BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

4 Deireadh Fómhair 2024 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Talmhaíocht agus iascaireacht – Táirgí orgánacha – Rialachán (AE) 2018/848 – Rialacha maidir le táirgeadh orgánach – Airteagal 16 – Lipéadú – Airteagal 30 – Téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach – Airteagal 33 – Lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach – Coinníollacha úsáide – Comhréireacht an táirge le Rialachán 2018/848 – Airteagail 45 agus 48 – Táirgí a allmhairiú ó thríú tír lena gcur ar mhargadh an Aontais mar tháirgí orgánacha – Coibhéis rialacha táirgthe na tíre sin agus rialacha Rialacháin 2018/848 – Úsáid a bhaint as lógó an tríú tír maidir le táirgeadh orgánach)

I gCás C‑240/23,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Chónaidhme Riaracháin, an Ghearmáin), trí bhreith an 9 Nollaig 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 17 Aibreán 2023, sna himeachtaí

Herbaria Kräuterparadies GmbH

v

Freistaat Bayern,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, T. von Danwitz, Z. Csehi, Uachtaráin Dlísheomra, M. S. Rodin, L. S. Rossi (Rapóirtéir), I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, I. Ziemele agus M. Gavalec, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

Cláraitheoir: N. Mundhenke, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 18 Márta 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a cuireadh isteach thar ceann iad seo a leanas:

Herbaria Kräuterparadies GmbH, ag H. Schmidt, Rechtsanwalt,

Freistaat Bayern, ag C. Diroll, C. Novak agus J. Vogel, i gcáil Gníomhairí,

Parlaimint na hEorpa, ag I. Anagnostopoulou agus U. Rösslein, i gcáil Gníomhairí,

Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag L. Hamtcheva agus R. Meyer, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag A. C. Becker agus A. Dawes, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 18 Meitheamh 2024

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú, ar an gcéad dul síos, ar Airteagal 16(1), Airteagal 30(1), Airteagal 33(1), Airteagal 45(1) agus Airteagal 48(1) agus mír 2.2.2(f) de Chuid IV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO 2018 L 150, lch. 1) agus, ar an dara dul síos, Airteagal 20 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. (‘an Chairt’).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Herbaria Kräuterparadies GmbH (‘Herbaria’) agus Freistaat Bayern (Land na Baváire, an Ghearmáin) maidir leis an toirmeasc ar Herbaria úsáid a bhaint as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach agus maidir le téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach chun meascán súnna torthaí agus úsc luibheanna a chur ar mhargadh an Aontais, ar meascán é ina bhfuil, sa bhreis ar tháirgí orgánacha, vitimíní agus feiríghlúcónáit nach dtagann ó thalmhaíocht orgánach a chur ar an margadh san Aontas Eorpach.

An dlí lena mbaineann

Rialachán (CE) Uimh. 834/2007

3

Foráladh don mhéid seo a leanas le hAirteagal 23(1) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CEE) 2092/91 (IO 2007 L 189, lch. 1), arb Airteagal é dar teideal ‘Téarmaí a úsáid lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach’:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, measfar go bhfuil na téarmaí lena dtagraítear do mhodh táirgthe orgánaigh ag baint le táirge i gcás, mar chuid de lipéadú, d’fhógraíocht nó de na doiciméid tráchtála, inarb éard atá de réir tréithe an táirge, a chomhábhar nó na n‑amhábhar le haghaidh beatha ainmhithe ná téarmaí lena dtugtar le tuiscint don cheannaitheoir go bhfuarthas an táirge, a chomhábhair nó na hamhábhair le haghaidh beatha ainmhithe de réir na rialacha arna mbunú leis an Rialachán seo. Go sonrach, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as na téarmaí arna leagan amach san Iarscríbhinn, a bhfréamhaithe nó a ndíspeagtha, amhail “bith” nó “éicea”, cibé acu ina n‑aonar nó i gcomhar le téarmaí eile a bhainfear feidhm astu, sa Chomhphobal ar fad agus in aon teanga de chuid an Chomhphobail chun críocha lipéadú agus fógraíocht a dhéanamh ar tháirge mar atá i gcomhréir leis na ceanglais arna leagan amach sa Rialachán seo nó i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Ní fhéadfaí úsáid a bhaint as téarmaí lena dtagraítear do mhodh táirgthe orgánaigh agus lipéadú á chur, nó fógraíocht á déanamh, ar tháirgí talmhaíochta beo nó neamhphróiseáilte ach amháin i gcás ina bhfuarthas comhábhair an táirge sin ar fad i gcomhréir leis na ceanglais arna leagan amach leis an Rialachán seo.’

4

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 33(2) de Rialachán 834/2007, ar Airteagal é dar teideal ‘Allmhairiú táirgí a bhfuil a gcomhionann de ráthaíochtaí ag gabháil leo’:

‘I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 37(2), d’fhéadfadh an Coimisiún [Eorpach] na tríú tíortha a aithint a bhfuil a gcomhionann de phrionsabail agus rialacha táirgthe agus a leagtar amach i dTeidil II, III agus IV á gcomhlíonadh lena gcóras táirgthe agus a bhfuil a mbearta grinnscrúdaithe ar chomhéifeachtúlacht leis na bearta grinnscúdaithe arna leagan amach i dTeideal V agus cuirfidh sé liosta na dtíortha sin le chéile. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú ar chomhionannas Treorlínte CAC/GL 32 [de na treoracha maidir le táirgeadh, próiseáil, lipéadú agus margú beatha ó thalmhaíocht orgánach, arna mbunú ag Coimisiún Codex Alimentarius agus clár comhpháirteach Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) agus na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS)] á chur chun feidhme.’

Rialachán (CE) Uimh. 889/2008

5

Foráiltear don mhéid seo a leanas le Airteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (UE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha ó thaobh táirgeadh orgánach, lipeádaithe agus grinnscrúduithe (IO 2008 L 250, lch. 1), ar Airteagal é dar teideal ‘Úsáid táirgí agus substaintí áirithe agus bia-ábhair á bpróiseáil’:

‘Chun críocha Airteagal 19(2)(b) de Rialachán [Uimh. 834/2007], ní fhéadfar ach na substaintí seo a leanas a úsáid agus bia-ábhar orgánacha á bpróiseáil, cé is moite d’fhíon:

[...]

(f)

mianraí (lena n‑áirítear riandúile), vitimíní, aimíonaigéid, agus micreachothaithigh, ach amháin i gcás ina gceanglaítear de réir an dlí go n‑úsáidfí iad sna bia-ábhair ina bhfuil siad.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008

6

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 maidir le socruithe chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir leis na socruithe um tháirgí orgánacha a allmhairiú ó thríú tíortha (IO 2008 L 334, lch. 25):

‘Dréachtóidh an Coimisiún liosta na dtíortha arna n‑aithint, i gcomhréir le hAirteagal 33(2) de Rialachán [Uimh. 834/2007]. Tá an liosta sin in Iarscríbhinn III den Rialachán seo. [...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 126/2012

7

Cuireadh na Stáit Aontaithe Mheiriceá le liosta na dtríú tíortha arna n‑aithint, atá in Iarscríbhinn III de Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 126/2012 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2012, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 maidir leis na doiciméid tacaíochta agus lena leasaítear [Rialachán Uimh. 1235/2008] maidir leis na socruithe um tháirgí orgánacha a allmhairiú ó thríú tíortha (IO 2012 L 41, lch. 5).

Rialachán 2018/848

8

Leagtar an méid seo a leanas amach in aithrisí 6, 9, 15, 17, 73, 77 go 79, 93, 95, 96, 108 agus 123 de Rialachán 2018/848:

‘(6)

I bhfianaise chuspóirí bheartas an Aontais maidir leis an táirgeadh orgánach, ba cheart é a bheith mar aidhm leis an gcreat dlíthiúil, a bunaíodh chun an beartas sin a chur chun feidhme, iomaíocht chothrom agus oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú i dtaca le táirgí orgánacha, muinín na dtomhaltóirí as táirgí atá lipéadaithe mar tháirgí orgánacha a chaomhnú agus údar cuí a thabhairt don mhuinín sin, agus dálaí a chruthú faoina bhféadfar an beartas a thabhairt chun cinn i gcomhréir le forbairtí táirgthe agus margaidh.

[...]

