TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

GIOVANNI PITRUZZELLA

arna tabhairt an 27 Eanáir 2022 ( 1 )

i gCás C-817/19

Ligue des droits humains

v

Conseil des ministres

(Iarraidh ar réamhrialú ón Cour constitutionnelle (Cúirt Bhunreachtúil, an Bheilg))

(Tarchur chun réamhrialú — Cosaint sonraí pearsanta — Próiseáil ar shonraí Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) — Rialachán (AE) 2016/679 — Raon feidhme — Treoir (AE) 2016/681 — Bailíocht — An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Airteagail 7, 8 agus 52(1))

Clár

 

I. Réamhrá

 

II. An dlí lena mbaineann

 

A. Dlí an Aontais

 

1. An Chairt

 

2. RGCS

 

3. Treoir PNR

 

4. Gníomhartha ábhartha eile de dhlí an Aontais

 

B. Dlí na Beilge

 

C. Na príomhimeachtaí, na ceisteanna arna dtarchur agus na himeachtaí os comhair na Cúirte

 

III. Anailís

 

A. Maidir leis an gcéad cheist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

 

B. Maidir leis an dara,an tríú, an ceathrú, an séú agus an ochtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

 

1. Maidir leis na cearta bunúsacha a leagtar amach in Airteagal 7 agus 8 den Chairt

 

2. Maidir leis an gcur isteach ar na cearta bunúsacha a leagtar amach in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt

 

3. An bonn cirt atá leis an gcur isteach a eascraíonn as Treoir PNR

 

(a) Maidir le comhlíonadh an cheanglais nach mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú cirt bhunúsaigh faoin gCairt

 

(b) Maidir le hinneachar sár-riachtanach na gceart atá leagtha amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a urramú

 

(c) Maidir leis an gceanglas nach mór don chur isteach a bheith ag freagairt do chuspóir leasa ghinearálta a chomhlíonadh

 

(d) Maidir le prionsabal na comhréireachta a urramú

 

(1) Maidir le hoiriúnacht phróiseáil shonraí PNR faoi Threoir PNR i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú

 

(2) Maidir leis an gcineál cur isteach atá fíor-riachtanach

 

(i) Maidir le teorannú na gcríoch a bhaineann le sonraí PNR a phróiseáil

 

(ii) Maidir leis na catagóirí de shonraí PNR a chumhdaítear le Treoir PNR (an dara agus an tríú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú)

 

– Maidir leis an gceist: an bhfuil pointí 12 agus 18 d’Iarscríbhinn I de chineál sách soiléir agus beacht (an tríú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú)

 

– Maidir le raon feidhme na sonraí atá liostaithe in Iarscríbhinn I (an dara ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú)

 

– Maidir le sonraí íogaire

 

(iii) Maidir leis an gcoincheap “paisinéir” (an ceathrú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú)

 

(iv) Maidir leis an réamh-mheasúnú ar phaisinéirí a bheith sách soiléir agus beacht agus an bhfuil sé teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach (an séú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú)

 

– Maidir leis an gcomparáid le bunachair sonraí de réir bhrí Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR

 

– Próiseáil shonraí PNR i bhfianaise critéir réamhbhunaithe

 

– Maidir leis na coimircí a bhaineann le próiseáil uathoibrithe shonraí PNR

 

– Conclúid maidir leis an séú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

 

(v) Maidir le stóráil shonraí PNR (an t-ochtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú)

 

4. Conclúidí maidir leis an dara, an tríú, an ceathrú, an séú agus an t-ochtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

 

C. Maidir leis an gcúigiú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

 

D. Maidir leis an seachtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

 

E. Maidir leis an naoú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

 

F. Maidir leis an deichiú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

 

IV. Conclúid

I. Réamhrá

1.

Leis an iarraidh ar réamhrialú idir lámha, tharchuir an Cour constitutionnelle (an Chúirt Bhunreachtúil, an Bheilg) deich gceist chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú ar léirmhíniú Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (“RGCS”) ( 2 ), chomh maith le bailíocht agus léirmhíniú Threoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (“Treoir PNR”) ( 3 ) agus ar Threoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl (“Treoir API”) ( 4 ). Ardaíodh na ceisteanna sin i gcaingean a thionscain an comhlachas neamhbhrabúis Ligue des droits humains (“LDH”), ag lorg neamhniú, ina iomláine nó i bpáirt, ar Dhlí an 25 Nollaig 2016 maidir le próiseáil sonraí paisinéirí (“Dlí PNR”) ( 5 ), a rinne Treoir PNR agus Treoir API a thrasuí i ndlí na Beilge.

2.

Tá na saincheisteanna atá le cinneadh ag an gCúirt sa chás seo mar chuid de chreat na bpríomh-shaincheisteanna a bhaineann le bunreachtúlacht dhaonlathach liobrálach chomhaimseartha: conas an chothromaíocht a shainiú idir an duine aonair agus an pobal i ré na sonraí, nuair is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha méideanna ollmhóra sonraí pearsanta a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil agus a anailísiú chun críoch tuarthach? Is féidir le halgartaim, anailís ar mhórshonraí agus intleacht shaorga arna n-úsáid ag údaráis phoiblí leasanna bunúsacha na sochaí a chur chun cinn agus a chosaint le héifeachtúlacht nach bhféadfaí a shamhlú roimhe seo: ó shláinte phoiblí a chosaint, go hinbhuanaitheacht an chomhshaoil; ó sceimhlitheoireacht a chomhrac go dtí an choireacht a chosc, coireacht thromchúiseach go háirithe. Ag an am céanna, d’fhéadfadh “panopticon” digiteach a bheith mar thoradh ar shonraí pearsanta agus úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a bheith á mbailiú ag na húdaráis phoiblí, i. údarás poiblí a fheiceann gach rud gan é féin a bheith le feiceáil. Cumhacht uilefheasach lenar féidir iompar gach duine a rialú agus a thuar agus na bearta is gá a ghlacadh, sa mhéid go mbeidh toradh paradacsúil ann, mar a bhí samhlaithe ag Steven Spielberg sa scannán Minority Report, an tsaoirse a bhaint ar bhealach coisctheach ó dhéantóir coire nach bhfuil déanta fós acu. Mar is eol dúinn, tá tosaíocht ag an tsochaí, i dtíortha áirithe, thar an duine aonair agus trí húsáid dhlisteanach sonraí pearsanta, is féidir ollfhaireachas éifeachtach a dhéanamh atá dírithe ar leasanna an phobail a mheastar a bheith bunúsach a chosaint. Os a choinne sin, tugann an bunreachtúlachas Eorpach — náisiúnta agus fornáisiúnta — an áit lárnach don duine aonair agus dá shaoirsí, is bac tábhachtach é seo ar theacht chun cinn sochaí ollfhaireachais, go háirithe tar éis aitheantas a thabhairt do chearta bunúsacha go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint. Ach cé mhéad a d’fhéadfaí an bhacainn sin a leathnú gan dochar mór a dhéanamh do leasanna bunúsacha áirithe na sochaí — mar shampla iad siúd a luaitear thuas — a bhféadfadh naisc bhunreachtúla a bheith acu mar sin féin? Táimid i gcroílár shaincheist an chaidrimh idir an duine aonair agus an pobal sa tsochaí dhigiteach. Is cheist í seo a éilíonn, ar thaobh amháin, cuardach agus cur chun feidhme na gcothromaíochtaí cigilteacha idir leasanna an phobail agus cearta daoine aonair, ag tosú ón tábhacht mhór atá acu sin in oidhreacht bhunreachtúil na hEorpa, agus, ar an taobh eile, bunú coimircí i gcoinne mí-úsáidí. Anseo, freisin, táimid ag déileáil le leagan comhaimseartha de théama clasaiceach den bhunreachtúlacht, mar a dúirt “Le Fédéraliste” go gonta, ní haingil iad fir agus mar sin tá gá le meicníochtaí dlíthiúla chun an chumhacht phoiblí a theorannú agus a rialú.

3.

Is iad sin na ceisteanna ginearálta a thagann faoi chuimsiú na Tuairime seo, nach féidir ach a theorannú do dhlí an Aontais a léirmhíniú, i bhfianaise chásdlí na Cúirte roimhe seo, trí theicnící seanbhunaithe a úsáid, lena n-áirítear léirmhíniú i gcomhréir le dlí an Aontais. Teicníc a úsáidfear go minic, i gcás inar féidir go dlíthiúil, sa Tuairim seo, chun an chothromaíocht atá riachtanach ó thaobh bunreacht de a bhaint amach idir na críocha poiblí is bun leis an gcóras um aistriú, bailiú agus próiseáil sonraí Thaifead Ainmneacha Paisinéirí (“sonraí PNR”), agus na cearta atá cumhdaithe in Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

II. An dlí lena mbaineann

A. Dlí an Aontais

1.   An Chairt

4.

De réir Airteagal 7 den Chairt: “Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú.”

5.

De réir Airteagal 8 den Chairt:

“1.   Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

2.   Ní mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go cóir ar mhaithe le cuspóirí sonracha agus ar bhonn thoiliú an duine i dtrácht nó ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos le dlí. Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá bailithe agus a bhaineann leis nó léi, agus an ceart go ndéanfar na sonraí sin a cheartú.

3.   Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi réir a rialaithe ag údarás neamhspleách.”

6.

De réir Airteagal 52(1) den Chairt “Ní mór foráil le dlí d'aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa Chairt seo agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. Faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad go hiarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.”

2.   RGCS

7.

Eisítear le hAirteagal 2(2)(d) de RGCS, ó raon feidhme an Rialacháin sin, próiseáil sonraí pearsanta “má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.”

8.

De réir Airteagal 23(1)(d) de RGCS:

“Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:

[...]

(d)

cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.”

3.   Treoir PNR

9.

Ní thabharfaidh mé ach forléargas gearr ar fheidhmiú an chórais arna bhunú leis an Treoir maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí. Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil le linn na hanailíse dlíthiúla maidir le hábhar fhorálacha ábhartha na Treorach sin chun na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú a fhreagairt.

10.

I gcomhréir le hAirteagal 1 de Threoir PNR, a glacadh ar bhonn Airteagal 82(1)(d) CFAE agus Airteagal 87(2)(a) CFAE, déantar foráil maidir le córas ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, chun go n-aistreoidh aeriompróirí sonraí PNR ó na heitiltí lasmuigh den Aontas ( 6 ) agus go ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát na sonraí sin a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil chun sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach a chomhrac.

11.

De réir Airteagal 3(5) den Treoir sin, is éard atá sa “Taifead Ainmneacha Paisinéirí” nó “PNR” ná “taifead de riachtanais taistil gach paisinéara, ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun go bhféadfaidh na haeriompróirí áirithinte agus na haeriompróirí rannpháirteacha áirithintí a phróiseáil agus a rialú le haghaidh gach turais a chuireann aon duine in áirithe nó a chuirtear in áirithe thar ceann aon duine, atá i gcórais áirithinte, sna córais rialaithe imeachta (a úsáidtear chun paisinéirí a sheiceáil isteach in eitiltí) nó córais chomhionanna lena soláthraítear na feidhmiúlachtaí céanna” [Aistriúchán neamhoifigiúil].

12.

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir PNR (“Iarscríbhinn I”), liostaítear sonraí PNR, arna mbailiú ag aeriompróirí, atá faoi réir aistriú de réir bhrí Airteagal 8 den Treoir sin agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 8 den Treoir sin.

13.

Tá liosta in Iarscríbhinn II de Threoir PNR (“Iarscríbhinn II”) de na cionta arb ionann iad agus “coireacht thromchúiseach” de réir bhrí Airteagal 3(9) de Threoir PNR.

14.

Foráiltear le hAirteagal 2 de Threoir PNR go bhféadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an Treoir sin a chur i bhfeidhm maidir le “heitiltí laistigh den Aontas” ( 7 ) nó maidir le cuid acu a mheastar a bheith “riachtanach” d’fhonn cloí le cuspóirí na Treorach sin.

15.

De réir Airteagal 4(1) de Threoir PNR, “bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát údarás a bheidh inniúil chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, nó brainse d’údarás den sórt sin, chun gníomhú mar aonad um fhaisnéis faoi phaisinéirí (“PIU”)” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. I gcomhréir le hAirteagal 4(2)(a), tá freagracht ar PIU, inter alia, as sonraí PNR a bhailiú ó aeriompróirí, na sonraí sin a stóráil agus a phróiseáil agus iad a aistriú nó toradh a bpróiseála a aistriú chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir PNR. De réir Airteagal 7(2), is iad na húdaráis sin “údaráis atá inniúil chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh”[Aistriúchán neamhoifigiúil] ( 8 ).

16.

De réir an dara habairt d’Airteagal 6(1), de Threoir PNR, “i gcás ina n-áirítear i sonraí PNR arna n-aistriú ag aeriompróirí sonraí seachas na cinn atá liostaithe in Iarscríbhinn I, scriosfaidh PIU sonraí den sórt sin láithreach agus go buan nuair a fhaightear iad” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Is mar seo a leanas atá foclaíocht mhír 2 den Airteagal sin:

“2.   Ní dhéanfaidh PIU sonraí PNR a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:

a)

measúnú a dhéanamh ar phaisinéirí sula dtiocfaidh siad isteach sa Bhallstát nó sula n-imeoidh siad as an mBallstát chun daoine a shainaithint a dteastaíonn tuilleadh scrúdaithe orthu ó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7 agus, i gcás inarb iomchuí, ó Europol i gcomhréir le hAirteagal 10, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh na daoine sin a bheith rannpháirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach;

b)

freagairt, ar bhonn cás ar chás, ar iarrataí a bhfuil údar iomchuí leo atá bunaithe ar fhorais leordhóthanacha ó na húdaráis inniúla chun sonraí PNR a sholáthar dóibh agus a phróiseáil i gcásanna áirithe, chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus chun toradh na próiseála sin a chur in iúl do na húdaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, chuig Europol; agus

c)

anailís a dhéanamh ar shonraí PNR chun critéir nua a nuashonrú nó a shainiú, ar critéir iad a úsáidfear le haghaidh na measúnuithe a dhéanfar faoi phointe (b) de mhír 3 d‘fhonn aon duine a d’fhéadfadh a bheith páirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach a shainaithint.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

17.

Tá forálacha in Airteagal 12 de Threoir PNR maidir le sonraí PNR a stóráil.

18.

Foráiltear le hAirteagal 5 de Threoir PNR go gceapfaidh gach PIU Oifigeach Cosanta Sonraí chun faireachán a dhéanamh ar phróiseáil shonraí PNR agus chun na coimircí ábhartha a chur chun feidhme. Ina theannta sin, ceanglaítear ar gach Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 15 den Treoir sin, é a chur de chúram ar an údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25 de Chinneadh Réime 2008/977/CGB ( 9 ), ar cuireadh Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 ina ionad maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag na húdaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (“Treoir na bPóilíní”) ( 10 ), faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha arna nglacadh de bhun na Treorach sin laistigh dá chríoch. Tá an t-údarás seo, a chuireann a chúraimí i gcrích d’fhonn cearta bunúsacha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ( 11 ), freagrach go háirithe as gearáin arna dtaisceadh ag aon duine is ábhar do na sonraí a láimhseáil, an t-ábhar a imscrúdú agus an duine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn an cháis agus faoi thoradh an ghearáin laistigh de thréimhse réasúnta ama, agus, thairis sin, dlíthiúlacht na próiseála sin a fhíorú, fiosrúcháin, cigireachtaí agus iniúchtaí a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar a thionscnamh féin nó ar bhonn gearáin ( 12 ).

4.   Gníomhartha ábhartha eile de dhlí an Aontais

19.

Comhlánaítear an creat dlíthiúil don chás seo le Treoir API agus le Treoir na bPóilíní. Ar mhaithe le hinléiteacht na Tuairime seo, leagfar amach inneachar fhorálacha ábhartha na ngníomhartha sin a mhéid is gá chun na saincheisteanna lena mbaineann a láimhseáil nó, níos ginearálta, chun críocha na hanailíse dlíthiúla.

B. Dlí na Beilge

20.

De réir Airteagal 22 de Bhunreacht na Beilge, “tá an ceart ag gach duine chun go ndéanfar a shaol príobháideach agus a shaol teaghlaigh a urramú, ach amháin sna cásanna agus sna coinníollacha a leagtar síos sa dlí.”

21.

De réir Airteagal 2 de Dhlí PNR, déanann sé Treoir API agus Treoir PNR a thrasuí, chomh maith le Treoir 2010/65/AE go páirteach ( 13 ).

22.

I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Dhlí PNR, leagtar síos ann “na hoibleagáidí atá ar iompróirí agus ar oibreoirí taistil maidir le sonraí faoi phaisinéirí chuig críoch náisiúnta, ó chríoch náisiúnta agus maidir le hidirthuras tríd an gcríoch náisiúnta”. De réir Airteagal 4(1) agus 4(2) de Dhlí PNR, ciallaíonn “iompróir”“aon duine nádúrtha nó dlítheanach a iompraíonn paisinéirí ar bhonn gairmiúil d’aer, de mhuir, d’iarnród nó de thalamh” agus ciallaíonn “oibreoir taistil”“gach eagraí nó idirghabhálaí taistil de réir bhrí Dhlí an 16 Feabhra 1994 lena rialaítear an conradh um shocrú taistil agus an conradh idirghabhálaí taistil”.

23.

Foráiltear le hAirteagal 8 de Dhlí PNR:

“§ l   Déanfar sonraí paisinéirí a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

1° imscrúdú agus ionchúiseamh, lena n-áirítear forghníomhú pianbhreitheanna nó beart lena sriantar saoirse, a bhaineann leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 90b, § 2, [...] 7°, [...] 8°, [...] 11°, [...] 14°, [...] 17°, 18°, 19° agus § 3, den Code d’instruction criminelle [(Cód an Nós Imeachta Coiriúil];

2° imscrúdú agus ionchúiseamh, lena n-áirítear forghníomhú pianbhreitheanna nó beart lena sriantar saoirse, i ndáil leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 196, maidir le brionnú doiciméad barántúil agus poiblí, 198, 199, 199a, 207, 213, 375 agus 505 den “Code pénal” [an Cód Coiriúil];

3° cosc a chur ar shuaitheadh tromchúiseach don tslándáil phoiblí i gcomhthéacs an radacaithe fhoréignigh trí fhaireachán a dhéanamh ar fheiniméin agus ar ghrúpaí i gcomhréir le hAirteagal 44/5 §1, 2° agus 3° agus § 2 de Dhlí an 5 Lúnasa 1992 maidir le feidhm na bpóilíní;

4° na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 7, 1° agus 3°/1, agus 11, § 1, 1° go 3° agus 5° de Dhlí an 30 Samhain 1998 maidir le seirbhísí faisnéise agus slándála a shaothrú ( 14 );

5° imscrúdú agus ionchúiseamh i leith na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 220(2) den Dlí Ginearálta maidir le Custaim agus Mál an 18 Iúil 1977 agus Airteagal 45(3) de Dhlí an 22 Nollaig 2009 maidir leis na rialacha ginearálta le haghaidh dleachta máil [...]

§ 2.   Faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil 11, déanfar sonraí paisinéirí a phróiseáil freisin d‘fhonn seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus d’fhonn inimirce neamhdhleathach a chomhrac.”

24.

Tá liosta na sonraí a aistríodh in Airteagal 9 de Dhlí PNR. Comhfhreagróidh na sonraí sin do na sonraí atá liostaithe in Iarscríbhinn I.

25.

De réir Airteagal 18 de Dhlí PNR, “coimeádfar sonraí paisinéirí sa bhunachar sonraí paisinéirí ar feadh uastréimhse cúig bliana ón uair a chláraítear iad. Ag deireadh na tréimhse sin, scriosfar iad.”

26.

Foráiltear le hAirteagal 19 de Dhlí PNR "tráth a rachaidh tréimhse sé mhí in éag, ón uair a dhéanfar sonraí an phaisinéara a thaifeadadh sa bhunachar sonraí paisinéirí, déanfar na sonraí uile faoi phaisinéirí a dhíphearsantú tríd an bhfaisnéis a mhascadh.”

27.

Foráiltear le hAirteagal 24 de Dhlí PNR:

“§ 1.   Próiseálfar sonraí paisinéirí d’fhonn réamh-mheasúnú a dhéanamh ar phaisinéirí roimh a dteacht, imeacht nó idirthuras atá beartaithe tríd an gcríoch náisiúnta chun a chinneadh cé hiad na daoine a dteastaíonn tuilleadh scrúdaithe ina leith.

§ 2.   Chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 8 § 1er, 1°, 4° agus 5°, nó a bhaineann leis na bagairtí dá dtagraítear in Airteagal 8, 1°, a), b), c), d), f), g) agus 11, § 2, de Dhlí an 30 Samhain 1998 maidir le seirbhísí faisnéise agus slándála, beidh an réamh-mheasúnú ar phaisinéirí bunaithe ar chomhfhreagairt dhearfach a bheidh mar thoradh ar chomhghaol idir sonraí paisinéirí leis an méid seo a leanas:

bunachair sonraí a bhainistíonn na seirbhísí inniúla nó a bheidh ar fáil dóibh go díreach nó a mbeidh rochtain acu orthu mar chuid dá gcúraimí nó liostaí de dhaoine arna dtarraingt suas ag na seirbhísí inniúla mar chuid dá gcúraimí.

na critéir measúnaithe arna réamhbhunú ag PIU dá dtagraítear in Airteagal 25.

§ 3.   Chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 8, § 1, 3°, beidh an réamh-mheasúnú ar phaisinéirí bunaithe ar chomhfhreagairt dhearfach a bheidh mar thoradh ar chomhghaol idir sonraí paisinéirí agus na bunachair sonraí dá dtagraítear i § 2, 1°.[...]”

28.

Tugtar isteach le hAirteagal 25 de Dhlí PNR inneachar Airteagal 6(4) de Threoir PNR.

29.

Tá forálacha i gCaibidil 11 de Dhlí PNR lena rialaítear próiseáil sonraí paisinéirí d’fhonn rialú teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac. Deanann na forálacha sin Treoir API a thrasuí i ndlí na Beilge.

30.

Foráiltear le hAirteagal 44 de Dhlí PNR go gceapfaidh PIU Oifigeach Cosanta Sonraí laistigh den tSeirbhís Phoiblí Fheidearálach Inmheánach. Is é an Coimisiún Príobháideachta a dhéanann monatóireacht ar chur i bhfeidhm forálacha de Dhlí PNR.

31.

Leasaítear le hAirteagal 51 de Dhlí PNR Dlí an 30 Samhain 1998 maidir le seirbhísí faisnéise agus slándála, trí Airteagal 16/3 a chur isteach, atá scríofa mar seo a leanas:

“§ 1.   Féadfaidh na seirbhísí faisnéise agus slándála, ar mhaithe le comhlíonadh a gcúraimí, a chinneadh, ar bhealach cuí-réasúnaithe, rochtain a fháil ar na sonraí paisinéirí dá dtagraítear in Airteagal 7 de Dhlí PNR.

§ 2.   Is é ceann na seirbhíse a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfear in iúl i scríbhinn é don Aonad um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí dá dtagraítear i gCaibidil 7 den Acht thuasluaite. Cuirfear na cúiseanna leis an gcinneadh in iúl do Bhuanchoiste R.

Cuireann Buanchoiste R cosc ar sheirbhísí faisnéise agus slándála úsáid a bhaint as na sonraí a bhailítear faoi choinníollacha nach gcomhlíonann na ceanglais dhlíthiúla.

Féadfaidh baint a bheith ag an gcinneadh le tacar sonraí a bhaineann le himscrúdú faisnéise sonraí. Sa chás sin, cuirfear liosta na gcomhairliúchán maidir le sonraí paisinéirí in iúl do Bhuanchoiste R uair sa mhí.”

C. Na príomhimeachtaí, na ceisteanna arna dtarchur agus na himeachtaí os comhair na Cúirte

32.

Trí iarraidh chuig an gCúirt Bhunreachtúil an 24 Iúil 2017, thaisc LDH caingean inar iarradh dlí PNR a neamhniú go hiomlán nó go páirteach. Mar thaca lena chaingean, chuir sé dhá fhoras ar aghaidh.

33.

Ina chéad saincheist dlí, inar líomhnaíodh sárú ar Airteagal 22 de Bhunreacht na Beilge, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 23 de RGCS, le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt agus le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR), measann LDH nach gcomhlíonann an dlí atá faoi chonspóid prionsabal na comhréireachta maidir lena raon feidhme agus na catagóirí sonraí dá dtagraítear, na hoibríochtaí próiseála sonraí a bhunaítear leis, stóráil sonraí agus cuspóirí an dlí sin. Go háirithe, áitíonn sé go bhfuil an sainmhíniú ar shonraí PNR róleathan agus gur féidir sonraí íogaire a nochtadh mar thoradh air agus go gceadaítear leis an sainmhíniú ar an gcoincheap “paisinéir” sa dlí sin próiseáil chórasach, neamhdhírithe a dhéanamh ar shonraí na bpaisinéirí uile lena mbaineann. Chomh maith leis sin, measann LDH nach ndéantar, le Dlí PNR, cineál agus rialacha mionsonraithe an mhodha “pre-screening” ar na bunachair sonraí paisinéirí agus leis na critéir a úsáidtear mar “tháscairí bagairte” a shainiú ar bhealach atá sách soiléir. Faoi dheireadh, tá sé den tuairim go sáraítear le Dlí PNR na teorainneacha i dtaobh an mhéid atá fíor-riachtanach, sa mhéid is go saothraítear leis críocha maidir le sonraí PNR a phróiseáil atá níos leithne ná na cinn a cheadaítear le Treoir PNR agus go bhfuil an tréimhse cúig bliana chun sonraí PNR a stóráil díréireach. Ina dara saincheist dlí, d’áitigh sé mar réasúnaíocht thánaisteach go ndearnadh sárú ar Airteagal 22 de Bhunreacht na Beilge, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(2) CAE agus le hAirteagal 45 den Chairt, cuireann LDH i gcoinne fhorálacha Chaibidil 11 de Dhlí PNR lena dtrasuitear Treoir API.

34.

Déanann Comhairle Airí Ríocht na Beilge, mar idiragraí os comhair na Cúirte Bunreachtúla, agóid i gcoinne chaingean LDH, in aghaidh inghlacthacht agus fhiúntas an dá shaincheist dlí a ardaíodh mar thaca léi.

35.

Cuireann an Chúirt Bhunreachtúil na breithnithe seo a leanas ar aghaidh.

36.

Maidir leis an gcéad saincheist, fiafraíonn sí, ar an gcéad dul síos, an bhfuil an sainmhíniú ar shonraí PNR in Iarscríbhinn I sách soiléir agus beacht. Tá cur síos ar roinnt de na sonraí sin léiritheach agus neamh-uileghabhálach. Ansin, luann an chúirt sin go mbaineann an sainmhíniú ar an gcoincheap “paisinéir” in Airteagal 3(4) de Threoir PNR le bailiú, aistriú, próiseáil agus stóráil sonraí PNR aon duine a iompraítear nó atá le hiompar agus a áirítear i liosta na bpaisinéirí, beag beann ar fhorais thromchúiseacha a bheith ann lena chreidiúint go ndearna an duine lena mbaineann cion nó go bhfuil sé ar tí cion a dhéanamh, nó go bhfuarthas ciontach i gcion é. Maidir le sonraí PNR a phróiseáil, luann sé go bhfuil na sonraí sin go córasach faoi réir réamh-mheasúnú lena mbaineann cros-seiceáil ar shonraí PNR na bpaisinéirí go léir le bunachair sonraí nó le critéir réamhbhunaithe, d’fhonn comhfhreagairtí a bhunú. Mar sin féin, luann an Chúirt Bhunreachtúil, cé nach mór do na critéir a bheith sonrach, iontaofa agus neamh-idirdhealaitheach, go bhfuil sé dodhéanta go teicniúil na critéir réamhbhunaithe a shainiú tuilleadh a úsáidfear chun próifílí riosca a chinneadh. Maidir le tréimhse stórála shonraí PNR a leagtar síos in Airteagal 12(1) de Threoir PNR, faoinar féidir na sonraí sin a choinneáil ar feadh tréimhse cúig bliana, measann an chúirt a rinne an tarchur go gcoimeádtar na sonraí faoi phaisinéirí gan a chur san áireamh an dócha nó nach dócha go gcuirfidh na paisinéirí lena mbaineann an tslándáil phoiblí i mbaol, i gcomhthéacs an réamh-mheasúnaithe. Sna himthosca sin, déanann an chúirt a rinne an tarchur a cheistiú, ag féachaint don chásdlí a d’eascair ach go háirithe as breithiúnas an 21 Nollaig 2016 in Tele2 Sverige v Watson agus páirtithe eile ( 15 ) agus Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017 ( 16 ), an féidir a mheas nach sáraíonn an córas bailithe, aistrithe, próiseála agus stórála shonraí PNR a bhunaítear le Treoir PNR na teorainneacha i dtaobh an mhéid atá fíor-riachtanach. Sa chomhthéacs sin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, ar deireadh, an gcoisctear rialachán náisiúnta le Treoir PNR, amhail an reachtaíocht a eascraíonn as Airteagal 8(1)(4) de Dhlí PNR, lena n-údaraítear sonraí PNR a phróiseáil chun críche seachas na críocha sin dá bhforáiltear sa Treoir. Ar deireadh, fiafraíonn sé an féidir glacadh le PIU mar “údarás náisiúnta eile” a fhéadfaidh, faoi Airteagal 12(3)(b)(ii) de Threoir PNR, nochtadh na sonraí PNR go léir a údarú tar éis tréimhse sé mhí. Maidir leis an dara saincheist dlí, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go bhfuil sí dírithe ar Airteagal 3(1), Airteagal 8(2) agus Airteagail 28 go 31 de Dhlí PNR lena rialaítear bailiú agus próiseáil sonraí paisinéirí d’fhonn inimirce neamhdhleathach a chomhrac agus rialuithe teorann a fheabhsú. Ag meabhrú di, i gcomhréir leis an gcéad cheann de na forálacha sin, go gcumhdaítear leis an dlí sin eitiltí chuig an gcríoch náisiúnta, ón gcríoch náisiúnta agus atá ag deanamh idirthuras trí chríoch náisiúnta, dearbhaíonn an chúirt sin go raibh eitiltí “laistigh den Aontas” curtha san áireamh ag an reachtas náisiúnta laistigh de raon feidhme an dlí sin chun “léargas níos iomláine a fháil ar phaisinéirí a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt don tslándáil (laistigh den Aontas) agus go náisiúnta”, ag brath ar an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Threoir PNR, arna léamh i gcomhar le haithris 10 di.

37.

I gcomhthéacs na caingne sin, chinn an Chúirt Bhunreachtúil bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“1)

An gcaithfear Airteagal 23 [RGCS], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(2)(d) den Rialachán sin, a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le reachtaíocht náisiúnta amhail an Dlí [PNR], lena dtrasuitear an Treoir [PNR], an Treoir [API] agus Treoir 2010/65?

2)

An bhfuil Iarscríbhinn I [...] i gcomhréir le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den [Chairt], sa mhéid is go bhfuil na sonraí a liostaítear ann an-leathan — go háirithe na sonraí dá dtagraítear i bpointe 18 den [Iarscríbhinn I seo], a théann níos faide ná na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir [API] - agus sa mhéid sin, le chéile, d’fhéadfaidís sonraí íogaire a nochtadh, rud a sháródh na teorainneacha i dtaobh cad atá “fíor-riachtanach”?

3)

An bhfuil pointí 12 agus 18 d’Iarscríbhinn I [...] i gcomhréir le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den (Chairt) sa mhéid go bhfuil, i bhfianaise na bhfocal “go háirithe” agus “lena n-áirítear”, na sonraí dá dtagraítear luaite iontu mar shampla agus ní go cuimsitheach, i mbealach nach gcomhlíontar an ceanglas maidir le beachtas agus soiléireacht na rialacha lena gcuirtear isteach ar an gceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint?

4)

An bhfuil Airteagal 3(4) de Threoir (PNR) agus Iarscríbhinn I [...] comhoiriúnach le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den [Chairt], sa mhéid is go bhfuil an córas chun sonraí paisinéirí a bhailiú, a aistriú agus a phróiseáil go ginearálta atá bunaithe leis na forálacha sin atá dírithe ar aon duine a úsáideann an modh iompair lena mbaineann, beag beann ar aon fhachtóir oibiachtúil a d’fhéadfadh a bheith in ann a mheas gur dócha go mbeidh an duine sin mar riosca do shlándáil an phobail?

5)

An bhfuil Airteagal 6 de Threoir (PNR), arna léamh i gcomhar le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den [Chairt], le léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta amhail an dlí atá faoi achomharc, a ghlacann, mar chuspóir na próiseála maidir le sonraí PNR, gníomhaíochtaí ar a ndíríonn na seirbhísí faisnéise agus slándála, lena dtugtar isteach an cuspóir sin i gcosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta sceimhlitheoireachta agus coireachta tromchúisí?

6)

An bhfuil Airteagal 6 de Threoir (PNR) i gcomhréir le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt, a mhéid a bhaineann leis an réamh-mheasúnú a eagraíonn sé, trí chomhghaol le bunachair sonraí agus le critéir réamhbhunaithe, go córasach agus go ginearálta maidir le sonraí paisinéirí, go neamhspleách ar aon eilimint oibiachtúil lena bhféadfaí a mheas gur dócha go mbeidh an duine sin mar riosca do shlándáil an phobail?

7)

An féidir an coincheap “údarás inniúil náisiúnta eile” in Airteagal 12(3) den Treoir [PNR] a léirmhíniú mar thagairt do PIU a cruthaíodh leis an Dlí [PNR], a d’fhéadfadh, dá bhrí sin, rochtain ar shonraí PNR a údarú, tar éis tréimhse sé mhí, i gcomhthéacs cuardach ad hoc?

8)

An bhfuil Airteagal 12 de Threoir [PNR], arna léamh i gcomhar le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den [Chairt], le léirmhíniú ar shlí a choiscfidh reachtaíocht náisiúnta amhail an dlí atá faoi achomharc, lena bhforáiltear do thréimhse stórála sonraí ginearálta cúig bliana, gan idirdhealú a dhéanamh idir cé acu an gcinntear, le linn an mheasúnaithe roimh ré, gur dócha nó nach dócha go mbeidh an duine sin mar riosca do shlándáil an phobail?

9)

(a)

An bhfuil Treoir [API] i gcomhréir le hAirteagal 3(2)[CAE] agus le hAirteagal 45 den [Chairt], sa mhéid is go bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí a thugann sí isteach maidir le heitiltí laistigh den [Aontas]?

(b)

An gcaithfear Treoir [API], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(2) [CAE] agus le hAirteagal 45 den [Chairt], a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta amhail an dlí atá faoi chonspóid, a údaraíonn, chun inimirce neamhdhleathach a chomhrac agus rialuithe teorann a fheabhsú, córas chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil maidir le paisinéirí “chuig críoch náisiúnta, ó chríoch náisiúnta agus maidir le hidirthuras tríd an gcríoch náisiúnta”, a d’fhéadfadh athbhunú rialuithe teorann inmheánaí a bheith i gceist leis go hindíreach?

10)

Más rud é, ar bhonn na bhfreagraí a tugadh ar na ceisteanna a tarchuireadh chun réamhrialú, go bhfuil ar an gCúirt Bhunreachtúil teacht ar an gconclúid go sáraíonn an dlí atá faoi achomharc, inter alia lena dtrasuitear an Treoir (PNR), ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a eascraíonn as na forálacha dá dtagraítear sna ceisteanna sin, an bhféadfaí éifeachtaí an dlí (PNR) a choimeád go sealadach chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint agus chun go bhféadfar na sonraí a bailíodh agus a coinníodh roimhe sin a úsáid chun na gcríoch dá dtagraítear sa dlí sin?”

38.

Thaisc LDH agus Rialtais na Beilge, na Seice, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Spáinne, na Fraince, na Cipire, na Laitvia, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Polainne, na Fionlainne; chomh maith le Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn i gcomhréir le hAirteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 24 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, iarradh ar an gCoimisiún, ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) agus ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) freagra i scríbhinn ar cheisteanna arna gcur ag an gCúirt. Tionóladh éisteacht an 13 Iúil 2021.

III. Anailís

A. Maidir leis an gcéad cheist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

39.

Leis an gcéad cheist dá cuid, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 2(2)(d) de RGCS a léirmhíniú sa tslí is go gciallaíonn sé go bhfuil feidhm ag an Rialachán sin, agus go háirithe Airteagal 23(1) de, faoina bhféadfaidh dlí an Aontais nó dlíthe na mBallstát, trí bhíthin beart reachtach, teorainn a chur, ar chúiseanna a liostaítear go huileghabhálach, le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear leis an Rialachán sin, maidir le próiseáil sonraí a dhéantar ar bhonn na reachtaíochta náisiúnta, ar nós Dhlí PNR, lena dtrasuitear sa dlí náisiúnta Treoir PNR, Treoir API agus Treoir 2010/65.

40.

Foráiltear le hAirteagal 2(2) de RGCS d’eisceachtaí ó raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, mar atá sainmhínithe go han-leathan ( 17 ), in Airteagal 2(1) ( 18 ). Mar mhaoluithe ar chur i bhfeidhm rialacháin lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a d’fhéadfadh saoirsí bunúsacha a shárú, ní mór na heisceachtaí sin a léirmhíniú go docht ( 19 ).

41.

In Airteagal 2(2)(d) de RGCS tá, go háirithe, clásal eisiaimh nach bhfuil feidhm ag an Rialachán sin maidir le próiseáil sonraí pearsanta “má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin”. Tá an clásal eisiaimh sin bunaithe ar critéar dúbailte suibiachtúil agus oibiachtúil. Eisiatar ó raon feidhme an Rialacháin seo an phróiseáil a dhéantar ar shonraí (i) a dhéanann na “húdaráis inniúla”, (ii) chun na gcríoch a leagtar amach san fhoráil sin. Ba cheart, dá bhrí sin, na cineálacha éagsúla próiseála sonraí a chumhdaítear le Dlí PNR a mheasúnú i gcoinne an chritéir dhúbailte sin.

42.

Maidir leis an bpróiseáil sonraí a dhéanann iompróirí (aer, iarnród, talamh agus farraige) chuig PIU nó a dhéanann oibreoirí taistil chun seirbhís nó seirbhísí tráchtála a sholáthar, a mhéid atá siad cumhdaithe faoin dlí sin, leanfaidh siad de bheith faoi rialú RGCS, ós rud é nach gcomhlíontar an chuid shuibiachtúil ná oibiachtúil den chritéar eisiaimh atá in Airteagal 2(2)(d) den Rialachán sin.

43.

Maidir le, ar an dara dul síos, haistriú shonraí PNR arna dhéanamh ag iompróirí nó oibreoirí taistil chuig PIU, ar “oibríocht phróiseála” iad de réir bhrí Airteagal 4(2) de RGCS ( 20 ), níl a áireamh i raon feidhme an Rialacháin sin chomh soiléir sin.

44.

Ar thaobh amháin, ní “údarás inniúil”, de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir na bPóilíní, ar cheart tagairt a dhéanamh di, de réir analaí, in éagmais sainmhínithe ar an gcoincheap seo de réir bhrí RGCS, a dhéanann an t-aistriú seo ( 21 ). Ní féidir le hoibreoirí eacnamaíocha, amhail cuideachta iompair nó gníomhaireacht taistil, nach bhfuil ach oibleagáid dhlíthiúil aige sonraí pearsanta a aistriú agus nach bhfuil aon feidhmiú de chumhachtaí poiblí ( 22 ) curtha ar iontaoibh dóibh, a mheas mar chomhlacht nó mar eintiteas de réir bhrí Airteagal. 3(7)(b) ( 23 ).

45.

Ar an taobh eile, déanann cuideachtaí iompair agus oibreoirí taistil sonraí PNR a aistriú chun oibleagáid a fhorchuirtear le dlí a chomhlíonadh chun go bhféadfar na críocha atá liostaithe in Airteagal 2(2)(d) de RGCS a shaothrú.

46.

I mo thuairimse, is léir ó fhoclaíocht na forála sin nach bhfuil ach oibríochtaí próiseála lena gcomhlíontar gnéithe suibiachtúla agus oibiachtúla araon an chritéir eisiata, a leagtar amach san fhoráil seo lasmuigh de raon feidhme RGCS. Dá bhrí sin, cumhdaítear leis an Rialachán sin aistriú shonraí PNR chuig PIU arna fhorchur le Dlí PNR ar chuideachtaí iompair agus oibreoirí taistil.

47.

Maidir le forálacha Dhlí PNR lena ndéantar Treoir PNR a thrasuí, tacaítear leis an gconclúid sin le hAirteagal 21(2) den Treoir sin, lena bhforáiltear “is gan dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 95/46/CE ( 24 ) go háirithe maidir le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag aeriompróirí”. Ní mór léamh na forála sin a mhol rialtas na Fraince, go háirithe, ar dá réir a fhoráiltear leis go bhfanfaidh iompróirí faoi réir na n-oibleagáidí atá leagtha síos in RGCS maidir le próiseáil sonraí nach bhforáiltear dó i dTreoir PNR, i mo thuairim féin, a chur as an áireamh. Go deimhin, i bhfianaise a fhoclaíochta, tá raon feidhme an “chlásail neamhdhíobhálaigh” seo leathan agus sainítear é faoi threoir cé a bhí i mbun na próiseála agus é sin amháin, ní luaitear críocha na próiseála ná an comhthéacs ina bhfuil sí ar siúl, cibé acu an i bhfeidhmiú ghníomhaíocht tráchtála an aeriompróra nó i gcomhlíonadh oibleagáide dlí a dhéantar í. Tugaim faoi deara, ina theannta sin, go bhfuil clásal ar an ábhar céanna in Airteagal 13(3) de Threoir PNR, a thagraíonn go sonrach d’oibleagáidí aeriompróirí faoi RGCS “go gcuirfear na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme sa dóigh go ndéanfar an tslándáil agus rúndacht sonraí pearsanta a chosaint”. Tá an fhoráil sin ar cheann de na forálacha lena n-eagraítear cosaint sonraí pearsanta arna bpróiseáil faoi Threoir PNR agus leanann sé ó Airteagal 13(1) den treoir sin, lena ndéantar, go ginearálta, aon phróiseáil sonraí a dhéantar i gcur i bhfeidhm na treorach a chur faoi réir fhorálacha Chinneadh Réime 2008/977 dá dtagraítear ann. Contrártha leis an méid atá á áitiú ag rialtas na Fraince, de bharr leagan amach normataigh den sórt sin, is féidir, ar thaobh amháin, Airteagal 13(3) a léamh mar chlásal a thugann ar ais faoi dhlínse RGCS an t-aon phróiseáil sonraí dá bhforáiltear i dTreoir PNR nach ndéanann “údaráis inniúla” de réir bhrí Threoir na bPóilíní, agus, ar an taobh eile, an tagairt do chomhlíonadh na n-oibleagáidí a fhorchuirtear leis an Rialachán sin i réimse na slándála agus na rúndachta sonraí a thuiscint mar mheabhrúchán ar na coimircí nach mór a sholáthar maidir le sonraí PNR a bheith á n-aistriú ag na hiompróirí chuig PIUnna.

48.

Ní chaitear amhras ar an gconclúid a leagtar amach i mír 46 den Tuairim seo maidir le haithris 19 de RGCS agus le haithris 11 a ghabhann le Treoir na bPóilíní, inter alia, dá dtagraíonn Rialtais na Gearmáine, na hÉireann agus na Fraince, chun tacú le cineál lex specialis Threoir PNR. I ndáil leis sin, is cinnte go bhfuil sé fíor go mbunaítear leis an Treoir sin, chun sonraí pearsanta a chumhdaíonn sí a phróiseáil, creat chun sonraí den sórt sin a chosaint atá neamhspleách ar RGCS. Mar sin féin, ní bhaineann an creat sonrach seo ach le próiseáil shonraí PNR arna déanamh ag “údaráis inniúla”, de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir na bPóilíní, lena n-áirítear, inter alia, PIUnna, ach go bhfanann aistriú shonraí PNR chuig PIUnna. faoi réir an chreata ghinearálta arna bhunú ag RGCS de bhun, inter alia, an “clásal neamh-dhíobhálach” dá bhforáiltear in Airteagal 21(2) de Threoir PNR.

49.

Mar thaca lena n-argóint nach bhfuil feidhm ag RGCS maidir le sonraí PNR a bheith á n-aistriú chuig PIUnna ag iompróirí agus ag oibreoirí taistil, déanann Rialtais na Beilge, na Fraince, na hÉireann agus na Cipire tagairt do bhreithiúnas an 30 Bealtaine 2006, an Pharlaimint v an Chomhairle agus an Coimisiún ( 25 ), inar rialaigh an Chúirt gurb ionann sonraí PNR a bheith á n-aistriú ag aeriompróirí an Chomhphobail chuig údaráis Stáit Aontaithe Mheiriceá, faoi chomhaontú a caibidlíodh idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach, agus próiseáil sonraí pearsanta de réir bhrí na chéad fhleisce d’Airteagal 3(2) de Threoir 95/46 ( 26 ) agus mar sin bhí sé lasmuigh de raon feidhme na Treorach sin. Agus í ag teacht ar an gconclúid sin, chuir an Chúirt cuspóir an aistrithe san áireamh chomh maith leis an bhfíric go ndearnadh an t-aistriú “laistigh de chreat arna bhunú ag na húdaráis phoiblí”, cé gur bhailigh agus gur aistrigh oibreoirí príobháideacha na sonraí ( 27 ).

