BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)
11 Iúil 2024 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Saorghluaiseacht chaipitil – Seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach – Treoir 2007/64/CE – An coincheap ‘ionstraim íocaíochta’ – Cumhacht aturnae ghníomhaire a ghníomhaíonn thar ceann shealbhóir cuntais – Cóip den chumhacht aturnae le deimhniú ‘apastaile’ – Airteagail 54 agus 59 – Toiliú le hidirbheart íocaíochta a chur i gcrích – Coincheap ‘fíordheimhniú’ – Idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe – Dliteanas ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta as na hidirbhearta sin – Dualgas cruthúnais)
I gCás C‑409/22,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Apelativen sad – Sofia (an Chúirt Achomhairc, Sóifia, an Bhulgáir), trí bhreith an 9 Meitheamh 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 21 Meitheamh 2022, sna himeachtaí
UA
v
‘Eurobank Bulgaria’ AD
tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: E. Regan, Uachtarán Dlísheomra, Z. Csehi (Rapóirtéir), M. Ilešič, I. Jarukaitis agus D. Gratsias, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,
Cláraitheoir: R. Stefanova-Kamisheva, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 28 Meán Fómhair 2023,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
UA, ag V.B. Hambardzhiev agus I.S. Velinova, advokati, |
|
– |
‘Eurobank Bulgaria’ AD, ag K.S. Chuturkova, advokat, |
|
– |
Rialtas na Bulgáire, ag T. Mitova, R. Stoyanov agus L. Zaharieva, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Seice, ag M. Smolek, J. Očková agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó P. Pucciariello, avvocato dello Stato, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag G. Koleva agus H. Tserepa-Lacombe, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 30 Samhain 2023,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 4(19) agus (23) de Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO 2007 L 319, lch. 1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 59(1) di. |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir UA, náisiúnach Iodálach, agus ‘Eurobank Bulgaria’ AD, banc bunaithe sa Bhulgáir (‘Eurobank’), maidir le suimeanna airgid a chomhfhreagraíonn d’idirbhearta baincéireachta neamhúdaraithe ar na sócmhainní i gcuntas bainc an iarratasóra sna príomhimeachtaí a íoc, cúiteamh as an damáiste ábhartha a tharla de bharr na n‑idirbheart baincéireachta sin agus an t‑ús mainneachtana reachtúil is infheidhme. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
|
3 |
Mar atá leagtha amach sa tríú habairt d’aithris 33 de Threoir 2007/64: ‘Maidir le téarmaí agus coinníollacha conarthacha a bhaineann le hionstraim íocaíochta a sholáthar agus a úsáid, arb é an éifeacht a bheadh acu an t‑ualach cruthúnais ar an tomhaltóir a mhéadú nó an t‑ualach cruthúnais ar an eisitheoir a laghdú, ba cheart a mheas go bhfuil siad ar neamhní.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
4 |
Foráiltear an méid seo a leanas le mír 1 d’Airteagal 2 den treoir sin, dar teideal ‘Raon feidhme’: ‘Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le seirbhísí íocaíochta a sholáthraítear laistigh den Chomhphobal [Eorpach]. …’ |
|
5 |
Bhí an fhoclaíocht mar a leanas in Airteagal 4 den treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’: ‘Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: …
…
…
…
…
…’ |
|
6 |
Foráiltear le hAirteagal 54 den treoir sin, dar teideal ‘Toiliú agus tarraingt siar an toilithe’: ‘(1) Áiritheoidh na Ballstáit nach measfar idirbheart íocaíochta a bheith údaraithe ach amháin má tá toiliú tugtha ag an íocóir an t‑idirbheart íocaíochta a dhéanamh. Féadfaidh an t‑íocóir idirbheart íocaíochta a údarú roimh fhorghníomhú an idirbhirt íocaíochta, nó, má chomhaontaíonn an t‑íocóir agus a sholáthraí seirbhíse íocaíochta, tar éis fhorghníomhú an idirbhirt íocaíochta. (2) Tabharfar toiliú chun idirbheart íocaíochta nó sraith idirbheart íocaíochta a fhorghníomhú san fhoirm a chomhaontófar idir an t‑íocóir agus a sholáthraí seirbhíse íocaíochta. In éagmais toilithe den sórt sin, measfar idirbheart íocaíochta a bheith neamhúdaraithe. (3) Féadfaidh an t‑íocóir an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, ach tráth nach déanaí ná an pointe ama neamh-inchúlghairthe faoi Airteagal 66. Féadfar toiliú chun sraith idirbheart íocaíochta a fhorghníomhú a tharraingt siar freisin sa chaoi go measfar aon idirbheart íocaíochta sa todhchaí a bheith neamhúdaraithe. (4) Déanfar an nós imeachta chun toiliú a thabhairt a chomhaontú idir an t‑íocóir agus an soláthraí seirbhíse íocaíochta.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
7 |
Foráiltear i mír 1 d’Airteagal 55 de Threoir 2007/64, dar teideal ‘Teorainneacha ar úsáid na hionstraime íocaíochta’: ‘I gcásanna ina n‑úsáidtear ionstraim íocaíochta ar leith chun críocha toiliú a thabhairt, féadfaidh an t‑íocóir agus a sholáthraí seirbhíse íocaíochta comhaontú ar theorainneacha caiteachais i leith idirbhearta íocaíochta arna bhforghníomhú tríd an ionstraim íocaíochta sin.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
8 |
Faoi Airteagal 58 den treoir sin, dar teideal ‘Fógra faoi idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe nó a rinneadh go mícheart’: ‘Ní bhfaighidh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta ceartúchán ón soláthraí seirbhíse íocaíochta ach amháin má thugann sé fógra dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta gan moill mhíchuí maidir le teacht ar an eolas faoi aon idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe nó nach ndearnadh i gceart as a n‑eascraíonn éileamh, lena n‑áirítear an t‑éileamh faoi Airteagal 75, agus tráth nach déanaí ná 13 mhí tar éis an dáta dochair, mura rud é, i gcás inarb infheidhme, gur mhainnigh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an fhaisnéis faoin idirbheart íocaíochta sin a sholáthar nó a chur ar fáil i gcomhréir le Teideal III.’ |
|
9 |
Is mar a leanas a bhí an fhoclaíocht in Airteagal 59 den treoir sin, dar teideal ‘Fianaise ar fhíordheimhniú agus ar fhorghníomhú idirbheart íocaíochta’: ‘(1) Ceanglóidh na Ballstáit, i gcás ina ndiúltaíonn úsáideoir seirbhísí íocaíochta gur údaraigh sé idirbheart íocaíochta atá forghníomhaithe nó ina maífidh sé nach ndearnadh an t‑idirbheart íocaíochta a fhorghníomhú i gceart, is faoin soláthraí seirbhísí íocaíochta a bheidh sé a chruthú go ndearnadh an t‑idirbheart íocaíochta a fhíordheimhniú, a thaifeadadh go cruinn agus a iontráil sna cuntais agus nach ndearnadh difear dó de bharr cliseadh teicniúil nó easnamh éigin eile. (2) I gcás ina ndiúltóidh úsáideoir seirbhísí íocaíochta gur údaraigh sé idirbheart íocaíochta atá forghníomhaithe, ní leor as féin úsáid ionstraime íocaíochta arna thaifeadadh ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta lena chruthú gur údaraigh an t‑íocóir an t‑idirbheart íocaíochta nó gur ghníomhaigh an t‑íocóir go calaoiseach nó gur theip air, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí faoi Airteagal 56 a chomhlíonadh.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