(9)

Ag féachaint d’fhorbairt dhinimiciúil na hearnála orgánaí, sainaithníodh i Rialachán [Uimh. 834/2007] an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le táirgeadh orgánach, agus an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na rialacha sin á cur san áireamh. Is léir ó thorthaí an athbhreithnithe sin a rinne an Coimisiún gur cheart creat dlíthiúil an Aontais faoina rialaítear an táirgeadh orgánach a fheabhsú chun foráil a dhéanamh maidir le rialacha a fhreagraíonn d’ionchais arda tomhaltóirí agus a ráthaíonn soiléireacht leordhóthanach dóibh siúd ar a bhfuil na rialacha dírithe. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Uimh. 834/2007 a aisghairm agus Rialachán nua a chur ina ionad.

[...]

(15)

Léiríonn tionscadail taighde a rinneadh go bhfuil muinín na dtomhaltóirí ríthábhachtach i margadh an bhia orgánaigh. San fhadtéarma, d’fhéadfadh rialacha neamhiontaofa muinín an phobail a chur i mbaol agus d’fhéadfadh cliseadh margaidh a bheith mar thoradh air sin. Dá bhrí sin, ba cheart forbairt inbhuanaithe an táirgthe orgánaigh san Aontas a bhunú ar rialacha fónta táirgthe atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais agus a chomhlíonann ionchais na n-oibreoirí agus na dtomhaltóirí maidir le cáilíocht táirgí orgánacha agus do chomhlíonadh na bprionsabal agus na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

[...]

(17)

Ba cheart don Rialachán seo an bonn a sholáthar le haghaidh an forbairt inbhuanaithe an táirgthe orgánaigh agus éifeachtaí dearfacha an táirgthe sin ar an gcomhshaol, agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh i dtáirgí orgánacha agus an iomaíocht chothrom á n‑áirithiú ag an am céanna, agus ar an dóigh sin cuidiú le feirmeoirí ioncam cóir a bhaint amach, muinín na dtomhaltóirí a áirithiú, leas na dtomhaltóirí a chosaint agus gearrbhealaí dáileacháin agus táirgeacht áitiúil a spreagadh. Ba cheart na cuspóirí sin a bhaint amach trí na prionsabail agus na rialacha, idir ghinearálta agus shonracha, a bhfuil feidhm acu maidir leis an táirgeadh orgánach a chomhlíonadh.

[...]

(73)

Ba cheart lipéadú táirgí talmhaíochta agus earraí bia a bheith faoi réir na rialacha ginearálta a leagtar síos i [Rialachán Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO 2011 L 304, lch. 18)] agus go háirithe faoi réir na bhforálacha arb é is aidhm dóibh cosc a chur ar lipéadú a d’fhéadfadh mearbhall a chur ar thomhaltóirí nó iad a chur amú. Ina theannta sin, ba cheart forálacha sonracha maidir le lipéadú táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart do na forálacha sin leasanna na n-oibreoirí a chosaint ó thaobh táirgí oibreoirí a shainaithint go beacht ar an margadh agus tairbhe a bhaint as dálaí cothroma iomaíochta, chomh maith le leasanna na dtomhaltóirí a chosaint chun gur féidir leo roghanna eolacha a dhéanamh ar an taobh eile.

[...]

(77)

Ionas go mbeidh soiléireacht ann do thomhaltóirí ar fud mhargadh an Aontais, ba cheart úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith éigeantach don bhia orgánach réamhphacáilte go léir arna tháirgeadh laistigh den Aontas. Ina theannta sin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann an lógó sin a úsáid ar bhonn deonach i gcás táirgí orgánacha nach bhfuil réamhphacáilte agus a táirgeadh laistigh den Aontas agus i gcás aon táirgí orgánacha a allmhairíodh isteach ó thríú tíortha, chomh maith le húsáid chun críocha faisnéise agus oideachais, freisin. Ba cheart samhail de lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a leagan síos.

(78)

Mar sin féin, ionas nach gcuirfí tomhaltóirí amú i dtaobh chineál orgánach an táirge ina iomláine, is iomchuí úsáid an lógó sin a theorannú do tháirgí ar comhábhair orgánacha iomlán a gcomhábhar, nó arb acu sin a dtromlach mór. Níor cheart úsáid an lógó a cheadú, mar sin, i lipéadú na dtáirgí atá á dtiontú ná na dtáirgí próiseáilte ar lú ná 95 % de réir meáchain na gcomhábhar orgánach de thionscnamh talmhaíochta iontu.

(79)

D’fhonn aon mhearbhall a d’fhéadfadh a bheith ar thomhaltóirí maidir le tionscnamh táirge a sheachaint (é a bheith de thionscnamh an Aontais nó a mhalairt), i gcás ina n‑úsáidtear lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin áit inar saothraíodh na hamhábhair talmhaíochta dá ndearnadh an táirge. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a cheadú go ndéanfaí tagairt do dhobharshaothrú ar lipéad táirgí ó dhobharshaothrú orgánach seachas tagairt a dhéanamh do thalmhaíocht.

[...]

(93)

Is léir ón taithí a fuarthas ó na socruithe d’allmhairiú táirgí orgánacha isteach san Aontas faoi Rialachán [Uimh. 834/2007] gur gá na socruithe sin a athbhreithniú chun freagairt a thabhairt d’ionchais na dtomhaltóirí, is iad sin go gcomhlíonfaidh táirgí orgánacha a allmhairítear isteach san Aontas caighdeáin atá chomh dian céanna leo siúd atá san Aontas, agus chun rochtain tháirgí orgánacha an Aontais ar an margadh idirnáisiúnta a áirithiú ar dhóigh níos fearr. Ina theannta sin, ní mór foráil a dhéanamh maidir le soiléireacht i ndáil leis na rialacha is infheidhmithe maidir le honnmhairiú táirgí orgánacha, go háirithe trí dheimhnithe onnmhairiúcháin orgánaigh a bhunú.

[...]

(95)

Ba cheart go bhféadfaí rochtain ar mhargadh an Aontais a thabhairt do tháirgí orgánacha i gcás nach bhfuil na táirgí sin i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le táirgeadh orgánach ach gur táirgí as tríú tíortha iad a bhfuil a dtáirgeadh orgánach agus a gcórais rialaithe aitheanta a bheith coibhéiseach leo sin atá san Aontas. Maidir le tríú tíortha a aithint mar thíortha coibhéiseacha, áfach, mar atá leagtha síos i gcoibhéis [Rialachán Uimh. 834/2007], níor cheart aitheantas faoin scéim sin a thabhairt ach amháin trí chomhaontuithe idirnáisiúnta idir an tAontas agus na tríú tíortha sin, i gcás ina dtabharfaí aitheantas cómhalartach i dtaobh coibhéise don Aontas freisin.

(96)

Aon tríú tíortha atá aitheanta chun críocha coibhéise faoi Rialachán [Uimh. 834/2007], ba cheart an t‑aitheantas sin a bheith acu fós faoin Rialachán seo, go ceann tréimhse theoranta is gá chun aistriú rianúil a áirithiú chuig an scéim faoina dtugtar aitheantas trí chomhaontú idirnáisiúnta, ar an gcoinníoll go n‑áiritheoidh siad i gcónaí go bhfuil a dtáirgeadh orgánach agus a rialacha maidir le rialú coibhéiseach leis na rialacha ábhartha atá i bhfeidhm san Aontas agus go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais go léir a bhaineann leis an gCoimisiún a bheith ag déanamh maoirseachta ar an aitheantas sin. Ba cheart an mhaoirseacht sin a bhunú go háirithe ar na tuarascálacha bliantúla a chuireann na tríú tíortha aitheanta sin chuig an gCoimisiún.

[...]

(108)

Ní mór bearta a leagan síos chun a áirithiú go ndéanfar, ar bhealach rianúil, na hathruithe ar an gcreat dlíthiúil lena rialaítear allmhairiú táirgí orgánacha isteach san Aontas, ar athruithe iad a thugtar isteach leis an Rialachán seo.

[...]

(123)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, is iad sin, go háirithe, iomaíocht chóir agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i dtáirgí orgánacha mar aon le muinín na dtomhaltóirí as na táirgí sin agus as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a áirithiú, agus gur fearr, de bharr gur gá na rialacha maidir le táirgeadh orgánach a chomhchuibhiú, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 [CAE]. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní ghabhann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.’

9

Tá naoi gcaibidil seo a leanas i Rialachán 2018/848, lena n‑áirítear Caibidil I dar teideal ‘Ábhar, Raon Feidhme agus Sainmhínithe’, a bhfuil Airteagail 1 go 3 inti, Caibidil III, dar teideal ‘Rialacha maidir le táirgeadh’, a bhfuil Airteagail 9 go 29 inti, Caibidil IV dar teideal ‘Lipéadú’, a bhfuil Airteagail 30 go 34 inti agus Caibidil VII dar teideal ‘Trádáil le tríú tíortha’, a bhfuil Airteagail 44 go 49 inti.

