BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Dara Dlísheomra)

14 Samhain 2024 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Dlínse agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála – Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 – Raon feidhme – Airteagal 1(2)(b) – Eisiamh – Coincheap an ‘féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneachta nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin’ – Gníomhaíochtaí a eascraíonn go díreach ó imeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil dlúthnasc eatarthu – Caingean ar aisíocaíocht féich arna tionscnamh tar éis dhócmhainneacht na cuideachta is féichiúnaí agus dearbhú an fhéich sin san eastát dócmhainneachta – Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000)

I gCás C‑394/22,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón hof van beroep te Antwerpen (Cúirt Achomhairc Antuairp, an Bheilg), trí bhreith an 7 Meitheamh 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 15 Meitheamh 2022, sna himeachtaí

Oilchart International

v

O.W. Bunker (an Ísiltír) BV,

ING Bank NV,

tugann AN CHÚIRT (an Dara Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: F. Biltgen (Rapóirtéir), Uachtarán an Chéad Dlísheomra, ag feidhmiú mar Uachtarán an Dara Dlísheomra, M. L. Arastey Sahún, Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra, agus J. Passer, Breitheamh,

Abhcóide Ginearálta: L. Medina,

Cláraitheoir: A. Lamote, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 1 Feabhra 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Oilchart International NV, ag E. Van den Wijngaert, advocaat,

ING Bank NV, ag D. Arts, T. Mertens, L. Rasking agus E. Ulrix, advocaten,

Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman agus M. H. S. Gijzen, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag S. Noë agus W. Wils, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 18 Aibreán 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 1(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO 2012 L 351, lch. 1) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir le nósanna imeachta dócmhainneachta (IO 2000 L 160, lch. 1).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Oilchart International NV (‘Oilchart’), cuideachta sa Bheilg, agus O.W. Bunker Netherlands BV (‘OWB’) agus ING Bank, cuideachtaí san Ísiltír, maidir le haisghabháil bille nár íocadh, a bhunaíodh le haghaidh seirbhísí athbhreoslaithe a dhéanann Oilchart thar ceann OWB, a dhearbhaíodh ina fhéimheach.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

Rialachán Uimh. 1346/2000

3

Foráiltear an méid seo a leanas in aithrisí 2 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000:

‘(2)

Ceanglófar le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh gur cheart imeachtaí dócmhainneachta trasteorann a oibriú go héifeachtúil agus go héifeachtach [...].

[...]

(6)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart an Rialachán seo a theorannú d’fhorálacha lena rialaítear dlínse maidir le nósanna imeachta dócmhainneachta agus an chinnteoireacht a thagann go díreach as nós imeachta dócmhainneachta agus a bhfuil dlúthbhaint acu leo. Ní mór don Rialachán seo, ina theannta sin, forálacha a leagan síos maidir leis na cinntí seo a aithint agus i gcomhréir le dlí ábhartha, a chomhlíonann an prionsabal seo chomh maith.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráiltear le hAirteagal 3(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Dlínse idirnáisiúnta’:

‘Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit a bhfuil lárionad príomhleasa féichiúnaí suite laistigh dá chríoch imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh. I gcás cuideachta nó duine dhlítheanaigh, toimhdeofar gurb é lárionad na bpríomhleasanna an oifig chláraithe, go dtí go gcruthófar a mhalairt.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Is mar seo atá foclaíocht Airteagal 4 den Rialachán sin, dar teideal ‘An dlí is infheidhme’:

‘1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is é an dlí is infheidhme i leith imeachtaí dócmhainneachta dlí an Bhallstáit a ndéanfar na himeachtaí a thionscnamh laistigh dá chríoch, dá ngairtear “an Stát inar tionscnaíodh na himeachtaí”.

2.   Cinnfidh dlí an Stáit inar tionscnaíodh na himeachtaí na coinníollacha maidir le tionscnamh, seoladh agus cur i gcrích na n‑imeachtaí sin. Go háirithe, cinnfidh sé an méid seo a leanas:

a)

na féichiúnaithe a bhféadfar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ina gcoinne mar gheall ar a n‑acmhainneacht;

b)

na sócmhainní ar cuid den eastát dócmhainneachta iad agus cóireáil sócmhainní a fuair an féichiúnaí nó a aistríodh dó tar éis thionscnamh na n‑imeachtaí dócmhainneachta;

c)

cumhachtaí faoi seach an fhéichiúnaí agus an chleachtóra dócmhainneachta;

[...]

e)

iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar chonarthaí reatha ar pháirtí an féichiúnaí iontu;

f)

iarmhairtí na n‑imeachtaí dócmhainneachta maidir le himeachtaí a thionscnaíonn creidiúnaithe aonair, seachas cáis atá ar feitheamh;

g)

na héilimh atá le taisceadh i gcoinne eastát dócmhainneachta an fhéichiúnaí agus cóireáil na n‑éileamh a thagann chun cinn tar éis imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh;

h)

na rialacha lena rialaítear taisceadh, fíorú agus cead isteach éileamh;

