An Bhruiséil,4.12.2025

COM(2025) 944 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

An Treochlár um Poist Dea-cháilíochta




1.Iomaíochas na hEorpa a fhorbairt trí Phoist Dea-cháilíochta

Tá suaitheadh geopholaitiúil agus geo-eacnamaíoch an lae inniu, an iomaíocht dhomhanda, spleáchais trádála agus claochlú bhonn tionsclaíoch an Aontais ag cur isteach ar an bhfás agus ar an gcobhsaíocht. Agus deacrachtaí ag cuideachtaí leanúint de bheith iomaíoch, tá oibrithe thíos le tionchar na ngéarchéimeanna domhanda, le costas maireachtála níos airde agus leis an athrú tapa a dhéanann difear dá saol agus dá ngairmeacha beatha.

Le blianta fada anuas, tá ag éirí go maith le geilleagar sóisialta margaidh uathúil an Aontais ó thaobh deiseanna gnó agus cosaint oibrithe de. Léirigh sé athléimneacht le linn suaití móra - go háirithe paindéim COVID-19, an ghéarchéim fuinnimh, boilsciú agus an borradh faoin gcostas maireachtála - agus chosain sé na milliúin gnólachtaí, daoine agus post, agus sa lá atá inniu ann tá na rátaí fostaíochta níos airde ná riamh. Ní mór don Aontas an méid is gá a dhéanamh chun a chinntiú gurb é fós an áit is fearr é le cónaí agus oibriú ann agus gurb é fós an áit is fearr é chun infheistíocht agus gnó a dhéanamh ann.

Éilíonn athruithe struchtúracha réitigh struchtúracha ar mhaithe le fás iomaíoch cóir. Tá poist dea-cháilíochta ríthábhachtach chun é sin a bhaint amach. Mar a cuireadh i dtábhacht i dtuarascáil Draghi maidir le hiomaíochas na hEorpa ( 1 ), tá táirgiúlacht níos airde fite fuaite le cáilíocht poist níos fearr agus rannpháirtíocht mhéadaithe sa mhargadh saothair. Le rochtain ar phoist dea-cháilíochta, neartaítear an comhtháthú críochach, eacnamaíoch agus sóisialta freisin, rud a chuireann ar a gcumas do dhaoine aonair leas a bhaint as ‘ceart fanachta’ agus rath a bheith orthu ina bpobail áitiúla agus tacaítear le rannpháirtíocht eacnamaíoch fhadtéarmach ar fud na réigiún.

Is gealltanas athnuaite é an Treochlár um Poist Dea-cháilíochta (‘an Treochlár’) chun poist dea-cháilíochta a chothú i ngeilleagar iomaíoch. Leagtar amach ann tionscnaimh chun an beartas fostaíochta a ailíniú le riachtanais geilleagair atá ag athrú go tapa agus, ag an am céanna, leanúint de bheith bunaithe ar phrionsabail gheilleagar sóisialta margaidh na hEorpa, ar an dul chun cinn sóisialta agus ar an lánfhostaíocht. Tá ról lárnach ag ceardchumainn agus ag eagraíochtaí fostóirí san iarracht sin. Mar a athdhearbhaíodh sa Chomhshocrú maidir le hIdirphlé Sóisialta Eorpach ( 2 ), a síníodh an 5 Márta 2025, tá an Coimisiún tiomanta i gcónaí don idirphlé sóisialta a neartú ar gach leibhéal. 

Rannpháirtíocht Chomhpháirtithe Sóisialta na hEorpa in ullmhú

an Treochláir um Poist Dea-cháilíochta

Idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh 2025, chuaigh an Coimisiún i mbun próiseas comhairliúcháin nach ndearnadh riamh roimhe leis na comhpháirtithe sóisialta, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon. San iomlán, slógadh leis an gcomhairliúchán thart ar 200 eagraíocht ar fud an Aontais, fuarthas breis agus 100 ionchur i scríbhinn agus bhí níos mó ná 50 plé ar fud an Aontais i gceist leis.( 3 )

Ar leibhéal an Aontais, chuathas i gcomhairle leis na 88 gcomhpháirtí shóisialta Eorpacha aitheanta uile trí bhíthin cruinnithe tiomnaithe, trí bhíthin an Choiste trastionscail um Idirphlé Sóisialta agus trí bhíthin na 44 Choiste um Idirphlé Sóisialta Earnála de chuid an Aontais, beart as ar eascair 11 aighneacht chomhpháirteacha agus 32 aighneacht aontaobhacha.

