BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)
28 Samhain 2024 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Treoir (AE) 2016/680 – Airteagal 4(1)(a) go (c) – Airteagal 8(1) agus (2) – Airteagal 10 – Cúisí – Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha ag póilíní – Forfheidhmiú – Cuspóirí maidir le cionta coiriúla a chosc agus a bhrath – Léiriú ar bhreithiúnas an 26 Eanáir 2023, Ministerstvo na vatreshnite raboti (Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha ag na póilíní) (C‑205/21, EU:C:2023:49) – Oibleagáid an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh – Measúnú ar an ‘bhfíorghá’ sonraí íogaire a phróiseáil – Ról na n‑údarás inniúil)
I gCás C‑80/23,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Sofiyski gradski sad (Cúirt Chathair Shóifia, an Bhulgáir), trí bhreith an 14 Feabhra 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 14 Feabhra 2023, sna himeachtaí coiriúla idir
V. S.,
Páirtí leasmhar:
Ministerstvo na vatreshnite raboti, Glavna direktsia za borba s organiziranata prestapnost,
tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: I. Jarukaitis, Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra, ag feidhmiú mar Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra, D. Gratsias (Rapóirtéir) agus E. Regan, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,
Cláraitheoir: R. Stefanova-Kamisheva, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 20 Márta 2024,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– |
Rialtas na Bulgáire, ag T. Mitova agus T. Tsingileva, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na hUngáire, ag Zs. Biró-Tóth agus M. Z. Fehér, i gcáil Gníomhairí, |
– |
an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, C. Georgieva, H. Kranenborg agus F. Wilman, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 13 Meitheamh 2024,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 6(a) Airteagal 10(1) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO 2016 L 119, lch. 89). |
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne V.S. lena n‑iarrtar go bhforfheidhmeofaí bailiú shonraí bithmhéadracha agus géiniteacha an duine sin chun iad a thaifead. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
3 |
Foráiltear mar seo a leanas in aithris 37 de Threoir 2016/680: ‘Tá cosaint ar leith dlite do shonraí pearsanta ar de chineál fíor-íogair iad maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha, toisc go bhféadfaí rioscaí suntasacha a chruthú do na cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha mar thoradh ar chomhthéacs a bpróiseála. [...] Ba cheart próiseáil sonraí den sórt sin a údarú [...] le dlí i gcás gur thug an t‑ábhar sonraí a thoiliú go sainráite don phróiseáil atá gobach dó siúd go háirithe. Mar sin féin, ní féidir go mbeadh toiliú an ábhair sonraí é féin ina fhoras dlíthiúil chun go ndéanfadh na húdaráis inniúla sonraí pearsanta íogaire den sórt sin a phróiseáil.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
4 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 1(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Ábhar agus cuspóirí’: ‘Leagtar síos leis an Treoir seo na rialacha a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a chur ar na bagairtí sin.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
5 |
Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin: ‘Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn: [...] 7. “údarás inniúil”:
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
6 |
Foráiltear in Airteagal 4(1) den Treoir chéanna, dar teideal ‘Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta’: ‘Déanfaidh na Ballstáit foráil mar a leanas maidir le sonraí pearsanta:
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
7 |
Is mar seo a leanas atá in Airteagal 6 de Threoir 2016/680, dar teideal ‘Idirdhealú idir catagóirí éagsúla d’ábhar sonraí’: ‘Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfaidh an rialaitheoir, i gcás gurb infheidhme agus a mhéid is féidir, idirdhealú soiléir idir sonraí pearsanta na gcatagóirí éagsúla d’ábhair sonraí, amhail:
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
8 |
De réir Airteagal 8 den Treoir sin, dar teideal ‘Dlíthiúlacht na próiseála’: ‘1. Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh an phróiseáil dleathach ach amháin más gá, agus a mhéid is gá, an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéanann údarás inniúil chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 1(1) agus go mbeidh sí bunaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí an Bhallstáit. 2. Sonraítear, ar a laghad, i ndlí an Bhallstáit lena rialaítear próiseáil faoi raon feidhme na Treorach seo cuspóirí na próiseála, na sonraí pearsanta a bheidh le próiseáil agus críocha na próiseála.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
9 |
