23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/3 |
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal d’arrondissement de Luxembourg – Lucsamburg) – WM (C-37/20), Sovim SA (C-601/20) v Luxembourg Business Registers
(Cásanna uamtha C-37/20 agus C-601/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc - Treoir (AE) 2018/843 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 - Leasú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(5) den Treoir sin - Rochtain ag aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla - Bailíocht - Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Urraim ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh - Cosaint sonraí pearsanta)
(2023/C 24/03)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal d’arrondissement de Luxembourg (Cúirt Dúiche, Lucsamburg)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: WM (C-37/20), Sovim SA (C-601/20)
Cosantóir: Luxembourg Business Registers
An chuid oibríochtúil
Tá Airteagal 1(15)(c) de Threoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus le Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE, neamhbhailí a mhéid a leasaíodh leis an chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún, ar chaoi lena bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c), sa leagan a leasaíodh, nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil atá corpraithe ina gcríoch ar fáil i ngach cás d’aon duine den phobal i gcoitinne.