BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)
20 Márta 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2014/23/AE – Lamháltais chun cluichí a reáchtáil agus geallta a bhailiú – Airteagal 43 – Leasú ar lamháltas reatha – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go n‑íocfaidh na lamháltóirí táille mhíosúil atá dlite i leith síneadh a chur le tréimhse bhailíochta na lamháltas – Comhoiriúnacht – Airteagal 5 – Oibleagáid ar na Ballstáit an chumhacht a thabhairt don údarás conarthach nós imeachta a thionscnamh, arna iarraidh sin ag lamháltóir, chun coinníollacha oibriúcháin lamháltais a mhodhnú i gcás ina ndéanann imthosca neamh-intuartha nach bhfuil neart ag na páirtithe orthu difear suntasach don riosca a bhaineann lena oibriú – Neamhláithreacht)
I gCásanna Uamtha C‑728/22 go C‑730/22,
IARRATAÍ ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Consiglio di Stato (Comhairle Stáit, an Iodáil), arna ndéanamh le cinntí an 21 Samhain 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 24 Samhain 2022, sna himeachtaí
Associazione Nazionale Italiana Bingo – Anib,
Play Game Srl (C‑728/22)
Associazione Concessionari Bingo – Ascob Srl,
B&B Srl,
TM Srl,
Better Now Srl,
Bingo Adda Srl,
Bingo Baccara Srl,
Bingo Boing Srl,
Bingo Bon Srl,
Bingobrescia Srl,
Bingo Bul Srl,
Bingo Centrum Srl,
Bingo Dolomiti Srl,
Bingo Gallura Srl,
Bingo Globo Srl Unipersonale,
Bi.Pa. Srl,
Bingo Ritz Somalia Srl,
Bingo Seven Monza Srl,
Bingo Star Rovigo Srl,
Bingo Time Trentino Srl,
Borgaro Bingo Srl,
Dora Srl,
Eden Srl,
Eliodoro Srl,
Eurogela Giochi Srl,
Euronissa Giochi Srl,
Fiore Srl,
Hippobingo Firenze Srl,
Hippogroup Cesenate SpA,
Hippogroup Modena Srl,
Iris Srl,
Kristal Palace Srl,
Le Casinò Srl,
AT e Bingo Srl Unipersonale in Amministrazione Giudiziaria,
Milano Giochi Srl,
Mondo Bingo Srl,
Progetto Bingo Srl,
Romulus Srl,
Tutto Gioco Srl (C‑729/22)
Coral Srl (C‑730/22)
v
Ministero dell’Economia e delle Finanze,
Agenzia delle Dogane e dei Monopoli,
idiragraithe:
B.E. Srl,
Play Game Srl,
Play Line Srl Unipersonale,
BC,
BD,
EF,
GL,
HU,
tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: I. Jarukaitis, Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra, ag feidhmiú mar Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra, D. Gratsias agus E. Regan (Rapóirtéir), Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: L. Medina,
Cláraitheoir: C. Di Bella, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 24 Aibreán 2024,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Play Game Srl, ag L. Porfiri agus A. Vergerio Di Cesana, avvocati, |
|
– |
Ascob agus páirtithe eile, ag L. Giacobbe agus M. Tariciotti, avvocati, |
|
– |
Coral Srl, ag A. Dagnino, avvocato, |
|
– |
Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó A. Collabolletta, P. G. Marrone agus F. Subrani, avvocati dello Stato, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag L. Armati, G. Gattinara agus G. Wils, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 4 Iúil 2024,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann na hiarrataí ar réamhrialú go príomha le léiriú Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí (IO 1989 L 395, lch. 33), Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO 2014 L 94, lch. 1), agus Airteagail 49 agus 56 CFAE. |
|
2 |
Rinneadh na hiarrataí in imeachtaí idir dhá chomhlachas trádála gnóthas a bhainistíonn gníomhaíochtaí cearrbhachais biongó san Iodáil agus gnóthais san earnáil gníomhaíochta sin, eadhon an Associazione Nazionale Italiana Bingo – Anib, Play Game Srl (C‑728/22), Associazione Concessionari Bingo – Ascob Srl, B&B Srl, TM Srl, Better Now Srl, Bingo Adda Srl, Bingo Baccara Srl, Bingo Boing Srl, Bingo Bon Srl, Bingobrescia Srl, Bingo Bul Srl, Bingo Centrum Srl, Bingo Dolomiti Srl, Bingo Gallura Srl, Bingo Globo Srl Unipersonale, Bi.Pa. Srl, Bingo Ritz Somalia Srl, Bingo Seven Monza Srl, Bingo Star Rovigo Srl, Bingo Time Trentino Srl, Borgaro Bingo Srl, Dora Srl, Eden Srl, Eliodoro Srl, Eurogela Giochi Srl, Euronissa Giochi Srl, Fiore Srl, Hippobingo Firenze Srl, Hippogroup Cesenate SpA, Hippogroup Modena Srl, Iris Srl, Kristal Palace Srl, Le Casinò Srl, AT e Bingo Srl Unipersonale in Amministrazione Giudiziaria, Milano Giochi Srl, Mondo Bingo Srl, Progetto Bingo Srl, Romulus Srl, Tutto Gioco Srl (C‑729/22) agus Coral Srl (C‑730/22), an Ministero dell’economia e delle finanze (Aireacht an Gheilleagair agus an Airgeadais, an Iodáil) agus an Agenzia delle Dogane e dei Monopoli (Gníomhaireacht Custaim agus Monaplachtaí, an Iodáil) (‘ADM’) maidir le bailíocht na scéime ar a dtugtar ‘síneadh teicniúil’ lenar chuir Rialtas na hIodáile síneadh le tréimhse bhailíochta lamháltas áirithe agus, mar mhalairt air sin, lena bhforáiltear, inter alia, ar an gcéad dul síos, oibleagáid ar na lamháltóirí lena mbaineann táille mhíosúil a íoc, ar méadaíodh a méid ina dhiaidh sin, ar an dara dul síos, toirmeasc ar aistriú a n‑áitribh agus, ar an tríú dul síos, oibleagáid glacadh leis na síntí sin ionas go gceadófar dóibh páirt a ghlacadh in aon nós imeachta chun na lamháltais sin a athdhámhachtain amach anseo. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
|
3 |
Leagtar amach an méid seo a leanas le haithrisí 52, 75, 76 agus 87 de Threoir 2014/23:
[...]
[...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
4 |
Foráiltear le hAirteagal 1(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Ábhar agus raon feidhme’: ‘Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha maidir leis na nósanna imeachta um sholáthar ag údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha trí bhíthin lamháltas, nuair a mheastar nach lú a luach ná na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 8.’ |
|
5 |
Foráiltear le hAirteagal 5 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’: ‘Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
Is é a bheidh i gceist le lamháltas oibreacha nó seirbhísí riosca a dhámhachtain ná riosca oibriúcháin a aistriú chuig an lamháltóir maidir le leas a bhaint as na hoibreacha nó na seirbhísí sin, a chuimsíonn riosca éilimh nó ar sholáthair nó iad araon. Measfar gurb é an lamháltóir a iompraíonn an riosca oibriúcháin más rud é, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, nach cinnte go gcúiteoidh sé na hinfheistíochtaí a rinne sé nó na costais a thabhaigh sé le linn dó na hoibreacha nó na seirbhísí is ábhar don lamháltas a oibriú. Beidh fíor-neamhchosaint ar ghaistí an mhargaidh i gceist leis an gcuid den riosca a aistreofar chuig an lamháltóir, ionas nach caillteanas ainmniúil nó diomaibhseach amháin a bheidh in aon chaillteanas measta féideartha arna thabhú ag an lamháltóir’. |
|
6 |
Leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2014/23, de réir a teidil féin, na tairseacha agus na modhanna chun luach measta na lamháltas a ríomh. Go háirithe, sonraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 8(2) ‘go bhfreagróidh luach lamháltais do láimhdeachas iomlán an lamháltóra arna ghiniúint le linn théarma an chonartha, glan ó CBL, arna mheas ag an údarás conarthach nó ag an eintiteas conarthach, ag féachaint do na hoibreacha agus na seirbhísí is ábhar don lamháltas agus do na soláthairtí a bhaineann leis na hoibreacha agus na seirbhísí sin.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
7 |
Foráiltear le hAirteagal 18 den Treoir sin, dar teideal ‘Fad an lamháltais’: ‘1. Tá fad na lamháltas teoranta. Déanfaidh an t‑údarás conarthach nó an t‑eintiteas conarthach an fad a mheas ar bhonn na n‑oibreacha nó na seirbhísí arna n‑iarraidh. 2. I gcás lamháltas a mhaireann níos mó ná 5 bliana, ní bheidh uasfhad an lamháltais níos faide ná an t‑am a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach go ndéanfadh lamháltóir na hinfheistíochtaí a rinneadh in oibriú na n‑oibreacha nó na seirbhísí a fhorchúiteamh in éineacht le toradh ar chaipiteal infheistithe agus na hinfheistíochtaí is gá chun na cuspóirí conarthacha sonracha a bhaint amach á gcur san áireamh. [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
8 |
Foráiltear le hAirteagal 43 den Treoir sin, dar teideal ‘Leasú ar chonarthaí reatha’: ‘1. Is inmhodhnaithe lamháltais gan nós imeachta dámhachtana nua i gcomhréir leis an Treoir seo i gceann de na cásanna seo a leanas:
