5.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 340/24


Caingean arna tabhairt an 5 Iúil 2022 ag Robert Roos agus páirtithe eile i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an t-Ochtú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 27 Aibreán 2022 i gcásanna uamtha T-710/21, T-722/21 agus T-723/21 Robert Roos agus páirtithe eile v Parlaimint na hEorpa

(Cás C-458/22 P)

(2022/C 340/31)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Robert Roos agus Páirtithe Eile (ionadaithe: P. de Bandt, avocat, M. R. Gherghinaru, V. Heinen, avocates)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa, IC agus páirtithe eile

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

mír 1 agus mír 2 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas a thug an Chúirt Ghinearálta an 27 Aibreán 2022 sna cásanna T-710/21, T-722/21 agus T-723/21 a neamhniú;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa na costais ó na himeachtaí seo os comhair na Cúirte Ginearálta lena n-áirítear costais na ndlíodóirí.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

I dtaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist, lena n-éilítear earráid dlí agus lena n-éilítear nach bhfuil bunús bailí dlí ag an mbreithiúnas atá faoi chonspóid

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a rialaigh sí go raibh Airteagal 25(2) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa mar bhunús bailí dlí, sa chéad áit, chun srianta rochtana a chur ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa sa chaoi is nach mbeadh rochtain orthu acu siúd nach raibh deimhniú digiteach bailí COVID de chuid an Aontais acu agus, sa dara háit, chun údarás a thabhairt le próiseáil sonraí pearsanta fíor-íogair de chuid na n-iarratasóirí. Baineann an breithiúnas atá faoi achomharc, go háirithe, le sárú ar na forálacha dlí agus na prionsabail dlí a leanas: (i) Airteagal 8 agus Airteagal 52(1) agus 52(3) den Chairt; (ii) Airteagal 7 de Phrótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh; (iii) Airteagal 2 de Chinneadh 2005/684/CÉ, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, an 28 Meán Fómhair 2005, lena nglactar Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (1); (iv) Airteagal 5(2) de Rialachán 2018/1725 (2); (v) an oibleagáid ar an gCúirt Ghinearálta cúiseanna a lua faoi Airteagal 36 agus faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 53 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh; (vi) prionsabal ginearálta dlí chomhthreomhaireacht na modhanna; agus (vii) prionsabal ordlathas na norm.

An dara saincheist, lena n-éilítear earráid dlí trí phrionsabal theorannú na gcríoch dá ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil, agus prionsabal na dlíthiúlachta, a shárú

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a rialaigh sí go raibh cead ag Parlaimint na hEorpa na sonraí pearsanta ó na teastais COVID náisiúnta a úsáid d’fhonn srianta rochtana a chur ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa, cé nach bhforáiltear dá leithéid sin le dlí na Beilge nó le dlí na Fraince. Chomh maith leis sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a rialaigh sí go dtagann an phróiseáil a rinne Parlaimint na hEorpa ar shonraí pearsanta faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán 2018/1725.

Agus an méid sin á dhéanamh leis, sáraítear, leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, na forálacha dlí agus na prionsabail dlí a leanas: (i) Airteagal 4(1)(a),(b), agus (c) agus Airteagail 5 agus 6 de Rialachán 2018/1725; agus (ii) an oibleagáid atá ar an gCúirt Ghinearálta cúiseanna a lua faoi Airteagal 36 agus faoin gcéad fhomhír de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO 2005, L 262, lch. 1

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO 2018, L 295, lch. 39).