10 |
Sonraítear in Airteagal 60 den treoir sin, dar teideal ‘Dliteanas soláthraí seirbhíse íocaíochta i leith idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe’: ‘(1) Áiritheoidh na Ballstáit, gan dochar d'Airteagal 58, i gcás idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe, go ndéanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra méid an idirbhirt íocaíochta neamhúdaraithe a aisíoc láithreach leis an íocóir agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfaidh sé an cuntas íocaíochta a cuireadh chun dochair a athbhunú don staid ina mbeadh sé mura ndéanfaí an t‑idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe. (2) Féadfar cúiteamh airgeadais breise a chinneadh de réir an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh arna thabhairt i gcrích idir an t‑íocóir agus a sholáthraí seirbhíse íocaíochta.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
11 |
Foráiltear le hAirteagal 86 de Threoir 2007/64, dar teideal ‘Comhchuibhiú iomlán’: ‘(1) Gan dochar d'Airteagal 30(2), Airteagal 33, Airteagal 34(2), Airteagal 45(6), Airteagal 47(3), Airteagal 48(3), Airteagal 51(2), Airteagal 52(3), Airteagal 53(2), Airteagal 61(3), agus Airteagail 72 agus 88 a mhéid a bhfuil forálacha comhchuibhithe sa Treoir seo, ní dhéanfaidh na Ballstáit forálacha seachas na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach. … (3) Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta maolú, chun aimhleasa úsáideoirí seirbhísí íocaíochta, ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme forálacha na Treorach seo nó a chomhfhreagraíonn dóibh ach amháin i gcás ina bhforáiltear go sainráite ann. Mar sin féin, féadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a chinneadh téarmaí níos fabhraí a dheonú d’úsáideoirí seirbhísí íocaíochta.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na Bulgáire
|
12 |
Faoi Airteagal 51 den Zakon za platezhnite uslugi i platezhnite sistemi ot 2009 g. (Dlí 2009 maidir le seirbhísí íocaíochta agus córais íocaíochta) (DV Uimh. 23 an 27 Márta 2009), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘ZPUPS’): ‘(1) Tá idirbheart íocaíochta údaraithe má d’ordaigh an t‑íocóir é nó má thoiligh an t‑íocóir lena fhorghníomhú. In éagmais toilithe, measfar idirbheart íocaíochta a bheith neamhúdaraithe. (2) Údaróidh an t‑íocóir an t‑idirbheart íocaíochta sula ndéanfar é a fhorghníomhú, má chomhaontaíonn an t‑íocóir agus soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra, tar éis fhorghníomhú an idirbhirt.’ |
|
13 |
Is mar seo a leanas a bhí an fhoclaíocht d’Airteagal 56 de ZPUPS: ‘(1) I gcás ina ndiúltaíonn úsáideoir seirbhíse íocaíochta d’údarú d’fhorghníomhú an t‑idirbheart íocaíochta nó i gcás ina n‑éilíonn sé nach ndearnadh idirbheart íocaíochta i gceart, is ar an soláthraí seirbhíse íocaíochta a bheidh an dualgas a chruthú go ndearnadh an t‑idirbheart íocaíochta a fhíordheimhniú, a thaifeadadh go cruinn agus a iontráil sna cuntais agus nach ndearnadh difear dó de bharr cliseadh teicniúil nó lochtacha eile. (2) Is nós imeachta é fíordheimhniú trína ligtear don soláthraí seirbhíse íocaíochta dlíthiúlacht úsáid ionstraime íocaíochta ar leith a fhíorú, lena n‑áirítear a gnéithe slándála pearsantaithe. …’ |
|
14 |
Foráiltear le hAirteagal 57(1) de ZPUPS: ‘I gcás idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe, déanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra luach an idirbhirt íocaíochta neamhúdaraithe a aisíoc láithreach leis an íocóir agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sé an cuntas íocaíochta a cuireadh chun dochair a athbhunú don staid ina mbeadh sé mura ndéanfaí an t‑idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe.’ |
|
15 |
Foráiltear le hAirteagal 58(2) de ZPUPS: ‘Íocfaidh an t‑íocóir na caillteanais go léir a bhaineann le haon idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe má ghníomhaíonn an t‑íocóir go calaoiseach nó má theipeann air, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, ceann amháin nó níos mó d’oibleagáidí an íocóra faoi Airteagal 53 a chomhlíonadh. Sna cásanna sin, íocfaidh an t‑íocóir an caillteanas beag beann ar an méid.’ |
|
16 |
Foráiltear le hAirteagal 75 den Zakon za zadalzheniyata i dogovorite (Dlí maidir le hOibleagáidí agus Conarthaí) (DV Uimh. 275 an 22 Samhain 1950), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘ZZD’): ‘(1) Ní foláir an oibleagáid a chomhlíonadh i bhfabhar an chreidiúnaí nó duine a bheidh údaraithe ag an gcreidiúnaí, ag cúirt nó leis an dlí. Seachas sin ní bheidh an comhlíonadh bailí ach amháin má tá sé daingnithe ag an gcreidiúnaí nó má bhain sé leas aisti. (2) Déanfar an féichiúnaí a urscaoileadh ó dhliteanas i gcás ina mbeidh oibleagáid comhlíonta ag an bhféichiúnaí sin, de mheon macánta, i leith duine ar dealraitheach, ar bhonn imthosca soiléire, go bhfuil sé i dteideal an comhlíonadh a fháil. Beidh ceart caingne ag an bhfíorchreidiúnaí i gcoinne an duine a fuair an comhlíonadh. Déanfaidh feidhmíocht i leith creidiúnaí atá faoi réir easpa inniúlachta an féichiúnaí a urscaoileadh ó dhliteanas más rud é go ndeachaigh an fheidhmíocht sin chun sochair an chreidiúnaí.’ |
|
17 |
Foráiltear an méid seo a leanas i mír 3 d’Airteagal 422 den Targovski zakon (Cód Tráchtála) (DV Uimh. 48 an 18 Meitheamh 1991), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí: ‘I gcás go bhfuil an doiciméad taisce arna eisiúint caillte, scriosta nó goidte, ní mór don taisceoir é sin a chur in iúl don bhanc láithreach i scríbhinn. Ní bheidh an banc faoi dhliteanas más rud é, ag gníomhú dó de mheon macánta sula bhfuair sé an fógra, gur íoc sé suim le duine ar dealraitheach, ar bhonn imthosca soiléire, go raibh sé i dteideal an tsuim sin a fháil.’ |
Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
18 |
An 22 Samhain 2017, thug an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí agus Eurobank comhaontú i gcrích chun cuntas reatha a bhunú, trína gheall Eurobank cuntas neamhiata a bhunú agus a riar in ainm shealbhóir an chuntais agus seirbhísí íocaíochta a sholáthar dó. Áitíonn an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí go ndearna sé, i gcomhthéacs a thionscadail infheistíochta, 12 aistriú san iomlán chuig a chuntas bainc, ar íocadh EUR 999860 isteach ann san iomlán. |
|
19 |
Maíonn an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, nuair a thug sé cuairt ar bhrainse de Eurobank an 6 Feabhra 2018 chun idirbheart baincéireachta a dhéanamh lena shócmhainní, gur chuir fostaí de chuid an bhainc lena mbaineann in iúl dó nach raibh san iarmhéid ar a chuntas ach EUR 16000 agus gur sholáthair sé ráiteas dá chuntas dó chuige sin don tréimhse ó osclaíodh an cuntas, is é sin le rá, an 22 Samhain 2017, go dtí an 6 Feabhra 2018. De réir an iarratasóra sna príomhimeachtaí, thug sé faoi deara ag an nóiméad sin go raibh ‘MK’ áirithe, nach raibh aithne aige air, a dhearbhaíonn an t‑iarratasóir, tar éis idirbhearta baincéireachta a dhéanamh ar a chuntas, trí sé ordú aistrithe ar leith de mhéid iomlán de EUR 982000, trí chóip de chumhacht aturnae a thabhairt, dar dáta an 1 Nollaig 2017 agus a líomhnaítear a bheith eisithe ag nótaire Iodálach atá cláraithe le Coláiste na Nótairí Milano (an Iodáil) (‘an chumhacht aturnae atá i gceist sna príomhimeachtaí’). |