Mar sin féin, i ndáil leis na lamháltais arna ndámhachtain ag an údarás conarthach ar mhaithe le gníomhaíocht a dhéanamh seachas na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, ní féidir gur mó aon mhéadú ar an tsuim ná 50 % de mhéid an lamháltais tosaigh. I gcás ina ndéantar roinnt modhnuithe i ndiaidh a chéile, beidh feidhm ag an teorainn sin maidir le suim gach modhnaithe. Ní fheictear trí na modhnuithe sin faoi seach le dul timpeall ar an Treoir seo;
Déanfaidh údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha, a mhodhnaigh lamháltas sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den Airteagal seo, fógra a fhoilsiú chuige sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XI san fhógra sin agus foilseofar é i gcomhréir le hAirteagal 33. 2. Thairis sin, agus gan aon ghá le fíorú an bhfuil na coinníollacha arna leagan amach i mír 4(a) go (d) á gcomhlíonadh, féadfar lamháltais a mhodhnú freisin gan gá a bheith ann le nós imeachta dámhachtana lamháltais i gcomhréir leis an Treoir seo i gcás inar lú suim an mhodhnaithe faoi ná an dá mhéid seo a leanas:
Ní féidir cineál foriomlán an lamháltais a athrú leis an modhnú, áfach. I gcás ina ndéantar roinnt modhnuithe i ndiaidh a chéile, is é an tsuim atá i gceist ná méid carnach na modhnuithe i ndiaidh a chéile. 3. Chun an luach dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 1(b) agus (c) a ríomh, is é a bheidh sa luach nuashonraithe an luach tagartha nuair atá clásal innéacsaithe sa lamháltas. Mura bhfuil clásal innéacsaithe sa lamháltas, déanfar an luach nuashonraithe a ríomh agus an meánbhoilsciú i mBallstát an údaráis chonarthaigh nó an eintitis chonarthaigh á chur san áireamh. 4. Measfar gur modhnú mór ar lamháltas reatha de réir bhrí mhír (1)(e) atá ann i gcás ina bhfágtar leis go bhfuil difear mór idir tréithe an lamháltais agus na tréithe a beartaíodh dó ar dtús. In aon chás, gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, measfar gur modhnú mór atá i gceist i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
5. Beidh gá le nós imeachta dámhachtana lamháltais nua i gcomhréir leis an Treoir seo le haghaidh modhnuithe eile ar fhorálacha lamháltais reatha seachas na modhnuithe sin dá bhforáiltear faoi mhíreanna 1 agus 2.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
9 |
Foráiltear le hAirteagal 51(1) den Treoir chéanna, dar teideal ‘Trasuí’: ‘Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm tráth nach déanaí ná an 18 Aibreán 2016. Cuirfidh siad an Coimisiún [Eorpach] ar an eolas faoi sin láithreach. [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
10 |
Foráiltear le hAirteagal 54 de Threoir 2014/23, dar teideal ‘Teacht i bhfeidhm’: ‘Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Níl feidhm ag Treoir seo maidir le dámhachtain lamháltas ar bhain tairiscint leo nó a dámhadh roimh an 17 Aibreán 2014.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na hIodáile
|
11 |
Rialaíodh an cluiche biongó san Iodáil ar dtús le le decreto n. 29 – Regolamento recante norme per l’istituzione del gioco ‘Bingo’ ai sensi dell’articolo 16 della legge 13 maggio 1999, n. 133 (Dlí Foraithne Uimh. 29 lena leagtar síos na rialacha chun cluiche biongó a bhunú, de réir bhrí Airteagal 16(1) de Dhlí Uimh. 133 an 13 Bealtaine 1999), an 31 Eanáir 2000 (GURI Uimh. 43, an22 Feabhra 2000), lenar tugadh an chumhacht don Aire Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais téarmaí agus am an chluiche a chinneadh, luach saothair, táillí agus ioncam atá dlite ar aon bhealach a íoc, lena n‑áirítear iad siúd atá le leithdháileadh ar eagraithe comórtas. |
|
12 |
I ndairíre, ní dhearna na lamháltais, arna ndámhachtain ag deireadh an nós imeachta roghnúcháin a cuireadh chun feidhme tar éis ghlacadh na foraithne sin, foráil maidir le táille mhíosúil a íoc. Os a choinne sin, gearradh tobhach fioscach ar chártaí cearrbhachais a díoladh. |
|
13 |
Socraíodh fad na lamháltas sin ag 6 bliana, ós rud é nach bhféadfaí iad a athnuachan ach aon uair amháin, i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(1)(e) den fhoraithne sin. |
|
14 |
In 2013, nuair a chuaigh na chéad lamháltais a deonaíodh faoin bhforaithne chéanna in éag, ardaíodh an cheist maidir le comhoiriúnacht an mhodha chun lamháltais a dhámhachtain le dlí an Aontais, rud a d’éiligh go bhfoilseofaí glao ar thairiscintí inar féidir le haon ghnóthas incháilithe páirt a ghlacadh ar bhonn cothrom. De réir reachtas na hIodáile, nuair a tugadh an modh chun lamháltais a dhámhachtain dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, tugadh le tuiscint, mar sin féin, go raibh ‘treocht i dtreo ailíniú ama’ ann maidir le túsphointí na lamháltas go léir san earnáil lena mbaineann. |
|
15 |
Dá bhrí sin, cinneadh an córas maidir le síneadh teicniúil le haghaidh lamháltais atá ag dul in éag a thabhairt isteach, rud a ligfeadh do lamháltóirí reatha de bheith ag oibriú ar bhonn sealadach, ionas go bhféadfaí nósanna imeachta dámhachtana a sheoladh ar an dáta céanna le haghaidh na lamháltais go léir sin a luaithe a bheadh na lamháltais go léir imithe in éag. |
|
16 |
Foráiltear le hAirteagal 1(636) agus (637) de legge n. 147 – Disposizioni per la formazione del bilancio annuale e pluriennale dello Stato (legge di stabilità 2014) [Dlí Uimh. 147 lena leagtar síos rialacha maidir le hullmhú bhuiséad bliantúil agus ilbhliantúil an Stáit (Dlí Cobhsaíochta 2014)] an 27 Nollaig 2013 (GURI Uimh. 302, an 27 Nollaig 2013, Gnáthfhorlíonadh Uimh. 87, ‘Dlí Uimh. 147/2013’): ‘636. Chun réiteach a dhéanamh idir an prionsabal [ó dhlí an Aontais Eorpaigh], ar dá réir nach mór lamháltais phoiblí a dhámhachtain nó a athdhámhachtain, tar éis dóibh dul in éag, i gcomhréir le nósanna imeachta roghnúcháin iomaíocha, agus an gá atá ann, i gcás lamháltais chearrbhachais chun geallta biongó a bhailiú, leanúint den treocht i dtreo ailíniú ama na lamháltas sin, i ndáil le lamháltais a rachaidh in éag in 2013 agus 2014, déanfaidh [ADM], in 2014, na lamháltais sin a athdhámhachtain i gcomhréir leis na treoirphrionsabail seo a leanas:
637. Leagtar síos i bhForaithne Feidhmiúcháin [ADM], atá le glacadh roimh dheireadh mhí na Bealtaine 2014, na forálacha cur chun feidhme go léir is gá chun a áirithiú, gach 2 bhliain, i gcomhréir leis na treoirphrionsabail a leagtar amach i mír 636, go seolfar nósanna imeachta iomaíocha chun lamháltais atá ann cheana a athdhámhachtain chun geallta biongó a bhailiú, a bhfuil an ceann deireanach dóibh le dul in éag in 2020.’ |
|
17 |
De réir na cúirte a rinne an tarchur, tugadh isteach leis an scéim um shíneadh teicniúil toirmeasc freisin ar pháirt a ghlacadh sa ghlao ar thairiscintí chun an lamháltas lena mbaineann a athdhámhachtain do shealbhóirí lamháltas a bhí imithe in éag nár mhian leo páirt a ghlacadh sa scéim sin tríd an costas comhfhreagrach a iompar. |
|
18 |
Leasaíodh an scéim um shíneadh teicniúil den chéad uair in 2015 le hAirteagal 1(934) de legge n. 208 – Disposizioni per la formazione del bilancio annuale e pluriennale dello Stato (legge di stabilità 2016) [Dlí Uimh. 208 lena leagtar síos forálacha maidir le bunú bhuiséad bliantúil agus ilbhliantúil an Stáit (Dlí maidir le cobhsaíocht 2016), an 28 Nollaig 2015 (GURI Uimh. 302 an 30 Nollaig 2015, Gnáthfhorlíonadh Uimh. 70), agus ba í éifeacht an leasaithe sin, inter alia, an scéim um shíneadh teicniúil a leathnú chuig lamháltais a rachaidh in éag in 2015 agus in 2016, chun an spriocdháta maidir le dámhachtain na lamháltas lena mbaineann a fhadú ón 31 Nollaig 2014 go dtí an 31 Nollaig 2016 agus, dá bhrí sin, chun fad na lamháltas sin a fhadú, chun an táille mhíosúil is iníoctha ag oibreoirí a fheidhmíonn faoin scéim sin a mhéadú ó EUR 2800 go EUR 5000 in aghaidh gach míosa nó gach codáin de mhí is mó ná 15 lá agus ó EUR 1400 go EUR 2500 in aghaidh gach codáin de mhí is lú ná 15 lá, agus chun aistriú áitreabh a thoirmeasc ar feadh fhad iomlán an tsínithe theicniúil. |
|
19 |
Thrasuigh decreto legislativo n. 50 – Codice dei contratti pubblici (Foraithne Reachtach Uimh. 50 maidir le Cód na gConarthaí Poiblí), an 18 Aibreán 2016 (GURI Uimh. 91 an 19 Aibreán 2016) Treoir 2014/23 i ndlí na hIodáile. |
|
20 |
Leasaíodh Airteagal 1(636) agus (637) de Dhlí Uimh. 147/2013 arís in 2017, ag legge n. 205 – Bilancio di previsione dello Stato per l’anno finanziario 2018 e bilancio pluriennale per il triennio 2018-2020 (Dlí Uimh. 205 maidir le buiséad sealadach an Stáit don bhliain airgeadais 2018 agus buiséad ilbhliantúil don tréimhse 3 bliana 2018-2020), an 27 Nollaig 2017 (GURI Uimh. 302 an 29 Nollaig 2017, Gnáthfhorlíonadh Uimh. 62) (‘Dlí Uimh. 205/2017’), agus ba í éifeacht an leasaithe sin ná an scéim sin a leathnú chuig lamháltais a rachaidh in éag in 2017 agus 2018, an spriocdháta le haghaidh oscailt na nósanna imeachta tairisceana dá ndámhachtain nua a chur siar ón 31 Nollaig 2016 go dtí an 30 Meán Fómhair 2018 agus an táille mhíosúil is iníoctha faoin scéim chéanna a mhéadú ó EUR 5000 go EUR 7500 in aghaidh gach míosa nó gach codáin de mhí is mó ná 15 lá, agus ó EUR 2500 go EUR 3500, do gach codán de mhí is lú ná 15 lá. |