Is mar seo a leanas foclaíocht Airteagal 10 den Treoir sin, dar teideal ‘Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil’: ‘Ní cheadófar próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus toirmeascfar próiseáil ar shonraí géiniteacha, ar shonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ar shonraí a bhaineann leis an tsláinte nó ar shonraí a bhaineann le saol gnéis agus le gnéaschlaonadh duine nádúrtha ach amháin i gcás go bhfuil fíorghá leis, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, agus ach amháin:
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na Bulgáire
NK
10 |
Faoi Airteagal 11(2) den Nakazatelen kodeks (Cód Coiriúil), sa leagan is infheidhme maidir leis an gcás sna príomhimeachtaí (‘NK’), is cion intinniúil é i gcás go bhfuil an duine ag déanamh gnímh agus é ar an eolas faoi chineál an ghnímh nó i gcás go raibh tarlú iarmhairt an chiona ar intinn aige, nó i gcás gur cheadaigh sé dá tarlú. Is cionta intinniúla iad formhór mór na gcionta dá bhforáiltear in NK. |
NPK
11 |
Foráiltear le hAirteagal 46(1) agus Airteagal 80 den Nakazatelno-protsesualen kodeks (Cód um Nós Imeachta Coiriúil), sa leagan is infheidhme maidir leis an gcás sna príomhimeachtaí (‘NPK’), go ndéantar na cionta coiriúla a ionchúiseamh ex officio, is é sin le rá, go dtéann an t‑ionchúisitheoir i ngleic leis an gcúiseamh, nó go ndéanann an páirtí sibhialta an t‑ionchúiseamh. Tá ionchúiseamh poiblí i gceist le beagnach gach cion faoi NK. |
12 |
De bhun Airteagal 219(1) de NPK, ‘i gcás ina mbailítear fianaise leordhóthanach go bhfuil duine ar leith ciontach i gcion coiriúil atá faoi réir ionchúiseamh poiblí’, tá an duine sin le cúiseamh agus le cur ar an eolas faoi sin. D’fhéadfadh sé a bheith faoi réir bearta éagsúla maidir le srianta nós imeachta, a bhfuil sé in ann é féin a chosaint ina gcoinne trí mhínithe nó trí fhianaise a sholáthar. |
13 |
I gcomhréir le NPK, tá na bearta imscrúdaitheacha arna gcur chun feidhme le linn na céime réamhthrialach den nós imeachta coiriúil — d’fhonn fianaise a bhailiú, agus lena ndéantar sárú ar phríobháid na ndaoine nádúrtha — faoi réir réamhúdarú ó bhreitheamh, i bprionsabal. |
14 |
Áirítear leis na bearta imscrúdaitheacha sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an duine, dá bhforáiltear le hAirteagal 158 de NPK. Beartaítear leis an scrúdú sin, go bunúsach, saintréithe fisiceacha an duine a chruthú agus féadfar a áireamh leis an méid sin, i gcás gur gá, grianghraif agus méarloirg a thógáil agus samplaí d’fhonn próifíl ADN a chruthú. Déanfar an scrúdú le toiliú an duine. I gcás diúltú, forfheidhmeofar an scrúdú, faoi réir réamhúdarú ó bhreitheamh, ach amháin i gcás práinne, agus sa chás sin ní mór iarratas ar fhormheas breithiúnach a dhéanamh a posteriori. |
15 |
Sa chomhthéacs sin, seoltar comhad an nós imeachta coiriúil chuig an gcúirt inniúil, agus féadfaidh an chúirt sin scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid uile chun a mheas an bhfuil bunús maith leis an iarratas ar réamhúdarú nó ar fhormheas a posteriori. |
ZMVR
16 |
Faoi Airteagal 6 den zakon sa Ministerstvo na vatreshnite raboti (an Dlí maidir le Roinn Gnóthaí Baile) (DV Uimh. 53 an 27 Meitheamh 2014), sa leagan is infheidhme maidir leis an gcás sna príomhimeachtaí (‘ZMVR’), déanann an Roinn Gnóthaí Baile príomhghníomhaíochtaí áirithe, lena n‑áirítear taighde oibríochtúil agus faireacháin, gníomhaíochtaí imscrúdaithe a bhaineann le cionta agus le gníomhaíochtaí faisnéise. |
17 |
Faoi Airteagal 27 de ZMVR, níl sonraí arna gclárú ag na póilíní de bhun Airteagal 68 den Dlí sin le húsáid ach amháin chun an tslándáil náisiúnta a choimirciú, an choireacht a chomhrac agus an t‑ord poiblí a chaomhnú. |
18 |
Foráiltear in Airteagal 68 de ZMVR mar seo a leanas: ‘1. Cláraíonn na húdaráis phóilíneachta daoine a chúisítear i gcion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí i dtaifead ciontuithe. [...] 2. Is cineál próiseála ar shonraí pearsanta na ndaoine dá dtagraítear i mír 1 é clárú i gclár na bpóilíní, próiseáil a dhéantar faoi chuimsiú an dlí seo. 3. Chun críocha an taifid póilíneachta, déanfaidh na húdaráis phóilíneachta an méid seo a leanas:
4. Níl gá le toiliú an duine chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3, pointe 1 a dhéanamh. 5. Beidh sé d’oibleagáid ar dhaoine comhoibriú agus gan constaic ná bac a chur ar na húdaráis phóilíneachta agus iad i mbun na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3. I gcás go ndiúltóidh duine, déanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3, pointí 2 agus 3 trí éigeantas faoi réir údarú ó bhreitheamh na cúirte céadchéime a bhfuil dlínse aici ar an gcion atá faoi réir ionchúiseamh poiblí ar cúisíodh an duine ina leith. [...]’ |
NRISPR
19 |
Leagtar amach sa naredba za reda za izvarshvane i snemane na politseyska registratsia (Rialachán lena rialaítear rialacha mionsonraithe maidir le taifead ciontuithe a chur chun feidhme) (DV Uimh. 90 an 31 Deireadh Fómhair 2014), sa leagan is infheidhme maidir leis an gcás sna príomhimeachtaí (‘NRISPR’), na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an taifid ciontuithe dá bhforáiltear in Airteagal 68 de ZMVR. |
20 |