Ar an leibhéal náisiúnta, eagraíodh comhairliúcháin thiomnaithe i ngach ceann de na 27 mBallstát.

Níl aon chur chuige amháin ann a oireann do chách maidir le cáilíocht poist. Léirítear castacht an dúshláin sa tuairim ón gCoiste Fostaíochta (EMCO) i mí an Mheithimh 2025( 4 ) lena gcumhdaítear gnéithe iomadúla de cháilíocht post, lena náirítear tuilleamh, dálaí oibre, cumhdach cómhargála, uas-sciliú agus athsciliú.

Dírítear sa Treochlár ar na réimsí is mó óna dteastaíonn gníomhaíocht ón Aontas: poist dea-cháilíochta a chruthú agus a choinneáil ar bun san Aontas, nuachóiriú agus cothroime i saol na hoibre. Leis an treochlár céanna féachtar le tacú le méadú athléimneach táirgiúlachta trí phoist dea-cháilíochta a chothú lena mealltar agus lena gcoinnítear ar bun tallann gach glúine, go háirithe i gcomhthéacs na n‑aistrithe aeráide, teicneolaíochta agus déimeagrafacha. I bhfianaise an róil thábhachtaigh atá aige maidir le poist dea-cháilíochta a chur chun cinn, tacú le hoibrithe trí aistrithe, agus táirgiúlacht athléimneach na hEorpa a chosaint, leis an Treochlár tacófar leis an gCompás Iomaíochais, ag gníomhú dó mar chumasóir d’iomaíochas na hEorpa.

Leis an Treochlár cuirtear i dtábhacht freisin na príomhthosca cumasúcháin i dtimpeallacht atá fabhrach do lucht gnó amhail forfheidhmiú na gceart sóisialta atá ann cheana, seirbhísí dea-cháilíochta ar fud na réigiún, cistiú leordhóthanach, idirphlé sóisialta agus cómhargáil threisithe.

2.Poist Dea-cháilíochta a chruthú agus a choinneáil ar bun san Aontas

Ar fud na dtionscal, tá claochluithe luathaithe roimh chuideachtaí, rud atá níos measa fós mar gheall ar chomhthéacs domhanda ilroinnte agus beartais trádála dhothuartha a chuireann slabhraí luacha i mbaol. Tá bonn tionsclaíoch láidir nuálach – le tacaíocht ó lucht saothair oilte inoiriúnaithe agus tiomantas chun earraí Eorpacha a cheannach – ríthábhachtach chun leanúint de bheith iomaíoch agus ceannasach ar an leibhéal domhanda.

Chun poist dea-cháilíochta a chruthú, tá gá le timpeallacht inar féidir le gnólachtaí, lena n‑áirítear daoine féinfhostaithe, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí beaga, a bheith nuálach, fás agus infheistíocht agus tallann a mhealladh. Chun leanúint de bheith iomaíoch agus ardchaighdeáin saothair á gcaomhnú ag an am céanna, tá creat rialála atá soiléir, comhréireach agus fabhrach don nuálaíocht de dhíth ar ghnólachtaí. Cuimsítear leis sin ualaí riaracháin a laghdú, rochtain ar fhaisnéis agus ar uirlisí tacaíochta a fheabhsú, agus ardchaighdeáin shóisialta agus fostaíochta á n‑áirithiú ag an am céanna. Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta freisin maidir le réitigh phraiticiúla a shainaithint, ar réitigh iad a fhreagraíonn do riachtanais cuideachtaí ar fud na hEorpa.

Den mheon sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún rialacha an Aontais a shimpliú agus ualaí riaracháin a laghdú, agus tá sé ag féachaint ar thacaíocht níos fearr do mhicrifhiontair agus dlí an Aontais á fhorfheidhmiú. Tá gníomhaíocht á moladh ann freisin chun cuidiú le gnólachtaí nuathionscanta agus le gnólachtaí atá ag méadú tallann a rochtain agus poist dea-cháilíochta a chruthú ( 5 ).