[...]

m)

na rialacha a bhaineann le neamhniú, in‑neamhnitheacht nó neamh-infhorghníomhacht na ngníomhartha dlíthiúla, a dhéanfadh dochar do na creidiúnaithe i gcoitinne.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Rinneadh Rialachán Uimh. 1346/2000 a aisghairm le Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le nósanna imeachta dócmhainneachta (IO 2015 L 141, lch. 19). I gcomhréir le hAirteagal 84(2) de Rialachán sin, leanfaidh Rialachán Uimh. 1346/2000 áfach d’fheidhm a bheith aige ar nósanna imeachta dócmhainneachta a osclaíodh roimh an 26 Meitheamh 2017.

Maidir le Rialachán Uimh. 1215/2012

7

Foráiltear an méid seo a leanas in aithrisí 10 agus 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012:

‘(10)

Ba cheart na príomhábhair shibhialta agus [thráchtála], amach ó roinnt ábhar arna sainiú go soiléir, a chumhdach faoi raon feidhme an Rialacháin seo [...].

[...]

(‘21)

Ar mhaithe le riaradh comhchuibhithe an cheartais, is gá an fhéidearthacht go mbeadh imeachtaí comhthráthacha ann a laghdú agus is gá a áirithiú nach ndéanfar breithiúnais atá bunoscionn lena chéile a thabhairt i mBallstáit éagsúla. [...]’

8

I gcomhréir le hAirteagal 1(1) agus (2)(b) den Rialachán sin;

‘1.   Beidh feidhm leis an Rialachán seo in ábhair shibhialta agus [thráchtála], cibé cineál cúirte nó binse a bheidh i gceist. Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, custaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit (acta iure imperii).

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

[...]

b)

féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneachta nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin’.

9

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 28(1) den Rialachán sin:

‘I gcás ina ndéantar an dlí a agairt ar chosantóir a bhfuil sainchónaí air i mBallstát amháin i gcúirt de chuid Ballstáit eile agus nach dtaifeadfaidh sé láithreas, dearbhóidh an chúirt uaithi féin nach bhfuil aon dlínse aici mura rud é go bhfuil a dlínse bunaithe ar fhorálacha an Rialacháin seo.’

Dlí na hÍsiltíre

10

Is mar a leanas a léifear Airteagal 25 den Wet op het faillissement en de surséance van betaling (An Dlí maidir le dócmhainneacht agus fionraí na n‑íocaíochtaí) an 30 Meán Fómhair 1893 (Stb. 1893, Uimh. 140, ‘NFW’):

‘1.   D’fhéadfaí caingne dlí maidir le cearta nó oibleagáidí a bhí mar chuid den eastát dócmhainneachta a thionscnamh i gcoinne an leachtaitheora nó d’fhéadfadh an leachtaitheoir na caingne seo a thionscnamh.

2.   Má thugtar caingne den sórt sin in aghaidh an fhéimhigh nó má leantar leo, agus go gciontaítear an féimheach dá bharr, níl an ciontú seo infheidhmithe i gcoinne an eastáit dócmhainneachta.’

11

Foráiltear le hAirteagal 26 de NFW:

‘Ní féidir caingne chun oibleagáid ó eastát dócmhainneachta a fhorghníomhú a thionscnamh a thuilleadh i gcoinne an fhéimhigh le linn an nós imeachta féimheachta ar bhealach eile seachas sin a foráiltear in Airteagal 110.’

12

De réir Airteagal 110 de NFW:

‘Cuirfear éilimh faoi bhráid an leachtaitheora i bhfoirm sonraisc nó ráitis scríofa eile ina léireofar cineál agus méid an éilimh, mar aon le doiciméid tacaíochta nó cóip díobh, agus ráiteas i dtaobh an éilítear ceart tosaíochta, lian, morgáiste nó ceart coinneála. [...]’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

13

Faoi shraith conarthaí maidir le seirbhisí buncaeireachta do soithí farraige, sheachaid Oilchart, an 21 Deireadh Fómhair 2014, breosla thar ceann OWB chuig an soitheach Evita K., agus é arna fheistiú i gcalafort Sluiskil (an Ísiltír).

14

An 22 Deireadh Fómhair 2014, d’eisigh Oilchart sonrasc le haghaidh 116471,45 milliún dollar na Stát Aontaithe (USD) (thart ar EUR 107229,44). Tá an sonrasc sin fós le híoc.

15

Le breithiúnas ón rechtbank te Rotterdam (Cúirt Ginearálta Rotterdam, an Ísiltír) an 21 Samhain 2014, dearbhaíodh go raibh OWB dócmhainneach.