|
20 |
Is léir ón ordú tarchuir nár shínigh an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí an chóip sin den chumhacht aturnae atá i gceist sna príomhimeachtaí. |
|
21 |
Sna himthosca sin, chuir an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, ar an gcéad dul síos, an 6 Márta 2018, tuarascáil chuig Eurobank maidir le haistriú neamhdhleathach a shócmhainní chuig MK agus d’iarr sé go n‑aisíocfaí an méid a bhí á éileamh aige, chuig a chuntas bainc. Ar an dara dul síos, sheol sé cóip den tuarascáil sin chuig Balgarska Narodna Banka (Banc Náisiúnta na Bulgáire, ‘BNB’), an 8 Márta 2018. Ar deireadh, chuir sé iarratas i scríbhinn ar fhaisnéis faoin gcumhacht aturnae a bhí i gceist sna príomhimeachtaí chuig an nótaire Iodálach lena mbaineann. D’fhreagair an nótaire sin nár dhréachtaigh sé ná nár dheimhnigh sé aon chumhacht aturnae in ainm MK, lenar ceapadh MK mar ghníomhaire chun idirbhearta a dhéanamh ar chuntais bhainc an iarratasóra sna príomhimeachtaí, agus dúirt sé gur “‘brionnú” go deimhin’ a bhí sa chumhacht aturnae atá i gceist sna príomhimeachtaí. Chuir an nótaire sin in iúl don iarratasóir freisin sna príomhimeachtaí go raibh ríomhphost faighte aige, an 20 Feabhra 2018, ó fhostaí de chuid Eurobank ag iarraidh dearbhú ar bhailíocht na cumhachta aturnae atá i gceist sna príomhimeachtaí. Ina fhreagra ar an ríomhphost sin, chuir sé in iúl go soiléir gur cheart an chumhacht aturnae a bhí i gceist a mheas mar ‘bhrionnú’, agus thuairiscigh sé an lá dár gcionn gur úsáideadh ‘cumhacht aturnae bhréagach’ do Choláiste na Nótairí Milano. |
|
22 |
Dearbhaíonn an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí go ndearna fostaithe Eurobank mórfhaillí nuair a cheadaigh siad do MK na cistí a bhí ar fáil ar a chuntas a dhiúscairt ar chumhacht aturnae a bhí neamhrialta a thíolacadh ós rud é nach raibh síniú an iarratasóra sna príomhimeachtaí air. |
|
23 |
Sonraíonn Eurobank, nuair a d’oscail an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí a chuntas reatha ag ceann dá bhrainsí, an 22 Samhain 2017, gur thuig fostaí an bhrainse go raibh sé beartaithe ag an iarratasóir gníomhaire a úsáid chun an cuntas sin a bhainistiú. Mar gheall ar na hidirbhearta idirnáisiúnta a rabhthas ag súil leo ar an gcuntas sin agus chun cianrochtain a sholáthar agus chun faireachán ar ghluaiseachtaí cistí sa chuntas sin a chumasú, tairgeadh seirbhísí baincéireachta ar líne, córas fógraí trí theachtaireacht téacs (SMS) agus cárta dochair, don iarratasóir sna príomhimeachtaí, ach dhiúltaigh sé leas a bhaint as na seirbhísí sin. |
|
24 |
Ní chuireann Eurobank i gcoinne na bhfíoras atá leagtha amach ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí. Mar sin féin, sonraíonn sé gur thíolaic MK don fhostaí ábhartha de chuid an bhainc, ar dtús an 15 Nollaig 2017 agus ina dhiaidh sin ag tráth gach ordaithe íocaíochta, cumhacht aturnae dar dáta an 1 Nollaig 2017, arna deimhniú ag nótaire Iodálach an 5 Nollaig 2017, mar chóip dhílis den bhunchóip. Bhí deimhniú ‘apastaile’ arna eisiúint ag an údarás inniúil ar an gcóip sin, is é sin le rá, an Sostituto Procuratore della Repubblica Italiana (Leas-Ionchúisitheoir Phoblacht na hIodáile), agus go raibh an chóip agus an deimhniú ‘apastaile’ araon aistrithe ón Iodáilis go Bulgáiris ag aistritheoir faoi bhrí mionna. |
|
25 |
Admhaíonn Eurobank, an 20 Feabhra 2018, gur d’fhiafraigh sé den nótaire sin an raibh an chumhacht aturnae atá i gceist sna príomhimeachtaí tarraingthe suas i gceart agus taifeadta ina chlár nótaire; cibé an raibh an fórsa dlíthiúil céanna ag an gcóip a bhfuil nótaireacht déanta uirthi den chumhacht aturnae sin agus atá ag an gcumhacht aturnae féin; agus cibé an gnáthchleachtas é cóipeanna den sórt sin a eisiúint, ag seoladh cóip scanta den chumhacht aturnae atá i gceist chuige. Cé nár thug sé freagra beacht soiléir ar na ceisteanna a cuireadh air mar a cuireadh síos orthu, d’fhreagair an nótaire sin gur ‘brionnú’ a bhí sa doiciméad a cuireadh faoi bhráid Eurobank. |
|
26 |
An 27 Feabhra 2018, sheol Eurobank iarratas ríomhphoist chuig Leas-Ionchúisitheoir Phoblacht na hIodáile a ndearna, trína shíniú, an chóip a bhfuil nótaireacht déanta uirthi den chumhacht aturnae atá i gceist sna príomhimeachtaí a fíordheimhniú trí dheimhniú ‘apastaile’. Mar fhreagra ar an iarratas sin, fuair Eurobank deimhniú oifigiúil ó Procura di Monza (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, Monza, an Iodáil) go raibh an deimhniú ‘apastaile’ a eisíodh an 12 Nollaig 2017 ar chóip na cumhachta aturnae sin bailí. |
|
27 |
Sheas Sofiyski gradski sad (Cúirt Chathair Shóifia, an Bhulgáir), ag cur ZPUPS i bhfeidhm, le héilimh an iarratasóra sna príomhimeachtaí. Chinn an chúirt sin go bhfuil banc, prima facie, faoi dhliteanas i leith idirbhearta neamhúdaraithe, mura rud é go ndearnadh iad a fhorghníomhú mar thoradh ar mhainneachtain sealbhóir an chuntais, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, na hoibleagáidí atá ar shealbhóirí cuntais a chomhlíonadh, agus sa chás sin nach ndéantar luach an idirbhirt atá i gceist a aisíoc leis an sealbhóir cuntais, beag beann ar mhéid an idirbhirt sin. De réir na cúirte sin, ó tharla nár éiligh ná nár léirigh an cosantóir sna príomhimeachtaí go raibh iompar den sórt sin ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí, ní raibh gá le scrúdú a dhéanamh ar na héilimh a rinne an cosantóir sna príomhimeachtaí maidir le haon mheon macánta ar a thaobh. |
|
28 |
Thaisc Eurobank achomharc i gcoinne an bhreithiúnais a tugadh ag an gcéad chéim, os comhair Apelativen sad – Sofia (an Chúirt Achomhairc, Sóifia), arb í an chúirt a rinne an tarchur í. |
|
29 |
I bhfianaise Airteagal 86 de Threoir 2007/64, lena gcinntear a mhéid a fhoráiltear leis an treoir sin do chomhchuibhiú iomlán, níl an chúirt a rinne an tarchur cinnte an bhféadfaidh, i gcás inar ghníomhaigh soláthraí seirbhíse íocaíochta de mheon macánta agus ina raibh an ionstraim íocaíochta curtha faoina bhráid in ord go foirmiúil, feidhm a bheith ag Airteagal 75(2) de ZZD in imthosca an cháis sna príomhimeachtaí. Mar a fhoráiltear san Airteagal sin 75(2), tá féichiúnaí urscaoilte ó dhliteanas i gcás ina bhfuil oibleagáid comhlíonta ag an bhféichiúnaí, de mheon macánta, i leith duine ar dealraitheach, ar bhonn imthosca soiléire, go bhfuil sé i dteideal an comhlíonadh a fháil. |
|
30 |
Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire freisin gur cóip í an chumhacht aturnae atá i gceist sna príomhimeachtaí, ar a bhfuil deimhniú ‘apastaile’ curtha, den bhunchumhacht aturnae lena mbaineann ar a bhfuil síniú an phríomhaí arna dheimhniú ag nótaire. Faoi Airteagal 2 den Choinbhinsiún lena gcuirtear deireadh leis an gceangal fíoraithe i gcás doiciméad poiblí coigríche, a tugadh i gcrích sa Háig an 5 Deireadh Fómhair 1961 (‘Coinbhinsiún na Háige’), ciallaíonn dlisteanú doiciméad trí bhíthin deimhniú ‘apastaile’ an fhoirmiúlacht chun barántúlacht an tsínithe a dheimhniú agus an cháil inar ghníomhaigh an duine a shíníonn an doiciméad, is é sin le rá, sa chás seo, an nótaire. |
|
31 |
Ina theannta sin, measann an chúirt a rinne an tarchur, ós rud é go n‑údaraítear le cumhacht aturnae den sórt sin don ghníomhaire diúscairtí a dhéanamh ar na sócmhainní ar an gcuntas bainc lena mbaineann, go bhféadfaí é a aicmiú mar ‘ionstraim íocaíochta’ de réir bhrí Airteagal 4(23) de Threoir 2007/64, sa mhéid go bhfuil an chumhacht aturnae sin ina cuid de nós imeachta a úsáideann úsáideoir na seirbhíse íocaíochta chun ordú íocaíochta a thionscnamh. |
|
32 |
Sonraíonn an chúirt sin freisin, chun go n‑údarófar é, nach mór idirbheart íocaíochta a bheith forghníomhaithe ar bhonn thoiliú an íocóra i gcomhréir le hAirteagal 54(1) den treoir sin. De réir na cúirte a rinne an tarchur, is éard atá i gceist leis an gceanglas toilithe sin údarú an dearbhaithe rúin arna fhianú leis an ordú íocaíochta a chruthú, agus go bhfuil an cruthúnas sin nasctha le fíordheimhniú an idirbhirt íocaíochta, is é sin le rá, le nós imeachta a chuireann ar chumas an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta chun úsáid ionstraime íocaíochta ar leith a fhíorú, lena n‑áirítear a gnéithe slándála pearsantaithe. |
|
33 |
Ina theannta sin, tugann an chúirt sin dá haire, faoi Airteagal 59 de Threoir 2007/64, gurb é an soláthraí seirbhíse íocaíochta lena mbaineann a bheidh freagrach as a chruthú go ndearnadh idirbheart íocaíochta a fhíordheimhniú. Sa chás seo, má chruthaíonn Eurobank gur fhíordheimhnigh sé an ionstraim íocaíochta atá i gceist, trína shuíomh go raibh an chumhacht aturnae atá i gceist sna príomhimeachtaí in ord, shuífí toiliú an íocóra agus mheasfaí na hidirbhearta íocaíochta a dhéanfar leis an ionstraim sin a bheith ‘údaraithe’ de réir bhrí Airteagal 54 den treoir sin. |
|
34 |
Sna himthosca sin chinn Apelativen sad – Sofia (Cúirt Achomhairc, Sóifia) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:
|
Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear
An chéad cheist
|
35 |
Lena chéad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 4(23) de Threoir 2007/64 a léiriú amhail is gurb’ionann cumhacht aturnae, trína n‑údaraíonn sealbhóir cuntais bhainc do ghníomhaire sócmhainní a dhiúscairt, ar an gcuntas sin, trí ordú íocaíochta, agus ‘ionstraim íocaíochta’, de réir bhrí na forála sin. |
|
36 |
D’fhonn an cheist sin a fhreagairt, ní mór a mheabhrú ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le cásdlí socair, chun raon feidhme forála de dhlí an Aontais a chinneadh, gur gá ní amháin a foclaíocht a bhreithniú, ach freisin an comhthéacs ina bhfuil sí chomh maith, agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha lena mbaineann sí (breithiúnas an 13 Iúil 2023, G GmbH, C‑134/22, EU:C:2023:567, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
37 |
Sainmhínítear in Airteagal 4(23) de Threoir 2007/64 an coincheap ‘ionstraim íocaíochta’ de réir bhrí na treorach sin mar ‘aon fheiste nó feistí pearsantaithe agus/nó tacar de nósanna imeachta atá comhaontaithe ag an úsáideoir seirbhíse íocaíochta agus an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus a úsáidtear chun ordú íocaíochta a thionscnamh’. |
|
38 |
Is féidir a fheiceáil óna fhoclaíocht go ndéantar idirdhealú in Airteagal 4(23) idir dhá chatagóir ionstraime íocaíochta. Tá, ar thaobh amháin, feistí pearsantaithe. I gcomhréir leis an gcásdlí, ionas go measfar é a bheith pearsantaithe, ní mór d’ionstraim íocaíochta ligean don soláthraí seirbhíse íocaíochta a fhíorú gurb é úsáideoir atá údaraithe chun é sin a dhéanamh a thionscain an t‑ordú íocaíochta (breithiúnais an 9 Aibreán 2014, T-Mobile Austria, C‑616/11, EU:C:2014:242, mír 33, agus an 11 Samhain 2020, DenizBanc, C‑287/19, EU:C:2020:897, mír 70). |
|
39 |
Ar an taobh eile, áirítear leis an gcoincheap ‘ionstraim íocaíochta’ aon tacar de nósanna imeachta arna gcomhaontú idir úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus an soláthraí seirbhíse íocaíochta. |
|
40 |
Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mór don fheiste phearsantaithe sin agus/nó an tacar nósanna imeachta sin, iontu féin, é a dhéanamh indéanta gur féidir ordú íocaíochta a thionscnamh. Chuige sin, is léir ó fhoclaíocht Airteagail 55 go 57 de Threoir 2007/64 gurb é soláthraí seirbhíse íocaíochta an úsáideora a eisíonn an ‘ionstraim íocaíochta’ agus a chuireann í ar fáil don úsáideoir seirbhíse íocaíochta sin. Thairis sin, de bhun Airteagal 2(1) den treoir sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(3) agus le pointe 5 den Iarscríbhinn a ghabhann léi, tá feidhm ag an treoir sin maidir le seirbhísí íocaíochta, lena n‑áirítear aon ghníomhaíocht gnó a liostaítear san Iarscríbhinn sin, agus go háirithe maidir le hionstraimí íocaíochta a eisiúint agus/nó a fháil. |
|
41 |
In imthosca an cháis seo, ní fhéadtar cumhacht shainiúil shainráite aturnae arna dheonú ag sealbhóir cuntais bhainc do ghníomhaire, lena n‑údaraítear don ghníomhaire sin idirbhearta a dhéanamh sa chuntas sin agus, dá bhrí sin, nach gcruthaítear ach nasc dlíthiúil idir sealbhóir an chuntais sin agus gníomhaire an tsealbhóra amhail an chumhacht aturnae atá i gceist sna príomhimeachtaí, a mheas, ann féin, go bhfuil sé de chumas aici ina haonar, ordú íocaíochta a thionscnamh de réir bhrí Airteagal 4(23) de Threoir 2007/64. |
|
42 |
Dá bhrí sin, ní hionann cumhacht aturnae, amhail an chumhacht aturnae atá i gceist sna príomhimeachtaí, trína n‑údaraíonn sealbhóir cuntais bhainc go haontaobhach do ghníomhaire diúscairt sócmhainní a dhéanamh thar ceann an tsealbhóra cuntais, arna glacadh ina n‑aonar, agus ‘ionstraim íocaíochta’ de réir bhrí Airteagal 4(23) de Threoir 2007/64. |
|
43 |
Mar sin féin, is léir ó na soiléirithe a thug an chúirt a rinne an tarchur, i gcúinsí na díospóide sna príomhimeachtaí, gur foráladh go sainráite i dtéarmaí agus coinníollacha ginearálta an chomhaontaithe chun cuntas reatha a chur ar bun, arna thabhairt i gcrích an 22 Samhain 2017 idir Eurobank agus an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, go bhféadfaí an cuntas i dtrácht a oibriú trí ghníomhaire arna údarú trí bhíthin cumhachta aturnae arna deimhniú ag nótaire ina mbeadh dearbhú sainráite go bhfuil sé ar intinn aige diúscairtí a dhéanamh leis na cistí sa chuntas sin. |
|
44 |