Faoi Airteagal 11, mír 2 de NRISPR, tabharfar dearbhú atá le comhlánú don duine a gcaithfear taifead ciontuithe a chruthú ina leith, ina bhféadfaidh siad a chur in iúl go n‑aontaíonn nó nach n‑aontaíonn siad leis na bearta maidir le grianghraif, méarloirg agus samplaí ADN a ghlacadh. Faoi Airteagal 11, mír 4 de NRISPR, i gcás easaontas ar thaobh an duine sin, ní mór do na póilíní iarratas a chur faoi bhráid na cúirte a bhfuil dlínse aici chun forfheidhmiú na mbeart sin a údarú. |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
21 |
Le hordú an 1 Márta 2021, cúisíodh V.S. ar bhonn Airteagal 255 agus Airteagal 321, pointí 2 agus 3 de NK, as páirt a ghlacadh, in éineacht le triúr eile, i ngrúpa coireachta eagraithe, a bunaíodh chun críocha saibhrithe, i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí dhá chuideachta tráchtála, d’fhonn cionta calaoise a dhéanamh trí mheasúnú agus íoc fiacha cánach a bhaineann le cáin bhreisluacha a imghabháil ar bhealach comhbheartaithe ar chríoch na Bulgáire. |
22 |
Tar éis fógra a thabhairt maidir leis an ordú lenar cúisíodh í, d’iarr na póilíní, arb iad na húdaráis inniúla iad de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir 2016/680, ar V.S. géilleadh don taifead coireachta dá bhforáiltear in Airteagal 68 de ZMVR. Cuireadh foirm dearbhaithe faoina bráid, inar luaigh sí gur cuireadh in iúl di go raibh bunús dlí ann chun an taifead ciontuithe sin a chur i gcrích agus go raibh sí ag diúltú do bhailiú a sonraí méarloirg agus grianghrafacha chun iad a chlárú, agus go raibh sí ag diúltú do shampla a bheith glactha uaithi d’fhonn a próifíl ADN a bhunú. Níor bhailigh na húdaráis phóilíneachta na sonraí sin agus thug siad caingean os comhair an Spetsializiran nakazatelen sad (an Chúirt Choiriúil Speisialaithe, an Bhulgáir) d’fhonn a mbailiú a fhorfheidhmiú. |
23 |
Sonraíodh in iarraidh na n‑údarás póilíneachta ar an gcúirt sin gur bailíodh fianaise leordhóthanach ar chiontacht na ndaoine cúisithe sna himeachtaí coiriúla lena mbaineann, lena n‑áirítear V.S. Míníodh gur cúisíodh V.S. go hoifigiúil as cion dá dtagraítear i mír 3, pointe 2 d’Airteagal 321 de NK a dhéanamh, arna léamh i gcomhar le mír 2 den Airteagal sin, agus go raibh diúltaithe aici toiliú a thabhairt do bhailiú a sonraí méarloirg agus grianghrafacha chun iad a chlárú agus go raibh diúltaithe aici do shampla a bheith glactha uaithi d’fhonn a próifíl ADN a bhunú, agus an bunús dlí le bailiú na sonraí sin á lua. Ar deireadh, san iarraidh sin, iarradh ar an gcúirt sin forfheidhmiú an bhailiúcháin sin a údarú. Ní raibh i gceangal leis an iarratas sin ach cóipeanna den ordú lenar cúisíodh V.S. agus den fhoirm dhearbhaithe a chomhlánaigh sí. |
24 |
Tar éis a bheith in amhras faoina chomhoiriúnaí le dlí an Aontais atá an nós imeachta maidir leis an taifead ciontuithe, rinne an Spetsializiran nakazatelen sad (an Chúirt Choiriúil Speisialaithe) tarchur chun réamhrialú chuig an gCúirt Bhreithiúnais le cinneadh an 31 Márta 2021. |
25 |
Go sonrach, lena tríú ceist, d’fhiafraigh an chúirt sin, go bunúsach, an gá Airteagal 6(a) de Threoir 2016/680 agus Airteagail 47 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás go ndiúltaíonn an duine a chúisítear i gcion intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí comhoibriú go spontáineach i mbailiú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha a bhaineann leis chun iad a chlárú, go gceanglaítear ar an gcúirt choiriúil inniúil forfheidhmiú an bhailiúcháin sin a údarú, gan an chumhacht a bheith aici a mheas an bhfuil forais thromchúiseacha ann lena mheas go ndearna an duine lena mbaineann an cion a bhfuil sé cúisithe ina leith [breithiúnas an 26 Eanáir 2023, Ministerstvo na vatreshnite raboti(Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha ag na póilíní), C‑205/21, EU:C:2023:49, mír 77, ‘an breithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I’]. |
26 |
Ina theannta sin, ba é a bhí mar aidhm leis an gceathrú ceist ná a chinneadh, go bunúsach, an gá Airteagal 10 de Threoir 2016/680, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1)(a) go (c) agus Airteagal 8(1) agus (2) den Treoir sin a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do bhailiú córasach sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha d’aon duine a chúisítear i gcion intinniúil atá faoi réir ionchúiseamh poiblí d’fhonn iad a chlárú, gan oibleagáid a leagan síos don údarás inniúil a fhíorú agus a léiriú, ar an gcéad dul síos go bhfuil gá leis an mbailiú sin chun na cuspóirí sonracha atá le saothrú a bhaint amach, agus ar an dara dul síos, nach féidir na cuspóirí sin a bhaint amach trí chuid de na sonraí lena mbaineann a bhailiú (an breithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, mír 114). |
27 |
Tar éis leasú reachtach a tháinig i bhfeidhm an 27 Iúil 2022, díscaoileadh an Spetsializiran nakazatelen sad (Cúirt Choiriúil Speisialaithe) agus aistríodh an cás sna príomhimeachtaí ón dáta sin chuig Sofiyski gradski sad (Cúirt Chathair Sóifia, an Bhulgáir), arb í an chúirt a rinne an tarchur í. |
28 |