16

Thaisc Oilchart éileamh a eascraíonn as an sonrasc neamhíoctha sin do leachtaitheoirí OWB le haghaidh fíoraithe.

17

Mar gheall ar shraith sonraisc neamhíoctha, d'ordaigh Oilchart go ndéanfaí urghabháil réamhchúraim ar shoithí farraige áirithe ar sholáthair sé breosla dóibh. Chun a áirithiú go scaoilfí na hurghabhálacha réamhchúraim sin, taisceadh ráthaíochtaí i bhfabhar Oilchart, a d’fhéadfaí a lorg ar bhonn cinneadh breithiúnach nó dámhachtain eadrána sa Bheilg i gcoinne OWB nó úinéir an tsoithigh lena mbaineann.

18

An 11 Márta 2015, thionscain Oilchart caingean i gcoinne OWB os comhair an rechtbank van koophandel te Antwerpen (Cúirt Tráchtála Antuairp, an Bheilg) ag iarraidh, inter alia, go n‑íocfaí an sonrasc neamhíoctha sin. Rinne ING Bank, mar shannaí fiachas arna dheonú ag OWB mar mhalairt ar líne creidmheasa a sholáthar, idiragairt go deonach i gcomhthéacs na caingne sin.

19

Cé go n‑aithníonn sí go raibh dlínse aici rialú a thabhairt ar an gcaingean sin, dhearbhaigh an chúirt sin, le breithiúnas an 15 Márta 2017, ar bhonn dhlí dócmhainneachta na hÍsiltíre, go raibh an chaingean chéanna do-ghlactha.

20

An 16 Bealtaine 2017, rinne Oilchart achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair an hof van beroep te Antwerpen (Cúirt Achomhairc Antuairp, an Bheilg), an chúirt a rinne an tarchur.

21

Ós rud é nach raibh OWB i láthair ag an éisteacht os comhair an rechtbank van koophandel te Antwerpen (an Chúirt Tráchtála, Antuairp) ná os comhair na cúirte a rinne an tarchur, mheas an chúirt sin go raibh uirthi a dlínse idirnáisiúnta a scrúdú, i gcomhréir le hAirteagal 28(1) de Rialachán Uimh. 1215/2012.

22

Ag tagairt do chásdlí na Cúirte, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil an chaingean a thionscain Oilchart i gcoinne OWB bunaithe ar rialacha comhchoiteanna an dlí shibhialta agus thráchtála, de réir bhrí Airteagal 1(1) de Rialachán Uimh. 1215/2012, nó ar rialacha sonracha maidir le himeachtaí dócmhainneachta.

23

I ndáil leis sin, luann an chúirt a rinne an tarchur gur tionscnaíodh caingean Oilchart i gcoinne OWB tar éis thionscnamh na n‑imeachtaí dócmhainneachta agus gan tagairt a dhéanamh do na himeachtaí sin, de bhun foráil shonrach de reachtaíocht féimheachta na hÍsiltíre, eadhon Airteagal 25(2) de NFW, a bhaineann le gníomhaíochtaí nach mbaineann leis an eastát dócmhainneachta, ach a bhaineann le leasanna pearsanta an fhéimhigh, agus ní ar bhonn mhír 1 den Airteagal sin a bhaineann go díreach leis an eastát sin.

24

Dar leis an gcúirt sin, ní mór scrúdú a dhéanamh ar chineál beacht na caingne dlí arna tionscnamh ag Oilchart agus ar an bhféidearthacht caingean den sórt sin a thionscnamh i gcoinne cuideachta a dearbhaíodh a bheith dócmhainneach i bhfianaise na bhforálacha maolaitheacha a bhaineann go sonrach le dlí dócmhainneachta na hÍsiltíre agus ní i bhfianaise rialacha comhchoiteanna dlí sibhialta agus tráchtála. I gcomhthéacs chinneadh dhlínse idirnáisiúnta na cúirte a rinne an tarchur, a thagann roimh an scrúdú sin, fiafraíonn an chúirt sin, áfach, an bhfuil dlúthbhaint ag an gcaingean bhreithiúnach atá i gceist sna príomhimeachtaí leis na himeachtaí dócmhainneachta, rud a fhágann go bhfuil dlínse eisiach ag an gcúirt air os a comhair a tionscnaíodh an dócmhainneacht chun breith a thabhairt ar an gcaingean sin.

25

Ina theannta sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcuirtear cosc le hAirteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 1346/2000 ar fhoráil náisiúnta lena gceadaítear do chreidiúnaí caingean a thionscnamh os comhair cúirteanna Ballstáit chun fiach a íoc a dhearbhaigh sé cheana in eastát dócmhainneachta i mBallstát eile.

26

Sna himthosca sin, chinn an hof van beroep te Antwerpen (Cúirt Achomhairc Antuairp) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

‘1.