50.

Maidir leis sin, is leor a thabhairt faoi deara, i mbreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile ( 28 ), chinn an Chúirt, go bunúsach, go raibh breithiúnas in an Pharlaimint v an Chomhairle do-aistrithe i gcomhthéacs RGCS. ( 29 )

51.

Ina theannta sin, i mír 102 den bhreithiúnas in La Quadrature du Net ( 30 ), le cur i bhfeidhm de réir analaí den réasúnaíocht a lean na breithiúnais in Tele2 Sverige an 2 Deireadh Fómhair 2018agus freisin in Ministerio Fiscal ( 31 ), chinn an Chúirt “cé go sonraítear in Airteagal 2(2)(d) de [RGCS] nach bhfuil feidhm aige ‘má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil’ar mhaithe, inter alia, le cionta coiriúla a chosc, agus a bhrath, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin, is léir ó Airteagal 23(1)(d) agus 23(1)(h) den Rialachán céanna go dtagann próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann daoine aonair chun na gcríoch céanna faoi raon feidhme an Rialacháin sin freisin” ( 32 ).

52.

Ar na cúiseanna atá leagtha amach cheana, tá mé cinnte go bhfuil an chonclúid go dtagann aistriú shonraí PNR arna ndéanamh ag cuideachtaí iompair agus oibreoirí taistil chuig PIUnna faoi raon feidhme RGCS soiléir cheana féin ó fhoclaíocht Airteagal 2(2)(d) de RGCS, nach dtagraíonn ach d’oibríochtaí próiseála arna ndéanamh ag “údaráis inniúla”, gan gá le tagairt a dhéanamh don chlásal teorann atá in Airteagal 23(1) den Rialachán sin ( 33 ). Mar sin féin, is ráiteas soiléir ón gCúirt i bhfabhar conclúid den sórt sin atá i mír 102 de bhreithiúnas La Quadrature du Net.

53.

Ós rud é go dtagann aistriú shonraí PNR arna dhéanamh ag cuideachtaí iompair agus oibreoirí taistil faoi raon feidhme RGCS, is ionann reachtaíocht náisiúnta, amhail Dlí PNR, lena gceanglaítear ar na cuideachtaí agus ar na hoibreoirí aistriú den sórt sin a dhéanamh, agus “beart reachtach” faoi Airteagal 23(1)(d) de RGCS agus nach mór dóibh, dá bhrí sin, na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin a chomhlíonadh ( 34 ).

54.

Ar an tríú dul síos, maidir le próiseáil shonraí PNR a dhéanann PIU agus na húdaráis inniúla náisiúnta, braitheann infheidhmeacht RGCS, mar is léir ón réasúnaíocht thuas, ar chríocha na próiseála sin.

55.

Ar an gcéad dul síos, déantar próiseáil shonraí PNR arna déanamh ag PIU agus ag na húdaráis náisiúnta inniúla chun na gcríoch a liostaítear in Airteagal 8(1)§ 1, pointí 1 go 3 agus 5 de Dhlí PNR ( 35 ) a eisiamh ó raon feidhme RGCS a mhéid, de réir mar a dhealraíonn sé, go dtagann na críocha sin faoi na críocha a chumhdaítear leis an gclásal eisiaimh in Airteagal 2(2)(d) de RGCS. Is faoin dlí náisiúnta a thagann cosaint sonraí na n-ábhar sonraí maidir le hoibríochtaí próiseála den sórt sin, faoi réir chur i bhfeidhm Threoir na bPóilíní ( 36 ) agus, laistigh de raon feidhme Threoir PNR.

56.

Tá an rud céanna i gceist, ar an dara dul síos, le próiseáil shonraí PNR arna déanamh ag PIU agus ag na seirbhísí slándála agus faisnéise i gcomhthéacs an fhaireacháin ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bhforálacha an Dlí Orgánaigh maidir leis na seirbhísí slándála agus faisnéise atá liostaithe in Airteagal 8 §1, mír 4 de Dhlí PNR, a mhéid a chomhlíonann siad na críocha atá leagtha amach in Airteagal 2(2)(d) de RGCS, ar faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a mheasúnú.

57.

Áitíonn Rialtas na Beilge go dtagann na hoibríochtaí próiseála a dhéantar faoi Airteagal 8 § 1, pointe 4 de Dhlí PNR ar aon chuma faoi raon feidhme an chlásail eisiaimh dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(a) de RGCS, chomh maith leis an méid a fhoráiltear in Airteagal 2(3)(a) de Threoir na bPóilíní, ós rud é nach dtagann gníomhaíochtaí na seirbhísí slándála agus faisnéise faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

58.

I dtaca leis sin, agus ag cur béime nach dtugtar os comhair na Cúirte ceist a bhaineann le léirmhíniú na bhforálacha sin, tugaim faoi deara, ar an gcéad dul síos, gur chinn an Chúirt cheana féin go dtagann reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear oibleagáidí próiseála ar oibreoirí príobháideacha faoi raon feidhme fhorálacha dhlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint, fiú nuair atá sí dírithe ar an tslándáil náisiúnta a chosaint ( 37 ). Dá réir sin, tá aistriú shonraí PNR arna bhforchur ag Dlí PNR ar iompróirí agus cuideachtaí taistil clúdaithe i bprionsabal ag RGCS fiú nuair a dhéantar é chun críocha Airteagal 8, § 1, pointe 4 de Dhlí PNR.

59.

Ar an gcéad dul síos, tugaim faoi deara, cé go sonraítear in aithris 16 de RGCS nach bhfuil feidhm aige maidir le “gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta” chomh maith le haithris 14 a ghabhann le Treoir na bPóilíní lena bhforáiltear “ní ceart gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí nó seirbhísí atá inniúil ar ábhair maidir leis an tslándáil náisiúnta [...] a mheas mar ghníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach [seo]” [Aistriúchán neamhoifigiúil], na critéir ar ar a mbonn a dhéanann údaráis phoiblí, seirbhís nó ag gníomhaireacht phoiblí de chuid Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil, faoi raon feidhme gnímh amháin nó gníomh eile de chuid an Aontais lena n-eagraítear cosaint na n-ábhar sonraí maidir leis an bpróiseáil sin, nó a thagann lasmuigh de raon feidhme an dlí sin, tá siad bunaithe ar loighic atá nasctha leis na feidhmeanna a shanntar don údarás, don tseirbhís nó don ghníomhaireacht sin agus le críocha na próiseála sin. Mar sin, chinn an Chúirt nuair a léitear Airteagal 2(2)(a) de RGCS, i bhfianaise aithris 16 de RGCS, “ba cheart a mheas gurb é an t-aon chuspóir atá aige ná a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin sin próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis Stáit i gcúrsa gníomhaíocht atá dírithe ar an tslándáil náisiúnta a choimirciú nó gníomhaíocht ar féidir í a aicmiú sa chatagóir chéanna, ionas nach leor an fíoras gur gníomhaíocht a bhaineann go sonrach leis an Stát nó le húdarás poiblí amháin chun go mbeidh an eisceacht sin infheidhme go huathoibríoch maidir le gníomhaíocht den sórt sin” ( 38 ). Shoiléirigh an Chúirt freisin “go gcumhdaíonn na gníomhaíochtaí atá dírithe ar shlándáil náisiúnta a chosaint dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a) de RGCS, go háirithe [...] iad siúd atá dírithe ar fheidhmeanna sár-riachtanacha an Stáit agus leasanna bunúsacha na sochaí a choimirciú” ( 39 ). Dá bhrí sin, dá gcuirfeadh Ballstát cúraimí ar a sheirbhísí slándála agus faisnéise sna réimsí a liostaítear in Airteagal 3(7)(a) de Threoir na bPóilíní, thiocfadh próiseáil na sonraí a dhéanann na seirbhísí sin chun na cúraimí sin a chomhlíonadh faoi raon feidhme na Treorach sin agus, i gcás inarb infheidhme, faoi Threoir PNR. Ar bhealach níos ginearálta, tugaim faoi deara gur chinn an Chúirt arís agus arís eile, i gcomhthéacs an léirmhínithe ar Airteagal 4(2) CAE, ar a mbraitheann Rialtas na Beilge, go háirithe, ní féidir leis an bhfíric go bhfuil beart náisiúnta déanta chun an tslándáil náisiúnta a chosaint a fhágáil go mbeidh dlí an Aontais neamh-infheidhmithe agus na Ballstáit a dhíolmhú ón ngá leis an dlí sin a chomhlíonadh ( 40 ), rud a léiríonn go bhfuil leisce ar an gCúirt gníomhaíochtaí na mBallstát a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta a eisiamh go huathoibríoch agus go hiomlán ó raon feidhme dhlí an Aontais.

60.

Ar an tríú dul síos, i gcomhréir le tuairim na bpáirtithe leasmhara go léir a chuir barúlacha isteach, seachas Rialtas na Fraince, ní mór a mheas, maidir le próiseáil shonraí PNR a dhéanann údaráis inniúla na Beilge chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 8 § 2 de Dhlí PNR, eadhon, “seiceálacha a fheabhsú ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac” ( 41 ), nach dtagann sí faoin gclásal eisiaimh atá in Airteagal 2(2)(d) de RGCS, ná aon fhoras eile eisiaimh dá bhforáiltear san Airteagal sin. Contrártha lena bhfuil á mhaíomh ag Rialtas na Fraince, ní féidir an phróiseáil sin a rialú le Treoir PNR, a bhforáiltear le hAirteagal 1(2) di “nach féidir sonraí PNR a bhailítear i gcomhréir leis an Treoir seo a phróiseáil ach amháin chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh” [Aistriúchán neamhoifigiúil], ná, i bprionsabal, le Treoir na bPóilíní, nach bhfuil feidhm aici, de réir Airteagal 1(1) de, ach amháin maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann na húdaráis inniúla “ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a nó a bhrath nó ar mhaithe le himscrúduithe agus ionchúiseamh sa réimse sin nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin” Mar is léir ón ordú tarchuir, tá Airteagal 8, § 2 de Dhlí PNR agus caibidil 11 de Dhlí PNR, ina bhfuil forálacha lena rialaítear próiseáil shonraí PNR d’fhonn rialú teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac, agus, chuige sin, foráiltear do na sonraí sin a bheith á n-aistriú ag PIU chuig, inter alia, na seirbhísí póilíneachta atá freagrach as rialú teorann, beartaithe chun Treoir API agus Treoir 2010/65 a thrasuí i ndlí na Beilge. Mar sin féin, ceanglaítear leis an dá Threoir sin ar na húdaráis inniúla forálacha Threoir 95/46 a chomhlíonadh maidir leis na hoibríochtaí próiseála dá bhforáiltear iontu ( 42 ). Contrártha lena bhfuil á mhaíomh ag Rialtas na Fraince, ba cheart a thuiscint go gclúdaíonn an tagairt do rialacha cosanta na Treorach sin aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéantar ar bhonn Threoir API agus Threoir 2010/65. Níl an fhíric go bhfuil Treoir API roimh theacht i bhfeidhm Chinneadh Réime 2008/977 ábhartha ina leith sin ós rud é nach mbaineann an Cinneadh Réime sin, chomh maith le Treoir na bPóilíní a tháinig ina hionad, ach le próiseáil sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir API, a dhéanann údaráis inniúla chun críoch forfheidhmithe dlí ( 43 ).

61.

Ar bhonn an mhéid uile roimhe seo, molaim go dtabharfadh an Chúirt mar fhreagra ar an gcéad cheist a tarchuireadh chun réamhrialú go gcaithfear Airteagal 23 de RGCS, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(2)(d) den Rialachán sin, a léirmhíniú sa tslí:

go bhfuil feidhm aige maidir le reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir PNR a mhéid a rialaítear leis an reachtaíocht sin próiseáil shonraí PNR arna déanamh ag aeriompróirí agus ag oibreoirí eacnamaíocha eile, lena n-áirítear sonraí PNR a aistriú chuig PIUnna, dá bhforáiltear in Airteagal 8 den Treoir sin;

nach bhfuil feidhm aige maidir le reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir PNR a mhéid a rialaíonn sí próiseáil sonraí, chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2) den Treoir sin, arna déanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla, lena n-áirítear PIUnna agus, i gcás inarb iomchuí, seirbhísí slándála agus faisnéise an Bhallstáit lena mbaineann;

go bhfuil feidhm aige maidir le reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir API agus Treoir 2010/65 d‘fhonn seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus d’fhonn inimirce neamhdhleathach a chomhrac.

B. Maidir leis an dara, an tríú, an ceathrú, an séú agus an ochtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

62.

Lena dara, tríú, ceathrú agus séú ceist i gcomhair réamhrialú, cuireann an Chúirt Bhunreachtúil ceist ar an gCúirt Bhreithiúnais maidir le bailíocht Threoir PNR i ndáil le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt. Cé go bhfuil an t-ochtú ceist curtha ar bhealach atá cosúil le ceist léirmhínithe, tá an cheist sin dírithe, go bunúsach, freisin, ar rialú a fháil ón gCúirt maidir le bailíocht na Treorach sin.

63.

Baineann na ceisteanna sin leis na gnéithe éagsúla de chóras próiseála shonraí PNR a bhunaítear le Treoir PNR agus iarrtar, i ndáil le gach ceann de na heilimintí sin, measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a bhfuil dlíthiúlacht na dteorainneacha maidir le feidhmiú na gceart bunúsach a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt faoina réir. Mar sin, baineann an dara agus an tríú ceist i gcomhair réamhrialú le Liosta Shonraí PNR atá in Iarscríbhinn I, baineann an ceathrú ceist leis an sainmhíniú ar an gcoincheap “paisinéir” dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir PNR, baineann an séú ceist le húsáid shonraí PNR chun críocha an réamh-mheasúnaithe faoi Airteagal 6 den Treoir sin agus baineann an t-ochtú ceist leis an teorainn ama chun sonraí PNR a stóráil a leagtar síos in Airteagal 12(1) den Treoir sin.

1.   Maidir leis na cearta bunúsacha a leagtar amach in Airteagal 7 agus 8 den Chairt

64.

Ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus saol a theaghlaigh nó a teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú. Aithnítear go sainráite in Airteagal 8(1) den Chairt an ceart atá ag gach duine go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint. De réir cásdlí socair, tá dlúthnasc idir na cearta sin, maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta, ós rud é go ndéanann rochtain ar shonraí pearsanta duine nádúrtha chun críche stórála nó úsáide difear do cheart an duine sin go ndéanfar a shaol príobháideach a urramú. ( 44 ).

65.

Ní cosúil, áfach, gur sainchearta absalóideacha iad na cearta atá cumhdaithe in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ach ní mór iad a chur san áireamh maidir lena bhfeidhm sa tsochaí ( 45 ). Dá bhrí sin, ceadaítear próiseáil sonraí pearsanta le hAirteagal 8(2) den Chairt má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Foráiltear leis an bhforáil sin “[N]í mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go cóir ar mhaithe le cuspóirí sonracha agus ar bhonn thoiliú an duine i dtrácht nó ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos le dlí”.

66.

Ba cheart go n-urramódh aon teorannú ar an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint, chomh maith leis an gceart chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, ceanglais Airteagal 52(1) den Chairt. Dá bhrí sin, ní mór foráil a dhéanamh sa dlí do theorannú den sórt sin, inneachar sár-riachtanach na gceart sin a urramú agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, é a bheith riachtanach agus cuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint a chomhlíonadh go héifeachtach.

67.

Ní mór a chur san áireamh freisin, sa mheasúnú ar bheart lena dteorannaítear na cearta sin, an tábhacht a bhaineann leis na cearta a chumhdaítear in Airteagail 3, 4, 6 agus 7 den Chairt, agus an tábhacht a bhaineann leis na cuspóirí maidir leis an tslándáil náisiúnta a chosaint agus an choireacht thromchúiseach a chomhrac trí rannchuidiú leis an gcosaint do chearta agus saoirsí daoine eile ( 46 ). I ndáil leis sin, cumhdaítear le hAirteagal 6 den Chairt an ceart atá ag gach uile dhuine ní hamháin chun saoirse ach chun slándála pearsanta freisin ( 47 ).

68.

Ina theannta sin, tá sé mar aidhm ag Airteagal 52(3) den Chairt an comhleanúnachas is gá a áirithiú idir na cearta a leagtar amach sa Chairt agus na cearta a fhreagraíonn do chearta arna ráthú le ECHR, ar cheart a chur san áireamh mar íostairseach cosanta ( 48 ). Freagraíonn an ceart chun go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, atá cumhdaithe in Airteagal 7 den Chairt, leis an gceart arna ráthú in Airteagal 8 ECHR agus ní mór an bhrí agus an raon feidhme céanna a thabhairt dó dá bhrí sin ( 49 ). I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, ní féidir údar a thabhairt le cur isteach ar na cearta a chosnaítear leis an Airteagal sin ach amháin faoi mhír 2 den Airteagal sin má fhorordaítear le dlí é, le ceann amháin nó níos mó de na haidhmeanna dlisteanacha a luaitear sa mhír sin agus atá riachtanach i sochaí dhaonlathach chun an aidhm sin nó na haidhmeanna sin a bhaint amach ( 50 ). Ní mór don bheart a bheith ag luí freisin leis an smacht reachta, a luaitear go sainráite sa bhrollach a ghabhann le ECHR agus is gné dhílis de chuspóir agus d’aidhm Airteagal 8 é ( 51 ).

69.

Is i bhfianaise na bprionsabal sin nach mór scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna bailíochta arna dtarchur ag Cúirt Bhunreachtúil na Beilge.

2.   Maidir leis an gcur isteach ar na cearta bunúsacha a leagtar amach in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt

70.

Chinn an Chúirt cheana féin nach mór forálacha lena gceanglaítear nó lena gceadaítear nochtadh sonraí pearsanta daoine nádúrtha do thríú páirtí, amhail údarás poiblí, a mheas, in éagmais thoiliú na ndaoine nádúrtha sin agus beag beann ar úsáid na sonraí i dtrácht ina dhiaidh sin, mar rud a chuireann isteach ar a saol príobháideach agus mar sin a theorannaíonn an ceart bunúsach a chosnaítear le hAirteagal 7 den Chairt, gan dochar dá mbonn cirt fhéideartha ( 52 ). Is amhlaidh atá, fiú in éagmais imthosca ina bhféadfaí cur síos a dhéanamh ar chur isteach den sórt sin mar “thromchúiseach” agus is cuma cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí a bhaineann leis an saol príobháideach íogair, nó cé acu atá nó nach bhfuil na hábhair sonraí faoi aon mhí-bhuntáiste mar gheall ar an gcur isteach sin ( 53 ). Mar an gcéanna, is ionann rochtain a bheith ag údaráis phoiblí ar fhaisnéis den sórt sin agus cur isteach ar an gceart bunúsach chun sonraí pearsanta a chosaint arna ráthú le hAirteagal 8 den Chairt, ós rud é gur próiseáil sonraí pearsanta atá i gceist ( 54 ). Ar an gcaoi chéanna, is cur isteach ann féin é sonraí a bhaineann le saol príobháideach duine a stóráil ar feadh tréimhse áirithe ama ar na cearta a chosnaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt ( 55 ).

71.

Chinn an Chúirt cheana féin freisin go bhfuil faisnéis i sonraí PNR, amhail na cinn atá liostaithe in Iarscríbhinn I, maidir le daoine nádúrtha sainaitheanta, eadhon, na haerphaisinéirí lena mbaineann, agus dá bhrí sin go ndéanfaidh na hoibríochtaí próiseála éagsúla a bhféadfadh na sonraí sin a bheith faoina réir difear don cheart bunúsach chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, a chosnaítear le hAirteagal 7 den Chairt. Tagann na hoibríochtaí próiseála sin faoi raon feidhme Airteagal 8 den Chairt agus, dá bhrí sin, ní mór dóibh na ceanglais maidir le cosaint sonraí a leagtar síos san Airteagal sin a chomhlíonadh ( 56 ).

72.

Mar sin, maidir le hoibríochtaí próiseála shonraí PNR a cheadaítear le Treoir PNR agus, go háirithe, a mhéid is ábhartha chun críocha an cháis reatha, aistriú na sonraí sin arna déanamh ag aeriompróirí chuig PIUnna, a n-úsáid ag na haonaid sin, a n-aistriú iardain chuig údaráis náisiúnta inniúla de réir bhrí Airteagal 7 den Treoir sin, chomh maith lena stóráil, is ionann iad sin go léir agus an oiread sin cur isteach ar na cearta bunúsacha a chosnaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt.

73.

Maidir le tromchúis na gcur isteach sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, go bhforáiltear i dTreoir PNR d’aistriú córasach agus leanúnach chuig PIUnna de shonraí PNR d’aon aerphaisinéir, mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(4) den Treoir sin, ar eitilt “lasmuigh den Aontas” de réir bhrí Airteagal 3(2) den Treoir. Tugtar le tuiscint le haistriú den sórt sin go bhfuil rochtain ghinearálta ag PIUnna ar na sonraí PNR go léir a chuirtear in iúl ( 57 ). Ní chaitear amhras ar an gconclúid sin, contrártha lena bhfuil á áitiú ag roinnt Ballstát sna himeachtaí reatha leis an bhfíoras, toisc go bhfuil na sonraí sin faoi réir uathphróiseála, go hiondúil nach mbeidh rochtain ag PIUnna ach ar shonraí lena bhfuil toradh dearfach ar an anailís orthu. Go deimhin, ar thaobh amháin, níor cuireadh cosc le himthosca den sórt sin, go dtí seo, ar an gCúirt, i gcomhthéacs córais chomhchosúla um phróiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta arna mbailiú nó arna stóráil “ar an mórchóir”, nádúr ginearálta rochtain na n-údarás poiblí lena mbaineann ar na sonraí sin a dhearbhú. Os a choinne sin, is éard atá i gceist le soláthar sonraí pearsanta d’údaráis phoiblí le haghaidh próiseáil agus stóráil arna ndéanamh ag na húdaráis sin ná rochtain atá a priori ginearálta agus iomlán a bheith ag na húdaráis sin ar na sonraí sin agus cur isteach ar na cearta bunúsacha go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.

74.

Ar an dara dul síos, de réir Airteagal 2(1) de Threoir PNR, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh Treoir PNR a chur i bhfeidhm ar eitiltí “laistigh den Aontas”[Aistriúchán neamhoifigiúil] de réir bhrí Airteagal 3(3) den Treoir sin. I ndáil leis sin, tugaim faoi deara, ar dtús, go bhforáiltear i dTreoir PNR ní hamháin go bhféadfaidh na Ballstáit a feidhm a leathnú chuig eitiltí laistigh den Aontas, ach leagtar síos inti freisin na coinníollacha foirmiúla agus ábhartha lena rialaítear feidhmiú na rogha sin ( 58 ) agus sonraítear ann, i gcás nach bhfeidhmítear an rogha sin ach amháin maidir le heitiltí áirithe laistigh den Aontas, ní mór na cuspóirí a shaothraítear leis an Treoir a chur san áireamh agus na heitiltí sin á roghnú ( 59 ). Thairis sin, leagtar amach i dTreoir PNR na hiarmhairtí a bhaineann le rogha den sórt sin a fheidhmiú, trína fhoráil, in Airteagal 2(2), i gcás ina gcinnfidh Ballstát an Treoir sin a chur i bhfeidhm ar eitiltí laistigh den Aontas, go mbeidh feidhm ag na forálacha sin go léir “maidir le heitiltí laistigh den Aontas amhail is gur eitiltí lasmuigh den Aontas iad agus maidir le sonraí PNR ó eitiltí laistigh den Aontas amhail is gur sonraí PNR iad ó eitiltí lasmuigh den Aontas”.

75.

Sna himthosca sin, tá mé den tuairim, contrártha le haighneachtaí roinnt rialtas a chuir barúlacha isteach sna himeachtaí seo, cé go mbraitheann cur i bhfeidhm Threoir PNR i leith eitiltí laistigh den Aontas ar rogha na mBallstát, is í Treoir PNR an bunús dlí maidir le cur isteach ar na cearta chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus chun go ndéanfar sonraí pearsanta a bhaineann le haistriú, próiseáil agus stóráil shonraí PNR a bhaineann leis na heitiltí sin a chosaint, i gcás ina ndéantar rogha den sórt sin.

76.

Seachas Ríocht na Danmhairge, nach bhfuil faoi réir na Treorach sin ( 60 ), cuireann beagnach gach Ballstát na rialacha a bhunaigh sé i bhfeidhm ar eitiltí “laistigh den Aontas” ( 61 ). Mar thoradh air sin, baineann na rialacha seo le gach eitilt isteach agus amach as an Aontas agus le beagnach gach eitilt laistigh den Aontas.

77.

Ar an tríú dul síos, maidir leis na sonraí PNR atá le haistriú, liostaítear 19 gceannteideal in Iarscríbhinn I, lena gcumhdaítear sonraí beathaisnéiseacha ( 62 ), sonraí aerthaistil ( 63 ) agus sonraí eile a bhailítear i gcomhthéacs an chonartha aeriompair, lena n-áirítear uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist, modhanna íocaíochta, gníomhaireacht taistil nó gníomhaire, faisnéis bagáiste chomh maith le barúlacha ginearálta ( 64 ). Mar a luaigh an Chúirt i mír 128 de Thuairim 1/15, agus í ag trácht ar na ceannteidil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an dréacht-chomhaontú idir Ceanada agus an tAontas Eorpach maidir le sonraí taifid ainmneacha paisinéirí a aistriú agus a phróiseáil (“dréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE”), a bhfuil an fhoclaíocht chéanna acu go ginearálta agus atá in Iarscríbhinn I, “fiú mura ndealraíonn sé go bhféadfaí le cuid de na sonraí PNR, arna nglacadh ina n-aonar, faisnéis thábhachtach a nochtadh faoi shaol príobháideach na ndaoine is ábhar do na sonraí, is é fírinne an scéil fós go bhféadfaí leis an bhfaisnéis sin, i dteannta a chéile, inter alia, clár taistil iomláin a nochtadh, patrúin taistil, caidrimh idir beirt nó níos mó, chomh maith le faisnéis faoi staid airgeadais na n-aerphaisinéirí, a nósanna cothaithe nó a sláinte, agus d’fhéadfaí fiú faisnéis íogair a sholáthar faoi na paisinéirí sin” [Aistriúchán neamhoifigiúil].

78.

Ar an gceathrú dul síos, de réir Airteagal 6 de Threoir PNR, tá na sonraí arna n-aistriú ag na haeriompróirí beartaithe le go ndéanfaidh PIUnna anailís orthu trí mhodhanna uathoibrithe agus ar bhealach córasach, is é sin, is cuma má tá aon tásc ann go bhféadfadh baint a bheith ag na hábhair sonraí i gcionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach. Go háirithe, i gcomhthéacs an réamh-mheasúnaithe ar phaisinéirí dá bhforáiltear in Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR agus i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Threoir PNR, féadfar sonraí den sórt sin a chros-seiceáil i gcoinne bunachair sonraí “ábhartha” (Airteagal 6(3)(a)) agus a phróiseáil i gcomhréir le critéir réamhbhunaithe (Airteagal 6(3)(b)). Féadfar faisnéis bhreise a sholáthar ar shaol príobháideach na n-ábhar sonraí tríd an gcéad chineál próiseála ( 65 ) agus, ag brath ar na bunachair sonraí a úsáidtear chun cros-seiceáil a dhéanamh, d’fhéadfaí próifíl bheacht de na daoine sin a dhéanamh fiú. Sna himthosca sin, ní thugtar san agóid a rinne roinnt rialtas, ar dá réir nach gceadaítear le Treoir PNR rochtain ach ar thacar sách teoranta sonraí pearsanta, léiriú leordhóthanach ar a mhéid a d’fhéadfadh an cur isteach a bhaineann leis an Treoir sin ar chearta bunúsacha a chosnaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt, i dtéarmaí raon na sonraí ar a bhféadfaidh sí rochtain a cheadú. Maidir leis an dara cineál próiseála sonraí, dá bhforáiltear in Airteagal 6(3)(b) de Threoir PNR, tugaim faoi deara gur chuir an Chúirt i bhfios go láidir i míreanna 169 agus 172 de Thuairim 1/15 go bhfuil sé ina cuid dhílis d’aon chineál anailíse bunaithe ar chritéir réamhbhunaithe go mbeidh méid áirithe earráide ann, lena n-áirítear líon áirithe torthaí “bréagdheimhniúcháin”. De réir na bhfigiúirí atá i nDoiciméad Inmheánach Oibre ó Ranna an Choimisiúin ( 66 ) (“doiciméad oibre 2020”) atá i gceangal le tuarascáil 2020 ón gCoimisiún, b’ionann líon na gcásanna ina ndearnadh meaitseáil dhearfach earráideach, san athbhreithniú aonair faoi Airteagal 6(5) de Threoir PNR, le linn 2018 agus 2019, agus cúigear as seisear aitheanta ar a laghad ( 67 ).

79.

Ar an gcúigiú dul síos, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Threoir PNR, deanfar sonraí PNR a stóráil i mbunachar sonraí ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis a n-aistrithe chuig PIU an Bhallstáit a bhfuil an áit ina dtagann an eitilt isteach nó óna bhfágann sí ar a chríoch. Mar sin, is féidir faisnéis a fháil faoi shaol príobháideach aerphaisinéirí thar thréimhse an-fhada ar bhonn Threoir PNR ( 68 ). Ina theannta sin, ós rud é go mbaineann aistriú shonraí PNR le beagnach gach eitilt isteach san Aontas, amach as an Aontas, agus laistigh den Aontas, agus ós rud é gur modh sách coitianta iompair é an t-aerthaisteal, d’fhéadfadh sonraí pearsanta cuid shuntasach d’aerphaisinéirí a bheith stóráilte beagnach go buan, má thaistealaíonn siad d’aer dhá uair ar a laghad gach cúig bliana.

80.

Faoi dheireadh, ar leibhéal níos ginearálta, foráiltear le Treoir PNR do bhearta a bhfuil sé d’aidhm acu, ina n-iomláine, córas faireachais a bhunú ar leibhéal an Aontais atá “neamhdhírithe”, is é sin, gan a bheith spreagtha ar bhonn amhras faoi dhuine nó faoi dhaoine ar leith, ar “ollfhaireachas” é, sa mhéid is go ndéantar é ar shonraí pearsanta líon mór daoine aonair ( 69 ), a chumhdaíonn an chatagóir chéanna daoine ina hiomláine ( 70 ), agus “réamhghníomhach”, sa mhéid is go bhfuil sé d’aidhm aige ní hamháin imscrúdú a dhéanamh ar bhagairtí aitheanta, ach freisin contúirtí nach raibh aitheanta roimhe seo a aimsiú nó a aithint ( 71 ). Is éard atá i mbearta den sórt sin, de réir a nádúir, ná cur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha a chosnaítear le hAirteagal 7 agus 8 den Chairt ( 72 ), a bhaineann go háirithe lena gcuspóir coisctheach agus tuarthach, lena n-éilítear meastóireacht a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhaineann le cuid mhór den daonra, agus é mar aidhm aige daoine aonair a “aithint” ar cheart, ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, a chur faoi réir tuilleadh scrúdaithe ag na húdaráis inniúla. ( 73 ). Ina theannta sin, mar thoradh ar úsáid níos forleithne, chun cineálacha áirithe coireachta tromchúisí a chosc, a bheith á baint as próiseáil méideanna móra sonraí pearsanta de chineálacha éagsúla a bhailítear “ar an mórchóir”, agus iad a nascadh agus a phróiseáil le chéile, d’fhéadfadh “éifeacht charnach” a bheith mar thoradh air seo, rud a mhéadaíonn tromchúis na srianta ar na cearta bunúsacha chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, agus a fhágann go bhfuil an baol ann go gcothófar próiseas aistrithe de réir a chéile i dtreo “sochaí an fhaireachais” ( 74 )

81.

Ar bhonn an mhéid uile roimhe seo, measaim nach mór, ar a laghad, an cur isteach a bhaineann le Treoir PNR ar na cearta bunúsacha a chosnaítear le hAirteagal 7 agus 8 den Chairt a mheas mar chur isteach “tromchúiseach”.

82.

Is fíor, mar a áitíonn an Coimisiún, go sonrach, gur dócha go laghdóidh na coimircí agus an chosaint go léir dá bhforáiltear i dTreoir PNR go háirithe d’fhonn mí-úsáid shonraí PNR a chosc, déine nó tromchúis an chur isteach sin. Mar sin féin, tá leibhéal tromchúise, ó thaobh chosaint na gceart bunúsach lena mbaineann, ag baint le haon chóras lena ndéantar foráil maidir le rochtain ar shonraí pearsanta agus lena bpróiseáil arna déanamh ag údaráis phoiblí, atá ina dhlúthchuid dá shaintréithe oibiachtúla. Ní mór an leibhéal tromchúise sin a chinneadh, i mo thuairim, roimh dhul ar aghaidh, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar chomhréireacht na gcur isteach sin, leis an meastóireacht ar leormhaitheas agus leordhóthanacht na gcoimircí dá bhforáiltear leis na rialacha sin. Is é sin an méid atá déanta go dtí seo ag an gCúirt, dar liomsa.

83.

Chun a bheith i gcomhréir leis an gCairt, ní mór don chur isteach a bhaineann le Treoir PNR ar na cearta bunúsacha chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint na coinníollacha a leagtar amach i mír 65 agus 66 den Tuairim seo a urramú, agus scrúdófar iad thíos laistigh de theorainneacha na ngnéithe a bhí curtha faoi bhráid na Cúirte ag an gcúirt a rinne an tarchur.

3.   An bonn cirt atá leis an gcur isteach a eascraíonn as Treoir PNR

84.

Cé go mbaineann an tríú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú le comhlíonadh an choinníll atá leagtha síos sa chéad abairt d’Airteagal 52(1) den Chairt, ar dá réir nach mór aon chur isteach ar cheart bunúsach a “f(h)oráíl le dlí”, fiafraítear, leis an dara, an ceathrú, an séú agus an t-ochtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, den Chúirt maidir le comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta, dá dtagraítear sa dara habairt den fhoráil sin.

(a)   Maidir le comhlíonadh an cheanglais nach mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú cirt bhunúsaigh faoin gCairt

85.

De réir chásdlí socair na Cúirte ( 75 ), ag tarraingt ar chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine ( 76 ), ní thagraíonn an ceanglas nach mór d’aon teorannú ar fheidhmiú cirt bhunúsaigh a “f(h)oráíl le dlí” do thionscnamh “dlíthiúil” amháin an chuir isteach — rud nach bhfuil i gceist sa chás seo — ach tugann sé le tuiscint freisin nach mór don bhunús dlí le cur isteach den sórt sin a raon feidhme a shainiú ar bhealach soiléir agus beacht. Maidir le “cáilíocht an dlí” agus, dá bhrí sin, le hinrochtaineacht agus intuarthacht an bhirt atá i gceist ( 77 ), tá an dara gné a chumhdaítear leis an abairt “foráil le dlí”, de réir bhrí Airteagal 52(1) agus Airteagal 8(2) den Chairt chomh maith le hAirteagal 8 de ECHR araon ceaptha ní hamháin chun go n-urramófar prionsabal na dlíthiúlachta agus cosaint leordhóthanach in aghaidh treallachais ( 78 ), ach freisin chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú. Luaitear an ceanglas sin freisin i dTuairim an 19 Lúnasa 2016 ó Choiste Comhairleach Choinbhinsiún 108 ( 79 ) maidir leis na himpleachtaí cosanta sonraí a bhaineann le próiseáil sonraí paisinéirí (“Tuairim an 19 Lúnasa 2016”) ( 80 ).

86.

Trí Threoir PNR a ghlacadh, chuir reachtóir an Aontais féin teorainn leis na cearta atá cumhdaithe in Airteagal 7 agus 8 den Chairt. Dá bhrí sin, ní féidir an cur isteach a cheadaítear leis an Treoir sin ar na cearta sin a mheas mar iarmhairt ar rogha na mBallstát ( 81 ), in ainneoin an chorrlaigh breithmheasa a d’fhéadfadh a bheith acu tráth an Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta, ach a bhfuil a mbonn dlí i dTreoir PNR féin. Sna himthosca sin, bhí sé de dhualgas ar reachtóir an Aontais, chun an cásdlí dá dtagraítear i mír 85 den Tuairim seo a chomhlíonadh, chomh maith leis na “ardchaighdeáin” um chosaint na gceart bunúsach atá sa Chairt agus in ECHR, go háirithe, dá dtagraítear in aithris 15 de Threoir PNR, rialacha soiléire beachta a leagan síos lena sainítear raon feidhme agus cur i bhfeidhm na mbeart lena mbaineann cur isteach den sórt sin.

87.

Cé go gceistíonn an chúirt a rinne an tarchur, ina tríú ceist i gcomhair réamhrialú, comhlíonadh na hoibleagáide sin go sonrach i ndáil le pointe 12 agus pointe 18 d’Iarscríbhinn I, beidh gá freisin le scrúdú a dhéanamh ar an dara, ar an gceathrú agus ar an séú ceist i gcomhair réamhrialú, ina n-ardaíonn an chúirt sin amhras faoin ngá atá le cur isteach Threoir PNR ar na cearta bunúsacha a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, beidh gá léi freisin seasamh a ghlacadh maidir le nádúr soiléir agus beacht na bhforálacha de Threoir PNR atá i gceist.

88.

Cé go mbaineann an anailís sin, mar a mhínigh mé i mír 85 den Tuairim seo, le dlíthiúlacht an chuir isteach, de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 52(1) den Chairt, déanfaidh mé í i gcomhthéacs an scrúdaithe ar a chomhréireacht, dá dtagraítear sa dara habairt den mhír sin, i gcomhréir leis an gcur chuige a lean an Chúirt agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine araon i gcásanna maidir le bearta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ( 82 ).

(b)   Maidir le hinneachar sár-riachtanach na gceart atá leagtha amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a urramú

89.

I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 52(1) den Chairt, ní hamháin go gcaithfear go mbeidh bunús dlí atá sách beacht le haon srian ar fheidhmiú cirt bhunúsaigh, ach caithfidh sé freisin inneachar sár-riachtanach na gceart sin a urramú freisin.

90.

Mar a leag mé amach in mír 66 den Tuairim seo, tá an ceanglas seo — atá i mbunreachtanna na mBallstát éagsúla ( 83 ), agus, cé nach bhfuil sé aitheanta go sainráite ag ECHR, tá sé bunaithe go maith mar sin féin i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine ( 84 ) — tá sé cumhdaithe chomh maith in Airteagal 52(1) den Chairt ( 85 ). Bhí ceanglas den sórt sin aitheanta ag an gCúirt i bhfad roimh a chódú ( 86 ), rinneadh ceanglas den sórt sin a athdhearbhú i gcónaí i gcásdlí chúirteanna an Aontais, fiú tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin.

91.

Is léir ó bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2015, Schrems ( 87 ), má mhainnítear le gníomh de chuid an Aontais inneachar sár-riachtanach an chirt bhunúsaigh a urramú, beidh sé ar neamhní nó beidh sé neamhbhailí go huathoibríoch, gan gá leis na leasanna atá i gceist a chothromú. Aithníonn an Chúirt mar sin go bhfuil “croílár crua” ag gach ceart bunúsach, rud a dhéanann réimse saoirse do gach duine a áirithiú, atá saor ó chur isteach ó na húdaráis phoiblí agus nach féidir a theorannú ( 88 ), mura dtugtar faoi amhras prionsabail an daonlathais, an smachta reachta agus urraim do mheas ar dhínit an duine atá mar bhonn do chosaint na gceart bunúsach. Is léir, ina theannta sin, ó fhoclaíocht Airteagal 52(1) den Chairt agus ó chásdlí na Cúirte, agus, go háirithe ón mbreithiúnas in Schrems I, nach mór an measúnú ar chur isteach ar inneachar sár-riachtanach an chirt bhunúsaigh atá i gceist a dhéanamh roimh mheasúnú ar chomhréireacht an bhirt i dtrácht agus go neamhspleách ar an measúnú sin. I bhfocail eile, is tástáil é lena neamhspleáchas féin.

92.

Mar sin féin, oibríocht, thar a bheith casta é cinneadh a dhéanamh cad is “inneachar sár-riachtanach” agus, mar sin, nach féidir cur isteach air de cheart bunúsach ar dóigh dó a bheith teoranta ina fheidhmiú. Cé gur cheart, d’fhonn a fheidhm a chomhlíonadh, go bhféadfaí an coincheap a shainmhíniú i ndearbhthéarmaí, ag féachaint do shaintréithe sár-riachtanacha an chirt bhunúsaigh atá i gceist, do na leasanna suibiachtúla agus oibiachtúla ag a bhfuil sé beartaithe a chosaint, agus, ar bhonn níos ginearálta, dá bhfeidhm i sochaí dhaonlathach atá bunaithe ar urraim do dhínit an duine ( 89 ), sa chleachtas bíonn oibríocht den sórt sin beagnach dodhéanta, ar a laghad, gan critéir a chur san áireamh a úsáidtear de ghnáth agus scrúdú á dhéanamh ar chomhréireacht an chur isteach ar an gceart atá i gceist, amhail tromchúis an chur isteach, a raon feidhme nó a toise ama agus, mar sin de, gan na gnéithe sonracha de gach cás a chur san áireamh.

93.

Maidir leis an gceart bunúsach go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, ba cheart a chur san áireamh, ní hamháin a thábhachtaí atá sé do shláinte mheabhrach agus choirp gach duine, d’fholláine, neamhspleáchas, forbairt phearsanta, cumas caidrimh shóisialta a fhorbairt agus a chothú, sféar príobháideach a bheith aige chun féintuiscint a fhorbairt, ach freisin an ról atá ag an gceart sin i gcaomhnú ceart agus saoirsí eile, mar shampla saoirse smaoinimh, coinsiasa, reiligiúin, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus chun faisnéise, dá bhfuil sféar dlúthphearsanta ag teastáil chun leas iomlán a bhaint astu. Ar bhonn níos ginearálta, ní mór feidhm an chirt go ndéanfar an saol príobháideach a urramú i sochaí dhaonlathach a chur san áireamh ( 90 ). Dealraíonn sé go ndéanann an Chúirt measúnú ar chur isteach ar inneachar sár-riachtanach an chirt seo trí dhéine agus raon feidhme an chur isteach a mheas, rud a thugann le tuiscint go bhfuil an cur isteach sin sainithe go cainníochtúil seachas go cáilíochtúil. Mar sin, ar thaobh amháin, sa bhreithiúnas in Digital Rights, mheas an Chúirt go bunúsach nár bhain an ceanglas um stóráil sonraí a fhorchuirtear le Treoir 2006/24/CE ( 91 ) le leibhéal tromchúise den sórt a dhéanfadh difear d’inneachar sár-riachtanach an chirt go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, ós rud é nárbh fhéidir a “bheith ar an eolas faoi ábhar na cumarsáide leictreonaí mar sin” ( 92 ). Os a choinne sin, i dTuairim 1/15, chinn an Chúirt go bunúsach nach bhféadfadh teorannú nach raibh bainteach ach le gnéithe áirithe de shaol príobháideach na n-ábhar sonraí cur isteach ar inneachar sár-riachtanach an chirt bhunúsaigh sin ( 93 ).

94.

Maidir leis an gceart bunúsach go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, dealraíonn sé go measann an Chúirt go gcaomhnaítear inneachar sár-riachtanach an chirt seo nuair a chuirtear leis an mbeart lena mbunaítear an cur isteach teorainn ar chuspóirí na próiseála agus nuair a fhoráiltear ann do rialacha lena n-áirithítear slándáil na sonraí lena mbaineann, go háirithe i gcoinne scriosadh de thaisme nó neamhdhleathach agus caillteanas nó athrú de thaisme ( 94 ).

95.

Sa chás seo, cé nár thagair an chúirt a rinne an tarchur go sainráite don cheanglas maidir le hinneachar sár-riachtanach na gceart a leagtar amach in Airteagal 7 agus 8 den Chairt a urramú, i mo thuairim, tá an ceanglas sin, maidir le comhlíonadh an cheanglais seo mar bhonn leis an gceathrú agus an séú ceist i gcomhair réamhrialú. Sin an fáth a mholaim don Chúirt aghaidh a thabhairt air.

96.

