PROVISIONAL TEXT OF 4/04/2022

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

COLLINS

arna tabhairt an 5 Bealtaine 2022 ( 1 )

Cás C‑700/20

The London Steam-Ship Owners’ Mutual Insurance Association Limited

v

Kingdom of Spain

(Iarraidh ar réamhrialú ón High Court of Justice (England & Wales), Queen’s Bench Division (Commercial Court) [an Ard-Chúirt Bhreithiúnais (Sasana agus an Bhreatain Bheag), Rannán Bhinse na Banríona (Dlísheomra Tráchtála)], (an Ríocht Aontaithe)

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála – Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 – Airteagal 1(2)(d) – Airteagal 34(1) agus (3) – Aitheantas a thabhairt do bhreithiúnas arna thabhairt i mBallstát eile – Breithiúnas atá bunoscionn le breithiúnas a ionchorpraíonn dámhachtain eadrána a tugadh idir na páirtithe céanna sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint)

I. Réamhrá

1.

Bhris M/T Prestige (“an soitheach”), tancaer ola aonchabhlach cláraithe sna Bahámaí, i ndá chuid agus chuaigh sé faoi uisce amach ó chósta na Gailíse (an Spáinn) beagnach fiche bliain ó shin, i mí na Samhna 2002. ag an am, bhí 70000 tonna d’ola bhreosla throm á n‑iompar aige, a dhoirt, agus a ndearna damáiste substaintiúil do thránna, bailte agus sráidbhailte ar chósta thuaidh na Spáinne agus ar chósta thiar na Fraince. Mar a mhíneofar i míreanna 13 go 26 den Tuairim seo, d’eascair díospóid fhada idir árachóirí an tsoithigh agus Stát na Spáinne as an soitheach ag dul go tóin poill, arna saothrú trí dhá nós imeachta éagsúla in dhá Bhallstát. Bhí dhá bhreithiúnas mar thoradh air sin: ceann amháin arna thabhairt ag an Audiencia Provincial de La Coruña (Cúirt Chúige, La Coruña, an Spáinn), an ceann eile arna thabhairt ag an High Court of Justice (England & Wales), Queen’s Bench Division (Commercial court) [Ard-Chúirt Bhreithiúnais (Sasana agus an Bhreatain Bheag), Rannán Bhinse na Banríona (Dlísheomra Tráchtála) (an Ríocht Aontaithe)]. I ndeireadh na dála, lorg Stát na Spáinne go n‑aithneodh cúirteanna Shasana agus na Breataine Bige breithiúnas an Audiencia Provincial de La Coruña (Cúirt Chúige, La Coruña). Sna laethanta deiridh den idirthréimhse tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, rinne an High Court of Justice (England & Wales) [Ard-Chúirt Bhreithiúnais (Sasana agus an Bhreatain Bheag)] tarchur chun réamhrialú ag iarraidh léirmhíniú ón gCúirt Bhreithiúnais ar Airteagal 1(2)(d) agus Airteagal 34(1) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála. ( 2 )

II. An dlí

A.   Dlí idirnáisiúnta

2.

Foráiltear le hAirteagal I(1) den Choinbhinsiún maidir le Dámhachtainí Eadrána Coigríche a Aithint agus a Fhorghníomhú, a tugadh i gcrích i Nua-Eabhrac an 10 Meitheamh 1958 ( 3 ) (“Coinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958”):

“Bainfidh an Coinbhinsiún seo le haithint agus le forghníomhú dámhachtainí eadrána arna ndéanamh i gcríoch Stáit seachas an Stát ina n‑iarrtar aithint agus forghníomhú na ndámhachtainí sin, agus ar dámhachtainí iad a eascraíonn as easaontais idir daoine, bíodh siad daoine fisiciúla nó dlíthiúla. Bainfidh sé freisin le dámhachtainí eadrána nach meastar gur dámhachtainí intíre iad sa Stát ina n‑iarrtar iad a aithint agus a fhorghníomhú.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

3.

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal III de Choinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958:

“Aithneoidh gach Stát Conarthach go bhfuil dámhachtainí eadrána ceangailteach agus forghníomhóidh siad iad de réir rialacha nós imeachta na críche ina seastar ar an dámhachtain, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna hairteagail seo a leanas. Ní chuirfear coinníollacha níos dochraidí go substaintiúil ná táillí ná muirir níos airde ar aithint nó forghníomhú dámhachtainí eadrána lena mbaineann an Coinbhinsiún seo ná mar a chuirtear ar aithint nó forghníomhú dámhachtainí eadrána intíre.”

B.   Dlí an Aontais Eorpaigh

1. Rialachán Uimh. 44/2001

4.

Foráiltear le hAirteagal 1(1) de Rialachán Uimh. 44/2001 go mbeidh feidhm ag an Rialachán sin in ábhair shibhialta agus thráchtála, beag beann ar an gcineál cúirte nó binse a bheidh i gceist. Le hAirteagal 1(2)(d) den Rialachán sin, ní bheidh feidhm aige maidir le headráin.

5.

De bhun Airteagal 32 de Rialachán Uimh. 44/2001, “... ciallaíonn ‘breithiúnas’ aon bhreithiúnas a thugann cúirt nó binse de chuid Ballstáit, cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas, lena n‑áirítear foraithne, ordú, breith nó eascaire ar fhorghníomhú, mar aon le breith ar chostais nó ar chaiteachas arna mbreith ag oifigeach den chúirt”.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6.

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 33 de Rialachán Uimh. 44/2001:

“1.   Gheobhaidh breithiúnas a tugadh i mBallstát aithint sna Ballstáit eile gan gá a bheith le haon nós imeachta speisialta chuige sin.

2.   Aon pháirtí leasmhar a thabharfaidh aithint bhreithiúnais faoi thrácht mar phríomh-shaincheist i gconspóid, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i Ranna 2 agus 3 den Chaibidil seo, chun go ndéanfar an breithiúnas sin a aithint.

3.   Má tá toradh imeachtaí i gcúirt Ballstáit ag brath ar cheist theagmhasach maidir le haithint a chinneadh, beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7.

Le hAirteagal 34 de Rialachán Uimh. 44/2001:

“Ní aithneofar breithiúnas:

1.

más léir go bhfuil an aithint sin contrártha leis an mbeartas poiblí sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint;

[…]

3.

má bhíonn sé bunoscionn le breithiúnas a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint;

4.

má bhíonn sé bunoscionn le breithiúnas a tugadh roimhe sin i mBallstát eile nó i dtríú Stát maidir leis an gcúis chaingne chéanna agus idir na páirtithe céanna, ar choinníoll go gcomhlíonann an breithiúnas a tugadh roimhe sin na coinníollacha is gá chun é a aithint sa Bhallstát arna ndírítear.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8.

Fóráiltear le hAirteagal 71(1) de Rialachán Uimh. 44/2001 nach ndéanfaidh an Rialachán sin difear d’aon choinbhinsiún a bhfuil na Ballstáit ina bpáirtithe iontu agus a ndéanann, maidir le hábhair áirithe, rialú ar dhlínse nó ar aithint nó forghníomhú breithiúnas.

2. Rialachán Uimh. 1215/2012

9.

Ós rud é nár athraíodh na téarmaí ina léirítear Airteagal 1(2)(d) de Rialachán Uimh. 44/2001 ó tháinig Coinbhinsiún na Bruiséile i bhfeidhm, is cosúil go bhfuil aithris 12 de Rialachán Uimh. 1215/2012 ábhartha agus measúnú á dhéanamh ar raon feidhme na heisceachta dá bhforáiltear ann. ( 4 ) Léitear an aithris sin mar a leanas:

“Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le headráin. Níor cheart go gcuirfeadh aon ní sa Rialachán seo bac ar chúirteanna Ballstáit, agus caingean os a gcomhair i gcás ina mbeadh comhaontú eadrána déanta idir na páirtithe, ó na páirtithe sin a chur chun eadrána, ó bhac a chur ar na himeachtaí nó na himeachtaí a dhíbheadh, nó ó fhéachaint an bhfuil an comhaontú eadrána ar neamhní, neamhoibríoch nó nach féidir é a fheidhmiú, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

Rialú a thabharfaidh cúirt de chuid Ballstáit i dtaobh an bhfuil comhaontú eadrána ar neamhní, neamhoibríoch nó nach féidir é a chur i bhfeidhm, níor cheart go mbeadh sé faoi réir na rialacha maidir le haithint agus forghníomhú a leagtar síos sa Rialachán seo, is cuma ar chinn an chúirt ar an gceist sin mar phríomh-shaincheist nó mar cheist theagmhasach.

Ar an lámh eile, i gcás ina mbeidh sé cinntithe ag cúirt de chuid Ballstáit, agus í ag feidhmiú dlínse faoin Rialachán seo nó faoin dlí náisiúnta, go bhfuil comhaontú eadrána ar neamhní, neamhoibríoch nó nach féidir é a fheidhmiú, níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar bhreithiúnas na cúirte sin maidir le substaint an ábhair ó bheith aitheanta nó, de réir mar a bheidh, ó bheith forghníomhaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar d’inniúlacht chúirteanna na mBallstát breith a thabhairt maidir le haithint agus forghníomhú dámhachtainí eadrána i gcomhréir le [Coinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958], ar coinbhinsiún é a bhfuil tosaíocht aige ar an Rialachán seo.

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon chaingean nó aon imeachtaí coimhdeacha a bhaineann, go háirithe, le binse eadrána a chur ar bun, le cumhachtaí eadránaithe, le nós imeachta eadrána a sheoladh nó le haon ghné eile de nós imeachta den sórt sin, ná a bhaineann le haon chaingean nó aon bhreithiúnas a bhaineann le dámhachtain eadrána a neamhniú, a athbhreithniú, a achomharc, a aithint nó a fhorghníomhú.”

C.   Dlí Shasana

10.

Foráiltear le hAlt 66 den Arbitration Act 1996 (Acht Eadrána, 1996), ( 5 ) dar teideal “Forghníomhú na dámhachtana”:

“(l)

Féadfar dámhachtain a dhéanfaidh an binse de bhun comhaontú eadrána a fhorghníomhú, le cead na cúirte, ar an modh céanna le breithiúnas nó ordú ón gcúirt leis an éifeacht chéanna.

(2)

Sa chás ina dtabharfar cead amhlaidh, féadfar breithiúnas a eisiúint lena n‑athdhearbhófar téarmaí na dámhachtana.

(3)

Ní fhéadfaí cead chun dámhachtain a fhorghníomhú a thabhairt sa chás agus sa mhéid a léireoidh an duine nach mór í a fhorghníomhú ina choinne nach raibh dlínse shubstainteach ag an mbinse leis an dámhachtain a dhéanamh. D’fhéadfadh sé gur cailleadh an ceart chun agóid den sórt sin a dhéanamh (…).

…”

11.

Foráiltear le hAlt 73 den Acht Eadrána, 1996, dar teideal “Cailleadh an chirt chun agóid a dhéanamh”:

“(1)

Sa chás ina nglacfaidh páirtí in imeachtaí eadrána páirt nó má leanann sé air de pháirt a ghlacadh sna himeachtaí gan agóid a dhéanamh, láithreach nó faoin teorainn ama dá bhforáiltear sa chomhaontú dámhachtana nó ag an mbinse eadrána nó ag foráil den Chuid seo—

(a)

nach bhfuil dlínse shubstainteach ag an mbinse,

(b)

gur seoladh na himeachtaí go míchuí,

(c)

nár comhlíonadh an comhaontú eadrána nó aon fhoráil den Chuid seo, nó

(d)

go ndearnadh difear don bhinse nó do na himeachtaí de dheasca neamhrialtacht eile a dhéanamh,

ní fhéadfaidh sé an agóid sin a dhéanamh ina dhiaidh sin os comhair an bhinse nó os comhair na cúirte mura léireoidh sé nach raibh forais na hagóide ar eolas aige agus nach bhféadfadh sé le dúthracht réasúnta eolas a fháil orthu tráth a ghlac sé páirt sna himeachtaí nó a lean sé air de bheith páirteach sna himeachtaí.

