|
13.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 54/16 |
Caingean arna tabhairt an 19 Nollaig 2022 — an Coimisiún Eorpach v an Ungáir
(Cás C-769/22)
(2023/C 54/19)
Teanga an cháis: an Ungáiris
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: V. Di Bucci, K. Talabér-Ritz, L. Malferrari, J. Tomkin, Gníomhairí)
Cosantóir: an Ungáir
An t-ordú atá á lorg
Go ndearbhófar, le glacadh an a pedofil bűnelkövetőkkel szembeni szigorúbb fellépésről, valamint a gyermekek védelme érdekében egyes törvények módosításáról szóló 2021. évi LXXIX. törvény (Dlí LXXIX de 2021 lena nglactar bearta níos déine i gcoinne ciontóirí ar péidifiligh iad agus lena leasaítear dlíthe áirithe chun mionaoisigh a chosaint), gur mhainnigh an Ungáir na hoibleagáidí atá uirthi de bhun dlí an Aontais a chomhlíonadh ar na caíonna seo a leanas:
|
(1) |
|
|
(2) |
trí na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, sháraigh an Ungáir Airteagal 2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; |
|
(3) |
tríd an oibleagáid a fhorchur ar an gcomhlacht a bhfuil rochtain dhíreach aige ar na sonraí arna dtaifeadadh chun na sonraí arna dtaifeadadh i leith daoine a rinne cionta i gcoinne na saoirse agus na moráltachta i leith mionaoiseach a chur ar fáil don duine atá údaraithe chuige sin, sháraigh an Ungáir Airteagal 10 de Rialachán Ginearálta (AE) 2016/679 maidir le Cosaint Sonraí, chomh maith le hAirteagal 8(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; |
|
(4) |
go n-ordófar don Ungáir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
An 15 Meitheamh 2021, ghlac Parlaimint na hUngáire an a pedofil bűnelkövetőkkel szembeni szigorúbb fellépésről, valamint a gyermekek védelme érdekében egyes törvények módosításáról szóló 2021. évi LXXIX. törvény (Dlí LXXIX de 2021, lena nglactar bearta níos déine i gcoinne ciontóirí ar péidifiligh iad agus lena leasaítear dlíthe áirithe chun mionaoisigh a chosaint), a tháinig i bhfeidhm an 8 Iúil 2021. Déantar leasuithe leis an Dlí ar líon áirithe rialacha dlíthiúla difriúla lena gcumhdaítear, inter alia, seirbhísí meán, an fhógraíocht, an tráchtáil leictreonach agus an oideachas. Forchuirtear líon áirithe toirmeasc agus srianta leis na leasuithe sin maidir le himeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht a chur chun cinn nó a chur in iúl.
An 15 Iúil 2021, thionscain an Coimisiún imeachtaí um shárú i gcoinne na hUngáire maidir le Dlí LXXIX de 2021.
Ós rud é nár mheas an Coimisiún go raibh an freagra a thug na hUngáire sásúil, bhog an Coimisiún ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de na himeachtaí um shárú agus, an 2 Nollaig 2021, sheol sé tuairim réasúnaithe go dtí an Ungáir.
Ó tharla nár mheas sé go raibh an freagra ar an tuairim réasúnaithe sásúil ach oiread, chinn an Coimisiún an cás a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais chun go ndearbhófaí gur mhainnigh an Ungáir na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagail 2, 3(1), 6a(1) agus 9(1)(c)(ii) de Threoir 2010/13/AE maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc, Airteagal 3(2) de Threoir 2000/31/CE maidir le tráchtáil leictreonach, Airteagail 16 agus 19 de Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, Airteagal 10 de Rialachán Ginearálta (AE) 2016/679 maidir le cosaint sonraí, Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagail 1, 7, 8(2), 11 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.
(1) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (IO 2000 L 178, lch. 1).
(3) Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (IO 2010 L 95, lch. 1).