10

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 2(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Raon feidhme’:

‘Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí seo a leanas de thionscnamh talmhaíochta, lena n‑áirítear dobharshaothrú agus beachaireacht, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le [CFAE] agus de thionscnamh na dtáirgí sin, a mhéid go ndéantar nó go bhfuil sé beartaithe na táirgí sin a tháirgeadh, a ullmhú, a lipéadú, a dháileadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú isteach san Aontas nó a onnmhairiú ón Aontas:

a)

táirgí talmhaíochta beo nó neamhphróiseáilte, lena n‑áirítear síolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí;

b)

táirgí talmhaíochta próiseáilte atá le húsáid mar bhia;

c)

beatha.

[...]’

11

Foráiltear in Airteagal 3 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’, don mhéid seo a leanas:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

64)

ciallaíonn “coibhéis”: na cuspóirí céanna agus prionsabail chéanna a chomhlíonadh trí rialacha a chur i bhfeidhm lena n-áirithítear an leibhéal comhréireachta céanna;

[...]’

12

Tá Airteagal 16 den Rialachán céanna, dar teideal ‘Rialacha táirgthe maidir le bia próiseáilte’ sna focail seo a leanas:

‘(1)   Comhlíonfaidh oibreoirí a thairgeann bia próiseáilte go háirithe na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh a leagtar amach i gCuid IV d’Iarscríbhinn II agus in aon ghníomhartha cur chun feidhme ar bith dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

[...]

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na teicnící a údaraítear i bpróiseáil táirgí bia.

[...]’

13

De réir Airteagal 30 de Rialachán 2018/848, dar teideal ‘Téarmaí a thagraíonn don táirgeadh orgánach a úsáid’:

‘(1)   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar téarmaí a thagraíonn don táirgeadh orgánach a bheith ar tháirge i gcás ina dtugtar tuairisc ar tháirge den sórt sin, ar a chomhábhair nó ar a ábhair beatha a úsáidtear chun é a tháirgiú, sa lipéadú, san ábhar fógraíochta nó i ndoiciméid tráchtála, i dtéarmaí a thugann le fios don cheannaitheoir go bhfuarthas an táirge, a chomhábhair nó a ábhair beatha a tháirgtear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfar na téarmaí atá sa liosta in Iarscríbhinn IV agus a ndíorthaigh agus leaganacha giorraithe díobh, amhail “bith-” agus “éicea-”, leo féin nó i dteannta a chéile, a úsáid ar fud an Aontais agus in aon teanga atá liostaithe san Iarscríbhinn sin chun lipéadú agus fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a chomhlíonann an Rialachán seo.

2.   I gcás na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), ní úsáidfear na téarmaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo aon áit san Aontas, ná in aon cheann de na teangacha atá liostaithe in Iarscríbhinn IV, i lipéadú, fógraíocht agus doiciméid tráchtála táirge nach gcomhlíonann an Rialachán seo.

[...]’

14

Foráiltear le hAirteagal 32(2) den Rialachán sin, dar teideal ‘Tásca éigeantacha’:

‘I gcás ina mbaintear úsáid as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach, déanfar tásc maidir leis an áit inar saothraíodh na hamhábhair talmhaíochta as a bhfuil an táirge comhdhéanta a léiriú sa réimse céanna amhairc ina mbeidh an lógó agus beidh sé i gceann de na foirmeacha seo a leanas, mar is iomchuí:

a)

“Talmhaíocht AE” i gcás inar saothraíodh an t‑amhábhar talmhaíochta san Aontas,

b)

“Talmhaíocht nach Talmhaíocht de chuid AE í”, i gcás inar saothraíodh an t‑amhábhar talmhaíochta i dtríú tíortha;

c)

“Talmhaíocht AE/Talmhaíocht nach Talmhaíocht de chuid AE í” i gcás inar saothraíodh cuid de na hamhábhair talmhaíochta san Aontas agus inar saothraíodh cuid díobh i dtríú tír.

[...]’

15

Tá Airteagal 33 den Rialachán sin, dar teideal ‘Lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach’, sna focail seo a leanas:

‘(1)   Féadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid sa lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar tháirgí a chomhlíonann an Rialachán seo.

[...]

2.   Seachas i gcás ina n-úsáidtear é i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1, is fianú oifigiúil é lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach i gcomhréir le hAirteagail 86 agus 91 de [Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO 2017 L 95, lch. 1)].

[...]

5.   Féadfar lógónna náisiúnta agus príobháideacha a úsáid sa lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar tháirgí a chomhlíonann an Rialachán seo.’

16

Foráiltear le hAirteagal 45(1) de Rialachán 2018/848, dar teideal ‘Táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú’:

‘Féadfar táirge a allmhairiú ó thríú tír lena chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirge orgánach nó mar tháirge atá á thiontú ina tháirge orgánach, ar choinníoll go gcomhlíonfar na trí choinníoll seo a leanas:

a)

is táirge mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) an táirge;

b)

i gcás ina mbaineann ceann de na nithe seo a leanas:

i)

a chomhlíonann Caibidlí II, III agus IV den Rialachán seo, agus bhí gach oibreoir, agus grúpaí oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 36, lena n‑áirítear na honnmhaireoirí sa tríú tír lena mbaineann, faoi réir rialú údarás rialaithe nó comhlachtaí rialaithe arna n‑aithint i gcomhréir le hAirteagal 46 agus cuireann na húdaráis sin nó na comhlachtaí sin deimhniú ar fáil ina ndearbhaítear go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag gach oibreoir nó ag gach grúpa oibreoirí;

ii)

a thagann ó thríú tír atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 47, comhlíonann an táirge sin na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú trádála ábhartha; nó

iii)

a thagann as tríú tír atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 48, comhlíonann an táirge sin rialacha coibhéiseacha táirgthe agus rialaithe an tríú tír sin agus a allmhairítear le deimhniú cigireachta a d’eisigh údaráis inniúla, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe an tríú tír sin a dhearbhaíonn an comhlíonadh sin; agus

c)

tá na hoibreoirí sna tríú tíortha sin in ann faisnéis a sholáthar tráth ar bith, do na hallmhaireoirí agus do na húdaráis náisiúnta san Aontas agus i dtríú tíortha, ar faisnéis í lena gceadófar na hoibreoirí arb iad a soláthraithe, agus údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe na soláthraithe sin, a shainaithint, d’fhonn inrianaitheacht an táirge orgánaigh nó atá á thiontú lena mbaineann a áirithiú. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil freisin d’údaráis rialaithe nó do chomhlachtaí rialaithe na n‑allmhaireoirí.’

17

De réir Airteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, dar teideal ‘Coibhéis faoi chomhaontú trádála’Coibhéis:

‘Tríú tír aitheanta dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) d’Airteagal 45(1), is tríú tír í ar aithin an tAontas í faoi chomhaontú trádála mar thír ina bhfuil córas maidir le táirgeadh a chomhlíonann na cuspóirí céanna agus na prionsabail chéanna trí rialacha a chur i bhfeidhm lena n-áirithítear an ráta dearbhaithe comhréireachta céanna a áirithítear leis na cinn atá ag an Aontas.’

18

Foráiltear le hAirteagal 48(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Coibhéis de réir [Rialachán Uimh. 834/2007]’:

‘(1)   Tríú tír aitheanta dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) d’Airteagal 45(1), is tríú tír í a aithníodh chun críocha coibhéise faoi Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, lena n-áirítear iad siúd a aithnítear faoin mbeart idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagal 58 den Rialachán seo.

Rachaidh an t‑aitheantas sin in éag ar an 31 Nollaig 2025.