(2)

Sa chás ina rialóidh binse eadrána go bhfuil dlínse shubstainteach aige agus nach ndéanfaidh páirtí in imeachtaí eadrána a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar an rialú sin —

(a) le nós imeachta eadrána achomhairc nó athbhreithnithe a thionscnamh, nó

(b) le dámhachtain a cheistiú,

a leithéid faoin teorainn ama dá bhforáiltear leis an gcomhaontú eadrána nó le haon fhoráil den Chuid seo, ní fhéadfaidh sé cur i gcoinne dlínse shubstainteach an bhinse ar aon fhoras ab ábhar leis an rialú sin.”

D.   Dlí na Spáinne

12.

Foráiltear le hAirteagal 117 den Ley Orgánica 10/1995 del Código Penal (Gníomh Orgánach 10/1995 den Chód Coiriúil) an 23 Samhain 1995 ( 6 ) mar a leanas: “Gan dochar dá cheart gnóthaithe ón duine lena mbaineann, dlífear go díreach faoin dlí sibhialta, suas le teorainn an chúitimh a bhunófar de réir dlí nó a chomhaontófar de réir choinbhinsiúin, de na hárachóirí a bhfuil riosca dliteanais airgid glactha acu, ar riosca é a thiocfaidh as úsáid nó leas a bhaint as maoin, as tionscal, as gnóthas nó as gníomhaíocht, sa chás ina dtarlóidh teagmhas a fhreagraíonn don riosca a bhfuarthas árachas ina aghaidh de dheasca teagmhas arna foráil sa Chód seo.”

III. Fíorais agus nós imeachta na bpríomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

13.

Ag an am a chuaigh an soitheach go tóin poill, bhí árachas Protection and Indemnity (Cosaint agus Slánaíocht, “P&I”) ag a úinéirí (“na húinéirí”) le The London Steam-Ship Owners’ Mutual Insurance Association Limited (“an Club”), ( 7 ) de bhun conradh árachais a tugadh i gcrích le deimhniú iontrála dar dáta 20 Feabhra 2002 (“an conradh árachais”). Leis an gconradh sin, d’aontaigh an Club cumhdach P&I a sholáthar do na húinéirí maidir le, inter alia, aon teagmhas amháin dliteanais i leith truaillithe suas go dtí méid comhiomlán uasta 1 billiún dollar na Stát Aontaithe (USD). Bhí an conradh árachais faoi réir Rialacha an Chlub, is é sin, téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha an pholasaí árachais a bhí ionchorpraithe sa deimhniú iontrála. Rinneadh i Riail 3, dar teideal “An ceart chun aisghabhála”, foráil do chlásal “pay to be paid” (íoc le bheith íoctha) ( 8 ) sna téarmaí seo a leanas:

‘3.1

Má thabhóidh aon chomhalta dliteanais, costais nó caiteachais a bhfuil sé árachaithe ina leith, beidh sé i dteideal é a ghnóthú ón gComhlachas as cistí na hAicme seo, AR CHOINNÍOLL:

3.1.1

go mbeidh íoc iarbhír (as airgead go hiomlán leis agus ní trí iasacht ná ar shlí eile) ag an gComhalta de mhéid iomlán na ndliteanas, na gcostas agus na gcaiteachas sin ina choinníoll nach foláir a chomhlíonadh sula ngnóthóidh sé é;

…”

14.

Bhí clásal eadrána i Riail 43 de Rialacha an Chlub, dar teideal “Dlínse agus dlí”, inar luadh “má tharlaíonn aon easaontas nó díospóid idir Comhalta agus an Comhlachas” ba cheart “an t‑easaontas nó an díospóid sin” a chur chun eadrána i Londain (an Ríocht Aontaithe) os comhair eadránaí dlíthiúil aonair faoi réir dhlí Shasana agus an Achta Eadrána, 1996.

15.

Go déanach in 2002, tionscnaíodh imeachtaí coiriúla sa Spáinn i gcoinne, i measc cúisithe eile, mháistir, phríomhoifigeach agus phríomhinnealtóir an tsoithigh.

16.

I mí an Mheithimh 2010, nó thart ar an am sin, ag críoch na céime imscrúdaithe de na himeachtaí coiriúla, thug roinnt eintitis dhlíthiúla, lena n‑áirítear Stát na Spáinne, éilimh shibhialta i gcoinne roinnt cosantóirí, lena n‑áirítear an Club mar árachóir dliteanais na n‑úinéirí faoin gconradh árachais de bhun ceart caingne dírí faoi Airteagal 117 de Chód Coiriúil na Spáinne. Níor ghlac an Club páirt sna himeachtaí sa Spáinn.

17.

Ar an 16 Eanáir 2012, thionscain an Club imeachtaí eadrána i Londain, inar lorg sé dearbhuithe go raibh sé de cheangal ar Stát na Spáinne, de bhun an chlásail eadrána sa chonradh árachais, leanúint dá éilimh faoi Airteagal 117 de Chód Coiriúil na Spáinne i Londain agus nach raibh an Club faoi dhliteanas ag Stát na Spáinne i leith na n‑éileamh sin faoi dhlí Shasana agus/nó faoin gconradh sin. Níor ghlac Stát na Spáinne páirt sna himeachtaí eadrána. ( 9 )

18.

Le dámhachtain a seachadadh an 13 Feabhra 2013 (“an Dámhachtain”), ba é breith an bhinse eadrána go raibh feidhm ag dlí Shasana maidir leis an gconradh mar go raibh na héilimh i gceist de chineál conarthach faoi rialacha easaontachta dlíthe Shasana. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh Stát na Spáinne leas a bhaint as cearta conarthacha na n‑úinéirí gan an clásal eadrána agus an clásal “íoc le bheith íoctha” a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh tús curtha ag Stát na Spáinne le himeachtaí eadrána i Londain chun íocaíocht a aisghabháil ón gClub. Dearbhaíodh sa Dámhachtain freisin, in éagmais íocaíocht an dliteanais árachaithe ag na húinéirí roimh ré, nach raibh an Club faoi dhliteanas ag Stát na Spáinne i leith na n‑éileamh. In aon chás, ní raibh dliteanas an Chlub níos mó ná USD 1 billiún.

19.

I mí an Mhárta 2013, rinne an Club iarratas chuig an gcúirt a rinne an tarchur faoi Alt 66(1) agus (2) den Acht Eadrána, 1996 go dtabharfar cead chun an Dámhachtain a fhorghníomhú sa dlínse ar an mbealach céanna le breithiúnas nó ordú agus go ndéanfar breithiúnas a thaifeadadh i dtéarmaí na Dámhachtana. Chuir Stát na Spáinne i gcoinne an iarratais sin. Lorg sé orduithe chun an Dámhachtain a chur ar ceal agus/nó a dhearbhú nach raibh aon éifeacht ag an Dámhachtain, de bhun Ailt 67 agus/nó 72 den Acht Eadrána, 1996. Foráiltear sna hailt sin go bhféadfar agóid a dhéanamh in aghaidh dámhachtain eadrána as Sasana ar na forais, inter alia, nach raibh dlínse shubstainteach ag an mbinse agus nach raibh sé i gceart an díospóid ábhartha a chur chun eadrána. D’áitigh Stát na Spáinne freisin gur cheart don chúirt a rinne an tarchur diúltú a lánrogha a fheidhmiú chun breithiúnas a thaifeadadh.

20.

Tar éis triail seacht lá, ar tógadh fianaise maidir leis na fíorais agus sainfhianaise maidir le dlí na Spáinne lena linn, thug an chúirt a rinne an tarchur breithiúnas an 22 Deireadh Fómhair 2013. D’ordaigh sí go ndéanfaí iarratais Stát na Spáinne a dhíbhe, cheadaigh sí don Chlub, de bhun Alt 66(1) den Acht Eadrána, 1996, an Dámhachtain a fhorghníomhú agus dhearbhaigh sí go raibh, de bhun Alt 66(2) den Acht sin, breithiúnas le taifeadadh i gcoinne Stát na Spáinne i dtéarmaí na Dámhachtana. Ar an dáta céanna, thug an chúirt a rinne an tarchur breithiúnas foirmiúil ar leith inar luadh “go dtaifeadtar breithiúnas i gcoinne [Stát na Spáinne] i dtéarmaí na Dámhachtana de bhun Alt 66(2) den Acht Eadrána, 1996”. ( 10 )

21.

Rinne Stát na Spáinne achomharc i gcoinne an bhreithiúnais faoi Alt 66 chuig an Court of Appeal (England & Wales) (Civil Division) [Cúirt Achomhairc (Sasana agus an Bhreatain Bheag) (Rannán Sibhialta) an Ríocht Aontaithe]. Le breithiúnas an 1 Aibreán 2015, rinne an chúirt sin an t‑achomharc a dhíbhe.

22.

Ar an 13 Samhain 2013, thug an Audiencia Provincial de La Coruña (Cúirt Chúige, La Coruña) breithiúnas sna himeachtaí sa Spáinn. Ní dhearna sí aon chinneadh i dtaobh dhliteanas sibhialta na n-úinéirí ná an Chlub. Rinne páirtithe éagsúla achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin chun an Tribunal Supremo (Cúirt Uachtarach, an Spáinn). Le breithiúnas an 14 Eanáir 2016, chinn an chúirt sin, inter alia, go raibh an máistir agus na húinéirí faoi dhliteanas i leith na n‑éileamh sibhialta agus go raibh an Club faoi dhliteanas díreach de bhun Airteagal 117 de Chód Coiriúil na Spáinne, faoi réir na teorann dliteanais domhanda de USD 1 billiún. Chuir sí an t‑ábhar ar ais chuig an Audiencia Provincial de La Coruña (Cúirt Chúige, La Coruña) chun méid dhliteanais na gcosantóirí faoi seach sna himeachtaí sa Spáinn a chinneadh. Le breithiúnas an 15 Samhain 2017 (arna cheartú an 11 Eanáir 2018), chinn an chúirt sin, de dheasca na tionóisce, go raibh an máistir, na húinéirí agus an Club faoi dhliteanas i leith os cionn 200 páirtí ar leith (lena n‑áirítear Stát na Spáinne) i suimeanna os cionn EUR 1,6 billiún, faoi réir, i gcás an Chlub, na teorann dliteanais dhomhanda de USD 1 billiún. Rinne roinnt páirtithe achomharc in aghaidh an bhreithiúnais sin chuig an Tribunal Supremo (Cúirt Uachtarach), a sheas leis an mbreithiúnas sin, le breithiúnas an 19 Nollaig 2018 (arna leasú an 21 Eanáir 2019), ach faoi réir líon teoranta athruithe.

23.

Ar an 1 Márta 2019, d’eisigh Audiencia Provincial de La Coruña (Cúirt Chúige, La Coruña) ordú forghníomhaithe ina leagtar amach na suimeanna a bhí gach duine de na héilitheoirí, lena n‑áirítear Stát na Spáinne, i dteideal a fhorfheidhmiú i gcoinne na gcosantóirí faoi seach, lena n‑áirítear an Club (“breithiúnas na Spáinne”).

24.