Sa bhreithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I (mír 110 agus mír 2 den chuid oibríochtúil), mar fhreagra ar an tríú ceist, chinn an Chúirt nach mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 6(a) de Threoir 2016/680 agus Airteagail 47 agus 48 den Chairt sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, má dhiúltaíonn an duine a chúisítear i gcion intinniúil atá faoi réir ionchúiseamh poiblí, comhoibriú go deonach le bailiú na sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha a bhaineann leis chun iad a chlárú, nach mór don chúirt choiriúil a bhfuil dlínse aici beart lena bhforghníomhófar a mbailiú a údarú, gan an chumhacht a bheith aici a mheas an bhfuil forais thromchúiseacha ann lena mheas go ndearna an duine lena mbaineann an cion a bhfuil sé cúisithe ina leith, ar choinníoll go ráthaíonn an dlí náisiúnta ina dhiaidh sin athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ar na coinníollacha a bhaineann leis an gcúiseamh sin, as a dtagann an t‑údarú chun dul ar aghaidh leis an mbailiú sin. |
29 |
I gcomhthéacs an fhreagra ar an gceathrú ceist, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do bhailiú córasach sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha d’aon duine a chúisítear i gcion intinniúil atá faoi réir ionchúiseamh poiblí contrártha, i bprionsabal, don cheanglas a leagtar síos in Airteagal 10 de Threoir 2016/680 nach mór próiseáil na gcatagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear san Airteagal sin a cheadú ‘ach amháin i gcás go bhfuil fíorghá leis’ (an breithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, mír 128). |
30 |
Maidir leis na tátail a bhí le baint ag an gcúirt a rinne an tarchur as an mbreithniú sin, chuir an Chúirt in iúl, i mír 133 den bhreithiúnas sin, gur faoin gcúirt sin a bhí sé a fhíorú, chun éifeachtacht Airteagal 10 de Threoir 2016/680 a áirithiú, an féidir an reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear don fhorfheidhmiú sin a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais. Go háirithe, ba faoin gcúirt a rinne an tarchur a bhí sé a fhíorú an gceadaítear leis an dlí náisiúnta measúnú a dhéanamh ar an ‘bhfíorghá’ sonraí bithmhéadracha agus sonraí géiniteacha an ábhair sonraí araon a bhailiú chun iad a chlárú. Ba cheart, go háirithe, ar an mbonn sin, a fhíorú an bhfuil amhras ann faoi chineál agus tromchúis an chiona a bhfuil an t‑ábhar sonraí, sna himeachtaí coiriúla sna príomhimeachtaí, cúisithe ina leith nó an bhféadfadh gnéithe ábhartha eile a bheith ina gcúinsí lena bhféadfaí ‘fíorghá’ den sórt sin a chruthú. Ina theannta sin, is gá a áirithiú nach féidir na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach le bailiú sonraí maidir le stádas sibhialta, dá bhforáiltear freisin i gcomhthéacs an taifid ciontuithe. |
31 |
I mír 134 den bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt, mura ráthaíonn an dlí náisiúnta athbhreithniú den sórt sin ar an mbeart trína mbailítear sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha, gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a áirithiú go dtabharfar éifeacht iomlán d’Airteagal 10 trí dhiúltú d’iarraidh na n‑údarás póilíneachta forfheidhmiú an bhailiúcháin sin a údarú. |
32 |
Dá bhrí sin, i bhfianaise na bhforas go léir a leagtar amach i míreanna 116 go 134 den mbreithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, chinn an Chúirt, mar fhreagra ar an gceathrú ceist, nach mór Airteagal 10 de Threoir 2016/680, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1) (a) go (c) agus Airteagal 8(1) agus (2) den Treoir sin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do bhailiú córasach sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha d’aon duine a chúisítear i gcion intinniúil atá faoi réir ionchúiseamh poiblí d’fhonn iad a chlárú, gan oibleagáid a leagan síos don údarás inniúil a fhíorú agus a léiriú, ar an gcéad dul síos go bhfuil fhíorghá leis an mbailiú sin chun na cuspóirí sonracha atá le saothrú a bhaint amach, agus ar an dara dul síos, nach féidir na cuspóirí sin a bhaint amach le bearta nach bhfuil chomh dian céanna ar chearta agus saoirsí an ábhair sonraí (an breithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, mír 135 agus mír 3 den chuid oibríochtúil). |
33 |
Tar éis don bhreithiúnas sin a bheith tugtha, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur cad iad na tátail ar cheart di a bhaint as freagra na Cúirte ar an gceathrú ceist, go háirithe i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i mír 30 den bhreithiúnas seo, d’fhonn rialú a dhéanamh ar iarratas na n‑údarás póilíneachta chun bailiú na sonraí pearsanta atá i gceist sna príomhimeachtaí a fhorfheidhmiú. |
34 |