|
21 |
Leasaíodh Airteagal 1(636) go (638) de Dhlí Uimh. 147/2013, ina dhiaidh sin, in 2018, 2019 agus 2020 agus ba í an éifeacht a bhí leis sin, i ngach cás, síneadh a chur le cur i bhfeidhm na scéime um shíneadh teicniúil le haghaidh lamháltas nach raibh imithe in éag. Go háirithe, le legge n. 178 – Bilancio di previsione dello Stato per l’anno finanziario 2021 e bilancio pluriennale per il triennio 2021-2023 (Dlí Uimh. 178 maidir le buiséad an Stáit don bhliain airgeadais 2021 agus buiséad ilbhliantúil don tréimhse 2021-2023) an 30 Nollaig 2020 (GURI Uimh. 322 an 30 Nollaig 2020, Gnáthfhorlíonadh Uimh. 46), socraíodh an 31 Márta 2023 mar spriocdháta chun an cuireadh chun tairisceana a eisiúint le haghaidh lamháltais a dhámhachtain, is é sin le rá tar éis dháta éaga an lamháltais biongó deiridh. |
|
22 |
Tar éis na bhfíoras atá i gceist sna príomhimeachtaí, rinneadh Airteagal 1 a leasú tuilleadh in 2022 ní hamháin chun síneadh a chur le cur i bhfeidhm na scéime um shíneadh teicniúil go dtí an 31 Nollaig 2024, ach freisin chun an táille mhíosúil is iníoctha do gach mí nó codán de mhí os cionn 15 lá a mhéadú go dtí méid EUR 8625. |
Na príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
Cásanna C‑728/22 agus C‑729/22
|
23 |
Is iad dhá chomhlachas trádála gnóthas a bhainistíonn gníomhaíochtaí cearrbhachais biongó agus gnóthais san earnáil gníomhaíochta sin a thionscnaíonn na caingne sna príomhimeachtaí. |
|
24 |
I bhfianaise deacrachtaí airgeadais, mar gheall ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 agus ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta náisiúnta lenar tugadh isteach, go bunúsach, lamháltais ar comaoin, rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí iarratais ar ADM chun, inter alia, an táille mhíosúil is iníoctha faoin scéim um shíneadh teicniúil a chur ar fionraí láithreach, a mhéid a socraíodh méid na táille sin le Dlí Uimh. 205/2017, go dtí go n‑athbhunófaí cothromaíocht eacnamaíoch agus airgeadais na lamháltas sin a bhí i réim roimh an bpaindéim sin agus, i gcás cuid acu, agus mar mhalairt air sin, an táille sin a leasú, chun acmhainneacht iarbhír gach oibreora an táille a íoc a chur san áireamh. |
|
25 |
An 9 Iúil agus an 18 Samhain 2020, i gCás C‑729/22 agus i gCás C‑728/22 faoi seach, dhiúltaigh ADM do na hiarratais sin ar an bhforas, inter alia, nach bhféadfadh sé méid na táille sin a athrú, trí bhíthin beart riaracháin, toisc gur socraíodh é leis an reachtaíocht náisiúnta. |
|
26 |
Thug na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí caingne os comhair an Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Lazio, an Iodáil) i gcoinne dhiúltú na n‑iarratas sin. Diúltaíodh do na caingne sin toisc iad a bheith gan bhunús i bhfianaise bhreithiúnas Uimh. 49/2021 ón Corte costituzionale (an Chúirt Bhunreachtúil, an Iodáil) lenar cuireadh deireadh le hamhras a bhí cosúil leis an amhras a ardaítear sna cásanna seo maidir le comhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí leis an Costituzione della Repubblica Italiana (Bunreacht Phoblacht na hIodáile). |
|
27 |
Thionscain na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí achomharc i gcoinne an dá bhreithiúnas sin os comhair an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit, an Iodáil), an chúirt a rinne an tarchur, ag áitiú, inter alia, nach féidir leis an bhfíoras go ndéantar foráil leis an reachtaíocht náisiúnta don táille mhíosúil is iníoctha faoin scéim um shíneadh teicniúil údar a thabhairt le haon chumhacht lánroghnach a bhaint de ADM chun bearta riaracháin a ghlacadh atá dírithe ar na coinníollacha eacnamaíocha agus airgeadais a athchothromú chun lamháltais a shaothrú, i gcás ina bhfuil tionchar ag imeachtaí neamh-intuartha ar na coinníollacha sin. Murach sin, chaithfí le gaolmhaireachtaí dlíthiúla a eascraíonn as lamháltais chun geallta a reáchtáil agus a bhailiú a fheidhmiú ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna leis na gaolmhaireachtaí dlíthiúla sin a eagraítear go heisiach trí chonradh. Thairis sin, bheadh sé contrártha do dhlí an Aontais nach féidir cothromaíocht eacnamaíoch lamháltais a athchaibidliú, ós rud é, cé go mbaineann aistriú an riosca oibriúcháin don lamháltóir le deonú lamháltais de bharr a chineáil, is amhlaidh fós, i gcás dálaí oibriúcháin eisceachtúla, go gceanglaítear leis an gceart sin go bhféadfar an caidreamh lamháltais a athrú le linn a théarma. |
|
28 |
Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, gur chuir na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí fianaise ar fáil chun a shuíomh go ndearnadh na coinníollacha maidir le saothrú na lamháltas, go háirithe inbhuanaitheacht a gcostas oibriúcháin, a chur i mbaol go mór mar gheall ar imeachtaí gan choinne agus nárbh fhéidir a thuar, go háirithe tar éis phaindéim COVID-19, cé gur rialaigh an Corte costituzionale (an Chúirt Bhunreachtúil), ina breithiúnas Uimh. 49/2021, maidir le cásanna roimh an ngéarchéim sláinte de bharr na paindéime sin. |
|
29 |
Ina dhiaidh sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur amhras in iúl maidir le comhoiriúnacht le dlí an Aontais, ar an gcéad dul síos, maidir le húsáid na reachtaíochta náisiúnta chun gnéithe áirithe de chonarthaí lamháltais a leasú, i gcás ina mbaintear, trí dhul ar iontaoibh ionstraime den sórt sin, aon chumhacht de ADM chun na lamháltais lena mbaineann a mhodhnú i gcás imeachtaí gan choinne nach féidir a thuar agus nach bhfuil neart ag na páirtithe orthu, a dhéanann difear suntasach do ghnáthchoinníollacha an riosca a bhaineann lena n‑oibriú agus, ar an dara dul síos, maidir le dlíthe éagsúla arna nglacadh ar an gcaoi sin chun na lamháltais sin a leasú i gcás ina ndéanann siad foráil maidir le síneadh a chur leis na lamháltais sin agus an síneadh sin á dhéanamh acu, chomh maith leis an bhféidearthacht a bheith rannpháirteach sa ghlao ar thairiscintí amach anseo, faoi réir táille mhíosúil a íoc, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh siad iarmhéid foriomlán gach lamháltais a athrú. |
|
30 |
Ar deireadh, maíonn an chúirt a rinne an tarchur, fiú dá mbeadh bonn cirt le tabhairt isteach na scéime um shíneadh teicniúil mar gheall ar an ngá atá le dátaí éaga na lamháltas atá i gceist sna príomhimeachtaí a ailíniú chun nósanna imeachta dámhachtana nua a sheoladh, gur cosúil go bhfuil scéim den sórt sin contrártha d’Airteagail 49 agus 56 CFAE, ós rud é go n‑ardaíonn sí amhras maidir lena fíor-riachtanas, lena hoiriúnacht agus lena comhréireacht i ndáil leis an gcuspóir sin. |
|
31 |
Sna himthosca sin, i gCás C‑728/22, chinn an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
|
32 |
I gCás C‑729/22, chinn an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Cás C‑730/22
|
33 |
I gCás C‑730/22, thug Coral, cuideachta a oibríonn hallaí biongó faoi lamháltas, caingean os comhair an Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Lazio) in aghaidh beart a ghlac ADM in 2018 faoi Dhlí Uimh. 205/2017, lenar socraíodh, go dtí go ndéanfaí na lamháltais a athdhámhachtain, an táille mhíosúil is iníoctha ag na lamháltóirí faoin scéim um shíneadh teicniúil ag EUR 7500. |
|
34 |
Mar thaca leis an gcaingean sin, mhaígh an chuideachta sin go raibh an méadú ar an táille sin míréasúnta agus gan údar, ós rud é, cé go raibh an lamháltas a dámhadh saor in aisce ar dtús, gur thug reachtas na hIodáile an táille sin isteach go haontaobhach agus gur méadaíodh go leanúnach í. Rinne sí gearán freisin faoi mhí-úsáid na scéime um shíneadh teicniúil ó 2013 i leith, rud a sháraigh, inter alia, prionsabail na saoriomaíochta agus an neamh-idirdhealaithe agus a chuir srian le saoirse tionscnaimh eacnamaíoch phríobháidigh. |
|
35 |
Thug an Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, Lazio) ceisteanna os comhair an Corte costituzionale (an Chúirt Bhunreachtúil) maidir le comhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí le Bunreacht Phoblacht na hIodáile. |
|
36 |