Ar an 25 Márta 2019, d’iarr Stát na Spáinne ar an High Court of Justice (England & Wales) [Ard-Chúirt Bhreithiúnais (Sasana agus an Bhreatain Bheag)] go dtabharfaí aitheantas do bhreithiúnas na Spáinne faoi Airteagal 33 de Rialachán Uimh. 44/2001. D’aontaigh an chúirt sin leis an iarratas sin le hordú an 28 Bealtaine 2019 (“an t‑ordú clárúcháin”). ( 11 )

25.

Ar an 26 Meitheamh 2019, thaisc an Club achomharc i gcoinne an ordaithe clárúcháin faoi Airteagal 43 de Rialachán Uimh. 44/2001. Bhi sé ag brath ar dhá fhoras. Ar an gcéad dul síos, d’áitigh sé go raibh breithiúnas na Spáinne, de bhun Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001, bunoscionn leis an mbreithiúnas faoi Alt 66 lena sheas an Court of Appeal (England & Wales) (Civil Division) [Cúirt Achomhairc (Sasana agus an Bhreatain Bheag) (Rannán Sibhialta)] an 1 Aibreán 2015. Ar an dara dul síos, trí thagairt d’Airteagal 34(1) de Rialachán Uimh. 44/2001, thíolaic sé go raibh aithint nó forghníomhú bhreithiúnas na Spáinne contrártha go follasach le beartas poiblí Shasana. Chuir Stát na Spáinne i gcoinne achomharc an Chlub. D’iarr Stát na Spáinne ar an gcúirt a rinne an tarchur sé cheist a tharchur chun réamhrialú ar léirmhíniú Rialachán Uimh. 44/2001.

26.

Sna himthosca sin, ar an 22 Nollaig 2020, chinn an High Court of Justice (England & Wales), Queen’s Bench Division (Commercial Court) [Ard-Chúirt Bhreithiúnais (Sasana agus an Bhreatain Bheag), Rannán Bhinse na Banríona (Cúirt Tráchtála)] na ceisteanna seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais chun réamhrialú:

‘(1)

An bhféadfadh breithiúnas arna thabhairt faoi Alt 66 den Acht Eadrána, 1996 a bheith ina “b[h]reithiúnas” ábhartha de chuid Ballstáit ina n‑iarrtar aithint chun críocha Airteagal 34(3) de Rialachán [Uimh. 44/2001] i bhfianaise chineál na gceisteanna atá le breithniú ag an gcúirt náisiúnta d’fhonn a chinneadh an dtabharfaidh sí breithiúnas lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtain eadrána de réir na forála sin?

(2)

Ós breithiúnas nach dtagann faoi raon feidhme ábhartha Rialachán Uimh. 44/2007, toisc an eisceacht eadrána dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(d), é breithiúnas lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána, amhail an breithiúnas arna thabhairt de bhun Alt 66 den Acht Eadrána, 1996, an bhféadfadh a leithéid de bhreithiúnas a bheith ina “b[h]reithiúnas” ábhartha de chuid an Bhallstáit ina n‑iarrtar aithint chun críocha Airteagal 34(3) den Rialachán [sin]?

(3)

Sa chás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 agus ina bhfuil aithint nó forghníomhú breithiúnas Ballstáit eile contrártha le beartas poiblí intíre ar an bhforas go sáraítear an prionsabal res judicata leis an mbreithiúnas sin toisc dámhachtain eadrána intíre roimh ré nó breithiúnas arna thabhairt roimh ré i dtéarmaí na dámhachtana arna heisiúint ag cúirt an Bhallstáit ina n‑iarrtar an aithint, an bhfuil sé incheadaithe brath ar Airteagal 34(1) de Rialachán Uimh. 44/2001 mar fhoras chun diúltú don aithint nó don fhorghníomhú nó an bhforáiltear go huileghabhálach in Airteagal 34(3) agus (4) den Rialachán sin do na forais ar a bhféadfaí bac a chur ar aithint nó forghníomhú breithiúnais de réir bhrí an Rialacháin sin le res judicata agus/nó leis an gcineál do-réitithe?

IV. Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

27.

Chuir an Club, Rialtais na Gearmáine, na Spáinne, na Fraince agus na Polainne, an Ríocht Aontaithe, Cónaidhm na hEilvéise agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn isteach.

28.

Ag an éisteacht an 31 Eanáir 2022, rinne an Club, Rialtais na Spáinne, na Fraince agus na Polainne, an Ríocht Aontaithe agus an Coimisiún aighneachtaí ó bhéal agus thug siad freagra ar cheisteanna a chuir an Chúirt orthu.

29.

Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020. De réir Airteagal 86(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, ( 12 ) coinníonn an Chúirt an dlínse chun réamhrialuithe a thabhairt ar iarrataí ó chúirteanna agus ó bhinsí de chuid na Ríochta Aontaithe a rinneadh roimh dheireadh na hidirthréimhse, a shainítear le hAirteagal 126 de mar 31 Nollaig 2020. Ina theannta sin, faoi Airteagal 89(1) den Chomhaontú sin, tá feidhm cheangailteach ina iomláine ag breithiúnas na Cúirte Breithiúnais, bíodh sé sin tugtha roimh dheireadh na hidirthréimhse sin nó ar dháta sa todhchaí, maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. Ó rinneadh an iarraidh ar réamhrialú seo an 22 Nollaig 2020, tá dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais rialú uirthi agus beidh an chúirt a rinne an tarchur faoi cheangal ag an mbreithiúnas a thabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais.

V. Measúnú dlíthiúil

A.   Barúlacha tosaigh

30.

Mar réamhrá, ba mhaith liom dhá bharúil a thabhairt.

31.

Ar an gcéad dul síos, d’fhéach cuid de na páirtithe ag an éisteacht le ceisteanna a bhfuil cinneadh déanta ag an gcúirt a rinne an tarchur ina leith cheana féin a cheistiú. Áirítear orthu sin cinntí go raibh éilimh Stát na Spáinne i gcoinne an Chlub faoi Airteagal 117 de Chód Coiriúil na Spáinne le sonrú faoi dhlí Shasana mar éilimh chun oibleagáidí faoin bhforáil sin a fhorghníomhú, seachas cearta neamhspleácha a dhíorthaítear ó reachtanna na Spáinne; nach bhféadfaí na hoibleagáidí sin faoi dhlí Shasana a fhorghníomhú ach amháin i gcomhréir lena dtéarmaí, is é sin, ar mhodh eadrána agus faoi réir an chlásail “íoc le bheith íoctha”; agus go bhféadfaí breithniú a dhéanamh ar na héilimh trí eadráin.

32.

In imeachtaí faoi Airteagal 267 CFAE, atá bunaithe ar dheighilt shoiléir feidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, is ag an gcúirt náisiúnta amháin atá an dlínse na fíricí sa chás atá os a comhair a chinneadh agus a mheas agus an dlí náisiúnta a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm. ( 13 ) Ní faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé rialú a dhéanamh ar léirmhíniú fhorálacha an dlí náisiúnta ná a chinneadh an bhfuil léirmhíniú ceart déanta ag an gcúirt a rinne an tarchur ar na forálacha sin. ( 14 ) Dá bhrí sin, i bhfeidhmiú na dlínse a thugtar di, ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais aird a thabhairt ar na hargóintí déantar a bhfuil cur síos déanta sa mhír roimhe seo sa Tuairim seo.

33.

Ar an dara dul síos, cuireann Rialtas na Fraince isteach nach bhfuil breithiúnas na Spáinne agus an breithiúnas faoi Alt 66 bunoscionn ar a chéile. Cé go bhfuil dlínse ag cúirt náisiúnta, ní gá go gcoisctear, i dtéarmaí absalóideacha agus go háirithe i gcomhthéacs caingne le haghaidh damáistí, cúirt náisiúnta eile, nó binse eadrána, ó dhearbhú a thabhairt go bhfuil dlínse aici agus vice versa. Tugann sé faoi deara nár mheas an Club go raibh gá páirt a ghlacadh in imeachtaí na Spáinne agus, faoi dhlí na Spáinne nó faoin dlí idirnáisiúnta, nach bhfuil ar chúirt agóid a dhéanamh uaithi féin i leith easpa dlínse atá bunaithe ar chlásal eadrána a bheith ann. Ba léir, dá bhrí sin, gur i bhfianaise nach ndearnadh agóid i gcoinne a dlínse toisc gurb ann do chlásal den sórt sin a ghlac cúirt na Spáinne dlínse i leith na díospóide. Dá bhrí sin, ní hionann cinneadh sa bhreithiúnas faoi Alt 66 go bhfuil dlínse ag an mbinse eadrána a ndeachaigh an Club os a chomhair ar bhonn clásail eadrána sa chonradh árachais agus é a bheith bunoscionn leis an mbreithiúnas ón Spáinn.

34.

Cuireann Rialtas na Fraince in iúl freisin nach gcuirtear bac ar chúirt náisiúnta, cé gur chinn an binse eadrána go bhféadfaí an clásal “íoc le bheith íoctha” a fhorghníomhú i gcoinne tríú páirtithe a d’fhulaing damáiste a rinne an t‑árachaí in éagmais íocaíocht roimh ré, gan an clásal sin a chur i bhfeidhm, agus is amhlaidh is mó i gcás – mar atá anseo – nach ndearna an páirtí leasmhar an clásal sin a agairt ná nár bhraith sé ar aon easpa íocaíochta roimhe sin os comhair na cúirte sin. Ní féidir le páirtí a dhearbhú go bhfuil breithiúnas bunoscionn le breithiúnas a rinneadh i mBallstát eile toisc gur mhainnigh an páirtí sin láithriú os comhair na cúirte a thug an dara breithiúnas, agus aithint an bhreithiúnais sin á lorg sa Bhallstát inar tugadh an chéad bhreithiúnas.

35.

Tá argóintí Rialtas na Fraince mícheart ar an dá chúis seo a leanas.

36.

Ar dtús, mar a thug an Ríocht Aontaithe faoi deara ag an éisteacht agus de réir mar a chuireann Rialtas na Fraince féin in iúl ina bharúlacha i scríbhinn, tá na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú bunaithe ar an tuiscint go bhfuil breithiúnas na Spáinne agus an breithiúnas faoi Alt 66 bunoscionn ar a chéile. Ina theannta sin, mar a thug an Ríocht Aontaithe faoi deara freisin ag an éisteacht, is léir ó bhreithiúnas na cúirte a rinne an tarchur an18 Nollaig 2020, inar chinn sí na ceisteanna a bhí le tarchur le haghaidh réamhrialú, gur dhiúltaigh sí d’iarraidh shainráite Stát na Spáinne aon cheist maidir le doréititheacht a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. Is leor a mheabhrú gur faoin gcúirt a dhéanann an tarchur amháin atá sé na ceisteanna atá le tarchur chun réamhrialú maidir le léirmhíniú dhlí AE a chinneadh agus a fhoirmliú, ar ceisteanna iad atá riachtanach chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach. ( 15 ) Cé go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur saor chun iarraidh ar na páirtithe os a comhair foclaíocht oiriúnach a mholadh don cheist atá le tarchur, is faoin gcúirt sin amháin atá sé cinneadh a dhéanamh maidir lena foirm agus lena hábhar. ( 16 ) Is léir freisin i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, nuair a shonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go sainráite ina hordú tarchuir nár mheas sí go raibh gá ceist a chur nó má tá sé intuigthe go ndiúltaigh sí ceist a d’ardaigh ceann de na páirtithe a chur faoi bhráid na Cúirte, nach bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais an cheist sin a fhreagairt ná í a chur san áireamh sa tarchur chun réamhrialú. ( 17 ) I bhfianaise an mhéid thuas, tá argóintí Rialtas na Fraince maidir le saincheist na doréititheachta do-ghlactha go follasach.

37.

