23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 207/17


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil), arna taisceadh an 25 Feabhra 2022 – BM, NP v Ministero dell'Istruzione, dell'Università e della Ricerca

(Cás C-132/22)

(2022/C 207/25)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: BM, NP

Cosantóir: Ministero dell'Istruzione, dell'Università e della Ricerca

An cheist a tharchuirtear:

An gá Airteagal 45(1) agus (2) CFAE agus Airteagal 3(1)(b) de Rialachán Uimh. 492/2011 (1) a léirmhíniú mar chosc ar riail amhail an riail a leagtar síos in Airteagal 1(655), de Dhlí Uimh. 205/2017, ar dá bhun, chun páirt a ghlacadh sa nós imeachta chun áit a fháil ar na liostaí a thiomsaítear chun conarthaí buana agus sealadacha a dhámhachtain in institiúidí AFAM na hIodáile, nach gcuirtear san áireamh ach an taithí ghairmiúil arna fáil ag na hiarrthóirí sna hinstitiúidí náisiúnta amháin agus gan taithí ag institiúidí ar an leibhéal céanna i dtíortha Eorpacha eile a chur san áireamh, i bhfianaise chuspóir áirithe an nós imeachta atá i gceist chun cur i gcoinne fheiniméan na hoibre forbhásaí náisiúnta, agus, mura gcinneann an Chúirt go bhfuil reachtaíocht na hIodáile contrártha i dtéarmaí teibí don chreat rialála Eorpach, an féidir a mheas go bhfuil na bearta a bheartaítear leis an reachtaíocht sin comhréireach, i dtéarmaí nithiúla, maidir leis an gcuspóir thuasluaite a bhaineann leis an leas ginearálta.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, lch. 1).