I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, measann sí nach féidir léi na seiceálacha a luaitear sa mhír sin a dhéanamh ar bhonn na ndoiciméad a chuir na húdaráis sin chuici, eadhon ordú lena gcúisítear V.S. agus an fhoirm dhearbhaithe lenar dhiúltaigh V.S. do bhailiú a sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha, dá dtagraítear i mír 23 den bhreithiúnas seo. Measann sí, chun amhlaidh a dhéanamh, gur cheart go mbeadh an comhad iomlán ar fáil di, agus tuigtear uaidh sin nach í an riail speisialta a bheadh le cur i bhfeidhm aici, a leagtar síos, i gcomhthéacs nós imeachta an taifid ciontuithe, leis an dara habairt d’Airteagal 68(5) de ZMVR, ach rialacha ginearálta NPK is infheidhme maidir le réamhúdarú breithiúnach a eisiúint chun bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh a dhéanann dochar do réimse príobháideach daoine nádúrtha, agus go háirithe Airteagal 158 den chód sin. |
35 |
Ar an dara dul síos, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, i míreanna 100 agus 101 den bhreithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, gur chinn an Chúirt nach raibh sé contrártha le hAirteagal 47 den Chairt go ndéanfadh cúirt cinneadh maidir le hiarratas ar údarú chun sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha a bhailiú go héigeantach ó dhuine a chúisítear gan rochtain a bheith aige ar an ábhar sa chomhad agus dá bhrí sin gan bheith in ann measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise sin. |
36 |
Measann sí, áfach, go bhfuil an cinneadh sin bunaithe ar an mbonn earráideach go bhféadfadh measúnú na cúirte ar an bhfianaise lena dtugtar bonn cirt don chúiseamh, le linn na céime réamhthrialach de na himeachtaí coiriúla, bac a chur ar stiúradh an imscrúdaithe choiriúil lena mbailítear na sonraí sin. |
37 |
Go háirithe, cuireann sí in iúl, i gcomhthéacs an nós imeachta a rialaítear le hAirteagal 158 de NPK, go ndearna reachtas na Bulgáire foráil d’athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a fheidhmiú agus do chomhad an cháis a chur chuig an gcúirt, ach nach amhlaidh atá i gcomhthéacs an taifid ciontuithe. Dar léi, is iad na cúiseanna atá leis an difríocht sin sa chóras dlí, ar an gcéad dul síos, gurb iad na póilíní seachas Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí a iarrann sonraí a bhailiú i gcomhthéacs an chláraithe sin agus, ar an dara dul síos, nach ndéantar an bailiú sin ach amháin d’fhonn úsáid fhéideartha a bhaint as na sonraí atá i gceist amach anseo, más gá. Os a choinne sin, in éagmais athbhreithniú breithiúnach éifeachtach den sórt sin i gcás den sórt sin, ní bheadh sé beartaithe rúndacht an imscrúdaithe a urramú ná gan bac a chur ar bhearta imscrúdaitheacha a bheidh ann amach anseo i gcomhthéacs na n‑imeachtaí coiriúla atá i gceist. |
38 |
Sna himthosca sin, measann an chúirt a rinne an tarchur, sula gceanglaítear ar na húdaráis inniúla comhad na n‑imeachtaí coiriúla a chur ar aghaidh, nach mór di deimhniú a fháil ón gCúirt nach dtagann ceanglas den sórt sin salach ar mhíreanna 100 agus 101 den bhreithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I nó, mar mhalairt air sin, ar an léiriú nach féidir na seiceálacha dá dtagraítear i mír 133 den bhreithiúnas sin a dhéanamh ach ar bhonn an ordaithe lena gcúisítear an duine lena mbaineann agus ar bhonn dhearbhú diúltaithe an duine sin dá shonraí bithmhéadracha agus géiniteacha a bhailiú. |
39 |
Ina theannta sin, dá soláthródh an Chúirt an deimhniú sin, measann an chúirt a rinne an tarchur, ós rud é go bhfuil an comhad maidir le himeachtaí coiriúla ar fáil di, gur cheart di measúnú a dhéanamh ar fhiúntas an chúisimh sin. |
40 |
Sna himthosca sin, chinn an Sofiyski gradski sad (Cúirt Chathair Shóifia) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú
41 |
Áitíonn an Coimisiún Eorpach go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha. I ndáil leis sin, measann sé sa bhreithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, gur thug an Chúirt léiriú don chúirt a rinne an tarchur ar an dlí de chuid an Aontais ar a mbraitheann réiteach na díospóide os a comhair. Thairis sin, áitíonn sé go bhfuil na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú bunaithe ar thuiscint mhícheart ar an mbreithiúnas sin. Go bunúsach, ar an gcéad dul síos, i mír 133 den bhreithiúnas sin, níor rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais ar an athbhreithniú nach mór don chúirt náisiúnta a dhéanamh sula n‑údaraíonn sí beart chun sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha a bhailiú agus, dá bhrí sin, níor chuir sí de cheangal ar an gcúirt a rinne an tarchur seiceáil shonrach a dhéanamh i ndáil leis an mbailiú sin. Ar an dara dul síos, tá an chúirt sin mícheart a bhaint mar thátal as míreanna 100 agus 101 den bhreithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I gur mheas an Chúirt go raibh an t‑athbhreithniú breithiúnach teoranta dá bhforáiltear in Airteagal 68(5) de ZMVR i gcomhréir le dlí an Aontais agus, dá bhrí sin, chinn sí go raibh na míreanna sin ag teacht salach ar mhír 133 den bhreithiúnas sin. |
42 |