2.   Ar bhonn tuarascálacha bliantúla atá le seoladh chuig an gCoimisiún, faoin 31 Márta gach bliain, ag na tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú na mbeart rialaithe arna mbunú acu, agus i bhfianaise aon fhaisnéise eile a gheofar, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar na tríú tíortha aitheanta trí athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an aitheantas a tugadh dóibh. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún cúnamh a iarraidh ó na Ballstáit. Cinnfear cineál na maoirseachta ar bhonn measúnú ar an dóchúlacht go mbeidh neamhchomhlíonadh ann, agus aird á tabhairt go háirithe ar líon na n‑onnmhairí chuig an Aontas ón tríú tír lena mbaineann, ar thorthaí na ngníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta arna ndéanamh ag an údarás inniúil agus ar thorthaí na rialuithe sin a rinneadh roimhe sin. Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle [an Aontais Eorpaigh] go rialta maidir le toradh an athbhreithnithe.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

19

Tá Cuid IV maidir le rialacha táirgthe le haghaidh bia-ábhair phróiseáilte in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. Tá Airteagal 2.2.2 de Chuid IV sin sna focail a leanas:

‘Ceadófar na táirgí agus na substaintí seo a leanas a úsáid i bpróiseáil bhia:

[...]

f)

mianraí (riandúile san áireamh), vitimíní, aimínaigéid agus micreachothaithigh ar choinníoll:

i)

go bhfuil a n‑úsáid i mbia do ghnáthchaitheamh ina ‘ceangal dlí díreach’, sa bhrí go bhfuil sé ina cheangal díreach, ag forálacha dhlí an Aontais nó forálacha an dlí náisiúnta atá comhoiriúnach le dlí an Aontais, agus é de thoradh air sin nach féidir an bia a chur ar an margadh ar chor ar bith mar bhia do ghnáthchaitheamh mura gcuirtear na mianraí, na vitimíní, na haimínaigéid nó na micreachothaithigh leis [...]

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

20

Tá Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán 2018/848, dar teideal ‘Téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 30’ sna focail seo a leanas:

‘BG: гиологиles еű,

ES: ecológico, biológico, orgánico,

CS: ekologické, biologické,

DA : økologisk,

DE : ökologisch, biologisch,

ET : Mahe, ökoloogiline,

EL: βιολογικό,

EN : organic,

FR : biologique,

GA: orgánach,

HR: ekološki,

IT: biologico,

LV: bioloģisks, ekoloģisks,

LT: ekologiškas,

LU: biologesch, ökologesch,

HU: ökológiai,

MT: organiku,

NL: biologisch,

PL: ekologiczne,

PT: biologico,

RO: ecologic,

SK: ekologické, biologické,

SL: ekološki,

FI: luonnonmukainen,

SV : ekologiškas,’

Rialachán (AE) 2020/1693

21

Leagtar amach an méid seo a leanas in aithris 7 de Rialachán (AE) 2020/1693 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Samhain 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha a mhéid a bhaineann le dáta a chur i bhfeidhm agus dátaí áirithe eile dá dtagraítear sa Rialachán sin (IO 2020 L 381 lch. 1):

‘Is dúshlán paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim sláinte poiblí a bhaineann léi do thríú tíortha agus d’oibreoirí i dtríú tíortha chomh maith, ar dúshlán é nach bhfacthas a leithéid riamh. Dá thoradh sin, i gcás tríú tíortha a aithníodh a bheith comhionann faoi Airteagal 33(2) Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle, is iomchuí síneadh bliana a chur le dáta éagtha a n‐aitheantais go dtí 31 Nollaig 2026 ionas go mbeidh a ndóthain ama ag tríú tíortha den sórt sin a stádas a athrú bíodh sé sin trí chomhaontú trádála a thabhairt i gcrích leis an Aontas nó trí Rialachán [2018/848] a bheith á chomhlíonadh go hiomlán ag a n‐oibreoirí, gan cur isteach neamhriachtanach a dhéanamh ar thrádáil táirgí orgánacha.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

22

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 1 den Rialachán sin:

‘Leasaítear Rialachán [2018/848] mar a leanas:

[...]

2.

Sa dara fomhír d’Airteagal 48(1), cuirtear “31 Nollaig 2026” in ionad an dáta “31 Nollaig 2025”;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

23

Bíonn deoch á tháirgeadh ag Herbaria, darb ainm ‘Blutquick’, arb é atá ann ná meascán súnna torthaí agus úsc luibheanna a thagann ó tháirgeadh orgánach. Cuirtear vitimíní neamh-phlandabhunaithe agus feiríghlúcónáit leis an deoch sin a mhargaítear mar forbhia. Tá ar an bpacáistiú lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach, an lipéad orgánach náisiúnta agus tagairt dó go dtagann na comhábhair ó ‘thalmhaíocht orgánach rialaithe’.

24

Le cinneadh an 18 Eanáir 2012, d’ordaigh Bayerische Landesanstalt für Landwirtschaft (Institiúid Talmhaíochta Land na Baváire, an Ghearmáin), inter alia, do Herbaria an tagairt do tháirgeadh orgánach, a chosnaítear faoi Airteagal 23 de Rialachán Uimh. 834/2007, a bhaint, roimh an 1 Nollaig 2012, i lipéadú, i bhfógraíocht agus i margú Blutquick, ar an bhforas, faoi fhorálacha an Rialacháin sin agus faoi Airteagal 27(1)(f) de Rialachán Uimh. 889/2008, nach bhféadfaí vitimíní agus mianraí a chur le táirgí próiseáilte a bhfuil an téarma ‘orgánach’ orthu ach amháin má cheanglaítear iad a úsáid le dlí. De réir Institiúid Talmhaíochta Land na Baváire, níorbh amhlaidh an cás maidir le Blutquick.

25

Thug Herbaria caingean i gcoinne an chinnidh sin os comhair Verwaltungsgericht München (Cúirt Riaracháin Bavárach München, an Ghearmáin), a tharchuir ceisteanna chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú maidir leis an léiriú ar Airteagal 27(1)(f) sin.

26

I bhfianaise na bhfreagraí ar na ceisteanna sin, arna soláthar ag an gCúirt i mbreithiúnas an 5 Samhain 2014, Herbaria Kräuterparadies (C‑137/13, EU:C:2014:2335), dhiúltaigh Bayerisches Verwaltungsgericht München (Cúirt Riaracháin Bavárach München) do chaingean Herbaria.

27

Diúltaíodh don achomharc i gcoinne an chinnidh sin le breithiúnas an 29 Iúil 2021, a rinne Herbaria achomharc ar phointe dlí ina choinne os comhair Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Chónaidhme Riaracháin, an Ghearmáin), arb é an chúirt a rinne an tarchur.

28

Tugann an chúirt sin le fios, ós gníomh riaracháin an cinneadh ó Institiúid Talmhaíochta Land na Baváire an 18 Eanáir 2012 a mbíonn feidhm ag a éifeachtaí le himeacht ama, go bhfágann an cásdlí náisiúnta nach mór don chúirt sin rialú a thabhairt ar an díospóid arna tabhairt os a comhair trína bhunú ar an dlí is infheidhme tráth a thugann sí rialú. Mar sin, ní raibh feidhm ratione temporis ag Rialachán Uimh. 834/2007 leis an díospóid a thuilleadh, ós rud é gur cuireadh Rialachán 2018/848 in ionad an Rialacháin sin.

29

Os comhair na cúirte a rinne an tarchur, ní chuireann Herbaria faoi chonspóid a thuilleadh nach gceanglaítear leis an dlí go gcuirfí vitimíní agus mianraí le Blutquick agus, dá bhrí sin, nach bhfuil an táirge sin i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán 2018/848 agus le hIarscríbhinn II, Cuid IV, mír 2.2.2(f) den Rialachán sin ar cuireadh é in ionad, go bunúsach, Airteagal 27(1)(f) de Rialachán Uimh. 889/2008. Mar sin, de réir na cúirte a rinne an tarchur, tá comhthuiscint ann go gcuirtear cosc le hAirteagal 33(1), Airteagal 33(5) agus Airteagal 30(1) de Rialachán 2018/848, ó thaobh Blutquick, ar úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach, an lipéid orgánaigh náisiúnta agus na dtéarmaí lena ndéantar tagairt do tháirgeadh orgánach faoi seach.

30

Áitíonn Herbaria, áfach, de réir an Rialacháin sin, nach bhfuil a leithéid de chosc ar bhia-ábhar arna allmhairiú ó Stáit Aontaithe Mheiriceá inchurtha le Blutquick.