Anuas air sin, tá na hargóintí sin, ar aon chaoi, gan éifeacht. In Hoffmann, rialaigh an Chúirt go bhfuil doréititheacht dhá bhreithiúnas le déanamh amach trína fhiafraí an bhfuil iarmhairtí dlíthiúla comheisiacha i gceist leo. ( 18 ) Cinntear doréititheacht, dá bhrí sin, trí thagairt a dhéanamh do na héifeachtaí a bhíonn ag breithiúnais; ní bhaineann sé leis an réasúnú dlíthiúil ar a bhfuil siad bunaithe ná leis na céimeanna nós imeachta ba chúis lena nglacadh. ( 19 ) Ní bhraitheann doréititheacht na mbreithiúnas ar iompar na bpáirtithe ach an oiread, mar a mhaíonn Rialtas na Fraince. Sa chás seo, tá iarmhairtí dlíthiúla atá go hiomlán bunoscionn lena chéile ag na breithiúnais atá i gceist, maidir leis an gClub ar a laghad: cé gur cinneadh i mbreithiúnas na Spáinne go raibh an Club faoi dhliteanas, dearbhaíodh sa bhreithiúnas faoi Alt 66 nach raibh an Club faoi dhliteanas mar gheall ar an gclásal “íoc le bheith íoctha”.

B.   An chéad dá cheist

38.

Trína céad cheist, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach an bhfuil breithiúnas a taifeadadh i dtéarmaí dámhachtana faoi Alt 66(2) den Acht Eadrána, 1996 in ann a bheith ina “bhreithiúnas” ábhartha de chuid Ballstáit ina n‑iarrtar aithint chun críocha Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001. Iarrann sí, lena dara ceist, toisc go dtagann breithiúnas den sórt sin lasmuigh de raon feidhme ábhartha Rialachán Uimh. 44/2001 de bharr Airteagal 1(2)(d) de, an ionann é sin agus bac ar chaitheamh leis mar “bhreithiúnas” ábhartha chun críocha Airteagal 34(3).

39.

Ós rud é go bhfuil dlúthnasc idir an dá cheist sin, tá sé beartaithe agam scrúdú a dhéanamh orthu le chéile.

40.

Mar réamhrá, dhiúltóinn don mholadh ón Ríocht Aontaithe go ndiúltódh an Chúirt Bhreithiúnais an chéad dá shaincheist a fhreagairt ós rud é go “mbaineann siad go mór mór le coinbhleacht maidir le cibé an réitíodh an díospóid go hiomlán trí eadráin nó nár réitíodh” agus, dá bhrí sin, go dtagann a n‑ábhar faoi raon feidhme an eisiaimh a leagtar amach le hAirteagal 1(2)(d). Ar an gcéad dul síos, tá an dá cheist ag iarraidh léirmhíniú a fháil ar Airteagal 1(2)(d), Airteagal 32 agus Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001. Go dtí go mbeidh an léirmhíniú sin tugtha, ní féidir a rá gur réitíodh an bhundíospóid idir na páirtithe go hiomlán trí eadráin. Dá bhrí sin, tá an ceann contráilte den scéal ag an Ríocht Aontaithe leis an agóid faoin rúibric sin. Ar an dara dul síos, in Owens Bank ( 20 ), bhain an chéad dá cheist den trí cheist a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le cur i bhfeidhm Choinbhinsiún na Bruiséile ar imeachtaí i Stáit Chonarthacha maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas a tugadh i Stáit neamhChonarthacha, agus bhain an tríú ceist le hiarracht prionsabail dhlí an Chomhphobail a raibh feidhm acu ar lis pendens a fhionnadh. Thug an Chúirt Bhreithiúnais freagra diúltach ar an gcéad dá cheist, agus i bhfianaise an fhreagra sin mheas sí nár ghá freagra a thabhairt ar an tríú ceist. Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid atá curtha i láthair ag an Ríocht Aontaithe, níor dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais freagra a thabhairt ar na ceisteanna a tarchuireadh chuici in Owens Bank ar an bhforas gur tháinig siad lasmuigh de raon feidhme Choinbhinsiún na Bruiséile.

41.

Tá na cúiseanna le headráin a eisiamh – agus raon feidhme na heisiata sin – ó raon feidhme Rialachán Uimh. 44/2001 sna travaux préparatoires don leagan níos luaithe d’Airteagal 1(2)(d) de Rialachán Uimh. 44/2001 atá le feiceáil i gCoinbhinsiún na Bruiséile, ( 21 ) eadhon Airteagal 1(2)(4), sa tuarascáil ar a dtugtar “Tuarascáil Heidelberg”, ( 22 ) i dTuairimí áirithe a thug Abhcóidí Ginearálta, agus i roinnt breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais.

42.

Is léir ó Thuarascáil Jenard ( 23 ) agus ó Thuarascáil Evrigenis agus Kerameus ( 24 ) gur eisiadh eadráin ó raon feidhme Choinbhinsiún na Bruiséile toisc gur ann do roinnt mhaith comhaontuithe idirnáisiúnta iltaobhacha maidir le headráin. Tagraítear i dTuarascáil Schlosser ( 25 ) go háirithe do Choinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958, a raibh na Ballstáit uile, seachas Éire agus Lucsamburg, ina bpáirtithe ann ag an am. Ar an gcaoi chéanna, tugtar faoi deara i dTuarascáil Heidelberg ( 26 ) go mínítear an t‑eisiamh, go stairiúil, leis an gcaidreamh idir “córas na Bruiséile” agus Coinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958. Luaitear sa tuarascáil sin, “nuair a chaibidlíodh Coinbhinsiún [na Bruiséile] sna 1960idí, bhí comhthoil mór ann gur oibrigh an aithint do chomhaontuithe agus dámhachtainí eadrána go héifeachtúil faoi Choinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958 agus, dá réir sin, nár cheart díriú ar eadráin leis an ionstraim Eorpach” agus, “sa bhreis air sin, bhí [an Chomhairle Eorpach] ag forbairt ionstraim chomhthreomhar maidir le headráin ag an am sin, rud nár éirigh leis sa deireadh”. ( 27 ) Dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais in Rich ( 28 ), an tAbhcóide Ginearálta Léger ina Thuairim in Van Uden ( 29 ) agus an tAbhcóide Ginearálta Kokott ina Tuairim in Allianz agus Generali Assicurazioni Generali ( 30 ) gur áiríodh an eisceacht eadrána i gCoinbhinsiún na Bruiséile d’fhonn cloí leis na comhaontuithe idirnáisiúnta a bhí sa réimse sin cheana féin, go háirithe Coinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958.

43.

Dá bhrí sin, bhí sé beartaithe nach ndéanfadh Coinbhinsiún na Bruiséile agus Rialachán Uimh. 44/2001, a tháinig i gcomharbas air, difear d’fheidhmiú Choinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958 sna Ballstáit. ( 31 ) Go háirithe, ní dhíríonn ceachtar de na hionstraimí sin ar imeachtaí i leith aithint agus forghníomhú dámhachtainí eadrána, a rialaítear leis an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta is infheidhme sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint agus an forghníomhú sin.

44.

Mar a thugann an Coimisiún le fios, níl feidhm ag Coinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958 sna himeachtaí ina ndearnadh an tarchur chun réamhrialú seo, ar an gcúis nach mbaineann na himeachtaí sin, de réir mar a éilíonn Airteagal I(1) den Choinbhinsiún sin, le dámhachtain eadrána a aithint agus a fhorghníomhú i Stát seachas an Stát ina ndearnadh an dámhachtain sin. Ina theannta sin, is léir go dtagann breithiúnas na Spáinne faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 44/2001, agus, dá bhrí sin, go rialaíonn a fhorálacha a aithint agus a fhorghníomhú i mBallstát eile.

45.

Cé nach bhfuil léiriú soiléir i dtéacs Airteagal 1(2)(d) de Rialachán Uimh. 44/2001 (ná i dtéacs Airteagal 1(2)(4) de Choinbhinsiún na Bruiséile a tháinig roimhe sin) maidir leis an méid a eisiatar eadráin óna raon feidhme, is léir go maith go bhfuil an t‑eisiamh sin “cuimsitheach” ( 32 ) agus go bhfuil léiriú leathan le déanamh air.

46.

Dá bhrí sin, is léir ó Thuarascáil Jenard ( 33 ) nach bhfuil an t‑eisiamh eadrána teoranta d’imeachtaí os comhair eadránaí, ach go n‑áirítear ann imeachtaí cúirte a bhaineann le headráin. Luaitear i dTuarascáil Schlosser nach gcumhdaítear le Coinbhinsiún na Bruiséile imeachtaí cúirte atá coimhdeach le himeachtaí eadrána ( 34 ) ná breithiúnais maidir le bailíocht comhaontaithe eadrána agus, i gcás inarb iomchuí, ina ordaítear do pháirtithe gan leanúint ar aghaidh le himeachtaí eadrána. ( 35 ) Léirítear sa tuarascáil sin freisin nach bhfuil feidhm ag Coinbhinsiún na Bruiséile maidir le himeachtaí agus cinntí a bhaineann le hiarratais chun dámhachtainí eadrána a chúlghairm, a leasú, a aithint agus a fhorghníomhú nó maidir le “cinntí cúirte ina gcorpraítear dámhachtainí eadrána – modh coiteann aitheantais faoi dhlí na Ríochta Aontaithe”. ( 36 ) Ar an gcaoi chéanna, luaitear i dTuarascáil Evrigenis agus Kerameus ( 37 ) nach gcumhdaítear i gCoinbhinsiún na Bruiséile imeachtaí a bhaineann go díreach le headráin mar phríomh-shaincheist, mar shampla cásanna ina bhfuil ról lárnach ag an gcúirt maidir leis an gcomhlacht eadrána a bhunú, maidir le neamhniú breithiúnach nó maidir le bailíocht nó locht dámhachtain eadrána a aithint.

47.

I gcomhréir leis an méid thuasluaite, chinn an Chúirt Bhreithiúnais in Rich, a bhain le headránaí a cheapadh ag cúirt náisiúnta, “go raibh sé beartaithe ag na Páirtithe Conarthacha eadráin ina hiomláine a eisiamh, lena n‑áirítear imeachtaí arna dtabhairt os comhair cúirteanna náisiúnta”. ( 38 ) Chinn sí freisin, d’fhonn a chinneadh an dtagann díospóid faoi raon feidhme Choinbhinsiún na Bruiséile, nach mór tagairt a dhéanamh d’ábhar na díospóide sin amháin. Dá bhrí sin, más rud é, de bhua ábhar na díospóide, go dtagann díospóid lasmuigh de raon feidhme Choinbhinsiún na Bruiséile, ní féidir le réamh-shaincheist nach mór don chúirt a réiteach chun an díospóid a chinneadh, beag beann ar an saincheist atá ann, údar a thabhairt do chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin sin. ( 39 ) In Van Uden, a bhain le hiarratas ar fhaoiseamh eatramhach maidir le fiacha faoi chonradh ina raibh clásal eadrána a íoc, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil bearta sealadacha, i bprionsabal, coimhdeach le himeachtaí eadrána ach go n‑ordaítear iad go comhthreomhar leo mar bhearta tacaíochta, nach mbaineann siad le headráin inti féin ach le cosaint raon leathan ceart, agus dá bhrí sin nach bhfuil a n‑áit i raon feidhme Choinbhinsiún na Bruiséile le cinneadh de réir a nádúr féin ach de réir nádúr na gceart a n‑iarrtar a chosaint leo. Ba é conclúid na Cúirte, dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann an t‑ábhar d’iarratas ar bhearta sealadacha le ceist a thagann faoi raon feidhme ábhartha Choinbhinsiún na Bruiséile, go mbeidh feidhm aige sin. ( 40 ) Ar deireadh, in Gazprom, ( 41 ) iarradh ar an gCúirt Bhreithiúnas rialú a thabhairt i dtaobh an gcoisctear le Rialachán Uimh. 44/2001 ar chúirt Ballstáit dámhachtain eadrána arna heisiúint ag binse eadrána i mBallstát eile a aithint agus a fhorfheidhmiú, nó a aithint agus a fhorfheidhmiú a dhiúltú, ar dhámhachtain eadrána í lena gcuirtear toirmeasc ar pháirtí in imeachtaí eadrána éilimh áirithe a thabhairt os comhair cúirte den chéad Bhallstáit. Thug an Chúirt Bhreithiúnais freagra diúltach ar an gceist sin, ag cur in iúl nach rialaíonn Rialachán Uimh. 44/2001 aithint agus forghníomhú dámhachtana, i mBallstát amháin, arna heisiúint ag binse eadrána i mBallstát eile.