Ina breithiúnas Uimh. 49/2021, tháinig an Corte costituzionale (an Chúirt Bhunreachtúil) ar an gconclúid go raibh an reachtaíocht náisiúnta ag luí le Bunreacht Phoblacht na hIodáile agus le hAirteagail 16, 20 agus 21 den Chairt. |
|
37 |
I bhfianaise an bhreithiúnais sin, dhiúltaigh an Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Lazio) don chaingean sin ina hiomláine. |
|
38 |
Ina dhiaidh sin, rinne Coral achomharc i gcoinne bhreithiúnas an Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Lazio) os comhair na cúirte a rinne an tarchur ar an bhforas, inter alia, go raibh modhnuithe iomarcacha i gceist leis an scéim um shíneadh teicniúil do na lamháltais reatha, a sháraigh na teorainneacha a údaraítear, go háirithe, in Airteagal 43 de Threoir 2014/23. |
|
39 |
Ina chosaint, áitíonn ADM, inter alia, gurb é cuspóir na scéime um shíneadh teicniúil cead a thabhairt do lamháltóirí atá ann cheana, atá go léir faoi réir na gcoinníollacha céanna i gcomhthéacs an tsínidh theicniúil, páirt a ghlacadh i nós imeachta tairisceana nua, mar a cheanglaítear le dlí an Aontais. |
|
40 |
Sa chomhthéacs sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go bhfuil amhras uirthi maidir le comhoiriúnacht na scéime um shíneadh teicniúil le Treoir 2014/23, lena gcuirtear an síneadh sin, agus an fhéidearthacht páirt a ghlacadh i nglao ar thairiscintí amach anseo, faoi réir táille mhíosúil a íoc, gan aon mheasúnú sonrach a dhéanamh ar choinníollacha eacnamaíocha gach lamháltais agus lena bhféadfaí cothromaíocht fhoriomlán gach lamháltais a athrú. |
|
41 |
I ndáil leis sin, áitíonn an chúirt sin, cé go nglactar leis, le coincheap an lamháltais féin, go bhfuil riosca oibríochtúil ann, go bhfuil struchtúr chostais oibriúcháin na hearnála biongó athraithe go suntasach ag reachtas na hIodáile, sa chás seo, trí shásra táille míosúla a thabhairt isteach. Thairis sin, níor tharla an leasú sin ar bhonn imeacht nárbh fhéidir a thuar nach raibh neart ag na páirtithe air, ach bhí sé bunaithe ar chinneadh aontaobhach an reachtais sin. |
|
42 |
Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, má mheasann an Chúirt nach bhfuil feidhm ag Treoir 2014/23 maidir le Cás C‑730/22, go bhfuil amhras uirthi freisin maidir le comhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí le hAirteagail 49 agus 56 CFAE agus le prionsabail ghinearálta áirithe de dhlí an Aontais. Fiú dá mbeadh bonn cirt le tabhairt isteach na scéime um shíneadh teicniúil mar gheall ar an ngá le dátaí éaga na lamháltas reatha a ailíniú chun críocha na ndámhachtainí nua, tar éis dóibh dul in éag, trí nósanna imeachta oscailte iomaíocha tairisceana, is cosúil go mbeadh scéim den sórt sin contrártha d’Airteagail 49 agus 56 CFAE, ós rud é go dtugtar isteach leis srianta ar an tsaoirse bunaíochta agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, rud a ardaíonn amhras i dtaobh an bhfuil siad fíor-riachtanach, iomchuí agus comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú. |
|
43 |
Sna himthosca sin, chinn an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú: ‘An gcuirtear cosc le [Treoir 2014/23], a mhéid a mheastar í a bheith infheidhme, agus, in aon chás, na prionsabail ghinearálta a eascraíonn ó Airteagail 26, 49, 56 agus 63 CFAE, arna léiriú agus arna gcur i bhfeidhm le cásdlí na Cúirte, agus aird ar leith á tabhairt ar an toirmeasc ar idirdhealú, ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chosaint na hiomaíochta agus ar shaorghluaiseacht seirbhísí agus caipitil, ar chur i bhfeidhm rialacha náisiúnta faoina bhféadfaidh an reachtas náisiúnta nó an t‑údaráis poiblí, le linn an “tsínidh theicniúil”, mar a thugtar air, a rinneadh a athnuachan roinnt uaireanta le 10 mbliana anuas, i réimse na lamháltas cearrbhachais, difear a dhéanamh go haontaobhach don chaidreamh leanúnach tríd an oibleagáid a thabhairt isteach táillí lamháltais a íoc, nach raibh dlite ar dtús, agus ina dhiaidh sin na táillí céanna a mhéadú roinnt uaireanta, agus iad a shocrú i gcónaí ar bhonn seasta do gach lamháltóir beag beann ar láimhdeachas, agus trí shrianta breise a chur ar ghníomhaíochtaí lamháltóirí amhail an toirmeasc ar áitreabh a aistriú agus coinníoll a fhorchur chun páirt a ghlacadh sa nós imeachta amach anseo maidir le lamháltais a ath-leithdháileadh go nglacfaidh oibreoirí páirt sa síneadh?’ |
Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais
|
44 |
Sheol an Chúirt iarraidh ar shoiléiriú chuig an gcúirt a rinne an tarchur, ar thug sí freagra uirthi le trí ordú dar dáta an 31 Deireadh Fómhair 2023, a cuireadh ar aghaidh chuig an gCúirt an 16 Samhain 2023. Sna horduithe sin, chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl, fiú dá mbeadh amhras uirthi maidir le hinfheidhmeacht Threoir 2014/23, gur thacaigh gnéithe áirithe, a mheas sí a bheith ceannasach, leis an infheidhmeacht sin agus, dá bhrí sin, go bunúsach, nach raibh sé ach mar mhalairt air sin gur iarradh léiriú ar Airteagail 49, 56 agus 63 CFAE. |
|
45 |
I measc na n-eilimintí ceannasacha sin, rinne an chúirt a rinne an tarchur tagairt go háirithe don fhíoras, ar an gcéad dul síos, nach údaruithe nó ceadúnais riaracháin amháin a bhí sna cearta leas a bhaint as a tugadh, ach lamháltais seirbhíse, mar a shainmhínítear in Airteagal 5 de Threoir 2014/23 iad, agus, ar an dara dul síos, gur ghin na lamháltais go léir lena mbaineann láimhdeachas a sháraigh an tairseach a leagtar síos in Airteagal 8 den Treoir sin. |
Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
Réamhbharúlacha
|
46 |
Áitíonn an Coimisiún nach gceadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí teacht ar chonclúid shoiléir maidir le cineál dlíthiúil na lamháltas lena mbaineann, agus gurb é an t‑aon toisc ábhartha a luaitear sna horduithe tarchuir ná nach mbunaítear leis na lamháltais sin ceart eisiach do na lamháltóirí. Níl gá leis an bhfreagra, go háirithe ar an gcéad dá cheist i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22, ach amháin más lamháltais seirbhíse iad na cearta sin, de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2014/23, agus ní ceadúnais riaracháin amháin iad. |
|
47 |
I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, gurb ag an gcúirt a rinne an tarchur amháin atá an dlínse fíorais na díospóide atá os a comhair a aimsiú agus an dlí náisiúnta a léiriú (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Deireadh Fómhair 2024, NFŠ, C‑28/23, EU:C:2024:893, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh ar an gCúirt le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a thabhairt (breithiúnas an 7 Feabhra 2023, Confédération paysanne agus páirtithe eile (Só-ghineas randamach in vitro), C‑688/21, EU:C:2023:75, mír 32). |
|
48 |
Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú rialú a thabhairt ar cheist arna tarchur ag cúirt náisiúnta le haghaidh réamhrialú ach amháin más léir nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh le dlí an Aontais le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 7 Feabhra 2023, Confédération paysanne agus páirtithe eile (Só-ghineas randamach in vitro), C‑688/21, EU:C:2023:75, mír 33). |
|
49 |
Cé go ndearna an chúirt a rinne an tarchur tagairt, sna hiarrataí ar réamhrialú, d’fhonn tagairt a dhéanamh do na cearta chun leas a bhaint as atá i gceist sna príomhimeachtaí, don choincheap ‘lamháltas’ gan a shonrú ar úsáideadh an coincheap sin sa chiall a thugtar dó i ndlí an Aontais, is léir gan amhras ó fhreagra na cúirte a rinne an tarchur ar iarraidh na Cúirte ar shoiléiriú, ar an gcéad dul síos, go gcomhlíonann na cearta chun leas a bhaint as na lamháltais atá i gceist sna príomhimeachtaí na coinníollacha substainteacha maidir le haicmiú mar lamháltais seirbhíse, de réir bhrí Airteagal 5(1)(b) de Threoir 2014/23. Ar an dara dul síos, comhlíonann na lamháltais sin go léir an tairseach luacha a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2014/23 chun teacht faoi raon feidhme na Treorach sin. |
|
50 |
Dá bhrí sin, ní mór freagra a thabhairt ar na hiarrataí sin ar an mbonn gur lamháltais iad na cearta saothraithe atá i gceist sna príomhimeachtaí, de réir bhrí Airteagal 5(1)(b) de Threoir 2014/23, agus go sroicheann na lamháltais sin an tairseach a leagtar síos in Airteagal 8 den Treoir sin. |
Na chéad cheisteanna i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22
|
51 |