31

Go deimhin, i ndiaidh comhaontú arna chur i gcrích in 2012 trí litreacha a mhalartú idir an Coimisiún agus US Department of Agriculture (Roinn Talmhaíochta, na Stáit Aontaithe), cuireadh na Stáit Aontaithe le liosta na dtríú tíortha ar comhionann a rialacha táirgthe agus na rialacha táirgthe dá dtagraítear le Rialachán Uimh. 834/2007, i gcomhréir le hAirteagal 33(1) den Rialachán sin. B’inchurtha ar mhargadh an Aontais mar tháirgí orgánacha táirgí orgánacha atá in iomaíocht leis na táirgí orgánacha arna margú ag Herbaria, ag na Stáit Aontaithe a chur leis an liosta sin de réir, mar is amhlaidh anois, Airteagal 45(1)(b)(iii) de Rialachán 2018/848. D’fhéadfadh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach agus téarmaí lena ndéantar tagairt do tháirgeadh orgánach a bheith ar na táirgí orgánacha sin, ar an gcoinníoll amháin go gcomhlíontar leo rialacha táirgthe na tíre sin, is é sin le rá fiú i gcás nach bhfuill siad i gcomhréir le rialacha táirgthe dhlí an Aontais. Is ionann sin, de réir Herbaria, agus cóir neamh-chomhionann de shárú ar Airteagal 20 den Chairt.

32

Measann Land na Baváire gur mícheart an léiriú ar Rialachán 2018/848 ar sheas Herbaria leis agus, i ndáiríre, nach bhféadfadh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith ar tháirgí a thagann ó na Stáit Aontaithe ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaí leis na rialacha táirgthe dá bhforáiltear leis an Rialachán sin, rud a fhágann nach bhfuil aon chóir neamh-chomhionann á chur ar an táirge arna mhonarú san Aontas.

33

Is cúis amhrais ag an gcúirt a rinne an tarchur, ar dtús, cé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith ar tháirgí arna allmhairiú ó na Stáit Aontaithe, bíodh nach bhfuil sé i gcomhréir ar gach dóigh leis na ceanglais arna leagan amach le Rialachán 2018/848.

34

Ansin, dá mb’amhlaidh an cás go héifeachtach, fiafraíonn an chúirt sin an amhlaidh nár chóir neamh-chomhionann sin, de réir bhrí Airteagal 20 den Chairt agus, i gcás inarb iomchuí, an bhféadfaí údar a thabhairt lena leithéid de chóir neamh-chomhionann i bhfianaise go n‑aithnítear cineál comhionann na rialacha maidir le táirgeadh agus grinnscrúdú is infheidhme sna Stáit Aontaithe le haghaidh na dtáirgí i gceist nó leis an gcuspóir maidir le háis a thabhairt do mhalartuithe tráchtála a shaothraítear le coibhéis a aithint mar sin.

35

Ar deireadh, measann an chúirt a rinne an tarchur gur cuireadh an cheist go comhchosúil i ndáil le húsáid a bhaint as na dtéarmaí lena ndéantar tagairt do tháirgeadh orgánach, dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán 2018/848.

36

Sna himthosca sin, chinn an Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Riaracháin Chónaidhme) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

‘(1)

An gcaithfear Airteagal 33(1) de Rialachán 2018/848 a léiriú sa chaoi go gceadaítear lógó an Aontais Eorpaigh don táirgeadh orgánach a úsáid do bhia próiseáilte, a allmhairítear isteach san Aontas Eorpach mar tháirge orgánach lena chur ar an margadh faoi choinníollacha Airteagal 45(1) den Rialachán sin, ach, toisc go bhfuil, in éineacht le táirgí plandaí, mianraí agus vitimíní nach bhfuil de thionscnamh plandaí ann, nach bhfuil ag luí leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 16(1), arna léamh i gcomhar le pointe 2.2.2(f) de Chuid IV d’Iarscríbhinn II den Rialachán sin?

(2)

I gcás ina dtugtar freagra diúltach ar Cheist 1: an bhfágann Airteagal 20 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go gceadaítear lógó an Aontais Eorpaigh don táirgeadh orgánach a úsáid do bhia próiseáilte, i gcás inar táirge de thionscnamh an Aontais Eorpaigh é agus go gcomhlíonann sé ceanglais táirgthe agus rialaithe chomhionanna de thríú tír atá aitheanta de réir Airteagal 48(1) de Rialachán 2018/848, ach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 16(1), arna léamh i gcomhar le pointe 2.2.2(f) de Chuid IV d’Iarscríbhinn II den Rialachán?

(3)

An bhfágann Airteagal 20 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go gceadaítear, gan lógó an Aontais Eorpaigh don táirgeadh orgánach a úsáid, téarmaí a thagraíonn don táirgeadh orgánach a bheith ar bhia próiseáilte den sórt sin de thionscamh an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 30(1) de Rialachán 2018/848?’

An iarraidh an chuid ó bhéal den nós imeachta a atosú

37

I ndiaidh Thuairim an Abhcóide Ghinearálta a thabhairt, d’iarr Herbaria, trí ghníomh arna thaisceadh ag Clárlann na Cúirte an 26 Meitheamh 2024, go n‑ordófaí go n‑atosófaí an chuid ó bhéal de na himeachtaí.

38

Mar thaca lena iarratas, measann Herbaria go bhfuil go leor ábhar dlí agus fíoras mícheart i dTuairim an Abhcóide Ghinearálta, lena bhféadfaí an Chúirt a chur amú. Thairis sin, níor pléadh ag an éisteacht idir na páirtithe sna príomhimeachtaí nó na páirtithe leasmhara de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a leithéid d’fhianaise ach an oiread, ar mheas an tAbhcóide Ginearálta gur cinntitheach í chun freagra a thabhairt ar na ceisteanna a tarchuireadh chun réamhrialú.

39

Mar sin, ar an gcéad dul síos, bhí an tAbhcóide Ginearálta mícheart le dearbhú go raibh ‘tásca ag dul’ le lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach lena luaitear bunús an amhábhair agus áit monaraithe táirge, rud a fhágann go mbeadh an tomhaltóir, a luaithe a úsáidtear an lógó sin, ar an eolas i gcónaí go dtagann an táirge sin ó na Stáit Aontaithe. Ar an dara dul síos, bhain an tAbhcóide Ginearálta míbhrí as Treoirlínte Codex Alimentarius, dá dtagraítear in Airteagal 33(2) de Rialachán Uimh. 834/2007.

40

Ar an gcéad dul síos, ní mór a thabhairt chun cuimhne, de réir an dara fomhír d’Airteagal 252 CFAE, go gcuireann an tAbhcóide Ginearálta i láthair go poiblí, le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, Tuairim réasúnaithe ar na cásanna, de réir Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ina bhfuil a idirghábháil ag teastáil. Níl an Tuairim sin ná na cúiseanna a bhí ag an Abhcóide Ginearálta le teacht uirthi de cheangal ar an gCúirt (breithiúnas an 18 Eanáir 2024, CROSS Zlín, C‑303/22, EU:C:2024:60, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

41

Ar an gcéad dul síos, ní mór a thabhairt chun cuimhne chomh maith nach bhforáiltear le Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais gur féidir leis na páirtithe sna príomhimeachtaí agus na páirtithe leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 de na Rialacha sin freagra a thabhairt ar an Tuairim arna tabhairt ag an Abhcóide Ginearálta. Mar sin, ní foras lena bhféadfaí údar a thabhairt le hatosú na céime ó bhéal den nós imeachta nach bhfuil páirtí sna príomhimeachtaí i bhfách le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta, gan beann ar na ceisteanna a scrúdaíonn sé sa Tuairim sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Eanáir 2024, CROSS Zlín, C‑303/22, EU:C:2024:60, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42

Dá bhrí sin, ní bhféadfadh Herbaria údar a thabhairt go bailí lena iarratas ar atosú na céime ó bhéal trí fhiúntas shleactha áirithe de Thuairim an Abhcóide Ghinearálta a cháineadh.

43

Ar an dara dul síos, de réir Airteagal 83 dá Rialacha Nós Imeachta, d’fhéadfadh an Chúirt Bhreithiúnais, ag am ar bith, tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta, a ordú go n‑atosófaí an chéim ó bhéal de na himeachtaí, go háirithe i gcás ina measann sí nach bhfuil sí ar an eolas a dhóthain nó i gcás inar thíolaic páirtí, i ndiaidh clabhsúr a chur ar an gcuid sin, fíoras nua a bhfuil tionchar cinntitheach inimeartha aige ar chinneadh na Cúirte Breithiúnais, nó fiú i gcás inarb í atá le bheith mar bhunús rialaithe an cháis ná argóint nár phléigh na páirtithe nó na páirtithe leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialacha Nós Imeachta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

44

Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, nár mhór ábhair dlí arbh ábhartha leo ionas gurb inléirithe forálacha dlí an Aontais lena mbaineann na ceisteanna arna gcur ag an gcúirt a rinne an tarchur, a bheith intíolactha, le linn na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal de na himeachtaí sin, ag na páirtithe leasmhara ar ghlac páirt sna himeachtaí seo. I ndáil leis sin, measann an Chúirt go bhfuil an fhaisnéis uile is gá aici chun rialú a thabhairt ar an iarraidh seo ar réamhrialú agus nach bhfuil aon rud arna agairt ag Herbaria mar thaca lena iarratas ar atosú na céime ó bhéal ina údar leis an atosú sin de réir Airteagal 83 de na Rialacha Nós Imeachta.

