30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/31


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Berlin (an Ghearmáin) a taisceadh an 24 Deireadh Fómhair 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne M.N.

(Cás C-670/22)

(2023/C 35/37)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Berlin

Páirtithe sna príomhimeachtaí

M.N.

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

Maidir le léiriú ar an gcoincheap “údarás eisiúna” faoi Airteagal 6(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(c), de Threoir 2014/41/AE (1):

a)

I dtaobh Ordú Imscrúdaithe Eorpach (“OIE”) chun fianaise atá ann cheana féin sa Stát forghníomhaitheach (sa chás seo, an Fhrainc) a fháil, an é nach mór don ordú sin a bheith eisithe ag breitheamh nuair a chaitear, faoi dhlí an Stáit eisiúna (sa chás seo, an Ghearmáin), i gcás inchomparáide baile, go ndéanfadh breitheamh bailiú na bunfhianaise a ordú?

b)

Mar mhalairt air sin, an mar sin atá, ar a laghad, i gcás inar thug an Stát forghníomhaitheach faoin mbunbheart i gcríoch an Stáit eisiúna agus an aidhm aige na sonraí arna mbailiú a chur ar fáil ina dhiaidh sin do na húdaráis imscrúdaithe sa Stát eisiúna chun críche imeachtaí coiriúla?

c)

I dtaobh OIE chun fianaise a fháil, an é nach mór don ordú sin a bheith eisithe i gcónaí ag breitheamh (nó údarás neamhspleách nach bhfuil baint aige le himscrúduithe coiriúla), beag beann ar rialacha náisiúnta dlínse an Stáit eisiúna, nuair a bhaineann an beart le cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha ardchéime?

2.

Maidir le léiriú ar Airteagal 6(1)(a) de Threoir 2014/41:

a)

An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1)(a) de Threoir 2014/41 ar OIE chun sonraí atá ar fáil cheana sa Stát eisiúna a aistriú, ar sonraí iad a fuarthas ó teileachumarsáid arna hidircheapadh – go háirithe sonraí tráchta agus suímh agus taifid d’inneachair cumarsáidí, i gcás inar bhain an t-idircheapadh arna dhéanamh ag an Stát eisiúna leis na húsáideoirí go léir atá suibscríofa le haghaidh seirbhís cumarsáide, ina n-iarrtar leis an OIE go ndéanfar na sonraí atá ar na gléasanna teirminéil arna n-úsáid i gcríoch an Stáit eisiúna a aistriú agus i gcás nach raibh aon fhianaise nithiúil ann i leith cionta coiriúla tromchúiseacha arna ndéanamh ag na húsáideoirí aonair sin nuair a ordaíodh an t-idircheapadh agus nuair a tugadh faoi nó nuair a eisíodh an OIE?

b)

An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1)(a) den Treoir sin ar OIE den sórt sin i gcás nach féidir leis na húdaráis sa Stát eisiúna sláine na fianaise arna bailiú faoin mbeart idircheaptha a fhíorú mar gheall ar rúndacht uilechuimsitheach?

3.

Maidir le léiriú ar Airteagal 6(1)(b) de Threoir 2014/41:

a)

An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1)(b) de Threoir 2014/41 ar OIE chun sonraí teileachumarsáide atá ar fáil cheana sa Stát forghníomhaitheach (an Fhrainc) a aistriú i gcás nach mbeadh cead le beart idircheaptha an Stáit fhorghníomhaithigh, atá ina bhun do bhailiú na sonraí, faoi dhlí an Stáit eisiúna (an Ghearmáin) i gcás inchomparáide baile?

b)

Mar mhalairt air sin: An é mar atá, ar aon chaoi, i gcás inar thug an Stát eisiúna faoin idircheapadh i gcríoch an Stáit eisiúna agus ar mhaithe leis?

4.

Maidir le hAirteagal 31(1) agus (3) de Threoir 2014/41:

a)

An ionann beart lena n-insíothlaítear gléasanna teirminéil chun sonraí tráchta, suímh agus cumarsáide de chuid seirbhís teileachumarsáide atá bunaithe ar an idirlíon a bhailiú agus teileachumarsáid a idircheapadh de réir bhrí Airteagal 31 de Threoir 2014/41?

b)

An é nach mór i gcónaí an fógra faoi Airteagal 31(1) de Threoir 2014/41 a chur in iúl do bhreitheamh nó an mar sin atá, ar a laghad, i gcás nach bhféadfadh, faoi dhlí an Stáit arna fhógairt (an Ghearmáin), ach breitheamh an beart atá beartaithe ag an Stát idircheaptha (an Fhrainc) a ordú i gcás inchomparáide baile?

c)

A mhéid is go gcuirtear, le hAirteagal 31 de Threoir 2014/41, cosaint aonair ar fáil do theileachumarsáidí úsáideoirí lena mbaineann freisin, an mbaineann an chosaint sin freisin le húsáid na sonraí le haghaidh imeachtaí coiriúla sa Stát arna fhógairt (an Ghearmáin) agus, más ea, an bhfuil an luach céanna ag an gcuspóir sin leis an luach atá ag an gcuspóir eile arb é ceannasacht an Bhallstáit arna fhógairt a chosaint?

5.

Iarmhairtí dlí ar bhailiú fianaise ar bhealach atá contrártha le dlí an Aontais

a)

I gcás ina bhfaightear fianaise de bhua OIE atá contrártha le dlí an Aontais, an bhféadfadh cosc ar úsáid fianaise a bheith ina thoradh díreach ar phrionsabal na héifeachtachta faoi dhlí an Aontais?

b)

I gcás ina bhfaightear fianaise de bhua OIE atá contrártha le dlí an Aontais, an bhfuil cosc ar úsáid fianaise ina thoradh ar phrionsabal na coibhéise faoi dhlí an Aontais i gcás nár chóir go mbeadh an beart atá ina bhun do bhailiú ana fianaise sa Stát eisiúna a ordú i gcás inchomparáide baile sa Stát eisiúna agus nach bhféadfaí an fhianaise a fuarthas de bhun beart náisiúnta mídhleathach a úsáid faoi dhlí an Stáit eisiúna?

c)

An bhfuil sé contrártha le dlí an Aontais, go háirithe prionsabal na héifeachtachta, go dtabharfaí údar le húsáid fianaise in imeachtaí coiriúla, fianaise a fuarthas go contrártha le dlí an Aontais toisc go díreach nach raibh aon amhras faoi chion ann, mar gheall ar, i gcothromú leasanna, a thromchúisí is a bhí na cionta, nár tháinig chun solais go dtí go raibh anailís déanta ar an bhfianaise?

d)

Mar mhalairt air sin: An leanann as dlí an Aontais, go háirithe prionsabal na héifeachtachta, nach bhfeáfaí iarmhairtí a eisiaimh go hiomlán maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais agus fianaise á bailiú in imeachtaí coiriúla náisiúnta, fiú i gcás cionta coiriúla tromchúiseacha, agus nach mór iad a chur san áireamh i bhfabhar an chúisí ar a laghad agus fianaise á meas nó pianbhreith á gearradh?


(1)  Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach a úsáid in imeachtaí coiriúla (IO 2014 L 130, lch. 1).