Faoi réir na seiceálacha atá faoin gcúirt tarchuir a dhéanamh, is dealraitheach mar sin, in imthosca ar nós na díospóide sna príomhimeachtaí, go bhfuil sé de chumas ag úsáid chumhacht aturnae den sórt sin in éineacht le hordú íocaíochta arna eisiúint ag an ngníomhaire a cheapadh sa chumhacht aturnae sin, a bheith ina chuid de ‘thacar nósanna imeachta’ arna chomhaontú idir úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus soláthraí na seirbhíse íocaíochta, a fhéadfaidh an t‑úsáideoir seirbhíse íocaíochta sin a úsáid chun ordú íocaíochta a thionscnamh, de réir bhrí Airteagal 4(23) de Threoir 2007/64. |
|
45 |
Dá bhrí sin, ní mór a chinneadh, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara go bunúsach i míreanna 49 go 51 dá Thuairim, go bhféadtar gurb’ionann cumhacht aturnae arna eisiúint ag sealbhóir cuntais bhainc, atá ag gabháil le hordú íocaíochta arna eisiúint ag an ngníomhaire a ceapadh sa chumhacht aturnae sin, a bheith ina cuid den tacar nósanna imeachta arna gcomhaontú idir an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus úsáideoir na seirbhísí sin chun ordú íocaíochta a thionscnamh, de réir bhrí na forála sin. |
|
46 |
Ní mór a thabhairt faoi deara freisin ina leith sin nach féidir le téarma conartha lena gceadaítear úsáid a bhaint as cumhacht aturnae i gcomhthéacs sraith nósanna imeachta arb éard iad ionstraim íocaíochta laghdú a chur ar an ardleibhéal grinnscrúdaithe maidir le cibé an bhfuil an t‑idirbheart íocaíochta údaraithe, atá de dhualgas ar an soláthraí seirbhíse íocaíochta a dhéanamh. I gcomhthéacs an ghrinnscrúdaithe sin, féadfar a cheangal ar an soláthraí sin, inter alia, a fhíorú, i bhfianaise na rialacha náisiúnta is infheidhme, luach cruthúnais na cumhachta aturnae agus céannacht an duine a chuireann é nó í féin i láthair mar ghníomhaire agus a bhraitheann ar an gcumhacht aturnae sin chun ordú íocaíochta a thionscnamh. |
|
47 |
I bhfianaise an mhéid sin thuasluaite, is é an freagra ar an gcéad cheist dá dtagraítear nach mór Airteagal 4(23) de Threoir 2007/64 a léiriú amhail is nach ionann cumhacht aturnae, trína n‑údaraíonn sealbhóir cuntais bhainc do ghníomhaire sócmhainní a dhiúscairt, ar an gcuntas sin, trí ordú íocaíochta, ann féin agus ‘ionstraim íocaíochta’, de réir bhrí na forála sin. Mar sin féin, tá sraith nósanna imeachta, arna gcomhaontú idir sealbhóir an chuntais sin agus an soláthraí seirbhíse íocaíochta, lena gceadaítear do ghníomhaire atá ainmnithe i gcumhacht aturnae den sórt sin ordú íocaíochta a thionscnamh ón gcuntas sin, a d’fhéadfaí a aicmiú mar ‘ionstraim íocaíochta’. |
An dara agus an tríú ceist
|
48 |
Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú i gcomhthéacs an chomhair idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais gur faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. Agus é sin san áireamh, d’fhéadfadh go mbeadh ar an gCúirt na ceisteanna a tarchuireadh chuici a athfhoirmliú (breithiúnas an 25 Eanáir 2024, Parchetul de pe lângă Curtea de Apel Craiova, C‑58/22, EU:C:2024:70, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ina theannta sin, féadfaidh an Chúirt a chinneadh gur gá forálacha dhlí an Aontais nár thagair an chúirt náisiúnta dóibh ina ceisteanna a léiriú, ag baint, go háirithe as forais an ordaithe tarchuir, na pointí de dhlí an Aontais ar gá iad a léiriú, ag féachaint d’ábhar na díospóide (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Nordic Info, C‑128/22, EU:C:2023:951, mír 99 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
49 |
Sa chás seo, áirítear i bhfoclaíocht an dara ceist tagairt, inter alia, do Choinbhinsiún na Háige, nach bhfuil an tAontas Eorpach ina pháirtí ann agus nach bhfuil aon téarma ann lena dtugtar dlínse don Chúirt Bhreithiúnais. |
|
50 |
I gcomhréir le cásdlí socair, ní bhaineann an chumhacht faoi Airteagal 267 CFAE chun léirithe a sholáthar trí réamhrialú ach le rialacha ar cuid de dhlí an Aontais iad amháin. Go háirithe, i gcás comhaontuithe idirnáisiúnta, socraítear go bhfuil comhaontuithe den sórt sin arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach ina gcuid dhílis dá dhlíchóras agus go bhféadfaidís, dá bhrí sin, a bheith ina n‑ábhar d’iarraidh ar réamhrialú. Ar an taobh eile, níl dlínse ag an gCúirt, i bprionsabal, chun comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích idir Ballstáit agus tíortha nach Ballstáit iad a léiriú, in imeachtaí réamhrialaithe (breithiúnas an 17 Iúil 2014, Qurbani, C‑481/13, EU:C:2014:2101, mír 21 agus mír 22 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
51 |
Is i gcás agus a mhéid a ghlac an tAontas Eorpach na cumhachtaí a bhí á bhfeidhmiú roimhe sin ag na Ballstáit sa réimse a bhfuil feidhm ag coinbhinsiún idirnáisiúnta nach bhfuil tugtha chun críche ag an Aontas Eorpach maidir leis agus sa chás sin amháin, agus dá bhrí sin, tá éifeacht ag forálacha an choinbhinsiúin ceangal a chur ar an Aontas Eorpach go bhfuil dlínse ag an gCúirt coinbhinsiún den sórt sin a léiriú (breithiúnas an 17 Iúil 2014, Qurbani, C‑481/13, EU:C:2014:2101, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
52 |
Sa chás seo, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 72 dá Thuairim, níl aon fhoráil shonrach i ndlí an Aontais atá is infheidhme maidir le dlisteanú chumhacht aturnae chun críocha cuntas íocaíochta a oibriú. Dá réir sin, ní féidir dlínse a bheith ag an gCúirt léiriú a dhéanamh go díreach ar na rialacha a bhaineann le deimhniú ‘apastaile’ arna chur ar chumhacht aturnae den sórt sin ag údarás inniúil eachtrach faoi Choinbhinsiún na Háige. Mar sin féin, níl aon rud a choiscfidh an Chúirt, agus forálacha Threoir 2007/64 á léiriú aici, ó shoiléiriú cé acu an gá nó nach gá idirbheart íocaíochta arna fhorghníomhú ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta ar bhonn cumhacht aturnae a bhfuil nótaireacht déanta uirthi ar a bhfuil an deimhniú ‘apastaile’ arna bhunú ag Coinbhinsiún na Háige a mheas mar údaraithe. |
|
53 |
Chuige sin, mar is léir ó mhír 44 den bhreithiúnas seo, níl i gcumhacht aturnae, amhail an chumhacht aturnae atá i gceist sna príomhimeachtaí, ach comhpháirt amháin den tacar nósanna imeachta arna gcomhaontú idir úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus soláthraí na seirbhísí sin agus trína dtionscnaíonn an t‑úsáideoir sin ordú íocaíochta. Mar sin féin, tá sé soiléir ó na mínithe a thug an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil sí ag fiosrú, trína dara agus tríú ceist, cad iad na himthosca ina bhféadfaí úsáid de chumhacht aturnae den sórt sin a in éineacht le hordú íocaíochta arna eisiúint ag an ngníomhaire a bheith ina fhianaise ar ‘thoiliú’ shealbhóir an chuntais bhainc lena mbaineann. |
|
54 |
Dá bhrí sin, ní mór raon feidhme na gceisteanna sin a leathnú chun léiriú ar Airteagal 54(1) agus (2) de Threoir 2007/64, lena rialaítear an t‑ábhar maidir le toiliú le hidirbheart íocaíochta, a áireamh. Ina theannta sin, ós rud é, leis an tríú ceist, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an leor an ionstraim íocaíochta a bheith in ord go foirmiúil chun toiliú an íocóra leis an idirbheart íocaíochta a shuíomh, is gá freisin léiriú a dhéanamh ar Airteagal 59(2) den treoir sin, ina leagtar amach riail a bhaineann leis an gcaighdeán cruthúnais is gá chun an toiliú sin a shuíomh. Ar deireadh, ós rud é, mar atá leagtha amach i míreanna 57 go 59 den bhreithiúnas seo, gur forálacha lán‑chomhchuibhithe iad forálacha na treorach sin lena mbaineann na ceisteanna sin, de bhua Airteagal 86(1) di, ní mór a chinneadh go ndéantar tagairt freisin don fhoráil sin leis na ceisteanna a tharchuirtear. |