Tionsclaíocht na todhchaí

Tá an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan dírithe ar dhícharbónú agus ciorclaíocht a chlaochlú ina spreagadh fáis do thionscail an Aontais, lena n‑áirítear FBManna. Sa chomhthéacs sin, Idirphlé Straitéiseach an Aontais le tionscail na cruach, na miotal, na gceimiceán agus na mótarfheithiclí chuir sé ionchur fíor-riachtanach ar fáil trí dhúshláin struchtúracha a shainaithint, lena n‑áirítear ró-acmhainn dhomhanda, cleachtais trádála éagóracha, agus ardchostais fuinnimh.

Tá an tAontas ag obair freisin ar bhearta chun acmhainneachtaí straitéiseacha an Aontais a neartú, lena n‑áirítear an Pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí, an Gníomh um Dhlús a chur leis an Tionsclaíocht, lena ngabhann an chéad chritéar soláthair phoiblí ‘déanta san Aontas’ agus Pacáiste um na hEangacha Eorpacha. Thairis sin, is é is aidhm don tionscnamh ‘Roghnaigh an Eoraip’ na heolaithe agus na nuálaithe is fearr a mhealladh chuig an Aontas.

Daoine oilte chun aistrithe poist a spreagadh

Príomhspreagthaí d'fhás an Aontais is ea scileanna agus poist dea-cháilíochta. Leis an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le Caipiteal Daonna ( 6 ) a glacadh le déanaí mar chuid de Phacáiste an Fhómhair don Seimeastar, cuirtear i dtábhacht go sainráite an ról ríthábhachtach atá ag caipiteal daonna agus ag oideachas agus scileanna atá dírithe ar an todhchaí chun feabhas a chur ar iomaíochas agus uathriail straitéiseach an Aontais, ullmhacht a neartú agus tacú le rathúnas inbhuanaithe. Iarrann sé ar na Ballstáit 1) na treochtaí diúltacha i mbunscileanna a aisiompú, 2) tús áite a thabhairt don eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus don mhatamaitic ar gach leibhéal oideachais, agus 3) infheistíocht a dhéanamh i sonraí chun faisnéis níos fearr a fhorbairt maidir le riachtanais an mhargaidh saothair. Sa chomhthéacs sin, tá sé fíor-riachtanach leas a bhaint as acmhainneacht níos mó ná 50 milliún duine san Aontas atá fós lasmuigh den lucht saothair—ar mná iad a bhformhór. Dá mbainfí leas iomlán as an linn tallainne sin, chuideofaí leis an Aontas a iomaíochas a choinneáil ar bun. Leagann Aontas na Scileanna béim láidir ar chomhionannas inscne, go háirithe i réimsí ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic), agus is é is aidhm dó 1 mhilliún mac léinn baineann a thabhairt isteach i gcláir ETIM faoi 2030. Trí thacú le daoine scothaosta a scileanna a thabhairt cothrom le dáta, fanacht sa mhargadh saothair nó a dtaithí a chur ar aghaidh, is féidir an tathrú déimeagrafach a iompú ina fhoinse comhtháthaithe shóisialta agus rathúnais chomhroinnte.

Cuideoidh an Ráthaíocht Scileanna le hoibrithe in earnálacha athstruchtúraithe nó in earnálacha atá i mbaol fanacht i bhfostaíocht trí thacú leo aistriú chuig réimsí fáis straitéisigh. Tá an tionscnamh seo incháilithe chun tacaíocht a fháil tríd an gCiste Eorpach um Iomaíochas (ECF) agus tá sé píolótaithe faoin tsraith maidir le Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) de Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE+).

Beidh gá méadaitheach le lucht saothair oilte i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le dearadh táirgí inbhuanaithe, athúsáid, athmhonarú agus athchúrsáil ábhar, agus sa teicneolaíocht ghlan agus sa bhithgheilleagar. Cuirfidh an tAcadamh Bauhaus Eorpach Nua dlús le huas-sciliú agus le hathsciliú ar fud an éiceachórais tógála, rud a thabharfaidh na scileanna is gá do ghairmithe le haghaidh timpeallacht thógtha a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de, ciorclach agus álainn.

