach agus cónaí sa Bhallstát óstach acu, chun a chinneadh an bhféadfaí an ceart dul isteach agus cónaí a dheonú do na daoine sin, agus a gcaidreamh le saoránach den Aontas nó aon imthosca eile, amhail a spleáchas airgeadais nó a gcleithiúnas fisiciúil ar shaoránach an Aontais á gcur san áireamh.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráiltear le hAirteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

2)

ciallaíonn “ball den teaghlach”:

(a)

céile;

(b)

an páirtnéir a bhfuil saoránach den Aontas dulta i mbun páirtnéireacht chláraithe leis, ar bhonn reachtaíocht Ballstáit, má dhéileálann reachtaíocht an Bhallstáit óstaigh le páirtnéireachtaí cláraithe mar pháirtnéireachtaí atá coibhéiseach le pósadh agus i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos i reachtaíocht ábhartha an Bhallstáit óstaigh;

(c)

sliocht díreach atá faoi bhun 21 bhliain d'aois nó ar cleithiúnaithe iad agus sliocht díreach nó cleithiúnaithe an chéile nó an pháirtnéara mar a shainmhínítear i bpointe (b);

(d)

gaolta díreacha sa líne shinsearach ar cleithiúnaithe iad agus amhlaidh i gcás an chéile nó an pháirtnéara mar a shainmhínítear i bpointe (b);

[...]’

5

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal ‘Tairbhithe’:

‘1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le gach saoránach den Aontas a bhogann go Ballstát eile seachas an Ballstát ar náisiúnach de é nó atá ina chónaí ann, agus maidir le baill dá theaghlaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) a ghabhann leis nó a théann in éineacht leis.

2.   Gan dochar d’aon cheart chun saorghluaiseachta agus cónaithe, a d’fhéadfadh a bheith ag na daoine lena mbaineann ina gceart féin, déanfaidh an Ballstát óstach, i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, dul isteach agus cónaí a éascú do na daoine seo a leanas:

[...]

(b)

an páirtnéir a bhfuil caidreamh marthanach ag saoránach den Aontas leis, atá fianaithe go cuí.

Déanfaidh an Ballstát óstach dianscrúdú ar na himthosca pearsanta agus tabharfaidh sé údar cuí d’aon diúltú ar dhul isteach nó ar chónaí do na daoine sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Foráiltear in Airteagal 6(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Ceart cónaithe ar feadh tréimhse suas le trí mhí’, mar seo a leanas:

‘Beidh ceart cónaithe ag saoránaigh den Aontas ar chríoch Ballstáit eile le haghaidh tréimhse suas go dtí 3 mhí gan aon choinníollacha ná haon fhoirmiúlachtaí seachas an ceanglas cárta aitheantais nó pas bailí a bheith acu.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear in Airteagal 14(2) agus (4) de Threoir 2004/38, dar teideal ‘Ceart cónaithe a choinneáil’, mar seo a leanas:

‘2.   Tá ceart cónaithe ag saoránaigh den Aontas agus ag baill dá dteaghlaigh dá bhforáiltear in Airteagail 7, 12 agus 13 fad a chomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha amach sna hAirteagail sin.

[...]

4.   De mhaolú ar mhír 1 agus mhír 2 agus gan dochar d’fhorálacha Chaibidil VI, ní fhéadfar beart díbeartha in aon chás a ghlacadh i gcoinne shaoránaigh an Aontais nó bhaill a dteaghlaigh más rud é:

[...]

(b)

gur tháinig saoránaigh den Aontas lena mbaineann isteach i gcríoch an Bhallstáit óstaigh chun fostaíocht a lorg. Sa chás sin, ní fhéadfaidh saoránaigh den Aontas agus baill a dteaghlaigh a dhíbirt chomh fada agus is féidir le saoránaigh den Aontas fianaise a sholáthar go bhfuil siad ag lorg fostaíochta i gcónaí agus go bhfuil fíorsheans ann go bhfostófar iad.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

De réir Airteagal 24 den Treoir sin, dar teideal ‘Cóir chomhionann’:

‘1.   Faoi réir na bhforálacha sonracha a leagtar síos go sainráite sa Chonradh agus sa reachtaíocht thánaisteach, i gcás gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air ar bhonn na Treorach seo i gcríoch an Bhallstáit óstaigh, gheobhaidh sé an chóir chéanna agus atá ag náisiúnaigh an Bhallstáit sin faoi chuimsiú an Chonartha. [...]