Sa chéad áit, de réir chásdlí socair na Cúirte, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt agus na cúirteanna náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur faoin gcúirt náisiúnta– ar tugadh an díospóid os a comhair agus a chaithfidh freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis – atá sé a chinneadh an bhfuil gá le réamhrialú ionas go mbeadh sí in ann a breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte a chinneadh. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal i bprionsabal, breith a thabhairt (breithiúnas an 6 Samhain 2018, Bauer agus Willmeroth, C‑569/16 agus C‑570/16, EU:C:2018:871, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
43 |
Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú do rialú a thabhairt ar iarraidh arna déanamh ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíricí iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 6 Samhain 2018, Bauer agus Willmeroth, C‑569/16 agus C‑570/16, EU:C:2018:871, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
44 |
Sa dara háit, ba cheart a mheabhrú freisin nach gcuirtear, leis an údarás a thugtar le breithiúnas lena ndéantar réamhrialú, bac ar an gcúirt náisiúnta ar a bhfuil an breithiúnas sin dírithe a mheas gur gá an t‑ábhar a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais arís sula gcinneann sí an díospóid sna príomhimeachtaí. D’fhéadfadh údar a bheith le caingean den sórt sin, inter alia, má bhíonn deacrachtaí ag an gcúirt náisiúnta an breithiúnas a thuiscint nó a chur i bhfeidhm, má chuireann sí ceist nua dlí faoi bhráid na Cúirte, nó má chuireann sí gnéithe nua faoina bráid a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le freagra difriúil ón gCúirt ar cheist a cuireadh faoina bráid cheana féin (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Márta 2003, Kaba, C‑466/00, EU:C:2003:127, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 9 Márta 2023, Pro Rauchfrei II, C‑356/22, EU:C:2023:174, mír 16 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
45 |
Sa chás seo, trína ceisteanna, iarrann an chúirt a rinne an tarchur soiléiriú ón gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an gceanglas a bhaineann le hathbhreithniú breithiúnach ar ‘fhíorghá’ bhailiú na sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha, de réir bhrí Airteagal 10 de Threoir 2016/680, a leagadh amach, dar léi, i mír 133 den bhreithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, d’fhonn rialú a dhéanamh ar iarratas údaráis phóilíneachta na Bulgáire chun bailiú na gcatagóirí sonraí sin a fhorghníomhú go héigeantach, agus an t-iarratas úd go beacht mar bhunús na gceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú ar thug an Chúirt freagra orthu sa bhreithiúnas sin. Dá bhrí sin, tá baint dhíreach ag na ceisteanna a tharchuirtear leis an díospóid sna príomhimeachtaí agus tá siad ábhartha chun a chur ar chumas na cúirte a rinne an tarchur an díospóid sin a chinneadh. |
46 |
I dtaca le hargóint an Choimisiúin maidir leis an míthuiscint a líomhnaítear i gcoinne na cúirte a rinne an tarchur ar mhíreanna 100, 101 agus 133 den bhreithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, baineann sí sin i ndáiríre le bunús na gceisteanna a tharchuirtear agus, dá bhrí sin, ní féidir, ar an mbonn sin, do-ghlacthacht na gceisteanna sin eascairt óna plé [féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Deireadh Fómhair 2022, Proximus(Eolairí poiblí leictreonacha), C‑129/21, EU:C:2022:833, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear]. |
47 |
Is léir ón méid sin roimhe seo go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú inghlactha. |
Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
An chéad cheist
48 |
De réir cásdlí socair, faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt ar an gcúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. Chuige sin, is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais, i gcás gurb iomchuí, na ceisteanna a chuirtear faoina bráid a chur i bhfocail eile. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an Chúirt Bhreithiúnais a mheas gur gá forálacha dhlí an Aontais nár thagair an chúirt náisiúnta dóibh a chur san áireamh i bhfoclaíocht a ceiste (breithiúnas an 30 Eanáir 2024, Direktor na Glavna direktsia Natsionalna politsia pri MVR – Sofia, C‑118/22, EU:C:2024:97, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
49 |
Sa chás seo, mar is léir ó mhíreanna 29 go 32 den bhreithiúnas seo, i míreanna 116 go 135 den bhreithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, scrúdaigh an Chúirt an cheist an gcuirtear cosc le dlí an Aontais ar reachtaíocht náisiúnta nach leagtar síos inti oibleagáid ar na húdaráis inniúla ‘fíorghá’ a fhíorú agus a léiriú chun sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha an ábhair sonraí araon a bhailiú chun iad a chlárú. |
50 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go sainmhínítear an coincheap ‘údarás inniúil’ in Airteagal 3(7) de Threoir 2016/680, lena mbaineann na húdaráis phóilíneachta atá i gceist sna príomhimeachtaí, mar aon le gach údarás poiblí atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar phionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus lena n‑áirítear cosaint i gcoinne bhagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, agus aon chomhlacht nó eintiteas eile a gcuirtear de chúram air le dlí Ballstáit údarás oifigiúil agus cumhachtaí poiblí a fheidhmiú chun na gcríoch sin. |