Tá sé ríthábhachtach freisin níos mó solúbthachta a áirithiú sa mhargadh saothair trí aitheantas do scileanna thar theorainneacha a éascú. Molfaidh an Coimisiún Tionscnamh um Inaistritheacht Scileanna chun aitheantas scileanna agus cáilíochtaí a shimpliú agus a éascú, lena n‑áirítear digitiú neartaithe, mar aon le haitheantas scileanna agus cáilíochtaí a shimpliú agus a éascú do náisiúnaigh tríú tíortha freisin. Bunóidh an tAontas Linn Tallainne agus cuirfidh sé feabhas ar Chomhpháirtíochtaí Tallainne chun náisiúnaigh oilte tríú tíortha a mhealladh i ngairmeacha lena mbaineann ganntanas oibrithe. Áireofar i Straitéis Beartais Víosaí an Aontais atá ar na bacáin bearta chun teacht na mac léinn, na dtaighdeoirí agus na n‑oibrithe oilte is fearr a éascú. Tá scileanna digiteacha, lena n‑áirítear ardscileanna digiteacha, fíor-riachtanach d’iomaíochas na hEorpa agus chun poist dea-cháilíochta a chruthú. Tá ganntanas nach beag speisialtóirí TFC fós san Aontas, agus bearna leanúnach idir na hinscní. Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá EUR 400 milliún infheistithe ag an gCoimisiún tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach chun cláir ardoideachais speisialaithe, oiliúint ghearrthéarmach, agus Acadaimh um Scileanna Digiteacha a leathnú. Ina theannta sin, sa tréimhse 2021-2027, tacaíonn Erasmus+ le scileanna digiteacha le hinfheistíocht iomlán a d’fhéadfadh a bheith níos mó ná EUR 6 bhilliún agus EUR 1,2 billiún faoi CSE+. Faoi NextGenerationEU, tacaítear le scileanna digiteacha le thart ar EUR 28 mbilliún.

Creat athstruchtúraithe agus rannpháirtíocht chomhchoiteann le haghaidh iontaoibhe agus deiseanna

Cuireann cinntí tráthúla athstruchtúrúcháin in éineacht le bearta réamh-mheasta agus maolaithe ar chumas cuideachtaí leanúint de bheith inmharthana i margaí athraitheacha.

Tá gá le cur i bhfeidhm níos fearr Chreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um réamhaíocht i ndáil le hathrú agus athstruchtúrú. Faoin g Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan , tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún an méid a leanas a phlé leis na comhpháirtithe sóisialta; creat nua le haghaidh aistrithe córa, réamhaíocht i ndáil le hathruithe, idirghabháil níos tapúla, agus an creat faisnéise agus comhairliúcháin a chur chun feidhme.

Déanfaidh an Coimisiún staidéar ar chleachtais athstruchtúraithe chorparáidigh chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuireann nó nach gcuireann na rialacha is infheidhme ar a gcumas do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghnólachtaí atá ag méadú agus do chuideachtaí nuálacha oiriúnú agus nuáil a dhéanamh.

Is é rannpháirtíocht láidir na noibrithe ar leibhéal na cuideachta an trádmharc de dhaonlathas na hEorpa ag an obair. Tá sé ríthábhachtach chun athruithe córa a bhainistiú agus chun iad a réamh-mheas. Is gá creat dlíthiúil an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach ( 7 ) ar fud na mBallstát uile. Chun measúnú a dhéanamh ar a néifeachtacht maidir le tacaíocht a thabhairt d’oibrithe agus do ghnólachtaí trí aistrithe, tá fianaise á bailiú ag an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na dtreoracha maidir le faisnéis agus comhairliúchán, iomarcaíochtaí comhchoiteanna agus aistrithe gnóthas.

Ina theannta sin, d’fhormhuinigh an Chomhairle príomhtheachtaireachtaí maidir le cur chun feidhme Mholadh 2022 ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú ( 8 ). Leis an bhFaireachlann Eorpach um Aistriú Cóir, a bheidh oibríochtúil ag tús 2026, neartófar an bonn fianaise agus áiritheofar idirphlé gníomhach leis na príomhpháirtithe leasmhara maidir le gnéithe a bhaineann leis an aistriú cóir.

