|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 303/47 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 13 Meitheamh 2022 – Mendes de Almeida v an Chomhairle
(Cás T-334/21) (1)
(Státseirbhís - Ceapachán Ionchúisitheoirí Poiblí Eorpacha chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh - Ceann de na hiarrthóirí arna n-ainmniú ag an bPortaingéil a cheapadh - Easpa dlíthíochta idir an tAontas agus duine dá ghníomhairí laistigh de na teorainneacha agus na coinníollacha a leagtar síos leis an reacht agus RAA - Airteagal 270 CFAE - Neamhinniúlacht fhollasach)
(2022/C 303/60)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóir: Ana Carla Mendes de Almeida (Sobreda, an Phortaingéil) (ionadaithe: R. Leandro Vasconcelos, M. Marques de Carvalho agus P. Almeida Sande, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: K. Pleśniak agus J. Gil, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Trína gcaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1117 ón gComhairle an 27 Iúil 2020 lena gceaptar Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO 2020 L 244, lch. 18), sa mhéid is go gceapann sé José Eduardo Moreira Alves d'Oliveira Guerra mar Ionchúisitheoir Eorpach in Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, chomh maith leis an gCinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 8 Márta 2021 lena ndiúltaítear dá ghearán arna thaisceadh an 10 Feabhra 2021 i gcoinne an chinnidh a chonspóidtear a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Ana Carla Mendes de Almeida na costais a íoc. |