51 |
Thairis sin, ós rud é, i mír 135 agus i mír 3 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, gur thagair an Chúirt, maidir leis an bhfreagra ar an gceathrú ceist, do léiriú Airteagal 10 de Threoir 2016/680, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1)(a) go (c) agus le hAirteagal 8(1) agus (2) den Treoir sin, ní mór a mheas go gcumhdaítear na forálacha sin go léir leis an gceist seo freisin. |
52 |
Dá bhrí sin, ní mór a mheas, leis an gcéad cheist dá cuid, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 10 de Threoir 2016/680, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1)(a) go (c) agus Airteagal 8(1) agus (2) den Treoir sin, a léiriú sa chaoi, i gcás go bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta do bhailiú córasach sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha d’aon duine a chúisítear i gcion intinniúil atá faoi réir ionchúiseamh poiblí d’fhonn iad a chlárú, gan oibleagáid a leagan síos don údarás inniúil, de réir bhrí Airteagal 3(7) den Treoir sin, a fhíorú agus a léiriú go bhfuil fíorghá leis an mbailiú sin, i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir sin, go bhféadfaidh an chúirt ar tugadh an t‑údarás inniúil sin os a comhair comhlíonadh oibleagáide den sórt sin a áirithiú chun an bailiúchán sin a fhorfheidhmiú, i gcás gurb iomchuí trína cheangal go gcuirfear comhad na n‑imeachtaí coiriúla ar aghaidh. |
53 |
Ba cheart a mheabhrú gur foráil shonrach é Airteagal 10 de Threoir 2016/680 lena rialaítear próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta, go háirithe sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha. Féachtar leis an bhforáil seo cosaint níos fearr a áirithiú don ábhar sonraí, a mhéid is dócha, mar gheall ar a n‑íogaireacht ar leith agus ar an gcomhthéacs ina ndéantar iad a phróiseáil, go mbeidh na sonraí atá i gceist ina gcúis, mar is léir ó aithris 37 den Treoir sin, le rioscaí suntasacha do chearta agus saoirsí bunúsacha, amhail an ceart go n‑urramófaí an saol príobháideach agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt (breithiúnais in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, mír 116, agus an 30 Eanáir 2024, Direktor na Glavna direktsia Natsionalna politsia pri MVR – Sofia, C‑118/22, EU:C:2024:97, mír 47). |
54 |
Chuige sin, mar is léir ó fhoclaíocht Airteagal 10, ní mór an ceanglas nach n‑údaraítear sonraí den sórt sin a phróiseáil ‘ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá léi’ a léiriú mar shainmhíniú ar choinníollacha feabhsaithe maidir le dlíthiúlacht próiseála sonraí íogaire, i bhfianaise na gcoinníollacha sin a eascraíonn as Airteagal 4(1)(b) agus (c) agus as Airteagal 8(1) den Treoir sin, nach dtagraíonn ach do ‘riachtanas’ próiseála sonraí a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin, i dtéarmaí ginearálta, faoi raon feidhme na Treorach céanna (féach, chuige sin, breithiúnais Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, mír 117, agus an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck(Ceadúnas rochtana ar shonraí pearsanta arna stóráil ar fhón póca), C‑548/21, EU:C:2024:830, mír 107]. |
55 |
Dá bhrí sin, sa bhreithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, chinn an Chúirt go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do bhailiú córasach sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha d’aon duine a chúisítear i gcion intinniúil atá faoi réir ionchúiseamh poiblí, gan oibleagáid a leagan síos ar an údarás inniúil a fhíorú agus a léiriú go bhfuil ‘fíorghá’ leis an mbailiú sin i gcomhréir lena oibleagáid faoi Airteagal 10 de Threoir 2016/680, contrártha, i bprionsabal, le hAirteagal 10, ós rud é go bhféadfadh bailiú shonraí bithmhéadracha agus géiniteacha fhormhór na ndaoine a chúisítear a bheith mar thoradh ar reachtaíocht den sórt sin, go neamh-idirdhealaitheach agus go ginearálta (féach, chuige sin, an breithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, míreanna 128, 129 agus 135). |
56 |
Sa chomhthéacs sin, chuir an Chúirt in iúl, áfach, i mír 133 den bhreithiúnas in Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha I, gur faoin gcúirt a rinne an tarchur a bhí sé a fháil amach, go háirithe, chun éifeachtacht Airteagal 10 de Threoir 2016/680 a áirithiú, an féidir an dlí náisiúnta a léiriú ar shlí atá i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, agus an méid sin á dhéanamh aici, d’iarr an Chúirt ar an gcúirt sin a chinneadh an gceadaítear leis an dlí náisiúnta do na húdaráis inniúla, de réir bhrí Airteagal 3(7) den Treoir sin, measúnú a dhéanamh ar an ‘bhfíorghá’ sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha an ábhair sonraí araon a bhailiú chun iad a chlárú. Dá bhrí sin, bhí sé i gceist ag an gCúirt a mheabhrú don chúirt sin gur ceanglaíodh uirthi le prionsabal na tosaíochta, inter alia, a dlí náisiúnta a léiriú, a mhéid is féidir, i gcomhréir le dlí an Aontais [féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Aibreán 2023, M.D. (Cosc ar theacht isteach san Ungáir), C‑528/21, EU:C:2023:341, mír 99 agus an cásdlí dá dtagraítear]. Dá bhrí sin, ní raibh i gceist sa mhír sin ach a chur in iúl don chúirt sin go raibh uirthi a fhíorú an bhféadfaí an dlí náisiúnta a léiriú sa chaoi go raibh na húdaráis – atá inniúil ar an bpróiseáil sonraí sin a dhéanamh – in ann measúnú a dhéanamh faoi Airteagal 10. |
