5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/39 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Iúil 2022 – Les Éditions P. Amaury v EUIPO – Golden Balls (BALLON D’OR)
(Cás T-478/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh BALLON D’OR - Fíorúsáid arna bhaint as trádmharc - Cúlghairm páirteach - Airteagal 51(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) - Cruthúnas ar fhíorúsáid - Measúnú ar an bhfianaise - Aicmiú na seirbhísí)
(2022/C 340/53)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Les Éditions P. Amaury (Boulogne-Billancourt, an Fhrainc) (ionadaithe: T. de Haan agus M. Laborde, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Chylińska agus J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Golden Balls Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: M. Hawkins, solicitor, agus T. Dolde agus V. Pati, Dlíodóirí)
Abhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Meitheamh 2021 a neamhniú (Cás R 1073/2020-4).
An chuid oibríochtúil
1) |
Déantar Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Meitheamh 2021 (Cás R 1073/2020-4) a neamhniú a mhéid a sheas sé le cinneadh ón Rannán Cúlghairme an marc a chúlghairm i leith na seirbhísí seo a leanas in Aicme 41 de Chomhaontú Nice maidir le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha Clárú Marcanna an 15 Meitheamh 1957, arna leasú agus a athbhreithniú: “siamsaíocht”, “siamsaíocht teilifíse” agus “eagrú comórtas (siamsaíocht)”. |
2) |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean. |
3) |
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc. |