24.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 408/8 |
Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Audiencia Provincial de Barcelona – an Spáinn) – M P A v LC D N M T
(Cás C-501/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora - Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 - Airteagail 3,6 go 8 agus 14 - An coincheap “gnáthchónaí” - Dlínse, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála - Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 - Airteagail 3 agus 7 - Náisiúnaigh dhá Bhallstát éagsúla, a bhfuil cónaí orthu i dtríú Stát mar bhaill foirne ar conradh atá sannta do Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh don tríú Stát sin - Dlínse a chinneadh - Forum necessitatis)
(2022/C 408/09)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Audiencia Provincial de Barcelona
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: M P A
Cosantóir: LC D N M T
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní mór Airteagal 3(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000, agus Airteagal 3(a) agus (b) de Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála, a léirmhíniú sa chaoi, chun críocha gnáthchónaí a chinneadh, de réir bhrí na bhforálacha sin, nach féidir é a bheith mar fhachtóir lena gcinntear stádas ball foirne conarthach an Aontais Eorpaigh na céilí lena mbaineann, arna sannadh do tharmligean de chuid an Aontais Eorpaigh chuig tríú Stát agus a líomhnaítear go bhfuil stádas taidhleoireachta acu sa Tríú Stát sin. |
2) |
Ní mór Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 2201/2003 a léirmhíniú sa chaoi, chun críocha gnáthchónaí linbh a chinneadh, nach bhfuil an nasc atá comhdhéanta de náisiúntacht na máthar agus de chónaí an linbh sin, roimh cheiliúradh an phósta, i mBallstát na cúirte ar tugadh iarratas ar fhreagracht tuismitheora os a comhair ábhartha, cé nach leor an fíoras gur rugadh na leanaí mionaoiseacha sa Bhallstát sin agus go bhfuil a náisiúntacht acu. |
3) |
I gcás nach bhfuil dlínse ag aon chúirt i mBallstát rialú a dhéanamh ar iarratas ar dhíscaoileadh an phósta de bhun Airteagail 3 go 5 de Rialachán Uimh. 2201/2003, ní mór Airteagal 7 den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6 de, a léirmhíniú sa chaoi, de bharr gur náisiúnach de Bhallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an chúirt a tugadh an cás os a comhair é an cosantóir sna príomhimeachtaí, go bhfuil cosc ar chur i bhfeidhm an chlásail a bhaineann le dlínse iarmharach dá bhforáiltear san Airteagal 7 sin chun dlínse na cúirte sin a bhunú, gan bac a chur, áfach, ar chúirteanna an Bhallstáit ar náisiúnach de é ó dhlínse a bheith acu éileamh den sórt sin a éisteacht de bhun rialacha dlínse náisiúnta an Bhallstáit sin. I gcás nach bhfuil dlínse ag aon chúirt i mBallstát rialú a dhéanamh ar iarratas maidir le freagracht tuismitheora de bhun Airteagail 8 go 13 de Rialachán Uimh. 2201/2003, ní mór Airteagal 14 den Rialachán sin a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear bac ar chur i bhfeidhm an chlásail a bhaineann le dlínse iarmharach dá bhforáiltear san Airteagal 14 sin de bharr gur náisiúnach de Bhallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an chúirt ar tugadh an cás os a comhair é an cosantóir sna príomhimeachtaí. |
4) |
Ní mór Airteagal 7 de Rialachán Uimh. 4/2009 a léirmhíniú sa chaoi:
|