I ndáil leis sin, ba mhaith liom a chur in iúl, i mír 150 de Thuairim 1/15, cé go n-aithníonn sí go bhféadfaidh na sonraí PNR sin, “i gcásanna áirithe, faisnéis an-bheacht a nochtadh faoi shaol príobháideach duine” ( 95 ) agus gur féidir leis an bhfaisnéis sin, go díreach nó go hindíreach, sonraí íogaire an ábhair sonraí a nochtadh ( 96 ), tháinig an Chúirt ar an gconclúid mar sin féin, maidir le Dréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE, ós rud é go raibh “nádúr na faisnéise sin teoranta do ghnéithe áirithe den saol príobháideach sin, a bhaineann go háirithe le haerthaisteal idir Ceanada agus an tAontas”, nach raibh sárú ar an gceart bunúsach go ndéanfar an saol príobháideach a urramú de chineál a dhéanfadh difear d’inneachar sár-riachtanach an chirt sin.

97.

Seachas go raibh na sonraí PNR a chumhdaítear le Dréacht-chomhaontú PNR Ceanada-AE le haistriú chuig tríú Stát agus go raibh a bpróiseáil ina dhiaidh sin le déanamh ag údaráis an tríú Stáit sin ar a chríoch, is i gcomhthráth, den chuid is mó, a dhéantar an cur isteach ar an gceart bunúsach chun an saol príobháideach a urramú de thoradh an dréacht-chomhaontaithe sin agus iad sin dá bhforáiltear le Treoir PNR. Baineann sé sin go háirithe leis na sonraí PNR dá dtagraítear, le cineál córasach agus ginearálta aistrithe agus próiseála na sonraí sin, lena gcineál uathoibrithe chomh maith le stóráil na sonraí sin. Os a choinne sin, is é an t-idirdhealú idir an dá chás, mar a déarfá, ná “clúdach geografach” na gcur isteach sin. Go deimhin, mar a luaigh mé i mír 77 den Tuairim seo, níl próiseáil na sonraí atá i gceist sa chás seo teoranta d’aerbhealaí chuig tríú tír amháin, mar a bhí i dTuairim 1/15, ach baineann sí le beagnach gach eitilt isteach agus amach as an Aontas chomh maith leo siúd atá laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, i gcomparáid le dréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE, ceanglaítear le Treoir PNR próiseáil chórasach a dhéanamh ar líon i bhfad níos mó aerphaisinéirí, atá ag taisteal d’aer laistigh agus lasmuigh den Aontas. Ina theannta sin, i bhfianaise an mhéadaithe ar an méid sonraí a phróiseáiltear agus a mhinice a bhailítear iad, is cosúil go soláthróidh a bpróiseáil faisnéis níos cruinne agus níos forleithne ar shaol príobháideach na n-ábhar sonraí (patrúin taistil, caidrimh idir beirt nó níos mó, faisnéis faoi staideanna airgeadais, etc.).

98.

De réir mar a bhí i dTuairim 1/15, áfach, ní chlúdaíonn an fhaisnéis seo, arna breithniú ina haonar, ach gnéithe áirithe den saol príobháideach a bhaineann le haerthaisteal. Mar sin féin, i bhfianaise an ghá atá ann an coincheap “inneachar sár-riachtanach” de chearta bunúsacha a shainmhíniú ar bhealach sriantach, ionas go mbeidh sé fós ina bhac i gcoinne ionsaithe ar shubstaint na gceart sin, táim den tuairim gur féidir an chonclúid ar a tháinig an Chúirt i mír 150 de Thuairim 1/15 a thrasuí sa chás seo.

99.

I dTuairim 1/15, chinn an Chúirt freisin a chur as an áireamh go ndearnadh sárú ar inneachar sár-riachtanach an chirt chun sonraí pearsanta a chosaint ( 97 ). Is féidir an chonclúid sin, i mo thuairim, a thrasuí freisin in imthosca an cháis seo. Mar a bhí i gcás dhréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE, cuirtear teorainn, le hAirteagal 1(2) de Threoir PNR, ar na críocha a bhaineann le sonraí PNR a phróiseáil. Ina theannta sin, tá forálacha sonracha sa Treoir sin, agus sna gníomhartha eile de chuid an Aontais dá dtagraíonn sí, go háirithe RGCS agus Treoir na bPóilíní, lena mbeartaítear, inter alia, slándáil, rúndacht agus sláine na sonraí sin a áirithiú, agus iad a chosaint ar rochtain agus ar phróiseáil neamhdhleathach. Cé nach féidir a mheas go bhfuil tionchar ag rialacha ag an méid dá bhforáiltear le Treoir PNR ar inneachar sár-riachtanach na gceart bunúsach atá faoi chosaint Airteagal 7 agus 8 den Chairt, ní mór, mar sin féin, iad a chur faoi réir athbhreithniú docht agus dian ar a chomhréireacht.

(c)   Maidir leis an gceanglas nach mór don chur isteach a bheith ag freagairt do chuspóir leasa ghinearálta a chomhlíonadh

100.

Is é is cuspóir de Threoir PNR, inter alia, slándáil inmheánach an Aontais a áirithiú chomh maith le saol agus sábháilteacht daoine aonair a chosaint trí shonraí PNR a aistriú chuig údaráis inniúla na mBallstát lena n-úsáid sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí ( 98 ).

101.

Go sonrach, is léir ó Airteagal 1(2) de Threoir PNR arna léamh in éineacht le haithris 6 agus aithris 7 di, agus ón togra ón gCoimisiún ar ar a bhonn a glacadh an Treoir sin (“an togra maidir le Treoir PNR”) ( 99 ), go n-úsáideann na húdaráis forghníomhaithe dlí ( 100 ) sonraí PNR ar bhealaí éagsúla, i gcomhthéacs an chuspóra sin. Ar an gcéad dul síos, úsáidtear na sonraí sin chun daoine atá bainteach nó a bhfuil amhras ann go bhfuil go bhfuil baint acu le cionta sceimhlitheoireachta agus i gcoireacht thromchúiseach a rinneadh cheana a shainaithint, chun fianaise a bhailiú agus, i gcás inarb iomchuí, chun teacht ar chomhchoirithe agus chun líonraí coiriúla a dhíchóimeáil (úsáid “ar mhodh frithghníomhach”). Ar an dara dul síos, féadfar measúnú a dhéanamh ar shonraí PNR sula dtiocfaidh paisinéirí isteach nó sula n-imíonn siad chun coir a chosc agus chun daoine a shainaithint nach raibh amhras fúthu roimhe sin go raibh baint acu le cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach agus ar cheart, ar bhonn thoradh an mheasúnaithe sin, tuilleadh scrúdaithe a bheith á dhéanamh orthu ag údaráis forfheidhmithe dlí (“úsáid bheo”). Ar deireadh, úsáidtear sonraí PNR chun critéir mheasúnaithe a fhorbairt a fhéadfar a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin sa mheasúnú ar an riosca a bhaineann le paisinéirí roimh theacht dóibh agus roimh a n-imeacht (úsáid ar “mhodh réamhghníomhach”). Trí úsáid réamhghníomhach den sórt sin a bhaint as sonraí PNR, ba cheart go gcuirfí ar chumas na n-údarás forghníomhaithe dlí aghaidh a thabhairt ar bhagairt na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta ar bhealach eile seachas próiseáil catagóirí eile sonraí pearsanta ( 101 ).

102.

Is léir ó chásdlí na Cúirte gur cuspóir de chuid leas ginearálta an Aontais é an cuspóir maidir le slándáil phoiblí a chosaint, lena gcumhdaítear go háirithe cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, laistigh den Aontas, de réir bhrí Airteagal 52(1) den Chairt, ar féidir leis údar a thabhairt do chur isteach, fiú de chineál tromchúiseach, ar na cearta bunúsacha atá cumhdaithe in Airteagal 7 agus 8 den Chairt ( 102 ).

103.

D'aithin an Chúirt freisin go rannchuidíonn na cuspóirí maidir leis an tslándáil phoiblí a chosaint agus coireacht thromchúiseach a chomhrac le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint ( 103 ). Mar sin, maidir leis an gcothromaíocht idir na cuspóirí sin agus na cearta bunúsacha atá cumhdaithe in Airteagal 7 agus 8 den Chairt ( 104 ), ba cheart tábhacht na gceart a chumhdaítear in Airteagail 3, 4, 6 agus 7 den Chairt a chur san áireamh freisin. I ndáil leis sin, cé gur chinn an Chúirt, in La Quadrature du Net, nach féidir Airteagal 6 den Chairt “a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear oibleagáid leis ar údaráis phoiblí bearta sonracha a ghlacadh chun cionta coiriúla áirithe a chur faoi chois” ( 105 ), os a choinne sin, a mhéid a bhaineann, go háirithe, le cionta coiriúla i gcoinne, inter alia, mionaoisigh agus daoine leochaileacha eile, a chomhrac go héifeachtach, chuir sí le fios go bhféadfadh oibleagáidí dearfacha ar údaráis phoiblí a theacht chun cinn ó Airteagal 7 den Chairt, d’fhonn bearta dlí a ghlacadh chun an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a chosaint, agus ó Airteagail 3 agus 4 den Chairt, maidir le cosaint ar iomláine choirp agus mheabhrach gach duine, chomh maith leis an toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach ( 106 ).

104.

Faoi dheireadh, mheas an Chúirt go sáraíonn tábhacht an chuspóra maidir leis an tslándáil náisiúnta a choimirciú na cuspóirí a bhaineann le coireacht a comhrac go ginearálta, fiú an choireacht thromchúiseach, chomh maith leis an tslándáil phoiblí a chosaint agus go bhfuil sí in ann, dá bhrí sin, údar a thabhairt do bhearta lena mbaineann cur isteach níos tromchúisí ar chearta bunúsacha ná mar a d’fhéadfaí údar a thabhairt leis na cuspóirí eile sin ( 107 ). Toisc go bhféadfadh gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a bheith ina mbagairtí ar shlándáil náisiúnta na mBallstát, cuireann an córas arna chur chun feidhme le Treoir PNR, a mhéid a fheidhmíonn sé mar ionstraim chun gníomhaíochtaí den sórt sin a chomhrac, leis an gcuspóir um shlándáil náisiúnta na mBallstát a chosaint.

(d)   Maidir le prionsabal na comhréireachta a urramú

105.

I gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 52(1) den Chairt, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a chur le feidhmiú ceart bunúsach a aithnítear sa Chairt ach amháin má tá gá leo agus má chomhlíonann siad go héifeachtach cuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

106.

Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, go gceanglaítear le prionsabal na comhréireachta go mbeidh gníomhartha institiúidí an Aontais iomchuí chun na cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú leis an reachtaíocht i dtrácht a bhaint amach agus nach dtéann siad thar na teorainneacha i dtaobh a bhfuil oiriúnach agus riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach ( 108 ).

107.

I gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, éilíonn cosaint an chirt bhunúsaigh go ndéanfar an saol príobháideach a urramú ar leibhéal an Aontais, go mbeidh maoluithe agus teorainneacha ar chosaint sonraí pearsanta a dhéanamh a mhéid is atá siad fíor-riachtanach. Ina theannta sin, ní féidir cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú gan a chur san áireamh nach mór é a chomhréiteach leis na cearta bunúsacha lena mbaineann an beart, trí mhachnamh cothromaithe a dhéanamh idir, ar thaobh amháin, an cuspóir leasa ghinearálta agus, ar an taobh eile, na cearta atá i gceist ( 109 ). Go sonrach, ní mór comhréireacht teorann ar na cearta a chumhdaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt a mheasúnú trí thromchúis an chur isteach a bhaineann le teorannú den sórt sin a thomhas agus trína fhíorú go mbaineann tábhacht an chuspóra leasa ghinearálta a shaothraíonn an teorannú sin leis an tromchúis sin ( 110 ).

108.

Leanann sé ó chásdlí na Cúirte go bhfuil, chun ceanglas na comhréireachta a shásamh, Treoir PNR, mar bhunús dlí a bhaineann le cur isteach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a bhfuil cur síos orthu i míreanna 70 go 83 den Tuairim seo, ní mór dóibh foráil a dhéanamh maidir le rialacha soiléir agus beachta lena rialaítear raon feidhme agus cur i bhfeidhm na mbeart lena mbaineann sáruithe den sórt sin, agus íoscheanglais a fhorchur, chun a chinntiú go bhfuil cosaintí leordhóthanacha ag na daoine a ndearnadh a sonraí a aistriú, chun a gcuid sonraí pearsanta a chosaint go héifeachtach i gcoinne rioscaí mí-úsáide agus in aghaidh rochtana agus úsáide neamhdhleathaí ( 111 ). Tá an gá le cosaintí den sórt sin níos tábhachtaí fós i gcás, mar atá sa chás seo, sonraí pearsanta a bheith faoi réir próiseáil uathoibríoch agus ina bhfuil cosaint na catagóire áirithe sin de shonraí pearsanta, eadhon, sonraí íogaire, i gceist ( 112 ).

109.

Maidir le raon feidhme an athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar chomhlíonadh na gceanglas a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta, i bhfianaise an róil thábhachtaigh a imríonn cosaint sonraí pearsanta i ndáil leis an gceart bunúsach go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus i bhfianaise na gcur isteach ar na cearta sin ag Treoir PNR, laghdaítear rogha reachtas an Aontais, sa chaoi nach mór don athbhreithniú a bheith dian ( 113 ).

(1) Maidir le hoiriúnacht phróiseáil shonraí PNR faoi Threoir PNR i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú

110.

I mír 153 de Thuairim 1/15, chuir an Chúirt in iúl, maidir le dréacht-Chomhaontú Cheanada-AE, go bhféadfar a mheas gurb iomchuí aistriú shonraí PNR chuig Ceanada agus an phróiseáil bhreise a dhéantar orthu d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir maidir leis an tslándáil phoiblí agus an tsábháilteacht phoiblí a chosaint. Ní fheictear domsa go bhfuil an cumas seo a aithníodh le fada ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda ( 114 ) tugtha faoi amhras ach an oiread, maidir le bailiú agus próiseáil bhreise shonraí PNR i ndáil le heitiltí lasmuigh den Aontas agus le heitiltí laistigh den Aontas araon ( 115 ).

111.

Mar sin féin, ní féidir éifeachtacht an chórais phróiseála shonraí PNR a bhunaítear leis an Treoir a mheasúnú ach go praiticiúil, trí thorthaí a chur i bhfeidhm a mheas ( 116 ). Chuige sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí measúnú leanúnach ar éifeachtacht den sórt sin ar bhonn na sonraí staidrimh is cruinne agus is iontaofa agus is féidir ( 117 ). I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún, ar bhonn rialta, athbhreithniú cosúil leis an gceann dá bhforáiltear cheana in Airteagal 19 de Threoir PNR a dhéanamh.

(2) Maidir leis an gcineál cur isteach atá fíor-riachtanach

112.

Cé nár tharraing Cúirt Bhunreachtúil na Beilge amhras go sainráite an bhfuil rialacha soiléire, beachta agus teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach i dTreoir PNR maidir le críocha próiseála shonraí PNR a theorannú ( 118 ), ní féidir leis an anailís ar chomhréireacht an chórais dá bhforáiltear leis an Treoir sin, a d’iarr an chúirt a rinne an tarchur, i mo thuairimse, gan aghaidh a thabhairt ar an gceist sin ( 119 ).

(i) Maidir le teorannú na gcríoch a bhaineann le sonraí PNR a phróiseáil

113.

Is bunriachtanas é d’aon chóras próiseála sonraí, go háirithe chun críocha an dlí a fhorghníomhú, teorannú soiléir a chur leis na críocha dá gceadaíonn na húdaráis inniúla rochtain ar shonraí pearsanta agus a n-úsáid ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, is gá an ceanglas sin a chomhlíonadh chun a chumasú don Chúirt comhréireacht na mbeart atá i gceist a mheasúnú, trí thástáil ar thromchúis an chur isteach a chur i bhfeidhm maidir le tábhacht an chuspóra a shaothraítear ina cásdlí ( 120 ).

114.

Tá béim curtha ag an gCúirt ar an tábhacht atá le críocha beart lena gcuirtear teorainneacha ar chearta bunúsacha go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus ar chosaint sonraí pearsanta a theorannú go soiléir, go háirithe sa bhreithiúnas in Digital Rights, inar dhearbhaigh sí go raibh Treoir 2006/24 neamhbhailí. I mír 60 den bhreithiúnas sin, thug an Chúirt faoi deara nach raibh foráil sa Treoir maidir le “haon chritéir oibiachtúla chun rochtain na n-údarás inniúil náisiúnta ar na sonraí a theorannú agus a n-úsáid ina dhiaidh sin chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a ionchúiseamh, i bhfianaise mhéid agus thromchúis an chur isteach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, a mheas mar sách tromchúiseach chun údar a thabhairt don chur isteach sin” agus nach ndearnadh ach, ar a mhalairt, “tagairt ghinearálta a dhéanamh in Airteagal 1(1) do sháruithe tromchúiseacha mar atá sainmhínithe ag gach Ballstát ina dhlí náisiúnta”.

115.

In Airteagal 1(2) de Threoir PNR, leagtar amach critéar ginearálta maidir le teorannú ar na críocha sin “nach bhféadfar sonraí PNR a bhailítear i gcomhréir leis an Treoir seo a phróiseáil ach amháin chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh”. I gcodarsnacht le Treoir 2006/24, áfach níl Treoir PNR teoranta do ráiteas den sórt sin, ach sainmhínítear inti féin, in Airteagal 3(8) agus (9), coincheap na “gcionta sceimhlitheoireachta” agus na “coireachta tromchúisí”, an chéad cheann trí thagairt d’Airteagail 1 go 4 de Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO 2002 L 164, lch. 3) (cuireadh Treoir (AE) 2017/541 ina ionad) ( 121 ), agus an dara ceann, trí na catagóirí cionta coiriúla a fhreagraíonn don choincheap sin a liostú in Iarscríbhinn II agus trí thairseach tromchúise a bhunú i dtéarmaí uastréimhse na pianbhreithe coimeádta nó an t-ordú coinneála a ghabhann leis na cionta sin.

116.

Cé go bhfágann an tagairt d‘fhorálacha ábhartha Threoir 2017/541 gur féidir na gníomhartha a d’fhéadfaí a aicmiú mar chionta sceimhlitheoireachta faoi Airteagal 3(8) de Threoir PNR a shainiú ar bhealach atá sách soiléir agus beacht agus chun a thromchúisí atá siad a mheas chun an tábhacht a bhaineann leis an gcuspóir maidir leis an tslándáil phoiblí a chosaint, arna shaothrú leis an Treoir sin, agus tromchúis an chur isteach a dhéantar ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagal 7 agus 8 den Chairt a mheá, níl an chonclúid sin chomh soiléir céanna i ndáil leis na cionta ar fad a liostaítear in Iarscríbhinn II.

117.

I mír 177 de Thuairim 1/15, chinn an Chúirt go sainítear go soiléir agus go beacht i ndréacht-Chomhaontú PNR idir Ceanada-AE go tromchúis na gcionta a chumhdaítear leis an gcoincheap “coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta”, trína cheangal go mbeadh na cionta sin “inphionóis le pianbhreith choimeádta ceithre bliana ar a laghad a dhéanamh nó pionós níos troime”, trí thagairt a dhéanamh do “na cionta a shainmhínítear ag dlí Cheanada” agus, trí “na cásanna éagsúla ina meastar gur coir trasnáisiúnta í” a lua.

118.

I gcomparáid leis an reachtaíocht a scrúdaigh an Chúirt sa Tuairim sin, ní chuirtear san áireamh i dTreoir PNR, ar an gcéad dul síos, cineál trasnáisiúnta na gcionta dá dtagraítear sa sainmhíniú, ar an dara dul síos, déantar foráil maidir le liosta uileghabhálach de chionta, de réir a gcineál, a mheastar gur coireacht thromchúiseach iad, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an t-íosphionós a leagtar síos in Airteagal 3(9) den Treoir sin, agus ar an tríú dul síos, go n-íslíonn siad an tairseach tromchúise, i bprionsabal, ag glacadh critéar a bheidh bunaithe ar leibhéal an uasphionóis, agus an tairseach a shocrú ag trí bliana.

119.

Maidir le, ar an gcéad dul síos, éagmais critéar teorann bunaithe ar an gcineál trasnáisiúnta, is cinnte go bhfuil sé fíor dá ndéanfaí raon feidhme ábhartha Threoir PNR a theorannú do choireacht “thrasteorann” thromchúiseach amháin, go bhféadfaí díriú ar chionta ar dóigh dóibh, de réir a gcineál, nasc oibiachtúil a bheith acu, ar a laghad, le haerthaisteal agus, dá bhrí sin, leis na catagóirí sonraí a bhailítear agus a phróiseáiltear faoi Threoir PNR ( 122 ). Mar sin féin, tá mé ar aon intinn leis an gCoimisiún, i bprionsabal, is é sin murab ionann agus i gcomhthéacs comhaontaithe idirnáisiúnta, nach bhfuil ábharthacht agus riachtanas critéar den sórt sin chomh soiléir i gcomhthéacs an chláir um chomhrac na coireachta a bhfuil sé mar chuspóir aige slándáil inmheánach an Aontais a chosaint. Thairis sin, mar a áitíonn an Coimisiún i gcónaí, ní comhartha ann féin é easpa eilimintí trasteorann nach cion tromchúiseach atá ann.

120.

Ar an dara dul síos, maidir leis an gcritéar lena socraítear an tairseach maidir le tromchúis na gcionta lena mbaineann — nach mór, chun go bhféadfar measúnú ex ante a dhéanamh ar an tromchúis sin, a léirmhíniú mar thagairt d’uastréimhse na pianbhreithe coimeádta nó an bhirt slándála dá bhforáiltear sa dlí agus ní leis an bpianbhreith a d’fhéadfaí a fhorchur i gcás ar leith — cé go bhfuil an critéar sin bunaithe ar íosmhéid an uasphionóis agus nach bhfuil sé bunaithe ar íosmhéid an íosphionóis, níl sé éagumasach ann féin chun leibhéal leordhóthanach tromchúise a shainaithint a d’fhéadfadh údar a thabhairt le cur isteach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a bhaineann leis na hoibríochtaí próiseála sonraí dá bhforáiltear i dTreoir PNR. I mo thuairimse, áfach, ba cheart é a léirmhíniú mar chritéar lena sainaithnítear tromchúis “íosta”. Dá bhrí sin, ba cheart critéar den sórt sin, cé go gcuirtear toirmeasc leis ar na Ballstáit a mheas mar “choireacht thromchúiseach” cionta a liostaítear in Iarscríbhinn II dá bhforáiltear ina ndlí coiriúil náisiúnta do phianbhreith choimeádta nó d’ordú coinneála d’uastréimhse níos lú ná trí bliana, ní chuirtear d’oibleagáid orthu aitheantas a thabhairt d’aicmiú den sórt sin go huathoibríoch maidir le gach cion a d’fhéadfaí a áireamh in Iarscríbhinn II ar féidir pionós a ghearradh ina leith a shroicheann an tairseach a leagtar síos in Airteagal 3(9) de Threoir PNR, i gcás ina bhfágfadh aitheantas den sórt sin, i bhfianaise ghnéithe sonracha a gcóras ceartais choiriúil, go n-úsáidfí na rialacha dá bhforáiltear i dTreoir PNR chun críoch cineálacha coiteanna coireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, rud a bheadh contrártha do na haidhmeanna a shaothraíonn an Treoir sin.

121.

Ar an tríú dul síos, maidir le liosta Iarscríbhinn II, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, go liostaítear i dTreoir PNR go huileghabhálach na cionta a thagann faoin sainmhíniú ar “choireacht thromchúiseach” agus gurb ionann é sin agus ráthaíocht bhunúsach fhoirmiúil agus shubstainteach chun dlíthiúlacht an chórais a bhunaítear le Treoir PNR agus deimhneacht dhlíthiúil paisinéirí a áirithiú. Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, go n-áirítear sa liosta na cionta lena mbaineann, de réir a sórt, leibhéal tromchúise gan shéanadh — amhail, mar shampla, gáinneáil ar dhaoine, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí, gáinneáil arm, ábhair núicléacha nó radaighníomhacha, fuadach eitleáin/long, cionta tromchúiseacha faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, dúnmharú, éigniú, fuadach, príosúnú neamhdhleathach, gabháil giall ( 123 ) — chomh maith le cionta nach bhfuil an leibhéal tromchúise sin chomh soiléir ina leith, amhail calaois, góchumadh agus píoráideacht táirgí, brionnú doiciméad riaracháin agus gáinneáil orthu, agus gáinneáil ar fheithiclí goidte ( 124 ). Ina theannta sin, is dóchúla go mbeidh cionta áirithe atá san áireamh in Iarscríbhinn II ná cinn eile de chineál trasnáisiúnta, amhail gáinneáil ar dhaoine, drugaí nó airm, teacht i dtír gnéasach ar leanaí, iontráil agus cónaí neamhúdaraithe a éascú, fuadach eitleáin, agus freisin nasc a bheith aige le haeriompar paisinéirí.

122.

Tá éagsúlacht mhór freisin maidir leis na ceannteidil in Iarscríbhinn II a bheith sách soiléir agus beacht. Ina leith sin, cé nach mór a mheas gur liosta uileghabhálach é an liosta atá san iarscríbhinn sin, tá cuid dá cheannteidil “oscailte” ( 125 ) agus tagraíonn cinn eile do choincheapa ginearálta, a bhféadfadh líon an-mhór cionta ar leibhéil tromchúise éagsúla a bheith iontu, cé go bhfuil siad i gcónaí faoin tairseach uasta a leagtar síos in Airteagal 3(9) de Threoir PNR ( 126 ).

123.

I ndáil leis sin, tugaim faoi deara, ar thaobh amháin, go dtugtar sna treoracha maidir le comhchuibhiú arna nglacadh sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 83(1) CFAE, a luaitear i bhfonóta 123 a ghabhann leis an Tuairim seo, gnéithe ábhartha chun cuid de na cionta coiriúla tromchúiseacha, ar a laghad, a d’fhéadfadh teacht faoi na ceannteidil ábhartha in Iarscríbhinn II a shainaithint. Go háirithe, sainítear le hAirteagail 3 go 8 de Threoir 2013/40, cionta coiriúla éagsúla a thagann faoin gcoincheap “cibearchoireacht” dá dtagraítear i bpointe 9 den Iarscríbhinn II sin, ag tabhairt aire, i ngach cás, gníomhartha ar “mionchásanna” iad a eisiamh ( 127 ). Mar an gcéanna, sainítear le Treoir 2019/713 cineálacha áirithe cionta calaoiseacha, agus sainítear le Treoir 2017/1371 na heilimintí de “chalaois in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais”. Sa chomhthéacs sin, ba cheart tagairt a dhéanamh freisin do Threoir 2008/99/CE, arna glacadh ar bhonn Airteagal 175(1) CE, maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil ( 128 ), lena sainmhínítear, ina hAirteagal 3, sraith de chionta comhshaoil tromchúiseacha, a fhéadfar a áireamh faoi cheannteideal 10 d’Iarscríbhinn II, lena n-áirítear gníomhartha a cháilíonn mar “gháinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt”, gan aon ghníomhartha a bhfuil tionchar fánach acu ar an acmhainn faoi chosaint a áireamh. Faoi dheireadh, ba mhaith liom Treoir 2002/90/CE ( 129 ) a thabhairt chun cuimhne, ina sainmhínítear éascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe chomh maith le Cinneadh Réime 2002/946/CGB ( 130 ), maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur leis na cionta sin, Cinneadh Réime 2003/568/CGB ( 131 ), lena sainmhínítear na cionta coiriúla a aicmítear mar “éilliú gníomhach agus éighníomhach san earnáil phríobháideach”, agus Cinneadh Réime 2008/841/CGB ( 132 ), lena sainmhínítear cionta a bhaineann le rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil.

124.

Os a choinne sin, tugaim faoi deara, mar a thug an Coimisiún le fios, agus an ceart aige nach féidir, in éagmais comhchuibhiú iomlán ar an dlí coiriúil substaintiúil, reachtóir an Aontais a cháineadh ar an bhforas nár shonraigh sé na cionta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II tuilleadh. Mar sin, murab ionann agus a dtabharfar faoi deara níos déanaí sa Tuairim seo maidir leis an liosta de shonraí PNR atá in Iarscríbhinn I, is gá go gceanglaítear le trasuí liosta na gcionta in Iarscríbhinn II sa dlí náisiúnta ar na Ballstáit, de réir sainiúlachtaí a gcóras náisiúnta um an dlí coiriúil, na cionta a fhéadfar a chumhdach a shainiú. Mar sin féin, ní mór an oibríocht sin a dhéanamh agus an critéar á chomhlíonadh go hiomlán, nach mór aon chur isteach ar na cearta bunúsacha a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach. Dá bhrí sin, mar shampla, i mo thuairimse, níl bac ar na Ballstáit foráil a dhéanamh go n-úsáidfear sonraí PNR le haghaidh cionta áirithe, amhail, mar shampla, iad siúd dá dtagraítear i míreanna 7, 16, 17, 18 agus 25 d’Iarscríbhinn II, do chásanna ina bhfuil na cionta sin de chineál trasteorann, nó ina ndéantar iad faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil, nó a bhfuil imthosca géaraitheacha áirithe i gceist leo. Is faoi chúirteanna na mBallstát a bheidh sé, faoi athbhreithniú na Cúirte, na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an liosta sin sa dlí náisiúnta a léirmhíniú ar bhealach atá comhsheasmhach le Treoir PNR agus leis an gCairt araon, ionas go bhfanfaidh próiseáil shonraí PNR, i leith gach ceannteidil, teoranta do chionta a shroicheann an leibhéal ard tromchúise a cheanglaítear leis an Treoir sin agus do chionta a bhfuil an phróiseáil sin ábhartha ina leith ( 133 ).

125.

Faoi réir na soiléirithe dá bhforáiltear i míreanna 120 agus 124 den Tuairim seo, measaim go gcomhlíontar le hAirteagal 3(9) de Threoir PNR agus an liosta de chionta atá in Iarscríbhinn II a ghabhann léi na ceanglais a bhaineann le soiléireacht agus beachtas, agus nach dtéann siad thar na teorainneacha i dtaobh an mhéid atá fíor-riachtanach.

126.

Ní mór a aithint, áfach, nach bhfuil an réiteach atá léirithe i mír 124 den Tuairim seo go hiomlán sásúil. Ar thaobh amháin, fágann sé lamháil leathan discréide do na Ballstáit, ionas gur dócha go n-athróidh raon feidhme ábhartha phróiseáil shonraí PNR go suntasach ó Bhallstát go chéile, rud a bhainfidh an bonn de chuspóir an chomhchuibhithe arna shaothrú ag reachtóir an Aontais ( 134 ). Ar an taobh eile, tugann sé le tuiscint go ndéanfaí an tseiceáil chomhréireachta ar ghné riachtanach den chóras, amhail teorannú críoch na próiseála, ar na bearta náisiúnta trasuímh ex post, seachas ex ante ar Threoir PNR féin. Bheadh sé inmhianaithe, dá bhrí sin, dá gcinnfeadh an Chúirt, mar a mholaim di, go bhfuil Airteagal 3(9) de Threoir PNR agus liosta na gcionta atá in Iarscríbhinn II den Treoir sin i gcomhréir le hAirteagail 7, 8, agus Airteagal 52(1), den Chairt, go dtarraingeodh sí aird reachtóir an Aontais ar an bhfíric nach bhfuil sa mheasúnú sin ach measúnú sealadach agus go dtugann sé le tuiscint gur cheart don reachtóir a fhíorú, i bhfianaise an trasuí a rinne na Ballstáit ar an bhforáil sin agus ar an liosta sin agus ar bhonn na sonraí staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir PNR, an gá (i) na catagóirí cionta a chumhdaítear leis an liosta sin a shonrú a tuilleadh, trí shrian a chur ar an raon feidhme, (ii) a chur as an áireamh na cionta sin. a gcruthaítear ina leith go bhfuil próiseáil shonraí PNR díréireach, neamhábhartha nó neamhéifeachtúil, agus (iii) tairseach tromchúise na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 3(9) de Threoir PNR a ardú ( 135 ). Maidir leis sin, tugaim faoi deara, cé go gceanglaítear le hAirteagal 19(2)(b) de Threoir PNR ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar gach gné den Treoir, ag tabhairt aird ar leith ar “riachtanas agus comhréireacht bhailiú agus phróiseáil shonraí PNR maidir le gach ceann de na críocha sonraithe” sa Treoir sin, níl athbhreithniú sásúil, i mo thuairim, ar an bpointe seo i dTuarascáil 2020 an Choimisiúin ná i nDoiciméad Oibre 2020 atá ag gabháil leis.

(ii) Maidir leis na catagóirí de shonraí PNR a chumhdaítear le Treoir PNR (an dara agus an tríú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú)

127.

Foráiltear le Treoir PNR d’aistriú chuig PIUnna de 19 gcatagóir de shonraí PNR arna mbailiú ag aeriompróirí chun críoch eitiltí a chur in áirithe. Freagraíonn na catagóirí sin, a liostaítear in Iarscríbhinn I, dóibh siúd atá i gcórais áirithinte na n-aerlínte agus dóibh siúd atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Treoirlínte maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) in 2010 ( 136 ) (“Treoirlínte ICAO”).

128.

Lena dara ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur faoi bhailíocht Iarscríbhinn I i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt, ag féachaint, ar thaobh amháin, do mhéid na sonraí pearsanta. atá liostaithe san iarscríbhinn sin — agus go háirithe sonraí API dá dtagraítear i mír 18 di, a mhéid a sháraíonn siad na sonraí atá liostaithe in Airteagal 3(2) de Threoir API — agus, ar an taobh eile, an fhéidearthacht go nochtfar trí na sonraí sin, arna dtabhairt le chéile, sonraí íogaire agus go sáraíonn siad na teorainneacha i dtaobh an mhéid atá “fíor-riachtanach”. Lena tríú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú — a bhaineann, mar a luaigh mé cheana, le comhlíonadh an chéad cheann de na trí choinníoll dá dtagraítear in Airteagal 52(1) den Chairt, ar dá réir nach mór “foráil le dlí” d’aon chur isteach ar cheart bunúsach — cuireann an Chúirt Bhunreachtúil, ar an taobh eile, ceist ar an gCúirt maidir le bailíocht míreanna 12 agus 18 d’Iarscríbhinn I, ag cur san áireamh go háirithe a nádúr “oscailte”.

129.

Ó tharla go gciallaíonn an scrúdú atá le déanamh i gcomhthéacs an dara ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú go bhfuil na catagóirí sonraí pearsanta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I sách soiléir agus beacht, tabharfaidh mé aghaidh ar an tríú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú ar dtús.

– Maidir leis an gceist: an bhfuil pointí 12 agus 18 d’Iarscríbhinn I de chineál sách soiléir agus beacht (an tríú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú)

130.

Ba cheart a thabhairt faoi deara, mar réamhphointe, go mbraitheann méid agus tromchúis an chur isteach ar na cearta bunúsacha a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt lena mbaineann beart lena dtugtar isteach teorainneacha ar fheidhmiú na gceart sin, go háirithe ar mhéid agus ar chineál na sonraí pearsanta arb iad ábhar na próiseála iad. Is oibríocht riachtanach é, dá bhrí sin, sonraí den sórt sin a shainaithint, agus ní mór d’aon bhunús dlí a thugann isteach beart den sórt sin é sin a dhéanamh i mbealach chomh soiléir agus chomh beacht agus is féidir.

131.

Aithníodh an riachtanas sin, maidir le próiseáil shonraí PNR, i dTuairim 1/15. Ina tuairim maidir leis na ceannteidil san Iarscríbhinn a ghabhann le dréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE ina bhfuil an liosta de shonraí PNR a chumhdaítear leis an gcomhaontú beartaithe, mheas an Chúirt, inter alia, maidir le húsáid catagóirí ginearálta faisnéise nach gcinntear leo go leordhóthanach raon feidhme na sonraí atá le haistriú, mar aon le húsáid liostaí léiriúcháin de na sonraí nach leagtar síos leo aon teorainn maidir le cineál agus méid na faisnéise a fhéadfar a áireamh sa cheannteideal lena mbaineann, nach chomhlíonann siad na ceanglais soiléireachta agus beachtais.

132.

Is i bhfianaise na bprionsabal sin a chaithfear an tríú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú a mheas.

133.

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht i bPointe 12 d’Iarscríbhinn I:

“Barúlacha ginearálta (lena n-áirítear an fhaisnéis go léir atá ar fáil maidir le mionaoisigh neamhthionlactha faoi 18 mbliana d’aois, amhail ainm agus gnéas an mhionaoisigh, a aois, an teanga nó na teangacha a labhraítear, ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra a bhí i láthair ag an imeacht agus a chaidreamh leis an mionaoiseach, ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra a bhí i láthair ag an teacht agus a chaidreamh leis an mionaoiseach, gníomhaire a bhí i láthair ag imeacht agus ag teacht).” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

134.

A mhéid a thagraíonn sé do “bharúlacha ginearálta”, is éard atá sa phointe seo, cosúil le ceannteideal 17 den Iarscríbhinn a ghabhann le dréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE, ná cuid “saor-théacs” mar a thugtar uirthi, atá ceaptha chun aon fhaisnéis a bhailíonn aeriompróirí i gcúrsa a ngníomhaíochtaí soláthair seirbhíse a áireamh, de bhreis ar an bhfaisnéis atá liostaithe go sainráite sna pointí eile d’Iarscríbhinn I. Mar a thug an Chúirt dá haire i mír 160 de Thuairim 1/15, ní thugtar le fios i gcuid den chineál sin “aon tásc maidir le cineál agus méid na faisnéise a bheidh le tarchur agus is cosúil go bhféadfaí a áireamh fiú faisnéis nach mbaineann leis an gcríoch dár aistríodh na sonraí PNR”. Ina theannta sin, ós rud é nach gcuirtear ar fáil an soiléiriú idir lúibíní i bhfoclaíocht phointe 12 d’Iarscríbhinn I maidir le faisnéis faoi mhionaoisigh neamhthionlactha ach mar shampla, mar is léir ón bhfocal “inter alia” a úsáideadh, ní leagtar síos leis an bpointe sin aon teorannú maidir le cineál agus raon na faisnéise a fhéadfar a áireamh ( 137 ).

135.

Sna himthosca sin, ní féidir a mheas go bhfuil pointe 12 d’Iarscríbhinn I sainithe le soiléireacht agus beachtas leordhóthanach.

136.

Cé gur cosúil go bhfuil an Coimisiún agus an Pharlaimint ar aon intinn faoin gconclúid sin, cuireann na Ballstáit a chuir barúlacha isteach ar an tríú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú agus an Chomhairle ina choinne ar bhonn argóintí a bhí forluiteach den chuid is mó.

137.

Ar an gcéad dul síos, tá an chéad sraith d’argóintí dírithe, i dtéarmaí ginearálta, ar cheistiú na féidearthachta chun na conclúidí ar tháinig an Chúirt orthu i dTuairim 1/15 a thrasuí go dtí an cás seo.

138.

I dtaca leis sin, cé go dtuigim nach ionann an dá chas sin ó thaobh an chomhthéacs de, ní luafaidh mé anseo ach go raibh an chonclúid ar tháinig an Chúirt uirthi i mír 160 de Thuairim 1/15 maidir le cuid 17 den iarscríbhinn a ghabhann le dréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE bunaithe ar léirmhíniú séimeantach agus struchtúrach amháin ar an gcuid sin. Tá léirmhíniú den sórt sin inaistrithe go foirfe go pointe 12 d’Iarscríbhinn I, a bhfuil a fhoclaíocht, sa chuid neamhshamplach, comhionann le foclaíocht na coda sin agus a bhfuil struchtúr comhchosúil aige. Ina theannta sin, mar a fheicfear níos míne thíos, tá an dá riail atá i gceist mar chuid den chomhthéacs iltaobhach rialála céanna, arb é atá iontu go háirithe treoirlínte ICAO, ar thagair an Chúirt dóibh go sainráite i mír 156 de Thuairim 1/15. Sna himthosca sin, ní hamháin nach bhfuil aon chúis ann gan, i gcás phointe 12 d’Iarscríbhinn I, an léirmhíniú céanna a leanúint agus a ghlac an Chúirt i mír 160 de Thuairim 1/15 do cheannteideal 17 den Iarscríbhinn a ghabhann le dréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE, ach thar aon rud eile níl aon chúis le himeacht uaidh.

139.

Sa dara háit, cuireann go leor Ballstát in iúl go gcomhfhreagraíonn na pointí éagsúla d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear pointe 12, do na hiontrálacha atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlínte ICAO, ar iontrálacha iad a bhfuil aeriompróirí eolach orthu agus a bhfuil sé de chumas iomlán acu inneachar beacht a thabhairt dóibh. Freagraíonn pointe 12 go háirithe don dá cheannteideal dheireanacha den iarscríbhinn sin, dar teideal “Barúlacha Ginearálta” agus “Réimsí saor-théacs/réimsí cód in OSI [Other Supplementary Information], SSR [Special Service Request], SSI [Special Service Information], “Nótaí/stair” agus ag tagairt do “faisnéis bhreise” nó “a bhaineann le seirbhísí iarrtha” [Aistriúchán neamhoifigiúil] ( 138 ).

140.

I dtaca leis sin, tugaim faoi deara ar an gcéad dul síos nár cuireadh leis an gcomhfhreagairt idir na codanna d’Iarscríbhinn I a ghabhann le dréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE, ar thaobh amháin, agus na ceannteidil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlínte ICAO, ar an taobh eile, cosc ar an gCúirt a dhearbhú, i dTuairim 1/15, nár chomhlíon cuid de na codanna in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an dréacht-Chomhaontú sin na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas nach mór do bheart lena gcuirtear srian ar fheidhmiú na gceart bunúsach a chomhlíonadh. Ina theannta sin, tugaim faoi deara, le tagairt nach bhfuil sainráite ( 139 ) do Threoirlínte ICAO, nach bhféadfar, contrártha leis an méid is cosúil a mheasann roinnt Ballstát, cineál agus raon feidhme na faisnéise is féidir a bheith i gceist i bpointe 12 a shonrú ar bhealach níos cruinne. Os a choinne sin, treisíonn léamh na dtreoirlínte sin an chonclúid go n-áirítear sa chuid “saor-théacs”, amhail pointe 12, líon éiginnte faisnéise de chineálacha éagsúla de bhreis ar an méid a áirítear go huathoibríoch in PNR ( 140 ).

141.

Ar an tríú dul síos, áitíonn rialtais áirithe gur faoi na Ballstáit atá sé, trí bhíthin bearta reachtacha intíre agus laistigh de na teorainneacha a fhorchuirtear le hAirteagail 7, 8 agus le hAirteagal 52(1) den Chairt, an fhaisnéis a fhéadfar a áireamh i bpointe 12 d’Iarscríbhinn I den Chairt a shonrú. Áitíonn siad gur dúil do Threoir é sin sa mhéid is go bhfágfar lamháil discréide do na Ballstáit maidir leis na modhanna is gá chun na forálacha a leagann sé síos a chur chun feidhme.

142.

I ndáil leis sin, mar a luaigh mé cheana féin i mír 86 den Tuairim seo, is é mo thuairim ná, i gcás ina bhfuil bearta lena mbaineann cur isteach ar chearta bunúsacha arna leagan síos leis an gCairt de thionscnamh gníomh reachtach de chuid an Aontais, is faoi reachtas an Aontais atá sé, i gcomhréir leis na critéir thuasluaite maidir le soiléireacht agus beachtas, chomh maith le prionsabal na comhréireachta, raon feidhme cruinn na gcur isteach sin a leagan síos. Dá bhrí sin, i gcás inar treoir í an ionstraim a roghnaíonn an reachtóir sin, ní féidir, i mo thuairim, a tharmligean chuig na Ballstáit, agus an treoir á trasuí ina ndlíthe náisiúnta, na heilimintí sár-riachtanacha lena sainítear raon feidhme an chur isteach a chinneadh, amhail, i gcás teorainneacha ar na cearta bunúsacha a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, cineál agus méid na sonraí pearsanta is ábhar do phróiseáil.

143.

Ar an gceathrú dul síos, cuireann roinnt Ballstát in iúl nach foláir a thuiscint go bhfuil pointe 12 d’Iarscríbhinn I ag tagairt d’fhaisnéis a bhaineann leis an tseirbhís iompair amháin. Arna léiriú ar an gcaoi sin, áitíonn siad go bhfuil an pointe sin ag luí le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt.

144.

Nílim cinnte faoin argóint seo ach an oiread. Ar an gcéad dul síos, tá an fhaisnéis a fhéadfar a áireamh faoin gcuid “barúlacha ginearálta” agus faoi na cóid OSI, SSI agus SSR an-ilchineálach (cúram leighis, béilí speisialta nó roghanna aiste bia, aon iarrataí ar chúnamh, faisnéis a bhaineann le mionaoisigh atá ag taisteal leo féin, etc.) ( 141 ) agus baineann siad go léir le soláthar seirbhísí iompair a mhéid is aidhm leo, go háirithe, a chumasú don aeriompróir an tseirbhís sin a oiriúnú do riachtanais gach paisinéara. Dá bhrí sin, ní dhéanfadh critéar léirmhínithe bunaithe ar ábharthacht na faisnéise i dtaca leis an tseirbhís iompair raon feidhme phointe 12 a shoiléiriú tuilleadh. Ina theannta sin, tugaim faoi deara, cé gur úsáid an Chúirt an critéar sin i mír 159 de Thuairim 1/15 chun cuid dhifriúil den Iarscríbhinn a ghabhann le dréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE a léirmhíniú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas, mar sin féin chuir sí as an áireamh go bhféadfaí é sin a dhéanamh maidir le cuid 17 den Iarscríbhinn sin, a fhreagraíonn do phointe 12 d’Iarscríbhinn I.

