31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 418/53


Caingean arna tabhairt an 15 Meán Fómhair 2022 – XNT v EUIPO – Exane (EXANE)

(Cás T-568/22)

(2022/C 418/68)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: XNT ltd. (St Julian’s, Málta) (ionadaithe: A. Renck, Stöber agus M.-A. de Dampierre, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Exane (Páras, an Fhrainc)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “EXANE” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 14 289 433

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Meitheamh 2022 i gCás R 2093/2020-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú go n-íocfaidh an cosantóir costais na n-imeachtaí, agus sa chás go dtiocfadh an páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc isteach sna himeachtaí, an t-idirghabhálaí.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 60(1)(c) i gcomhar le hAirteagal 8(4) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle.