16.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 15/29


Iarraidh ar réamhrialú ó Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 20 Deireadh Fómhair 2022 – RK v Ministerstvo zdravotnictví

(Cás C-659/22)

(2023/C 15/31)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší správní soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: RK

Cosantóir: Ministerstvo zdravotnictví

An cheist a tharchuirtear:

An ionann úsáid a bhaint as an bhfeidhmchlár náisiúnta “čTečka”chun fíorú a dhéanamh ar dheimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil nó téarnamh Covid-19, arna n-eisiúint de bhun Rialachán (AE) 2021/953 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19, a úsáideann Poblacht na Seice chun críocha náisiúnta, agus próiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta de bhun Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) 2016/679 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), agus dá bhrí sin, an amhlaidh a bhunaítear raon feidhme ábhartha an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí, i.e. de bhun Airteagal 2(1) den Rialachán sin?


(1)  IO 2021 L 211, lch. 1.

(2)  IO 2016 L 119, lch. 1.