48.

I mo thuairimse, is léir ón méid thuasluaite go dtagann breithiúnas a taifeadadh i dtéarmaí dámhachtana, amhail breithiúnas faoi Alt 66(2) den Acht Eadrána, 1996, faoin eisiamh eadrána dá bhforáiltear in Airteagal 1(2)(d) de Rialachán Uimh. 44/2001. Ina theannta sin, is cosúil go n‑aontaíonn an chúirt a rinne an tarchur agus na páirtithe uile atá os comhair na Cúirte Breithiúnais leis an léiriú sin.

49.

Mar a chuireann an Club, an Ríocht Aontaithe agus an Coimisiún isteach, agus an ceart acu, is é éifeacht eisiamh na headrána ó raon feidhme ábhartha Rialachán Uimh. 44/2001 ná, go háirithe, nach féidir an Rialachán sin a úsáid chun dámhachtain eadrána a fhorghníomhú i mBallstát eile trí bhreithiúnas a dhéanamh de agus trína iarraidh ar chúirteanna an Bhallstáit eile an breithiúnas sin a fhorghníomhú faoi Chaibidil III de. ( 42 )

50.

Ní hin mar atá anseo, áfach. Ní iarracht é seo breithiúnas Shasana a rinneadh faoi Alt 66 den Acht Eadrána, 1996 a aithint nó a fhorghníomhú i mBallstát eile. Baineann an cás idir lámha le héifeacht breithiúnais den sórt sin in imthosca nach bhfuil sé ag luí le breithiúnas ó Bhallstát eile a bhfuil aithint agus forghníomhú an bhreithiúnais sin á lorg i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.

51.

Tagann an cheist chun cinn, mar sin, an dtagann an cás sin faoi raon feidhme an méid a bheartaítear le hAirteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001.

52.

Ar nós an Chlub, na Ríochta Aontaithe agus an Choimisiúin, measaim gur léir, ar na trí chúis seo a leanas, go bhfuil breithiúnas a rinneadh faoi Alt 66 den Acht Eadrána, 1996 ina “bhreithiúnas” sa Stát iarrtha chun críocha Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001.

53.

Ar an gcéad dul síos, sainmhínítear in Airteagal 32 de Rialachán Uimh. 44/2001 an coincheap de “bhreithiúnas” i dtéarmaí an-leathan. ( 43 ) Tá feidhm ag an sainmhíniú sin maidir le forálacha uile an Rialacháin sin ina bhfuil an coincheap sin le feiceáil, ( 44 ) lena n‑áirítear Airteagal 34(3).

54.

Ar an dara dul síos, i mír 17 dá breithiúnas in Solo Kleinmotoren, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais, le bheith ina “bhreithiúnas” chun críocha Choinbhinsiún na Bruiséile, “go gcaithfidh an cinneadh teacht ó chomhlacht breithiúnach i Stát Conarthach a chinneann ar a údarás féin ar na saincheisteanna idir na páirtithe”. ( 45 )

55.

Comhlíonann breithiúnas a rinneadh de bhun Alt 66(2) den Acht Eadrána, 1996 na coinníollacha sin ina n‑iomláine. Is léir ón gcur síos san ordú tarchuir ar an bpróiseas trína dtugann cúirteanna Shasana breithiúnas chun éifeacht a thabhairt do dhámhachtain eadrána de bhun Alt 66 den Acht Eadrána, 1996 nach bhfuil faomhadh uathoibríoch na dámhachtana i gceist leis sin agus nach ionann é agus an próiséas a dhéanamh go huathoibríoch leis na súile dúnta. Éisteann an chúirt le hargóint agus déanann sí cinneadh breithiúnach maidir le sraith saincheisteanna substainteacha, amhail dlínse an eadránaí, cibé an bhfuil sé ar mhaithe leis an gceartas an bhreithiúnas a thaifeadadh (breithnithe maidir le praiticiúlacht agus úsáideacht i ndáil leis an ordú a dheonú), saincheisteanna beartais phoiblí agus leasanna tríú páirtithe. Chun na saincheisteanna sin a chinneadh, is féidir leis an gcúirt imscrúdú agus triail a ordú maidir le saincheisteanna éagsúla dlí agus fíorasacha. ( 46 ) Dá bhrí sin, de réir mar a léiríonn an t‑ordú tarchuir, d’fhéadfadh cúirt a éisteann le hiarratas faoi Alt 66 saincheisteanna substainteacha tábhachtacha idir na páirtithe a chinneadh, cé nach bhfuil siad ar aon dul leis na ceisteanna ná na saincheisteanna a chinn an binse eadrána agus a chuimsítear leis an dámhachtain.

56.

Is cosúil freisin, mar a chuireann an Ríocht Aontaithe agus an Coimisiún in iúl, agus an ceart acu, ina gcuid barúlacha i scríbhinn, nach dtagann an t‑údarás chun breithiúnas a thaifeadadh i dtéarmaí dámhachtana eadrána ón dámhachtain ná ón gcomhaontú idir na páirtithe an díospóid a chur chun eadrána, ach ón dlínse a thugtar don chúirt i Sasana chun na críche sin, a chuimsíonn saincheisteanna substainteacha idir na páirtithe a réiteach. Murab ionann agus an méid a mhaíonn Rialtas na Gearmáine agus Rialtas na Fraince, níl an seasamh céanna ag an gcúirt i Sasana agus a bheadh ag cúirt a dhaingníonn socraíocht arna tabhairt i gcrích ag na páirtithe, mar a bhí sna himthosca ba bhun leis an mbreithiúnas in Solo Kleinmotoren, nuair a chinn an Chúirt “go bhfuilsocraíochtaí os comhair cúirte, go bunúsach, conarthach sa mhéid is go mbraitheann a dtéarmaí go príomha ar rún na bpáirtithe”. ( 47 ) Mar a chuireann barúlacha i scríbhinn an Choimisiúin in iúl go cuí, ní hionann dámhachtain eadrána agus léiriú ar chomhaontú idir na páirtithe maidir leis na saincheisteanna a chlúdaítear léi ach is é atá ann ná breithniú na díospóide maidir leis na saincheisteanna sin.

57.

Ar an tríú dul síos, aontaím leis na haighneachtaí i scríbhinn ón gClub agus ón Ríocht Aontaithe nuair a áitíonn siad, cé nach dtugann breithiúnas arna ghlacadh de bhun Alt 66 den Acht Eadrána, 1996 aghaidh ar gach saincheist os comhair an bhinse eadrána, nach gcuireann sé sin cosc air a bheith ina “bhreithiúnas” chun críocha Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001. ( 48 ) Go háirithe, níl aon cheanglas ann go gcaithfidh cúirt gach ceann de na gnéithe substainteacha de dhíospóid a chinneadh d’fhonn breithiúnas a fhógairt a chomhlíonann cuspóirí na forála sin. Mar shampla, in Gambazzi, chinn an Chúirt, chun cinntí a cháiliú mar “bhreithiúnais”, gur leor é gur “cinntí breithiúnacha a bhí nó a d’fhéadfadh a bheith ina n‑ábhar d’fhiosrúchán in imeachtaí sáraíochta sa Stát tionscnaimh agus faoi nósanna imeachta éagsúla”. ( 49 ) Sa chás sin, measadh gur “bhreithiúnas” a bhí i mbreithiúnas mainneachtana a tugadh nuair a bhí an cosantóir eisiata ó na himeachtaí toisc gur theip air ordú cúirte a chomhlíonadh, d’ainneoin nár scrúdaigh an chúirt substaint éilimh an iarratasóra agus go raibh a breithniú teoranta don cheist ar chomhlíonadh na ceanglais maidir le breithiúnas mainneachtana a eisiúint.

58.

Is fíor go dtagraíonn mír 17 den bhreithiúnas in Solo Kleinmotoren ( 50 ) do “na” saincheisteanna idir na páirtithe. Mar sin féin, is léir ó mhír 21 den bhreithiúnas sin, ina dtagraítear do “ábhar atá i gceist” idir na páirtithe, agus ón leagan de mhír 17 i dteanga na n‑imeachtaí, an Ghearmáinis, nach raibh sé i gceist aon tábhacht a chur leis an alt sa leagan Béarla. ( 51 )

59.

Aontaím freisin le tuairim an Chlub, Rialtas na Gearmáine ( 52 ), na Ríochta Aontaithe agus an Choimisiúin go bhfuil feidhm ag Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 maidir le haon bhreithiúnas doréitithe a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint, is cuma cé acu an dtagann nó nach dtagann an t‑ábhar faoi raon feidhme ábhartha Rialachán Uimh. 44/2001. Is é sin le rá, ní feidhmíonn an t‑eisiamh d’eadráin faoi Airteagal 1(2)(d) sa chaoi is go n‑eisiatar breithiúnais den sórt sin ó theacht faoi raon Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001.

60.

Níl Airteagal 1(2) de Rialachán Uimh. 44/2001 cinntitheach i dtaobh an dtagann breithiúnas faoi Airteagal 34(3) faoi raon feidhme an Rialacháin ar an gcúis shimplí gur achtaíodh na forálacha sin chun críocha eile agus go bhfuil cuspóirí eile á saothrú acu.

61.

Maidir le haidhm agus cuspóirí Airteagal 1(2) de Rialachán Uimh. 44/2001, a luaithe a thagann “breithiúnas”, mar a shainítear in Airteagal 32, faoi raon feidhme ábhartha an Rialacháin sin, féadfaidh sé leas a bhaint as aitheantas frithpháirteach agus dá bhrí sin féadfaidh sé “taisteal”. Chun an cur síos ar a mbraitheann an Club a ghlacadh: “Díríonn Airteagal 1 ar chur i bhfeidhm an Rialacháin ar na himeachtaí, a chinntear, i gcás iarratas ar fhorghníómhú faoi Chaibidil III, le hábhar an bhreithiúnais atá le forghníomhú (breithiúnas na Spáinne sa chás seo), agus “nuair a fhaightear go bhfuil feidhm ag an Rialachán trí thagairt do na himeachtaí sin, níl aon ról eile ag Airteagal 1”.

62.

Mar a dúirt an Club, Rialtas na Gearmáine, an Ríocht Aontaithe agus an Coimisiún, tá aidhm dhifriúil ag Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 agus tá cuspóirí difriúla aige, eadhon sláine dhlíchóras inmheánach Ballstáit a chosaint agus a áirithiú nach gcuirfear isteach ar a smacht reachta trí cheanglas a bheith ann aithint a thabhairt do bhreithiúnas eachtrach atá ar neamhréir le cinneadh dá chúirteanna féin. Sainaithníodh i dTuarascáil Jenard an bunphrionsabal sin i gCoinbhinsiún na Bruiséile. ( 53 ) Chuir an Chúirt an prionsabal sin chun cinn mar thaca lena réasúnú in Solo Kleinmotoren. ( 54 ) Dá bhrí sin, déantar léirmhíniú ar Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 ar an eolas mar sin nár cheart an smacht reachta sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint a shuaitheadh. ( 55 )

63.