2.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh sé de dhualgas ar an mBallstát óstach teidlíocht a thabhairt do chúnamh sóisialta i rith na chéad 3 mhí chónaithe nó, i gcás inarb iomchuí, an tréimhse níos faide dá bhforáiltear in Airteagal 14(4)(b), [...] do dhaoine seachas oibrithe, daoine féinfhostaithe, daoine a choimeádann an stádas sin agus baill a dteaghlaigh.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán (CE) Uimh. 883/2004

9

Foráiltear le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1, agus ceartúchán IO 2004 L 200, lch. 1), dar teideal ‘Cóir comhionann’ mar seo a leanas:

‘Mura bhforáiltear a mhalairt faoin Rialachán seo, na daoine a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, beidh na sochair chéanna acu agus na hoibleagáidí céanna orthu faoi reachtaíocht aon Bhallstát le náisiúnaigh an Bhallstáit sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Gearmáine

Maidir le cónaí

10

Leis an gcéad abairt d’Airteagal 28(1) den Gesetz über den Aufenthalt, die Erwerbstätigkeit und die Integration von Ausländern im Bundesgebiet (an Dlí maidir le cónaí, gníomhaíocht cheirde agus lánpháirtiú náisiúnach eachtrach ar chríoch na Cónaidhme) an 30 Iúil 2004 (BGBl. 2004 I, lch. 1950), arna leasú le Dlí an 27 Iúil 2015 (BGBl. 2015 I, lch. 1386) (‘AufenthG’), dar teideal ‘Athaontú teaghlaigh le náisiúnaigh Ghearmánacha’, cuirtear an méid seo a leanas:

‘Ní mór cead cónaithe a eisiúint

1.   do chéile eachtrach le náisiúntacht Gearmánach,

2.   do leanbh neamhphósta eachtrach le náisiúntacht Ghearmánach,

3.   do thuismitheoir eachtrach le náisiúntacht Ghearmánach mionaoiseach neamhphósta chun freagracht tuismitheora a fheidhmiú

má tá gnáthchónaí ar an náisiúnach Gearmánach i gcríoch na Cónaidhme. [...]’

11

Foráiltear mar seo a leanas leis an gcéad abairt d’Airteagal 11(14) den Gesetz über die allgemeine Freizügigkeit von Unionsbürgern (an Dlí maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais) an 30 Iúil 2004 (BGBl. 2004 I, lch. 1986) arna leasú le Dlí an 12 Samhain 2020 (BGBl. 2020 I, lch. 2416):

‘Beidh feidhm ag [AufenthG] i gcás a dtugann sé stádas dlíthiúil níos fabhraí ná an dlí seo.’

Maidir le sochair shóisialta

12

Foráiltear le hAirteagal 7(1) de Leabhar II den Sozialgesetzbuch (an Cód Slándála Sóisialta), sa leagan a bhí i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2020 (‘SGB II’), dar teideal ‘Tairbhithe Sochar’:

‘Deonaítear na sochair arna leagan amach sa leabhar seo do dhaoine:

1.

a bhfuil aois 15 bliana bainte amach acu agus nach shroicheann siad an teorainn aoise a leagtar síos in Airteagal 7 go fóill,

2.

atá ábalta dul i mbun oibre,

3.

a bhfuil cúnamh de dhíth orthu agus

4.

a bhfuil cónaí orthu de ghnáth i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine (tairbhithe atá ábalta dul i mbun oibre).

Ní áirítear leis sin:

1.

le linn na chéad 3 mhí cónaithe, na náisiúnaigh eachtracha nach bhfuil fostaithe nó féinfhostaithe i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine nó nach bhfuil an ceart chun saorghluaiseacht acu de bhun Airteagal 2(3) de [FreizügG/EU] acu, agus a mball teaghlaigh,

2.

náisiúnaigh eachtracha

(a)

nach bhfuil ceart cónaithe acu,

(b)

a eascraíonn a cheart cónaithe as an gcuspóir obair a lorg agus as an gcuspóir sin amháin [...]

[...]

agus a mbaill teaghlaigh,

[...]

De mhaolú ar phointe 2 den dara habairt, deonaítear na sochair faoin leabhar seo do náisiúnaigh eachtracha agus do bhaill dá dteaghlaigh i gcás a bhfuil gnáthchónaí orthu i gcríoch na Cónaidhme ar feadh 5 bhliain ar a laghad [...]’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

13

Chuaigh FL, an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, náisiúnach Polannach, isteach sa Ghearmáin an 30 Bealtaine 2020 ón Ísiltír. Chuaigh a pháirtí, ar náisiúnach Polannach í freisin, isteach sa Ghearmáin roimhe sin, is é sin an 30 Lúnasa 2015, ón bPolainn. Rugadh a mac an 27 Samhain 2020 sa Ghearmáin agus is náisiúnach Polannach é freisin.

14

Rinne FL, a pháirtí agus a leanbh coiteann iarratas ar Jobcenter Bielefeld ar shochair bhunúsacha cúnaimh shóisialta faoi SGB II. Le cinntí an 3 Nollaig agus an 21 Nollaig 2020, dheonaigh Jobcenter Bielefeld na sochair sin, faoi seach, do pháirtí FL le héifeacht ón 30 Bealtaine 2020, agus dá leanbh coiteann le héifeacht ó dháta a breithe. Mar sin féin, le cinneadh an 21 Aibreán 2021, diúltaíodh d’iarratas FL don tréimhse ón 30 Bealtaine 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021, ar an bhforas nach raibh aon cheart cónaithe aige sa Ghearmáin a d’fhéadfadh a bheith i dteideal sochair sóisialta faoi SGB II, ós rud é nár deonaíodh a cheart cónaithe dó ach amháin chun fostaíocht a lorg.