Athchóirithe agus infheistíocht atá fabhrach do phoist dea-cháilíochta

Chun athchóirithe agus infheistíocht a dhéanamh chun fostaíocht ardcháilíochta a chur chun cinn, tá gá le comhiarrachtaí ón Aontas agus ó na Ballstáit. Ar bhonn na tuairime ón gCoiste Fostaíochta i mí an Mheithimh 2025 maidir leis na gnéithe a bhaineann le cáilíocht poist, d’oibrigh an Coimisiún le coistí comhairleacha na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) maidir le creat faireacháin nuashonraithe lena n‑áirítear táscairí le haghaidh gach gné de cháilíocht poist a cuireadh chun feidhme ó thimthriall leanúnach an tseimeastair 2025-2026 ar aghaidh. D’fhéadfadh an creat faireacháin sin tacú le príomhsprioc a fhorbairt chun an dul chun cinn maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre ar fud an Aontais a rianú.

Ós rud é go gcaitheann údaráis phoiblí thart ar 15 % de OTI an Aontais, d’fhéadfadh an soláthar poiblí a bheith ina uirlis chumhachtach chun tacú le poist dea-cháilíochta agus chun borradh a chur faoin bhfás inbhuanaithe, agus cuspóirí bheartais straitéiseacha an Aontais á gcur chun cinn ag an am céanna. Áirítear i dTreoracha 2014 maidir le Soláthar Poiblí an oibleagáid comhlíonadh an dlí shóisialta, saothair agus comhshaoil a áirithiú i bhfeidhmiú conarthaí poiblí trí chlásal ginearálta. Féadfaidh údaráis chonarthacha oibreoir eacnamaíoch a eisiamh óna bheith rannpháirteach i nós imeachta soláthair phoiblí i gcás inar féidir leis an údarás conarthach a léiriú gur sháraigh an t‑oibreoir eacnamaíoch na hoibleagáidí comhshaoil, sóisialta nó saothair is infheidhme.

Ina theannta sin, cuireann na Treoracha uirlisí neamhcheangailteacha ar fáil chun tacú le soláthar poiblí atá freagrach go sóisialta, amhail conarthaí forchoimeádta (e.g. le haghaidh fiontair shóisialta lánpháirtíochta oibre) nó pointí dámhachtana mar chuid den chóimheas is fearr idir praghas agus cáilíocht chun critéir shóisialta a chomhlíonadh.

Mar sin féin, tá praghas amháin fós ina chritéar dámhachtana forleathan laistigh den Aontas. Mar chuid den athbhreithniú ar threoracha soláthair an Aontais a fógraíodh le haghaidh 2026, fiosróidh an Coimisiún conas soláthar poiblí atá freagrach go sóisialta a chur chun cinn ar bhealach níos fearr, lena n‑áirítear úsáid níos leithne a bhaint as an gCóimheas Cáilíochta Praghsanna is Fearr agus as cómhargáil.

Is féidir le rialacha maidir leis an státchabhair dreasachtaí níos fearr a chur ar fáil d’earnáil na tionsclaíochta chun poist mharthanacha dea-cháilíochta a chruthú agus chun infheistíocht a dhéanamh i scileanna. Mar chuid den athbhreithniú leanúnach ar Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cheart é a thabhairt cothrom le dáta agus ar an gcaoi ar cheart é a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le cabhair d’fhiontair shóisialta, oiliúint agus fostaíocht agus earcú oibrithe faoi mhíbhuntáiste. Forbróidh an Coimisiún treoir thiomnaithe chun cabhrú leis na Ballstáit agus bearta Státchabhrach á gceapadh acu le haghaidh tacaíocht shóisialta agus infheistíocht shóisialta agus tá sé d’aidhm aige an t‑ualach riaracháin ar ghnóthais agus ar na Ballstáit araon a laghdú go mór.