Ós rud é gur cruthaíodh an baol go ndéanfaí cinntí doréitithe de bharr ábhair áirithe a eisiamh ó raon feidhme ábhartha Rialachán Uimh. 44/2001, b’éigean rialacha a ghlacadh chun na himthosca sin a rialú. I dTuairimí an Abhcóide Ghinearálta Darmon in Rich agus an Abhcóide Ghinearálta Kokott in Allianz agus Generali Assicurazioni Generali, ( 56 ) admhaíonn siad go sainráite go bhfuil an baol sin ann i réimse na headrána. De bhua Airteagal 1(2) de, meastar go bhfuil go leor ábhar tábhachtach lasmuigh de raon feidhme Rialachán Uimh. 44/2001, lena n‑áirítear stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha, uachtanna agus comharbas, féimheacht, dócmhainneacht agus slándáil shóisialta. Dá bhrí sin, aontaím leis an gClub, le Rialtas na Gearmáine, leis an Ríocht Aontaithe agus leis an gCoimisiún ina n‑aighneachtaí go ndéanfaí suaitheadh tromchúiseach ar smacht reachta agus dlíchóras inmheánach na mBallstát dá mbeadh ar a gcúirteanna neamhaird a thabhairt ar bhreithiúnais maidir leis na hábhair sin go léir, arna dtabhairt laistigh dá ndlínse ag cúirteanna eile de chuid an Bhallstáit chéanna sin, agus a bhféadfadh feidhm res judicata a bheith bainte amach acu, i bhfabhar breithiúnas – a d’fhéadfadh a bheith ann ina dhiaidh sin – ó chúirt Ballstáit eile a bheidh ag breithniú na saincheiste céanna. In éagmais forálacha soiléire dá mhalairt, tá sé réasúnach a mheas nach raibh sé ar intinn ag reachtóir AE forálacha a achtú a mbeadh tionchar chomh suaiteach sin acu ar an smacht reachta sna Ballstáit.

64.

Is léir freisin i mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais in Hoffmann ( 57 ) gur cheart urraim chuí a thabhairt do bhreithiúnas a thug cúirt de chuid an Stáit ina n‑iarrtar aithint breithiúnais coigríche, d’ainneoin go bhfuil ábhar an chéad bhreithiúnais sin lasmuigh de raon feidhme Rialachán Uimh. 44/2001. In Hoffmann, ordaíodh i mbreithiúnas de chuid na Gearmáine d’fhear chéile íocaíochtaí cothabhála a dhéanamh lena bhean chéile, óna raibh sé scartha sa Ghearmáin. Fuair sé foraithne cholscartha ina dhiaidh sin ó chúirt san Ísiltír, rud nár aithníodh sa Ghearmáin. Ag an am ábhartha, eisiadh stádas daoine nádúrtha ó raon feidhme Choinbhinsiún na Bruiséile ach áiríodh íocaíochtaí cothabhála céile ann. I gcomhthéacs imeachtaí chun breithiúnas na Gearmáine a fhorghníomhú san Ísiltír, fiafraíodh den Chúirt ar cheart forghníomhú a dhiúltú faoi Airteagal 27(3) de Choinbhinsiún na Bruiséile ( 58 ) ar an bhforas go raibh sé bunoscionn le foraithne cholscartha na hÍsiltíre. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur cheart do chúirt na hÍsiltíre diúltú d’fhorfheidhmiú ordú na Gearmáine. Thug sí faoi deara, inter alia, “go bhfuil iarmhairtí dlíthiúla ag na breithiúnais i gceist atá comheisiach” agus “go gcaithfear an breithiúnas coigríche, a fhágann gur gá do chaidreamh pósta a bheith ann, a fhorghníomhú, cé gur díscaoileadh an caidreamh sin le breithiúnas a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna sa Stát ina n‑iarrtar an forghníomhú”. ( 59 )

65.

Aontaím leis an gCoimisiún go gcomhlíonann an seasamh a ghlac an Chúirt Bhreithiúnais in Hoffmann ( 60 ) ceanglais an chórais dlínse a cruthaíodh faoi Rialachán Uimh. 44/2001 trí bhailíocht breithiúnas a éascú sna dlínsí ina dtugtar iad. Ní fhéadfadh breithiúnas na Gearmáine agus foraithne cholscartha na hÍsiltíre seasamh sa chóras dlí céanna. Dá mbeadh cúrsaí den sórt sin ceadaithe faoi Choinbhinsiún na Bruiséile, bhainfí an bonn den smacht reachta san Ísiltír. ( 61 ) Ós rud é, chun críocha na hanailíse seo, nach bhfuil aon chúis ann idirdhealú a dhéanamh idir na heisceachtaí éagsúla atá in Airteagal 1(2) de Rialachán Uimh. 44/2001, níl sé ábhartha ina theannta sin nach mbaineann Hoffmann le hAirteagal 1(2)(d).

66.

Ar deireadh, tá mé cinnte dearfa freisin leis an argóint a chuir an Club, an Ríocht Aontaithe agus an Coimisiún chun cinn go mbeadh dhá aimhrialtacht ar a laghad ann mar thoradh ar léirmhíniú ar Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 go mbeadh cinntí cúirteanna náisiúnta a thabharfadh éifeacht do dhámhachtainí eadrána, amhail an breithiúnas faoi Alt 66(2) atá i gceist anseo, lasmuigh de raon feidhme na forála sin.

67.

Ar an gcéad dul síos, de bhun Airteagal 34(4) de Rialachán Uimh. 44/2001, féadfaidh breithiúnas a tugadh roimhe sin i dtríú Stát, ar breithiúnas é a thagann lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin sin de réir sainmhínithe, bac a chur ar aithint do bhreithiúnas neamh-chomhsheasmhach a thabharfaí ina dhiaidh sin i mBallstát seachas an Ballstát ina n‑iarrtar an aithint. Ar an taobh eile, ní bheadh an éifeacht sin ag breithiúnas neamhréireach arna tabhairt sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint, a mheasfaí go mbeadh a ábhar lasmuigh de raon feidhme Rialachán Uimh. 44/2001. Mar shampla, d’fhéadfadh breithiúnas a thug cúirt sa Bholaiv, tríú Stát, cosc a chur ar bhreithiúnas a thug cúirt in Éirinn, Ballstát, ó aithint a fháil sa Fhrainc, Ballstát eile, cé nach bhféadfaí brath ar bhreithiúnas a thug cúirt de chuid na Fraince chun cosc a chur ar aithint bhreithiúnas na hÉireann sa Fhrainc.

68.

Ar an dara dul síos, bheadh seasamh níos fearr ag dámhachtain eadrána neamh-intíre i ndlíchóras an Bhallstáit ina n‑iarrtar an aithint i gcomparáid le dámhachtain eadrána intíre a d’fhorfheidhmigh cúirteanna an Bhallstáit sin. I gcás ina n‑aithníonn Ballstát dámhachtain eadrána neamh-intíre faoi Choinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958, ní féidir leis Rialachán Uimh. 44/2001 a agairt ina dhiaidh sin chun breithiúnas Ballstáit a bheadh ag teacht salach ar an dámhachtain neamh-intíre sin a fhorghníomhú. Bheadh dámhachtain eadrána intíre arna forghníomhú trí bhreithiúnas sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint níos measa as ós rud é nach mbeadh stádas dámhachtana de chuid Choinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958 ( 62 ) aici, agus nach mbeadh teidlíocht ann i leith cosaint a fháil faoi Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001. Sa chás i gceist, mura gcoisctear forfheidhmiú bhreithiúnas na Spáinne i Sasana leis an mbreithiúnas faoi Alt 66, bhainfí éifeachtaí dlíthiúla den Dámhachtain i ndlínse shuíomh na headrána ach d’fhéadfaí í a fhorghníomhú mar sin féin i mBallstát eile de rogha ar bhreithiúnas na Spáinne. Tógaimis an sampla a thug an Coimisiún ina bharúlacha i scríbhinn. Má mheasann cúirteanna na Fraince go gceanglaíonn Coinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958 orthu aithint a thabhairt don Dámhachtain, ní chuirfeadh Rialachán Uimh. 44/2001 cosc ar fhorghníomhú na Dámhachtana sa Fhrainc, agus ní bheadh sé d’oibleagáid ar chúirteanna na Fraince breithiúnas na Spáinne a aithint a mhéid a bheadh sé bunoscionn leis an Dámhachtain.

69.

Mar chonclúid, aontaím leis an gClub, leis an Ríocht Aontaithe agus leis an gCoimisiún go bhféadfadh breithiúnas a tugadh faoi Alt 66(2) den Acht Eadrána, 1996 a bheith ina “bhreithiúnas a tugadh sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint” chun críocha Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001, is cuma cé acu an dtagann nó nach dtagann sé lasmuigh de raon feidhme ábhartha an Rialacháin sin.

70.

Molaim, dá bhrí sin, go bhfreagródh an Chúirt Bhreithiúnais an chéad cheist agus an dara ceist trína chinneadh go bhféadfadh breithiúnas a taifeadadh i dtéarmaí dámhachtana eadrána de bhun Alt 66(2) den Acht Eadrána, 1996 a bheith ina “bhreithiúnas” ábhartha de chuid an Bhallstáit ina n‑iarrtar aithint chun críocha Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001, d’ainneoin go dtagann breithiúnas den sórt sin lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin sin de bharr Airteagal 1(2)(d) de.

C.   An tríú ceist

71.

Lena tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an bhféadfadh sí, i gcás ina gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil feidhm ag Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001, brath ar Airteagal 34(1) de chun diúltú do bhreithiúnas de chuid Ballstáit eile a aithint nó a fhorghníomhú toisc gur ann roimhe sin do dhámhachtain eadrána intíre nó do bhreithiúnas a taifeadadh i dtéarmaí na dámhachtana sin a rinne cúirt an Bhallstáit ina n‑iarrtar an aithint. Go háirithe, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhféadfadh sí, sna himthosca sin, dul ar iontaoibh Airteagal 34(1) nó an n‑ídíonn Airteagal 34(3) agus (4) na forais arna bhféadfar aithint nó forghníomhú a dhiúltú de bharr res judicata agus/nó doréititheacht.

72.

I bhfianaise an freagra a mholaim don Chúirt Bhreithiúnais a thabhairt don chéad dá cheist, a fhaigheann réidh leis na saincheisteanna a ardaíodh sa chás sna príomhimeachtaí, agus a chuireann ar chumas na cúirte a rinne an tarchur an choinbhleacht idir an breithiúnas faoi Alt 66 agus breithiúnas na Spáinne a réiteach, molaim nach gá freagra a thabhairt ar an tríú ceist. Ar mhaithe le hiomláine, áfach, agus i bhfianaise na féidearthachta go bhféadfadh an Chúirt Bhreithiúnais dearcadh difriúil a ghlacadh maidir leis an bhfreagra atá beartaithe ar an gcéad dá cheist, díreoidh mé ar an tríú ceist go hachomair.

73.