45

Sna himthosca sin, measann an Chúirt, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, nach gá a ordú go n‑atosófaí an chuid ó bhéal den nós imeachta.

Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

46

De réir chásdlí comhsheasmhach na Cúirte, sa nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, tá freagra fónta le tabhairt ag an gCúirt Bhreithiúnais don chúirt náisiúnta lena mbeadh an cás os a comhair inrialaithe. Ar an aigne sin, tá focail eile le cur ag an gCúirt ar na ceisteanna arna gcur os a comhair, i gcás inarb iomchuí. Ní chuirtear cosc ar an ábhar léirithe a sholáthar ag an gCúirt Bhreithiúnais a d’fhéadfadh a bheith fónta agus rialú á thabhairt ar an gcás atá os a comhair, bíodh nó ná bíodh tagairt déanta aici dó agus na ceisteanna arna leagan amach, toisc gur chuir an chúirt náisiúnta focail ar na ceisteanna le haghaidh réamhrialú, go foirmiúil, trí thagairt a dhéanamh d’fhorálacha dhlí an Aontais. I ndáil leis sin, tá an t‑ábhar iarrtha léirithe ar dhlí an Aontais ar fad arna sholáthar ag an gcúirt náisiúnta, agus go háirithe na cúiseanna leis an gcinneadh maidir le tarchur a dhéanamh, le baint amach ag an gCúirt i bhfianaise chuspóir na díospóide (breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2023, Juan, C‑164/22, EU:C:2023:684, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear).

47

De réir focail na chéad cheiste, ní dhéanann an chúirt a rinne an tarchur tagairt ach d’Airteagal 33(1) de Rialachán 2018/848, lena rialaítear úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach. Dá ainneoin sin, fágann an iarraidh ar réamhrialú, agus, go háirithe, na cúiseanna leis an tríú ceist, go measann an chúirt sin gur cosúil leis sin faoi mar a chuirtear an chéad cheist sin maidir le hAirteagal 30(2) den Rialachán sin, lena rialaítear úsáid téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach.

48

Mar sin, ar mhaithe le freagra fónta a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, ní mór a chinneadh, tríd an gcéad cheist dá cuid, go bhfiafraíonn an chúirt sin de, go bunúsach, an bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 30(2) agus Airteagal 33(1) de Rialachán 2018/848 amhail gurb inúsáidte le haghaidh bia-ábhar próiseáilte arna allmhairiú ó thríú tír atá lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach agus téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach faoi na dálaí dá dtagraítear in Airteagal 45(1)(b)(iii) agus Airteagal 48(1) den Rialachán sin lena gcur ar mhargadh an Aontais mar tháirge orgánach, bíodh is nach gcomhlíontar leis an mbia-ábhar sin na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 16(1) den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn II, Cuid IV, mír 2.2.2(f) den Rialachán sin, ós rud é go bhfuil mianraí agus vitimíní neamh-phlandabhunaithe sa bhia-ábhar sin.

Úsáid a bhaint as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach agus téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach

49

Ní mór a thabairt faoi deara ag an tús, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de, go bhfuil feidhm ag Rialachán 2018/848 maidir leis na táirgí dá dtagraítear san fhoráil sin, go háirithe i gcás ina dtáirgítear nó allmhairítear isteach san Aontas Eorpach iad, nó ina mbeartaítear iad chuige sin.

50

De réir fhoclaíocht Airteagal 30(2) agus Airteagal 33(1) den Rialachán sin, ní údaraítear téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach a úsáid ná lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid ach amháin le haghaidh táirgí atá ‘i gcomhréir leis an Rialachán [sin]’.

51

Tugtar le fios leis na focail sin, mar a léiríonn an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i míreanna 67 go 72 dá Thuairim, nach bhféadfaí úsáid a bhaint as na téarmaí sin agus as an lógó sin le haghaidh táirgí orgánacha, cé acu a mhonaraítear san Aontas iad nó a allmhairítear iad ó thríú tír chun iad ar mhaithe lena gcur ar mhargadh an Aontais mar tháirgí orgánacha, ach a mhéid a chomhlíontar leo na ceanglais arna mbunú sa Rialachán sin, go háirithe Caibidlí II agus III den Rialachán sin.

52

Dá ainneoin sin, de réir chásdlí comhsheasmhach na Cúirte, ar mhaithe le léiriú a dhéanamh ar fhorálacha dhlí an Aontais, ní mór ní amháin a dtéarmaí a chur san áireamh ach a gcomhthéacs agus na cuspóirí arna saothrú leis an reachtaíocht a bhfuil siad ina gcuid di chomh maith (breithiúnas an 29 Iúil 2024, Belgian Association of Tax Lawyers agus páirtithe eile, C‑623/22, EU:C:2024:639, mír 94 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53

Ar an gcéad dul síos, ó thaobh an chomhthéacs sin de, ní mór a thabhairt faoi deara go ndéantar idirdhealú le Rialachán 2018/848 idir táirgí arna bpróiseáil san Aontas agus táirgí arna n‑allmhairiú ó thríú tír, ar mhaithe lena gcur ar mhargadh an Aontais mar tháirgí orgánacha.

54

Go deimhin, ar an gcéad dul síos, ó thaobh, go háirithe, bia-ábhair próiseáilte arna dtáirgeadh san Aontas, ní mór na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh atá i gCuid IV d’Iarscríbhinn II den Rialachán sin agus in aon ghníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 16(3) den Rialachán sin, de réir Airteagal 16(1) de.

55

Ar an dara dul síos, foráiltear le hAirteagal 45 de Rialachán 2018/848 do na coinníollacha carnacha atá le comhlíonadh le táirge nach monaraítear san Aontas ar mhaithe le bheith onnmhairithe ó thríú tír agus curtha ar mhargadh an Aontais mar tháirge orgánach.

56

Mar sin, ar dtús, ceanglaítear le hAirteagal 45(1)(a) de Rialachán 2018/848 nach mór táirge dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán sin a bheith sa táirge arna onnmhairiú.

57

Ansin, ceanglaítear le hAirteagal 45(1)(c) den Rialachán sin, go bunúsach, nach mór do na hoibreoirí a bheith in ann aon fhaisnéis a sholáthar do na hallmhaireoirí agus do na húdaráis náisiúnta san Aontas agus sna tríú tíortha sin d’fhonn inrianaitheacht an táirge orgánaigh i gceist a áirithiú.

58

Ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 45(1)(b) den Rialachán sin, ní mór ceann amháin de na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin a chomhlíonadh le tháirge arna allmhairiú ó thríú tír.

59

Mar sin, ar an gcéad dul síos, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 45(1)(b)(i) de Rialachán 2018/848, comhlíontar leis an táirge sin, go bunúsach, forálacha Chaibidlí II, III agus IV den Rialachán sin agus, dá bhrí sin, go háirithe, na rialacha maidir le táirgeadh atá i gCaibidil III den Rialachán sin agus na rialacha maidir le lipéadú dá dtagraítear i gCaibidil IV den Rialachán sin.

60

Ar an dara dul síos, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 45(1)(b)(ii) de Rialachán 2018/848, comhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú tráchtála lena mbaineann leis an táirge sin, i gcás ina dtagann sé ó thríú tír arna aithint i gcomhréir le hAirteagal 47 den Rialachán sin.

61

Ar an tríú dul síos, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 45(1)(b)(iii) de Rialachán 2018/848, comhlíontar le táirge, má thagann sé ó thríú tír arna haithint, chun críocha coibhéise, i gcomhréir le hAirteagal 48(1) den Rialachán sin, a gcomhionann de rialacha de chuid an tríú tír sin maidir le táirgeadh agus grinnscrúdú agus go n‑allmhairítear le deimhniú cigireachta é, arna eisiúint ag údaráis inniúla, údaráis grinnscrúdaithe nó comhlachtaí grinnscrúdaithe an tríú tír sin, lena ndeimhnítear go comhréireacht an táirge sin.