An gcaithfear Airteagal 1(2)(b) de [Rialachán Uimh.] 1215/2012 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(1) den Rialachán Dócmhainneachta [Rialachán Uimh.] 1346/2000 a léiriú sa chiall go n‑áirítear sa téarma [“féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneachta nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin”] in Airteagal 1(2)(b) de [Rialachán Uimh.] 1215/2012 imeachtaí ina bhfuil cur síos ar an éileamh san eascaire toghairme mar éileamh tráchtála amháin, gan aon tagairt don fhíric gur dearbhaíodh an cosantóir a bheith féimheach cheana féin? Áirítear le Rialachán Uimh. [...] 1215/2012 freisin nós imeachta ina gcuirtear síos ar an éileamh sa toghairm ar éileamh sa toghairm ar éileamh tráchtála amháin, gan trácht ar fhéimheacht an chosantóra a bhí ann cheana, ach tá bunús dlí iarbhír an éilimh sin bunaithe ar fhorálacha sonracha dhlí féimheachta na hÍsiltíre a bhaineann le maolú (Airteagal 25(2) d’Acht na hÍsiltíre an 30 Meán Fómhair 1893 maidir le féimheacht agus íocaíochtaí a fhionraí (“NFW”) agus dá réir:

nach mór a chinneadh ar cheart éileamh den sórt sin a mheas mar éileamh infhíoraithe (Airteagal 26 NFW i gcomhar le hAirteagal 110 de) nó éileamh do-fhíoraithe (Airteagal 25(2) NFW),

dealraíonn sé go bhféadfar a chinneadh an cheist cibé an féidir an dá éileamh a dhéanamh go comhuaineach agus cibé nach n‑eisiann éileamh amháin an ceann eile, de réir dealraimh, ag cur san áireamh na hiarmhairtí dlíthiúla sonracha a bhaineann le gach ceann de na héilimh sin (inter alia, maidir le féidearthacht ráthaíocht bhainc a ghlaoch tar éis na féimheachta), de réir na rialacha a bhaineann go sonrach le dlí féimheachta na hÍsiltíre?

[...]

2.

An féidir a mheas go bhfuil forálacha Airteagal 25(2) NFW maidir le féimheacht agus fionraí íocaíochtaí, ag luí le hAirteagal 3(1) de Rialachán Dócmhainneachta 1346/2000, a mhéid a cheadódh an fhoráil reachtach sin éileamh den sórt sin (Airteagal 25(2) NFW) a thabhairt os comhair cúirte Ballstáit eile seachas os comhair chúirt dócmhainneachta an Bhallstáit inar dearbhaíodh an fhéimheacht?’

Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

27

An 31 Márta 2023, sheol an Chúirt iarraidh ar fhaisnéis don chúirt a rinne an tarchur maidir le cúlra fíorasach agus dlíthiúil na príomhimeachtaí, agus thug an chúirt a rinne an tarchur freagra uirthi an 28 Aibreán 2023.

28

An 11 Iúil 2023, d’fhiafraigh an Chúirt ar an gcúirt a rinne an tarchur an raibh sé beartaithe aici a tarchur chun réamhrialú a choimeád ar bun, i bhfianaise an fhíorais gur tharraing Oilchart a chaingean siar sna príomhimeachtaí.

29

Lena breithiúnas an 27 Samhain 2023, chuir an chúirt sin an Chúirt ar an eolas go raibh an nós imeachta fós roimpi, agus diúltaíodh don tarraingt siar arna chomhdú ag Oilchart.

Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

30

Leis an gcéad cheist uaithi, tá an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh a fháil amach, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 1(2)(b) de Rialachán Uimh. 1215/2012 le léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le himeachtaí dlíthiúla arna tionscnamh i mBallstát i gcoinne cuideachta atá ag lorg íocaíochta as earraí arna soláthar, nach dtagraítear gur osclaíodh na himeachtaí dócmhainneachta cheana féin i gcoinne na cuideachta sin i mBallstát eile nó gur dearbhaíodh an fhéich sin san eastát dócmhainneachta cheana féin.

31

Go háirithe, is gá measúnú a dhéanamh an gcumhdaítear caingean den sórt sin le hAirteagal 1(2)(b) de Rialachán Uimh. 1215/2012 lena n‑eisiatar féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneachta nó daoine eile atá dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin dá raon feidhme. Má chumhdaítear, thiocfadh an chaingean sin faoi raon feidhme ábhartha Rialachán Uimh. 1346/2000, a thugann Airteagal 3(1) de dlínse eisiach idirnáisiúnta do chúirteanna an Bhallstáit a bhfuil lárionad leasa an fhéichiúnaí suite laistigh dá chríoch príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Nollaig 2019, Tiger agus páirtithe eile, C‑493/18, EU:C:2019:1046, míreanna 23, 25 agus 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).