15

Le cinneadh an 19 Iúil 2021, dhiúltaigh Jobcenter Bielefeld an gearán a rinne FL i gcoinne an chinnidh diúltaithe sin toisc é a bheith gan bhunús ar na forais chéanna, go bunúsach, leis na forais a bhí mar bhonn lena chinneadh tosaigh.

16

Go háirithe, chun teacht ar an gconclúid nach raibh aon cheart cónaithe ag FL i gcríoch na Gearmáine a d’fhágfadh go mbeadh sé i dteideal sochair slándála sóisialta faoi SGB II, mheas Jobcenter Bielefeld, sa chéad áit, nach bhféadfadh FL ceart cónaithe a éileamh, faoin dlí náisiúnta, mar bhall teaghlaigh dá pháirtí a raibh ceart buanchónaithe aici, nó mar dhuine atá an‑mhór léi.

17

Sa dara háit, chinn sé nach raibh FL i dteideal cead cónaithe ar bhonn fheidhmiú na freagrachta tuismitheora as a leanbh mionaoiseach, de bhun phointe 3 den chéad abairt d’Airteagal 28(1) de AufenthG, arna ghlacadh ina aonar nó i gcomhar leis an gcéad abairt d’Airteagal 11(14) de FreizügG/EU, ós rud é go raibh eisiúint an cheada cónaithe sin faoi réir an choinníll go mbeadh náisiúntacht Ghearmánach ag an leanbh, cé go raibh leanbh FL de náisiúntacht Pholannach.

18

Sá tríú háit, bhí Jobcenter Bielefeld den tuairim nár eascair ceart cónaithe as Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Aontas (IO 2011 L 141, lch. 1), ná as Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004, arna léiriú ag an gCúirt i mbreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Jobcenter Krefeld (C‑181/19, EU:C:2020:794). Sa chás as ar eascair an breithiúnas sin, bhí sé de dhualgas ar na páistí mionaoiseacha freastal ar scoil, rud nach amhlaidh i gcás leanbh FL.

19

An 12 Lúnasa 2021, thug FL caingean os comhair Sozialgericht Detmold (Cúirt Shóisialta Detmold, an Ghearmáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur, i gcoinne chinneadh Jobcenter Bielefeld an 19 Iúil 2021. Mar thaca leis an gcaingean sin, áitíonn FL, go bunúsach, nach mór ceart cónaithe a dheonú di faoi phointe 3 den chéad abairt d’Airteagal 28(1) de AufenthG i gcomhar le hAirteagal 6 den Grundgesetz für die Bundesrepublik Deutschland (Dlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine), lena bhforáiltear, inter alia, do chosaint an teaghlaigh agus do chomhionannas idir leanaí a rugadh taobh istigh den phósadh agus leanaí nár rugadh iad de phósadh dleathach, agus Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950, maidir le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh. Dar le FL, tá sé contrártha le dlí an Aontais teorainn a chur le hathaontú teaghlaigh chun freagracht tuismitheora a fheidhmiú do chásanna ina bhfeidhmítear an t‑údarás sin ar leanbh mionaoiseach ag a bhfuil náisiúntacht Ghearmánach, ós rud é gur srian ar shaorghluaiseacht é sin, ach gur sárú é freisin ar an gceart chun cóir chomhionann a fháil.

20

Áitíonn Jobcenter Bielefeld nach féidir cead cónaithe a dheonú do FL ar bhonn phointe 3 den chéad abairt d’Airteagal 28(1) de AufenthG, ós rud é, de réir a foclaíochta féin, nach gcumhdaítear leis an bhforáil sin ach leanaí mionaoiseacha a bhfuil náisiúntacht Ghearmánach acu. Is gné dhílis den chineál sin reachtaíochta é go ndéantar idirdhealú i bhforáil náisiúnta maidir le hinimirce agus cónaí idir náisiúnaigh agus náisiúnaigh eachtracha, gan, áfach, an fhoráil atá i gceist a bheith contrártha le dlí an Aontais.

21

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, sa Ghearmáin, go bhfuil conspóid sa litríocht dhlíthiúil agus sa chásdlí araon maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an chéad abairt d’Airteagal 11(14) de FreizügG/EU, arna léamh i gcomhar le pointe 3 den chéad abairt d’Airteagal 28(1) de AufenthG agus an chéad mhír d’Airteagal 18 CFAE, in ann ceart cónaithe a bhunú do thuismitheoir a fheidhmíonn freagracht tuismitheora ar shaoránach mionaoiseach den Aontas a bhfuil ceart cónaithe aige sa Ghearmáin, cé nach bhfuil náisiúntacht Ghearmánach aige, a dhíorthaítear ó cheart cónaithe a thuismitheora eile. Sna himthosca sin, measann an chúirt a rinne an tarchur gur gá, chun an díospóid atá os a comhair a réiteach, tarchur a dhéanamh chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú chun scrúdú a dhéanamh an bhfuil reachtaíocht ábhartha na Gearmáine ag luí le dlí an Aontais.