Áitíonn an Coimisiún go bhfuil na chéad cheisteanna i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22 do-ghlactha, i bpáirt, a mhéid a bhaineann siad le léiriú forálacha, amhail Airteagail 8, 12, 145 agus 151 CFAE, nár thug an chúirt a rinne an tarchur mínithe ina leith lena gcuirfí ar chumas na Cúirte agus aon idiragraithe tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil na forálacha sin ábhartha maidir le réiteach na díospóide sna príomhimeachtaí. |
|
52 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta, go gceanglaítear, leis an ngá atá le léiriú ar dhlí an Aontais a bheidh úsáideach don chúirt náisiúnta, na ceanglais a bhaineann le hábhar iarrata ar réamhrialú a chomhlíonadh go mionchúiseach, ar ceanglais iad a leagtar amach go sainráite in Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, a meastar go raibh an chúirt a rinne an tarchur ar an eolas fúthu (breithiúnas an 19 Aibreán 2018, Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi, C‑152/17, EU:C:2018:264, mír 21). |
|
53 |
Mar aon leis sin, mar a luaitear in Airteagal 94(c) de na Rialacha Nós Imeachta, tá sé ríthábhachtach, go háirithe, go mbeadh ráiteas san ordú tagartha maidir leis na cúiseanna a thug ar an gcúirt a rinne an tarchur fiosrú a dhéanamh maidir le léiriú nó bailíocht forálacha áirithe de dhlí an Aontais agus maidir leis an nasc a bhunaíonn sí idir na forálacha sin agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (breithiúnas an 19 Aibreán 2018, Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi, C‑152/17, EU:C:2018:264, mír 22). |
|
54 |
I gCás C‑728/22, cé go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Airteagal 3 CAE, Airteagail 8, 12, 26, 145 agus 151 CFAE agus Airteagail 15, 16, 20 agus 21 den Chairt a léiriú, ní thugann an Chúirt aon mhíniú sonrach maidir le hábharthacht na nAirteagal sin don chéad cheist sa chás sin. Dá bhrí sin, tá an chéad cheist i gCás C‑728/22 do-ghlactha a mhéid a bhaineann sí le léiriú na nAirteagal sin. |
|
55 |
Os a choinne sin, i bhfianaise na mínithe sonracha a tugadh san iarraidh ar réamhrialú i gCás C‑728/22, ní mór a mheas go bhfuil an chéad cheist sa chás sin inghlactha a mhéid a bhaineann sí le léiriú Threoir 2014/23 agus Airteagail 49 agus 56 CFAE. |
|
56 |
Maidir le Cás C‑729/22, tá foclaíocht na chéad cheiste a tharchuirtear éagsúil leis an bhfoclaíocht atá i gCás C‑728/22, toisc nach mbaineann sí ach le léiriú fhorálacha Threoir 2014/23 agus le léiriú fhorálacha Airteagail 49 agus 56 CFAE. Tá mínithe leordhóthanacha san iarraidh ar réamhrialú sa chás sin maidir leis na cúiseanna a thug ar an gcúirt a rinne an tarchur ceist a chur ar an gCúirt Bhreithiúnais faoi léiriú na bhforálacha agus na nAirteagal sin, agus mar thoradh air sin ní mór a mheas go bhfuil an cheist sin inghlactha go hiomlán. |
|
57 |
Ina theannta sin, ós rud é, mar a chuirtear in iúl i mír 49 den bhreithiúnas seo, go dtosaíonn an chúirt a rinne an tarchur ón mbonn go gcomhlíonann na cearta saothraithe a tugadh do na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22 na coinníollacha substainteacha maidir le haicmiú mar lamháltais seirbhíse, de réir bhrí Airteagal 5(1)(b) de Threoir 2014/23, ní mór a thuiscint ón méid sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 43 agus 44 dá Tuairim, go mbaineann na ceisteanna sin go sonrach le raon feidhme ama na Treorach sin. |
|
58 |
Dá bhrí sin, ní mór a thuiscint, leis na chéad cheisteanna i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Treoir 2014/23 agus Airteagail 49 agus 56 CFAE le léiriú sa chaoi go bhfuil siad infheidhme ratione temporis maidir le conarthaí lamháltais, de réir bhrí Airteagal 5(1)(b) di, a bronnadh roimh theacht i bhfeidhm na Treorach sin, ach a leathnaíodh le forálacha reachtacha lena dtugtar isteach, mar mhalairt air sin, oibleagáid ar na lamháltóirí lena mbaineann, ar an gcéad dul síos, táille mhíosúil a íoc, ar méadaíodh a méid ina dhiaidh sin, ar an dara dul síos, toirmeasc ar aistriú a n‑áitribh agus, ar an tríú dul síos, oibleagáid glacadh leis na síntí sin d’fhonn a bheith údaraithe chun páirt a ghlacadh in aon nós imeachta maidir le hathdhámhachtain na lamháltas sin amach anseo. |
|
59 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, i gcás modhnú ar chonradh lamháltais, gurb í an reachtaíocht i bhfeidhm ar dháta an mhodhnaithe sin reachtaíocht an Aontais atá infheidhmithe maidir leis an modhnú sin, agus níl tábhacht ar laghad ag baint leis an bhfíoras go raibh dáta thabhairt i gcrích an chonartha lamháltais tosaigh roimh theacht i bhfeidhm fhorálacha dhlí an Aontais lena mbaineann i ndáil leis sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 18 Meán Fómhair 2019, an Coimisiún v an Iodáil, C‑526/17, EU:C:2019:756, mír 60 agus an 2 Meán Fómhair 2021, Sisal agus páirtithe eile, C‑721/19 agus C‑722/19, EU:C:2021:672, mír 28). Os a choinne sin, níl feidhm ag forálacha treorach lena leagtar síos tréimhse thrasuímh a chuaigh in éag tar éis an dáta sin, mura ndearnadh an treoir sin a thrasuí sa dlí náisiúnta cheana féin ar dháta foilsithe an leasaithe ar an lamháltas (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Nollaig 2018, Stanley International Betting agus Stanleybet Malta, C‑375/17, EU:C:2018:1026, míreanna 34 agus 35). |
|
60 |
Ós rud é go bhforáiltear le hAirteagal 51(1) de Threoir 2014/23 nach mór an Treoir a thrasuí faoin 18 Aibreán 2016 ar a dhéanaí, ní mór a mheas go bhfuil feidhm ag an Treoir sin maidir le haon mhodhnú ar chonradh lamháltais a dhéanfar tar éis an dáta sin. |
|
61 |
Sa chás seo, mar a tugadh faoi deara i mír 24 den bhreithiúnas seo, baineann na hiarratais a rinne na hiarratasóirí i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22 ar ADM leis na leasuithe a tugadh isteach le Dlí Uimh. 205/2017. De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil don Chúirt, is éard a bhí sna leasuithe sin athnuachan a dhéanamh ar an scéim um shíneadh teicniúil agus í a leathnú freisin chuig lamháltais a chuaigh in éag in 2017 agus 2018, agus méid na táille míosúla is iníoctha faoin scéim sin a mhéadú ag an am céanna. |
|
62 |
Dá bhrí sin, cé gur cuireadh na hoibleagáidí atá ar na lamháltóirí lena mbaineann faoi Dhlí Uimh. 205/2017 san áireamh freisin sna síntí teicniúla a glacadh roimhe seo, is amhlaidh fós go raibh sé d’éifeacht ag an leasú ar na conarthaí lamháltais a rinneadh leis an dlí sin na hoibleagáidí sin go léir agus, ar bhonn níos ginearálta, an scéim leathnaithe theicniúil a bhfuil na déileálaithe faoina réir anois, a leathnú. |
|
63 |
Glacadh na leasuithe sin tar éis an spriocdháta chun Treoir 2014/23 a thrasuí. Agus an méid sin á dhéanamh aici, tá feidhm ag an Treoir sin ní hamháin maidir leis an méadú ar mhéid na táille tar éis ghlacadh Dhlí Uimh. 205/2017, ach freisin maidir le heilimintí go léir na scéime um shíneadh teicniúil a cuireadh san áireamh cheana féin sna síntí níos luaithe, ach a ndearnadh athnuachan orthu ar bhonn Dhlí Uimh. 205/2017. Dá réir sin, is ionann Airteagal 43 den Treoir sin agus an fhoráil ar dá réir, ó ghlacadh Dhlí Uimh. 205/2017, nach mór measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht leasaithe le dlí an Aontais arb é atá ann síneadh a chur le fad lamháltais seirbhíse, mar mhalairt, ar an gcéad dul síos, ar oibleagáid táille a íoc, ar an dara dul síos, ar thoirmeasc ar aistriú áitribh agus, ar an tríú dul síos, ar oibleagáid glacadh le haon síneadh ar lamháltais. |
|
64 |
Mar aon leis sin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 43 de Threoir 2014/23 go ndearnadh comhchuibhiú uileghabhálach ar na forálacha náisiúnta a bhaineann le cásanna ina bhféadfaí, ar an gcéad dul síos, conarthaí lamháltais a leasú gan gá a bheith le nós imeachta nua um dhámhachtain lamháltais a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos leis an Treoir sin agus, ar an dara dul síos, go bhfuil gá le nós imeachta um dhámhachtain den sórt sin i gcás ina leasaítear téarmaí an lamháltais (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Samhain 2024, Adusbef (Droichead Morandi), C‑683/22, EU:C:2024:936, mír 51). |
|
65 |
Ní mór aon bheart náisiúnta a ghlactar i réimse a bhí faoi réir comhchuibhiú uileghabhálach ar leibhéal an Aontais a mheasúnú, ní i bhfianaise fhorálacha an dlí phríomha, amhail Airteagail 49 agus 56 CFAE, ach i bhfianaise fhorálacha an bhirt comhchuibhithe lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, Sisal agus páirtithe eile, C‑721/19 agus C‑722/19, EU:C:2021:672, mír 32). |
|
66 |