32

Go deimhin, chinn an Chúirt cheana féin, maidir le raonta feidhme faoi seach na Rialacháin Uimh. 1215/2012 agus 1346/2000, ní mór na Rialacháin sin a léiriú ar chaoi go ndéantar aon fhorluí idir rialacha an dlí a leagtar amach sna téacsanna sin a sheachaint, ach aon bhearna dhlíthiúil a sheachaint freisin. Mar sin, tagann na caingne a eisiatar faoi Airteagal 1(2)(b) de Rialachán Uimh. 1215/2012 ó raon feidhme Rialachán Uimh. 1346/2000, toisc go dtagann siad faoi raon feidhme ‘féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneachta nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin’. Ar an dóigh chéanna, maidir leis na caingne nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 1346/2000, tagann na caingne sin faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 1215/2012 (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Feabhra 2019, NK, C‑535/17, EU:C:2019:96, mír 24, agus an 18 Meán Fómhair 2019, Riel, C‑47/18, EU:C:2019:754, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

33

Thug an Chúirt faoi deara freisin, mar a thagraítear in aithris 10 de Rialachán Uimh. 1215/2012, bhí sé ceaptha ag reachtas an Aontas go nglacfaí léiriú leathan ar an gcoincheap ‘ábhair shibhialta agus thráchtála’ a léirítear faoi Airteagal 1(1) den Rialachán sin agus, mar thoradh air sin, raon feidhme leathan den Rialachán sin a ghlacadh. Os a choinne sin, ní bheidh raon feidhme Rialachán Uimh. 1346/2000, i gcomhréir lena haithris 6, ina hábhar do léiriú leathan (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Valach agus páirtithe eile, C‑649/16, EU:C:2017:986, mír 25, agus an 6 Feabhra 2019, NK, C‑535/17, EU:C:2019:96, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34

I gcomhréir leis na prionsabail sin, chinn an Chúirt go bhfuil raon feidhme an dá Rialachán sin teoranta go soiléir agus ní eisiatar ó raon feidhme Rialachán Uimh. 1215/2012 ach na caingne a eascraíonn díreach ó na himeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil dlúthbhaint acu leo. Dá bhrí sin, ní thagann ach na caingne sin faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 1346/2000 (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Feabhra 2019, NK, C‑535/17, EU:C:2019:96, mír 26, agus an 18 Meán Fómhair 2019, Riel, C‑47/18, EU:C:2019:754, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

35

Athdhearbhaíodh an critéar dúbailte sin, a luaitear in aithris 6 de Rialachán Uimh. 1346/2000 chun cuspóir an Rialacháin sin a theorannú, focal ar fhocal le Rialachán Uimh. 2015/848, nach bhfuil infheidhme ratione temporis don chás sna príomhimeachtaí, toisc go bhforáiltear in Airteagal 6, dar teideal ‘Dlínse maidir le gníomhaíochtaí a eascraíonn go díreach ó imeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil dlúthnasc eatarthu’, go bhfuil dlínse ag cúirteanna sa Bhallstát ar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta laistigh dá chríoch maidir le haon ghníomhaíocht a thagann díreach ó na himeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil dlúthbhaint acu (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Feabhra 2019, NK, C‑535/17, EU:C:2019:96, mír 27).

36

I bhfianaise na ngnéithe thuasluaite, is gá a chinneadh an gcomhlíontar an critéar dúbailte sin le caingean ar aisíocaíocht na n‑earraí arna soláthar arna tabhairt isteach i gcoinne cuideachta atá faoi réir nós imeachta dócmhainneachta.

37

Maidir leis an gcéad chritéar, chun a chinneadh má eascraíonn caingean go díreach ó nós imeachta dócmhainneachta, ba cheart a thabhairt faoi deara go leanann sé ó chásdlí socair na Cúirte nach ionann an ghné chinntitheach lena sainaithnítear an réimse ar a chumhdaítear caingean agus comhthéacs nós imeachta ina dtarlaíonn an chaingean sin ach is ionann é sin agus a bunús dlí. Faoin gcur chuige sin, ba cheart a chinneadh má tá fréamh an chirt nó an oibleagáid atá ina mbonn den chaingean i gcomhrialacha an dlí sibhialta agus tráchtála nó i rialacha maolúcháin sonracha do himeachtaí dócmhainneachta (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Feabhra 2019, NK, C‑535/17, EU:C:2019:96, mír 28; an 18 Meán Fómhair 2019, Riel, C‑47/18, EU:C:2019:754, mír 33, agus an 4 Nollaig 2019, Tiger agus páirtithe eile, C‑493/18, EU:C:2019:1046, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38

Chinn an Chúirt gur ardaítear ceist dlí atá neamhspleách ó nós imeachta dócmhainneachta a thionscnamh le caingean arna tabhairt isteach ar bhonn clásal teideal a choinneáil, arna fheidhmiú ag an díoltóir i gcoinne ceannaitheoir a dearbhaíodh i staid dócmhainneachta. Is é sin le rá gur chaingean uathrialach í nach bhfuil bunús aici i ndlí na n‑imeachtaí dócmhainneachta agus nach n‑éilítear nós imeachtaí den sórt sin a thionscnamh nó nós imeachta nach mbaineann leachtaitheoir leo (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2009, German Graphics Graphische Maschinen, C‑292/08, EU:C:2009:544, míreanna 31 agus 32).