22

Dá ndeonófaí ceart cónaithe do FL ar chríoch na Gearmáine ar chúis seachas an chúis a bhaineann le fostaíocht a chuardach, bheadh sé, i bprionsabal, i dteideal sochair shóisialta faoi SGB II freisin.

23

Sna himthosca sin, chinn Sozialgericht Detmold (Cúirt Shóisialta Detmold) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An gcaithfear dlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta nach féidir cead cónaithe chun críche cúraim agus coimeád a dheonú do thuismitheoir eachtrach le leanbh neamhphósta atá ina chónaí i gcríoch náisiúnta ach amháin má tá gnáthchónaí ar an tuismitheoir sa chríoch náisiúnta, rud a chiallaíonn nach bhfuil saoránaigh den [Aontas] de chuid Ballstáit i dteideal cead cónaithe chun críche cúraim agus coimeád shaoránach den Aontas ar mionaoiseach é agus ar náisiúnach Ballstáit é nach é an tír óstach?’

An cheist a tharchuirtear

24

Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, gur thagair an Coimisiún Eorpach don féidearthacht atá ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí brath ar cheart cónaithe i gcríoch Gearmánach mar ‘chéile’ do mháthair a linbh coiteann de réir bhrí Airteagal 3(2)(b) de Threoir 2004/38, ag sonrú, i gcás a bhfuil an ceart sin ag an iarratasóir, nach mbeadh gá freagra a thabhairt ar an gceist a tharchuirtear chun críoch na díospóide sna príomhimeachtaí a réiteach a thuilleadh.

25

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go bhfuil toimhde ábharthachta ag baint le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnas diúltú do rialú a thabhairt ar iarraidh arna déanamh ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíricí iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 10 Aibreán 2025, Amilla, C‑723/23, EU:C:2025:262, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

26

Sa chás seo, ní ceart cónaithe atá á éileamh ag an iarratasóir, de réir bhrí Airteagal 3(2)(b) de Threoir 2004/38, ach ceart cónaithe dá bhforáiltear sa dhlí náisiúnta chun freagracht tuismitheora a fheidhmiú, lena n‑éilítear léiriú ar dhlí an Aontais don mheasúnú ar bhunús an mhaímh sin, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur. Ní léir ón bhféidearthacht amháin go bhféadfadh ceart cónaithe eile a bheith ag an duine lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí, nach bhfuil aon bhaint ag forálacha dhlí an Aontais a dteastaíonn léiriú orthu le fírinne na díospóide sna príomhimeachtaí ná gur fadhb hipitéiseach í an fhadhb a ardaítear leis an gceist sin.

27

Ar an dara dul síos, baineann na ceisteanna a d’ardaigh an chúirt a rinne an tarchur, go sonrach, leis an bhféidearthacht, do náisiúnach Polannach, ar athair linbh mhionaoisigh é atá ina náisiúnach Polannach freisin agus a bhfuil gnáthchónaí air i gcríoch na Gearmáine, tairbhe a bhaint as cead chónaithe náisiúnta chun freagracht thuismitheora a fheidhmiú ar an leanbh sin, a mhéid a chónaíonn an leanbh sin sa chríoch sin de bhun Threoir 2004/38, mar ball theaghlaigh dá mháthair, ar náisiúnach Polannach é freisin agus a bhfuil ceart cónaithe leanúnach aici i gcomhréir leis na Treorach sin. Ina theannta sin, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhfuil an cheist sin bunaithe ar an mbonn nach bhfuil ceart cónaithe ag FL sa Ghearmáin seachas an ceart atá bunaithe ar a stádas mar chuardaitheoir poist faoi Airteagal 14(4)(b) de Threoir 2004/38.

28

Is léir freisin go bhfuil sé i dteideal sochair shóisialta mar gheall ar an gcead cónaithe a éilíonn FL chun freagracht tuismitheora a fheidhmiú, cé nach bhfuil sé, faoi dhlí na Gearmáine, i dteideal na sochair sin mar gheall ar an gceart cónaithe sa Ghearmáin chun críche fostaíocht a lorg. Sin an fáth, mar is léir ón iarraidh ar réamhrialú, a áitíonn FL, os comhair na cúirte a rinne an tarchur, nach mór cead cónaithe náisiúnta den sórt sin a dheonú dó agus, dá bhrí sin, sochair sóisialta a dheonú dó faoi SGB II.