Dá bhrí sin, i gcásanna amhail na cásanna atá i gceist sna príomhimeachtaí, ní gá measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na bhforálacha náisiúnta a glacadh tar éis thrasuí Threoir 2014/23, amhail na forálacha sin a d’eascair as glacadh Dhlí Uimh. 205/2017, agus, in aon chás, tar éis an 18 Aibreán 2016, agus i bhfianaise Airteagail 49 agus 56 CFAE freisin, ós rud é nach mór measúnú a dhéanamh ar na forálacha sin go heisiach i bhfianaise Airteagal 43 den Treoir sin. |
|
67 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, is é an freagra ar na chéad cheisteanna i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22 nach mór |
An cheist aonair i gCás C‑730/22
|
68 |
Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, a mhéid a thagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, sa cheist aonair i gCás C‑730/22, d’Airteagal 26 CFAE gan aon mhíniú sonrach a thabhairt maidir le hábharthacht an Airteagail sin chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach, nach mór a mheas go bhfuil an cheist sin do-ghlactha a mhéid a bhaineann sí le léiriú an Airteagail sin ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 50 agus 51 den bhreithiúnas seo. Os a choinne sin, i bhfianaise na mínithe a tugadh san iarraidh ar réamhrialú a rinneadh sa chás sin, ní mór a mheas go bhfuil an cheist sin inghlactha a mhéid a bhaineann sí le léiriú Threoir 2014/23 agus Airteagail 49 agus 56 CFAE. É sin ráite, ag féachaint, ar an gcéad dul síos, don mhéid a cuireadh in iúl i mír 65 den bhreithiúnas seo agus, ar an dara dul síos, don fhíoras gur glacadh an gníomh atá i gceist i gCás C‑730/22 de bhun Dhlí Uimh. 205/2017, ní gá na hAirteagail sin de CFAE a léiriú. |
|
69 |
Ina dhiaidh sin, cé, sa cheist aonair i gCás C‑730/22, nach dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur d’aon fhoráil shonrach de Threoir 2014/23 agus cé go bhféadfadh Airteagal 18 den Treoir sin a bheith ábhartha freisin i bhfianaise imthosca an cháis atá i gceist sna príomhimeachtaí, leanann sé ó na mínithe a thugtar san ordú tarchuir go mbaineann an cheist sin go heisiach le léiriú Airteagal 43 den Treoir sin agus le léiriú phrionsabail an neamh-idirdhealaithe, na comhréireachta agus chosaint na hiomaíochta. |
|
70 |
I ndáil leis sin, is léir ón bhfaisnéis a cuireadh ar fáil don Chúirt, cé go gcáineann an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí i gCás C‑730/22 na forálacha a bhaineann leis an scéim um shíneadh teicniúil a cuireadh san áireamh sna síntí níos luaithe, is amhlaidh fós nach mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí ach leis na bearta a glacadh faoi Dhlí Uimh. 205/2017 lenar athnuadh na heilimintí a chomhdhéanann an scéim um shíneadh a bhí ann cheana agus lenar méadaíodh méid na táille is iníoctha. Mar a chuirtear in iúl i míreanna 62 go 63 den bhreithiúnas seo, is é atá in Airteagal 43 de Threoir 2014/23 an fhoráil nach mór, ó ghlacadh Dhlí Uimh. 205/2017, scrúdú a dhéanamh ar gach gné den scéim um shíneadh teicniúil is infheidhme, cé gur cuireadh gnéithe áirithe san áireamh sna síntí níos luaithe freisin. |
|
71 |
Ar deireadh, cé nach mór, chun Treoir 2014/23 a léiriú, prionsabail an neamh-idirdhealaithe, na comhréireachta agus chosaint na hiomaíochta a chur san áireamh, mar a chuireann Coral in iúl ina bharúlacha i scríbhinn, ní mór a chinneadh go dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur do na prionsabail sin i ndáil le hAirteagail 49 agus 56 CFAE, ar cinneadh nach bhfuil siad infheidhme sa chás atá i gceist sna príomhimeachtaí, nó ar bhealach nach bhfuil beacht go leor chun a chur ar chumas na Cúirte seasamh a ghlacadh maidir le léiriú na bprionsabal sin a lorgófaí dá bhrí sin. |
|
72 |
Dá réir sin, ní mór a thuiscint, leis an gceist aonair i gCás C‑730/22, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 43 de Threoir 2014/23 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar an reachtas náisiúnta síneadh a chur go haontaobhach, le forálacha reachtacha a tháinig i bhfeidhm tar éis an spriocdháta chun an Treoir sin a thrasuí, le fad an lamháltais seirbhíse agus, ar an ócáid sin, mar mhalairt air sin, ar an gcéad dul síos, méadú a dhéanamh ar an táille ar ráta comhréidh atá le híoc ag na lamháltóirí go léir lena mbaineann, beag beann ar a láimhdeachas, ar an dara dul síos, toirmeasc a choinneáil ar aistriú a n‑áitribh agus, ar an tríú dul síos, oibleagáid a choinneáil glacadh leis na síntí sin d’fhonn, do na lamháltóiri sin, a bheith údaraithe chun páirt a ghlacadh in aon nós imeachta chun na lamháltais sin a athdhámhachtain amach anseo. |
|
73 |
I ndáil leis sin, mar a thugtar faoi deara i mír 64 den bhreithiúnas seo, le hAirteagal 43 de Threoir 2014/23, rinneadh comhchuibhiú uileghabhálach maidir le cásanna ina bhféadfaí, ar an gcéad dul síos, lamháltais a leasú gan gá a bheith le nós imeachta nua um dhámhachtain lamháltais a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos leis an Treoir sin agus, ar an dara dul síos, go bhfuil gá le nós imeachta um dhámhachtain den sórt sin i gcás ina leasaítear téarmaí an lamháltais (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Samhain 2024, Adusbef (Droichead Morandi), C‑683/22, EU:C:2024:936, mír 51). |
|
74 |
Ní léir ó fhoclaíocht Airteagal 43 nach dtagraíonn sé ach do leasuithe a rinneadh tar éis idirbheartaíocht idir an lamháltóir agus an t‑údarás conarthach, d’eisiamh leasuithe arna bhforchur go haontaobhach le dlí. Sa chomhthéacs sin, ós rud é go luaitear in aithris 75 de Threoir 2014/23 go bhfianaítear le modhnú substaintiúil ar an lamháltas rún na bpáirtithe coinníollacha fíor-riachtanacha an lamháltais a athchaibidliú, ní féidir raon feidhme Airteagal 43 a theorannú, mar is léir óna fhoclaíocht shoiléir. |
|
75 |
Dá bhrí sin, ní mór a mheas nach mbaineann sé le hábhar chun críocha chur i bhfeidhm Threoir 2014/23 gur chinn reachtas na hIodáile go haontaobhach na leasuithe dá dtagraítear ag an gcúirt a rinne an tarchur sa cheist aonair i gCás C‑730/22. |
|
76 |
Os a choinne sin, ní mór a mheabhrú go gcuirtear cosc le hAirteagal 43 de Threoir 2014/23 ar aon leasú ar théarmaí feidhmíochta lamháltais, bíodh sé aontaobhach nó comhthoiliúil, a dhéantar gan nósanna imeachta nua um dhámhachtain, ach amháin má thagann an leasú sin faoi cheann de na cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 43(1) nó (2) den Treoir sin. |
|
77 |
I gcás, mar atá sna príomhimeachtaí, ina ndéantar cinneadh maidir le leasú, amhail tabhairt isteach na hoibleagáide táille a íoc, mar mhalairt ar oibleagáidí eile, amhail síneadh fad an lamháltais lena mbaineann, ní mór an measúnú ar an bhféidearthacht leasú den sórt sin a dhéanamh ar bhonn Airteagal 43(1) agus (2) de Threoir 2014/23 a dhéanamh i bhfianaise éifeachtaí go léir an leasaithe sin, gan na héifeachtaí sin a bheith inscartha óna chéile. |
|
78 |
Dá bhrí sin, is i bhfianaise na n‑éifeachtaí leasaithe go léir, amhail an éifeacht a bhí beartaithe ag an gcúirt a rinne an tarchur ina ceist, nach mór a chinneadh an dtagann an leasú sin faoi cheann de na cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 43(1) nó (2) den Treoir sin. |
|
79 |
Ar an gcéad dul síos, maidir le hAirteagal 43(1)(a) de Threoir 2014/23 agus ag féachaint don chás a shamhlaíonn an chúirt a rinne an tarchur sa cheist aonair i gCás C‑730/22, arb ionann é agus leasú arna dhéanamh le dlí, féadfar a chur as an áireamh ag an tús go bhféadfadh an cás sin teacht faoin gcás dá dtagraítear san fhoráil sin, a mhéid a cheanglaítear leis an bhforáil sin go ndéanfaí an leasú le clásal dá bhforáiltear sa chonradh lamháltais. |
|
80 |
Ar an dara dul síos, maidir leis na cásanna dá dtagraítear i bpointí (b) go (d) d’Airteagal 43(1), ceanglaítear leis na cásanna sin go ndéanfar an leasú atá i gceist ar cheann de na cúiseanna dá dtagraítear go sainráite sna forálacha sin, eadhon i gcás ina bhfuil oibreacha nó seirbhísí breise a rinne an lamháltóir tosaigh fíor-riachtanach, i gcás ina bhfuil gá le leasú de bharr imthosca nach bhféadfadh údarás conarthach dícheallach nó eintiteas conarthach dícheallach a thuar nó i gcás ina gcuireann lamháltóir nua ionad an chinn ar dhámh an t‑údarás conarthach nó an t‑eintiteas conarthach an lamháltas lena mbaineann ar dtús. |
|
81 |
Ós rud é nach ndearna an chúirt a rinne an tarchur tagairt, sa cheist aonair i gCás C‑730/22, d’aon chúis ar leith lena dtugtar údar leis na leasuithe atá beartaithe, ní gá a scrúdú an bhféadfadh feidhm a bheith ag aon cheann de na forálacha sin. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé, más iomchuí, ceisteanna nua a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais a bhaineann go sonrach leis na cásanna sin, dá measfadh sí go bhféadfadh feidhm a bheith ag ceann acu. |