62

Fágann foclaíocht Airteagal 45(1)(b) de Rialachán 2018/848 í féin gur coinníollacha malartacha na trí choinníoll arna leagan amach, i míreanna (i) go (iii) den fhoráil sin faoi seach, rud a fhágann gur leor aon cheann acu a chomhlíonadh ionas go bhféadfaí an táirge arna allmhairiú ó thríú tír a chur ar mhargadh an Aontais mar tháirge orgánach, i gcás ina gcomhlíontar leis dhá choinníoll eile dá dtagraítear in Airteagal 45(1)(a) agus (c) den Rialachán sin.

63

Ní cheanglaítear ach le haon cheann de na trí choinníoll malartach, arb é an cheann dá dtagraítear in Airteagal 45(1)(b)(i) de Rialachán 2018/848 go gcomhlíonfaí leis an táirge arna allmhairiú forálacha Chaibidlí II, III agus IV den Rialachán sin.

64

Mar sin, d’fhéadfaí táirge a chur ar mhargadh an Aontais mar tháirge orgánach a chomhfhreagraíonn don chás dá dtagraítear in Airteagal 45(1)(b)(iii) de Rialachán 2018/848, bíodh is nach gcomhlíontar leis na rialacha maidir le táirgeadh ar fad dá dtagraítear i gCaibidil III den Rialachán sin, a mhéid is táirge é a thagann ó thríú tír arna haithint ag an Aontas chun críocha coibhéise de réir Airteagal 33(2) de Rialachán Uimh. 834/2007, lena dtagraítear d’Airteagal 48(1) de Rialachán 2018/848 agus lena gcomhlíontar, go háirithe, na rialacha atá i bhfeidhm sa tríú tír sin maidir le táirgeadh ar mheas an tAontas gur comhionann iad agus na rialacha arna leagan amach i gCaibidil III.

65

Ní mór a thabhairt faoi deara go sainmhínítear an coincheap ‘Coibhéis’ in Airteagal 3(64) de Rialachán 2018/848 amhail go bhfuil na cuspóirí céanna á gcomhlíonadh agus na prionsabail céanna á n‑urramú trí chur i bhfeidhm na rialacha lena ráthaítear an leibhéal gealltanais comhréireachta céanna.

66

Dá bhrí sin, glactar leis go riachtanach, tríd an tagairt, in Aireagal 45(1)(b)(iii) de Rialachán 2018/848 do chineál comhionann rialacha na tríú tíre maidir le táirgeadh, go mbíonn na haon chuspóirí á saothrú agus go mbítear ag cloí leis na haon phrionsabail leis na rialacha atá i bhfeidhm sa tír sin agus na rialacha a thagann ó fhorálacha Chaibidil II de Rialachán 2018/848. Ó thaobh na rialacha maidir le táirgeadh arna leagan amach i gCaibidil III den Rialachán sin, fágann an sainmhíniú nach gá gur comhionann Rialacháin na tríú tíre sin agus rialacha an Aontais, ach go bhfuil ‘comhleibhéal áirithithe comhréireachta’ le háirithiú leis na Rialacháin sin maidir leis na táirgí arna monarú san Aontas.

67

Mar a tugadh chun cuimhne i mír 50 den bhreithiúnas seo, ní údaraítear úsáid a bhaint, trí Airteagal 30(2) agus Airteagal 33(1) de Rialachán 2018/848, as téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach a úsáid ná lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach ach le haghaidh táirgí atá i gcomhréir leis an Rialachán sin faoi seach.

68

Os a choinne sin, ní cheadaítear le haon fhoráil de Rialachán 2018/848 úsáid a bhaint as na téarmaí sin nó as an lógó sin ach le haghaidh táirgí a thagann ó thríú tír arna haithint ar mhaithe le coibhéis, bíodh is go bhféadfaí iad a allmhairiú san Aontas de réir Airteagal 45(1)(b)(ii) agus (iii) den Rialachán sin, nach bhfuil i gcomhréir, áfach, leis na rialacha arna n‑achtú leis maidir le táirgeadh.

69

Mar sin, cuirtear treise trí struchtúr Airteagal 45(1)(b) den Rialachán sin leis an léiriú litriúil ar Airteagal 30(2) agus ar Airteagal 33(1) de Rialachán 2018/848, arna leagan amach i mír 50 den bhreithiúnas seo. Go deimhin, bhí sé de rún ag reachtóir an Aontais idirdhealú a dhéanamh, i measc na táirgí arna allmhairiú mar tháirgí orgánacha, idir, ar thaobh amháin, a leithéid sin de tháirgí lena gcomhlíontar Caibidlí II, III agus IV den Rialachán sin agus, ar an taobh eile, a leithéid sin de tháirgí a bhaineann a gcomhionann de rialacha leo ina dtír thionscnamh, ar rialacha iad a aithnítear go bhfuil siad amhlaidh de réir comhaontú tráchtala nó de réir beart aontaobhach an Aontais.

70

Ar an dara dul síos, dearbhaítear an léiriú sin le cuspóirí Rialachán 2018/848, agus go háirithe le cuspóirí a fhorálacha maidir le lipéadú táirgí orgánacha, lena n‑áirítear Airteagal 30(2) agus Airteagal 33(1) de.

71

Ar an gcéad dul síos, mar is léir ó aithrisí 6, 9 agus 123 de Rialachán 2018/848, tá sé beartaithe leis an gcreat dlíthiúil arna bhunú le haghaidh chur chun feidhme an chomhbheartais talmhaíochta, a bhfuil an Rialachán sin mar chuid de faoi na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 43(2) CFAE, iomaíocht chóir a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach do tháirgí orgánacha agus muinín tomhaltóirí as táirgí a lipéadaítear mar tháirgí orgánacha a choinneáil agus údar a thabhairt léi. Chuige sin, bhí sé de rún ag reachtas an Aontais foráil a dhéanamh do rialacha atá ar an ardchaighdeán a bhíonn tomhaltóirí ag súil leis agus atá soiléir a dhóthain dóibh siúd a bhaineann siad leo. Is sa chomhthéacs sin gur chuir sé in iúl, in aithris 15 de Rialachán 2018/848, gur léir ó staidéir gur ríthábhachtach muinín tomhaltóirí le haghaidh mhargadh na mbia-ábhar orgánach agus, in aithris 7, go bhféachtar go háirithe leis an Rialachán sin an muinín sin a tharraingt agus leasanna na dtomhaltóirí a chosaint.

72

Ansin, is léir ó aithris 73 de Rialachán 2018/848 gurb é is cuspóir do na forálacha maidir le lipéadú, lena n‑áirítear na forálacha maidir le húsáid a bhaint as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach agus téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach, ná leasanna oibreoirí, ar mian leo go n‑aithneofaí a dtáirgí sa mhargadh i gceart agus dálaí iomaíochta córa a bheith acu, agus leasanna tomhaltóirí, a bhfuil iomlán an scéil le bheith acu agus rogha á dhéanamh acu idir na táirgí a mholtar dóibh, a chosaint.

73

Ar deireadh, ó thaobh, go háirithe lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh, cuirtear in iúl le haithrisí 77 go 79 de Rialachán 2018/848 gur mian le reachtóir an Aontais go rialaítear úsáid an lógó sin le deireadh a chur le mearbhall ar na tomhaltóirí i margadh an Aontais ar fad, gan iad a chur amú maidir le cineál orgánach an táirge lena mbaineann ina iomláine agus a sheachaint gur féidir mearbhall a bheith orthu maidir le cé acu ón Aontas nó ó thríú tír a thagann táirge.

74

Sa chás seo, mar is léir ó mhíreanna 64 go 67 den bhreithiúnas seo, leanann sé ón rogha a rinne reachtas an Aontais go bhféadfar táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha de réir na rialacha coibhéise dá bhforáiltear in Airteagal 45(1)(b)(iii) de Rialachán 2018/848 a chur ar an margadh san Aontas Eorpach mar tháirgí orgánacha fiú i gcás nach gcomhlíontar leo na ceanglais uile arna mbunú leis an Rialachán sin, go háirithe Caibidlí II agus III de. Os a choinne sin, ní mór do tháirgí a mhonaraítear san Aontas na ceanglais sin go léir a chomhlíonadh chun go gcuirfear ar an margadh iad mar tháirgí orgánacha.

75

Sa chomhthéacs sin, dá gceadófaí úsáid a bhaint as téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach agus do lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach ar an margadh inmheánach do tháirgí orgánacha, i gcás táirgí a táirgeadh san Aontas nó i dtríú tíortha i gcomhréir leis na rialacha táirgthe arna mbunú le Rialachán 2018/848 agus i gcás na dtáirgí sin a táirgeadh i dtríú tíortha de réir caighdeáin nach bhfuil comhionann ach leis na rialacha táirgthe sin, dhéanfaí dochar don iomaíocht chóir laistigh den mhargadh inmheánach do tháirgí orgánacha agus chruthófaí débhríocht a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur amú.