Tá timpeallacht atá fabhrach don nuálaíocht de dhíth ar chuideachtaí, go háirithe FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, rud a chuireann ar a gcumas dóibh fás agus infheistíocht a mhealladh. Chun ualaí riaracháin a íoslaghdú a thuilleadh, tá seiceáil nua FBM agus iomaíochais ina scagaire níos láidre anois do thionscnaimh nua de chuid an Choimisiúin. Áirítear sa tseiceáil measúnú ar na héifeachtaí a bhfuil coinne leo ar dhifreálacha costais i gcomparáid le hiomaitheoirí idirnáisiúnta.

Is féidir le hathchóirithe cánach agus pinsin rannchuidiú go mór le tuilleadh feabhais a chur ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus le cosaint shóisialta a neartú. Mar shampla, is féidir le pinsin fhorlíontacha feabhas a chur ar choigilteas scoir d’oibrithe, go háirithe oibrithe soghluaiste agus oibrithe i gcineálacha neamhchaighdeánacha oibre. Le Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, féachtar le feabhas a chur ar an gcaoi a láimhseáiltear scair-roghanna fostaithe, rud a chuideoidh le gnólachtaí nuathionscanta an tallann is fearr a mhealladh agus a choinneáil agus poist dea-cháilíochta a chothú. An tráth céanna, tá sé tábhachtach deireadh a chur le bacainní cánach i gcás fostaithe trasteorann cianda chun fás gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú a chothú, agus tá obair á déanamh ar mholadh chuige sin.

Aistrithe i ngeilleagar domhanda athraitheach a éascú

Leis an Ionstraim Eorpach le haghaidh Tacaíocht shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE) – cuireadh acmhainní móra airgeadais ar fáil chun poist agus cuideachtaí a chosaint le linn imthosca sonracha phaindéim COVID-19. In 2020, thacaigh sé le thart ar 32 mhilliún duine agus le breis agus 2,5 milliún gnólacht, trí scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, go háirithe do FBManna sna hearnálacha is mó atá buailte. Chuir sé ar chumas na mBallstát freisin aghaidh a thabhairt ar mhéaduithe tobanna ar chaiteachas a bhaineann le fostaíocht chun fostaíocht a chaomhnú agus meastar gur coigilteas úis EUR 9 mbilliún a bhí i gceist.

Faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile 2028-2034, mhol an Coimisiún sásra urghnách sealadach nua a thabhairt isteach chun freagairt d’iarmhairtí géarchéimeanna tromchúiseacha, cruatain nó bagairtí tromchúiseacha ina leith a dhéanann difear don Aontas nó dá Bhallstáit. Cinnfidh Comhairle an Aontais Eorpaigh cinneadh maidir le gníomhachtú an tsásra sin tar éis di toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa. Má ghníomhachtaítear é, cuirfidh sé iasachtaí ar fáil a mhaoineofar le hiasachtaíocht an Aontais agus a mbeidh ráthaíocht bhliantúil ó bhuiséad an Aontais suas le 0,25 % de OIN an Aontais mar thaca leo.

Chun straitéis um fhás inbhuanaithe a bhaint amach, ní mór caipiteal poiblí agus príobháideach a shlógadh in infheistíochtaí táirgiúla, ar mhaithe le saoránaigh, le cuideachtaí agus le geilleagar athléimneach. Is éard atá i gceist leis sin, mar shampla, glacadh pinsean forlíontach a mhéadú chun ioncam leordhóthanach a áirithiú tar éis scoir. Is féidir leis sin tacú le fás eacnamaíoch agus iomaíochas an Aontais, trí chaipiteal fadtéarmach a shlógadh agus a chur i dtreo an gheilleagair. 

3.NUACHÓIRIÚ: Poist Dea-cháilíochta a chur chun cinn agus borradh a chur faoin nuálaíocht dhigiteach ag an am céanna

Tá an digitiú ríthábhachtach don nuálaíocht agus d’iomaíochas an Aontais. Is féidir leis borradh a chur faoi tháirgiúlacht saothair, feabhas a chur ar shláinte agus ar shábháilteacht ag an obair, agus cuidiú le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair. Féachann formhór mhuintir na hEorpa ar theicneolaíochtaí digiteacha, lena náirítear an intleacht shaorga, ar bhealach dearfach dá bpoist agus dá gcáilíocht saoil, lena náirítear an chothromaíocht oibre agus saoil. Mar a tuairiscíodh sa Straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga( 9 ), creideann formhór na noibrithe Eorpacha (67 %) go gcuidíonn an Intleacht Shaorga leo a gcúraimí a dhéanamh níos tapúla. Mar sin féin, tá 84 % díobh ag iarraidh go ndéanfaí bainistiú cúramach chun príobháideachas a chosaint agus trédhearcacht a áirithiú, agus leagann 77 % béim ar an ngá atá le rannpháirtíocht oibrithe agus ionadaithe i ndearadh agus in úsáid teicneolaíochtaí san ionad oibre ( 10 ).