57 |
Dá bhrí sin, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl, go háirithe, i míreanna 24 agus 55 dá Thuairim, i gcontrárthacht leis an mbonn atá ceisteanna na cúirte a rinne an tarchur bunaithe, in éagmais oibleagáid ar an údarás inniúil, faoin dlí náisiúnta, measúnú a dhéanamh ar ‘fhíorghá’ na próiseála atá déanta aige nó atá beartaithe aige a dhéanamh, ní féidir le cúirt ar tugadh an phróiseáil sin ar shonraí pearsanta os a comhair a áirithiú, in ionad an údaráis sin, go gcomhlíonfar oibleagáid an údaráis sin faoi Airteagal 10. |
58 |
Dá bhrí sin, ní mór a mheas nach de chineál é an léiriú ar an dlí náisiúnta – trína bhfuil sé beartaithe ag an gcúirt a rinne an tarchur measúnú a dhéanamh í féin ar ‘fhíorghá’ sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha an duine lena mbaineann a bhailiú – lena n‑áiritheofaí comhréireacht reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht dá dtagraítear i mír 57 den bhreithiúnas seo le dlí an Aontais, ós rud é nach féidir, de bhun an léirithe sin, in aon chás, cúiteamh a dhéanamh ar an éagmais oibleagáide atá ar na húdaráis inniúla, de bhun na reachtaíochta sin, ‘fíorghá’ an bhailiúcháin sin a fhíorú agus a léiriú. |
59 |
Thairis sin, tacaítear le tátal den sórt sin leis an bhfíoras go mbaineann an iarraidh ar réamhrialú, mar is léir ó mhíreanna 18, 20, 22 agus 23 den bhreithiúnas seo, le reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go mbeidh bailiú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha daoine a chúisítear i gcion intinniúil atá faoi réir ionchúiseamh poiblí le forfheidhmiú údaraithe ag an gcúirt inniúil, ar iarraidh sin do na húdaráis inniúla, i gcás nach dtugann an duine lena mbaineann a thoiliú maidir leis an mbailiú sin. Os a choinne sin, mar a dhearbhaigh Rialtas na Bulgáire ag an éisteacht, mar fhreagra ar cheist ón gCúirt, i gcás go dtugann an t‑ábhar sonraí a thoiliú, níl gá le húdarú breithiúnach den sórt sin, agus dá bhrí sin ní féidir leis na húdaráis inniúla an bailiú sin a dhéanamh ach amháin ar bhonn an toilithe sin. |
60 |
Dá bhrí sin, i gcás dá leithéid, ní fhéadfadh an chúirt a bhfuil dlínse aici, faoi mar a thuigfí, cosaint dhlíthiúil na n‑ábhar sonraí a thug toiliú den sórt sin in iúl a áirithiú, go háirithe, i dtaca leis an athbhreithniú ar chomhlíonadh an cheanglais maidir le fíorghá arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla, mar a léirítear leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 53 go 55 den bhreithiúnas seo. |
61 |
Mar thoradh ar an méid roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 10 de Threoir 2016/680, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1)(a) go (c) agus Airteagal 8(1) agus (2) den Treoir sin, a léiriú sa chaoi – i gcás go bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta do bhailiú córasach sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha d’aon duine a chúisítear i gcion intinniúil atá faoi réir ionchúiseamh poiblí d’fhonn iad a chlárú, gan oibleagáid a leagan síos don údarás inniúil, de réir bhrí Airteagal 3(7) den Treoir sin, a fhíorú agus a léiriú go bhfuil fíorghá leis an mbailiú sin, i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir sin – nach bhféadfaidh an chúirt a ndeachaigh an t‑údarás inniúil sin os a comhair comhlíonadh oibleagáide den sórt sin a áirithiú chun an bailiúchán sin a fhorfheidhmiú, ós rud é gur faoin údarás inniúil sin atá sé an measúnú a cheanglaítear faoi Airteagal 10 a dhéanamh. |
An dara ceist
62 |
I bhfianaise an fhreagra arna thabhairt ar an gcéad cheist, ní gá freagra a thabhairt ar an dara ceist. |
Costais
63 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
Maidir le hAirteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1)(a) go (c) agus Airteagal 8(1) agus (2) den Treoir sin, |
ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas: |
i gcás go bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta do bhailiú córasach sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha d’aon duine a chúisítear i gcion intinniúil atá faoi réir ionchúiseamh poiblí d’fhonn iad a chlárú, gan oibleagáid a leagan síos don údarás inniúil, de réir bhrí Airteagal 3(7) den Treoir sin, a fhíorú agus a léiriú go bhfuil fíorghá leis an mbailiú sin, i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir sin, ní fhéadfaidh an chúirt a ndeachaigh an t-údarás inniúil sin os a comhair comhlíonadh oibleagáide den sórt sin a áirithiú chun an bailiúchán sin a fhorfheidhmiú, ós rud é gur faoin údarás inniúil sin atá sé an measúnú a cheanglaítear faoi Airteagal 10 a dhéanamh. |
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Bhulgáiris.