76

Go deimhin, i gcás den sórt sin, d’fhéadfadh na Ballstáit a mheas go gcomhlíontar le táirge ar a bhfuil téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach nó do lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach na ceanglais uile arna mbunú le Rialachán 2018/848, go háirithe Caibidlí II agus III de, cé nach gcomhlíontar leis ach rialacha náisiúnta táirgthe an tríú tír óna n‑allmhairítear é, atá comhionann le rialacha táirgthe an Rialacháin sin.

77

Go sonrach, is é is raison d’être an lógó sin go baileach ná tomhaltóirí a chur ar an eolas, go soiléir agus gan débhrí, faoi lán‑chomhréireacht an táirge ar a bhfuil sé leis na forálacha ar fad arna mbunú le Rialachán 2018/848, agus ní amháin lena gcomhionann de rialacha. Is amhlaidh is mó sin ós dearbhú oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh an lógó sin, i gcomhréir le hAirteagal 33(2) den Rialachán sin.

78

Ní fhéadfadh sé gur leor é chun aon débhrí a sheachaint, mar a leag an Coimisiún béim air, de réir Airteagal 32(2) de Rialachán Uimh. 2018/848, i gcás ina n‑úsáidtear an lógó maidir le táirgeadh orgánach ar tháirge, nach mór tásc a chur leis lena sonraítear an áit inar táirgeadh na hamhábhair talmhaíochta atá sa táirge sin. Go deimhin, cuirtear an tomhaltóir ar an eolas lena leithéid de thásc an gcomhlíontar le táirge arna allmhairiú rialacha táirgthe Rialachán 2018/848 nó amhlaidh nach gcomhlíontar leis ach a gcomhionann de rialacha táirgthe agus atá sa Rialachán sin.

79

Mar sin, ní mór a chinneadh nach bhféadfaí úsáid a bhaint as an lógó maidir le táirgeadh orgánach an Aontais Eorpaigh ná, i bprionsabal, téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach i leith táirge arna allmhairiú ó thríú tír lena chur ar mhargadh an Aontais mar tháirge orgánach de réir Airteagal 45(1)(b)(iii) de Rialachán 2018/848.

Úsáid a bhaint as lógó an tríú tír maidir le táirgeadh orgánach

80

É sin ráite, a mhéid atá forálacha lena rialaítear trádáil le tríú tíortha i Rialachán 2018/848, go háirithe i gCaibidil VII de, féachtar leis an Rialachán sin freisin roinnt rialacha is infheidhme maidir le trádáil idirnáisiúnta i dtáirgí orgánacha a bhunú d’fhonn, mar a chuir an Chomhairle in iúl le ceart ag an éisteacht, soláthar, infhaighteacht soláthair agus sásamh an éilimh mhéadaithigh ar na táirgí sin san Aontas Eorpach a éascú, ar an gcéad dul síos, agus, ar an dara dul síos, ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha, áis a thabhairt d’onnmhairiú na dtáirgí sin de thionscnamh an Aontais Eorpaigh chuig tríú tíortha.

81

Is é an comhthéacs sin go díreach atá mar chuid d’Airteagal 45(1)(b)(iii) den Rialachán sin, lena dtugtar an chumhacht don Choimisiún a aithint gur comhionann rialacha tríú tír le rialacha Rialachán 2018/848.

82

Is léir ón gcáschomhad atá ag an gCúirt go bhfuil ar tháirgí áirithe arna n‑allmhairiú mar tháirgí orgánacha, de réir na rialacha coibhéise dá bhforáiltear in Airteagal 45(1)(b)(iii) de Rialachán 2018/848 lógó an tríú tír maidir le táirgeadh orgánach a allmhairítear é uaithi agus gur féidir téarmaí a bheith ar a leithéid de lógó lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach, amhail ‘biologique’‘ecológico’ nó ‘organic’, a bhfréamhaithe nó a ndíspeagtha, amhail ‘bith’ nó ‘éicea’.

83

I ndáil leis sin, ní mór a chinneadh nach féidir gur cúis idir dhíobhála don iomaíocht chóir margadh inmheánach na dtáirgí orgánacha ná débhrí trína bhféadfaí tomhaltóirí a chur amú í úsáid a bhaint, le haghaidh a leithéide de tháirgí arna hallmhairiú, as lógó an tríú tír, óna n‑allmhairítear iad, maidir le táirgeadh orgánach. Go deimhin, ní amháin nach gcuirtear na táirgí lena mbaineann ag teacht le chéile ó thaobh na hiomaíochta de le húsáid a bhaint as lógó tríú tír maidir le táirgeadh orgánach atá éagsúil le lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach, ach níl sé intugtha le tuiscint le húsáid a bhaint as lógó tríú tír maidir le táirgeadh orgánach go bhfuil na táirgí arna n‑allmhairiú i gcomhréir leis na forálacha ar fad arna mbunú le Rialachán 2018/848 ach an oiread.

84

Tugtar le tuiscint uaidh sin, in ainneoin an chinnidh arna dhéanamh i mír 79 den bhreithiúnas seo, ar mhaithe le héifeachtúlacht, go háirithe, Airteagal 45(1)(b)(iii) a áirithiú, agus leis na cumhachtaí a chaomhnú a thugtar don Choimisiún leis an Rialachán sin, nach mór úsáid a bheith inbhainte as lógó an tríú tír as a dtagann siad maidir le táirgeadh orgánach le haghaidh táirgí arna n‑allmhairiú de réir na forála, a bhfuil rochtain ar mhargadh an Aontais leo ‘mar tháirgí orgánacha’, fiú i gcás ina bhfuil téarmaí mar a chéile ar an lógó sin agus ar na téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach, de réir bhrí Airteagal 30(1) den Rialachán sin agus Iarscríbhinn IV de.

85

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, ní mór freagra a thabhairt ar an gcéad cheist amhail:

go bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 30(2) agus Airteagal 33(1) de Rialachán 2018/848 amhail gurb inúsáidte le haghaidh bia-ábhar próiseáilte arna allmhairiú ó thríú tír atá lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach ná, i bprionsabal, téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach faoi na dálaí dá dtagraítear in Airteagal 45(1)(b)(iii) agus Airteagal 48(1) den Rialachán sin lena gcur ar mhargadh an Aontais mar tháirge orgánach, bíodh is nach gcomhlíontar leis an mbia-ábhar sin na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 16(1) den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn II, Cuid IV, mír 2.2.2(f) den Rialachán sin, ós rud é go bhfuil mianraí agus vitimíní neamh-phlandabhunaithe sa bhia-ábhar sin.

go bhfuil úsáid inbhainte san Aontas, áfach, as lógó an tríú tír sin maidir le táirgeadh orgánach le haghaidh a leithéide de bhia-ábhar, fiú i gcás ina bhfuil téarmaí sa lógó sin lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach, de réir bhrí Airteagal 30(1) den Rialachán seo agus Iarscríbhinn IV de.

An dara ceist agus an tríú ceist

86

I bhfianaise an fhreagra ar an gcéad cheist, níl gá freagra a thabhairt ar an dara agus an tríú ceist.

Costais

87

Os rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagail 30(2) agus 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 848/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

Caithfear Airteagal 33(1) de Rialachán 2018/848 a léiriú sa chaoi gurb inúsáidte le haghaidh bia-ábhar próiseáilte arna allmhairiú ó thríú tír atá lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach ná, i bprionsabal, téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach faoi na dálaí dá dtagraítear in Airteagal 45(1)(b)(iii) agus Airteagal 48(1) den Rialachán sin lena gcur ar mhargadh an Aontais mar tháirge orgánach, bíodh is nach gcomhlíontar leis an mbia-ábhar sin na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 16(1) den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn II, Cuid IV, mír 2.2.2(f) den Rialachán sin, ós rud é go bhfuil mianraí agus vitimíní neamh-phlandabhunaithe sa bhia-ábhar sin.

 

Tá úsáid inbhainte san Aontas, áfach, as lógó an tríú tír sin maidir le táirgeadh orgánach le haghaidh a leithéide de bhia-ábhar, fiú i gcás ina bhfuil téarmaí sa lógó sin lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach, de réir bhrí Airteagal 30(1) den Rialachán seo agus Iarscríbhinn IV de.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.