|
55 |
Dá bhrí sin, ní mór a mheas go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag fiosrú, go bunúsach, lena dara agus tríú ceist, nach mór a scrúdú le chéile, an gá Airteagal 54(1) agus (2), Airteagal 59(1) agus (2) agus Airteagal 86(1) de Threoir 2007/64 a léiriú amhail mar a chiallaíonn, i gcás ina ndearnadh idirbheart íocaíochta ar bhonn cumhachta aturnae arna dheonú ag sealbhóir an chuntais bhainc, a rinneadh foirmiúil le doiciméad nótaire agus a raibh deimhniú ‘apastaile’ air, agus i gcás go gcuireann sealbhóir an chuntais i gcoinne bhailíocht na cumhachta aturnae agus, dá bhrí sin, gur tugadh an toiliú leis an idirbheart íocaíochta sin, gur leor an fíoras dealraitheach go bhfuil an chumhacht aturnae atá i gceist in ord go foirmiúil chun glacadh leis gur údaraíodh an t‑idirbheart íocaíochta sin. |
|
56 |
Sa chéad áit, is cosúil go measann an chúirt a rinne an tarchur, ar bhonn fhreagraí na Cúirte ar na ceisteanna a tharchuirtear, go mbeidh sí ábalta teacht ar chonclúidí, chun críocha dliteanas an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta a mheasúnú, maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 75(2) de ZZD, lena leagtar síos an córas dliteanais ghinearálta a bhaineann le comhlíonadh oibleagáidí, bunaithe ar phrionsabal de mheon macánta an fhéichiúnaí, ar dá réir a n‑urscaoiltear dliteanais an féichiúnaí más rud é gur chomhlíon an féichiúnaí de mheon macánta oibleagáid i leith an duine ar dealraitheach, ar bhonn imthosca soiléire, go bhfuil sé i dteideal an comhlíonadh lena mbaineann a fháil. |
|
57 |
Ní mór a mheabhrú go ndearnadh comhchuibhiú iomlán, de bhun Airteagal 86(1) de Threoir 2007/64, ar an gcóras lena rialaítear dliteanas soláthraithe seirbhíse íocaíochta as idirbhearta neamhúdaraithe nó idirbhearta a rinneadh go mícheart, a leagtar síos in Airteagal 60(1) agus in Airteagail 58 agus 59 den treoir sin. Is é an toradh atá air sin ná go bhfuil réimeas dliteanais chomhthreomhair maidir leis an teagmhas oibriúcháin céanna agus córas dliteanais iomaíocha lena ligtear d’úsáideoir na seirbhíse íocaíochta an dliteanas sin a spreagadh ar bhonn teagmhais oibriúcháin eile ar neamhréir leis an treoir sin araon. Dá bhrí sin, ní fhéadtar an córas lena rialaítear dliteanas soláthraithe seirbhíse íocaíochta as idirbhearta neamhúdaraithe nó arna bhforghníomhú go mícheart a bhunaítear le Treoir 2007/64 a chur in iomaíocht le córas dliteanais mhalartach a leagtar síos faoin dlí náisiúnta, bunaithe ar na fíorais chéanna agus ar an mbonn céanna, ach amháin ar an gcoinníoll nach ndéanfaidh an córas dliteanais mhalartach atá i gceist difear dochrach don chóras a chomhchuibhítear amhlaidh ná an bonn a bhaint de chuspóirí agus d’éifeachtacht na treorach sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Márta 2023, Beobank, C‑351/21, EU:C:2023:215, míreanna 37 agus 38). |
|
58 |
Dá réir sin, mar a shonraigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 99 dá Thuairim, ní féidir le Ballstát an córas comhchuibhithe lena rialaítear dliteanas soláthraithe seirbhíse íocaíochta as idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe nó arna bhforghníomhú go mícheart a bhunaítear le Treoir 2007/64 a mhaolú trí dhul ar iontaoibh rialacha náisiúnta lena mbunaítear dliteanas caolaithe i leith na soláthraithe sin. |
|
59 |
Ní mór an cinneadh céanna a dhéanamh maidir leis na forálacha maidir le toiliú an íocóra leis an idirbheart íocaíochta agus maidir le tarraingt siar an toilithe sin, atá leagtha síos in Airteagal 54 de Threoir 2007/64. Mar atá le hAirteagail 58 go 60 den treoir sin, níl Airteagal 54 den treoir ar cheann de na forálacha dá dtugtar le hAirteagal 86(1) den treoir sin saoirse gníomhaíochta do na Ballstáit ina gcur chun feidhme (féach, de réir analaí, breithiúnas an Aontais Eorpaigh, an 2 Meán Fómhair 2021, CRCAM, C‑337/20, EU:C:2021:671, mír 41). |
|
60 |
Sa dara háit, is léir ó mhír 1 d’Airteagal 59 de Threoir 2007/64, dar teideal ‘Fianaise maidir le hidirbhearta íocaíochta a fhíordheimhniú agus a fhorghníomhú’, i gcás ina ndiúltaíonn úsáideoir seirbhíse íocaíochta idirbheart íocaíochta forghníomhaithe a údarú nó i gcás ina n‑éilíonn sé nach ndearnadh an t‑idirbheart íocaíochta atá i gceist a fhorghníomhú i gceart, is faoi sholáthraí seirbhíse íocaíochta an úsáideora sin a chruthú go ndearnadh an t‑idirbheart íocaíochta atá i gceist a fhíordheimhniú, a thaifeadadh go cruinn agus a iontráil sna cuntais. |
|
61 |
Is féidir a fheiceáil freisin, ó Airteagal 59(2) de Threoir 2007/64, i gcás ina ndiúltaíonn úsáideoir seirbhíse íocaíochta idirbheart íocaíochta a forghníomhaíodh a údarú, ní leor ann féin an úsáid d’ionstraim íocaíochta, arna thaifeadadh ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta, chun a chruthú gur údaraigh an t‑íocóir an t‑idirbheart íocaíochta sin. |
|
62 |
Ar deireadh, is féidir a fheiceáil ó Airteagal 54(1) agus (2) de Threoir 2007/64, in éagmais thoiliú an íocóra le forghníomhú an idirbhirt íocaíochta, nach mór a thabhairt san fhoirm a chomhaontaítear idir an t‑íocóir agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra, meastar an t‑idirbheart íocaíochta a bheith neamhúdaraithe. |
|
63 |
Is féidir tátal a bhaint as na forálacha sin gur faoin soláthraí seirbhíse íocaíochta atá sé a chruthú gur údaraigh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta an t‑idirbheart íocaíochta trí thoiliú a thabhairt don idirbheart sin san fhoirm arna comhaontú idir na páirtithe. |
|
64 |
Tagann an dualgas cruthúnais ar an soláthraí seirbhíse íocaíochta ón oibleagáid atá ar an soláthraí sin an t‑idirbheart íocaíochta a fhíordheimhniú. Sainmhínítear an coincheap ‘fíordheimhnithe’ in Airteagal 4(19) de Threoir 2007/64 mar thagairt do nós imeachta trína gceadaítear don soláthraí seirbhíse íocaíochta ‘úsáid ionstraime íocaíochta ar leith a fhíorú, lena n‑áirítear a ghnéithe slándála pearsantaithe’. |
|
65 |
Maidir leis an gcoincheap ‘úsáid ionstraime íocaíochta ar leith’, is féidir a fheiceáil ó Airteagal 55(1) de Threoir 2007/64 go bhféadfar ionstraim íocaíochta a úsáid chun críocha úsáideoir seirbhíse íocaíochta toiliú a thabhairt d’idirbheart íocaíochta a fhorghníomhú. |
|
66 |
Sna himthosca sin, mar a thugann an Coimisiún Eorpach dá aire, is léir ó léamh comhcheangailte de na forálacha sin go léir go bhfuil an oibleagáid ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta idirbheart íocaíochta a fhíordheimhniú beartaithe chun úsáid na hionstraime íocaíochta a fhíorú d’fhonn a shuíomh go bhfuil toiliú tugtha ag úsáideoir na seirbhísí sin le forghníomhú an idirbhirt íocaíochta sin, ar féidir, dá bhrí sin, a mheas a bheith údaraithe. |