145.

Ar an gcúigiú dul síos, chuir roinnt Ballstát i bhfios go láidir go gcuireann na paisinéirí an fhaisnéis atá le clúdach faoi phointe 12 d’Iarscríbhinn I ar fáil go deonach d'aeriompróirí, agus go gcuirtear iad ar an eolas go cuí maidir le haistriú na sonraí sin chuig údaráis phoiblí ina dhiaidh sin. Is é smaoineamh atá taobh thiar d’argóint den sórt sin, i mo thuairimse, ná go bhfuil toiliú intuigthe de shaghas éigin ann ó thaobh an phaisinéara lena mbaineann go ndéanfar na sonraí a chuireann sé ar fáil do na haerlínte a aistriú ina dhiaidh sin chuig na húdaráis phoiblí.

146.

I ndáil leis sin, bhí deis ag an gCúirt cheana féin a shoiléiriú nach féidir aon cheist maidir le “toiliú” a bheith ann nuair nach féidir leis an ábhar sonraí agóid a dhéanamh faoi shaoirse i gcoinne phróiseáil a shonraí pearsanta ( 142 ). I gcás roinnt mhaith den fhaisnéis a d’fhéadfaí a áireamh i bpointe 12 d’Iarscríbhinn I, níl fíor-rogha ag an bpaisinéir lena mbaineann ach í a sholáthar chun leas a bhaint as an tseirbhís iompair. Is é sin an cás, mar shampla, i gcás daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, daoine lena dteastaíonn cúram leighis uathu nó mionaoisigh neamhthionlactha. Ba mhaith liom a chur in iúl freisin, i mír 142 agus i mír 143 de Thuairim 1/15, gur luaigh an Chúirt go soiléir nach féidir a mheas go bhfuil próiseáil shonraí PNR arna déanamh ag údaráis phoiblí chun críche atá difriúil ón gcuspóir dá mbailíonn aeriompróirí na sonraí, bunaithe ar aon chineál toilithe a thugann na paisinéirí do bhailiú den sórt sin.

147.

Ar deireadh, áitíonn an chuid is mó de na Ballstáit go bhfuil coimircí iomadúla ag baint le próiseáil sonraí faoi Threoir PNR, lena n-áirítear, maidir le sonraí a aistriú chuig PIUnna, an oibleagáid atá orthu sin sonraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I a scriosadh, chomh maith le sonraí a d’fhéadfadh tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, stádas sláinte, saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine a nochtadh.

148.

Maidir leis sin, déarfainn ag an tús, i mo thuairim féin, maidir leis an measúnú an bhfuil na rialacha lena sainítear raon feidhme agus cineál na sonraí a fhéadfar a aistriú chuig údaráis phoiblí sách soiléir agus beacht, sa mhéid is go bhfuil sé mar aidhm aige a áirithiú go n-urramaítear le beart lena mbaineann cur isteach ar na cearta bunúsacha a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt prionsabail na dlíthiúlachta agus na deimhneachta dlíthiúla ní mór é a dhéanamh gan na coimircí a bhaineann leis an bpróiseáil a mbeidh na sonraí sin faoina réir ag na húdaráis sin a chur san áireamh, agus ní chuirfear na coimircí sin san áireamh ach amháin nuair a bheidh comhréireacht an bhirt atá i gceist á scrúdú. Go deimhin, is mar sin a rinne an Chúirt, i míreanna 155 go 163 de Thuairim 1/15, ina measúnú ar na codanna de dhréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE. Déarfainn, ar bhonn níos ginearálta, gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an ngá atá le hidirdhealú soiléir a dhéanamh idir na céimeanna éagsúla a bhaineann le scrúdú a dhéanamh ar bheart lena mbaineann cur isteach ar chearta bunúsacha, is é mo thuairim ná go ndéanann cónascadh idir na céimeanna éagsúla seo dochar i gcónaí dá gcosaint éifeachtach.

149.

Agus é sin ráite, ba mhaith liom a chur in iúl nach bhfuil an oibleagáid atá ar PIUnna, de réir Airteagal 6(1) de Threoir PNR, chun sonraí seachas na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn I a scriosadh, úsáideach ach amháin má tá liosta soiléir agus iata san Iarscríbhinn sin de shonraí atá le haistriú. Baineann an rud céanna leis an oibleagáid atá ar PIUnna faoi Airteagal 13(4) de Threoir PNR sonraí “íogaire” mar a thugtar orthu a scriosadh ( 143 ). Go deimhin, méadaítear an dóchúlacht go n-aistreofar sonraí den sórt sin go hindíreach agus an baol nach n-aithneofar agus nach scriosfar láithreach iad má dhéantar sainmhíniú ró-dhoiléir, neamhbheacht nó neamhiata ar an bhfaisnéis a bheidh le haistriú. I dtéarmaí eile, ní féidir leis na coimircí thuasluaite fónamh dá gcuspóir ach amháin má tá na rialacha lena sainítear cineál agus raon feidhme shonraí PNR atá le haistriú ag aeriompróirí chuig PIUnna sách soiléir agus beacht agus má tá liosta na sonraí sin iata agus uileghabhálach.

150.

Ar bhonn an mhéid uile roimhe seo, agus mar a thuar mé i mír 135 den Tuairim seo, táim den tuairim nach gcomhlíonann pointe 12 d’Iarscríbhinn I, sa chuid ina n-áirítear “barúlacha ginearálta” i measc na sonraí a cheanglaítear ar aeriompróirí a aistriú chuig PIUnna i gcomhréir le Treoir PNR, na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas a éilítear le hAirteagal 52(1) den Chairt mar a léirmhíníonn an Chúirt ( 144 ) é agus ba cheart, dá bhrí sin, a dhearbhú go bhfuil siad neamhbhailí.

151.

Ina mbarúlacha i scríbhinn, mhol an Coimisiún agus an Pharlaimint gur cheart don Chúirt “léirmhíniú comhsheasmhach” ar phointe 12 d’Iarscríbhinn I a úsáid, arna léamh ar bhealach nach dtagraíonn sé ach don fhaisnéis maidir le mionaoisigh a ndéantar tagairt di go sainráite ann i lúibíní. Admhaím go bhfuil deacracht éigin agam a mheas go n-urramaíonn léamh den sórt sin na teorainneacha a bhaineann le léirmhíniú comhsheasmhach amháin a dhéanamh. Is fíor, de réir prionsabal ginearálta léirmhínithe, nach mór gníomh de chuid an Aontais a léirmhíniú, a mhéid is féidir, ar bhealach nach gcuireann amhras faoina bhailíocht agus atá i gcomhréir leis an dlí príomhúil ina iomláine agus, go háirithe, le forálacha na Cairte ( 145 ). Is fíor freisin, i gcás Threoir PNR, go n-éascaítear an fhéidearthacht léirmhíniú den sórt sin a dhéanamh tríd an mbéim a leagtar in go leor d’aithrisí den Treoir ar lánurraim do chearta bunúsacha, don cheart chun príobháideachais agus do phrionsabal na comhréireachta ( 146 ). Mar sin féin, is cásdlí socair é nach nglactar le léirmhíniú comhsheasmhach ach amháin i gcás inar féidir níos mó ná léirmhíniú amháin a bhaint as téacs dhlí tánaisteach an Aontais agus gur féidir, dá bhrí sin, tosaíocht a thabhairt don léirmhíniú lena gcuirtear an fhoráil i gcomhréir leis an dlí príomhúil seachas don léirmhíniú nach bhfuil sé ag luí leis an dlí príomhúil ( 147 ).

152.

Is é mo thuairim nach féidir pointe 12 d’Iarscríbhinn I a léirmhíniú ar an mbealach a mhol an Coimisiún agus an Pharlaimint, mura léitear “contra legem” é. Go deimhin, tagraíonn an pointe sin, mar a mhínigh mé thuas, do chatagóir leathan sonraí de chineálacha éagsúla, nach bhfuil inaitheanta a priori, nach bhfuil sna sonraí faoi mhionaoisigh ach fochatagóir dóibh. Dá ndéanfaí an pointe sin a léamh mar thagairt don fhochatagóir sin amháin, ní hamháin go ndéanfaí neamhaird ar chuid dá fhoclaíocht, ach dhéanfadh sé ord loighciúil an ráitis atá ann a bhréagnú. Ní féidir, i mo thuairim, oibríocht den sórt sin, arb é atá inti go bunúsach an chuid d’fhoclaíocht phointe 12 d’Iarscríbhinn I a mheastar nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas a dhíothú, a dhéanamh ach amháin trí neamhniú páirteach a fhógairt.

153.

Maidir leis an gcuid eile de phointe 12 d’Iarscríbhinn I, ina liostaítear sraith sonraí a bhaineann le mionaoisigh neamhthionlactha, táim den tuairim go gcomhlíonann sí na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas ar choinníoll go léirmhínítear í sa chaoi nach gclúdaíonn sí ach faisnéis a bhaineann le mionaoisigh neamhthionlactha a bhaineann go díreach leis an eitilt agus a chumhdaítear go sainráite leis an bpointe sin.

154.

Is mar seo a leanas atá foclaíocht Phointe 18 d’Iarscríbhinn I:

“Aon sonraí maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailítear (sonraí API) (lena n-áirítear cineál, uimhir, tír eisiúna agus dáta éaga doiciméid aitheantais ar bith, náisiúntacht, sloinne, céadainm, inscne, dáta breithe, an aerlíne, uimhir eitilte, dáta imeachta, dáta teachta, aerfort imeachta, aerfort teachta, am imeachta agus am teachta)” [Aistriúchán neamhoifigiúil].

155.

Tá struchtúr cosúil le pointe 12 d’Iarscríbhinn I ag an bpointe seo. Luaitear freisin ann catagóir ghinearálta sonraí, eadhon, Réamhhaisnéis faoi Phaisinéirí (Advance Passenger Information – API), agus ansin, idir lúibíní, tá liosta de shonraí a mheastar a bheith san áireamh sa chatagóir ghinearálta sin, a chuirtear ar fáil chun críoch léiriúcháin amháin, mar is léir ón bhfrása “lena n-áirítear” a úsáidtear.

156.

Mar sin féin, contrártha le pointe 12 d’Iarscríbhinn I, tagraíonn pointe 18 den Iarscríbhinn sin do chatagóir sonraí atá níos so-aitheanta i dtéarmaí a gcineál agus a raon feidhme. Go deimhin, is léir ó aithris 4 de Threoir PNR, i gcás ina dtagraíonn sí don chatagóir sonraí sin, go dtagraíonn sí d’fhaisnéis a aistríonn aeriompróirí chuig na húdaráis inniúla náisiúnta, i gcomhréir le Treoir API, dá dtagraítear go sainráite san aithris sin, d’fhonn rialuithe teorann a fheabhsú agus inimirce mhídhleathach a chomhrac. Tá na sonraí sin liostaithe in Airteagal 3(2) de Threoir PNR.

157.

Ina theannta sin, is léir ó aithris 9 ( 148 ) de Threoir PNR chomh maith le hAirteagal 3(2) de Threoir API agus ón liosta léiritheach atá i bpointe 18 d’Iarscríbhinn I gur sonraí beathaisnéiseacha, sa chéad áit, iad na sonraí API dá dtagraítear sa phointe sin lena bhféadfar céannacht an aerphaisinéara a fhíorú agus, sa dara háit, gur sonraí iad a bhaineann leis an eitilt a cuireadh in áirithe. Go sonrach, maidir leis an gcéad chatagóir, sonraí beathaisnéiseacha, clúdaítear san fhaisnéis atá liostaithe in Airteagal 3(2) de Threoir API agus i bpointe 18 d’Iarscríbhinn I sonraí, arna nginiúint ag an gclárú, ar féidir iad a bhaint as an gcuid mheaisín-inléite den phas (nó doiciméad taistil eile) ( 149 ).

158.

Dá bhrí sin, i bpointe 18 d’Iarscríbhinn I, arna léirmhíniú i bhfianaise aithrisí 4 agus 9 de Threoir PNR, aithnítear i bprionsabal, le soiléireacht agus beachtas leordhóthanach cineál na sonraí a chumhdaíonn sé, ar a laghad.

159.

Maidir lena raon feidhme, ní mór a lua, ar an gcéad dul síos, go bhfuil Airteagal 3(2) de Threoir API dréachtaithe ar bhealach “oscailte” freisin, agus an fhoclaíocht “i measc na sonraí sin” [Aistriúchán neamhoifigiúil] ( 150 ) roimh liosta na sonraí a liostaítear ann, agus, ar an dara dul síos, go n-áirítear i gcatagóir shonraí API, mar a shainmhínítear í sna hionstraimí iltaobhacha um chomhchuibhiú sa réimse sin, sonraí seachas na cinn dá dtagraítear i dTreoir API agus i bpointe 18 d’Iarscríbhinn I araon ( 151 ).

160.

Sna himthosca sin, ionas go gcomhlíonfaidh pointe 18 d’Iarscríbhinn I na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas is gá maidir leis na bunúis dlí lena mbaineann cur isteach ar Airteagail 7 agus 8 den Chairt, is ceart é a léirmhíniú sa chaoi nach gcumhdaítear ann ach sonraí API sin atá liostaithe go sainráite sa phointe sin agus in Airteagal 3(2) de Threoir API agus a bhailigh aeriompróirí le linn ghnáthchúrsa a ngnó ( 152 ).

161.

Is iomchuí, ag an bpointe seo, féachaint go hachomair ar na pointí eile in Iarscríbhinn I atá, i bhfianaise a bhfoclaíochta, de chineál “oscailte” freisin, nó de chineál nach bhfuil sách beacht freisin, cé nár chuir an chúirt a rinne an tarchur ceist ar an gCúirt go sainráite fúthu ( 153 ).

162.

Ar an gcéad dul síos, maidir le pointe 5 d’Iarscríbhinn I, ina luaitear “seoladh agus sonraí teagmhála (uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist)” [Aistriúchán neamhoifigiúil], cé nach mór é a mheas mar thagairt do na sonraí teagmhála atá luaite go sainráite idir lúibíní amháin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé uileghabhálach, ní shonraítear ann, mar a bhí leis an gceannteideal comhfhreagrach i nDréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE ( 154 ), an bhfuil na sonraí teagmhála sin ag tagairt don taistealaí amháin nó do na tríú páirtithe a rinne an áirithint eitilte don aerphaisinéir, do na tríú páirtithe trínar féidir dul i dteagmháil leis an aerphaisinéir, nó chuig na tríú páirtithe nach mór iad a chur ar an eolas i gcás éigeandála ( 155 ). Ós rud é go leathnófaí an cur isteach atá i dTreoir PNR chuig ábhair sonraí eile seachas aerphaisinéirí, de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir PNR, dá dtabharfaí léirmhíniú ar phointe 5 d’Iarscríbhinn I mar phointe a chumhdaíonn na catagóirí tríú páirtithe thuasluaite, molaim don Chúirt, in éagmais sonraí beachta lenar féidir a mheas go bhfuil bailiú córasach agus ginearálaithe shonraí na dtríú páirtithe sin ina eilimint atá fíor-riachtanach le haghaidh éifeachtúlacht chóras próiseála shonraí PNR arna bhunú leis an Treoir sin, chun léirmhíniú ar an bpointe sin mar thagairt do na sonraí atá luaite go sainráite ann agus a bhaineann leis an aerphaisinéir a rinneadh an áirithint ar a shon. Ar ndóigh, ní chuirtear as an áireamh le Treoir PNR gur féidir sonraí pearsanta eile ábhar sonraí seachas aerphaisinéirí a aistriú chuig PIU freisin ( 156 ). Tá sé sár-riachtanach, áfach, na cásanna inar féidir sin a léiriú go soiléir agus go sainráite, mar atá amhlaidh i gcás gníomhairí taistil, atá luaite i bpointe 9 d’Iarscríbhinn I nó caomhnóirí mionaoiseach a bheidh ag taisteal leo féin, a luaitear i bpointe 12 den Iarscríbhinn sin. Is sa chás go gcomhlíontar an coinníoll sin, agus sa chás sin amháin gur féidir a mheas go ndearnadh an cinneadh chun na sonraí sin a áireamh sna sonraí atá le haistriú chuig PIUnna a mheá i gcoinne na leasanna éagsúla atá i gceist, de réir bhrí aithris 15 de Threoir PNR, agus gur féidir na tríú páirtithe lena mbaineann a chur ar an eolas go leordhóthanach maidir le próiseáil a sonraí pearsanta.

163.

Ar an dara dul síos, maidir le pointe 6 d’Iarscríbhinn I, a thagraíonn don “fhaisnéis uile a bhaineann le modhanna íocaíochta, lena n-áirítear an seoladh billeála” [Aistriúchán neamhoifigiúil], mar a dhearbhaigh an Chúirt i mír 159 de Thuairim 1/15, i dtaca leis an gcuid chomhfhreagrach den Iarscríbhinn a ghabhann le Comhaontú PNR Ceanada-AE, chun ceanglais na soiléireachta agus an bheachtais a chomhlíonadh, ní mór an pointe sin a léirmhíniú ar bhealach “a thagraíonn d’fhaisnéis a bhaineann le socruithe íocaíochta agus billeála an ticéid eitilte amháin, gan aon fhaisnéis eile nach mbaineann go díreach leis an eitilt a chur san áireamh.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Dá bhrí sin, ní féidir a áireamh san fhaisnéis sin, mar shampla, socruithe íocaíochta le haghaidh seirbhísí eile nach bhfuil bainteach go díreach leis an eitilt, amhail feithicil a fháil ar cíos ar theacht isteach an phaisinéara ( 157 ).

164.

De réir phointe 8, sainmhínítear “faisnéis maidir le ‘daoine a eitlíonn go minic’” [Aistriúchán neamhoifigiúil], i gcaighdeáin ICAO mar fhaisnéis a bhaineann le huimhir chuntais agus stádas an duine a eitlíonn go minic ( 158 ). Léirmhínithe sa chiall seo, comhlíonann an pointe seo na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas.

165.

Maidir le pointe 10 d’Iarscríbhinn I, a bhaineann le “Stádas taistil paisinéirí lena n-áirítear deimhnithe, stádas ó thaobh seiceáil isteach de, faisnéis maidir le paisinéirí nach dtagann i láthair nó a dteastaíonn eitilt uathu láithreach bonn” [Aistriúchán neamhoifigiúil] agus i bpointe 13 den Iarscríbhinn sin, maidir le “faisnéis maidir leis an réimse ticéid, lena n-áirítear uimhir an ticéid, an dáta a eisíodh an ticéad agus ticéid aontreo, réimsí uathoibrithe chun praghas ticéid a bhreacadh,” [Aistriúchán neamhoifigiúil], in ainneoin a bhfoclaíocht neamhiata, ní thagraíonn na pointí sin ach d’fhaisnéis atá an-sonrach agus inaitheanta go soiléir agus a bhaineann go díreach leis an eitilt. Tá feidhm aige seo freisin maidir le pointe 14 d’Iarscríbhinn I, “uimhir suíocháin agus faisnéis eile maidir le suíocháin” agus pointe 16 d’Iarscríbhinn I, “an fhaisnéis go léir a bhaineann le bagáiste” [Aistriúchán neamhoifigiúil].

– Maidir le raon feidhme na sonraí atá liostaithe in Iarscríbhinn I (an dara ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú)

166.

I measc na n-eilimintí a chuireann an Chúirt san áireamh agus comhréireacht birt a bhaineann le cur isteach ar na cearta a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt á measúnú, tá leordhóthanacht, ábharthacht agus neamhiomarcacht na sonraí pearsanta arna bpróiseáil (an prionsabal “íoslaghdú sonraí”) ( 159 ). Déantar foráil don tástáil chéanna i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine ( 160 ) agus moltar an céanna i gCoinbhinsiún 108 ( 161 ).

167.

Is léir ó aithris 15 de Threoir PNR gur dréachtaíodh liosta shonraí PNR a bheidh le tarchur chuig PIUnna agus é mar aidhm leis sin ceanglais dhlisteanacha na n-údarás poiblí sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí a léiriú agus cosaint a thabhairt do na cearta bunúsacha chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint trí “ardchaighdeáin” a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an gCairt, le Coinbhinsiún 108 agus le ECHR. Luaitear san aithris chéanna gur cheart nach mbeadh i sonraí PNR, inter alia, ach faisnéis maidir le háirithintí paisinéirí agus faoin gclár taistil a chuireann ar chumas na n-údarás inniúil aerphaisinéirí atá ina mbagairt ar shlándáil inmheánach a shainaithint.

168.

Maidir le, ar an gcéad dul síos, leordhóthanacht agus ábharthacht shonraí PNR atá in Iarscríbhinn I, i bpointí éagsúla na hIarscríbhinne sin, lena n-áirítear pointí 5, 6, 8 agus 18, mar a mholaim iad a léirmhíniú ( 162 ), agus i bpointe 12, seachas an chuid a mholaim a dhearbhú a bheith neamhbhailí ( 163 ), ní thagraítear ach do shonraí a sholáthraíonn faisnéis atá bainteach go díreach le haerthaisteal a thagann faoi raon feidhme Threoir PNR. Ina theannta sin, tá nasc oibiachtúil ag na sonraí sin leis na críocha a shaothraítear leis an Treoir sin. Go háirithe, is dócha go n-úsáidfear sonraí API ar “mhodh frithghníomhach”, chun duine atá aitheanta ag seirbhísí forfheidhmithe dlí cheana a shainaithint, mar shampla toisc go bhfuil amhras ina leith go bhfuil baint aige le cionta sceimhlitheoireachta nó le coireacht thromchúiseach a rinneadh cheana, nó go bhfuil sé ar tí cion den sórt sin a dhéanamh, ach is dócha go mbainfear níos mó úsáide as sonraí PNR ar “mhodh beo nó réamhghníomhach”, chun bagairtí ó dhaoine nach bhfuil aitheanta ag seirbhísí forfheidhmithe dlí go fóill a aithint.

169.

Maidir le, ar an dara dul síos, raon feidhme shonraí PNR atá liostaithe in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear iad siúd a liostaítear i bpointí 5, 6, 8, 12, agus 18 den Iarscríbhinn sin, mar a mholaim iad a léirmhíniú i bpointí 134 go 164 den Tuairim seo, ní dhealraítear go bhfuil siad iomarcach, ag féachaint, ar thaobh amháin, don tábhacht a bhaineann leis an gcuspóir maidir le slándáil phoiblí a shaothraítear le Treoir PNR agus, ar an taobh eile, d’oiriúnacht an chórais a bhunaítear leis an Treoir sin chun cuspóir den sórt sin a shaothrú.

170.

Maidir le sonraí API go háirithe, faoina bhfuil an chúirt a rinne an tarchur in amhras go háirithe, ba mhaith liom a chur in iúl nach féidir trí shonraí den sórt sin, ar sonraí iad de chineál beathaisnéise agus a bhaineann leis an turas a dhéantar, go ginearálta ach faisnéis theoranta a fháil faoi shaol príobháideach na bpaisinéirí lena mbaineann. Ina theannta sin, cé gur fíor go dtagraítear i bpointe 18 d’Iarscríbhinn I d’fhaisnéis nach bhfuil luaite go sainráite in Airteagal 3(2) de Threoir API, tá an fhaisnéis sin, a bhaineann le céannacht an aerphaisinéara (inscne), an doiciméad taistil a úsáideadh (tír eisiúna, dáta éaga aon doiciméid aitheantais), nó an eitilt a fuarthas (aerlíne, uimhir eitilte, dáta agus aerfort imeachta agus teachta), ag forluí go páirteach nó is féidir iad a bhaint as sonraí PNR atá i bpointí eile d’Iarscríbhinn I, mar shampla i bpointí 3, 7 agus 13. Thairis sin, a mhéid a bhaineann sí le sonraí beathaisnéiseacha nó leis na doiciméid taistil a úsáidtear, is dócha go gcuideoidh faisnéis den sórt sin le húdaráis forfheidhmithe dlí céannacht duine a fhíorú agus, mar a tugadh faoi deara in aithris 9 de Threoir PNR, an riosca a laghdú go gcuirfí daoine neamhchiontach faoi sheiceálacha agus imscrúduithe gan údar. Ar deireadh, ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir go n-eascródh sonraí iomarcacha go huathoibríoch díreach de bharr go n-áirítear i bpointe 18 d’Iarscríbhinn I sonraí de bhreis orthu sin atá in Airteagal 3(2) de Threoir API, mar gheall go saothraítear leis an Treoir sin agus le Treoir PNR cuspóirí éagsúla.

171.

Baineann na sonraí maidir le mionaoisigh neamhthionlactha, a liostaítear i bpointe 12 d’Iarscríbhinn I, le catagóir leochaileach daoine a fhaigheann cosaint speisialta, lena n-áirítear maidir le hurramú a saol príobháideach agus cosaint a sonraí pearsanta ( 164 ). Bíodh sin mar atá, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le teorannú ar na cearta sin, go háirithe chun leanaí a chosaint ó choireacht thromchúiseach a bhféadfadh siad a bheith ina n-íospartaigh, amhail gáinneáil agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí nó fuadach leanaí. Dá bhrí sin, ní féidir a mheas a priori go dtéann pointe 12 d’Iarscríbhinn I, a mhéid a éilíonn sé go n-aistreofaí líon níos mó sonraí pearsanta maidir le mionaoisigh neamhthionlactha, thar a bhfuil fíor-riachtanach.

172.

Cé go gcomhlíonann na sonraí pearsanta a gceanglaítear ar aeriompróirí iad a tharchur chuig PIUnna i gcomhréir le Treoir PNR, i mo thuairim, na ceanglais maidir le leordhóthanacht agus ábharthacht agus nach sáraíonn siad an méid atá fíor-riachtanach le haghaidh fheidhmiú an chórais a bhunaítear leis an Treoir sin, is é fírinne an scéil i gcónaí gclúdaíonn tarchur den sórt sin líon suntasach sonraí pearsanta de chineálacha éagsúla do gach paisinéir lena mbaineann agus líon fíor-ard sonraí den sórt sin i dtéarmaí absalóideacha. Sna himthosca sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh aistriú den sórt sin faoi réir cosaintí leordhóthanacha a bhfuil mar aidhm acu, ar thaobh amháin, a áirithiú nach n-aistrítear ach sonraí dá dtagraítear go sainráite agus, ar an taobh eile, slándáil agus rúndacht na sonraí aistrithe a áirithiú.

173.

Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar thaobh amháin, go ndearna reachtóir an Aontais foráil do shraith coimircí lena bhféadfaí teorainn a chur le catagóirí de shonraí PNR arna gcur ar fáil ag na húdaráis forfheidhmithe dlí agus a áirithiú go bhfanann rochtain den sórt sin teoranta do shonraí a mheastar a bheith riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú le Treoir PNR. Mar sin, ar an gcéad dul síos, faoi réir na mbreithnithe a forbraíodh i gcomhthéacs an fhreagra ar an tríú ceist a tharchuirtear i gcomhair réamhrialú, liostaítear go cuimsitheach agus go beacht na sonraí a fhéadfar a aistriú chuig PIUnna sa Treoir sin. Ar an dara dul síos, sonraítear go sainráite i dTreoir PNR nach féidir ach na sonraí atá ar an liosta sin, atá mar thoradh ar chothromú na leasanna agus na gceanglas éagsúil a luaitear in aithris 15 de Threoir PNR, a aistriú chuig PIUnna (Airteagal 6(1) de Threoir PNR). Ar an tríú dul síos, sonraítear sa Treoir, i gcás ina n-áirítear ar na sonraí PNR aistrithe sonraí seachas na cinn atá liostaithe in Iarscríbhinn I, scriosfaidh PIU iad “go díreach agus go buan nuair a fhaightear iad” (Airteagal 6(1) de Threoir PNR). Ar an gceathrú dul síos, foráiltear leis an Treoir nach bhféadfar sonraí PNR dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a aistriú ach amháin sa mhéid go bhfuil siad bailithe cheana féin ag aeriompróirí i ngnáthchúrsa a ngnó (Airteagal 8(1) agus aithris 8 de Threoir PNR), a thugann le tuiscint nach bhfuil rochtain chórasach ag PIUnna ar na sonraí go léir atá in Iarscríbhinn I, ach ar na sonraí sin amháin atá i gcóras áirithinte an oibreora lena mbaineann. Sa chúigiú háit, ceanglaítear le hAirteagal 8(1) de Threoir PNR ar aeriompróirí úsáid a bhaint as an modh “push” chun sonraí PNR a tharchur chuig PIUnna. Tugann an modh seo, atá molta i dtreoirlínte ICAO ( 165 ), le tuiscint go n-aistreoidh na hiompróirí féin sonraí PNR chuig bunachair sonraí PIU. I gcomparáid leis an modh “pull”, a cheadaíonn do na húdaráis inniúla rochtain a fháil ar chórais na n-oibreoirí agus cóip de na sonraí riachtanacha a bhaint as a mbunachair sonraí, tugann an modh “push” níos mó cosaintí ós rud é go dtugann sé ról an chaomhnóra agus an rialtóra ar shonraí PNR don aeriompróir lena mbaineann. Ar deireadh, i gcomhréir le Treoirlínte ICAO agus leis an bprionsabal “ionad ilfhreastail” ( 166 ), foráiltear i dTreoir PNR d’aistriú shonraí PNR trí chomhlacht aonair, PIU, a ghníomhaíonn faoi mhaoirseacht an toscaire dá dtagraítear in Airteagal 5 den Treoir sin agus, thar aon údarás eile, faoi mhaoirseacht an údaráis maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15 den Treoir.

174.

Ar an taobh eile, foráiltear i dTreoir PNR do roinnt coimircí chun slándáil shonraí PNR a chaomhnú. Déanaim tagairt ina leith sin d’Airteagal 13(2) de Threoir PNR, a dhéanann Airteagail 28 agus 29 de Threoir na bPóilíní infheidhme maidir le gach próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoin Treoir sin, maidir le rúndacht na próiseála agus slándáil sonraí, chomh maith le hAirteagal 13(3), a mheabhraíonn, maidir le próiseáil shonraí PNR arna ndéanamh ag aeriompróirí, na hoibleagáidí atá ar aeriompróirí faoi RGCS, go háirithe maidir leis na bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí atá le glacadh chun slándáil agus rúndacht na sonraí sin a chosaint ( 167 ).

175.

Ar deireadh, ba cheart a chur in iúl go n-aithnítear i dTreoir PNR, in aithrisí 29 agus 37, go bhfuil an ceart ag paisinéirí “faisnéis shonrach, a bhfuil rochtain éasca uirthi agus atá intuigthe” [Aistriúchán neamhoifigiúil] a fháil, i measc rudaí eile, maidir le sonraí PNR a bhailiú, trína iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go n-urramaítear an ceart seo. Cé nach ionann an t-aitheantas sin agus foráil cheangailteach i dtéacs Threoir PNR, tugaim faoi deara, mar a thug mé le fios agus an chéad cheist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú á scrúdú agam, go bhfuil feidhm ag forálacha RGCS maidir le sonraí PNR a aistriú chuig PIUnna. Tá oibleagáid ar aeriompróirí, mar sin, i gcomhthéacs an aistrithe seo, chun cloí, inter alia, le hAirteagail 13 agus 14 de RGCS, lena bhforáiltear do cheart chun faisnéise na n-ábhar sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Cé go mbeadh sé iomchuí do na Ballstáit, agus Treoir PNR á trasuí acu, foráil shainráite a dhéanamh maidir leis an gceart chun faisnéise d'aerphaisinéirí, mar a aithnítear in aithrisí 29 agus 37 de Threoir PNR, tá cosc orthu, ar aon nós, raon feidhme Airteagail 13 agus 14 de RGCS a theorannú de bhun Airteagal 23(1) RGCS, toisc nach mbeadh sé ag teacht le spiorad an Rialacháin. Chun bheith éifeachtach, áfach, ní mór do cheart den sórt sin catagóirí de shonraí PNR atá á n-aistriú a chumhdach freisin.

176.

I bhfianaise an mhéid uile roimhe seo, tá mé den tuairim go bhfuil na sonraí PNR a bhforáiltear i dTreoir PNR dá bpróiseáil, faoi réir na dteorainneacha a mholtar agus na soiléirithe a rinneadh i gcomhthéacs an tríú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, ábhartha, leordhóthanach agus nach bhfuil siad iomarcach i ndáil leis na críocha a shaothraítear leis an Treoir sin agus nach sáraíonn a raon feidhme an méid atá fíor-riachtanach chun na críocha sin a bhaint amach.

– Maidir le sonraí íogaire

177.

Go ginearálta, cuireann Treoir PNR cosc ar gach próiseáil a dhéantar ar “shonraí íogaire” ( 168 ).

178.

Cé nach bhfuil sainmhíniú ar an gcoincheap “sonraí íogaire” i dTreoir PNR, is léir ó Airteagal 13(4) go n-áirítear ann, ar a laghad, “sonraí PNR a dhéanann tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, stádas sláinte, saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine a nochtadh” [Aistriúchán neamhoifigiúil] ( 169 ). I mír 165 de Thuairim 1/15, shoiléirigh an Chúirt go mbeadh aon bheart atá bunaithe ar an toimhde go bhféadfadh ceann amháin nó níos mó de na tréithe sin “iontu féin agus go neamhspleách ar iompar aonair an taistealaí lena mbaineann, a bheith ábhartha chun críoch phróiseáil shonraí PNR [...] ina shárú ar na cearta a chosnaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 21 den Chairt”. Trí gach próiseáil ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 13(4) a thoirmeasc, urramaíonn Treoir PNR mar sin na teorainneacha a fhorchuireann an Chúirt ar úsáid na gcatagóirí sonraí sin i gcomhthéacs chórais phróiseála shonraí PNR, cibé an bhfuil sé á rialú ag an dlí náisiúnta, ag dlí an Aontais nó ag comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas.

179.

Áirítear leis an toirmeasc ginearálta ar phróiseáil sonraí íogaire i dTreoir PNR iad a bhailiú freisin. Mar sin, mar a shonraítear go sainráite in aithris 15 den Treoir, níl na 19 n-iontráil in Iarscríbhinn I bunaithe ar shonraí PNR dá dtagraítear in Airteagal 13(4) den Treoir sin.

180.

Cé nach ndéanann aon cheann de na codanna seo tagairt go sainráite do shonraí den sórt sin, d’fhéadfadh siad teacht mar sin féin faoin gcuid “Barúlacha ginearálta”, dá dtagraítear i bpointe 12 d’Iarscríbhinn I, ar “réimse oscailte” í a fhéadfaidh, mar a thug mé faoi deara cheana i gcomhthéacs scrúdú an tríú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, méid éiginnte faisnéise de chineálacha éagsúla a chumhdach. Tá riosca nithiúil ann go deimhin, mar a luaigh an Chúirt i mír 164 de Thuairim 1/15, go mbeidh faisnéis faoin gceannteideal sin, a bhaineann, mar shampla, le fabhair chothaithe, iarrataí ar chúnamh, pacáistí praghsanna do chatagóirí áirithe daoine nó comhlachais, ina sonraí íogaire go díreach de réir bhrí Airteagal 13(4) de Threoir PNR, a bhaineann, go háirithe, le creidimh reiligiúnacha na bpaisinéirí lena mbaineann, a stádas sláinte nó a mballraíocht i gceardchumann nó i bpáirtí polaitíochta.

181.

Ós rud é go bhfuil próiseáil sonraí den sórt sin eisiata ar aon chuma i dTreoir PNR, ní hamháin go sáraíonn a n-aistriú arna dhéanamh ag aeriompróirí an méid atá fíor-riachtanach, ach níl aon fhiúntas ag baint leis ach an oiread. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfágann an fíoras go gceanglaítear ar PIUnna, ar aon nós, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 13(4) de Threoir PNR, sonraí PNR lena nochtar aon fhaisnéis atá liostaithe sa chéad abairt den mhír sin a scriosadh láithreach, go gceadaítear nó go dtugtar údar maith le haistriú sonraí den sórt sin ( 170 ), ós rud é go gcaithfidh an toirmeasc ar phróiseáil sonraí den sórt sin a leagtar síos leis an Treoir sin oibriú ón gcéad chéim de phróiseáil shonraí PNR. Dá bhrí sin, níl san oibleagáid sonraí íogaire a scriosadh ach coimirce bhreise a sholáthraíonn an Treoir seo i gcás, go heisceachtúil, go n-aistrítear sonraí den sórt sin chuig PIUnna de thaisme.

182.

Tugaim faoi deara, ina theannta sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta Mengozzi le fios i mír 222 dá Thuairim i dTuairim 1/15 ( 171 ), ós rud é gur ar bhonn roghnach amháin a chuireann paisinéirí an fhaisnéis faoi na codanna “saor-théacs”, amhail an chuid “Barúlacha Ginearálta”, dá dtagraítear i mír 12 d’Iarscríbhinn I, a bhféadfadh sonraí íogaire a bheith inti de réir Airteagal 13(4) de Threoir PNR, ní dócha go ndéanfaidh daoine a bhfuil baint acu le cionta sceimhlitheoireachta nó le coireacht thromchúiseach nochtadh den sórt sin go spontáineach, ionas gur dócha go mbainfidh aistriú córasach na sonraí seo, den chuid is mó, leis na daoine aonair sin amháin a d’iarr seirbhís bhreise nach bhfuil ina hábhar spéise ar chor ar bith i ndáiríre do na húdaráis forfheidhmithe dlí ( 172 ).

183.

Agus an tríú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú á scrúdú agam, tháinig mé ar an gconclúid nach gcomhlíonann pointe 12 d’Iarscríbhinn I, a mhéid a thagraíonn sé don chuid “Barúlacha Ginearálta”, na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas a leagtar síos sa chéad abairt d'Airteagal 52(1) den Chairt. Ar na cúiseanna atá leagtha amach agam díreach thuas, measaim nach sásaíonn cuimsiú na coda seo sna catagóirí sonraí atá faoi réir aistriú córasach chuig PIUnna, gan aon tásc maidir leis an bhfaisnéis is dócha a chumhdóidh sí, an critéar maidir le riachtanas atá leagtha síos sa dara habairt d’Airteagal 52(1) den Chairt, arna léirmhíniú ag an gCúirt ( 173 ).

184.

Mar sin féin, ní leor codanna “saor-théacs” mar a thugtar orthu a eisiamh ó liosta shonraí PNR atá le haistriú chuig údaráis Stáit i gcomhthéacs chóras próiseála shonraí PNR chun an riosca go gcuirfear sonraí íogaire ar fáil do na húdaráis sin mar sin féin a dhíothú. Ní hamháin go bhféadfar sonraí den sórt sin a thuiscint go díreach ó fhaisnéis faoi na codanna sin, ach féadfar iad a nochtadh go hindíreach nó a thoimhdiú freisin trí fhaisnéis atá sna ceannteidil “códaithe”. Mar sin, chun sampla a thabhairt, féadfaidh ainm an aerphaisinéara leideanna a thabhairt nó ar a laghad hipitéis a thabhairt faoi thionscnamh eitneach nó cleamhnas reiligiúnach an phaisinéara lena mbaineann. Baineann an rud céanna le náisiúntacht. Níl na sonraí sin oiriúnach, i bprionsabal, lena n-eisiamh ó liosta shonraí PNR atá le haistriú, ná lena scriosadh ag na húdaráis atá i dteideal iad a fháil. Dá bhrí sin, chun an riosca de stiogmatú, ar bhonn saintréithe cosanta líon mór daoine aonair nach bhfuil amhras orthu faoi chion ar bith, a sheachaint, tá sé tábhachtach go soláthródh córas próiseála shonraí PNR coimircí leordhóthanacha chun an fhéidearthacht a eisiamh go bhféadfaí saintréithe den sórt sin a chur san áireamh go díreach nó go hindíreach le linn na próiseála, ag gach céim de phróiseáil na sonraí bailithe, mar shampla trí roghnóirí atá bunaithe ar shaintréithe den sórt sin a chur i bhfeidhm san anailís uathoibrithe. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an pointe sin sa chuid eile den scrúdú.

185.

Ar bhonn an mhéid uile thuas, measaim, faoi réir na conclúide ar thángthas uirthi i mír 183 thuas, go bhforáiltear i dTreoir PNR, ag an gcéim a n-aistrítear sonraí PNR chuig PIUnna, do choimircí leordhóthanacha chun sonraí íogaire a chosaint.

(iii) Maidir leis an gcoincheap “paisinéir” (an ceathrú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú)

186.

Lena ceathrú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt Bhreithiúnais go bunúsach, an bhfuil an córas arna bhunú le Treoir PNR, a mhéid a cheadaíonn sé aistriú agus próiseáil ghinearálaithe ar shonraí PNR aon duine a thagann faoin gcoincheap “paisinéir” de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir PNR, beag beann ar aon fhachtóir oibiachtúil a d’fhágfadh go bhféadfaí a mheas go bhféadfadh an duine sin a bheith mar riosca do shlándáil an phobail, ag luí le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt. Go háirithe, tá sí in amhras an féidir cásdlí na Cúirte maidir le stóráil sonraí agus rochtain sonraí in earnáil na cumarsáide leictreonaí a thrasuí chuig an gcóras próiseála sonraí pearsanta a bhunaítear le Treoir PNR.

187.

Sa chásdlí sin, a mhéid is ábhartha do na himeachtaí idir lámha, tháinig an Chúirt ar an gconclúid nach féidir a mheas, i bprionsabal, go bhfuil bonn cirt i sochaí dhaonlathach le reachtaíocht lena bhforáiltear, d’fhonn coireacht thromchúiseach a chomhrac, do stóráil choisctheach ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí tráchta a bhaineann le cumarsáid leictreonach agus sonraí suímh ( 174 ), d’fhonn rochtain a bheith ag na húdaráis forfheidhmithe dlí, gan aon idirdhealú, teorannú ná eisceacht a dhéanamh ar bhonn an chuspóra atá á shaothrú ( 175 ). Rialaigh an Chúirt mar an gcéanna maidir le reachtaíocht náisiúnta a rinne foráil, d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, d’anailís uathoibrithe ar na sonraí go léir sin trí bhíthin scagadh arna dhéanamh ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí arna iarraidh sin ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus de réir na bparaiméadar a chinnfidh siad ( 176 ). Dar leis an gCúirt, ní féidir údar a thabhairt le bearta den sórt sin ach amháin i gcásanna ina bhfuil bagairt thromchúiseach do shlándáil náisiúnta na mBallstát lena mbaineann atá dáiríre agus láithreach nó intuartha, agus sa chás go bhfuil an cinneadh lena ndéantar foráil dá gcur chun feidhme faoi réir athbhreithniú éifeachtach ag an gcúirt nó ag comhlacht riaracháin neamhspleách ( 177 ). Ina theannta sin, ní mór úsáid beart den sórt sin i gcásanna den sórt sin, dar leis an gCúirt, a theorannú ó thaobh ama de don mhéid is atá fíor-riachtanach agus ní féidir leis a bheith córasach in aon chás ( 178 ).

188.

Ina theannta sin, ba mhaith liom a chur in iúl, cé nach ndeachaigh an Chúirt sa chásdlí sin chomh fada le dearbhú go sainráite, mar a rinneadh in Schrems I, go raibh sárú ann ar inneachar sár-riachtanach an chirt chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, mheas sí mar sin féin gur shroich na bearta i dtrácht leibhéal tromchúise an chur isteach ionas, ach amháin i gcás teoranta bagairtí sonracha ar shlándáil náisiúnta Ballstáit, nach bhféadfaí a mheas ar chor ar bith go raibh siad teoranta don mhéid a bhí fíor-riachtanach agus dá bhrí sin i gcomhréir leis an gCairt ( 179 ), beag beann ar aon chosaintí a chuirtear ar fáil i gcoinne rioscaí mí-úsáide agus rochtana neamhdhleathaí ar na sonraí lena mbaineann ( 180 ).

189.

Bhí ócáid agam a chur in iúl cheana féin go bhfuil roinnt gnéithe coiteanna ag baint le rialacha mar sin dá bhforáiltear i dTreoir PNR agus bearta den chineál a scrúdaigh an Chúirt sa chásdlí dá dtagraítear sna míreanna roimhe seo den Tuairim seo, a fhágann go bhfuil siad sár-ionrach. Ina leith sin, bunaítear leis an Treoir sin córas ginearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach chun sonraí pearsanta cuid shuntasach den daonra a bhailiú agus a anailísiú go huathoibríoch, a fheidhmíonn ar bhonn domhanda maidir le gach duine a chomhlíonann an coincheap “paisinéirí” in Airteagal 3(4) den Treoir agus, dá bhrí sin, freisin dóibh siúd nach bhfuil aon fhianaise ann a thabharfadh le tuiscint go bhféadfadh a n-iompraíocht a bheith nasctha, fiú go hindíreach nó go fánach, le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta nó le coireacht thromchúiseach. Is sna himthosca seo a fhiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil an cásdlí seo inaistrithe chuig córas próiseála shonraí PNR amhail an ceann a bunaíodh le Treoir PNR.