39

Thairis sin, téann caingean arna tabhairt isteach i gcoinne tríú páirtí ag iarratasóir ag gníomhú dó ar bhonn aistriú infháltais arna sholáthar ag leachtaitheoir arna cheapadh i nós imeachta féimheachta faoin gcoincheap ‘ábhair shibhialta agus thráchtála’, sa mhéid nach mbaineann na himeachtaí leis an aistriú arna sholáthar ag an leachtaitheoir agus urramaítear feidhmiú an chirt a fuair an tairbhí le rialacha seachas iad siúd atá infheidhme i gcomhthéacs imeachtaí dócmhainneachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Aibreán 2012, F-Tex, C‑213/10, EU:C:2012:215, míreanna 37, 42 agus 49).

40

Is amhlaidh atá fós, i gcomhthéacs feidhmiú aistrí an cheart a fuarthas, ní bhaineann an díospóid ach le hiompar an aistrí (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Aibreán 2012, F-Tex, C‑213/10, EU:C:2012:215, mír 42). Os a choinne sin, tagann caingean inar ceistíodh aistriú scairchaipiteal i nós imeachta dócmhainneachta faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 1346/2000, sa mhéid a chuirtear i leith an leachtaitheora nár úsáid sé saincheart a dhíorthaíonn ón dlí náisiúnta maidir le nósanna imeachta comhchoiteanna (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Iúil 2009, SCT Industrie, C‑111/08, EU:C:2009:419, mír 28).

41

Ní théann caingean arna tabhairt faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 1215/2012 le haghaidh dearbhú go bhfuil éileamh ann lena chlárú i nós imeachta féimheachta, mar go ndíorthaítear caingean den sórt sin ó rialacha dócmhainneachta náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Meán Fómhair 2019, Riel, C‑47/18, míreanna 37 agus 38), nó caingean maidir le dliteanas atá dírithe i gcoinne chomhaltaí Choiste na gCreidiúnaithe a chuir, trí vótáil, imeachtaí dócmhainneachta in áit plean athstruchtúrúcháin, agus gníomh den sórt sin a bheith mar thoradh díreach agus doscartha ar fheidhmiú feidhme a díorthaíodh go sonrach ó fhorálacha náisiúnta lena rialaítear imeachtaí dócmhainneachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Valach agus páirtithe eile, C‑649/16, EU:C:2017:986, míreanna 30 agus 35).

42

Sa chás sin, léirítear le fianaise ón gcomhad atá ar fáil don Chúirt agus ón bhfaisnéis a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil go n‑iarrtar leis an gcaingean atá faoi cheist sna príomhimeachtaí ordú lena gceanglaítear ar chuideachta íoc as earraí a sholáthraítear i gcomhréir le conradh a tugadh i gcrích sular tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann leis an gcuideachta sin. Faoi na conarthaí arna aontú ina dhiaidh sin le haghaidh urghabhálacha réamhchúraim arna gcur i gcríoch a scaoileadh, is gá le hordú den sórt sin ionas gur féidir leis an iarratasóir sna príomhimeachtaí ráthaíochtaí bainc a fhorfheidhmiú arna fhoirmítear ina bhfabhar.

43

Caithfear a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil na hoibleagáidí conarthacha a bhfuiltear ag brath orthu i gcomhthéacs imeachtaí dlíthiúla agus na sásraí forfheidhmithe dá bhforáiltear i ndáil leis na hoibleagáidí sin araon sa dlí conarthach agus go bhfuil siad neamhspleách ar na rialacha sonracha is infheidhme maidir le himeachtaí dócmhainneachta.

44

Thairis sin, tá caingean breithiúnach ar aisíocaíocht na n‑earraí arna soláthar féinrialaithe sa mhéid a bhféadfaí í a bheith tugtha isteach lasmuigh dá nós imeachta dócmhainneachta.

45

Ag an am céanna, níl sé d’éifeacht ag nós imeachta dócmhainneachta a thionscnamh nó ag ceapadh leachtaitheora bunús dlí caingean atá faoi réir rialacha comhchoiteanna dlí sibhialta agus tráchtála a leasú chun í a thabhairt faoi raon feidhme na rialacha sonracha a bhaineann go sonrach le himeachtaí dócmhainneachta.