29

Sna himthosca sin, is faoin gCúirt Bhreithiúnas atá sé brath freisin ar an mbonn a leagtar amach i mír 27 den bhreithiúnas seo chun freagra a thabhairt ar an gceist a tharchuirtear.

30

Ar an tríú dul síos, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí na Cúirte Breithiúnais, i gcás nach dtagraítear ach do dhlí an Aontais i gceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, gan tagairt a dhéanamh d’fhorálacha dhlí an Aontais atá i gceist, gur faoin gCúirt atá sé na forálacha de dhlí an Aontais lena n‑éilítear léiriú a bhaint as an bhfaisnéis go léir arna soláthar ag an gcúirt a rinne an tarchur, agus go háirithe as forais an ordaithe tarchuir, ag féachaint d’ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí (breithiúnas an 12 Feabhra 2015, Surgicare, C‑662/13, EU:C:2015:89, mír 17 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31

Sa chás seo, cé go luann an chúirt a rinne an tarchur, sa ráiteas ar chúiseanna an ordaithe tarchuir, roinnt forálacha de dhlí an Aontais, is maidir le hAirteagal 18 CFAE amháin a thugann sí an chúis, a leagtar amach i mír 21 den bhreithiúnas seo, maidir le cén fáth a gceistíonn sí an sáraítear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí dlí an Aontais, agus é á shoiléiriú, mar is léir ó mhír 27 den bhreithiúnas sin, go dtosaíonn an chúirt sin ón mbonn go bhfuil Treoir 2004/38 infheidhme freisin sa chás seo.

32

Sna himthosca sin, ba cheart a mheas, lena ceist, go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 18 CFAE agus/nó Treoir 2004/38 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta Ballstáit faoina bhféadfar cead cónaithe, dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta chun freagracht tuismitheora a fheidhmiú, a eisiúint do shaoránach den Aontais a bhfuil freagracht tuismitheora aige ar a leanbh mionaoiseach, ar an bhforas amháin nach náisiúnach den Bhallstát sin é an leanbh sin, cé gur saoránach den Aontas é freisin agus go bhfuil cónaí air ar chríoch an Bhallstáit sin de bhun na Treorach sin.

33

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, gur léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte go gcruthaíonn na coinníollacha chun an cead cónaithe náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí a dheonú difríocht sa chaoi a gcaitear le leanaí mionaoiseacha atá ina gcónaí i gcríoch na Gearmáine ar bhonn náisiúntachta. Go háirithe, faoi reachtaíocht na Gearmáine, ní fhéadfar cead cónaithe chun freagracht tuismitheora a fheidhmiú a dheonú do náisiúnach de Bhallstát eile ach amháin má fheidhmítear an freagracht sin i leith leanbh mionaoiseach neamhphósta a bhfuil gnáthchónaí air i gcríoch na Gearmáine agus a bhfuil náisiúntacht Ghearmánach aige. Mar thoradh air sin, i gcás leanbh mionaoiseach saoránach den Aontas nach bhfuil náisiúntacht Ghearmánach aige, ní féidir cead chónaithe náisiúnta den sórt sin a dheonú dá thuismitheoir ar náisiúnach de Bhallstát eile é, fiú má bhí gnáthchónaí ar an leanbh lena mbaineann i gcríoch na Gearmáine freisin.

34

Ní mór a mheabhrú go dtugtar le hAirteagal 20(1) CFAE stádas mar shaoránach de chuid an Aontais do gach duine atá náisiúntacht Ballstáit aige agus go bhfuil sé beartaithe go mbeidh an stádas sin ina stádas bunúsach ag náisiúnaigh na mBallstát, lena gcumasaítear dóibh siúd i measc na náisiúnach sin atá sa staid chéanna tairbhe a bhaint as an gcóir dhlíthiúil chéanna, laistigh de raon feidhme rationae materiae CFAE, beag beann ar a náisiúntacht agus gan dochar do na heisceachtaí dá bhforáiltear go sainráite ina leith sin (breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C‑709/20, EU:C:2021:602, mír 62).

35

Féadfaidh gach saoránach den Aontas brath mar sin ar an toirmeasc ar idirdhealú ar bhonn náisiúntachta in Airteagal 18 CFAE i ngach cás a thagann laistigh de raon feidhme ratione materiae dhlí an Aontais. Áirítear ar na cásanna sin iad siúd a bhaineann le feidhmiú na saoirse chun gluaiseacht agus cónaí ar chríoch na mBallstát a thugtar le hAirteagal 20(2)(a) CFAE agus le hAirteagal 21 CFAE (breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C‑709/20, EU:C:2021:602, mír 63).

36

Ós rud é gur saoránach de chuid an Aontais é leanbh an iarratasóra sna príomhimeachtaí a bhfuil cónaí air i mBallstát seachas an Ballstát ar náisiúnach de é, tagann a staid faoi raon feidhme rationae materiae dhlí an Aontais, rud a fhágann go bhféadfaidh sé, i bprionsabal, brath ar an toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais náisiúntachta a leagtar síos in Airteagal 18 CFAE (féach, de réir analaí, breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C‑709/20, EU:C:2021:602, mír 64).

