30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/58


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Korporaciya “Masternet” v EUIPO – Stayer Ibérica (STAYER)

(Cás T-85/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh STAYER - Fíorúsáid an trádmhairc - Airteagal 15 agus Airteagal 51(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (anois Airteagal 18 agus Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001) - Cáilíocht táirgí a bhfuil fíorúsáid léirithe ina leith)

(2023/C 35/70)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: ZAO Korporaciya “Masternet” (Moscó, an Rúis) (ionadaí: N. Bürglen, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Stayer Ibérica, SA (Pinto, an Spáinn) (iondaithe: P. Creta, A. Lanzarini, B. Costa agus M. Lazzarotto, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Nollaig 2021 (Cás R 932/2021-1) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do ZAO Korporaciya “Masternet” na costais a íoc.


(1)  IO C 158, 11.4.2022.