46

Go deimhin, chinn an Chúirt nach ndéanann an fíoras amháin gur thionscain leachtaitheoir a ceapadh in imeachtaí dócmhainneachta, i ndiaidh tionscnamh nós imeachta den sórt sin, caingean le haghaidh íocaíochta chun leasa na gcreidiúnaithe leasú substaintiúil ar chineál an infháltais ar a bhfuiltear ag brath, atá neamhspleách ó imeachtaí dócmhainneachta agus atá fós faoi réir rialacha dlí ghinearálta ó thaobh substainte de (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Feabhra 2019, NK, C‑535/17, EU:C:2019:96, mír 29, agus an 21 Samhain 2019, CeDe Group, C‑198/18, EU:C:2019:1001, mír 36).

47

I dtaca leis an dara chritéir, a luaitear i mír 34 den bhreithiúnas seo, is cásdlí socair é freisin gurb é déine an naisc idir caingean cúirte agus na himeachtaí dócmhainneachta atá cinntitheach agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil feidhm ag an eisiamh a leagtar amach in Airteagal 1(2)(b) de Rialachán Uimh. 1215/2012 (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Valach agus páirtithe eile, C‑649/16, EU:C:2017:986, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 6 Feabhra 2019, NK, C‑535/17, EU:C:2019:96, mír 30).

48

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 57 dá Tuairim, áirithítear leis an gcritéar sin gnéithe comhthéacsúla a chur san áireamh seachas iad siúd a bhaineann le bunús dlí caingean.

49

Cé nach féidir, i gcás na príomhimeachtaí, nasc áirithe a dhiúltú idir an chaingean a tionscnaíodh agus na himeachtaí dócmhainneachta, ós rud é gur tionscnaíodh an chaingean sin tar éis don chuideachta is féichiúnaí a bheith dearbhaithe a bheith dócmhainneach agus gur thaisc an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí éileamh san eastát dócmhainneachta i ndáil leis an éileamh céanna a chumhdaítear leis an gcaingean sin, ní cosúil, áfach, gur leor an t‑éileamh a rinneadh os comhair na cúirte a rinne an tarchur agus an t‑éileamh a tugadh ar aird os comhair na riarthóirí dócmhainneachta chun an chaingean sin a thabhairt faoi raon feidhme an eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(b) de Rialachán Uimh. 1215/2012.

50

Ina theannta sin, tá sé tábhachtach a chur i bhfios go láidir nach dtugann cinneadh na cúirte inniúla aon bhreith roimh ré maidir leis an dlí is infheidhme den iarraidh atá i cheist sna príomhimeachtaí nó rialacha ábhartha (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Samhain 2019, CeDe Group, C‑198/18, EU:C:2019:1001, mír 38).

51

Go deimhin, ní chumhdaítear an cheist maidir le hinghlacthacht caingne aonair a thionscnaítear i gcoinne cuideachta dócmhainní agus an cheist maidir le toradh caingne den sórt sin i gcás dearbhú éilimh a dhéantar san eastát dócmhainneachta leis na rialacha lena dtugtar dlínse, ach leis na rialacha easaontachta dlí lena gcinntear an dlí is infheidhme.

52

Ina theannta sin, leanann sé ó Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 1346/2000 gurb é an dlí is infheidhme i leith imeachtaí dócmhainneachta an Bhallstáit a ndéanfar na himeachtaí a thionscnamh laistigh dá chríoch.

53

Sonraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán sin gurb é dlí an Stáit ina dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta na coinníollacha maidir le himeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, a sheoladh agus a dhúnadh a chinneadh, ina liostaítear, ach gan bheith teoranta dóibh, na céimeanna éagsúla d’imeachtaí dócmhainneachta arna rialú ag dlí an Stáit ina dtionscnaítear imeachtaí, eadhon, go háirithe, pointe (e), éifeachtaí imeachtaí dócmhainneachta ar chonarthaí leanúnacha, pointe (f), éifeachtaí imeachtaí dócmhainneachta ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, pointe (h), na rialacha maidir le héilimh a thaisceadh, a fhíorú agus a ligean isteach, pointe (g), na héilimh atá le taisceadh i gcoinne dhliteanais an fhéichiúnaí agus láimhseáil éileamh a thagann chun cinn tar éis imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh agus, pointe (m), na rialacha maidir le neamhniú, in‑neamhnitheacht nó neamh-infhorfheidhmitheacht gníomhartha a dhéanann dochar do na creidiúnaithe uile.