37

Mar sin féin, de réir chásdlí bunaithe, níl feidhm ag an gcéad fhomhír d’Airteagal 18 CFAE go neamhspleách ach amháin maidir le cásanna a rialaítear le dlí an Aontais nach leagtar síos aon toirmeasc sonrach le CFAE ar an idirdhealú ina leith sin (breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C‑709/20, EU:C:2021:602, mír 65).

38

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go ndéantar léiriú sonrach ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe maidir le saoránaigh den Aontas a fheidhmíonn a saoirse chun gluaiseacht agus cónaí ar chríoch na mBallstát in Airteagal 24 de Threoir 2004/38 (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C‑709/20, EU:C:2021:602, mír 66).

39

I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Threoir 2004/38, tagann saoránaigh den Aontas a bhogann go Ballstát eile seachas an Ballstát ar náisiúnach de iad nó a bhfuil cónaí orthu ann, agus a mbaill teaghlaigh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) den Treoir sin, a ghabhann leo nó a thagann in éineacht leo, faoi raon feidhme na Treorach agus baineann siad tairbhe as na cearta a thugtar léi. Is amhlaidh atá i gcás duine amhail leanbh an iarratasóra sna príomhimeachtaí, ar náisiúnach Polannach é, mar is léir ó mhír 27 den bhreithiúnas seo, agus a bhfuil cónaí air i gcríoch na Gearmáine mar bhall teaghlaigh lena mháthair, ar náisiúnach Polannach í freisin agus a bhfuil ceart buanchónaithe aici ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

40

Sna himthosca sin, ní mór léiriú ar Airteagal 24 de Threoir 2004/38 a thabhairt.

41

Maidir le hAirteagal 24, sa chéad áit, foráiltear i mír 1 den Airteagal sin, i gcás gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air ar bhonn na Treorach sin i gcríoch an Bhallstáit óstaigh, gheobhaidh sé an chóir chéanna agus atá ag náisiúnaigh an Bhallstáit sin faoi chuimsiú CFAE.

42

I ndáil leis sin, ar thaobh amháin, mar is léir ó mhír 39 den bhreithiúnas seo, sa chás seo, is saoránach den Aontas é leanbh an iarratasóra sna príomhimeachtaí a bhfuil cónaí air i gcríoch na Gearmáine ‘de bhun Threoir 2004/38’, de réir bhrí Airteagal 24(1) den Treoir sin.

43

Ar an taobh eile, maidir le ceart cónaithe náisiúnta a dheonú do thuismitheoir linbh mhionaoisigh ar saoránach den Aontas é a d’fheidhmigh a shaoirse gluaiseachta agus cónaithe, tagann sé faoi ‘raon feidhme an Chonartha’, de réir bhrí Airteagal 24(1), a mhéid is go n‑éascaítear deonú an chirt sin a cheart nó a ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse sa Bhallstát óstach a fheidhmiú ag an leanbh mionaoiseach lena mbaineann.

44

Mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnas cheana féin, is léir ó aithrisí 3 agus 4 de Threoir 2004/38 gurb é is cuspóir don Treoir sin feidhmiú an chirt phríomhúil agus aonair chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát a thugtar go díreach do shaoránaigh an Aontais le hAirteagal 21(1) CFAE a éascú agus an ceart bunúsach sin a neartú. Tá cosaint shaol teaghlaigh na saoránach sin agus, go háirithe, glacadh na mbeart chun lánpháirtiú a dteaghlach sa Bhallstát óstach a chur chun cinn mar chuid de shaothrú an chuspóra sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, État belge (Ceart cónaithe i gcás foréigean teaghlaigh), C‑930/19, EU:C:2021:657, míreanna 81 agus 82 agus an cásdlí dá dtagraítear). Trí chead cónaithe náisiúnta a dheonú do thuismitheoir linbh ar saoránach den Aontas é a bhfuil gnáthchónaí air i mBallstát, comhlíontar na cuspóirí sin, sa mhéid is gur féidir saol teaghlaigh an linbh sin a chaomhnú i gcríoch an Bhallstáit sin agus lánpháirtiú a theaghlaigh ann a chur chun cinn, go háirithe i gcás ina bhfuil sé beartaithe leis an gcead cónaithe sin go bhfeidhmítear freagracht tuismitheora freagrachta ar an leanbh sin, agus dá bhrí sin, i bprionsabal, fad a bheidh an leanbh sin fós faoi réir an údaráis sin.

45

Dá bhrí sin, tá prionsabal na córa comhionainne a dtugtar léiriú nithiúil air in Airteagal 24(1) de Threoir 2004/38, lena gceanglaítear go gcaitear le daoine i gcásanna inchomparáide ar an mbealach dlíthiúil céanna, infheidhme i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí.