|
82 |
Ar an tríú dul síos, maidir leis an gcás dá bhforáiltear in Airteagal 43(1)(e) de Threoir 2014/23, ní mór a mheabhrú go dtagraítear sa Treoir sin do leasuithe ‘nach bhfuil substaintiúil, cibé méid atá i gceist, de réir bhrí mhír 4’. |
|
83 |
Faoin gcéad abairt d’Airteagal 43(4) de Threoir 2014/23, ní mór a mheas go bhfuil leasú substaintiúil ‘i gcás ina bhfágann sé go bhfuil difríocht shuntasach idir saintréithe an lamháltais agus na saintréithe dá ndearnadh foráil ar dtús’. |
|
84 |
Mar a shonraítear le haithris 75 den Treoir sin, is é cuspóir na forála sin ná a chinntiú go dtionscnóidh nós imeachta dámhachtana lamháltais nua i gcás ina ndéantar mór-mhodhnuithe ar an lamháltas tosaigh, go háirithe ó thaobh raon feidhme agus ábhar chearta agus oibleagáidí cómhalartacha na bpáirtithe, lena n‑áirítear dámhachtain cearta maoine intleachtúla. Is amhlaidh an cás go háirithe maidir le coinníollacha a mbeadh tionchar acu ar thoradh an nós imeachta tosaigh dá gcuirfí san áireamh iad sa nós imeachta tosaigh. |
|
85 |
I ndáil leis sin, tá comhthuiscint ann go bhfágann leasú a bhfuil sé d’éifeacht aige, inter alia, fad lamháltais a athnuachan nó a shíneadh thar an bhfad dá bhforáiltear tráth a dhámhachtana tosaigh, go bhfuil difríocht shuntasach idir saintréithe an lamháltais sin agus na saintréithe dá bhforáiltear ar dtús, ós rud é go ndéanann sé difear d’eilimint bhunriachtanach den chonradh lena mbaineann agus dá mbeadh an tsaintréith nua sin de ghné bhunriachtanach den chonradh sin san áireamh sa nós imeachta tosaigh, go meallfadh an ceann deireanach sin níos mó rannpháirtithe. Dá bhrí sin, ní mór leasú den sórt sin a mheas mar leasú substaintiúil, ós rud é nach féidir leis na héifeachtaí eile a eascraíonn as an leasú sin ach cur lena chineál substaintiúil. |
|
86 |
Dá bhrí sin, maidir le leasú lena mbeartaítear síneadh a chur le fad lamháltais agus, mar mhalairt air sin, oibleagáid a thabhairt isteach, ar an gcéad dul síos, táille mhíosúil a íoc, a méadaítear a méid ina dhiaidh sin, ar an dara dul síos, toirmeasc ar aistriú a n‑áitribh agus, ar an tríú dul síos, oibleagáid glacadh leis na síntí sin ionas go n‑údarófaí don lamháltóir lena mbaineann a bheith rannpháirteach in aon nós imeachta chun na lamháltais sin a athdhámhachtain amach anseo, ní mór a mheas gur leasú substaintiúil é agus, dá bhrí sin, nach féidir leis teacht faoi raon feidhme Airteagal 43(1)(e) de Threoir 2014/23, gan aon ghá a bheith ann gach ceann de ghnéithe an leasaithe sin a scrúdú ar leithligh. |
|
87 |
Ar an gceathrú dul síos agus ar deireadh, ní mór a mheas nach dtagann leasú den sórt sin faoin gcás a bheartaítear in Airteagal 43(2) de Threoir 2014/23 ach an oiread. Is léir ó fhoclaíocht na forála sin gurb é an cás atá beartaithe leis an bhforáil sin ná leasuithe, ar an gcéad dul síos, ar lú a méid ná an tairseach a leagtar síos in Airteagal 8 den Treoir sin, ar an dara dul síos, ar lú a méid freisin ná 10 % de mhéid an lamháltais tosaigh agus, ar deireadh, nach n‑athraíonn cineál foriomlán an lamháltais lena mbaineann. |
|
88 |
Sa chás seo, níl aon rud sa chomhad os comhair na Cúirte a thabharfadh le tuiscint go gcomhlíonfadh an leasú atá i gceist sna príomhimeachtaí na critéir sin nó fiú go n‑éileodh na páirtithe sna príomhimeachtaí gurb amhlaidh atá. |
|
89 |
Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Threoir 2014/23, comhfhreagraíonn luach lamháltais do láimhdeachas iomlán an lamháltóra, arna ghiniúint ag fad an chonartha arna mheas ag an údarás conarthach, ag féachaint do na hoibreacha agus na seirbhísí is ábhar don lamháltas sin, agus do na soláthairtí atá nasctha leis na hoibreacha agus na seirbhísí sin. Dá bhrí sin, i gcás leasú a bhfuil sé d’éifeacht aige, inter alia, síneadh a chur le fad lamháltais, ionas go dtiocfaidh sé faoin gcás a bheartaítear in Airteagal 43(2) den Treoir sin, ní fhéadfaidh an méadú sin, móide aon éifeachtaí eile a bheadh ag an leasú sin a athrú go haonaid ama ar na tosca a chuirtear san áireamh chun luach tosaigh an lamháltais sin a chinneadh, a bheith níos mó ná 10 % d’fhad tosaigh an lamháltais. |
|
90 |
Sa chás atá i gceist sna príomhimeachtaí, bhí sé d’éifeacht ag an leasú a rinneadh trí Dhlí Uimh. 205/2017 a ghlacadh, trí dháta éaga na lamháltas a bhí imithe in éag cheana féin le linn na tréimhse ón 31 Nollaig 2016 go dtí an 30 Meán Fómhair 2018 a chur siar, síneadh a chur leis na lamháltais sin mar mhalairt, inter alia, ar mhéadú ar an táille, a mhéadaigh an táille, in aghaidh gach míosa nó codáin de mhí os cionn 15 lá, ó EUR 5000 go EUR 7500 agus, in aghaidh gach míosa níos lú ná 15 lá, ó EUR 2500 go EUR 3500. |
|
91 |
Ós rud é, de réir na faisnéise sa chomhad os comhair na Cúirte Breithiúnais, gur tugadh na lamháltais lena mbaineann i gcrích ar dtús ar feadh 6 bliana, fiú ar an toimhde, ar an gcéad dul síos, go raibh luach tosaigh ag na lamháltais sin go léir a bhí cothrom leis an tairseach a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2014/23 nuair a glacadh an Treoir sin, eadhon luach EUR 5186000, agus, ar an dara dul síos, gurbh é an síneadh in 2017 an chéad cheann a raibh feidhm aige maidir leo, ionas nach sáródh sé 10 % de mhéid an lamháltais lena mbaineann, níor cheart an síneadh sin a bheith níos faide ná tréimhse díreach os cionn 8 mí, ós rud é go n‑asbhaintear an méadú ar an táille ón méadú ar luach na lamháltas a ghintear lena síneadh. |
|
92 |
Is fíor go n‑áirítear sa scéim um shíneadh teicniúil freisin, i gcás an lamháltóra lena mbaineann, mar a chuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl sa cheist aonair i gCás C‑730/22, toirmeasc ar aistriú a áitribh agus oibleagáid glacadh le haon síneadh arna chinneadh ag an reachtas náisiúnta ionas go n‑údarófaí dó páirt a ghlacadh in aon nós imeachta chun an lamháltas lena mbaineann a athdhámhachtain amach anseo. |
|
93 |
Mar sin féin, ní féidir le cur isteach oibleagáide nó toirmisc den sórt sin, in aon chás, an tionchar atá ag fad méadaithe na lamháltas ar luach tosaigh an lamháltais lena mbaineann a laghdú faoi bhun na tairsí 10 %. Ba é éifeacht bheacht an chéad cheann de na leasuithe sin oibleagáid a chur ar na lamháltóirí lena mbaineann leanúint dá ngníomhaíocht faoi na coinníollacha céanna a úsáideadh chun luach tosaigh a lamháltais a chinneadh, ach is cosúil nach bhféadfadh an dara ceann, cé go gcuireann sé srian ar chearta na lamháltóirí sin, tionchar a imirt ar luach na lamháltas sin, mar a shainmhínítear in Airteagal 8 de Threoir 2014/23. |
|
94 |
Is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé tionchar beacht an leasaithe atá i gceist sna príomhimeachtaí ar luach an lamháltais lena mbaineann a chinneadh, agus éifeachtaí go léir an leasaithe sin ar an luach sin á gcur san áireamh, ós rud é nach mór an luach sin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Threoir 2014/23. |
|
95 |
I gcás ina suitear go gcuirtear cosc le hAirteagal 43 de Threoir 2014/23 ar leasú den sórt sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir leis an iarratasóir sna príomhimeachtaí brath air chun a cheangal nár cheart ach na forálacha lenar mhéadaigh an reachtas náisiúnta méid na táille a dhífheidhmiú. Chomh maith leis an bhfíoras go bhfuil dlúthbhaint idir an méadú sin agus síneadh an lamháltais ós rud é gurb ionann é agus an chomaoin ina leith, dá bhfágfaí an méadú sin amháin gan feidhm, d’athrófaí iarmhéid an lamháltais i bhfabhar an lamháltóra ar bhealach nach ndearnadh foráil dó sa chonradh lamháltais tosaigh agus, dá bhrí sin, dhéanfaí leasú substaintiúil ar an gconradh sin, cé, faoi Airteagal 43(1)(e) den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le mír 5 d’Airteagal 43, go bhfuil gá le nós imeachta dámhachtana nua i gcás modhnú substaintiúil ar chonradh lamháltais. |
|
96 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, is é an freagra ar an gceist aonair i gCás C‑730/22 nach mór Airteagal 43 de Threoir 2014/23 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar an reachtas náisiúnta síneadh a chur go haontaobhach, le forálacha reachtacha a tháinig i bhfeidhm tar éis an spriocdháta chun an Treoir sin a thrasuí, le fad an lamháltais seirbhíse agus, ar an ócáid sin, mar mhalairt air sin, ar an gcéad dul síos, méadú a dhéanamh ar an oibleagáid táille arna socrú ar ráta comhréidh a íoc do na lamháltóirí go léir lena mbaineann, beag beann ar a láimhdeachas, ar an dara dul síos, toirmeasc a choinneáil ar aistriú a n‑áitribh agus, ar an tríú dul síos, oibleagáid a choinneáil glacadh leis na síntí sin ionas go n‑údarófaí do na lamháltóirí sin páirt a ghlacadh in aon nós imeachta chun na lamháltais sin a athdhámhachtain amach anseo, ar choinníoll nach gcomhlíonann na leasuithe sin, le chéile, na coinníollacha chun Airteagal 43(1) agus (2) den Treoir sin a chur i bhfeidhm. |