190.

I dtaca leis sin, tugaim faoi deara, i dTuairim 1/15, agus í ag scrúdú raon feidhme ratione personae dhréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE i míreanna 186 go 189 di, gur sheachain an Chúirt aon chomparáid, ar thaobh amháin, idir na bearta atá dírithe ar choinneáil agus rochtain ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach ar ábhar na cumarsáide leictreonaí, ar shonraí tráchta agus sonraí suímh agus, ar an taobh eile, aistriú shonraí PNR agus a bpróiseáil uathoibrithe i gcomhthéacs an mheasúnaithe roimh-ré ar phaisinéirí a chumhdaítear leis an gcomhaontú sin. Ag an am a tugadh an Tuairim sin, áfach, bhí cásdlí seanbhunaithe ann cheana féin — deimhnithe, gan ach cúpla mí sular tugadh an Tuairim, sa bhreithiúnas in Tele2 Sverige, dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur — inar measadh na bearta sin a bheith ar neamhréir leis an gCairt, ( 181 ) ach amháin i gcásanna sonracha agus ad hoc ( 182 ). Tá na breithiúnais is déanaí ón gCúirt sa réimse seo, agus go háirithe an breithiúnas in La Quadrature du Net, ag teacht leis an gcásdlí sin, trína shoiléiriú agus, ar bhealaí áirithe, á cháiliú.

191.

Sna pointí thuasluaite sin de Thuairim 1/15, mheas an Chúirt go sainráite nár dhealraigh sé gur sháraigh Comhaontú PNR Ceanada-AE na teorainneacha i dtaobh an mhéid atá fíor-riachtanach sa mhéid is gur cheadaigh sé aistriú agus próiseáil uathoibrithe a dhéanamh, chun críoch a réamh-mheasúnaithe, ar shonraí PNR gach aerphaisinéara go Ceanada, cé go raibh sé i gceist go ndéanfaí an t-aistriú agus an phróiseáil sin “go neamhspleách ar aon eilimint oibiachtúil a d’fhágfadh go bhféadfaí a mheas gur dócha go mbeidh an paisinéir sin ina riosca don tslándáil phoiblí i gCeanada” ( 183 ). I mír 187 den Tuairim sin, dhearbhaigh an Chúirt fiú “go gcuirfeadh eisiamh catagóirí áirithe daoine, nó limistéir áirithe tionscnaimh, bac ar bhaint amach an chuspóra maidir le próiseáil uathoibríoch shonraí PNR, eadhon, daoine ar dócha go mbeidh siad ina riosca do shlándáil an phobail i measc na bpaisinéirí go léir a shainaithint, trí bhíthin na sonraí sin a fhíorú, agus chuirfí ar a gcumas an fíorú sin a sheachaint.” ( 184 ).

192.

Mar sin, ar a laghad maidir le haistriú ginearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach shonraí PNR, d’imigh an Chúirt ón gcur chuige níos déine maidir le coinneáil agus rochtain ar mheiteashonraí.

193.

Cé nach féidir a shéanadh gur chuir sí san áireamh, ina réasúnaíocht, mar is léir go háirithe ó mhíreanna 152 agus 188 de Thuairim 1/15, ar thaobh amháin, an cinneadh go n-éascaíonn próiseáil uathoibrithe shonraí PNR seiceálacha slándála, go háirithe ag teorainneacha, agus ar an taobh eile, an fhíric go bhfuil, faoi Choinbhinsiún Chicago, aerphaisinéirí ar mian leo dul isteach ar chríoch Stáit is páirtí sa Choinbhinsiún sin faoi oibleagáid dul faoi sheiceálacha agus na coinníollacha maidir le dul isteach agus amach atá forordaithe ag an Stát sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear fíorú a gcuid sonraí PNR, measaim go bhfuil cúiseanna eile le héagsúlacht cur chuige den sórt sin agus, ar an gcéad dul síos, cineál na sonraí a próiseáladh.

194.

Chuir an Chúirt béim arís agus arís eile ar an bpointe go bhféadfadh ní hamháin ábhar na cumarsáide leictreonaí, ach freisin na meiteashonraí faisnéis a nochtadh ar “líon suntasach gnéithe de shaol príobháideach na n-ábhar sonraí, lena n-áirítear faisnéis íogair, amhail gnéaschlaonadh, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha, fealsúnacha, sochaíocha nó creidimh eile, chomh maith le stádas sláinte”, go bhféadfaidh na sonraí seo, tógtha ina n-iomláine, “teacht ar chonclúidí an-sonracha maidir le saol príobháideach na ndaoine ar stóráladh a sonraí, amhail nósanna saoil laethúil, áiteanna cónaithe buana nó sealadacha, gluaiseachtaí laethúla nó eile, gníomhaíochtaí a dhéantar, caidreamh sóisialta na ndaoine sin agus an comhluadar sóisialta atá acu” agus go soláthraíonn na sonraí sin, go háirithe, modhanna chun “próifíl na n-ábhar sonraí a bhunú, faisnéis atá díreach chomh híogair céanna, ó thaobh an chirt chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, le hábhar iarbhír na cumarsáide sonraí” ( 185 ). Ba mhaith liom a chur in iúl freisin nach ndearna na rialacha a scrúdaigh an Chúirt go dtí seo, lena n-áirítear iad siúd atá i dTreoir 2006/24, foráil d'aon eisceacht agus go raibh feidhm acu freisin maidir le cumarsáidí chuig seirbhísí sóisialta nó reiligiúnacha nó gairmithe atá faoi réir oibleagáidí rúndachta gairmiúla, nó uathu. Dá bhrí sin, cé nach mbunaítear sárú ar inneachar riachtanach an chirt chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, tá sé dearbhaithe ag an gCúirt, mar sin féin, “i bhfianaise íogaireacht na faisnéise, a d’fhéadfadh sonraí tráchta agus suímh a chur ar fáil, go bhfuil rúndacht na faisnéise sin riachtanach don cheart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú.” ( 186 ).

195.

Ar an taobh eile, cé gur fíor, mar a mheabhraigh mé i míreanna 77 agus 98 den Tuairim seo, gur admhaigh an Chúirt i dTuairim 1/15 go bhféadfadh sonraí PNR, i gcás inarb iomchuí, faisnéis an-bheacht a nochtadh faoi shaol príobháideach duine ( 187 ), dhearbhaigh sí, áfach, go bhfuil nádúr na faisnéise sin teoranta do ghnéithe áirithe den saol príobháideach sin ( 188 ), rud a fhágann gur lú an cur isteach atá i rochtain ar shonraí den sórt sin ná rochtain ar ábhar na cumarsáide leictreonaí agus ar shonraí tráchta agus suímh.

196.

Ar an dara dul síos, ní hamháin go bhfuil difríocht idir cineál shonraí PNR agus sonraí tráchta agus suímh, ach tá difríocht eatarthu freisin maidir le méid agus éagsúlacht na faisnéise is féidir a nochtadh leis na catagóirí éagsúla sonraí seo, toisc go bhfuil an fhaisnéis atá i sonraí PNR níos teoranta go cainníochtúil agus go cáilíochtúil. Braitheann sé seo ní hamháin ar an bhfíric gur dócha go mbainfidh córais próiseála ginearálaithe neamh-idirdhealaithí ar shonraí cumarsáide leictreonaí le beagnach an spriocdhaonra iomlán, ach baineann córais phróiseála shonraí PNR le ciorcal daoine aonair níos lú, cé go bhfuil sé suntasach go huimhriúil, ach freisin ar mhinicíocht úsáide na modhanna cumarsáide leictreonaí agus an iliomad modhanna cumarsáide. Ina theannta sin, foráiltear le Treoir PNR do bhailiú agus do phróiseáil líon teoranta shonraí PNR arna gcinneadh go huileghabhálach, gan sonraí a thagann faoi na catagóirí a liostaítear in Airteagal 13(4) den Treoir a áireamh, ionas, mura bhfuil an chainníocht, gur dócha, ar a laghad, íogaireacht na faisnéise ar shaolta príobháideacha na n-ábhar sonraí a d’fhéadfadh teacht as a mheasúnú roimh ré ( 189 ). Ní féidir, áfach, teorannú den sórt sin ar an gcineál sonraí lena mbaineann, a d’fhágfadh go bhféadfaí cuid mhór de na sonraí a bhféadfadh faisnéis íogair a bheith iontu a eisiamh, a dhéanamh ach go páirteach i gcás sonraí tráchta agus sonraí suímh, i bhfianaise líon na n-úsáideoirí. agus na modhanna cumarsáide lena mbaineann ( 190 ).

197.

Ar an tríú dul síos, ní hamháin go mbeidh tionchar ag aon phróiseáil ar mheiteashonraí cumarsáide leictreonaí ar sféar pearsanta, nach mór, an phobail ar fad, ach cuireann sé isteach freisin ar fheidhmiú saoirsí eile trína bhfeidhmítear rannpháirtíocht gach duine i saol sóisialta agus daonlathach tíre ( 191 ), agus tá an baol ann, go háirithe, go mbeidh éifeacht athchomhairleach aige ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh d’úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí ( 192 ), atá “ar cheann de na bunúis riachtanacha atá ag sochaí dhaonlathach agus iolraíoch” agus atá ar cheann de na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe ( 193 ). Baineann an ghné seo le bearta atá dírithe ar na catagóirí sin de shonraí pearsanta agus ní bhaineann sí i bprionsabal le córais phróiseála PNR.

198.

Ar an gceathrú dul síos, go príomha mar gheall ar líon agus éagsúlacht na faisnéise íogaire is féidir a bhaint as ábhar na cumarsáide leictreonaí chomh maith le sonraí tráchta agus suímh, tá riosca i bhfad níos airde ann maidir le treallacht i bpróiseáil sonraí den sórt sin ná mar a bhaineann le córais PNR.

199.

Ar na cúiseanna go léir atá leagtha amach agam, táim den tuairim nach féidir an cur chuige níos déine atá glactha ag an gCúirt i réimse na cumarsáide leictreonaí a thrasuí mar sin go córais phróiseála shonraí PNR. Tá sé sin curtha in iúl cheana féin ag an gCúirt, ar a laghad go hintuigthe, i dTuairim 1/15, i gcomhthéacs comhaontú idirnáisiúnta lena mbunaítear córas den sórt sin chun slándáil tríú tíre a chosaint. Tá bonn cirt níos láidre fós don seasamh sin, i mo thuairim, maidir le Treoir PNR, arb é is cuspóir di slándáil inmheánach an Aontais a chosaint.

200.

É sin ráite, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a rinne an tAbhcóide Ginearálta Mengozzi i mír 216 dá Thuairim i dtaca le Tuairim 1/15 ( 194 ), gurb é is cuspóir le córais PNR, cibé acu a ghlactar go haontaobhach nó trí chomhaontú idirnáisiúnta iad, ná a áirithiú go ndéanfar oll-tarchur sonraí chun a chur ar chumas na n-údarás inniúil daoine aonair a shainaithint, trí bhíthin uirlisí próiseála uathoibrithe agus cásanna nó critéir mheasúnaithe réamhbhunaithe, nach bhfuil aitheanta ag na húdaráis forfheidhmithe dlí ach ar dealraitheach gur “ábhar spéise” iad maidir leis an tslándáil phoiblí, nó gur riosca iad ina thaobh sin agus ar dócha mar sin go gcuirfear iad faoi réir tuilleadh seiceálacha aonair níos déanaí. Mar sin, níl an ceanglas maidir le “amhras réasúnach” atá le fáil i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir le hidirghabháil spriocdhírithe i gcomhthéacs imscrúdú choiriúil ( 195 ) agus i gcásdlí na Cúirte maidir le meiteashonraí a stóráil ( 196 ) chomh hábhartha i gcomhthéacs tarchur agus próiseáil den sórt sin ( 197 ). Ní féidir an cuspóir maidir le cosc arna shaothrú ag córais den sórt sin a bhaint amach ach an oiread trína gcur i bhfeidhm a theorannú do chatagóir shonrach daoine aonair, mar a luaigh an Chúirt sna míreanna de Thuairim 1/15 dá dtagraítear i mír 191 den Tuairim seo, sa chaoi go ndealraíonn sé go n-áiritheofar le raon feidhme Threoir PNR baint amach éifeachtach an chuspóra sin ( 198 ).

201.

Ba cheart a chur in iúl freisin gur leag an Coimisiún béim go minic ar thábhacht straitéiseach phróiseáil shonraí PNR mar ionstraim riachtanach de chomhfhreagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht thromchúiseach agus mar phríomhchuid den Aontas Slándála ( 199 ). Mar chuid de “chur chuige uileghabhálach” maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, tá an ról atá ag córais phróiseála shonraí PNR aitheanta freisin ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a d’éiligh i Rún 2396 (2017) ( 200 ), ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe “a n-inniúlacht a neartú chun sonraí [PNR] a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú, faoi chuimsiú na gcaighdeán agus na gcleachtas atá molta ag ICAO, agus chun a áirithiú go gcuirfear sonraí den sórt sin ar fáil do gach údarás inniúil náisiúnta agus go n-úsáideann siad iad, agus cearta an duine á n-urramú go hiomlán agus saoirsí bunúsacha, chun cionta sceimhlitheoireachta agus taisteal sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a imscrúdú” ( 201 ). Déantar an oibleagáid sin a athdhearbhú i Rún 2482/2019 maidir le sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta ( 202 ).

202.

Sa chomhthéacs sin, maidir le córas comhchuibhithe a ghlacadh chun sonraí PNR a phróiseáil ar leibhéal an Aontais, le haghaidh eitiltí lasmuigh den Aontas agus, i gcás na Stát sin a bhain úsáid as Airteagal 2 de Threoir PNR, le haghaidh eitiltí laistigh den Aontas, áirithíonn sé go ndéantar sonraí den sórt sin a phróiseáil i gcomhréir leis an ardleibhéal cosanta do na cearta a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a leagtar amach sa Treoir sin, agus cuireann sé córas tagartha dlí ar fáil chun comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le próiseáil agus aistriú shonraí PNR a chaibidliú ( 203 ).

203.

Thairis sin, cé gur fíor go ndírítear go neamh-idirdhealaitheach leis an gcóras a bhunaítear le Treoir PNR ar gach aerphaisinéir, mar a chuir an Pharlaimint in iúl, agus an ceart aici, ina barúlacha i scríbhinn agus mar a thug Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun suntais freisin i Rún 2396 (2017), a thagraíonn don riosca sonrach go n-úsáidfí an eitlíocht shibhialta chun críoch sceimhlitheoireachta mar mhodh iompair agus mar thargaid araon ( 204 ), tá nasc oibiachtúil ann idir aeriompar agus bagairtí ar an tslándáil phoiblí amhail sceimhlitheoireacht agus, ina n-áireofar, cineálacha áirithe coireachta tromchúisí amhail, go háirithe, gáinneáil ar dhrugaí nó gáinneáil ar dhaoine, a bhfuil, ina theannta sin, gné láidir trasteorann ag baint leo.

204.

Ar deireadh, tá sé tábhachtach a chur in iúl, mar a d’áitigh an Pharlaimint, an Chomhairle agus roinnt Ballstát a chuir barúlacha i scríbhinn isteach, go gceanglaítear ar aerphaisinéirí a thagann isteach nó a fhágann an tAontas seiceálacha slándála a dhéanamh ( 205 ). Éascaíonn aistriú agus próiseáil shonraí PNR roimh theacht nó imeacht na seiceálacha sin agus tapaítear iad, mar a thug an Chúirt faoi deara freisin i dTuairim 1/15, trí ligean do na seirbhísí forfheidhmithe dlí díriú ar phaisinéirí a bhfuil faisnéis fhíorasach acu a léiríonn fíor-riosca slándála ( 206 ).

205.

Ar deireadh, maidir le síneadh chóras Threoir PNR chuig eitiltí laistigh den Aontas, go háirithe, cé nach féidir gach tionchar ar shaoirse gluaiseachta shaoránaigh an Aontais, atá cumhdaithe go háirithe in Airteagal 45 den Chairt, a chur as an áireamh a priori, níl an cur isteach ar an saol príobháideach atá i gceist le Treoir PNR, cé go bhfuil sé tromchúiseach, i mo thuairim, chomh tromchúiseach sin go mbeadh éifeacht athchomhairleach ann féin ar fheidhmiú na saoirse sin, agus d’fhéadfadh an pobal fiú breathnú ar phróiseáil shonraí PNR mar bheart riachtanach chun sábháilteacht aerthaistil a chinntiú ( 207 ). Mar sin féin, ní mór measúnú agus faireachán leanúnach a dhéanamh ar fhéidearthacht éifeachta athchomhairlí den sórt sin.

206.

Mar sin féin, d’fhonn an cásdlí dá dtagraítear i míreanna 107 agus 108 den Tuairim seo a urramú, ní féidir Treoir PNR a theorannú don riachtanas go gcomhlíonfaidh rochtain agus próiseáil uathoibrithe ar shonraí PNR gach aerphaisinéara an cuspóir atá á shaothrú, ach ní mór foráil a dhéanamh freisin, ar bhealach soiléir beacht, do na coinníollacha substainteacha agus nósanna imeachta lena rialaítear an rochtain agus an phróiseáil sin agus úsáid na sonraí sin ina dhiaidh sin ( 208 ), agus foráil a dhéanamh maidir le coimircí leordhóthanacha ag gach céim den phróiseas sin. Thagair mé cheana do na cosaintí a bhaineann le haistriú shonraí PNR chuig PIUnna agus an dara ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú á breithniú agam. Agus an séú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú á scrúdú agam, breathnóidh mé ar na coimircí a ghabhann go sonrach le próiseáil uathoibrithe na sonraí sin agus, nuair a bheidh an t-ochtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú á scrúdú agam, breathnóidh mé ar na ceisteanna a bhaineann le stóráil na sonraí sin.

207.

Sula rachaimid ar aghaidh níos faide, ba mhaith liom béim a leagan ar an tábhacht bhunúsach atá leis an maoirseacht a dhéanann an t-údarás neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir PNR mar chuid den chóras coimircí a bhunaítear leis an Treoir. I gcomhréir leis an Airteagal sin, tá aon phróiseáil ar shonraí faoin Treoir faoi réir maoirseacht ó údarás maoirseachta neamhspleách, a bhfuil an chumhacht aige, dlíthiúlacht na próiseála sin a fhíorú, fiosrúcháin, cigireachtaí agus iniúchtaí a dhéanamh agus chun gearáin a láimhseáil arna dtaisceadh ag aon duine is ábhar do na sonraí. Maidir le maoirseacht den sórt sin, arna feidhmiú ag páirtí seachtrach, atá freagrach as cosaint leasanna a d’fhéadfadh a bheith contrártha leo siúd atá á saothrú ag údair phróiseáil shonraí PNR, agus ceapadh é chun comhlíonadh na dteorainneacha agus na gcoimircí uile a bhaineann leis an bpróiseáil sin a áirithiú, is ráthaíocht fhíor-riachtanach í, atá leagtha amach go sainráite in Airteagal 8(3) den Chairt, atá níos éifeachtúla fós, ó thaobh chosaint na gceart bunúsach lena mbaineann, ná na modhanna sásaimh atá ar fáil do dhaoine aonair. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, i mo thuairimse, go ndéanfaidh an Chúirt raon feidhme na gcumhachtaí maoirseachta dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Threoir PNR a léirmhíniú go forleathan agus go n-aithneoidh na Ballstáit, agus an Treoir sin á trasuí sa dlí náisiúnta acu, raon feidhme iomlán na gcumhachtaí sin dá n-údarás maoirseachta náisiúnta trí na hacmhainní ábhartha agus daonna is gá a chur ar fáil dó chun a chúram a chur i gcrích.

208.

Ar bhonn an mhéid uile roimhe seo, measaim nach dtéann Treoir PNR thar na teorainneacha i dtaobh an mhéid atá fíor-riachtanach sa mhéid is go gceadaítear léi aistriú agus próiseáil uathoibrithe ar shonraí aon duine a fhreagraíonn don choincheap “paisinéir” de réir bhrí Airteagal 3(4) den Treoir sin.

(iv) Maidir leis an réamh-mheasúnú ar phaisinéirí a bheith sách soiléir agus beacht agus an bhfuil sé teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach (an séú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú)

209.

Lena séú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt Bhreithiúnais go bunúsach an bhfuil an measúnú roimh ré dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir PNR ag luí le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt. Cé go ndíríonn foclaíocht na ceiste sin ar chineál córasach agus ginearálaithe na próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí PNR na n-aerphaisinéirí go léir a bhfuil baint acu leis an measúnú roimh ré, is léir ó na cúiseanna atá leis an ordú tarchuir go bhfuil Cúirt Bhunreachtúil na Beilge ag iarraidh ar an gCúirt measúnú níos cuimsithí a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i gcomhthéacs na próiseála sin. Déanfaidh mé an measúnú sin thíos, agus mé ag tagairt don anailís a rinneadh sa scrúdú ar an gceathrú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú maidir leis an gcineál neamhdhírithe den phróiseáil uathoibrithe sin.

210.

Foráiltear le hAirteagal 6(2)(a) de Threoir PNR go ndéanfaidh PIUnna measúnú roimh-ré ar aerphaisinéirí sula dtiocfaidh siad isteach sa Bhallstát nó sula n-imeoidh siad ón mBallstát. Is é cuspóir an mheasúnaithe sin ná daoine a bhfuil gá le tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh orthu ó na húdaráis inniúla a shainaithint, “á chur san áireamh go bhféadfadh na daoine sin a bheith rannpháirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach”. I gcomhréir le hAirteagal 6(6) de Threoir PNR, déanfaidh PIU de Bhallstáit sonraí PNR na ndaoine a shainaithnítear le linn na meastóireachta sin nó toradh phróiseáil na sonraí sin a tharchur chuig na húdaráis inniúla, dá dtagraítear in Airteagal 7 den Treoir sin, den Bhallstát céanna, le haghaidh “tuilleadh scrúdaithe”.

211.

De réir Airteagal 6(3) de Threoir PNR, déanfar an measúnú roimh ré faoi mhír 2(a) d’Airteagal 6 trí shonraí PNR a chur i gcomparáid le bunachair sonraí “ábhartha” (Airteagal 6(3)(a)) nó trína bpróiseáil in aghaidh critéar bunaithe (Airteagal 6(3)(b)).

212.

Sula rachaidh mé i mbun an scrúdaithe ar gach ceann den dá chineál próiseála sonraí seo, tugaim faoi deara nach bhfuil sé soiléir ó fhoclaíocht Airteagal 6(3) thuasluaite an bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le measúnú roimh ré ar phaisinéirí a dhéanamh go córasach agus i ngach cás trí bhíthin anailís uathoibrithe araon nó an bhfuil, mar is cosúil go gcomhthacódh trí úsáid an bhriathair “féadfaidh” agus an cónasc dícheangailte “nó”, siad i dteideal a gcórais a dhearadh ar bhealach a fhorchoimeádtar, mar shampla, an scrúdú dá bhforáiltear i mír 3(b) den Airteagal 6 sin do chásanna sonracha. Maidir leis sin, ba mhaith liom a chur in iúl go bhforáiltear sa Togra le haghaidh Threoir PNR nach ndéanfaí an scrúdú sin ach amháin i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne na coireachta tromchúisí trasteorann ( 209 ).

213.

Dála an Choimisiúin, measaim gur léir, inter alia, ó scéimre na Treorach nach mór do na Ballstáit foráil a dhéanamh don dá chineál próiseála uathoibrithe sin, ar chúiseanna a bhaineann freisin leis an ngá atá le cur i bhfeidhm chomh haonfhoirmeach agus is féidir de chóras próiseála shonraí PNR an Aontais a áirithiú. Ní chiallaíonn sé sin, áfach, nach bhfuil na Ballstáit údaraithe — ná nach go bhfuil oibleagáid orthu fiú, chun a áirithiú go bhfuil próiseáil na sonraí a bhaineann leis an measúnú a dhéantar roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 6(2)(a) de Threoir PNR teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach — chun teorainn a chur leis an anailís faoi Airteagal 6(3)(b) de Threoir PNR ar bhonn na dtorthaí a bheidh uirthi i dtéarmaí éifeachtacht gach ceann de na cionta dá dtagraítear sa Treoir sin agus, i gcás inarb iomchuí, í a fhorchoimeád do chuid de na cionta sin amháin. Sa chiall sin, luaitear in aithris 7 de Threoir PNR “chun a chinntiú go mbeidh próiseáil shonraí PNR fós teoranta don mhéid atá riachtanach, ba cheart cruthú agus cur i bhfeidhm critéar measúnaithe a theorannú do chionta sceimhlitheoireachta agus don choireacht thromchúiseach i gcás ina bhfuil úsáid na gcritéar sin ábhartha”.

– Maidir leis an gcomparáid le bunachair sonraí de réir bhrí Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR

214.

Is éard atá i gceist leis an gcéad chuid den réamh-mheasúnú a dhéanann PIUnna faoi Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR, i gcomhréir le hAirteagal 6(3)(a) de Threoir PNR, ná sonraí PNR a chur i gcomparáid (“data matching”) le bunachair sonraí chun meaitseanna dearfacha féideartha a chuardach (“hits”). Tá sé beartaithe go ndéanfaidh PIUnna na hits sin a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 6(5) de Threoir PNR agus, i gcás ina bhfuil gá leis, iad a aistriú ina “match” sula gcuirfear in iúl do na húdaráis inniúla iad.

215.

Mar a d’aithin an Chúirt i mír 172 de Thuairim 1/15, braitheann a mhéid a chuireann na cineálacha anailísí uathoibrithe seo isteach ar na cearta atá cumhdaithe in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, go bunúsach, ar na bunachair sonraí ar a bhfuil siad bunaithe. Tá sé sár-riachtanach, dá bhrí sin, go sainaithneofar, leis na forálacha lena bhforáiltear do phróiseáil sonraí den sórt sin, ar bhealach sách soiléir agus beacht na bunachair sonraí lena gceadaítear cros-seiceáil a dhéanamh leis na sonraí a bheidh le próiseáil.

216.

De réir Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR, déanfaidh PIUnna sonraí PNR a chros-seiceáil le “bunachair sonraí ábhartha” ( 210 ) chun críocha na Treorach sin. Déantar tagairt san fhoráil sin freisin do chatagóir shonrach bunachar sonraí, eadhon, na cinn sin a bhaineann le “daoine nó ábhair atá á lorg nó atá faoi réir foláireamh” [Aistriúchán neamhoifigiúil], a raibh sé mar aidhm ag reachtóir an Aontais, dá bhrí sin, a aicmiú go sainráite mar bhunachair sonraí “ábhartha” de réir bhrí na forála sin.

217.

Seachas sin, ní dhéantar an coincheap “bunachair sonraí ábhartha” a shoiléiriú a thuilleadh. Go háirithe, ní shonraítear an gcaithfear, chun go measfar go bhfuil siad “ábhartha”, na bunachair sonraí a úsáidtear chun sonraí PNR a chros-seiceáil a bheith á mbainistiú ag údaráis forfheidhmithe dlí nó, ar bhonn níos ginearálta, ag aon údarás poiblí, nó nach gcaithfear ach go bhfuil siad inrochtana dóibh go díreach nó go hindíreach. Ní shonraítear cineál na sonraí is dócha a bheidh sna bunachair sonraí sin ná an gaol atá acu leis na cuspóirí a shaothraítear i dTreoir PNR ach an oiread ( 211 ). Tá sé soiléir freisin ó fhoclaíocht Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR go bhféadfadh bunachair sonraí náisiúnta, an Aontais chomh maith le cinn idirnáisiúnta araon a bheith aicmithe mar “bhunachair sonraí ábhartha”, rud a leathnaíonn tuilleadh liosta na mbunachair sonraí a d’fhéadfadh a bheith clúdaithe agus a mhéadaíonn oscailteacht an choincheapa seo ( 212 ).

218.

Sna himthosca sin, de bhun an phrionsabail ghinearálta léirmhínithe a mheabhraítear i mír 151 den Tuairim seo, is faoin gCúirt atá sé Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR agus, go háirithe, an coincheap “bunachair sonraí ábhartha” a léirmhíniú. a mhéid is féidir i gcomhréir leis na ceanglais maidir le soiléireacht agus cruinneas a cheanglaítear leis an gCairt. Thairis sin, ós rud é go bhforáiltear leis an bhforáil sin do chur isteach ar na cearta bunúsacha a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ní mór í a léirmhíniú go sriantach agus an ceanglas chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do na cearta bunúsacha sin á chur san áireamh, mar a luaitear, inter alia, in aithris 15 den Treoir maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí. Ina theannta sin, ní mór í a léirmhíniú i bhfianaise an phrionsabail maidir le teorannú ar na críocha ar féidir sonraí PNR a phróiseáil, a leagtar amach in Airteagal 1(2) de Threoir PNR.

219.

I bhfianaise na gcritéar seo, i mo thuairim féin, ba cheart an coincheap “bunachair sonraí ábhartha” a léirmhíniú sa tslí nach gcumhdaítear leis ach bunachair sonraí náisiúnta arna mbainistiú ag na húdaráis inniúla faoi Airteagal 7(1) de Threoir PNR, chomh maith le bunachair sonraí de chuid an Aontais agus bunachair sonraí idirnáisiúnta a úsáideann na húdaráis sin go díreach mar chuid dá gcúraimí. Ní mór baint dhíreach dhlúth a bheith ag na bunachair sonraí sin freisin leis na cuspóirí i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach arna saothrú le Treoir PNR a chomhrac, rud a thugann le tuiscint gur chun na gcríoch sin a forbraíodh iad. Arna léirmhíniú ar an mbealach sin, tagraíonn an coincheap sin go bunúsach, mura go heisiach, do na bunachair sonraí a bhaineann le daoine nó le rudaí a bhfuiltear ar a dtóir nó ar eisíodh foláireamh ina leith, a luaitear go sainráite in Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR.

220.

Déantar bunachair sonraí a bhainistíonn nó a oibríonn seirbhísí faisnéise na mBallstát a eisiamh go ginearálta ón gcoincheap “bunachair sonraí ábhartha”, ach amháin má chomhlíonann siad an coinníoll maidir le dlúthbhaint leis na cuspóirí a shaothraítear le Treoir PNR, agus go dtugann an Ballstát i dtrácht cumhachtaí sonracha dá sheirbhísí faisnéise i réimse fhorfheidhmiú an dlí ( 213 ).

221.

Tá an léirmhíniú atá molta thuas i gcomhréir le moltaí na Cúirte i mír 172 de Thuairim 1/15.

222.

Mar sin féin, fiú má léirmhínítear amhlaidh é, ní cheadaíonn Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR sainaithint sách beacht a dhéanamh ar na bunachair sonraí a úsáidfidh na Ballstáit i gcomhthéacs cros-seiceáil le sonraí PNR agus ní féidir a mheas go gcomhlíonann sé na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 52(1) den Chairt, mar a léirmhíníonn an Chúirt iad. Ní mór, dá bhrí sin, an fhoráil seo a léamh mar oibleagáid ar na Ballstáit, mar chuid de thrasuí Threoir PNR sa dlí náisiúnta, liosta de na bunachair sonraí den sórt sin a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta. Bheadh sé inmhianaithe freisin liosta de bhunachair sonraí “ábhartha’, de réir bhrí Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR, arna mbainistiú ag an Aontas Eorpach i gcomhar leis na Ballstáit agus bunachair sonraí idirnáisiúnta a tharraingt suas ar leibhéal an Aontais, chun cleachtas na mBallstát a dhéanamh aonfhoirmeach i ndáil leis sin.

– Próiseáil shonraí PNR i bhfianaise critéir réamhbhunaithe

223.

Is éard atá sa dara cuid den réamh-mheasúnú faoi Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR ná anailís uathoibrithe i bhfianaise critéar réamhbhunaithe. Mar chuid den anailís sin, déantar sonraí PNR a phróiseáil, go bunúsach chun críoch tuarthach, trí algartaim a chur i bhfeidhm lena mbeartaítear paisinéirí a d’fhéadfadh a bheith bainteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach a “aithint”. Sa chomhthéacs sin, tá gníomhaíocht próifílithe á déanamh ag PIU go bunúsach ( 214 ). Ós rud é gur dócha go bhféadfadh iarmhairtí suntasacha a bheith aici ar na daoine aonair a shainaithnítear leis an algartam ( 215 ), éilíonn próiseáil den sórt sin creat beacht maidir leis an mbealach ina gcuirtear í i gcrích agus na coimircí a chaithfidh a bheith ag baint léi. Go deimhin, mar a thug an Chúirt dá haire i mír 172 de Thuairim 1/15, braitheann a mhéid a chuireann na cineálacha anailíse seo isteach ar na cearta atá cumhdaithe in Airteagail 7 agus 8 den Chairt go bunúsach ar na samhlacha agus na critéir réamhbhunaithe a chuirtear i bhfeidhm.

224.

I ndáil leis sin, tugaim faoi deara, ar an gcéad dul síos, go luaitear sa dara habairt d’Airteagal 6(4) de Threoir PNR nach mór na critéir réamhbhunaithe chun an réamh-mheasúnú dá bhforáiltear in Airteagal 6(3)(b) den Treoir sin a dhéanamh a bheith “spriocdhírithe, comhréireach agus sonrach” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Baineann an chéad cheann de na ceanglais sin le cuspóir an réamh-mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 6(2)(a), eadhon, daoine a shainaithint ar gá do na húdaráis inniúla tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ina leith, agus a chomhlíonann an gá dá réir sin, arna chur i dtreis ag an gCúirt i dTuairim 1/15, go n-éiríonn leis na critéir a úsáidtear “spriocdhíriú” a dhéanamh ar na daoine aonair a bhféadfadh “amhras réasúnach” a bheith ann ina leith go bhfuil siad bainteach le cionta sceimhlitheoireachta nó i gcoiriúlacht thromchúiseach ( 216 ). Is éard atá i gceist le “spriocdhíriú” den sórt sin ná critéir measúnaithe theibí a chur i bhfeidhm nó, mar a luaitear i Moladh 2021 maidir le próifíliú a úsáid, “próifílí” ( 217 ) chun sonraí PNR a “scagadh” d’fhonn paisinéirí a fhreagraíonn dóibh a shainaithint agus a d'fhéadfadh go mbeadh gá, dá bhrí sin, iad a chur faoi réir tuilleadh scrúdaithe. Ar an taobh eile, le Treoir PNR, ní cheadaítear próifíliú aonair a dhéanamh ar na haerphaisinéirí go léir a ndéantar anailís ar a gcuid sonraí, mar shampla trí chatagóir riosca a cheangal le gach ceann acu ar scála réamhshainithe, gan neamhaird a dhéanamh ar Airteagal 6(4) den Treoir sin agus ar na teorainneacha arna bhforchur ag an gCúirt ar uathphróiseáil shonraí PNR i dTuairim 1/15.

225.

I gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 6(4), ní mór, thairis sin, gur critéir “shonracha” ( 218 ), a bheidh sna critéir réamhbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(3)(b) de Threoir PNR, is é sin le rá, atá iomchuí agus ábhartha don chuspóir atá á shaothrú, agus “comhréireach” ( 219 ), is é sin le rá, nach ndéanann siad teorainneacha na críche sin a shárú. D’fhonn na ceanglais sin a chomhlíonadh, agus go háirithe “chun a áirithiú go leanfaidh próiseáil shonraí PNR de bheith teoranta don mhéid is gá”, luaitear in aithris 7 de Threoir PNR, mar a chuir mé in iúl cheana féin, “gur cheart bunú agus cur i bhfeidhm critéar measúnaithe a theorannú do chionta sceimhlitheoireachta agus do choireacht thromchúiseach a bhfuil úsáid na gcritéar sin ábhartha maidir leo” [Aistriúchán neamhoifigiúil].

226.

Ar deireadh, is léir ó bhrollach agus ó fhorálacha Threoir PNR agus ó na ceanglais atá leagtha amach ag an gCúirt i dTuairim 1/15 nach mór na critéir réamhbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(3)(b) de Threoir PNR a bheith “iontaofa” ( 220 ) freisin, rud a chiallaíonn, ar thaobh amháin, nach mór iad a dhearadh ar bhealach a laghdóidh an riosca maidir le hearráidí ( 221 ) agus, ar an taobh eile, go gcaithfidh siad a bheith “reatha” ( 222 ). Chuige sin, ceanglaítear ar na Ballstáit leis an tríú habairt d’Airteagal 6(4) de Threoir PNR, a áirithiú go ndéanfaidh PIUnna na critéir seo a “bhunú agus a athbhreithniú go tráthrialta i gcomhar leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7” [Aistriúchán neamhoifigiúil] ( 223 ). Chun iontaofacht na gcritéar sin a áirithiú agus chun torthaí dearfacha bréagacha a theorannú a oiread agus is féidir, tá sé riachtanach fós, mar a d’aithin an Coimisiún ina fhreagra ar cheist scríofa a chuir an Chúirt, go ndearfar iad chun gnéithe inchoiritheacha agus eisíonacha araon a chur san áireamh.

227.

Ar an dara dul síos, toirmeasctar go sainráite i dTreoir PNR aon phróifíliú idirdhealaitheach. Ina leith sin, foráiltear sa chéad abairt d’Airteagal 6(4) de Threoir PNR go ndéanfar an réamh-mheasúnú i bhfianaise critéir réamhbhunaithe faoi mhír 3(b) den Airteagal sin “ar bhealach neamh-idirdhealaitheach” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé go sonraítear sa tríú habairt d’Airteagal 6(4) “nach mbunófar na critéir sin i gcás ar bith ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, stádas sláinte, saol gnéis nó gnéaschlaonadh” [Aistriúchán neamhoifigiúil], ní mór a thuiscint go gclúdaíonn an toirmeasc ginearálta ar phróifíliú idirdhealaitheach na forais idirdhealaithe go léir a luaitear in Airteagal 21 den Chairt, fiú na forais sin nach bhfuil luaite go sainráite ( 224 ).

228.

Sa tríú háit, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 6(3)(b) de Threoir PNR agus ón gcóras coimircí a bhaineann le próiseáil uathoibrithe shonraí PNR dá bhforáiltear le Treoir PNR, nach mór d’oibriú na n-algartam a úsáidtear i gcomhthéacs na hanailíse dá bhforáiltear san fhoráil sin a bheith trédhearcach agus do thoradh a gcur i bhfeidhm a bheith inrianaithe. Ní chiallaíonn an ceanglas trédhearcachta seo, ar ndóigh, nach mór na “próifílí” a úsáidtear a chur ar fáil go poiblí. éilítear leis, áfach, go n-áiritheofar inaitheantas na cinnteoireachta algartamaí. Ar thaobh amháin, leis an gceanglas nach mór na critéir ar a bhfuil an anailís sin le déanamh a bheith “réamhbhunaithe”, eisiatar an fhéidearthacht go bhféadfaí iad a mhodhnú gan idirghabháil dhaonna agus, mar sin, cuirtear cosc ar úsáid teicneolaíochtaí intleachta saorga ar a dtugtar “machine learning” ( 225 ), cé go bhféadfadh leibhéal níos airde beachtais a bheith acu, is deacair iad a léirmhíniú, fiú do na hoibreoirí a rinne an phróiseáil uathoibrithe ( 226 ). Ar an taobh eile, maidir leis an ráthaíocht in Airteagal 6(5) agus (6) de Threoir PNR go ndéanfar aon mheaitseáil dhearfach atá faighte as próiseáil uathoibrithe shonraí PNR faoi Airteagal 6(2)(a) a athbhreithniú leis féin trí mhodhanna neamh-uathoibríocha, chun go mbeidh sé éifeachtach, éilítear — maidir leis an anailís dá dtagraítear in Airteagal 6(3)(b) de Threoir PNR — gur féidir a thuiscint cén fáth a bhfuil an ríomhchlár tar éis a leithéid de mheaitseáil a dhéanamh, rud nach féidir a chinntiú go háirithe nuair a úsáidtear córais féinfhoghlama. Baineann an méid sin leis an athbhreithniú ar dhlíthiúlacht na hanailíse sin, lena n-áirítear cineál neamh-idirdhealaitheach na dtorthaí a fhaightear, a chuirtear de chúram ar an Oifigeach Cosanta Sonraí agus ar an údarás maoirseachta náisiúnta, faoi Airteagal 6(7) de Threoir PNR agus faoi Airteagal 15(3)(b) den Treoir sin freisin. Is coinníoll riachtanach freisin í trédhearcacht fheidhmiú na n-algartam a úsáidtear chun ligean do na hábhair sonraí a gcearta gearáin a fheidhmiú mar aon lena gceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil.

– Maidir leis na coimircí a bhaineann le próiseáil uathoibrithe shonraí PNR

229.

Bhí ócáid agam cheana féin roinnt de na coimircí a ghabhann le próiseáil uathoibrithe shonraí PNR a lua i gcomhthéacs an réamh-mheasúnaithe faoi Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR, agus a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach ag an gCúirt i dTuairim 1/15, eadhon, an toirmeasc ar phróiseáil ar bhonn critéir réamhbhunaithe idirdhealaitheacha (an chéad abairt agus an ceathrú habairt d’Airteagal 6(4) de Threoir PNR; Tuairim 1/15, pointe 172), na critéir réamhbhunaithe sin ar ar a mbonn a dhéanfar an réamh-mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 6(3)(b) de Threoir PNR a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta (an tríú habairt d’Airteagal 6(4) de Threoir PNR; Tuairim 1/15, mír 174), athbhreithniú trí mhodhanna neamhuathoibrithe ar aon mheaitseáil dhearfach a fhaightear mar thoradh ar phróiseáil uathoibrithe shonraí PNR (Airteagal 6(5) agus 6(6) de Threoir PNR; Tuairim 1/15, mír 173) agus maoirseacht ar dhlíthiúlacht na próiseála sin arna déanamh ag an Oifigeach Cosanta Sonraí agus ag an údarás maoirseachta náisiúnta (Airteagal 6(7) agus Airteagal 15(3)(b) de Threoir PNR). Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach go bhféadfaidh an mhaoirseacht a dhéanann údarás neamhspleách, amhail an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir PNR, aon ghné is gné dhílis de phróiseáil uathoibrithe shonraí PNR a chumhdach, lena n-áirítear sainaithint na mbunachar sonraí a úsáidtear chun críoch na comparáide de réir bhrí Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR agus bunú na gcritéar réamhbhunaithe a chuirtear i bhfeidhm chun críoch na hanailíse faoi Airteagal 6(3)(b) de Threoir PNR agus, ar an dara dul síos, go bhféadfar í a fheidhmiú ex ante agus ex post araon.

230.

Tá sé tábhachtach a chur i bhfios nach mór a mheas go bhfuil na coimircí thuasluaite infheidhme ar bhonn trasnaíoch maidir leis an dá chineál anailíse dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Threoir PNR, d’ainneoin na dtéarmaí ina bhfuil siad leagtha amach. Ina leith sin, cé go dtagraítear sa chéad abairt d’Airteagal 6(4) de Threoir PNR don cheanglas maidir le comhlíonadh phrionsabal an neamh-idirdhealaithe i ndáil leis an réamh-mheasúnú a rinneadh i bhfianaise na gcritéar réamhbhunaithe amháin, beidh feidhm ag an gceanglas sin ag gach céim de phróiseáil shonraí PNR agus mar sin freisin nuair a dhéantar iad a chur i gcomparáid leis na bunachair sonraí ábhartha i gcomhthéacs an réamh-mheasúnaithe faoi Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR. Baineann an méid sin leis an gceanglas go gcaithfidh na critéir réamhbhunaithe a úsáidtear san anailís dá dtagraítear in Airteagal 6(3)(b) de Threoir PNR a bheith iontaofa agus cothrom le dáta, agus ní mór a thuiscint mar thagairtí freisin do na sonraí atá sna bunachair sonraí a úsáidtear chun críoch na comparáide dá bhforáiltear in Airteagal 6(3)(a) den Treoir sin. I ndáil leis sin, tugaim faoi deara, ar bhealach níos ginearálta, go bhfuil na coimircí uile is infheidhme maidir le próiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta dá bhforáiltear i dTreoir na bPóilíní infheidhme freisin i gcomhthéacs Threoir PNR í, mar gheall air sin, ní mór a mheas go dtagann anailísí uathoibrithe a dhéantar i gcomhthéacs Threoir PNR faoi raon feidhme Threoir na bPóilíní.

231.