De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, ní mór Airteagal 34(1) de Rialachán Uimh. 44/2001 a léirmhíniú go docht, a mhéid is gur bac é ar cheann de chuspóirí bunúsacha an Rialacháin sin a bhaint amach. Ní fhéadfar dul in iontaoibh air ach amháin i gcásanna eisceachtúla. ( 63 ) Cé go bhfuil saoirse, i bprionsabal, ag na Ballstáit, de bhua an choinníll in Airteagal 34(1) de Rialachán Uimh. 44/2001, chun ceanglais an bheartais phoiblí a chinneadh, sainmhínítear teorainneacha an choincheapa sin sa Rialachán sin. ( 64 ) Dá bhrí sin, cé nach faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sí inneachar beartais phoiblí Ballstáit a shainiú, ní mór di, mar sin féin, athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainneacha ar laistigh díobh a fhéadfaidh cúirteanna an Bhallstáit sin leas a bhaint astu d’fhonn diúltú do bhreithiúnas a thagann ó chúirt i mBallstát eile a aithint. ( 65 )

74.

Is léir freisin ó chásdlí na Cúirte nach mbeartaítear brath ar bheartas poiblí ach amháin i gcás ina mbeadh aithint nó forghníomhú an bhreithiúnais a tugadh i mBallstát eile ina shárú follasach ar riail dlí a mheastar a bheith bunriachtanach i ndlíchóras an Bhallstáit ina n‑iarrtar an aithint nó ar cheart a aithnítear mar cheart bunúsach laistigh den dlíchóras sin. ( 66 ) In Hoffmann, ( 67 ) chinn an Chúirt nach féidir brath ar bheartas poiblí, nach bhfuil ar fáil ach amháin i gcásanna eisceachtúla, ar aon nós nuair a bhaineann an tsaincheist le comhréireacht breithiúnais coigríche le breithiúnas náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an tsaincheist le réiteach ar bhonn Airteagal 27(3) de Choinbhinsiún na Bruiséile. ( 68 )

75.

Féadfar tagairt a dhéanamh freisin do Thuarascáil Jenard, ( 69 ) inar tugadh faoi deara “go ndéileáiltear leis an gcás ina bhfuil breithiúnas eachtrach bunoscionn le breithiúnas arna thabhairt ag cúirt náisiúnta, sna coinbhinsiúin atá ann cheana, mar ábhar beartais phoiblí … nó rialaítear é le foráil speisialta”. Luaitear sa tuarascáil sin go mbeadh “an baol ann go ndéanfaí coincheap an bheartais phoiblí a léirmhíniú ró-leathan dá gcaithfí leis seo mar ábhar beartais phoiblí”.

76.

Thairis sin, mar a thug Abhcóide Ginearálta Wahl faoi deara ina Thuairim in Salzgitter Mannesmann Handel, is lex specialis é Airteagal 34(2), (3) agus (4) de Rialachán Uimh. 44/2001 maidir le hAirteagal 34(1), ar de chineál ginearálta é. A mhéid a thugann na heisceachtaí eile aghaidh ar bhreithnithe ábhartha an bheartais phoiblí, níl an fhoráil dheireanach sin infheidhme. ( 70 )

77.

Dá bhrí sin, aontaím le barúil Rialtas na Fraince go raibh sé mar aidhm ag reachtas AE an tsaincheist res judicata agus/nó doréititheachta a rialú ar bhealach uileghabhálach trí Airteagal 34(3) agus (4) de Rialachán Uimh. 44/2001 agus, ar an gcaoi sin, nach bhféadfaí brath ar choincheap an bheartais phoiblí sa chomhthéacs sin. Dá bhrí sin, níor cheart don Chúirt Bhreithiúnais léirmhíniú leathan a ghlacadh ar Airteagal 34(1) de Rialachán Uimh. 44/2001 lena gcuirfí teorainn le héifeachtacht mhír 3 agus mhír 4 de nó lena n‑éascófaí aon dul timpeall ar na coinníollacha a leagtar síos sna míreanna sin.

78.

Más rud é go gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil feidhm ag Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 maidir le himthosca na tagartha seo le haghaidh réamhrialú, molaim, dá bhrí sin, go gcinnfeadh sí nach féidir leis an gcúirt a rinne an tarchur brath ar Airteagal 34(1) de chun diúltú do bhreithiúnas ó Bhallstát eile a aithint ná a fhorghníomhú toisc gur ann roimhe sin do dhámhachtain eadrána intíre nó breithiúnas a taifeadadh i dtéarmaí na dámhachtana sin arna déanamh ag cúirt an Bhallstáit ina n‑iarrtar aithint agus go n‑ídíonn Airteagal 34(3) agus (4) de Rialachán Uimh. 44/2001 na forais arna bhféadfar aithint nó forghníomhú a dhiúltú mar gheall ar res judicata agus/nó doréititheacht.

VI. Conclúid

79.

I bhfianaise na mbreithnithe sin thuas, molaim go bhfreagródh an Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna a rinne an High Court of Justice (England & Wales), Queen’s Bench division (Commercial Court) (United Kingdom) [Ard-Chúirt Bhreithiúnais (Sasana agus an Bhreatain Bheag) (Dlísheomra Tráchtála) (an Ríocht Aontaithe)] a tharchur chun réamhrialú mar seo a leanas:

Is féidir le breithiúnas a thaifeadtar i dtéarmaí dámhachtana eadrána de bhun Alt 66(2) den Acht Eadrána, 1996 a bheith ina “bhreithiúnas”’ ábhartha de chuid an Bhallstáit ina n‑iarrtar an aithint chun críocha Airteagal 34(3) de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus le aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála, d’ainneoin go bhfuil breithiúnas den sórt sin lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin sin de bharr Airteagal 1(2)(d) de.


( 1 ) Bunteanga: an Béarla.

( 2 ) IO 2001 L 12, lch. 1. Rinneadh Coinbhinsiún na Bruiséile an 27 Meán Fómhair 1968 ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 1978 L 304, lch. 36; téacs comhdhlúite in IO 1998 C 27, lch. 1) a aisghairm agus a ionadú le Rialachán Uimh. 44/2001. Rinneadh an Rialachán sin a aisghairm agus a ionadú le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012 L 351, lch. 1). Luaitear in Airteagal 66(1) de Rialachán Uimh. 1215/2012 “[nach mbeidh] feidhm ag an Rialachán [sin] ach amháin maidir le himeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh, maidir le hionstraimí barántúla a tharraingítear suas nó a chláraítear go foirmiúil agus maidir le socraíochtaí cúirte a cheadaítear nó a thugtar chun críche an 10 Eanáir 2015 nó ina dhiaidh sin”. Ós rud é gur tionscnaíodh na himeachtaí as ar tháinig an tarchur ar réamhrialú seo roimh an dáta sin, tá feidhm ag Rialachán Uimh. 44/2001 ratione temporis. Is é is aidhm do Rialachán Uimh. 44/2001, amhail an Coinbhinsiún a bhí ann roimhe sin, Coinbhinsiún na Bruiséile, a chinneadh cén chúirt a bhfuil dlínse aici i ndíospóidí a bhaineann le hábhair shibhialta agus thráchtála i gcaidreamh idir na Ballstáit agus chun aithint agus forghníomhú breithiúnas a éascú.

( 3 ) Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 330, lch. 3.

( 4 ) Tá an ráiteas seo a leanas ón Abhcóide Ginearálta Wathelet i mír 91 dá Thuairim in Gazprom (C-536/13, EU:C:2014:2414) ábhartha: “Is fíor go mbeidh [Rialachán Uimh. 1215/2012] infheidhme ón 10 Eanáir 2015 amháin, ach measaim gur cheart don Chúirt é a chur san áireamh sa chás seo, ós rud é nach bhfuil príomh-úrnuacht an rialacháin sin, a leanann d’eadráin a eisiamh óna raon feidhme, an oiread sin i bhforálacha iarbhír an Rialacháin ach in aithris 12 dá bhrollach, rud a mhíníonn, i ndáiríre, go bunúsach i mbealach dlí léirmhínithe aisghníomhach, conas ba cheart an t-eisiamh sin a léirmhíniú agus a léirmhíniú i gcónaí.”

( 5 ) https://www.legislation.gov.uk/ukpga/1996/23/contents

( 6 ) BOE Uimh. 281 an 24 Samhain 1995, lch. 33987 (“Cód Sibhialta na Spáinne”).

( 7 ) Míníonn an chúirt a rinne an tarchur gur cineál árachais slánaíochta frithpháirtí é árachas P&I a chuireann “clubanna” P&I ar fáil chun leasa a mball longúinéirí maidir le dliteanais arna dtabhú do thríú páirtithe a eascraíonn as úsáid agus oibriú a gcuid soithí. Féadfar cumhdach truaillithe i leith dliteanas a thabhaítear do thríú páirtithe nuair a tharlaíonn teagmhas truaillithe a áireamh ann. Ba é an Club árachóir na n-úinéirí freisin maidir lena n-oibleagáidí árachais éigeantaigh ar leith faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Dhliteanas Sibhialta i leith Damáiste ó Ola-Thruailliú. Faoi threoir an choinbhinsiúin sin, d’íoc an Club cúiteamh leis na páirtithe díobhálaithe ar an mbonn sin suas go dtí an teorainn dá bhforáiltear ann.

( 8 ) Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, mar a bhaineann le dlí Shasana, go gcruthaíonn clásail “íoc le bheith íoctha” coinníoll sula ngnóthófar suimeanna faoin gconradh árachais, is cuma cé acu ag páirtithe leis an gconradh nó ag tríú páirtithe a fheidhmíonn cearta conarthacha daoine eile. Sular féidir suimeanna den sórt sin a aisghabháil ó na hárachóirí, ní mór don pháirtí árachaithe, na húinéirí sa chás seo, méid iomlán an dliteanais sin a íoc ar dtús. Is féidir na clásail sin a fhorghníomhú faoi dhlí Shasana de réir a dtéarmaí. Ní mór do dhuine a fhéachann le tairbhe a bhaint as an gcumhdach árachais sin, ar nós íospartach doirteadh ola, mar chuid de dhlí Shasana, ualach an chonartha sin a ghlacadh air féin, lena n-áirítear aon chlásail eadrána agus rogha dlí.

( 9 ) Thug an binse eadrána cuireadh do Stát na Spáinne páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus tugadh fógra don Stát faoi na doiciméid go léir ag gach céim den nós imeachta.

( 10 ) Tagraítear don ordú sin agus don bhreithiúnas sin le chéile mar “an breithiúnas faoi Alt 66” anseo feasta.

( 11 ) Ba iad Stát na Spáinne agus an Club an dá pháirtí amháin san iarratas ar an ordú clárúcháin.

( 12 ) IO 2020 L 29, lch. 7. Faoi Airteagal 86(3) den Chomhaontú sin, meastar iarrataí ar réamhrialuithe a bheith déanta nuair a chláraíonn Clárlann na Cúirte Breithiúnais an doiciméad lena dtionscnaítear an nós imeachta sin.

( 13 ) Breithiúnas an 9 Iúil 2020, Raiffeisen Bank agus BRD Groupe Société Générale (C‑698/18 agus C‑699/18, EU:C:2020:537, mír 46).

( 14 ) Breithiúnais an 5 Meitheamh 2018, Grupo Norte Facility (C‑574/16, EU:C:2018:390, mír 32), agus an 21 Meán Fómhair 2016, Etablissements Fr. Colruyt (C‑221/15, EU:C:2016:704, mír 15).

( 15 ) Breithiúnas an 18 Iúil 2013, Consiglio Nazionale dei Geologi (C‑136/12, EU:C:2013:489, mír 31).

( 16 ) Breithiúnas an 21 Iúil 2011, Kelly (C-104/10, EU:C:2011:506, mír 65).

( 17 ) Breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Touring Tours und Travel agus Sociedad de Transportes (C‑412/17 agus C‑474/17, EU:C:2018:1005, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 18 ) Breithiúnas an 4 Feabhra 1988 (145/86, EU:C:1988:61, mír 22). Féach breithiúnas an 6 Meitheamh 2002, Italian Leather (C‑80/00, EU:C:2002:342, mír 40).

