26.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 368/31 |
Caingean arna tabhairt an 12 Lúnasa 2022 – Mordashova v an Chomhairle
(Cás T-497/22)
(2022/C 368/52)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Marina Alexandrova Mordashova (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, D. Bogaert, A. Guillerme agus L. Burguin, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh (CBES) 2022/883 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 a mhéid is go bhfuil an t-iarratasóir ar áireamh in Uimh. 1156 den iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, a chur ar neamhní; |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/878 an 3 Meitheamh 2022 a mhéid is go bhfuil an t-iarratasóir ar áireamh in Uimh. 1156 den iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, a chur ar neamhní; |
— |
Ordaítear don Chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean dírithe ar Chinneadh (CBES) 2022/883 (1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/878 (2), a mhéid a dhéanann siad dochar di, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go saraítear an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus an dualgas atá ar an riarachán cúiseanna a lua. |
2. |
An dara saincheist, dlí lena n-éilítear go ndearnadh earráid shoiléir mheasúnaithe maidir le cúiseanna na Comhairle. |
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go saraítear prionsabal na comhréireachta agus cearta bunúsacha maidir le bearta sriantacha a ghlacadh atá dírithe ar an iarratasóir agus maidir le cur isteach gan údar ar chearta bunúsacha an iarratasóra a ráthaítear faoin gCairt um Chearta Bunúsacha. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear go saraítear prionsabal na córa comhionainne agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla. |
(1) Cinneadh (CBES) 2022/883 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 153, lch. 92).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/878 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 153, lch. 15).