|
67 |
Sa chás seo, fiosraíonn an chúirt a rinne an tarchur an leor ann féin an tíolacadh de chóip den chumhacht aturnae atá i gceist sna príomhimeachtaí, ar a bhfuil deimhniú ‘apastaile’ ar chur údarás inniúil Stáit eile atá ina pháirtí i gCoinbhinsiún na Háige air agus a mheasann sé, dá bhrí sin go bhfuil sé in ord go foirmiúil, chun a chinneadh go bhfuil sé léirithe ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta, ionas nach ndéanfaidh sé dliteanas a thabhú, go raibh an t‑idirbheart íocaíochta i gceist údaraithe, is é sin le rá, go raibh toiliú tugtha ag úsáideoir na seirbhísí íocaíochta sin leis an idirbheart sin a fhorghníomhú. |
|
68 |
Chuige sin, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 87 dá Thuairim, go bhfuil an córas comhchuibhithe lena rialaítear dliteanas soláthraithe seirbhíse íocaíochta as idirbhearta neamhúdaraithe nó idirbhearta a rinneadh go mícheart, a leagtar síos in Airteagal 60(1)(b) agus in Airteagail 58 agus 59 de Threoir 2007/64, ag luí ar thrí ghné bhunriachtanacha agus idirnasctha, eadhon, oibleagáid fógra a thabhairt don úsáideoir seirbhíse íocaíochta, an dualgas cruthúnais ar sholáthraí na seirbhísí sin agus, ar deireadh, in éagmais cruthúnais, dliteanas ar thaobh an tsoláthraí sin, ag brath ar cibé an raibh an t‑idirbheart i gceist neamhúdaraithe nó an ndearnadh é a fhorghníomhú i gceart. |
|
69 |
Laistigh den chóras comhchuibhithe sin lena rialaítear dliteanas i gcás idirbheart neamhúdaraithe nó idirbheart nár forghníomhaíodh i gceart, bunaítear le hAirteagal 59 de Threoir 2007/64 sásra um dhualgas cruthúnais atá fabhrach d’úsáideoir na seirbhíse íocaíochta. Go bunúsach, is ar an soláthraí seirbhíse íocaíochta atá an dualgas cruthúnais, a chaithfidh a chruthú go ndearnadh an t‑idirbheart íocaíochta a fhíordheimhniú, a thaifeadadh go cruinn agus a chur isteach sna cuntais. Go praiticiúil, ar choinníoll go bhfuil an fógra atá leagtha síos in Airteagal 58 den treoir sin tugtha laistigh den tréimhse a fhorordaítear san airteagal sin, tá d’éifeacht ag an réimeas fianaise atá leagtha síos san Airteagal 59 sin an soláthraí sin a chur faoi réir oibleagáide aisíocaíochta láithreach, i gcomhréir le hAirteagal 60(1) den treoir sin (breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, CRCAM, C‑337/20, EU:C:2021:671, mír 40). |
|
70 |
Mar a shonraítear i mír 63 den bhreithiúnas seo, is féidir tátal a bhaint as Airteagal 54(1) agus (2) agus Airteagal 59(1) de Threoir 2007/64 go gceanglaítear ar an soláthraí sin a chruthú go ndearna sé an fíordheimhniú ar an idirbheart íocaíochta atá i gceist agus gur thug úsáideoir na seirbhíse íocaíochta toiliú don idirbheart íocaíochta sin san fhoirm a comhaontaíodh idir na páirtithe. Dá bhrí sin is dualgas an‑trom é an dualgas cruthúnais ar an soláthraí sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 98 dá Thuairim. |
|
71 |
Ina theannta sin, ní mór a thabhairt le tuiscint, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 63 dá Thuairim, go bhfuil cumhacht aturnae ar cheann de na gníomhartha dlí trína bhféadfaidh úsáideoir seirbhíse íocaíochta toiliú a chur in iúl maidir le forghníomhú idirbheart íocaíochta a dhéantar as cuntas an úsáideora sin ag gníomhaire an úsáideora laistigh de theorainneacha na cumhachta aturnae arna deonú. Dá réir sin, féadfaidh fíorú an bhfuil cumhacht aturnae den sórt sin in ord go foirmiúil, i gcás inarb infheidhme, a bheith mar chuid den nós imeachta chun ionstraim íocaíochta a bhfuil an chumhacht aturnae sin ina comhpháirt di a fhíordheimhniú, agus dá bhrí sin, féadfaidh sí, a bheith mar cheann de na míreanna fianaise lena gcuirtear ar chumas soláthraí seirbhíse a chruthú gur thoiligh an t‑úsáideoir iarbhír le hidirbheart íocaíochta a bhfuil an t‑úsáideoir sin ag ina choinne. |
|
72 |
Go deimhin, mar a thug Rialtas na Bulgáire agus an Coimisiún faoi deara i gceart, ní dhéantar na modhanna cruthúnais trína bhféadfar a shuíomh go raibh an t‑idirbheart íocaíochta i gceist ‘údaraithe’ ag úsáideoir na seirbhíse íocaíochta de réir bhrí Airteagail 54 agus 59 de Threoir 2007/64, agus, go háirithe, an nós imeachta chun barántúlacht cumhachta aturnae a fhíorú, a chomhchuibhiú leis an treoir sin agus tá siad, dá réir sin, á rialú ag an dlí náisiúnta. |
|
73 |
Ar an gcéad dul síos, mar a mheabhraítear i mír 61 den bhreithiúnas seo, faoi Airteagal 59(2) de Threoir 2007/64, i gcás ina ndiúltaíonn úsáideoir seirbhíse íocaíochta gur údaraíodh idirbheart íocaíochta forghníomhaithe, mar a tharla sa chás sna príomhimeachtaí, ní gá gur leor an úsáid d’ionstraim íocaíochta, arna taifeadadh ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta, inti féin chun a chruthú gur údaraigh an t‑íocóir an t‑idirbheart íocaíochta sin. |
|
74 |
Ar an dara dul síos, ós rud é, mar a mheabhraítear i míreanna 58 go 60 den bhreithiúnas seo, go bhféachtar le Treoir 2007/64 le comhchuibhiú iomlán a bhaint amach sna hábhair lena rialaíonn léi, ní mór a chinneadh go bhfuil an coinníoll, atá leagtha síos in Airteagal 54(2) den treoir sin, nach mór toiliú le hidirbheart íocaíochta a fhorghníomhú a thabhairt san fhoirm arna comhaontú idir an t‑úsáideoir seirbhíse íocaíochta agus an soláthraí seirbhíse íocaíochta, ina cheanglas nach mór do na Ballstáit a chur chun feidhme agus nach bhféadfaidh siad maolú a dhéanamh air. Níl aon ní i scéim Airteagal 54 ach an oiread a thabharfadh le tuiscint, nuair a leagadh síos an ceanglas ann i dtéarmaí beachta, mura bhfuil toiliú den sórt sin ann, go measfar an t‑idirbheart íocaíochta i dtrácht a bheith neamhúdaraithe, nach raibh sé beartaithe ag reachtóir an Aontais ach gur cheart an cinneadh i dtaobh an údaraíodh íocaíocht a theorannú d’fhíorú rialtacht fhoirmiúil na ngníomhartha dlíthiúla a úsáideadh chun an toiliú sin a thabhairt. |
|
75 |
Ar an tríú dul síos, faoi Airteagal 86(3) de Threoir 2007/64, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta maolú, chun aimhleasa úsáideoirí seirbhísí íocaíochta, ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme forálacha na treorach sin nó a chomhfhreagraíonn dóibh. |
|
76 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, i gcomhréir leis an tríú habairt d’aithris 33 de Threoir 2007/64, ba cheart na téarmaí agus na coinníollacha conarthacha go léir a bhaineann le hionstraim íocaíochta a sholáthar agus a úsáid, arb é an éifeacht a bheadh acu dualgas cruthúnais an eisitheora a laghdú, a mheas mar théarmaí agus coinníollacha atá ar neamhní. |
|
77 |
I bhfianaise an méid sin thuasluaite, ní féidir soláthraí na seirbhísí brath go rathúil ar an bhfíoras gur thionscain gníomhaire a bhfuil cumhacht aturnae aige, ar chuir údarás inniúil Stáit choigríche deimhniú ‘apastaile’, na hidirbhearta íocaíochta atá i gceist, chun a oibleagáid a laghdú chun a chruthú gur údaraíodh an t‑idirbheart íocaíochta. |
|
78 |