( 19 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Meitheamh 2002, Italian Leather (C‑80/00, EU:C:2002:342, mír 44), agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Léger in ItalianLeather (C‑80/00, EU:C:2002:107, mír 54).

( 20 ) Breithiúnas an 20 Eanáir 1994 (C‑129/92, EU:C:1994:13).

( 21 ) Mar a thugann an tAbhcóide Ginearálta Kokott faoi deara ina Tuairim in Allianz agus Generali Assicurazioni Generali (C‑185/07, EU:C:2008:466, míreanna 28 agus 29), agus “eadráin” á sainmhíniú, féadfar tagairt a dhéanamh do na travaux préparatoires do Choinbhinsiún na Bruiséile agus do chásdlí na Cúirte Breithúnais araon.

( 22 ) B. Hess, T. Pfeiffer, agus P. Schlosser, Report on the Application of Regulation Brussels I in the Member States (Study JLS/C4/2005/03), Ruprecht-Karls-Universität Heidelberg, Meán Fómhair 2007, míreanna 106 agus 107. Ullmhaíodh an tuarascáil sin ar iarraidh ón gCoimisiún i gcomhthéacs an nós imeachta faoi Airteagal 73 de Rialachán Uimh. 44/2001 chun athchóiriú an Rialacháin sin a éascú.

( 23 ) P. Jenard, Report on the Convention of 27 September 1968 on jurisdiction and the enforcement of judgments in civil and commercial matters, (IO 1979 C 59, lch. 1 agus lch. 13).

( 24 ) D.I. Evrigenis agus K.D. Kerameus, Report on the accession of the Hellenic Republic to the Community Convention on jurisdiction and the enforcement of judgments in civil and commercial matters (IO 1986 C 298, lch. 1, mír 35).

( 25 ) P. Schlosser, Report on the Convention on the Association of the Kingdom of Denmark, Ireland and the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland to the Convention on jurisdiction and enforcement of judgments in civil and commercial matters and to the Protocol on its interpretation by the Court of Justice (IO 1979 C 59, lch. 71, mír 61).

( 26 ) Tuarascáil Heidelberg (dá dtagraítear i bhfonóta 22, mír 106).

( 27 ) Ibid.

( 28 ) Breithiúnas an 25 Iúil 1991 (C‑190/89, EU:C:1991:319, míreanna 17 agus 18).

( 29 ) I mír 51 dá Thuairim (C‑391/95, EU:C:1997:288), deir an tAbhcóide Ginearálta Léger “go raibh sé mar chuspóir … cosc a chur ar Choinbhinsiún na Bruiséile forálacha idirnáisiúnta atá ann cheana nó a mbeidh ann amach anseo a mhacashamhlú”.

( 30 ) Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Kokott (C‑185/07, EU:C:2008:466, mír 46).

( 31 ) Mar a luaitear in Airteagal 73(2) de Rialachán Uimh. 1215/2012, lena bhforáiltear nach ndéanfaidh a fhorálacha difear do chur i bhfeidhm Choinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958.

( 32 ) Tuarascáil Heidelberg (dá dtagraítear i bhfonóta 22, mír 106).

( 33 ) “Níl feidhm ag Coinbhinsiún na Bruiséile maidir le haithint agus forghníomhú dámhachtainí eadrána...; níl feidhm aige chun dlínse cúirteanna agus binsí i leith dlíthíochta a bhaineann le headráin a chinneadh – mar shampla, imeachtaí chun dámhachtain eadrána a chur ar ceal; agus, ar deireadh, níl feidhm aige maidir le breithiúnais a thugtar in imeachtaí den sórt sin a aithint.” Tuarascáil Jenard (dá dtagraítear i bhfonóta 23, lch. 13).

( 34 ) Amhail “ceapadh nó dífhostú eadránaithe, an áit eadrána a shocrú, an teorainn ama a fhadú chun dámhachtainí a dhéanamh nó réamhrialú ar cheisteanna substainte dá bhforáiltear faoi dhlí Shasana sa nós imeachta ar a dtugtar ‘cás speisialta a shonrú’...” (Tuarascáil Schlosser, dá dtagraítear i bhfonóta 25, mír 64).

( 35 ) Ibid.

( 36 ) Ibid, mír 65. Ar an gcaoi chéanna, tá sé soiléir in aithris 12 de Rialachán Uimh. 1215/2012 nach bhfuil feidhm ag a fhorálacha maidir le haon chaingean nó breithiúnas a bhaineann le dámhachtain eadrána a neamhniú, a athbhreithniú, a achomharc, a aithint nó a fhorghníomhú.

( 37 ) Tuarascáil Evrigenis agus Kerameus (dá dtagraítear i bhfonóta 24, mír 35). Féadfar tagairt a dhéanamh freisin do Thuarascáil Heidelberg (dá dtagraítear i bhfonóta 22), lena gcuirtear in iúl, i mír 106, go n‑eisiatar go cuimsitheach le hAirteagal 1(2)(d) de Rialachán Uimh. 44/2001 ní hamháin imeachtaí eadrána, ach imeachtaí i gcúirteanna Stáit a bhaineann le headráin cibé acu an bhfuil siad ina n‑imeachtaí maoirseachta, ina n‑imeachtaí tacaíochta nó ina bhforfheidhmiú freisin.

( 38 ) Breithiúnas an 25 Iúil 1991 (C‑190/89, EU:C:1991:319, mír 18). Sa chás sin, iarradh ar an gCúirt Bhreithiúnais a chinneadh an síneann an t‑eisiamh eadrána i gCoinbhinsiún na Bruiséile chuig imeachtaí atá ar feitheamh os comhair cúirte náisiúnta agus, más ea, an bhfuil feidhm ag an eisiamh sin freisin nuair a thugtar réamh-shaincheist chun cinn sna himeachtaí sin maidir le comhaontú eadrána a bheith ann nó maidir le bailíocht comhaontaithe eadrána. Féach freisin breithiúnas an 17 Samhain 1998, Van Uden (C‑391/95, EU:C:1998:543, mír 31), agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Kokott in Allianz agus Generali Assicurazioni Generali (C‑185/07, EU:C:2008:466, míreanna 45 agus 47).

( 39 ) Ibid, mír 26. Féach, freisin, Tuarascáil Jenard (dá dtagraítear i bhfonóta 23) lch. 10.

( 40 ) Breithiúnas an 17 Samhain 1998 (C‑391/95, EU:C:1998:543, míreanna 33 agus 34).

( 41 ) Breithiúnas an 13 Bealtaine 2015 (C‑536/13, EU:C:2015:316).

( 42 ) Féach, chuige sin, Hartley, T., “Arbitration and the Brussels I Regulation – Before and After Brexit”, Journal of Private International Law, 2021, Iml. 17, Uimh. 1, lch. 72. Féach freisin na forbairtí i mír 60 den Tuairim seo.

( 43 ) Féach an sainmhíniú dá dtagraítear i mír 5 den Tuairim seo.

( 44 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Meitheamh 1994, Solo Kleinmotoren (C‑414/92, EU:C:1994:221, míreanna 15 agus 20). Tá Airteagal 25 de Choinbhinsiún na Bruiséile, a léirítear sa bhreithiúnas sin, ar aon-ábhar le hAirteagal 32 de Rialachán Uimh. 44/2001.

( 45 ) Ibid, mír 17.

( 46 ) Sa chás seo, triail seacht lá a bhí i gceist inar éisteacht fianaise ar na fíorais agus sainfhianaise faoi dhlí na Spáinne lena linn. Féach mír 20 den Tuairim seo.

( 47 ) Breithiúnas an 2 Meitheamh 1994 (C‑414/92, EU:C:1994:221, mír 18).

( 48 ) San ordú tarchuir, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil breithiúnas a glacadh faoi Alt 66 den Acht Eadrána, 1996 ina “bhreithiúnas” i gcás inar chinn an chúirt náisiúnta roinnt de na saincheisteanna substainteacha atá faoi dhíospóid idir na páirtithe, ach ní gach ceann acu, ar saincheisteanna iad ar éist an binse eadrána leo.

( 49 ) Breithiúnas an 2 Aibreán 2009 (C‑394/07, EU:C:2009:219, mír 23). Sa chás seo, ghéill Stát na Spáinne do dhlínse na cúirte Sasanaí agus d’eascair an breithiúnas faoi Alt 66 as imeachtaí sáraíochta.

( 50 ) Breithiúnas an 2 Meitheamh 1994 (C‑414/92, EU:C:1994:221).

( 51 ) Léitear an leagan Gearmáinise de mhír 17 mar a leanas: “über … Streitpunkte”. Féach freisin na leaganacha Fraincise (“sur des points litigieux”) agus na leaganacha Iodáilise (“su questioni controverse”) den mhír sin.

( 52 ) Tá Rialtas na Gearmáine den tuairim, mar sin, nach dtagann breithiúnais de chúirteanna an Bhallstáit ina n‑iarrtar aitheantas atá bainteach le himeachtaí eadrána intíre faoi raon feidhme Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001.

( 53 ) Tuarascáil Jenard (dá dtagraítear i bhfonóta 23), lch. 45: “bheadh an smacht reachta i Stát as a riocht dá bhféadfaí leas a bhaint as dhá bhreithiúnas contrártha”.

( 54 ) Breithiúnas an 2 Meitheamh 1994 (C‑414/92, EU:C:1994:221, mír 21).

( 55 ) Féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Léger in Italian Leather (C‑80/00, EU:C:2002:107, mír 53).

( 56 ) Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Darmon (C‑190/89, EU:C:1991:58, mír 102), agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Kokott (C‑185/07, EU:C:2008:466, míreanna 70 go 73).

( 57 ) Breithiúnas an 4 Feabhra 1988 (145/86, EU:C:1988:61).

( 58 ) Réamhtheachtaí Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001.

( 59 ) Breithiúnas an 4 Feabhra 1988, Hoffmann (145/86, EU:C:1988:61, mír 24).

( 60 ) Ibid.

( 61 ) Tá an dearcadh céanna i litríocht an dlí. Féach, mar shampla, Hartley (dá dtagraítear i bhfonóta 42 thuas): “… chonaiceamar in Hoffmann … gur féidir, mar sin féin, le breithiúnas atá lasmuigh de raon feidhme, maidir le hábhar, an Rialacháin (nó an Choinbhinsiúin) a bheith mar bhac ar aithint nó ar fhorghníomhú breithiúnas ó Bhallstát eile. Tá ciall leis sin. Ó thaobh córais dlí ar leith de, tá coinbhleacht idir dhá bhreithiúnas díreach chomh do-ghlactha céanna má tá breithiúnas amháin lasmuigh de raon feidhme Rialachán na Bruiséile: is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil an dá bhreithiúnas bailí laistigh den chóras dlí atá i gceist.”

( 62 ) Faoi Airteagal I(1) de Choinbhinsiún Nua-Eabhrac 1958, níl ach feidhm ag an gCoinbhinsiún sin maidir le haitheantas a thabhairt do dhámhachtainí a rinneadh i gcríoch Stáit seachas an Stát ina n‑iarrtar an dámhachtain a aithint.

( 63 ) Breithiúnas an 25 Bealtaine 2016, Meroni (C‑559/14 P, EU:C:2016:349, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 64 ) Ibid., mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 65 ) Ibid., mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 66 ) Ibid., mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 67 ) Breithiúnas an 4 Feabhra 1988 (145/86, EU:C:1988:61, mír 21).

( 68 ) Réamhtheachtaí Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001.

( 69 ) Tuarascáil Jenard (dá dtagraítear i bhfonóta 23), lch. 45.

( 70 ) Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Wahl (C‑157/12, EU:C:2013:322, mír 30).