5.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 463/15


Iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Middelburg (an Ísiltír) a taisceadh an 11 Lúnasa 2022 – SN agus páirtithe eile v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-540/22)

(2022/C 463/20)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Middelburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: SN, AS, RA, AA, OK, SD, IS, YZ, VK, VM, SP, OZ, OK, MM, PS, OP, ST, OO, ST, OS, AB, AT, PM, IY, SO, HY, VK, VL, DT, DM, DK, OK, MK, VM, VM, AY, PD, SS, OH, AZ, RS, VD, AI, OK

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcumhdaítear leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a ráthaítear le hAirteagail 56 agus 57 CFAE ceart cónaithe i mBallstát, faoin gceart sin, d’oibrithe triú tír a cheadaítear a bheith fostaithe sa Bhallstát sin ag soláthróir seirbhíse atá bunaithe i mBallstát eile?

2.

Má thabharfar freagra diúltach: An gcuirtear cosc le hAirteagal 56 CFAE ar cheanglas go ndéanfar iarratas ar chead cónaithe do gach aon oibrí, anuas ar an oibleagáid amháin atá ar an soláthróir seirbhíse maidir le dearbhú a dhéanamh, nuair a mhairfidh soláthair na seirbhísí níos mó na trí mhí?

3.

Má thabharfar freagra diúltach: An gcuirtear cosc le hAirteagal 56 CFAE

a.

ar fhoráil dlí náisiúnta ar dá réir nach féidir leis an tréimhse bhailíochta de chead cónaithe den sórt sin, beag beann ar thréimhse an tsoláthair seirbhíse, a bheith níos faide ná dhá bhliain?

b.

ar an tréimhse bhailíochta de chead cónaithe den sórt sin a bheith srianta don tréimhse bhailíochta den chead oibre agus cónaithe sa Bhallstát ina bhfuil an soláthróir seirbhíse bunaithe?

c.

ar ghearradh táillí do gach iarratas (ar athnuachan) atá i gcomhréir leis na táillí iníoctha i ndáil le cead oibre d’oibrí triú tír ach atá cúig huaire níos mó ná na táillí atá iníoctha le haghaidh cruthúnais de chónaí dleathach de shaoránach an Aontais?