46

Sna príomhimeachtaí, is léir nár deonaíodh an cead cónaithe a d’éiligh FL dó toisc nach bhfuil náisiúntacht Ghearmánach ag a leanbh, agus ar an gcúis sin amháin, cé go gcomhlíonann FL na coinníollacha eile a leagtar síos le dlí na Gearmáine maidir le cead a dheonú ar bhonn phointe 3 den chéad abairt d’Airteagal 28(1) de AufenthG. Dá bhrí sin, leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, déantar idirdhealú díreach ar bhonn náisiúntacht an linbh agus, dá bhrí sin, tá sé contrártha le hAirteagal 24(1) de Threoir 2004/38, sa mhéid nach dtugtar léi ceart cónaithe dá thuismitheoir ar náisiúnach de Bhallstát eile é chun é a chur ar a chumas freagracht tuismitheora a fheidhmiú ar an leanbh sin, cé go bhféadfadh leanbh Gearmánach i gcás den sórt sin tairbhiú de thuismitheoir ar náisiúnach de Bhallstát eile é a bheith i láthair ar chríoch na Gearmáine chun na gcríoch sin.

47

Ní thugtar an cinneadh sin faoi cheist leis an argóint a chuir Rialtas na Gearmáine chun cinn ag an éisteacht, ar dá réir atá sé beartaithe leis an gceart cónaithe dá bhforáiltear i bpointe 3 den chéad abairt d’Airteagal 28(1) de AufenthG ceart bunreachtúil shaoránaigh na Gearmáine chun cur fút agus cónaí faoi shaoirse sa Ghearmáin a chosaint, cuspóir a chuireann cosc ar leanbh Gearmánach, i gcás inarb iomchuí, a thír thionscnaimh a fhágáil mura bhfuil ceart cónaithe ag an tuismitheoir coigríche agus i gcomparáid leis sin, tá saoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh Ghearmánacha iad i staid dhifriúil, ar cuspóir é lena gcuirtear cosc ar leanbh Gearmánach a thír thionscnaimh a fhágáil, i gcás inarb iomchuí, mura bhfuil an ceart cónaithe ag an tuismitheoir eachtrach agus i bhfianaise staid éagsúil saoránach den Aontas nach náisiúnaigh Ghearmánacha iad, ós rud é nach dtugtar le tuiscint le neamhdheonú an chirt cónaithe sin nach mór dóibh a dtír thionscnaimh a fhágáil.

48

Cé nach bhfuil ceart bunreachtúil den sórt sin ag saoránach den Aontas nach bhfuil náisiúntacht Ghearmánach aige agus nach mór dó, chun ceart cónaithe a bheith aige faoi Threoir 2004/38, na coinníollacha maidir le feidhmiú an chirt sin a leagtar síos leis an Treoir sin a chomhlíonadh, is amhlaidh fós, fad a chomhlíontar na coinníollacha sin, go bhfuil an ceart ag an saoránach sin, cosúil le saoránach de chuid an Aontais de náisiúntacht Ghearmánach, cónaí faoi shaoirse ar chríoch na Gearmáine, rud a fhágann go bhfuil a staideanna inchomparáide, ós rud é, chun prionsabal na córa comhionainne a chur i bhfeidhm, nach gceanglaítear leis an gceanglas go mbeadh cásanna inchomparáide ann go mbeadh na cásanna comhionann, ach amháin go bhfuil siad comhchosúil (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Meitheamh 2018, MB (Athrú inscne agus pinsean scoir), C‑451/16, EU:C:2018:492, mír 41).

49

Dá bhrí sin, i gcás reachtaíochta amhail an reachtaíocht dá dtagraítear i mír 46 den bhreithiúnas seo, tá ceart ag tuismitheoir an linbh nach bhfuil náisiúntacht Ghearmánach aige, ar bhonn Airteagal 24(1) de Threoir 2004/38, chun cead cónaithe a fháil chun freagracht tuismitheora a fheidhmiú as a leanbh faoi na coinníollacha céanna is infheidhme, faoin reachtaíocht sin, maidir le tuismitheoirí eachtracha leanaí ar náisiúnaigh Ghearmánacha iad.

50

Sa chás seo, tá an cead cónaithe a éilíonn FL ceaptha, ar deireadh, mar is léir ó mhíreanna 43 agus 44 den bhreithiúnas seo, chun cur ar a chumas, ina cháil mar thuismitheoir nach náisiúnach den Bhallstát óstach é, freagracht tuismitheora a fheidhmiú ar a leanbh a bhfuil gnáthchónaí air ann agus, dá bhrí sin, saol teaghlaigh an linbh sin sa Ghearmáin agus a shaoirse chun gluaiseacht agus cónaí ar chríoch na Gearmáine a chaomhnú, ós rud é nach bhfuil náisiúntacht Ghearmánach ag an leanbh sin ach oiread, ach náisiúntacht Ballstáit eile. Mura bhféadfaí an cead cónaithe náisiúnta a bhfuil tuismitheoirí náisiúnaigh ina theideal a dheonú do thuismitheoir linbh den sórt sin, bheadh sárú ar chóir chomhionann an linbh sin mar thoradh air sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Chief Appeals Officer agus páirtithe eile, C‑488/21, EU:C:2023:1013, míreanna 66 go 69).