I dteannta leis na coimircí a liostaítear i mír 229 thuas, forlíontar le hAirteagal 7(6) de Threoir PNR, ar an gcéad dul síos, an toirmeasc ar aon phróiseas cinnteoireachta a bhunú go heisiach ar thorthaí phróiseáil uathoibrithe shonraí PNR, agus ar an dara dul síos, an toirmeasc ar idirdhealú i bpróiseáil agus úsáid sonraí den sórt sin. Dá bhrí sin, foráiltear leis an bhforáil sin “nach bhféadfaidh na húdaráis inniúla aon chinneadh a dhéanamh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aige a dhéanfadh dochar do dhuine nó a dhéanann difear suntasach do dhuine ar bhonn phróiseáil uathoibrithe shonraí PNR amháin” agus nach féidir cinntí den sórt sin “a bhunú ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, stádas sláinte, saol gnéis nó gnéaschlaonadh” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Mar a luaigh mé i mír 227 den Tuairim seo maidir leis an gceathrú habairt d’Airteagal 6(4) de Threoir PNR, ba cheart an liosta sin de fhorais idirdhealaithe a chomhlánú trí na cinn sin nach bhfuil luaite go sainráite in Airteagal 21 den Chairt a chur leis.

232.

Maidir le slándáil shonraí PNR, foráiltear le hAirteagal 6(8) de Threoir PNR gurb iad PIUnna amháin a dhéanfaidh stóráil, próiseáil agus anailísiú shonraí PNR ag suíomh nó ag suíomhanna sábháilte laistigh de chríoch na mBallstát.

– Conclúid maidir leis an séú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

233.

I bhfianaise an mhéid uile roimhe seo agus faoi réir na léirmhínithe a mholtar go háirithe i míreanna 213, 219, 200, 222, 227, 228, 230 agus 231 den Tuairim seo, táim den tuairim go gcomhlíonann próiseáil uathoibrithe shonraí PNR i gcomhthéacs an réamh-mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas agus go bhfuil sí teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach.

(v) Maidir le stóráil shonraí PNR (an t-ochtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú)

234.

Lena hochtú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt Bhreithiúnais an gcaithfear Airteagal 12 de Threoir PNR, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt, le léirmhíniú ar shlí a chuireann cosc ar reachtaíocht náisiúnta, lena bhforáiltear do thréimhse ghinearálta stórála shonraí PNR cúig bliana, gan idirdhealú a dhéanamh, le linn an réamh-mheasúnaithe, i dtaobh an dócha nó nach dócha go mbeidh an duine sin ina riosca do shlándáil an phobail?

235.

I gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Threoir PNR, deanfar sonraí PNR a stóráil i mbunachar sonraí “ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis a n-aistrithe chuig PIU an Bhallstáit ar ina chríoch a bhfuil áit teachta nó imeachta na heitilte” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. I gcomhréir le hAirteagal 12(2), tar éis “tréimhse tosaigh stórála” ( 227 ) sé mhí, déanfar sonraí PNR a dhíphearsantú trí shonraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid chun an t-ábhar sonraí a shainaithint go díreach a mhascadh. De réir Airteagal 2(3), tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí sin, ní cheadófar nochtadh na sonraí iomlána PNR, lena n-áirítear na heilimintí masctha, ach amháin i gcás ina bhfuil “forais réasúnacha” ann chun a chreidiúint gur gá sin chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(b) de Threoir PNR agus i gcás ina mbeidh sé formheasta ag údarás breithiúnach nó ag údarás náisiúnta eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha maidir le nochtadh comhlíonta. Ar deireadh, foráiltear in Airteagal 2(4), ag deireadh na tréimhse cúig bliana dá dtagraítear i mír 1, go scriosfar go buan sonraí PNR.

236.

Leanann sé ón méid uile roimhe seo go mbunaítear le Treoir PNR féin an córas chun sonraí PNR a stóráil, lena n-áirítear an tréimhse stórála, trína shocrú ag cúig bliana ( 228 ), agus é mar thoradh air sin nach bhfuil aon rogha ag na Ballstáit i bprionsabal ina leith sin, rud a dheimhnigh an Coimisiún thairis sin. Sna himthosca seo, mar a thug mé faoi deara cheana féin, iarrtar leis an ochtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, cé go bhfuil sí curtha mar cheist léirmhínithe, ar an gCúirt rialú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais sin leis an gCairt.

237.

Is prionsabal ginearálta um chosaint sonraí pearsanta é nár cheart sonraí pearsanta a stóráil i bhfoirm lena bhféadfar na hábhair sonraí a shainaithint go díreach nó go hindíreach ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch dá bpróiseáiltear iad ( 229 ). Ina theannta sin, is cásdlí socair é go gcaithfidh reachtaíocht lena ndéantar foráil maidir le sonraí pearsanta a stóráil critéir oibiachtúla a chomhlíonadh i gcónaí, lena mbunaítear gaol idir na sonraí pearsanta atá le coinneáil agus an cuspóir atá le saothrú ( 230 ).

238.

I dTuairim 1/15, mheas an Chúirt, maidir le sonraí a bailíodh ar theacht isteach i gCeanada, go raibh an nasc riachtanach idir sonraí PNR agus an cuspóir a shaothraítear le dréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE bunaithe do gach aerphaisinéir fad is a bhí siad ar chríoch an tríú tír sin ( 231 ). Os a choinne sin, maidir leis na haerphaisinéirí a d’fhág Ceanada agus nár aithníodh riosca sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta ina leith ar theacht dóibh chuig an tríú tír sin agus go dtí an bpointe gur imigh siad uaithi, mheas an Chúirt nár chosúil go raibh fiú nasc indíreach ann lena dtabharfaí údar le stóráil a gcuid sonraí PNR ( 232 ). Mar sin féin, chinn an Chúirt go bhféadfadh coinneáil den sórt sin a bheith ceadaithe “a mhéid, áfach, i gcásanna áirithe, go sainaithnítear gnéithe oibiachtúla a fhágann gur féidir a mheas go bhféadfadh aerphaisinéirí áirithe, fiú tar éis dóibh imeacht as Ceanada, a bheith ina mbaol ó thaobh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí trasnáisiúnta a chomhrac” ( 233 ).

239.

Agus iad trasuite i gcomhthéacs Threoir PNR, ciallaíonn na prionsabail a leag an Chúirt síos i dTuairim 1/15 go bhféadfar sonraí PNR eitiltí lasmuigh den Aontas a bailíodh ar theacht isteach san Aontas agus sonraí PNR eitiltí laistigh den Aontas a bailíodh ar theacht isteach sa Bhallstát lena mbaineann a choimeád, tar éis dóibh réamh-anailís a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR, fad a fhanfaidh na paisinéirí lena mbaineann i gcríoch an Aontais Eorpaigh nó i gcríoch an Bhallstáit sin, agus an tréimhse sin amháin. Maidir le sonraí PNR eitiltí lasmuigh den Aontas a bhailítear ar imeacht as an Aontas agus sonraí PNR eitiltí laistigh den Aontas a bhailítear nuair a imíonn siad ón mBallstát lena mbaineann, ní fhéadfaí na sonraí sin a stóráil, i bprionsabal, tar éis an réamh-mheasúnaithe thuasluaite, i gcás paisinéirí a léiríonn gnéithe oibiachtúla go bhfuil riosca ag baint leo maidir le sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach a chomhrac ( 234 ).

240.

Go ginearálta, tá na rialtais agus na hinstitiúidí a chuir barúlacha faoi bhráid na Cúirte i gcoinne thrasuí na bprionsabal a leagtar amach i dTuairim 1/15 maidir le sonraí PNR a stóráil chuig an gcás seo. I ndáil leis sin, ní féidir a chur as an áireamh, áfach, go raibh tionchar ag an bhfíoras go ndeachaigh an Chúirt ar iontaoibh critéar a bhaineann le fanacht an ábhair sonraí ar chríoch Cheanada toisc go raibh stóráil sonraí pearsanta ar chríoch tríú tír le breithniú aici. D‘fhéadfadh sé freisin, dá gcuirfí critéar den sórt sin i bhfeidhm i gcomhthéacs Threoir PNR, go gcuirfí isteach ar na cearta maidir le hurraim don saol príobháideach agus le cosaint sonraí pearsanta ar chaoi a d’fhéadfadh a bheith níos tromchúisí i gcás catagóirí áirithe daoine, go háirithe iad siúd a bhfuil buanchónaí orthu san Aontas Eorpach agus a bhogann laistigh den Aontas nó a fhilleann tar éis dóibh fanacht thar lear. Ar deireadh, is fíor go bhféadfadh sé go mbeadh sé deacair critéir a chur chun feidhme go praiticiúil, i gcás eitiltí laistigh den Aontas ar a laghad, mar a chuir roinnt Ballstát agus an Chomhairle in iúl.

241.

Fiú más mian leis an gCúirt neamhaird a dhéanamh ar an gcritéar a d’úsáid an Chúirt i dTuairim 1/15, bheadh stóráil shonraí PNR na n-aerphaisinéirí uile, beag beann ar thoradh an réamh-mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR agus gan aon idirdhealú a dhéanamh ar bhonn riosca sceimhlitheoireachta nó coireachta tromchúisí ar bhonn critéar oibiachtúil, infhíoraithe, contrártha do chásdlí socair na Cúirte dá dtagraítear i mír 237 den Tuairim seo, ina raibh sé beartaithe ag an gCúirt éifeacht a thabhairt dó sa Tuairim sin. Maidir leis an méid a leagtar amach i míreanna 201 go 203 den Tuairim seo, i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an gceathrú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, cé go bhfágann siad, i mo thuairimse, gur féidir bonn cirt a thabhairt le haistriú ginearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach de shonraí PNR, agus lena bpróiseáil uathoibríoch i gcomhthéacs an réamh-mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR, níl údar maith, i mo thuairimse, le coinneáil ghinearálaithe neamh-idirdhealaitheach na sonraí sin, fiú tar éis measúnú den sórt sin a dhéanamh.

242.

Ina theannta sin, ba mhaith liom a chur in iúl go gcuirtear an tréimhse stórála chéanna de chúig bliana i bhfeidhm maidir leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus i gcoinne na coireachta tromchúisí araon agus, i gcomhthéacs chuspóir na coireachta tromchúisí, maidir leis na cionta uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn II gan eisceacht. Mar is léir ón méid atá leagtha amach i mír 121 den Tuairim seo, tá an liosta sin thar a bheith leathan agus clúdaíonn sé cionta de chineálacha éagsúla agus de leibhéil tromchúise éagsúla. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach luaitear go sonrach an bonn cirt atá curtha ar aghaidh ag beagnach gach Ballstát agus na hinstitiúidí a chuir barúlacha isteach sna himeachtaí seo, a bhaineann le ré agus castacht na n-imscrúduithe, ach amháin i gcás cionta sceimhlitheoireachta agus cionta áirithe de chineál fíor-thrasnáisiúnta, amhail gáinneáil ar dhaoine nó ar dhrugaí, agus, ar bhonn níos ginearálta, maidir le cineálacha áirithe coireachta eagraithe. Is mian liom a thabhairt chun cuimhne, ina theannta sin, nár ghlac an Chúirt le bonn cirt chomhchosúil i dTuairim 1/15 ach amháin maidir le sonraí PNR a stóráil faoi aerphaisinéirí a bhfuil riosca oibiachtúil ag baint leo maidir leis an sceimhlitheoireacht nó an coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta a chomhrac, ar measadh nár sháraigh coinneáil sonraí cúig bliana na teorainneacha i dtaobh an mhéid atá fíor-riachtanach ( 235 ). Os a choinne sin, measadh nach bhféadfaí a cheadú leis an mbonn cirt sin “stóráil leanúnach shonraí PNR na n-aerphaisinéirí go léir [...] chun críoch rochtana féideartha ar shonraí den sórt sin, beag beann ar aon nasc leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí trasnáisiúnta” ( 236 ).

243.

Is fíor, mar a áitíonn an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún, agus na Ballstáit uile a bhfuil barúlacha curtha isteach acu maidir leis an ochtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, go bhforáiltear i dTreoir PNR do choimircí sonracha maidir le sonraí PNR a stóráil, a bhíonn masctha go páirteach tar éis tréimhse tosaigh sé mhí, agus maidir le húsáid sonraí den sórt sin le linn na tréimhse coinneála, atá faoi réir coinníollacha dochta. Ar an gcéad dul síos, áfach, tugaim faoi deara go ndearnaadh foráil i ndréacht-chomhaontú PNR Ceanada-AE freisin do chóras chun sonraí PNR a dhíphearsantú trí mhascadh ( 237 ) a dhéanamh agus, ar an dara dul síos, cé gur féidir trí dhíphearsantú den sórt sin, mar a leag Coiste Comhairleach Choinbhinsiún 108 ( 238 ) béim air go háirithe, na rioscaí atá ann de bharr tréimhse fhada stórála sonraí a mhaolú, amhail rochtain mhí-úsáideach, ligeann sonraí masctha mar sin féin aitheantas ábhar sonraí a nochtadh agus mar sin, is sonraí pearsanta iad fós, agus ní mór teorainn ama a chur lena gcoimeád freisin chun faireachán leanúnach ginearálaithe a chosc. I ndáil leis sin, tugaim faoi deara go gciallaíonn tréimhse stórála cúig bliana gur féidir go mbeidh líon mór paisinéirí, go háirithe iad siúd a thaistealaíonn laistigh den Aontas, a bheith ar taifead beagnach go buan. I ndáil leis sin, maidir le srianta ar úsáid sonraí, tugaim faoi deara go gcuireann stóráil sonraí pearsanta agus rochtain ar na sonraí sin isteach go sonrach ar na cearta bunúsacha maidir le hurramú an tsaoil phríobháidigh agus ar chosaint sonraí pearsanta, ar gá bonn cirt a thabhairt dóibh ina gcáil féin. Cé go bhfuil coimircí dochta ann maidir le rochtain ar shonraí stóráilte, rud a fhágann gur féidir tionchar birt faireachais ar na cearta bunúsacha sin a mheasúnú ar bhonn domhanda, is é fírinne an scéil fós nach bhféadfar cur isteach a bhaineann le stóráil fhadtréimhseach ghinearálaithe a dhíothú.

244.

Maidir le hargóint an Choimisiúin gur gá sonraí PNR na n-aerphaisinéirí go léir a stóráil chun go mbeidh PIUnna in ann an cúram, dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(c) de Threoir PNR, a chomhlíonadh, maidir le critéir nua a bheidh le húsáid do na measúnuithe arna ndéanamh faoi mhír 3(b) den Airteagal sin a thabhairt cothrom le dáta nó a shainiú, tugaim faoi deara, cé go bhféadfadh cruinneas na gcritéar sin a bheith ag brath go páirteach ar a gcur i gcomparáid le “gnáth” iompar, mar a dhearbhaíonn an Coimisiún, is é fírinne an scéil go fóill nach mór iad a fhorbairt ar bhonn iompar “coiriúil”. Ní féidir le hargóint den sórt sin, nach bhfuil ach líon teoranta Ballstát á cur chun cinn, i mo thuairim, a bheith den tábhacht chinntitheach is cosúil go dtugann an Coimisiún dó agus ní féidir leis, ann féin, údar a thabhairt do stóráil ghinearálaithe shonraí PNR gach aerphaisinéara i bhfoirm nach bhfuil anaithnid.

245.

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, d‘fhonn a áirithiú go ndéanfar Airteagal 12(1) de Threoir PNR a léirmhíniú ar bhealach atá comhsheasmhach le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt, ní mór an fhoráil sin a léirmhíniú, i mo thuairimse, sa chiall nach gceadaítear sonraí PNR arna soláthar ag aeriompróirí do PIU a stóráil i mbunachar sonraí ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis a n-aistrithe chuig PIU an Bhallstáit ar ina chríoch a bhfuil pointe teachta nó pointe imeachta na heitilte suite, tar éis don réamh-mheasúnú faoi Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR a bheith déanta, ach amháin má léirítear, ar bhonn critéar oibiachtúil, go bhfuil nasc idir sonraí den sórt sin agus an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta nó na coireachta tromchúisí. Ní féidir údar a thabhairt le stóráil ghinearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach shonraí PNR i bhfoirm nach bhfuil anaithnidithe ach amháin, de réir analaí leis an méid atá ráite ag an gCúirt sa chásdlí céanna, i gcás bagairt thromchúiseach ar shlándáil na mBallstát atá dáiríre agus láithreach nó intuartha, a bhaineann, mar shampla, le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, agus ar choinníoll go bhfuil an tréimhse stórála teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach.

246.

Féadfaidh teorannú an bhirt stórála dá bhforáiltear in Airteagal 12(1) de Threoir PNR a bheith bunaithe, mar shampla, ar mheasúnú riosca nó ar an taithí atá faighte ag na húdaráis náisiúnta inniúla, lenar féidir aerbhealaí áirithe, patrúin taistil sainithe, gníomhaireachtaí trína ndéantar áirithintí, nó catagóirí daoine nó limistéir gheografacha fiú, a shainaithnítear ar bhonn eilimintí oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, mar a rialaigh an Chúirt ina cásdlí maidir le meiteashonraí cumarsáide leictreonaí a stóráil ( 239 ). Thairis sin, de réir analaí le Tuairim 1/15, ba cheart an nasc is gá idir sonraí PNR agus cuspóir Threoir PNR a mheas mar a bheith bunaithe fad atá na haerphaisinéirí san Aontas (nó sa Bhallstát lena mbaineann) nó ag imeacht uaidh. Baineann an méid sin freisin le sonraí paisinéirí dá bhfuarthas meaitseáil dhearfach fhíoraithe.

247.

Chun críochnú leis an ochtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, ba mhaith liom roinnt barúlacha a thabhairt ar na rialacha maidir le rochtain ar shonraí PNR agus úsáid shonraí PNR tar éis an réamh-mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR a bheith déanta agus roimh iad a bheith díphearsantaithe ar dhul in éag don tréimhse stórála tosaigh sé mhí dá bhforáiltear in Airteagal 12(2) de Threoir PNR.

248.

Leanann sé ó léamh comhcheangailte ar Airteagail 6(2)(b) agus 12(3) de Threoir PNR go bhféadfar, le linn na tréimhse tosaigh sin, sonraí PNR neamh-dhíphearsantaithe, nó atá mar thoradh na próiseála, a nochtadh do na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an gcéad cheann de na forálacha sin, gan na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) den dara ceann de na forálacha sin a chomhlíonadh ( 240 ). Ní fhoráiltear le hAirteagal 6(2)(b) de Threoir PNR ach go gcaithfidh “údar cuí” a bheith le hiarrataí ó údaráis inniúla ar phróiseáil agus nochtadh den sórt sin agus caithfidh siad freisin a bheith “bunaithe ar fhorais leordhóthanacha”.

249.

De réir cásdlí socair, a mheabhraigh an Chúirt i dTuairim 1/15, ní féidir le reachtaíocht an Aontais a bheith teoranta do cheanglas gur cheart go mbeadh an rochtain atá ag údarás ar shonraí pearsanta atá stóráilte go dlisteanach ag teacht le ceann de chuspóirí na reachtaíochta sin, ach ní mór di na coinníollacha ábhartha agus nós imeachta a rialaíonn an úsáid sin a leagan síos freisin ( 241 ), d’fhonn, go háirithe, na sonraí sin a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid ( 242 ). Sa tuairim sin, chinn an Chúirt nach mór úsáid shonraí PNR tar éis iad a fhíorú ar theacht isteach aerphaisinéirí go Ceanada agus le linn a bhfanachta i gCeanada a bheith bunaithe ar chúinsí nua lena dtugtar údar maith don úsáid sin ( 243 ), agus shonraigh sí “i gcás ina bhfuil faisnéis oibiachtúil ann chun a mheas go bhféadfadh sonraí PNR aerphaisinéara amháin nó níos mó rannchuidiú go héifeachtach leis an gcuspóir maidir le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta a chomhrac, ní cosúil go sáraíonn úsáid sonraí den sórt sin teorainneacha an mhéid atá fíor-riachtanach” ( 244 ). Ag tagairt de réir analaí do mhír 120 de bhreithiúnas Tele2 Sverige, chinn an Chúirt, chun comhlíonadh iomlán na gcoinníollacha sin a áirithiú i gcleachtas, “tá sé ríthábhachtach go mbeidh úsáid shonraí PNR coinnithe le linn fanacht d’aerphaisinéirí i gCeanada, i bprionsabal, ach amháin i gcásanna práinne cuí-réasúnaithe, faoi réir réamh-sheiceáil arna déanamh ag cúirt nó ag comhlacht neamhspleách riaracháin, agus go ndéantar cinneadh na cúirte nó an chomhlachta sin tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó na húdaráis inniúla, go háirithe chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a ionchúiseamh” ( 245 ). Mar sin, chuir an Chúirt an fhéidearthacht chun sonraí PNR stóráilte a úsáid tar éis iad a fhíorú le linn aerthaistil faoi réir coinníoll dúbailte, coinníoll substainteach — i bhforais oibiachtúla a bheith ann lena dtugtar bonn cirt d’úsáid den sórt sin - agus coinníoll nós imeachta — in athbhreithniú ó chúirt nó údarás riaracháin neamhspleách. Is éard atá sa léirmhíniú a ghlac an Chúirt ná, seachas a bheith “comhthéacsúil”, cur i bhfeidhm an chásdlí a eascraíonn go háirithe as Digital Rights agus Tele2 Sverige i réimse shonraí PNR.

250.

Mar sin féin, ní chomhlíonann an córas a bhunaítear le Treoir PNR le linn na chéad sé mhí ó stóráil shonraí PNR, lena n-údaraítear, tar éis an réamh-mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR, nochtadh agus próiseáil shonraí PNR, a d’fhéadfadh a bheith déanta arís agus arís eile, in éagmais coimircí nós imeachta leordhóthanacha agus rialacha substainteacha atá sách soiléir agus beacht lena sainítear cuspóir agus rialacha na gcur isteach éagsúil sin, na ceanglais atá leagtha amach ag an gCúirt i dTuairim 1/15. Ní cosúil go gcomhlíonann sé an ceanglas go ndéanfaí úsáid shonraí PNR a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach ach an oiread.

251.

Molaim, dá bhrí sin, don Chúirt Airteagal 6(2)(b) de Threoir PNR a léirmhíniú sa chiall go gcomhlíontar le próiseáil sonraí faoin bhforáil sin le linn na tréimhse sé mhí tosaigh dá bhforáiltear in Airteagal 12(2) de Threoir PNR na ceanglais atá leagtha síos ag an gCúirt i dTuairim 1/15.

252.

Maidir leis an gcéad choinníoll, de chineál ábhartha, a bhfuil an Chúirt tar éis úsáid bhreise shonraí PNR a chur faoina réir, táim den tuairim gur féidir na coincheapa “forais réasúnacha” de réir bhrí Airteagal 12(3)(a) de Threoir PNR agus “forais leordhóthanacha” de réir bhrí Airteagal 6(2)(b) de Threoir PNR a léirmhíniú gan fhadhb ar bhealach a chiallaíonn go gcaithfear a léiriú in iarratais ó údaráis inniúla, dá dtagraítear sna forálacha sin, “gnéithe oibiachtúla chun a mheas go bhféadfadh sonraí PNR maidir le haerphaisinéir amháin nó níos mó rannchuidiú go héifeachtach leis an gcuspóir cionta sceimhlitheoireachta agus coiriúlacht thromchúiseach a chomhrac...” ( 246 ).

253.

Maidir leis an dara coinníoll, de chineál nós imeachta, is gá, i mo thuairim, Airteagal 6(2)(b) de Threoir PNR i gcomhar le hAirteagal 12(3) di agus i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt, a léirmhíniú ar bhealach is go bhfuil feidhm ag an gceanglas maidir le formheas roimh ré ó údarás breithiúnach nó ó údarás riaracháin neamhspleách a leagtar síos in Airteagal 12(3)(b) den Treoir sin maidir le haon phróiseáil ar shonraí PNR a dhéantar de bhun Airteagal 6(2)(b) sin.

4.   Conclúidí maidir leis an dara, an tríú, an ceathrú, an séú agus an t-ochtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

254.

Ar bhonn an mhéid uile roimhe seo, molaim don Chúirt pointe 12 d’Iarscríbhinn I a neamhniú sa mhéid is go n-áirítear ann na “barúlacha ginearálta” i measc na gcatagóirí de shonraí PNR a cheanglaítear ar aeriompróirí a tharchur, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir PNR, chuig PIUnna, agus a dhearbhú nár nocht an scrúdú ar an dara, an tríú, an ceathrú, an séú ceist agus an t-ochtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú aon fhachtóir eile de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht na Treorach sin, faoi réir léirmhínithe a forálacha a mholtar míreanna 153, 160, 161 go 164, 219, 228, 239 agus 251 den Tuairim seo.

255.

I bhfianaise an fhreagra a mholaim a thabhairt ar na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú ar bhailíocht Threoir PNR, ba cheart an iarraidh, a rinne an Chomhairle go háirithe, go ndéanfaí éifeachtaí Threoir PNR a choinneáil i gcás go gcinneann an Chúirt Treoir PNR a neamhniú ina hiomláine nó go páirteach, ní féidir, seachas aon bhreithniú eile, glacadh leis.

C. Maidir leis an gcúigiú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

256.

Lena cúigiú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt Bhreithiúnais go bunúsach an gcaithfear Airteagal 6 de Threoir PNR, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta ina nglactar le gníomhaíochtaí áirithe na seirbhísí faisnéise agus slándála a shaothrú mar chríoch chun sonraí PNR a phróiseáil. Is léir ón ordú tarchuir gurb iad na gníomhaíochtaí seo a dhéanann Slándáil an Stáit agus an tSeirbhís Faisnéise agus Slándála i gcomhthéacs an chúraim atá acu an tslándáil náisiúnta a chosaint.

257.

Mar a luaigh mé i míreanna 113 agus 114 den Tuairim seo, is coimirce riachtanach é teorannú na gcríoch dá ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil ionas nach rachaidh cur isteach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt thar a bhfuil riachtanach de réir bhrí chásdlí na Cúirte. Luaigh mé cheana freisin, maidir leis an gcur isteach ar na cearta bunúsacha sin dá bhforáiltear i dTreoir PNR, gur faoi reachtóir an Aontais atá sé, chun prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta a chumhdaítear in Airteagal 52(1) den Chairt, inter alia, a chomhlíonadh, rialacha soiléire beachta a leagan síos a rialaíonn raon feidhme agus cur i bhfeidhm beart lena mbaineann cur isteach den sórt sin.

258.

In Airteagal 1(2) de Threoir PNR, sonraítear “nach bhféadfar sonraí PNR a bhailítear i gcomhréir leis an Treoir seo a phróiseáil ach amháin chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, dá bhforáiltear in Airteagal 6(2)(a), (b) agus (c) den Treoir seo”. I gcomhréir leis an bhforáil sin, ní dhéanann PIUnna sonraí PNR a phróiseáil ach amháin chun réamh-mheasúnú a dhéanamh ar aerphaisinéirí (Airteagal 6(2)(a)), freagairt d’iarrataí ad hoc ó na húdaráis inniúla (Airteagal 6(2)(b)) agus critéir nua a thabhairt cothrom le dáta nó a fhorbairt a bheidh le húsáid le haghaidh measúnuithe a dhéanfar faoi Airteagal 6(3)(b) (Airteagal 6(2)(a)). I ngach ceann de na trí chás, meabhraítear go sainráite na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2) de Threoir PNR maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an coireacht thromchúiseach a chomhrac.

259.

Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 7(4) den Treoir nach mór ní hamháin próiseáil shonraí PNR faoi Airteagal 6 den Treoir, ach freisin próiseáil bhreise ar shonraí den sórt sin agus toradh na próiseála sin arna déanamh ag údaráis inniúla na mBallstát, a theorannú “do na críocha sonracha a bhaineann le cosc, brath, imscrúdú nó ionchúiseamh cionta sceimhlitheoireachta nó coireachta tromchúisí amháin” [Aistriúchán neamhoifigiúil].

260.

Tá nádúr uileghabhálach an chinnidh maidir leis na cuspóirí a shaothraítear le Treoir PNR soiléir ó fhoclaíocht Airteagal 1(2) agus tá sé comhthacaithe, i dteannta le hAirteagail 6(2) agus 7(4) a luadh cheana féin, in airteagail agus in aithrisí éagsúla sa Treoir sin, lena nasctar gach céim den phróiseas rochtana, próiseála, stórála agus comhroinnte shonraí PNR leis na cuspóirí sonracha sin amháin ( 247 ).

261.

Tá sé soiléir ó fhoclaíocht Airteagal 1(2) de Threoir PNR agus óna léirmhíniú i bhfianaise phrionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta, a éilíonn cuspóirí na mbeart lena mbaineann cur isteach ar na cearta bunúsacha chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint araon, go mbeidh aon leathnú ar na críocha próiseála shonraí PNR thar na cuspóirí slándála a luaitear go sainráite san fhoráil sin contrártha le Treoir PNR.

262.

Tá feidhm ag an toirmeasc sin ar chuspóirí na Treorach a leathnú, i mo thuairimse, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí sheirbhísí slándála agus faisnéise na mBallstát, lena n-áirítear mar gheall ar an easpa trédhearcachta atá ina saintréith dá modus operandi. Maidir leis an bpointe seo, aontaím leis an gCoimisiún nár cheart, mar riail ghinearálta, go mbeadh rochtain dhíreach ag na seirbhísí sin ar shonraí PNR de ghnáth. Sa chomhthéacs sin, measaim gur ábhar amhrasach é go bhféadfaidh PIUnna náisiúnta, mar atá i gcás PIU na Beilge, oifigigh atá ar iasacht ó na seirbhísí slándála a áireamh i measc a gcomhaltaí ( 248 ).

263.

Ar bhonn an mhéid uile roimhe seo, ní mór a thabhairt mar fhreagra ar an gcúigiú ceist, i mo thuairim, nach mór Treoir PNR, agus go háirithe Airteagail 1(2) agus 6 di, a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear mar chríoch chun sonraí PNR a phróiseáil gníomhaíochtaí áirithe de chuid na seirbhísí faisnéise agus slándála a shaothrú, sa mhéid, i gcomhthéacs na críche sin, go mbeadh ar PIU náisiúnta na sonraí sin nó torthaí a bpróiseála a phróiseáil agus/nó a tharchur chun na seirbhísí sin chun críoch seachas na críocha sin a leagtar amach go huileghabhálach in Airteagal 1(2) den Treoir sin, ar faoin gcúirt náisiúnta atá sé an méid sin a fhíorú.

D. Maidir leis an seachtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

264.

Lena seachtú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, den Chúirt Bhreithiúnais an gcaithfear Airteagal 12(3)(b) de Threoir PNR a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé gur “údarás náisiúnta inniúil” é PIU de réir bhrí na forála sin, údarás ar féidir leis tarchur shonraí PNR ina n-iomláine a údarú tar éis na tréimhse sé mhí tosaigh i ndiaidh aistriú na sonraí sin.

265.

Ba mhaith liom a lua go bhforáiltear le hAirteagal 12(2) de Threoir PNR, tar éis tréimhse sé mhí, go ndéanfar sonraí PNR a dhíphearsantú trí eilimintí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid chun an paisinéir lena mbaineann siad a shainaithint go díreach a mhascadh. Tar éis na tréimhse sin, ní údaraítear na sonraí den sórt sin ar fad a tharchur ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12(3), agus, go háirithe, i gcás ina bhfuil an tarchur sin formheasta roimh ré ag “údarás breithiúnach” (Airteagal 12(3)(b)(i)) nó “údarás náisiúnta eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun a fhíorú an bhfuil na coinníollacha maidir le tarchur á gcomhlíonadh, ar choinníoll go gcuirtear oifigeach cosanta sonraí PIU ar an eolas agus go ndéanann sé athbhreithniú ex post” (Airteagal 12(3)(b)(ii)).

266.

Níl aon tráchtaireacht déanta, ag an gcuid is mó de na rialtais a chuir a mbarúlacha i scríbhinn isteach sna himeachtaí seo, ar an seachtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú. Measann Rialtas Phoblacht na Seice, agus an Coimisiún ar aon fhocal leis, nach féidir Airteagal 12(3) de Threoir PNR a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé go bhféadfadh PIU a bheith ina “údarás náisiúnta inniúil”. Os a choinne sin, cuireann Rialtais na Beilge ( 249 ), na hÉireann, na Spáinne, na Fraince agus na Cipire i gcoinne a leithéid de léirmhíniú. Measann siad, go substaintiúil, nach gcuireann aon ní i dTreoir PNR ná i ndlí an Aontais bac ar ainmniú PIU i measc na n-údarás náisiúnta inniúil de réir bhrí Airteagal 12(2)(b)(ii) de Threoir PNR agus go mbeadh PIU, óna nádúr, ina údarás sách neamhspleách chun bheith in ann próiseáil shonraí PNR a údarú.

267.

Ar mo thaobhsa, tugaim faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhfuil sé soiléir ó fhoclaíocht Airteagal 12(3)(b) de Threoir PNR agus, go háirithe, ó úsáid an chónaisc “nó”, a nascann an dá chás i bpointí (i) agus (ii) den fhoráil sin, go raibh sé beartaithe ag reachtóir an Aontais an mhaoirseacht arna déanamh ag an údarás náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (ii) agus arna déanamh ag an údarás breithiúnach dá dtagraítear i bpointe (i) a chur ar an mbonn céanna. Dá bhrí sin, ní mór d’údarás náisiúnta leibhéal neamhspleáchais agus neamhchlaontachta a bheith aige sa chaoi is go bhféadfar an mhaoirseacht a dhéanann sé a mheas mar rogha mhalartach atá inchomparáide leis an maoirseacht a fhéadfaidh údarás breithiúnach a fheidhmiú ( 250 ).

268.

Ar an dara dul síos, is léir ó obair ullmhúcháin Threoir PNR nár ghlac reachtóir an Aontais, ar thaobh amháin, leis an togra ón gCoimisiún chun an cúram a thabhairt do rialaitheoir PIU tarchur shonraí PNR ina n-iomláine a údarú ( 251 ), agus, ar an taobh eile, gur chuir sé síneadh leis an tréimhse choinneála tosaigh 30 lá a mhol an Coimisiún, suas go sé mhí. Sa chomhthéacs sin, arb é is saintréith de chothromaíocht a lorg idir fad na tréimhse coinneála roimh dhíphearsantú shonraí PNR agus na coinníollacha a bhfuil a nochta faoina réir ag deireadh na tréimhse sin, a chinn reachtóir an Aontais rochtain iomlán a thabhairt ar shonraí PNR faoi réir coinníollacha nós imeachta níos déine ná na cinn a bhí i gceist ag an gCoimisiún ar dtús agus cúram a chur ar údarás neamhspleách a fhíorú go bhfuil na coinníollacha maidir le nochtadh á gcomhlíonadh.

269.

Ar an tríú dul síos, mar a thug an Coimisiún faoi deara, agus an ceart aige, is léir ó scéimre Threoir PNR gurb é an réasúnaíocht is bun leis an nós imeachta formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 12(3) de Threoir PNR ná an cúram a shannadh do thríú páirtí neamhchlaonta chun cothromú a dhéanamh, i ngach cás ar leith, idir chearta na n-ábhar sonraí agus na críocha forfheidhmithe a shaothraítear leis an Treoir sin.

270.

Ar an gceathrú dul síos, is léir ó chásdlí na Cúirte nach mór d’eintiteas a bhfuil sé de chúram air an réamh-sheiceáil riachtanach a dhéanamh chun rochtain na n-údarás inniúil náisiúnta ar shonraí pearsanta a choimeádtar go dlisteanach a údarú, na cumhachtaí uile a bheith aige agus na ráthaíochtaí uile is gá a thabhairt chun a áirithiú go ndéanfar na leasanna agus na cearta éagsúla atá i gceist a chomhréiteach. Shonraigh an Chúirt freisin go gcaithfidh stádas a bheith ag an eintiteas sin a chuireann ar a chumas gníomhú i bhfeidhmiú a chúraimí ar bhealach oibiachtúil neamhchlaonta, agus, chuige sin, ní mór dó a bheith saor ó aon tionchar seachtrach ( 252 ). Go háirithe, i bhfianaise riachtanas an neamhspleáchais, go háirithe sa réimse coiriúil, ní mór stádas tríú páirtí a bheith ag an údarás atá freagrach as réamh-sheiceáil i dtaca leis an bpáirtí a iarrann rochtain ar na sonraí, sa chaoi nach bhfuil baint aige le himscrúdú coiriúil a dhéanamh agus ní mór dó seasamh neodrach a choinneáil maidir leis na páirtithe sna himeachtaí coiriúla ( 253 ).

271.

Is léir, áfach, nach dtugann PIU na ráthaíochtaí neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta go léir nach mór don údarás atá freagrach as an réamh-sheiceáil dá bhforáiltear in Airteagal 12(3) de Threoir PNR a chomhlíonadh. Go deimhin, tá nasc díreach ag PIUnna leis na húdaráis atá inniúil chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoir PNR, is údarás den sórt sin nó brainse de chuid an údaráis sin é PIU é féin. Thairis sin, foráiltear in Airteagal 4(3) go bhféadfaidh baill foirne PIU a bheith ina mbaill foirne ar iasacht ó na húdaráis inniúla. Is é sin an cás, mar shampla i PIU na Beilge, atá comhdhéanta, de réir Airteagal 14 de Dhlí PNR, de chomhaltaí ar iasacht ó na seirbhísí póilíneachta, ó Shlándáil an Stáit, ón tSeirbhís Ghinearálta um Fhaisnéis agus Slándáil agus ón Riarachán Ginearálta Custaim agus Máil.

272.

Is fíor go gcaithfidh comhaltaí PIU, mar riail ghinearálta, gach ráthaíocht maidir le hionracas, inniúlacht, trédhearcacht agus neamhspleáchas a thairiscint agus is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú, i gcás inar gá sin, i bhfianaise na nasc idir iad féin agus na comhlachtaí lena mbaineann siad, gur féidir na ráthaíochtaí sin a urramú go praiticiúil, go háirithe chun a sheachaint go mbeidh rochtain dhíreach ag na húdaráis inniúla ina raibh na comhaltaí sin ar dtús ar bhunachair sonraí PNR, agus ní ar thorthaí na n-iontrálacha amháin a rinne PIUnna. Mar sin féin, is amhlaidh i gcónaí go gcoinneoidh comhaltaí PIUnna a thugtar ar iasacht ó na húdaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 7(2) de Threoir PNR ceangal lena seirbhísí tionscnaimh le linn tréimhse a n-iasachta, agus go gcoimeádann siad a stádas fiú má tá siad faoi údarás feidhmiúil agus ordlathach oifigeach sinsearach PIU.

273.

Maidir leis an gconclúid nach údarás náisiúnta é PIU de réir bhrí Airteagal 12(3)(b)(ii) de Threoir PNR, comhthacaítear leis sin freisin leis an bhfíoras, i gcomhréir leis an bhforáil sin, nach mór an tOifigeach Cosanta Sonraí PIU lena mbaineann a chur ar an eolas faoin iarraidh ar tharchur agus go ndéanann sé “athbhreithniú ex post”. Dá mba rud é go raibh PIU i dteideal, mar “údarás náisiúnta eile”, iarraidh ar tharchur a fhormheas faoi Airteagal 12(3) de Threoir PNR, chuirfí in iúl don Oifigeach Cosanta Sonraí, atá freagrach, inter alia, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Treoir sin, as na coimircí ábhartha a bhaineann le próiseáil shonraí PNR a chur chun feidhme, faoin iarratas ar rochtain tráth a dhéanfaí í a thaisceadh agus ba ghá go ndéanfaí a rialú ar bhonn ex ante ( 254 ).

274.

I bhfianaise an mhéid uile roimhe seo, molaim don Chúirt a thabhairt mar fhreagra ar an seachtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú go gcaithfear a thuiscint ó Airteagal 12(3)(b) de Threoir PNR nach ionann PIU agus “údarás inniúil náisiúnta eile” de réir bhrí na forála sin.

E. Maidir leis an naoú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

275.

Lena naoú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, an bhfuil Treoir API ag luí le hAirteagal 3(2) CAE agus le hAirteagal 45 den Chairt a mhéid atá feidhm aici maidir le heitiltí laistigh den Aontas Eorpach agus, ar an dara dul síos, an gcaithfear an Treoir sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(2) CAE agus Airteagal 45 den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta a d’fhéadfadh, d’fhonn inimirce mhídhleathach a chomhrac agus rialuithe teorann a fheabhsú, córas chun sonraí paisinéirí a bhailiú agus a phróiseáil a bhféadfadh athbhunú rialuithe teorann inmheánaí a bheith i gceist leis go hindíreach.

276.

Is léir ón ordú tarchuir go bhfuil an cheist seo a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú mar chuid den scrúdú ar an dara saincheist dlí, a d’ardaigh LDH ar bhonn malartach. Tá an tsaincheist sin, atá bunaithe ar shárú Airteagal 22 de Bhunreacht na Beilge, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(2) CAE agus le hAirteagal 45 den Chairt, dírithe ar Airteagail 3(1), 8(2) agus ar Chaibidil 11, go háirithe Airteagail 28 go 31, de Dhlí PNR. Cé go leagtar amach, i dtéarmaí ginearálta, cuspóir an dlí sin sa chéad cheann de na hAirteagail sin, trína shonrú go leagtar síos ann “na hoibleagáidí atá ar iompróirí agus ar oibreoirí taistil maidir le sonraí paisinéirí a tharchur chuig críoch náisiúnta, ó chríoch náisiúnta agus idirthuras tríd an gcríoch náisiúnta”, foráiltear in Airteagal 8(2) den dlí sin go ndéanfar “faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i gCaibidil 11 [den dlí sin], sonraí paisinéirí a phróiseáil freisin d’fhonn seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus d‘fhonn inimirce neamhdhleathach a chomhrac”. I gcomhthéacs na críche sin, i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Dhlí PNR, ní tharchuirtear ach na “sonraí paisinéirí” dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(18) den Dlí sin (eadhon, sonraí API dá dtagraítear i bpointe 18 de Threoir PNR), a bhaineann le trí chatagóir paisinéirí, chuig na seirbhísí póilíneachta atá freagrach as rialú ag teorainneacha agus chuig Oifig na hInimirce (an Bheilg). Is iad sin “paisinéirí a bhfuil sé ar intinn acu teacht isteach sa chríoch nó a tháinig isteach sa chríoch trí theorainneacha seachtracha na Beilge”, na “paisinéirí a bhfuil sé ar intinn acu an chríoch a fhágáil nó a d'fhág an chríoch trí theorainneacha seachtracha na Beilge”, agus na “paisinéirí a bhfuil sé ar intinn acu dul trí, atá in, nó a chuaigh trí limistéar idirthurais idirnáisiúnta sa Bheilg” ( 255 ). De réir Airteagal 29(3) de Dhlí PNR, tarchuireann PIU na sonraí sin chuig na seirbhísí póilíneachta atá freagrach as rialú ag teorainneacha agus chuig Oifig na hInimirce “díreach tar éis iad a thaifeadadh sa bhunachar sonraí paisinéirí” agus scriostar iad 24 uair an chloig tar éis iad a tharchur. Faoin bhforáil sin, tar éis na tréimhse sin, féadfaidh Oifig na hInimirce freisin iarraidh réasúnaithe a sheoladh chuig PIU chun rochtain a fháil ar na sonraí céanna nuair is gá sin i gcomhthéacs a chúraim dhlíthiúil. Dá bhrí sin, tá an creat dlíthiúil lena mbaineann an naoú ceist lasmuigh de chreat Threoir PNR, i bhfianaise na críche atá á saothrú ag an bpróiseáil sonraí dá dtagraítear in Airteagail 28 agus 29 de Dhlí PNR, atá le cur isteach i dTreoir API. Ina theannta sin, is léir, go háirithe, ón gcomhad a taisceadh i gClárlann na Cúirte go bhfuil an dara saincheist dlí a d’ardaigh LDH bunaithe ar léirmhíniú ar fhorálacha Chaibidil 11 de Dhlí PNR, ar dá réir a chuirtear i bhfeidhm iad freisin i gcás ina dtrasnaítear teorainneacha inmheánacha na Beilge.

277.

Tá an chéad chuid den naoú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú bunaithe ar thoimhde mhícheart agus ní gá, i mo thuairimse, freagra ón gCúirt ina leith. Is léir ó Airteagal 3(1) de Threoir API, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(b) agus (d) den Treoir sin, gan aon débhrí a bheith ann, go leagtar síos leis oibleagáid ar aeriompróirí sonraí API a tharchur chuig na húdaráis atá freagrach as seiceálacha ar dhaoine a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha i ndáil le heitiltí a iompraíonn paisinéirí go pointe trasnaithe atá údaraithe chun teorainneacha seachtracha na mBallstát le tríú tíortha a thrasnú, agus i ndáil leis na heitiltí sin amháin. Ar an gcaoi chéanna, ní fhoráiltear in Airteagal 6(1) den Treoir sin ach do phróiseáil a dhéanamh ar shonraí API a bhaineann leis na heitiltí sin. Ina theannta sin, cé gur fíor go bhforáiltear i dTreoir PNR go bhféadfaidh Ballstáit an oibleagáid sonraí API bailithe a aistriú chuig aeriompróirí a oibríonn eitiltí laistigh den Aontas a leathnú freisin, ní mór an síneadh sin a thuiscint gan dochar do Threoir API ( 256 ). Faoi Threoir PNR, ní dhéanfar sonraí API a aistrítear a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch forfheidhmithe dlí a leagtar amach sa Treoir sin. Os a choinne sin, foráiltear in aithris 34 de Threoir PNR go bhfuil sé gan dochar do rialacha reatha an Aontais maidir le rialacha mionsonraithe rialuithe teorann nó do rialacha an Aontais lena rialaítear teacht isteach agus imeacht ó chríoch an Aontais, agus sonraítear sa dara habairt d’Airteagal 6(9) den Treoir sin, i gcás ina ndéantar measúnuithe faoi mhír 2 den Airteagal sin ar eitiltí laistigh den Aontas idir Ballstáit a bhfuil feidhm ag Cód Teorainneacha Schengen ( 257 ) maidir leo, nach mór d’iarmhairtí na measúnuithe sin an Rialachán sin a urramú.