Na dara ceisteanna i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22
|
97 |
Mar réamhphointe, is léir ó na hiarrataí ar réamhrialú i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22 go n‑ardaítear na dara ceisteanna sna cásanna sin toisc, i gcinntí an 9 Iúil agus an 18 Samhain 2020, gur dhearbhaigh ADM nach raibh dlínse aige méid na táille atá i gceist sna príomhimeachtaí a leasú, ar an bhforas gur socraíodh an méid sin leis an reachtaíocht náisiúnta. |
|
98 |
Ina theannta sin, cé nach dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, sna ceisteanna sin, d’aon fhoráil shonrach de Threoir 2014/23, leanann sé ó na mínithe a thugtar sna horduithe tarchuir go mbaineann na ceisteanna sin le léiriú Airteagail 5 agus 43 den Treoir sin. |
|
99 |
Dá réir sin, ní mór a thuiscint, leis na dara ceisteanna i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagail 5 agus 43 de Threoir 2014/23 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar léiriú nó ar chur i bhfeidhm rialacha reachtacha náisiúnta, nó cleachtais atá bunaithe ar na rialacha sin, a bhfuil mar thoradh acu an chumhacht a bhaint den údarás conarthach, arna iarraidh sin ag lamháltóir, nós imeachta riaracháin a thionscnamh arb é is aidhm dó coinníollacha oibriúcháin an lamháltais lena mbaineann a mhodhnú, i gcás ina bhfuil tionchar suntasach ag imeachtaí gan choinne agus nach féidir a thuar nach bhfuil neart ag na páirtithe orthu ar an riosca oibríochta, chomh fhada agus a mhairfidh na coinníollacha sin agus chomh fada agus is gá chun coinníollacha oibriúcháin tosaigh an lamháltais sin a athbhunú, más iomchuí. |
|
100 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur fíor go sainmhínítear leis an dara fomhír d’Airteagal 5(1)(b) de Threoir 2014/23 an coincheap ‘lamháltas seirbhíse’ mar chonradh a meastar ina leith go nglacann an lamháltóir lena mbaineann leis an riosca a bhaineann leis an tseirbhís a oibriú ‘faoi ghnáthchoinníollacha oibriúcháin’. |
|
101 |
Mar sin féin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 77 dá Tuairim, agus contrártha leis an méid a áitíonn na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, ní féidir an sainmhíniú sin a úsáid mar bhunús chun a cheangal ar na Ballstáit an chumhacht a thabhairt do na húdaráis chonarthacha nós imeachta riaracháin a thionscnamh, arna iarraidh sin ag lamháltóir, atá ceaptha chun na coinníollacha maidir le lamháltas a oibriú a mhodhnú, i gcás ina bhfuil tionchar suntasach ag imeachtaí gan choinne agus neamh-intuartha nach bhfuil neart ag na páirtithe orthu ar an mbaol go mbainfí leas as an lamháltas sin. Mar is léir ó fhoclaíocht Airteagal 5 de Threoir 2014/23, ní chuirtear an sainmhíniú sin ar fáil ach amháin chun críocha chur i bhfeidhm na Treorach sin agus, go háirithe, chun críocha raon feidhme ábhartha na Treorach sin a shainiú, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) di. |
|
102 |
Maidir le hAirteagal 43 de Threoir 2014/23, cé go dtagraíonn sé, i mír 1(c) de, do chás ina bhfuil gá le leasú de bharr imthosca nach bhféadfadh údarás conarthach dícheallach nó eintiteas conarthach dícheallach a thuar, is léir ó fhoclaíocht na forála sin go ndéanann sé amhlaidh chun a shoiléiriú, i gcás den sórt sin, nach bhfuil gá le nós imeachta dámhachtana nua, gan oibleagáid a fhorchur ar an údarás conarthach nós imeachta a thionscnamh chun an lamháltas a leasú. |
|
103 |
Tacaítear leis an gconclúid sin le haithris 75 den Treoir sin, inar léir gurb é cuspóir Airteagal 43 di soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina gceanglaítear le leasuithe ar lamháltas reatha nós imeachta nua um dhámhachtain trí líon teoranta cásanna a liostú nach gá nós imeachta nua um dhámhachtain a oscailt ina leith, agus gan ceangal a chur ar na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mór a bheith in ann lamháltas a leasú i ngach ceann de na cásanna sin. |
|
104 |
É sin ráite, i gcás ina bhforáiltear le rialacha reachtacha náisiúnta go bhféadfaí a cheangal ar an údarás conarthach nós imeachta a thionscnamh chun an lamháltas a leasú mar gheall ar imeachtaí nach féidir a thuar agus nach bhfuil neart ag na páirtithe orthu a bhfuil tionchar suntasach acu ar an riosca saothraithe, ní chuirtear cosc le Treoir 2014/23 ar an lamháltóir lena mbaineann a bheith in ann brath ar na rialacha sin chun a cheangal ar an údarás conarthach nós imeachta den sórt sin a thionscnamh, ar choinníoll nach gcuirtear bac ar an leasú atá beartaithe leis an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 43(1) agus (2) den Treoir sin. |
|
105 |
Dá bhrí sin, is é an freagra ar na dara ceisteanna i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22, nach mór Airteagail 5 agus 43 de Threoir 2014/23 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar léiriú nó ar chur i bhfeidhm rialacha reachtacha náisiúnta, nó cleachtais atá bunaithe ar na rialacha sin, a bhfuil mar thoradh acu an chumhacht a bhaint den údarás conarthach, arna iarraidh sin ag lamháltóir, nós imeachta riaracháin a thionscnamh arb é is aidhm dó coinníollacha oibriúcháin an lamháltais lena mbaineann a mhodhnú, i gcás ina bhfuil tionchar suntasach ag imeachtaí nach féidir a thuar agus nach bhfuil neart ag na páirtithe orthu ar riosca oibríochta an lamháltais sin, chomh fhada agus a mhairfidh na coinníollacha sin agus chomh fada agus is gá chun coinníollacha oibriúcháin tosaigh an lamháltais sin a athbhunú, más iomchuí. |
Na tríú ceisteanna i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22
|
106 |
Leis na tríú ceisteanna i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Treoir 89/665, arna leasú le Treoir 2014/23, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta a bhunú mar réamhchoinníoll chun páirt a ghlacadh in aon nós imeachta chun lamháltas a athdhámhachtain, ballraíocht an lamháltóra lena mbaineann i scéim chun an lamháltas sin a shíneadh, lena n‑áirítear i gcás ina gcuirtear cosc ar fhéidearthacht coinníollacha oibriúcháin an lamháltais sin a athchaibidliú mar gheall ar imeacht neamh-intuartha a bheith ann nach bhfuil neart ag na páirtithe orthu. |
|
107 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 94(c) de na Rialacha Nós Imeachta, nach mór go mbeadh ráiteas i ngach ordú tagartha maidir leis na cúiseanna a thug ar an gcúirt a rinne an tarchur fiosrú a dhéanamh maidir le léiriú nó bailíocht forálacha áirithe de dhlí an Aontais agus maidir leis an nasc a bhunaíonn sí idir na forálacha sin agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, rud a thugann le tuiscint go bhfuil an fhoráil nó na forálacha atá le léiriú inaitheanta go soiléir. |
|
108 |
Ar thaobh amháin, i bhfoclaíocht na tríú ceisteanna i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22, ní dhearna an chúirt a rinne an tarchur tagairt d’aon fhoráil ar leith de Threoir 89/665. Ar an taobh eile, ní féidir ceann acu a shainaithint leis na mínithe a thug an chúirt sin sna hiarrataí ar réamhrialú lena mbaineann, go háirithe ós rud é, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta le fios i mír 94 dá Tuairim, nach léirítear sa tuairisc ar na díospóidí sna príomhimeachtaí gur sáraíodh oibleagáidí na Treorach sin le glacadh agus leasú ina dhiaidh sin ar an scéim um shíneadh teicniúil. |
|
109 |
Dá bhrí sin, ní mór a dhearbhú go bhfuil na tríú ceisteanna i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22 do-ghlactha. |
Na ceathrú ceisteanna i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22
|
110 |
I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar na chéad cheisteanna i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22 agus ós rud é, sna cásanna atá i gceist sna príomhimeachtaí, go ndíospóideann na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí leasuithe nach mór a mheasúnú i bhfianaise Threoir 2014/23, ní gá freagra a thabhairt ar an gceathrú go dtí an séú ceist i gCásanna C‑728/22 agus C‑729/22. |
Costais
|
111 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.