54

Is léir ó léamh comhcheangailte ar Airteagail 3 agus 4 de Rialachán Uimh. 1346/2000 go bhfuil sé mar aidhm ag an Rialacháin sin, go bunúsach, chun comhfhreagras idir na cúirteanna atá inniúil go hidirnáisiúnta agus an dlí is infheidhme i ndáil le himeachtaí dócmhainneachta a fháil. Go deimhin, cé is moite i dtoimhdí ar a foráiltear a mhalairt go sainráite sa Rialachán, leanann an dlí is infheidhme, de bhun Airteagal 4 den Rialachán sin, an inniúlacht idirnáisiúnta sonrach de bhun Airteagal 3 den Rialachán céanna (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Samhain 2019, CeDe Group, C‑198/18, EU:C:2019:1001, mír 30).

55

A mhéid atá Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 1346/2000 teoranta do cheist na dlínse maidir le himeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh agus go bhfuil raon feidhme Airteagal 4 den Rialachán sin níos leithne ná raon feidhme Airteagal 3 de, a mhéid a bhfuil feidhm aige maidir le himeachtaí dócmhainneachta agus a n‑éifeachtaí, ní féidir a ráthú i ngach imthoisc go mbeidh comhfhreagras idir an dlí is infheidhme agus an chúirt inniúil.

56

Sa chás sin, osclaíodh an nós imeachta dócmhainneachta atá i gceist sna príomhimeachtaí san Ísiltír, rud a fhágann gur dlí na hÍsiltíre é an dlí is infheidhme maidir leis an nós imeachta sin agus a éifeachtaí, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 1346/2000.

57

Dá bhrí sin, tagann an chaingean dlí atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena lorgaítear ordú le haghaidh íocaíochtaí d’earraí arna seachadadh i gcoinne cuideachta a dearbhaíodh dócmhainneach, faoi raon feidhme dhlí na hÍsiltíre, a mhéid is faoin dlí sin atá sé, mar a luaitear i mír 53 den bhreithiúnas seo, éifeachtaí na n‑imeachtaí dócmhainneachta ar chonarthaí leanúnacha agus tionchar na n‑imeachtaí sin ar imeachtaí aonair a chinneadh, rialacha a leagan síos maidir le héilimh a thaisceadh, a fhíorú agus a ligean isteach agus maidir leo siúd a bhaineann le gníomhartha a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chreidiúnaithe.

58

Mar a luaigh an Coimisiún Eorpach le linn na héisteachta os comhair na Cúirte, is é forfheidhmiú an dlí céanna le nós imeachta dócmhainneachta agus a éifeachtaí uile, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán Uimh.1346/2000, lena n‑áirithítear go mbainfear amach na cuspóirí atá á saothrú leis an Rialachán maidir le comhionannas na gcreidiúnaithe agus cosaint a leasanna, gan beann ar an gceist a bhaineann le dlínse.

59

Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nach bhfuil an riail i Rialachán Uimh. 1215/2012, ar dá réir, i gcás ina dtionscnaítear imeachtaí a bhaineann leis an gcúis chéanna caingne agus idir na páirtithe céanna i gcúirteanna Ballstát éagsúil, go bhfuil ar an dara cúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar na himeachtaí sin d’fhonn breithiúnais neamhréireacha arna tabhairt maidir leis na héilimh sin a sheachaint, infheidhme, fiú de réir analaí, maidir le córas Rialachán Uimh. 1346/2000, a mhéid a cheadaítear leis an gcóras sin, inter alia, i gcás imeachtaí tánaisteacha dócmhainneachta, do chúirteanna dlínse a bheith acu i mBallstáit eile (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Meán Fómhair 2019, Riel, C‑47/18, EU:C:2019:754, míreanna 42, 44 agus 46).

60

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é freagra na céad ceiste ná go bhfuil Airteagal 1(2)(b) de Rialachán Uimh. 1215/2012 le léiriú sa chaoi nach bhfuil feidhm aige maidir le himeachtaí dlíthiúla arna tionscnamh i mBallstát i gcoinne cuideachta atá ag lorg íocaíochta as earraí arna soláthar, nach dtagraítear gur osclaíodh na himeachtaí dócmhainneachta cheana féin i gcoinne na cuideachta sin i mBallstát eile nó gur dearbhaíodh an fhéich sin san eastát dócmhainneachta cheana féin.

An dara ceist

61

I bhfianaise an fhreagra arna thabhairt ar an gcéad cheist, níl gá freagra a thabhairt ar an dara ceist.

Costais

62

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé rialú a dhéanamh ar chostais. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Dara Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

níl feidhm aige maidir le himeachtaí dlíthiúla arna tionscnamh i mBallstát i gcoinne cuideachta atá ag lorg íocaíochta as earraí arna soláthar, nach dtagraítear gur osclaíodh na himeachtaí dócmhainneachta cheana féin i gcoinne na cuideachta sin i mBallstát eile nó gur dearbhaíodh an fhéich sin san eastát dócmhainneachta cheana féin.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Ollainnis.