278.

Dá ndéanfaí an chuid sin den naoú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú a chur ar bhealach eile, mar a mholann an Coimisiún, ar bhonn malartach, mar thagairt do chomhoiriúnacht le forálacha an Chonartha agus leis an gCairt ní Treoir API ach Treoir PNR, agus go háirithe Airteagal 2 di, ní hamháin go mbeadh leasú i gceist leis an ngníomh ar ina leith a d’iarr an chúirt a rinne an tarchur go ndéanfaí measúnú bailíochta ina leith, ach bheadh i gceist leis freisin imeacht ó chreat dlíthiúil na ceiste sin a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú. Mar a mhínigh mé, déantar le forálacha Chaibidil 11 de Dhlí PNR, ar a bhfuil an dara saincheist dlí sa chaingean dírithe, Treoir API a thrasuí agus ní Treoir PNR.

279.

Sa chás go leanfadh an Chúirt ar aghaidh lena leithéid d’athmhúnlú, ní dhéanfaidh mé ach na nithe seo a leanas a lua, go háirithe maidir leis an gceist an bhféadfar an réamh-mheasúnú atá údaraithe do na Ballstáit a dhéanamh ar shonraí PNR paisinéirí ar eitiltí laistigh den Aontas, i gcomhréir leis an rogha atá ar fáil dóibh faoi Airteagal 2 de Threoir PNR, a mheas mar mheasúnú atá comhionann leis an bhfeidhm “seiceálacha teorann” de réir bhrí Airteagal 23(a) de Chód Teorainneacha Schengen ( 258 ). Ar an gcéad dul síos, mura ndéantar an réamh-mheasúnú ar shonraí PNR, “ag an bpointe trasnaithe teorann” nó “tráth a dtrasnaítear an teorainn” ach roimh an bpointe sin, mar sin féin, déantar é “ar fhorais” trasnú teorann atá ar tí tarlú. Ar an dara dul síos, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Threoir PNR, ceadaítear do Bhallstáit an réamh-mheasúnú ar shonraí PNR dá bhforáiltear in Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR a leathnú chuig paisinéirí ar gach eitilt laistigh den Aontas, beag beann ar iompar na ndaoine lena mbaineann agus ar na himthosca lena gcruthaítear riosca do shlándáil an phobail. Ina theannta sin, is de chineál córasach é an réamh-mheasúnú sin. Is cosúil nach gcomhlíonann ceachtar de na heilimintí sin na tásca dá dtagraítear i bpointí (ii), (iii) agus (iv) den dara habairt d’Airteagal 23(a) de Chód Teorainneacha Schengen ( 259 ). Ar an tríú dul síos, maidir leis na tásca dá dtagraítear i bpointí (i) agus (iii) den dara habairt d’Airteagal 23(a) seo, ceistím an bhfuil an réamh-mheasúnú faoi Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR ag teacht, go páirteach ar a laghad, le críocha na seiceálacha teorann a rinneadh de bhun Airteagal 8(2)(b), 8(3)(a)(vi) agus 8(3)(g)(iii) de Chód Teorainneacha Schengen, arna leasú le Rialachán 2017/458, agus, thar aon rud eile, an féidir é a idirdhealú go soiléir, i dtéarmaí a rialacha mionsonraithe, ó na seiceálacha córasacha sin ( 260 ). I taca leis sin, tugaim faoi deara go sonraítear in Airteagal 8(2e) agus 8(3)(i)a den Chód go bhféadfar na seiceálacha sna bunachair sonraí “a dhéanamh roimh ré ar bhonn sonraí faoi phaisinéirí a fhaightear i gcomhréir le Treoir API nó i gcomhréir le dlí eile de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta eile”. Is fíor, áfach, nach é cuspóir Threoir PNR “ chun a áirithiú go bhféadfar daoine a údarú chun dul isteach ar chríoch an Bhallstáit nó a údarú í a fhágáil” ná chun “daoine a chosc ar dhul timpeall ar na seiceálacha sin”, a d’aithin an Chúirt mar chuspóirí “rialú teorann” faoi Chód Teorainneacha Schengen ( 261 ), ós rud é nach bhfuil ach cuspóir forfheidhmithe dlí ag an Treoir sin. Ina theannta sin, foráiltear go sainráite i bpointe (ii) den dara habairt d’Airteagal 23(a)den Chód nach bhféadfar feidhmiú cumhachtaí póilíneachta a mheas mar rud atá comhionann le feidhmiú seiceálacha teorann i gcás ina bhfuil na rialuithe dírithe, go háirithe, ar an gcoireacht trasteorann a chomhrac ( 262 ). Ar deireadh, ba cheart don Chúirt a chur san áireamh ina measúnú freisin ar an bhfíric, ar chuir an Coimisiún béim go háirithe air, nach gceadaítear le hAirteagal 2 de Threoir PNR do na Ballstáit ach a cheangal ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú a bhailíonn siad i ngnáthchúrsa a ngnó agus, dá bhrí sin, ní fhoráiltear d’oibleagáid atá cosúil leis an gceann atá leagtha síos i dTreoir API maidir le teorainneacha seachtracha a thrasnú.

280.

Maidir leis an dara cuid den naoú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, aontaím leis an gCoimisiún gur cheart a thuiscint go mbaineann sí le trasnú na dteorainneacha inmheánacha agus go bhfuil soiléiriú á lorg ón gCúirt chun lena bhféadfaidh an chúirt a rinne an tarchur measúnú a dhéanamh ar fhorálacha Chaibidil 11 de Dhlí PNR a bheith i gcomhréir le díothú rialuithe ag teorainneacha inmheánacha na mBallstát i limistéar Schengen.

281.

I ndáil leis sin, i bhfianaise na faisnéise teoranta atá ar fáil don Chúirt, ní déarfaidh mé níos mó ná nach féidir forálacha Chaibidil 11 de Dhlí PNR a bheith ag luí le dlí an Aontais agus, go háirithe, le hAirteagal 67(2) CFAE, ach amháin más rud é go léirmhínítear iad sa chiall nach dtagraíonn siad ach d’aistriú agus próiseáil shonraí API maidir le paisinéirí a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha na Beilge le tríú tíortha.

282.

A mhéid is a chinnfeadh an Chúirt an dara cuid den naoú ceist a chur ar bhealach eile ionas go mbaineann sí le léirmhíniú Threoir PNR i ndáil le forálacha Chaibidil 11 de Dhlí PNR, ní thugaim ar aird ach go bhfuil próiseáil shonraí API dá bhforáiltear in Airteagail 28 agus 29 den Dlí sin tugtha isteach sa chóras a bhunaigh reachtóir na Beilge chun Treoir PNR a thrasuí. Ar an gcéad dul síos, is ionann sonraí API a phróiseáiltear agus iad siúd a liostaítear i bpointe 12 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir API agus ní hamháin iad siúd atá sa liosta in Airteagal 3(2) de Threoir API. Ar an dara dul síos, i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Dhlí PNR, déanann PIU sonraí den sórt sin a tharchur chuig na seirbhísí póilíneachta atá freagrach as rialú teorann agus chuig Oifig na hInimirce — atá freagrach as sonraí PNR a bhailiú agus a phróiseáil chun críocha Threoir PNR amháin — seachas, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir API, go díreach ag aeriompróirí. Ina theannta sin, baineann an tarchur sin freisin le sonraí na bpaisinéirí a bhfuil sé ar intinn acu críoch na Beilge a fhágáil nó a d’fhág críoch na Beilge agus ní hamháin na húdaráis atá freagrach as rialuithe teorann atá ina bhfaighteoirí, ach Oifig na hInimirce freisin, atá freagrach as an daonra inimirceach a bhainistiú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac. Ar an tríú dul síos, faoin dara fomhír d’Airteagal 29(4) de Dhlí PNR, is cosúil go mbeadh Oifig na hInimirce i dteideal iarratais a dhéanamh chuig PIU ar rochtain ar shonraí API fiú tar éis na sonraí a phróiseáil maidir le trasnú teorann na bpaisinéirí lena mbaineann. Sa chiall sin, déantar an oifig sin de facto a chomhshamhlú le húdarás inniúil faoi Airteagal 7 de Threoir PNR, cé nach bhfuil sí den chineál céanna agus nach bhfuil sí ar liosta na n-údarás sin a chuir an Bheilg in iúl don Choimisiún. Ní féidir glacadh le meascadh den sórt sin idir na córais dá bhforáiltear i dTreoir API agus i dTreoir PNR, i mo thuairim, sa mhéid is go dtugann sé neamhaird ar phrionsabal an teorannaithe cuspóirí atá cumhdaithe in Airteagal 1(2) de Threoir PNR ( 263 ).

283.

Ar bhonn an mhéid uile roimhe seo, molaim don Chúirt a thabhairt mar fhreagra ar an naoú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú ar bhealach nach mbaineann Airteagal 3(1) de Threoir API, faoina ndéanann na Ballstáit na bearta is gá chun oibleagáid a bhunú go mbeidh ar aeriompróirí an fhaisnéis maidir le paisinéirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) seo, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(b) agus (d) den Treoir seo, a tharchur, arna iarraidh sin ag na húdaráis atá freagrach as rialú daoine ag na teorainneacha seachtracha, sula gcríochnófar an tseiceáil isteach, ach le paisinéirí a iompraítear chuig pointe trasnaithe atá údaraithe le haghaidh theorainneacha seachtracha na mBallstát le tríú tíortha a thrasnú. Bheadh reachtaíocht náisiúnta lena leathnófaí, chun rialuithe teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac, agus chun na críche sin amháin, an oibleagáid sin maidir le sonraí daoine a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha an Bhallstáit lena mbaineann d’aer nó trí mhodhanna eile iompair, contrártha le hAirteagal 67(2) CFAE agus le hAirteagal 22 de Chód Teorainneacha Schengen.

F. Maidir leis an deichiú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

284.

Lena deichiú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt, go bunúsach, sa chás go gcinnfeadh sí go sáraíonn Dlí PNR Airteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt, an bhféadfadh sí éifeachtaí Dhlí PNR a choinneáil go sealadach chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint agus chun ligean do shonraí a bailíodh agus a coinníodh roimhe seo a úsáid fós chun na gcríoch atá beartaithe ag Dlí PNR.

285.

D’fhreagair an Chúirt ceist ar an ábhar céanna sa bhreithiúnas in La Quadrature du Net maidir le stóráil meiteashonraí cumarsáide leictreonaí, a tugadh tar éis an iarraidh ar réamhrialú seo a dhéanamh. Sa bhreithiúnas sin, leag an Chúirt amach, ar an gcéad dul síos, a cásdlí ar dá réir a dhéanfaí dochar de thosaíocht agus d‘fheidhmiú aonfhoirmeach dhlí an Aontais dá mbeadh sé de chumhacht ag cúirteanna náisiúnta tosaíocht a thabhairt d’fhorálacha náisiúnta ar dhlí an Aontais, rud a sháraíonn na forálacha sin, fiú ar bhonn sealadach. Luaigh sí, i mbreithiúnas an 29 Iúil 2019, Inter-Environnement Wallonie agus Bond Beter Leefmilieu Vlaanderen ( 264 ), ina raibh dlíthiúlacht na mbeart a glacadh de shárú ar an oibleagáid a leagtar síos le dlí an Aontais chun réamh-mheasúnú a dhéanamh ar thionchar tionscadail ar an gcomhshaol agus ar shuíomh faoi chosaint i gceist, gur ghlac sí leis go bhféadfaidh cúirt náisiúnta, má cheadaíonn an dlí náisiúnta é, éifeachtaí beart den sórt sin a choimeád ar bun go heisceachtúil i gcás ina bhfuil údar maith leis an gcoimeád sin trí chúinsí sáraitheacha a bhaineann leis an ngá atá le bagairt fhíor-thromchúiseach go gcuirfí isteach ar an soláthar leictreachais don Bhallstát i dtrácht a sheachaint ar feadh na tréimhse ama is fíorghá chun an neamhdhleathacht sin a leigheas. Tháinig sí ar an gconclúid mar sin féin, murab ionann agus mainneachtain in oibleagáid nós imeachta amhail réamh-mheasúnú a dhéanamh ar thionchar tionscadail i réimse sonrach chosaint an chomhshaoil, nach féidir sárú ar na cearta bunúsacha a ráthaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt a leigheas trí bhíthin nós imeachta atá inchomparáide leis an nós imeachta dá bhforáiltear sa bhreithiúnas thuasluaite ( 265 ). Is é mo thuairim gur chóir an freagra céanna a thabhairt ar an deichiú ceist i gcomhair réamhrialú sna himeachtaí seo.

286.

A mhéid atá an chúirt a rinne an tarchur agus Rialtas na Beilge araon, chomh maith leis an gCoimisiún agus an Chomhairle, in amhras an gcuirtear cosc le dlí an Aontais ar úsáid a bhaint, i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, as faisnéis nó fianaise a fhaightear trí úsáid a bhaint as sonraí PNR arna mbailiú, arna bpróiseáil. agus/nó arna stóráil ar bhealach nach luíonn le dlí an Aontais, tugaim faoi deara, i mír 222 den bhreithiúnas in La Quadrature du Net, gur luaigh an Chúirt, mar atá dlí an Aontais faoi láthair, gur faoin dlí náisiúnta amháin atá sé, i bprionsabal, na rialacha a chinneadh a bhaineann le hinghlacthacht agus measúnú, i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne daoine a bhfuil amhras fúthu go bhfuil baint acu le coireacht thromchúiseach, faisnéise agus fianaise a fhaightear trí bhíthin sonraí a stóráil contrártha do dhlí an Aontais, faoi réir phrionsabail an chomhionannais agus na héifeachtachta a chomhlíonadh. Maidir le prionsabal na héifeachtachta, chinn an Chúirt go gceanglaítear leis an bprionsabal sin ar an gcúirt choiriúil náisiúnta neamhaird a thabhairt d‘fhaisnéis agus d’fhianaise a fhaightear trí bhíthin stóráil ghinearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach sonraí tráchta agus suímh atá ar neamhréir le dlí an Aontais, i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla i gcoinne daoine a bhfuil amhras fúthu i leith gníomhartha coiriúla, mura bhfuil siad in ann barúlacha a thabhairt go héifeachtach ar fhaisnéis agus ar fhianaise den sórt sin, a thagann ó réimse nach bhfuil eolas ag na cúirteanna faoi, ar dócha go mbeidh tionchar cinntitheach acu ar mheasúnú na bhfíoras. Tá na prionsabail seo inaistrithe freisin mutatis mutandis d’imthosca na bpríomhimeachtaí.

IV. Conclúid

287.

Ar bhonn an mhéid uile roimhe seo, molaim don Chúirt na ceisteanna a tharchuir an Chúirt Bhunreachtúil (an Bheilg) a fhreagairt mar seo a leanas:

1)

Ní mór Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(2)(d) den Rialachán sin, a léirmhíniú sa tslí:

go bhfuil feidhm aige maidir le reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, a mhéid a rialaítear leis an reachtaíocht sin próiseáil shonraí PNR arna déanamh ag aeriompróirí agus ag oibreoirí eacnamaíocha eile, lena n-áirítear sonraí PNR a aistriú chuig Aonaid Faisnéise faoi Phaisinéirí (PIUnna), dá dtagraítear in Airteagal 4 den Treoir sin, dá bhforáiltear in Airteagal 8 den Treoir sin;

nach bhfuil feidhm aige maidir le reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2016/681 a mhéid a rialaíonn sí próiseáil sonraí, chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2) den Treoir sin, arna déanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla, lena n-áirítear PIUnna agus, i gcás inarb iomchuí, seirbhísí slándála agus faisnéise an Bhallstáit lena mbaineann;

go bhfuil feidhm aige maidir le reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl agus Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe do longa atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/6/CE, d‘fhonn seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus d’fhonn inimirce neamhdhleathach a chomhrac.

2)

Tá pointe 12 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2016/681 neamhbhailí a mhéid a áirítear ann “barúlacha ginearálta” i measc na gcatagóirí sonraí a cheanglaítear ar aeriompróirí a tharchur chuig PIUnna, i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir sin.

3)

Níor nochtadh leis an scrúdú ar an dara, an tríú, an ceathrú, an séú agus an t-ochtú ceist aon eilimintí eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhailíocht Threoir 2016/681.

4)

Ní mór pointe 12 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2016/681, maidir leis an gcuid nach ndearbhaítear ina leith go bhfuil sí neamhbhailí, a léirmhíniú sa tslí nach gcumhdaítear ann ach an fhaisnéis a bhaineann le mionaoisigh a luaitear go sainráite ann agus a bhaineann go díreach leis an eitilt.

5)

Ní mór pointe 18 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2016/681 a léirmhíniú sa tslí nach gcumhdaíonn sé ach an réamhaisnéis faoi phaisinéirí a liostaítear go sainráite sa phointe sin agus in Airteagal 3(2) de Threoir 2004/82 agus a bhailigh aeriompróirí i ngnáthchúrsa a ngnó.

6)

Ní mór an coincheap “bunachair sonraí ábhartha” dá dtagraítear in Airteagal 6(3)(a) de Threoir 2016/681 a léirmhíniú sa tslí nach gcumhdaítear leis ach bunachair sonraí náisiúnta arna mbainistiú ag na húdaráis inniúla faoi Airteagal 7(1) den Treoir sin, chomh maith le bunachair sonraí de chuid an Aontais agus bunachair sonraí idirnáisiúnta a úsáideann na húdaráis sin go díreach mar chuid dá gcúraimí. Ní mór baint dhíreach dhlúth a bheith ag na bunachair sonraí sin leis na críocha i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach arna saothrú leis an Treoir sin a chomhrac, rud a thugann le tuiscint gur chun na gcríoch sin a forbraíodh iad. I gcomhthéacs Threoir 2016/681 a thrasuí sa dlí náisiúnta, ceanglaítear ar na Ballstáit liosta de na bunachair sonraí sin a fhoilsiú agus a choimeád chun dáta.

7)

Ní mór Airteagal 6(3)(b) de Threoir 2016/681 a léirmhíniú sa tslí go gcuirtear cosc leis ar úsáid, i gcomhthéacs na próiseála uathoibrithe dá bhforáiltear san fhoráil sin, ar chórais algartamacha a bhféadfadh modhnú a dhéanamh, gan idirghabháil dhaonna, ar na critéir réamhbhunaithe ar a ndearnadh an phróiseáil sin ar a mbonn agus nach féidir a shainaithint ar a mbonn, go soiléir trédhearcach, na cúiseanna le meaitseáil dhearfach mar thoradh ar an bpróiseáil sin.

8)

Ní mór Airteagal 12(1) de Threoir 2016/681, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú, i mo thuairimse, sa chiall nach gceadaítear sonraí PNR arna soláthar ag aeriompróirí do PIU a stóráil i mbunachar sonraí ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis a n-aistrithe chuig PIU an Bhallstáit ar ina chríoch a bhfuil pointe teachta nó pointe imeachta na heitilte suite, tar éis don réamh-mheasúnú faoi Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR a bheith déanta, ach amháin má léirítear, ar bhonn critéar oibiachtúil, go bhfuil nasc idir sonraí den sórt sin agus an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta nó na coireachta tromchúisí. Ní féidir údar a thabhairt le stóráil ghinearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach shonraí PNR i bhfoirm nach bhfuil anaithnidithe ach amháin, i gcás bagairt thromchúiseach ar shlándáil na mBallstát atá dáiríre agus láithreach nó intuartha, a bhaineann, mar shampla, le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, agus ar choinníoll go bhfuil an tréimhse stórála teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach.

9)

Ní mór Airteagal 6(2)(b) de Threoir 2016/681 a léirmhíniú sa chiall go gcaithfidh tarchur shonraí PNR nó toradh próiseála sonraí den sórt sin faoin bhforáil sin, a dhéantar le linn na tréimhse sé mhí tosaigh dá bhforáiltear in Airteagal 12(2) de Threoir PNR, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(3)(b) den Treoir sin a chomhlíonadh.

10)

Ní mór Treoir 2016/681, agus go háirithe Airteagal 1(2) agus Airteagal 6 di, a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear próiseáil shonraí PNR chun gníomhaíochtaí áirithe de chuid na seirbhísí faisnéise agus slándála a shaothrú, sa mhéid, i gcomhthéacs na críche sin, go mbeadh ar PIU náisiúnta na sonraí sin a phróiseáil agus/nó torthaí a bpróiseála a tharchur chun na seirbhísí sin chun críoch seachas na críocha sin a leagtar amach go huileghabhálach in Airteagal 1(2) den Treoir sin, ar faoin gcúirt náisiúnta atá sé an méid sin a fhíorú.

11)

Ní mór Airteagal 12(3)(b) de Threoir 2016/681 a léiriú sa chiall nach ionann PIU agus “údarás inniúil náisiúnta eile” de réir bhrí na forála sin.

12)

Maidir le hAirteagal 3(1) de Threoir 2004/82, faoina ndéanann na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun oibleagáid a bhunú go mbeidh ar aeriompróirí an fhaisnéis maidir le paisinéirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(b) agus (d) den Treoir sin, a tharchur, arna iarraidh sin ag na húdaráis atá freagrach as rialú daoine ag na teorainneacha seachtracha, sula gcríochnófar an tseiceáil isteach, ach le paisinéirí a iompraítear chuig pointe trasnaithe atá údaraithe le haghaidh theorainneacha seachtracha na mBallstát le tríú tíortha a thrasnú. Bheadh reachtaíocht náisiúnta lena leathnófaí, chun rialuithe teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac, agus chun na críche sin amháin, an oibleagáid sin maidir le sonraí daoine a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha an Bhallstáit lena mbaineann d’aer nó trí mhodhanna eile iompair, contrártha le hAirteagal 67(2) CFAE agus le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen).

13)

Ní fhéadfaidh cúirt náisiúnta foráil dá dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm lena dtugtar cumhacht di teorainn ama a chur le héifeachtaí dearbhaithe neamhdhleathachta atá de dhualgas uirthi faoin dlí sin i leith reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar iompróirí aeir, talún agus farraige agus oibreoirí taistil, d’fhonn an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach a chomhrac sonraí PNR a aistriú agus foráil a dhéanamh do phróiseáil agus stóráil ghinearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach de shonraí den sórt sin nach bhfuil ag luí le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha. I gcomhréir le prionsabal na héifeachtachta, tá oibleagáid ar an gcúirt choiriúil náisiúnta neamhaird a thabhairt d‘fhaisnéis agus d’fhianaise a fhaightear trí bhíthin na reachtaíochta sin atá ar neamhréir le dlí an Aontais, i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla i gcoinne daoine a bhfuil amhras fúthu i leith gníomhartha sceimhlitheoireachta nó coireachta tromchúisí, mura bhfuil siad in ann barúlacha a thabhairt go héifeachtach ar fhaisnéis agus ar fhianaise den sórt sin, a thagann ó réimse nach bhfuil eolas ag na cúirteanna faoi, ar dócha go mbeidh tionchar cinntitheach acu ar mheasúnú na bhfíoras.


( 1 ) Bunteanga: an Fhraincis.

( 2 ) IO 2016 L 119, lch. 1.

( 3 ) IO 2016 L 119, lch. 132.

( 4 ) IO 2004 L 261, lch. 24.

( 5 ) Moniteur Belge (Iris Oifigiúil na Beilge) an 25 Eanáir 2017, lch. 12905.

( 6 ) De réir Airteagal 3(2) de Threoir PNR, ciallaíonn “eitilt lasmuigh den Aontas”“aon eitilt sceidealta nó neamhsceidealta ag aeriompróir atá ag eitilt ó thríú tír agus atá beartaithe tuirlingt ar chríoch Ballstáit nó atá ag eitilt ó chríoch Ballstáit agus atá beartaithe tuirlingt i dtríú tír; lena n-áirítear sa dá chás eitiltí le haon stadanna ar chríoch na mBallstát nó tríú tíortha;” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

( 7 ) De réir Airteagal 3(3) de Threoir PNR, ciallaíonn “eitilt laistigh den Aontas”“aon eitilt sceidealta nó neamhsceidealta de chuid aeriompróir atá ag eitilt ó chríoch Ballstáit agus atá beartaithe tuirlingt ar chríoch ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit eile gan aon stadanna ar chríoch tríú tír” [aistriúchán neamhoifigiúil].

( 8 ) Foráiltear le hAirteagal 7(1) de Threoir PNR go mbunóidh gach Ballstát liosta de na húdaráis inniúla atá i dteideal sonraí PNR a iarraidh nó a fháil ó PIUnna, nó de thoradh phróiseáil sonraí PNR d’fhonn an fhaisnéis sin a scrúdú tuilleadh nó bearta iomchuí a dhéanamh chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. D’fhoilsigh an Coimisiún an liosta sin in 2018 (IO 2018 C 194, lch. 1; Ceartúchán IO 2020 C 366, lch. 55).

( 9 ) Cinneadh Réime 2008/977/CBG ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le sonraí pearsanta a chosaint faoi chuimsiú an chomhair póilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (IO 2008 L 350, lch. 60).

( 10 ) IO 2016 L 119, lch. 89 Cuireadh Airteagal 41 de Threoir na bPóilíní in ionad Airteagal 25 de Chinneadh Réime 2008/977/CBG.

( 11 ) Féach Airteagal 15(2) de Threoir PNR

( 12 ) Féach Airteagal 15(3)(a) agus (b) de Threoir PNR

( 13 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis na foirmiúlachtaí dearbhaithe is infheidhme maidir le longa atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/6/CE (IO 2020 L 283, lch. 1).

( 14 ) Moniteur Belge (Iris Oifigiúil na Beilge) an 18 Nollaig 1998, lch. 40312.

( 15 ) C-203/15 agus C-698/15, “breithiúnas Tele2 SverigeEU:C:2016:970.

( 16 ) “Tuairim 1/15”EU:C:2017:592.

( 17 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis) (C-439/19, EU:C:2021:504, mír 61).

( 18 ) De réir Airteagal 2(1) de RGCS “[t]á feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.”.

( 19 ) Féach breithiúnas an 16 Iúil 2020, Facebook Ireland agus Schrems (C-311/18, EU:C:2020:559, mír 84), agus breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis) (C-439/19, EU:C:2021:504, mír 62).

( 20 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Privacy International (C-623/17, an breithiúnas in Privacy International, EU:C:2020:790, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear). De réir Airteagal 4(2) de RGCS, ciallaíonn “próiseáil”“aon oibríocht [..]a dhéantar ar [...] shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta [...] amhail [...] nochtadh trí tharchur”.

( 21 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis) (C-439/19, EU:C:2021:504, mír 69). De réir Airteagal 3(7)(a) agus (b) de Threoir na bPóilíní, is ionann “údarás inniúil” agus “(a) aon údarás poiblí atá inniúil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin; nó (b) aon chomhlacht nó eintiteas eile a dtugann dlí Ballstáit feidhmiú údaráis phoiblí agus sainchumais údaráis phoiblí ar iontaoibh dó” chun na gcríoch céanna.

( 22 ) Níl aon fhianaise air seo san ordú tarchuir.

( 23 ) Ní fhéadfar an t-oibreoir sin a aicmiú mar “p[h]róiseálaí” de réir bhrí Airteagal 4(8) RGCS nó Airteagal 3(9) de Threoir na bPóilíní, ach an oiread. ach mar “rialaitheoir” de réir bhrí an dara habairt d’Airteagal 4(7) de RGCS. De réir Airteagal 4(8) de RGCS agus Airteagal 3(9) de Threoir na bPóilíní, ina bhfuil an fhoclaíocht chéanna, is é an “próiseálaí” an “duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora”. De réir na chéad abairte d’Airteagal 4(7) RGCS, is é an “rialaitheoir” ná “an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála”, luaitear sa dara habairt den fhoráil sin: “i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit”

( 24 ) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31). Rinneadh an Treoir seo a aisghairm agus cuireadh RGCS ina hionad, féach Airteagal 94 RGCS.

( 25 ) C-317/04 agus C-318/04, “an breithiúnas in an Pharlaimint v an ChomhairleEU:C:2006:346. Sna cásanna ónar eascair an breithiúnas sin, d’iarr an Pharlaimint, ar dtús, Cinneadh 2004/496/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 2004 maidir le Comhaontú a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le próiseáil agus aistriú shonraí PNR ó aeriompróirí chuig Roinn Slándála Bhaile, Biúró um Chustaim agus um Chosaint Teorainneacha Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur ar neamhní (IO 2004 L 183, lch. 83, agus ceartúchán IO 2005 L 255, lch. 168). Ina theannta sin, d’iarr siad freisin go ndéanfaí Cinneadh 2004/535/CE ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2004 maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta atá i dTaifead Ainm an Phaisinéara ar aerphaisinéirí a aistrítear chuig an mBiúró um Chustaim agus Chosaint Teorainneacha Stát Aontaithe Mheiriceá a chur ar neamhní (IO 2004 L 235, lch. 11).

( 26 ) De réir na chéad fhleisce d’Airteagal 3(2) de Threoir 95/46, ní raibh feidhm ag an Treoir sin maidir le próiseáil sonraí pearsanta “arna gcur i bhfeidhm i gcomhair feidhmiú gníomhaíochtaí atá lasmuigh de raon feidhme dhlí an Chomhphobail, amhail na cinn dá bhforáiltear i dTeidil V agus VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus in aon chás maidir le hoibríochtaí próiseála a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, cosaint, nó slándáil an Stáit (lena n-áirítear leas eacnamaíoch an Stáit ina mbaineann an phróiseáil sin le cúrsaí slándála Stáit) agus le gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil” [Aistriúchán neamhoifigiúil] (cló iodálach curtha leis).

( 27 ) Maidir le cur chuige “teileolaíoch” agus “comhthéacsúil” na Cúirte sa bhreithiúnas in an Pharlaimint v an Chomhairle, féach tuairim an Abhcóide Ghinearálta in Campos Sánchez-Bordona sna cásanna uamtha La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18 agus C-512/18, EU:C:2020:6, míreanna 47 agus 62).

( 28 ) C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, an breithiúnas in “La Quadrature du Net”, EU:C:2020:791.

( 29 ) Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net, míreanna 100 go 102.

( 30 ) Féach, chuige sin, an breithiúnas in Privacy International, mír 47.

( 31 ) C-207/16, “an breithiúnas in Ministerio FiscalEU:C:2018:788, mír 34.

( 32 ) Féach, de réir analaí, na breithiúnais in Tele2 Sverige, míreanna 72 go 74, agus Ministerio fiscal, mír 34. Bhain na breithiúnais sin le léirmhíniú na chéad abairte d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37), a dhéanann foráil do chlásal teorann cosúil leis an gceann atá in Airteagal 23(1)(a) go 23(1)d) de RGCS.

( 33 ) Bhí údar le tagairt d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 i gcomhthéacs na Treorach sin, i bhfianaise fhoclaíocht an chlásail eisiaimh a leagtar síos in Airteagal 1(3) den Treoir sin, ina dtagraítear, go ginearálta, do “ghníomhaíochtaí an Stáit i réimse an dlí choiriúil”.

( 34 ) Féach, chuige sin, an breithiúnas in Privacy International, mír 38 agus mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 35 ) Is iad seo na hoibríochtaí próiseála arna rialú ag caibidlí 7 go 10 agus 12 de Dhlí PNR.

( 36 ) Féach, chuige sin, breithiúnais La Quadrature du Net, mír 103, agus Privacy International mír 48.

( 37 ) Féach go háirithe an breithiúnas in La Quadrature du Net.

( 38 ) Féach breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis) (C-439/19, EU:C:2021:504, mír 66).

( 39 ) Féach breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí Pionóis) (C-439/19, EU:C:2021:504).

( 40 ) Féach La Quadrature du Net, mír 99 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 41 ) Tá na coinníollacha maidir le próiseáil sonraí den sórt sin leagtha síos i gcaibidil 11 de Dhlí PNR.

( 42 ) Féach aithrisí 8, 9 agus 12 chomh maith le hAirteagal 6 de Threoir API agus Airteagal 8(2) de Threoir 2010/65.

( 43 ) Foráiltear go sainráite in Airteagal 6(1), an mhír dheireanach, de Threoir API, do Réamhfhaisnéis faoi Phaisinéirí (“sonraí API”) a bheith á húsáid ag údaráis um fhorghníomhú an dlí.

( 44 ) Féach, chuige sin, go háirithe breithiúnas an 16 Iúil 2020, Facebook Ireland v Schrems (C-311/18, EU:C:2020:559, mír 170 agus an cásdlí dá dtagraítear)

( 45 ) Féach, go háirithe, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Facebook Ireland v Schrems (C-311/18, EU:C:2020:559, mír 172 agus an cásdlí dá dtagraítear)

( 46 ) Féach, chuige sin, an breithiúnas in La Quadrature du Net, mír 122.

( 47 ) Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net, mír 123.

( 48 ) Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net, mír 124 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 49 ) Féach breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Trédhearcacht comhlachas) ((C-78/18, EU:C:2020:476, mír 122 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 50 ) Féach, go háirithe, ECtHR, 4 Nollaig 2015, Roman Zakharov v an Rúis (CE:ECHR:2015:1204JUD004714306, § 227); ECtHR, 18 Bealtaine 2010, Kennedy v an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:2010:0518JUD002683905, § 130), agus ECtHR, 25 Bealtaine 2021, Centrum för Rättvisa v. an tSualainn (CE:ECHR:2021:0525JUD003525208, § 246).

( 51 ) Féach, ECtHR, 4 Nollaig 2015, Roman Zakharov v An Rúis, (CE:ECHR:2015:1204JUD004714306, § 228), ECtHR, 4 Bealtaine 2000, Rotaru v An Rómáin (CE:ECHR:2000:0504JUD002834195, § 52); ECtHR, 4 Nollaig 2008, S. agus Marper v. An Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:2008:1204JUD003056204, mír 95); ECtHR, 18 Bealtaine 2021, Kennedy v. an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:2010:0518JUD002683905, § 151), agus ECtHR, 25 Bealtaine 2021, Centrüm för Rättvisa v An tSualainn (CE:ECHR:2021:0525JUD003525208, § 246)).

( 52 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v an Ungáir (C-78/18, EU:C:2020:476, míreanna 124 agus 126, agus cásdlí dá dtagraítear); féach freisin, ECtHR, 4 Bealtaine 2000, Rotaru v An Rómáin (CE:ECHR:2000:0504JUD002834195, § 48); ECtHR, 26 Márta 1987, Leander v. An tSualainn (CE:ECHR:1987:0326JUD000924881, § 46), agus ECtHR, 29 Meitheamh 2006, Weber agus an tSaivéin v an Ghearmáin (CE:ECHR:2006:0629DEC005493400, § 79).

( 53 ) Féach an breithiúnas in Ministerio Fiscal, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 54 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v an Ungáir (C-78/18, EU:C:2020:476, mír 126), agus an breithiúnas in Ministerio Fiscal, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 55 ) Féach breithiúnas an 8 Aibreán 2014, Digital Rights Ireland agus páirtithe eile. (C‑293/12 et C‑594/12, breithiúnas Ministerio FiscalEU:C:2014:238, mír 34.)

( 56 ) Féach Tuairim 1/15, mír 121 go mír 123.

( 57 ) Féach, chuige sin, an breithiúnas in Privacy International, míreanna 79 agus 80 chomh maith leis an cásdlí dá dtagraítear.

( 58 ) Féach Airteagal 2(1) go 2(3) de Threoir PNR

( 59 ) Féach Airteagal 2(3) de Threoir PNR

( 60 ) I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, ós rud é nach raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Threoir PNR, níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm (féach aithris 40 den Treoir sin). Mar sin féin, is léir ó na barúlacha i scríbhinn a thaisc Rialtas na Danmhairge gur ghlac Ríocht na Danmhairge dlí in 2018 maidir le sonraí PNR a bhailiú, a úsáid agus a stóráil, dlí a bhfuil a fhorálacha comhsheasmhach den chuid is mó le forálacha Threoir PNR. Maidir le hÉirinn, is léir ó aithris 39 de Threoir PNR gur mian leis a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach sin, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE.

( 61 ) D’fhoilsigh an Coimisiún liosta nuashonraithe de na Ballstáit a chinn Treoir PNR a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir PNR (IO 2020 C 358, lch. 7), a ceartaíodh i mí Mheán Fómhair 2021 leis an tSlóivéin á cur isteach agus an tagairt don Ríocht Aontaithe á scriosadh (IO 2021 C 360, lch. 8). Níl Éire ná an Ostair san áireamh sa liosta sin. Sa Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an athbhreithniú ar Threoir [PNR], 24 Iúil 2020, COM (2020) 305 final lch. 11 (“Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún”), luann sé go bhfuil na Ballstáit go léir, cé is moite ceann amháin, tar éis bailiú shonraí PNR a leathnú chuig eitiltí laistigh den Aontas.

( 62 ) Féach go háirithe pointe (4) agus pointe (18) d’Iarscríbhinn I maidir le hainmneacha, inscne, dáta breithe, náisiúntacht agus doiciméid aitheantais na bpaisinéirí.

( 63 ) Féach, go háirithe, pointí (2), (3), (7), (13) agus (18) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir PNR ina luaitear, inter alia, uimhir na heitilte, na haerfoirt imeachta agus teachta, chomh maith leis na dátaí agus na hamanna imeachta agus teachta.

( 64 ) Féach pointí (5), (6), (9), (12) agus (16) d’Iarscríbhinn I.

( 65 ) Féach, chuige sin, Tuairim 1/15, mír 131.

( 66 ) SWD (2020) 128 final.

( 67 ) Luaitear i nDoiciméad Oibre 2020 (leathanach 28 agus fonóta 55), ráta meaitseála dearfach 0.59 % in 2019, nár aistríodh ach 0.11 % dóibh chuig na húdaráis inniúla. Don bhliain 2018, b’ionann na céatadáin chomhfhreagracha agus 0.25% agus 0.04% faoi seach.

( 68 ) Féach Tuairim 1/15, mír 132.

( 69 ) Is féidir go gcumhdódh an córas a bhunaítear le Treoir PNR, roimh an ngéarchéim sláinte, suas le billiún paisinéir in aghaidh na bliana, sonraí atá ar fáil ar an suíomh seo a leanas: https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ttr00012/default/table?lang=en.

( 70 ) Is é sin, aon duine a cháilíonn mar “phaisinéir” mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(4) de Threoir PNR agus a ghlacann “eitilt lasmuigh de AE”, chomh maith le “eitilt laistigh de AE”de facto.

( 71 ) I staidéar a ghlac an Coimisiún Eorpach maidir le Daonlathas tríd an Dlí (Coimisiún na Veinéise) in 2015, meastar go dtagann bearta den sórt sin faoin gcoincheap “faireachas straitéiseach” agus go leanann siad “treocht ghinearálta” i dtreo “faireachas réamhghníomhach” ar an daonra; féach an staidéar Mise à jour du rapport de 2007 sur le contrôle démocratique des services de sécurité agus rapport sur le contrôle démocratique des agences de collecte de renseignements d’origine électromagnétique, arna ghlacadh ag Coimisiún na Veinéise le linn a 102ú seisiún iomlánach (An Veinéis, 20agus 21 Márta 2015), https://www.venice.coe.int/webforms/documents/?pdf=CDL-AD(2015)006-f, mír 61.

( 72 ) I ndáil le hAirteagal 8 ECHR, féach breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, an 25 Bealtaine 2021, Big Brother Watch agus páirtithe eile v an Ríocht Aontaithe (:CE:ECHR:2021:0525JUD005817013, mír 325; “Big Brother Watch”) maidir le bearta oll-idircheaptha, ina luann an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go méadaítear déine an chur isteach ar fheidhmiú an chirt chun saoil phríobháidigh de réir mar a chuirtear na céimeanna éagsúla den phróiseas i gcrích, eadhon, idircheapadh agus coinneáil tosaigh na cumarsáide agus na sonraí gaolmhara, próiseáil uathoibrithe trí roghnóirí a chur i bhfeidhm, athbhreithniú ag anailísithe agus coinneáil sonraí ina dhiaidh chomh maith le húsáid an “táirge deiridh”.

( 73 ) Féach, chuige sin, aithrisí 6 agus 7 de Threoir PNR; féach, chun anailís dhomhain a dhéanamh ar an gcuspóir agus ar na himpleachtaí do chosaint an tsaoil phríobháidigh agus sonraí pearsanta, an tuarascáil dar teideal: Passenger Name Records (PNR), data mining and data protection: the need for strong safeguards, ullmhaithe ag Korff D, le hALT ó Georges M., https://rm.coe.int/16806a601b (“Tuarascáil Korff”).

( 74 ) Mar a luaitear i dtuarascáil Korff, “PNR is not an isolated issue, but a new symptom of a much wider disease”.

( 75 ) Féach, inter alia, breithiúnais an 16 Iúil 2020, Facebook Ireland v Schrems (C-311/18, EU:C:2020:559, mír 175); an 8 Meán Fómhair 2020, Recorded Artists Actors Performers (C-265/19, EU:C:2020:677, mír 86 agus an cásdlí dá dtagraítear); agus an breithiúnas in Privacy international, mír 65.

( 76 ) Féach, inter alia, breithiúnais ECtHR an 8 Meitheamh 2006, Lupsa v an Rómáin, (CE:ECHR:2006:0608JUD001033704, mír 32 agus 33) agus an 15 Nollaig 2020, Piskìn v an Tuirc (CE:ECHR:2020:1215JUD003339918, mír 206); Féach freisin Big Brother Watch, mír 333. Maidir leis an ngá atá ann an léirmhíniú céanna a thabhairt don nath “foráil le dlí’ in Airteagal 52(1) den Chairt agus an léirmhíniú a ghlac an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Wathelet in WebMindLicenses (C-419/14, EU:C:2015:606, mír 134 go 143).

( 77 ) Féach, go deireanach, breithiúnas Big Brother Watch, mír 333.

( 78 ) Féach breithiúnas an 17 Nollaig 2015, WebMindLicenses (C-419/14, EU:C:2015:832,mír 81); Féach freisin, ECtHR, breithiúnas an 1 Iúil 2008, Liberty agus páirithe eile v an Riocht Aontaithe (CE:ECHR:2008:0701JUD005824300, mír 69) chomh maith le breithiúnas Big Brother Watch, mír 333.

( 79 ) Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch, arna ghlacadh in Strasbourg an 28 Eanáir 1981 agus arna dhaingniú ag na Ballstáit uile, “Coinbhinsiún 108”. Rinneadh Prótacal lena leasaítear an Coinbhinsiún a dhréachtú in 2018 d’fhonn é a nuachóiriú. Le Cinneadh (AE) 2019/682 ón gComhairle an 9 Aibreán 2019 (IO 2019, L 115, lch. 7), údaraíodh do na Ballstáit an Prótacal Leasaitheach sin a dhaingniú, chun leas an Aontais, a mhéid a thagann a chuid forálacha faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Sa chuid eile den Tuairim seo, tagróidh mé freisin do théacs Choinbhinsiún nuachóirithe 108, ina bhforáiltear, cé nach bhfuil sé daingnithe ag na Ballstáit go léir agus nach bhfuil sé i bhfeidhm fós, mar is léir ó Chinneadh 2019/682, do choimircí arna mbunú ar na prionsabail chéanna leo sin atá leagtha amach in RGCS agus i dTreoir na bPóilíní.

( 80 ) https://rm.coe.int/t-pd-2016-18rev-avis-pnr-fr/16807b6c09, lch. 3 agus 5. Sa tuarascáil mhíniúcháin a ghabhann leis an bPrótacal lena leasaítear Coinbhinsiún 108 (dá ngairtear an “tuarascáil mhíniúcháin ar Choinbhinsiún 108 nuachóirithe”) leagtar béim freisin ar an gceanglas go mbeidh an beart lena bhforáiltear do chur isteach ar chearta chun saoil phríobháidigh agus cosanta sonraí pearsanta “inrochtana”, “intuartha”, “mionsonraithe go leor” agus “curtha in iúl go soiléir”; féach mír 91 den tuarascáil mhíniúcháin sin, https://rm.coe.int/convention-108-convention-pour-la-protection-des-personnes-a-l-egard-d/16808b3726.

( 81 ) Féach, a contrario, breithiúnas an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C-482/17, EU:C:2019:1035, mír 135).

( 82 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in La Quadrature du Net, mír 132 agus an cásdlí dá dtagraítear; Féach freisin an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, breithiúnas Big Brother Watch, mír 334.