Dá bhrí sin, i gcás, mar atá sna príomhimeachtaí, go gcuireann úsáideoir na seirbhíse íocaíochta i gcoinne bharántúlacht na cumhachta aturnae a bhfuiltear ag brath uirthi i gcoinne an úsáideora sin agus go séanann sé gur údaraíodh na hidirbhearta íocaíochta a forghníomhaíodh, ní leor é ann féin chun a fhíorú go bhfuil an chumhacht aturnae in ord go foirmiúil d’fhonn a léiriú gur údaraíodh na hidirbhearta sin agus, dá bhrí sin, chun faoiseamh a thabhairt don soláthraí seirbhíse íocaíochta sin óna fhreagracht mhéadaithe, gan an soláthraí seirbhíse íocaíochta sin a léiriú, trí bhíthin na cumhachta aturnae sin, gur thoiligh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta go cuí leis na hidirbhearta sin, i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le toiliú a thabhairt arna chomhaontú leis an soláthraí sin. |
|
79 |
Dearbhaítear an cinneadh sin leis na cuspóirí a shaothraítear le Treoir 2007/64. Dá réir sin, is léir go háirithe ó aithrisí 1 agus 4 den treoir sin gur fhéach reachtóir an Aontais le margadh aonair a chruthú le haghaidh seirbhísí íocaíochta trí chórais náisiúnta a athsholáthar, ar córais iad a d’eascair mearbhall as a gcómhaireachtáil agus nach raibh deimhneacht dhlíthiúil acu, le creat dlíthiúil comhchuibhithe lena sainítear cearta agus oibleagáidí úsáideoirí seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta (breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, CRCAM, C‑337/20, EU:C:2021:671, mír 44). Tá an léiriú sin ag comhfhreagairt thairis sin do na haidhmeanna atá leagtha amach in aithris 21 agus in aithris 22 den treoir sin, is é sin le rá, cosaint úsáideoirí seirbhísí íocaíochta agus, go háirithe, cosaint tomhaltóirí (féach, de réir analaí, breithiúnas an 25 Eanáir 2017, BAWAG, C‑375/15, EU:C:2017:38, mír 45). |
|
80 |
Maidir leis an gceanglas nach mór ionstraimí íocaíochta a fhíordheimhniú, lena gcuirtear san áireamh an nós imeachta arna chomhaontú idir an t‑úsáideoir seirbhíse íocaíochta agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an úsáideora sin ionas go bhféadfaidh an t‑úsáideoir sin toiliú a thabhairt agus, dá bhrí sin, ní féidir é a theorannú chun scrúdú a dhéanamh amháin ar rialtacht fhoirmiúil a gníomhartha dlí a úsáidtear chun an toiliú sin a thabhairt, is ceanglas fíor-riachtanach é le haghaidh dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair do sheirbhísí íocaíochta ós rud é go n‑áirithítear leis an gceanglas sin leibhéal iomchuí deimhneachta dlíthiúla agus cosanta d’úsáideoirí seirbhísí íocaíochta. |
|
81 |
Sna himthosca sin, beidh gá ar an gcúirt a rinne an tarchur scrúdú a dhéanamh cibé an bhfuil sé léirithe ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta lena mbaineann, ag féachaint don dualgas cruthúnais ar an soláthraí sin de bhun Airteagal 59(1) de Threoir 2007/64, go raibh toiliú tugtha ag an úsáideoir seirbhíse íocaíochta, san fhoirm arna comhaontú leis an soláthraí sin, do na hidirbhearta íocaíochta a bhí i gceist sna príomhimeachtaí a fhorghníomhú. |
|
82 |
Chuige sin, faoi réir na seiceálacha atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, is dealraitheach go gceanglaítear le clásail V.22 agus V.25 den chreatchonradh arna thabhairt i gcrích idir an t‑úsáideoir seirbhíse íocaíochta lena mbaineann agus an soláthraí seirbhíse íocaíochta, i gcás ina ndéantar diúscairt trí ghníomhaire, go gcuireann an gníomhaire an chumhacht aturnae bhunaidh arna heisiúint chuige nó chuici i láthair agus go síneofar an chumhacht aturnae, ós rud é go bhfuil dualgas ar an soláthraí seirbhíse íocaíochta na cumhachtaí aturnae a chuirtear i láthair dó agus na sínithe orthu a fhíorú ó thaobh foirmiúil de. |
|
83 |
Mar sin féin, sa chás seo, is cosúil nach gcomhlíonann an chumhacht aturnae atá i gceist sna príomhimeachtaí na ceanglais chonarthacha sin, mar gur léir ón ordú tarchuir nach raibh ann ach cóip agus nach raibh síniú an phríomhaí uirthi, is é sin le rá, úsáideoir na seirbhísí íocaíochta atá i gceist. Is ábhair iad sin, áfach, a chinnfidh an chúirt a rinne an tarchur. |
|
84 |
Thairis sin agus ar aon nós, mar is léir ó mhír 78 den bhreithiúnas seo, maidir le cumhacht aturnae shainiúil arna deonú ag sealbhóir cuntais íocaíochta do ghníomhaire a thabhairt ar aird trína n‑údaraítear don ghníomhaire sin idirbhearta a dhéanamh ar chuntas bainc, ar comhaontaíodh úsáid a bhaint as i gcreatchonradh, ní scaoiltear an soláthraí seirbhíse íocaíochta óna oibleagáid maidir le húsáid ionstraime íocaíochta agus fíordheimhniú idirbheart íocaíochta a fhíorú i gcomhréir leis an nós imeachta chun toiliú a thabhairt arna chomhaontú idir an t‑íocóir lena mbaineann agus an soláthraí seirbhíse íocaíochta. Dá réir sin, mar a shonraítear i mír 46 den bhreithiúnas seo, ní fhéadtar le téarma conartha lena gceadaítear cumhacht aturnae a úsáid i gcomhthéacs tacar nósanna imeachta arb éard ionstraim íocaíochta pearsanta iad, an t‑ardleibhéal grinnscrúdaithe a laghdú atá ar an soláthraí seirbhíse íocaíochta sin maidir le cibé ar údaraíodh an t‑idirbheart íocaíochta. |
|
85 |
Ar deireadh, ba cheart a thabhairt faoi deara, faoi Airteagal 61(2) de Threoir 2007/64, go n‑iompróidh an t‑íocóir na caillteanais go léir a bhaineann le haon idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe má tabhaíodh iad mar gheall gur ghníomhaigh an t‑íocóir go calaoiseach nó gur theip air ceann amháin nó níos mó d’oibleagáidí an íocóra faoi Airteagal 56 den treoir sin a chomhlíonadh d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí. |
|
86 |
Leanann sé ón bhforáil sin go bhféadfar faoiseamh a thabhairt do sholáthraí seirbhíse íocaíochta dá dhliteanas i gcás idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe má chruthaíonn sé gur ghníomhaigh an t‑íocóir go calaoiseach nó gur theip air d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí ceann amháin nó níos mó d’oibleagáidí an íocóra faoi Airteagal 56 den treoir sin a chomhlíonadh. |
|
87 |
I bhfianaise an méid uile thuasluaite, is é an freagra ar an dara agus an tríú ceist ná nach mór Airteagal 54(1) agus (2), Airteagal 59(1) agus (2) agus Airteagal 86(1) de Threoir 2007/64 a léiriú amhail, i gcás ina ndearnadh idirbheart íocaíochta a fhorghníomhú ar bhonn cumhachta aturnae ó shealbhóir cuntais bhainc a fuarthas trí ionstraim nótaire agus a bhfuil deimhniú ‘apastaile’ air agus go gcuireann sealbhóir an chuntais i gcoinne bhailíocht chumhachta an aturnae sin agus, dá bhrí sin, tar éis toiliú a thabhairt leis an idirbheart íocaíochta sin, nach leor an chumhacht aturnae atá i gceist a bheith rialta ó thaobh foirmiúil chun a mheas go raibh an t‑idirbheart seo údaraithe, agus nach mór don soláthraí seirbhíse íocaíochta a léiriú go bhfuil a chomhaontú curtha in iúl go cuí ag úsáideoir na seirbhíse íocaíochta, de réir an nós imeachta chun toiliú a thabhairt a comhaontaíodh leis, tríd an gcumhacht aturnae sin, chuig an idirbheart íocaíochta atá i gceist. |
Costais
|
88 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
[Sínithe] |
( *1 ) Teanga an cháis: an Bhulgáiris.