51

Ní féidir údar a thabhairt le hidirdhealú den sórt a luaitear i mír 46 den bhreithiúnas seo, ina theannta sin, i bhfianaise an mhaolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38, a mhéid nach dtagann ceart cónaithe an linbh lena mbaineann faoi na cásanna dá dtagraítear san fhoráil sin.

52

Sa dara háit, maidir leis na hiarmhairtí a eascraíonn as cead cónaithe a dheonú ar bhonn an dlí náisiúnta amháin, meabhraíodh i mír 28 den bhreithiúnas seo, sa chás seo, faoi dhlí na Gearmáine, go bhféadfaidh sealbhóir ceada cónaithe arna eisiúint ar bhonn phointe 3 den chéad abairt d’Airteagal 28(1) de AufenthG deonú sochar sóisialta faoi SGB II a éileamh freisin. É sin ráite, diúltaíodh na sochair sin do FL ar an bhforas nach bhfuil ceart cónaithe ar chríoch na Gearmáine aige seachas an ceart a bhfuil sé ina theideal mar chuardaitheoir poist.

53

Is fíor go bhfuil cónaí ar FL féin i gcríoch an Bhallstáit sin ‘de bhun Threoir 2004/38’ agus, go sonrach, faoi Airteagal 14(4)(b) di, mar chuardaitheoir poist. Le hAirteagal 24(2) den Treoir sin, ceadaítear go sainráite do na Ballstáit maolú ar phrionsabal na córa comhionainne agus diúltú sochair shóisialta a dheonú d’iarratasóir a bhfuil a cheart cónaithe bunaithe ar Airteagal 14(4)(b).

54

Mar sin féin, má dheonaítear an cead cónaithe do FL a mhaíonn sé ar bhonn phointe 3 den chéad abairt d’Airteagal 28(1) de AufenthG, ní bheadh na breithnithe a leagtar amach sa mhír roimhe seo, áfach, de chineál a tharraingeodh amhras ar a cheart go ndeonófaí sochair shóisialta dó faoi SGB II.

55

Cé go bhféadfaidh an reachtas náisiúnta na tairbhí sin a dhiúltú do FL, ina cháil mar shealbhóir ar cheart cónaithe ar chríoch náisiúnta chun críche fostaíocht a lorg agus chun na críche sin amháin, ar bhonn an mhaolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38, is amhlaidh fós go bhféadfaidh FL, i gcás inarb iomchuí, íocaíocht na sochar sin a éileamh ar bhonn eile (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Jobcenter Krefeld, C‑181/19, EU:C:2020:794, mír 70).

56

Go deimhin, tá raon feidhme an mhaolaithe sin teoranta, maidir le sochair sóisialta, do dhaoine a bhfuil ceart cónaithe acu sa Bhallstát óstach ar bhonn, ar an gcéad dul síos, Airteagal 6(1) den Treoir sin, ar feadh uastréimhse 3 mhí, agus ar bhonn, ar an dara dul síos, Airteagal 14(4)(b) den Treoir sin, ar feadh tréimhse níos faide, chun fostaíocht a lorg.

57

Dá bhrí sin, níl feidhm ag an maolú sin i gcás ina bhfuil ceart cónaithe ag leanbh an duine lena mbaineann faoi Threoir 2004/38 nach iad ceann de na cearta dá dtagraítear sa mhír roimhe seo.

58

I bhfianaise an mhéid sin go léir, is é an freagra ar an gceist nach mór Airteagal 24 de Threoir 2004/38 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta Ballstáit faoina bhféadfar cead cónaithe, dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta chun freagracht tuismitheora a fheidhmiú, a eisiúint do shaoránach den Aontas a bhfuil freagracht tuismitheora aige ar a leanbh mionaoiseach, ar an bhforas amháin nach náisiúnach den Bhallstát sin é an leanbh sin, cé gur saoránach den Aontas é freisin agus go bhfuil cónaí air ar chríoch an Bhallstáit sin de bhun na Treorach sin.

Costais

59

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 24 de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

cuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta Ballstáit faoina bhféadfar cead cónaithe, dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta chun freagracht tuismitheora a fheidhmiú, a eisiúint do shaoránach den Aontas a bhfuil freagracht tuismitheora aige ar a leanbh mionaoiseach, ar an bhforas amháin nach náisiúnach den Bhallstát sin é leanbh sin, cé gur saoránach den Aontas é freisin agus go bhfuil cónaí air ar chríoch an Bhallstáit sin de bhun na Treorach sin.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.