( 83 ) Féach, chuige sin, Tridimas T, Gentile G “The essence of Rights: an unreliable Boundary?”, German Law Journal, 2019, lch. 796; Lenaerts, K, “Limits on limitations: The Essence of Fundamental Rights in the EU”, German Law Journal, 2019, 20, lch. 779 agus níos déanaí.

( 84 ) Ag tosú le breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, an 24 Deireadh Fómhair 1979, Winterwerp v. an Ísiltír,(CE:ECHR:1979:1024JUD000630173, mír 60.)

( 85 ) Féach Mínithe maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (IO 2007 C 303, lch. 17, ach go háirithe “Míniú ar Airteagal 52”, lch. 32, “Mínithe maidir leis an gCairt”).

( 86 ) Féach cheana chuige sin, inter alia, breithiúnais an 14 Bealtaine 1974, Nold v an Coimisiún (4/73, EU:C:1974:51, mír 14) agus an 13 Nollaig 1979, Hauer (44/79, EU:C:1979:290, mír 23).

( 87 ) C-362/14, thíos, “breithiúnas Schrems IEU:C:2015:650, mír 94 go 98.

( 88 ) Féach, Lenaerts, K., op. cit, lch. 781; Tridimas, T., Gentile, G., op. cit, lch. 803.

( 89 ) Aithnítear go sainráite sna Mínithe maidir leis an gCairt gur “cuid de shubstaint na gceart a leagtar síos sa Chairt seo í dínit an duine” agus “(n)í mór, dá bhrí sin, í a urramú, fiú amháin agus srian á chur ar cheart”.

( 90 ) Tagraím ina leith seo do na breithnithe atá i gcomhthuairim pháirteach na mBreithiúna Lemmens, Vehabović agus Bošniak i mbreithiúnas Big Brother Watch, míreanna 3 go 10.

( 91 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le sonraí a stóráil, sonraí arna nginiúint nó arna bpróiseáil i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí nó gréasáin cumarsáide poiblí a sholáthar agus lena leasaítear Treoir 2002/58/CE (IO 2006 L 105, lch. 54).

( 92 ) Féach an breithiúnas in Digital Rights, mír 39; féach freisin, maidir le Treoir 2002/58, an breithiúnas in Tele2 Sverige, mír 101.

( 93 ) Féach Tuairim 1/15, mír 150.

( 94 ) Féach, chuige sin, inter alia an breithiúnas in Digital Rights, mír 40.

( 95 ) Féach, chuige sin, Tuairim 1/15, mír 128.

( 96 ) Féach Tuairim 1/15, mír 164 agus mír 165.

( 97 ) Féach Tuairim 1/15, mír 150.

( 98 ) Féach go háirithe aithrisí 5, 6, 15 agus 22 de Threoir PNR.

( 99 ) Togra ón gComhairle an 2 Feabhra 2011 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (COM(2011) 32 final, lch. 4).

( 100 ) Ar mhaithe le simpliú, bainfear úsáid sa Tuairim seo as na téarmaí “gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí” nó “údaráis forfheidhmithe dlí” chun a léiriú, go ginearálta, aon údarás a bhfuil cumhachtaí aige i réimsí na sceimhlitheoireachta nó na coireachta tromchúisí a chumhdaítear le Treoir PNR a bhrath, a chosc, a ionchúiseamh nó a imscrúdú.

( 101 ) Féach aithris 7 de Threoir PNR. Féach freisin an Togra le haghaidh Threoir PNR, lch. 5.

( 102 ) Féach, chuige, Tuairim 1/15, agus breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach) (C-746/18 (“an breithiúnas in Prokuratuur”), EU:C:2021:152, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear)

( 103 ) Féach, chuige sin, Tuairim 1/15, mír 149 agus an cásdlí dá dtagraítear, chomh maith leis an mbreithiúnas in La Quadrature du Net.

( 104 ) Féach, thíos, an anailís ar chomhréireacht an chur isteach.

( 105 ) Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net, mír 125.

( 106 ) Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net, mír 126 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 107 ) Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net, mír 136.

( 108 ) Féach an breithiúnais in Digital Rights, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 109 ) Féach Tuairim 1/15, mír 140, agus an breithiúnas in La Quadrature du Net, mír 130 agus an cásdlí dá dtagraítear. Leagtar amach freisin in Airteagal 5 de Choinbhinsiún 108 an ceanglas go léireoidh próiseáil sonraí pearsanta, ag gach céim, “cothromaíocht chóir idir na leasanna uile atá i gceist, cibé acu leasanna poiblí nó príobháideacha iad, chomh maith leis na cearta agus na saoirsí atá i gceist”.

( 110 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C-207/16, EU:C:2018:788, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear), chomh maith leis na breithiúnais La Quadrature du Net, mír 131, agus Prokuratuur, mír 32.

( 111 ) Féach, chuige sin, na breithiúnais in Digital Rights, mír 54, agus Schrems I, mír 91 chomh maith le Tuairim 1/15, mír 141.

( 112 ) Féach Tuairim 1/15, mír 141 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 113 ) Féach, chuige sin, an breithiúnas Digital Rights, mír 48.

( 114 ) Féach, chuige sin, míreanna 201 go 203 den Tuairim seo.

( 115 ) Tagraím, i ndáil leis sin, do na sonraí atá i nDoiciméad Oibre 2020.

( 116 ) Féach, chuige sin, Tuairim an 19 Lúnasa 2016, mír 5.

( 117 ) Maidir leis an tábhacht a bhaineann le staidreamh chun éifeachtacht an chórais arna bhunú le Treoir PNR a mheasúnú, féach, inter alia, Tuairim 1/2011 an 14 Meitheamh 2011, maidir leis an Togra le haghaidh Threoir PNR https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/1786-FRA-PNR-Opinion-2011_FR.pdf mír 2.1.2.1 (“Tuairim 1/2011 ó FRA)”).

( 118 ) Tá an cheist seo, áfach, curtha go soiléir ag an Verwaltungsgericht Wiesbaden (Cúirt Riaracháin, Wiesbaden, an Ghearmáin) i gCás C-215/20.

( 119 ) Iarradh ar an gCoimisiún a bharúlacha a thíolacadh i gcomhthéacs ceist i gcomhair freagra i scríbhinn. Tugadh deis do na páirtithe leasmhara eile a dtuairimí a thabhairt ag an éisteacht.

( 120 ) Féach mír 107, in fine, den Tuairim seo.

( 121 ) Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

( 122 ) Tugaim faoi deara ina leith sin go raibh an coincheap “coireacht de chineál trasnáisiúnta” mar atá sainmhínithe, mar shampla, i ndréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE sách leathan le go n-áireofaí freisin cionta a dhéantar i dtír amháin agus i gcás ina bhfuil an ciontóir “i dtír eile nó go bhfuil sé ar intinn aige taisteal go tír eile”; féach Airteagal 3(3)(e) de dhréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE, a bhfuil a fhoclaíocht tugtha i mír 30 de Thuairim 1/15. Tugaim faoi deara freisin gur mhol FRA ina Thuairim 1/2011 (pointí 2.2.3.1 agus 3.7) gur cheart córas PNR an Aontais Eorpaigh a theorannú do chionta tromchúiseacha trasnáisiúnta amháin. Ar an taobh eile de, beartaíodh próiseáil uathoibrithe dhifreáilte le haghaidh cionta trasnáisiúnta agus neamhthrasnáisiúnta (féach Airteagal 4(2)(a) den togra) leis an togra le haghaidh Threoir PNR.

( 123 ) Tugaim faoi deara, ina theannta sin, go dtagann cuid de na cionta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II faoi réimsí coireachta “fíorthromchúisí” sa chéad fhomhír d’Airteagal 83(1) CFAE agus a liostaítear sa dara fomhír den mhír sin. Áirítear orthu sin gáinneáil ar dhaoine, teacht i dtír gnéasach ar leanaí, an gháinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí, an gháinneáil aindleathach ar airm, sciúradh airgid, an éillitheacht, góchumadh modhanna íocaíochta, coireacht ríomhairí agus an choireacht eagraithe. I roinnt de na réimsí sin, ghlac reachtóir an Aontais, ar bhonn Airteagal 83(1) CFAE, treoracha lena mbunaítear “rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus pionóis choiriúla”, féach, go háirithe, Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO 2011 L 101, lch. 1); Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO 2011, L 335, lch. 1); Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO 2013 L 218, lch. 8); Treoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle (IO 2019, L 123, lch. 18);Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO 2017 L 198, lch. 29) agus Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac leis an dlí coiriúil (IO 2018, L 284, lch. 22).

( 124 ) Tugaim faoi deara, áfach, go liostaítear na cionta go léir dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, seachas “spiaireacht thionsclaíoch”, in Airteagal 2(2) Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1). Cé nach ndéantar iad a aicmiú go sainráite mar thromchúiseach, fós, nuair a shroicheann siad an tairseach chéanna pianbhreithe coimeádta dá bhforáiltear in Airteagal 3(9) de Threoir PNR, beidh tabhairt suas de bhun Barántais Gabhála Eorpaigh i gceist, gan coiriúlacht dhúbailte an ghnímh a fhíorú. Tagann beagnach gach ceann de na cionta sin, seachas “sabaitéireacht”, “fuadach eitleáin” agus “spiaireacht thionsclaíoch” faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin, a liostaítear ina “coireachta tromchúisí” faoi inniúlacht Eurojust.

( 125 ) Maidir le, go háirithe, pointí 7, 8, 10 agus 16.

( 126 ) Is é sin an cás, mar shampla, maidir le “calaois” (pointe 7), “éilliú” (pointe 6), “cibearchoireacht” (pointe 9) agus na “cionta comhshaoil” (pointe 10). Is é sin an t-ábhar, go háirithe, maidir le cionta calaoiseacha a dtugann Verwaltungsgericht Wiesbaden (Cúirt Riaracháin, Wiesbaden) aghaidh orthu i gCás C-215/20 atá ar feitheamh.

( 127 ) Thairis sin, sonraítear le hAirteagal 9 den Treoir sin fad íosta an uastéarma príosúnachta nach mór do na cionta sin a bheith inphionóis ina leith, tairseach nach sroicheann ach trí bliana i gcúinsí áirithe.

( 128 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 (IO 2008 L 328, lch. 28).

( 129 ) Treoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena sainmhínítear éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe (IO 2002 L 328, lch. 17).

( 130 ) Cinneadh Réime ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur le héascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe (IO 2002 L 328, lch. 1).

( 131 ) Cinneadh Réime ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le héilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO 2003 L 192, lch. 54).

( 132 ) Cinneadh Réime ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO 2008 L 300, lch. 42).

( 133 ) Féach, go háirithe, aithrisí 7 agus 22 de Threoir PNR.

( 134 ) Féach Aithris 35 de Threoir PNR.

( 135 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Nollaig 2008, Arcelor Atlantique v Lorraine agus páirtithe eile (C-127/07, EU:C:2008:728, míreanna 61 agus 62) agus an 17 Deireadh Fómhair 2013, Schaible (C-101/12, EU:C:2013:661, míreanna 91 agus 94).

( 136 ) Féach Doiciméad 9944, a d’fhormheas Ard-Rúnaí ICAO agus a foilsíodh faoina údarás. Tá an doiciméad sin ar fáil i bhFraincis ar an suíomh:https://www.icao.int/Security/FAL/ANNEX9/Documents/9944_cons_fr.pdf. I gcomhréir le pointe 9.22 d’Iarscríbhinn 9 (Éascuithe) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 (“Coinbhinsiún Chicago”), ceanglaítear ar Stáit Chonarthacha, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo, a éilíonn sonraí PNR a gceanglais sonraí agus próiseáil sonraí den sórt sin, i measc nithe eile, a ailíniú le linn na dtreoirlínte sin.

( 137 ) Féach, chuige sin, Tuairim 1/15, mír 160.

( 138 ) Féach pointe 2.1.2 agus pointe 2.1.5 de Threoirlínte ICAO.

( 139 ) Tá an t-aon tagairt do Threoirlínte ICAO i dTreoir PNR le fáil in Aithris 17 den Treoir agus ní bhaineann sí ach le “formáidí aitheanta sonraí le haghaidh aistrithe shonraí PNR arna ndéanamh ag aeriompróirí chuig Ballstáit” [Aistriúchán neamhoifigiúil].

( 140 ) Dá bhrí sin, tagraíonn pointe 2.1.5 de na Treoirlínte sin, [Aistriúchán neamhoifigiúil] do “fhaisnéis bhreise” nó “a bhaineann leis na seirbhísí a iarrtar” a d’fhéadfadh a bheith bainteach “le hiarrataí ar chúram leighis nó béilí speisialta, “mionaoisigh atá ag taisteal leo féin”, iarrataí ar chúnamh, etc.”. Luaitear i bpointe 2.1.6 go bhféadfaidh “faisnéis áirithe”, amhail “comhfhreagras inmheánach nó cumarsáid idir pearsanra aerlíne agus gníomhairí áirithinte” a bheith san áireamh.

( 141 ) Féach pointe 2.1.5 agus pointe 2.1.6 de Threoirlínte ICAO.

( 142 ) Féach breithiúnas an 17 Deireadh Fómhair 2013, Schwarz (C-291/12, EU:C:2013:670, mír 32), maidir le cás an iarratasóra ar phas a gceanglaítear méarloirg a fháil uaidh chun doiciméad a fháil le haghaidh taisteal chuig tríú tír.

( 143 ) Fillfidh mé ar an gcatagóir sonraí sin níos déanaí sa Tuairim seo.

( 144 ) Tá an méid seo curtha in iúl ag FRA ina Thuairim 1/2011, lch. 13. I dTuairim an 25 Márta 2011 maidir leis an Togra le haghaidh Threoir PNR, (https://edps.europa.eu/sites/edp/files/publication/11-03-25_pnr_en.pdf, mír 47) (“Tuairim MECS an 25 Márta 2011”), mhol MECS an chuid “Barúlacha ginearálta” a eisiamh ón liosta in Iarscríbhinn I.

( 145 ) Féach, go háirithe, breithiúnais an 19 Samhain 2009, Sturgeon agus páirtithe eile. (C-402/07 agus C-432/07, EU:C:2009:716, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear); an 19 Meán Fómhair 2013, Réexamen Commission v Strack (C-579/12 RX-II, EU:C:2013:570, mír 40), freisin an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile. (Stádas dídeanaí a aisghairm) (C-391/16, C-77/17 agus C-78/17, EU:C:2019:403, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 146 ) Féach go háirithe aithrisí 5, 7, 11, 15, 16, 20, 22, 23, 25, 27, 28, 31, 36 agus 37 de Threoir PNR.

( 147 ) Féach breithiúnais an 26 Meitheamh 2007, Ordre des barreaux francophones agus germanophoneagus páirtithe eile. (C-305/05, EU:C:2007:383, mír 28), agus an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile. (Stádas dídeanaí a aisghairm) (C-391/16, C-77/17 agus C-78/17, EU:C:2019:403, mír 77).

( 148 ) Maidir leis an bpointe seo, luaitear in aithris 9 “[t]á breisluach ag baint le húsáid chomhcheangailte shonraí PNR agus API chun cuidiú leis na Ballstáit céannacht duine a fhíorú, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar luach an toraidh maidir le cionta a chosc, a bhrath agus a phionósú agus an riosca go gcuirfí daoine neamhchiontacha faoi sheiceálacha agus faoi imscrúduithe a íoslaghdú.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

( 149 ) Féach chuige sin freisin, Togra le haghaidh Threoir PNR, lch. 7, mír 1. Tá na sonraí céanna sna treoirlínte maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí (API) arna bhforbairt ag an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (WCO), an Comhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (IATA) agus ICAO, http://www.wcoomd.org/~/media/wco/public/global/pdf/topics/facilitation/instruments-and-tools/tools/api-guidelines-and-pnr-doc/apiguidelines_eng.pdf?db=web) [(na “Treoracha maidir le API”), pointe 8.1.5(a)], mar “phríomheilimintí sonraí a fhéadfar a áireamh i gcrios meaisín-inléite na ndoiciméad taistil oifigiúil” [Aistriúchán neamhoifigiúil].

( 150 ) Is mar seo a leanas atá foclaíocht Airteagal 3(2) de Threoir API. “Áirítear leis an bhfaisnéis sin: uimhir agus cineál an doiciméid taistil a úsáideadh; náisiúntacht; ainm iomlán; dáta breithe; an pointe trasnaithe teorann a úsáidtear chun teacht isteach ar chríoch na mBallstát; cód iompair; amanna imeachta agus teachta an iompair; líon iomlán na ndaoine a iompraítear; pointe bordála tosaigh” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Ba mhaith liom a chur in iúl gur bheartaigh an Coimisiún Treoir API a thabhairt cothrom le dáta ina Chlár Oibre do 2022, COM(2021) 645 final, lch. 9. I mí Mheán Fómhair 2020, d’fhoilsigh sé meastóireacht ar an Treoir sin mar bhunús dá athbhreithniú a dhéanfar amach anseo, SWD(2020), 174 final (“Doiciméad Oibre Threoir API 2020”). Sa doiciméad seo, cuireann an Coimisiún in iúl, inter alia, nach bhfuil an liosta sonraí atá in Airteagal 3(2) de Threoir API i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le sonraí API, go háirithe sa mhéid nach bhfuil na sonraí go léir san áireamh sa chuid mheaisín-inléite de dhoiciméid aitheantais (féach, inter alia, lch. 48).

( 151 ) Féach Treoirlínte API, pointí 8.1.5 (b) agus (c).

( 152 ) Tá léirmhíniú den chineál céanna ar an gcuid ábhartha de Dhréacht-chomhaontú PNR Ceanada-AE i mír 161 de Thuairim 1/15.

( 153 ) Tugaim faoi deara go bhfuil roinnt ceisteanna curtha faoi bhráid na Cúirte faoi láthair chun réamhrialú a fháil, go sonrach maidir le cineál sách beacht roinnt pointí d’Iarscríbhinn I, go háirithe pointí 4, 8, 12 agus 18 (féach Cás C-215/20 atá ar feitheamh).

( 154 ) Féach Tuairim 1/15, mír 158.

( 155 ) Tugaim faoi deara go bhfuil an fhaisnéis faoin ngníomhaireacht taistil nó faoin ngníomhaire taistil san áireamh i bpointe 5 d’Iarscríbhinn I cheana féin.

( 156 ) Féach an sainmhíniú ar shonraí PNR in Airteagal 3(5) de Threoir PNR.

( 157 ) Féach chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Mengozzi i dTuairim 1/15, [(Comhaontú PNR AE-Ceanada), EU:C:2016:656], mír 218.

( 158 ) Féach an chuid ábhartha d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlínte ICAO.

( 159 ) Féach, go háirithe, chuige sin, an breithiúnas in Digital Rights, mír 57. Maidir leis an gceanglas go ndéanfar na catagóirí sonraí a chumhdaítear le beart rochtana a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach don chuspóir atá á shaothrú, féach, le déanaí, Prokuratuur, mír 38. Foráiltear do phrionsabal an íoslaghdaithe sonraí, inter alia, in Airteagal 5(1)(c) de RGCS agus in Airteagal 4(1)(c) de Threoir na bPóilíní.

( 160 ) Féach, inter alia, an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, 18 Aibreán 2013, M.K. v. An Fhrainc (CE:ECHR:2013:0418JUD001952209, mír 35).

( 161 ) Féach Tuarascáil Mhíniúchán ar Choinbhinsiún 108 de 1981 (https://rm.coe.int/16800ca471), Airteagal 5, mír 40, chomh maith le Tuarascáil Mhíniúchán ar Choinbhinsiún 108 nuachóirithe, Airteagal 5, mír 51.

( 162 ) Féach mír 154 go 8 agus 162 go 164, den Tuairim seo.

( 163 ) Féach míreanna 127 go 147 den Tuairim seo.

( 164 ) Tá ceart an linbh chun go ndéanfar a shaol príobháideach a urramú cumhdaithe in Airteagal 16 de Choinbhinsiún Nua-Eabhrac um Chearta an Linbh, a glacadh an 20 Samhain 1989 agus a tháinig i bhfeidhm an 2 Meán Fómhair 1990.

( 165 ) Féach pointe 2.7.3 de Threoirlínte ICAO.

( 166 ) Féach pointe 2.7.4 de Threoirlínte ICAO.

( 167 ) Meabhraítear freisin an ceanglas chun slándáil agus iontaofacht aistriú na sonraí chuig PIUnna a áirithiú in Airteagal 16(1) de Threoir PNR maidir leis na modhanna leictreonacha a úsáidtear don aistriú sin agus bhí sé ar cheann de na critéir a lean an Coimisiún le linn dó na comhphrótacail agus na formáidí coiteanna sonraí a ghlacadh a bheidh le húsáid ag aeriompróirí san aistriú sin, mar a cheanglaítear le mír 3 den Airteagal sin; féach Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/759 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2017 maidir le prótacail choiteanna agus formáidí sonraí comhchoiteanna a bheidh le húsáid ag aeriompróirí agus iad ag aistriú sonraí PNR chuig Aonaid Faisnéise Paisinéirí (IO 2017 L 113, lch. 48).

( 168 ) Féach aithris 37 de Threoir PNR.

( 169 ) Tá na catagóirí sonraí pearsanta a liostaítear in Airteagal 13(4) de Threoir PNR san áireamh sa choincheap “catagóirí speisialta sonraí pearsanta” in Airteagal 9(1) de RGCS.

( 170 ) Maidir leis sin, i mo thuairim féin, tá na maímh a rinne roinnt Ballstát a chuir a gcuid barúlacha i láthair maidir leis an dara ceist go bhfuil modhanna teicniúla ann chun sonraí íogaire arna dtarchur ag aeriompróirí a scriosadh go héasca, neamhábhartha, i mo thuairim.

( 171 ) Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Mengozzi i dTuairim 1/15(Comhaontú PNR AE-Ceanada), EU:C:2016:656.

( 172 ) Ba mhaith liom a lua, fiú i dTreoirlínte ICAO, cé nach gcuirtear as an áireamh go bhféadfadh sonraí íogaire a d’fhéadfaí a bhaint as na codanna “saor-théacs” a bheith úsáideach chun an riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint le paisinéir a mheasúnú, moltar fós do na Stáit Chonarthacha a áirithiú nach gcuirfear san áireamh iad ach amháin má tá tásca nithiúla ann gur cheart iad a úsáid chun na gcríoch arna saothrú lena reachtaíocht PNR.

( 173 ) Meabhraím go raibh eisiamh den sórt sin molta cheana féin ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) ina Thuairim an 25 Márta 2011, mír 47.

( 174 ) Is sonraí iad seo a fhéadfaidh faisnéis a sholáthar maidir leis an gcumarsáid arna déanamh ag úsáideoir modha leictreonaigh cumarsáide nó maidir le suíomh an trealaimh teirminéil a úsáideann sé.

( 175 ) Féach, chuige sin, na breithiúnais in La Quadrature du Net, míreanna 141 go 145 agus Tele2 Sverige, míreanna 105 agus 106, a thugtar i gcomhthéacs léirmhíniú Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, chomh maith leis an mbreithiúnas in Digital Rights, míreanna 57 agus 58, inar dhearbhaigh an Chúirt go raibh Treoir 2006/24 neamhbhailí.

( 176 ) Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net, mír 177.

( 177 ) Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net, míreanna 134 go 139 agus 177. Dar leis an gCúirt, tá freagracht ar na Ballstáit i réimse na slándála náisiúnta “ag freagairt don leas sáraitheach maidir le feidhmeanna sár-riachtanacha an Stáit agus leasanna bunúsacha na sochaí a chosaint agus áirítear léi gníomhaíochtaí a chosc agus a chur faoi chois a d’fhéadfadh struchtúir bhunúsacha bhunreachtúla, pholaitiúla, eacnamaíocha nó shóisialta tíre a dhíchobhsú go mór, agus go háirithe bagairt dhíreach ar an tsochaí, ar an daonra nó ar an Stát féin, amhail gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta go háirithe”; féach La Quadrature du Net, mír 135, agus Privacy International, mír 74.

( 178 ) Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net, míreanna 138 agus 178.

( 179 ) Féach go háirithe an breithiúnas in La Quadrature du Net, míreanna 141 go 145.

( 180 ) Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net, míreanna 115 agus 116; féach freisin, tuairim an Abhcóide Ghinearálta Campos Sanchéz-Bordona i gCásanna uamtha SpaceNet agus Telekom Deutschland (C-793/19 agus C-794/19, EU:C:2021:939, míreanna 74 agus 75).

( 181 ) Féach an breithiúnas in Tele2 Sverige, mír 119.

( 182 ) Féach, chuige sin, an breithiúnas in Tele2 Sverige, míreanna 103 go 107 agus 119 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 183 ) Féach Tuairim 1/15, mír 186 agus mír 187.

( 184 ) Sna breithiúnais in Digital Rights (mír 59) agus Tele2 Sverige (mír 111), mar atá i gcásdlí ina dhiaidh sin (féach, go háirithe, La Quadrature du Net, míreanna 143 go 150), is é an fíoras go díreach nach raibh an reachtaíocht a bhí i gceist bunaithe ar “eilimintí oibiachtúla” den chineál dá dtagraíonn an Chúirt i mír 187 de Thuairim 1/15, chun díriú ar phobal ar dócha go nochtfadh a shonraí nasc, indíreach ar a laghad, le gníomhartha sceimhlitheoireachta, rud a fhágann go raibh an reachtaíocht sin díréireach.

( 185 ) Féach an breithiúnais in La Quadrature du Net (míreanna 117 agus an cásdlí dá dtagraítear) féach freisin an breithiúnas in Prokuratuur (mír 36).

( 186 ) An breithiúnas in La Quadrature du Net, mír 142.

( 187 ) Féach Tuairim 1/15, mír 128 agus mír 150.

( 188 ) Féach Tuairim 1/15, mír 150.

( 189 ) Maidir leis an deacracht a bhaineann le measúnú den sórt sin maidir le meiteashonraí, féach an breithiúnas in Prokuratuur mír 40.

( 190 ) Rinne reachtas na Gearmáine iarracht dá leithéid a dhéanamh sa reachtaíocht atá i gceist i gCásanna Uamtha C-793/19 agus C-794/19 SpaceNet agus Telekom Deutschland, inar thug an tAbhcóide Ginearálta Campos Sánchez-Bordona a Thuairim (EU:C:2021:939, míreanna 60 agus 61).

( 191 ) Déanaim tagairt ina leith sin do mhír 93 den Tuairim seo.

( 192 ) Féach La Quadrature du Net, mír 118 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 193 ) Féach an breithiúnas in Tele2 Sverige, mír 93.

( 194 ) Féach chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Mengozzi i dTuairim 1/15(Comhaontú PNR AE-Ceanada), EU:C:2016:656].

( 195 ) Féach, inter alia, an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, breithiúnas an 4 Nollaig 2015, Roman Zakharov v an Rúis (CE:ECHR:2015:1204JUD004714306, mír 260).

( 196 ) Féach na breithiúnais in La Quadrature du Net (míreanna 146 go 151), agus Tele2 Sverige (mír 119).

( 197 ) Chuige sin, maidir le bearta idirghabhála mais, féach an breithiúnas in Big Brother Watch, mír 348.

( 198 ) Féach, de réir analaí, breithiúnais an 3 Deireadh Fómhair 2019, A agus páirtithe eile (C-70/18, EU:C:2019:823, mír 61.)

( 199 ) Féach, le déanaí, Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála (COM(2020) 605 final, lch. 28), chomh maith le Teachtaireacht ón gCoimisiún: Clár Oibre Frithsceimhlitheoireachta don Aontas Eorpach: Réamh-mheas, Cosc, Cosaint agus Freagairt (COM(2020) 795 final, lch. 15 et seq.).

( 200 ) Rún an 21 Nollaig 2017 (“Rún 2396/2017”), https://undocs.org/en/S/RES/2396(2017).

( 201 ) Féach Rún 2396 (2017), mír 12; Sa mhír chéanna 12, áitíonn Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar an “ICAO oibriú lena Bhallstáit chun caighdeán a bhunú chun sonraí PNR a bhailiú, a úsáid, a phróiseáil agus a chosaint”. Tar éis cuireadh den sórt sin a fháil, an 23 Meitheamh 2020, ghlac ICAO Leasú Uimh. 28 ar Iarscríbhinn 9 de Choinbhinsiún Chicago, lena mbunaítear, mar a luadh cheana, caighdeáin idirnáisiúnta maidir le héascú agus baineann Caibidil 9, Roinn D inti go sonrach leis an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR). An 12 Eanáir 2021, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh in ICAO i ndáil leis an leasú sin, [COM(2021) 16 final].

( 202 ) Rún an 19 Iúil 2019, pointe 15(c), https://undocs.org/en/S/RES/2482(2019).

( 203 ) Tá dhá chomhaontú idirnáisiúnta atá tugtha i gcrích ag an Aontas ann faoi láthair, ceann amháin leis an Astráil (Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Astráil maidir le haeriompróirí do phróiseáil agus d’aistriú sonraí taifid ainmneacha paisinéirí (PNR) chuig Seirbhís Custam agus Cosanta Teorann na hAstráile (IO 2012 L 186, lch. 4).) agus ceann le Stáit Aontaithe Mheiriceá (Comhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le taifid ainmneacha paisinéirí a úsáid agus a aistriú chuig Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe (IO 2012 L 215, lch. 5)). Tá meastóireacht chomhpháirteach ar an dá chomhaontú seo ar siúl, d’fhonn comhaontuithe nua a thabhairt i gcrích. An 18 Feabhra 2020, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún freisin caibidlíocht a thosú leis an tSeapáin.

( 204 ) Féach Rún 2396 (2017), lch. 4.

( 205 ) Lena n-áirítear daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais; féach Rialachán (AE) 2017/458 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a bhaineann le hathneartú seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha ag teorainneacha seachtracha (IO 2017 L 74, lch. 7).

( 206 ) Féach, chuige sin, Tuairim 1/15, mír 187. Féach freisin an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gcur chuige uileghabhálach maidir le haistriú sonraí ón Taifead Ainmneacha Paisinéirí [PNR] chuig tríú tíortha [COM(2010) 492 final, lch. 6, mír 2.2].

( 207 ) Is é seo, ar bhealach, an méid a thugann an Coimisiún le tuiscint ina thogra le haghaidh Threoir PNR, lch. 3.

( 208 ) Féach, chuige sin, an breithiúnas in Prokuratuur, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 209 ) Féach Airteagal 4(2)(a), sa Togra le haghaidh Threoir PNR.

( 210 ) Cé go ndéantar tagairt in Airteagal 6(3)(a) do “bases de données utiles” sa leagan Fraincise, i bhformhór de na leaganacha teanga eile, tá an fhoráil seo dírithe ar “bhunachair sonraí ábhartha”: féach, go háirithe, na leaganacha teanga Spáinnise (“pertinentes”), Gearmáinis (“massgeblich”), Béarla (“relevant”), Iodáilis (“pertinenti”), Ollainnis (“relevant”), agus Portaingéilis (“relevantes”).

( 211 ) Mar a dréachtaíodh é, is cosúil go gceadaíonn Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR anailísí i bhfoirm mianadóireacht sonraí trí chros-seiceáil a dhéanamh le raon leathan sonraí, ar choinníoll go gcuirtear bailchríoch ar an mianadóireacht sin de réir chuspóirí na Treorach. Maidir leis na rioscaí a bhaineann le “data mining” maidir le sonraí PNR, féach tuarascáil Korff, lch. 77. Chuir MECS béim láidir ar an easpa beachtais agus intuarthachta maidir le sainaithint na mbunachar sonraí a bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar shonraí PNR ina thuairim an 25 Márta 2011, mír 18.

( 212 ) Is é an toradh atá ar fhoclaíocht dhoiléir agus oscailte Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR ná trasuí an-éagsúil sa dlí náisiúnta, idir léirmhíniú docht ar an gcoincheap “bunachar sonraí ábhartha”, rud a chuireann teorainn leis an anailís dá bhforáiltear chun comparáid a dhéanamh leis na bunachair sonraí a luaitear go sainráite san fhoráil sin (mar atá i gcás Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, de réir bharúlacha a rialtais os comhair na Cúirte), agus léirmhíniú níos leithne a chumhdaíonn aon bhunachar sonraí atá ar fáil nó atá inrochtana do na húdaráis inniúla i gcúrsa a ndualgas (is é seo an bhrí atá le hAirteagal 24(1)(1) de Dhlí PNR).

( 213 ) Níor cheart, i gcás ar bith, i mo thuairimse, go mbeadh sé d’oibleagáid ar Bhallstát, ar bhonn Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR, a PIU a údarú chun sonraí PNR a chros-seiceáil go córasach le “bunachair sonraí ábhartha”, de réir bhrí na forála sin, arna mbainistiú ag a chuid seirbhísí faisnéise.

( 214 ) Sainmhínítear in Airteagal 3(4) de Threoir na bPóilíní “próifíliú” mar “aon chineál próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta arb éard í úsáid na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta áirithe a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an duine nádúrtha sin ag an obair, le staid eacnamaíoch, le sláinte, le roghanna pearsanta, le hábhair spéise, le hiontaofacht, le hiompar, le suíomh nó le gluaiseachtaí an duine sin nó chun na gnéithe sin a thuar” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Tá an sainmhíniú céanna in Airteagal 4(4) de RGCS agus i bpointe 1(c) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh CM/Rec(2021)8 an 3 Samhain 2021 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil uathoibríoch sonraí pearsanta i gcomhthéacs próifílithe, https://search.coe.int/cm/pages/result_details.aspx?ObjectId=0900001680a46148, (“Moladh 2021 maidir le próifíliú”).

( 215 ) Sainmhínítear i bpointe 1(j)(i) de Mholadh 2021 maidir le próifíliú mar “phróiseáil phróifílithe ardriosca”, “próifíliú a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla nó tionchar suntasach ag a feidhmiú ar an ábhar sonraí nó ar ghrúpa daoine arna sainaithint ag an bpróiseáil phróifílithe”.

( 216 ) Féach Tuairim 1/15, mír 272.

( 217 ) De réir phointe 1.1 (d) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2021 maidir le próifíliú, ciallaíonn an téarma “próifíl”“tacar sonraí atá curtha i leith duine, a shainíonn catagóir daoine nó a bheartaítear a chur i bhfeidhm ar dhuine”. Mar a mhínítear sa tuarascáil ar fhorbairtí tar éis glacadh leis an Moladh (2010)13 maidir le próifíliú (https://rm.coe.int/t-pd-2019-07fin-fr-rapport-profilage-2770-2878-8993-1-final-clean-2755/1680a0925b, lch. 21), a tháinig roimh ghlacadh Mholadh 2021 maidir le próifíliú, tá brí i gcónaí leis an gcoincheap “próifíl” i gcórais a dhéanann idirdhealú, ar nós Threoir PNR, idir oibríochtaí próifílithe (féach, go háirithe, Airteagal 6(2)(b) den Treoir sin). agus oibríochtaí próifílithe agus ceadaíonn siad “trédhearcacht na gcritéar a chuirtear i bhfeidhm mar dhara céim san oibríocht phróifílithe’.

( 218 ) Féach Airteagal 6(4) de Threoir PNR agus Tuairim 1/15, mír 172.

( 219 ) Féach Airteagal 6(4) de Threoir PNR [Aistriúchán neamhoifigiúil]

( 220 ) Féach Tuairim 1/15, mír 172.

( 221 ) Féach aithris 7 de Threoir PNR.

( 222 ) Féach Tuairim 1/15, mír 174.

( 223 ) Tá an ceanglas céanna leagtha amach i mír 174 de Thuairim 1/15.

( 224 ) Tugaim faoi deara go bhfuil forais uile an idirdhealaithe a leagtar amach in Airteagal 21 den Chairt le fáil in aithris 20 de Threoir PNR. Mhol FRA ina Thuairim 1/2011, lch. 8, ailíniú leis an liosta d’fhorais thoirmiscthe idirdhealaithe faoi Airteagal 21.

( 225 ) Sainmhínítear “machine learning” i Roinn 1.1(g) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2021 maidir le próifíliú mar “phróiseáil ag baint úsáid as modhanna speisialta intleachta saorga bunaithe ar chuir chuige staidrimh chun a chur ar chumas do ríomhairí “foghlaim” ó shonraí, i.e. a bhfeidhmíocht i réiteach tascanna a fheabhsú gan iad a ríomhchlárú go sainráite do gach ceann díobh.”

( 226 ) Maidir leis na héifeachtaí atá ag doiléireacht na gcóras algartamaigh ar an bhféidearthacht go ndéanfaí rialú daonna chun éifeachtaí díobhálacha na gcóras sin agus a n-iarmhairtí diúltacha ar chearta an duine a chosc, féach Moladh CM/Rec(2020)1 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa chuig na Ballstáit maidir le tionchair na gcóras algartamach ar chearta an duine.

( 227 ) Tá an sainmhíniú seo in aithris 25 de Threoir PNR.

( 228 ) Ní chuireann an ráiteas in aithris 37 de Threoir PNR “go bhfuil sé ceadaithe sonraí PNR a stóráil ag PIUnna ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana, agus ba cheart na sonraí a scriosadh ag deireadh na tréimhse sin” (béim curtha leis), i mo thuairim, foclaíocht shoiléir Airteagal 12(1) den Treoir faoi amhras.

( 229 ) Féach, maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a ionchúiseamh agus a imscrúdú, Treoir na bPóilíní, Airteagal 4(e) agus Aithris 26. Féach, ar bhealach níos ginearálta, Airteagal 5(1)(e) de RGCS agus Airteagal 5(4)(e) de Choinbhinsiún 108 nuachóirithe.

( 230 ) Féach na breithiúnais in Schrems I, (mír 93), Tele2 Sverige, (mír 110), Tuairim 1/15, (191), agus La Quadrature du Net, mír 133.

( 231 ) Féach Tuairim 1/15, mír 197.

( 232 ) Féach Tuairim 1/15, mír 205.

( 233 ) Féach Tuairim 1/15, mír 207.

( 234 ) Is éard a bheadh i gceist leis sin ná cur i bhfeidhm de réir analaí ar mhír 187 et seq. de Thuairim 1/15, ós rud é nach mbaineann an Tuairim sin ach leis sonraí PNR a bailíodh ar theacht isteach i gCeanada.

( 235 ) Féach Tuairim 1/15, mír 209.

( 236 ) Féach Tuairim 1/15, mír 205.

( 237 ) Foráladh le Comhaontú PNR Ceanada-AE go ndéanfaí ainmneacha na bpaisinéirí go léir a mhascadh tríocha lá tar éis do Cheanada iad a fháil agus faisnéis eile a liostaítear go sonrach a mhascadh dhá bhliain tar éis iad a fháil: féach Airteagal 16(3) de dhréacht-Chomhaontú PNR Ceanada-AE arna mheas. ag an gCúirt agus Tuairim 1/15, mír 30.

( 238 ) Féach breithiúnas an 19 Lúnasa 2016, lch. 9.

( 239 ) Féach go háirithe breithiúnas La Quadrature du Net, míreanna 148 go 149.

( 240 ) Baineann an rud céanna le hiarrataí ar nochtadh shonraí PNR arna ndéanamh ag PIUnna Ballstát eile faoi Airteagal 9(2) de Threoir PNR.

( 241 ) Féach Tuairim 1/15, mír 192 agus an cásdlí dá dtagraítear. Níos déanaí, féach na breithiúnais Privacy International, mír 77 agus, chuige sin, Prokuratuur, mír 49, agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 242 ) Féach Tuairim 1/15, mír 200.

( 243 ) Féach Tuairim 1/15, mír 200.

( 244 ) Féach Tuairim 1/15, mír 201.

( 245 ) Féach Tuairim 1/15, mír 202.

( 246 ) Féach, chuige sin, Tuairim 1/15, mír 201.

( 247 ) Féach, inter alia, Airteagail 4, 7(1),7(2), 9(2), 10(2), 12(4) de Threoir PNR; féach, inter alia, aithrisí 6, 9, 10, 11, 15, 23, 25, 35 agus 38 den Treoir sin. Chuige sin, tugaim le fios freisin gur sonraíodh in aithris 28 den Togra le haghaidh Threoir PNR “go bhfuil an Treoir seo gan dochar don fhéidearthacht atá ag Ballstáit foráil a dhéanamh, faoina reachtaíocht náisiúnta, do chóras bailithe agus próiseála shonraí PNR chun críoch eile seachas na cinn dá dtagraítear sa Treoir seo” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Níor cuireadh an soiléiriú seo san áireamh i dtéacs deiridh Threoir PNR, áfach.

( 248 ) Ceadaítear an fhéidearthacht sin, áfach, le hAirteagal 4(3) de Threoir PNR, faoina bhféadfaidh “baill foirne PIU a bheith ar iasacht ó na húdaráis inniúla”, ar a laghad a mhéid a fhéadfar seirbhísí faisnéise agus slándála an Bhallstáit lena mbaineann a aicmiú mar “údaráis inniúla” de réir bhrí Airteagal 7(2) den Treoir sin.

( 249 ) Maidir leis an amhras a chuir Rialtas na Beilge in iúl maidir le dlínse na Cúirte chun an seachtú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú a fhreagairt, ba cheart a thabhairt faoi deara, de réir fhoclaíocht na ceiste sin, go n-iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt léirmhíniú Airteagal 12(3) de Threoir PNR agus nach mbaineann sé le comhréireacht na reachtaíochta náisiúnta leis an bhforáil sin. Ar aon chuma, tá sé socraithe sa chásdlí go bhféadfaidh an Chúirt treoir a thabhairt do na cúirteanna náisiúnta, lena gcumasófar dóibh an chomhréireacht sin a mheasúnú (féach, go háirithe, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2016, ANODE, C-121/15, EU:C:2016:637, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 250 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Samhain 2019, an Coimisiún v an Pholainn(Neamhspleáchas na ngnáthchúirteanna) (C-192/18, EU:C:2019:924, míreanna 108 go 110).

( 251 ) Sa cheathrú habairt d’Airteagal 9(2) den Togra le haghaidh Threoir PNR, foráladh “ní cheadaítear rochtain ar shonraí PNR ina n-iomláine ach ag ceann an Aonaid Faisnéise Paisinéirí.”

( 252 ) An breithiúnas in Prokuratuur, míreanna 52 agus 53.

( 253 ) An breithiúnas in Prokuratuur, míreanna 53 agus 54. Féach, chuige sin, an breithiúnas in Big Brother Watch, mír 349 go 352.

( 254 ) Sa cheathrú habairt d’Airteagal 9(2) den Togra le haghaidh Threoir PNR, foráladh “Ní fhéadfaidh ach ceann an Aonaid Faisnéise Paisinéirí rochtain ar shonraí PNR ina n-iomláine a údarú”.

( 255 ) Dlí PNR, Airteagal 29, mír 1 agus 2.

( 256 ) Féach aithris 10 de Threoir PNR.

( 257 ) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha, (Cód Teorainneacha Schengen).(IO 2016 L 77 lch. 1“Cód Teorainneacha Schengen”).

( 258 ) Foráiltear le hAirteagal 23(a) de Chód Teorainneacha Schengen nach bhféadfar feidhmiú cumhachtaí póilíneachta a mheas mar rud atá comhionann le feidhmiú seiceálacha teorann sna cásanna seo a leanas “(i) ní rialú ag teorainneacha is cuspóir leo; (ii) tá siad bunaithe ar fhaisnéis ghinearálta póilíneachta agus taithí maidir leis an mbaol a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil phoiblí agus tá siad dírithe ar choireacht trasteorann, go háirithe, a chomhrac; (iii) ceaptar agus déantar ar bhealach iad ar léir é a bheith éagsúil leis na seiceálacha córasacha a dhéantar ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha (iv) déantar iad ar bhonn spotseiceálacha”.

( 259 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Touring Tours und Travel agus Sociedad de transportes (C-412/17 agus C-474/17, EU:C:2018:1005, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus ordú an 4 Meitheamh 2020, FU (C-554/19, nár foilsíodh, EU:C:2020:439, míreanna 49 go 56).

( 260 ) I ndáil leis sin, tugaim faoi deara gur chuir an Chúirt in iúl, i mír 188 de Thuairim 1/15, gur “cuid de rialuithe teorann í sainaithint paisinéirí, trí bhíthin shonraí PNR, gur dócha go mbeidh an duine sin mar riosca do shlándáil an phobail”.

( 261 ) Féach breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Touring Tours und Travel et Sociedad de transportes (C-412/17 agus C-474/17, EU:C:2018:1005, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 262 ) Féach, chuige sin, inter alia, ordú an 4 Meitheamh 2020, FU (C-554/19, nár foilsíodh, EU:C:2020:439, mír 46).

( 263 ) Ina dhoiciméad oibre don bhliain 2020 maidir le Treoir API (lch. 20), leagann an Coimisiún béim freisin ar nádúr na bhfadhbanna a bhaineann le córais phróiseála shonraí PNR agus API fhorluiteacha ar an leibhéal náisiúnta.

( 264 ) C-411/17, EU:C:2019:622, míreanna 175176179 agus 181.

( 265 ) Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net, míreanna 217 go 219.