Úsáid fhreagrach a bhaint as bainistiú de réir algartam

An tuiscint choiteann atá ar ‘Bainistiú de réir Algartam’ ná úsáid a bhaint as córais faireacháin uathoibrithe agus córais chinnteoireachta uathoibrithe a chumhachtaítear le halgartaim in ionad feidhmeanna a dhéanann bainisteoirí i ngnólachtaí de ghnáth, mar shampla cúraimí a shannadh, sannacháin aonair a phraghsáil, sceidil oibre a chinneadh, treoracha a thabhairt, meastóireacht ar an obair a dhéantar, dreasachtaí a chur ar fáil nó cóir dhíobhálach a chur i bhfeidhm.

Is féidir leis an intleacht shaorga agus leis an mbainistiú de réir algartam feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus cáilíocht poist, rud a chuireann ar chumas oibrithe díriú ar chúraimí ar luach níos airde, agus feabhas a chur ar shábháilteacht ag an obair. An tráth céanna, beart fíor-riachtanach chun glacadh iontaofa forleathan na hintleachta saorga i saol na hoibre a áirithiú is ea cosaint éifeachtach ar idirdhealú, ar sháruithe sonraí nó ar fhaireachas iomarcach agus ar rioscaí síceasóisialta.

Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga( 11 ) agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)( 12 ), cuirtear creat cuimsitheach ar fáil chun teicneolaíochtaí digiteacha a rialáil san ionad oibre. Cé nach bhfuil gach córas ‘bainistiú de réir algartam’ bunaithe ar an intleacht shaorga, aicmítear leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga córais intleachta saorga ‘ardriosca’ a úsáidtear i gcomhthéacs daoine nádúrtha a earcú nó a roghnú, lena náirítear córais intleachta saorga a dhéanann cinntí lena ndéantar difear do théarmaí na gcaidreamh a bhaineann leis an obair, do chúraimí a leithdháileadh, d’fhaireachán agus do mheastóireacht ar fheidhmíocht.

Leis an Treoir maidir le hObair Ardáin, feabhsaítear trédhearcacht, cothroime, formhaoirseacht dhaonna, sábháilteacht agus faisnéis agus comhairliúchán san obair ardáin; tugtar soiléireacht dhlíthiúil léi freisin i gcás ardáin saothair dhigitigh a eagraíonn obair ar fud an Aontais.

Ceanglaítear le rialacha an Aontais maidir le hoibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ( 13 ) go mbeidh ionadaithe oibrithe rannpháirteach i gcinntí ar dócha go mbeidh athruithe substaintiúla ar eagrú na hoibre mar thoradh orthu, lena náirítear córais ‘bainistiú de réir algartam’ a chur in úsáid.

Ní mór dhá sprioc a threisíonn a chéile a bheith mar threoir don bhealach chun cinn: chun tacú le glacadh uirlisí intleachta saorga ag an obair agus chun an glacadh sin a chumasú agus chun oibrithe a chosaint ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as úsáid ‘bainistiú de réir algartam’. Soláthraítear leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus le RGCS creataí cothrománacha fíor-riachtanacha agus ábhartha nach mór a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Ní chuireann an dá ghníomh bac ar na Ballstáit ná ar an Aontas rialacha níos fabhraí nó níos sonraí a choinneáil nó a thabhairt isteach maidir le húsáid na gcóras sin chun cosaint níos fearr a thabhairt d’oibrithe. I roinnt Ballstát agus earnálacha, tá rialacha sonracha i gcomhaontuithe comhchoiteanna glactha agus curtha i bhfeidhm ag na comhpháirtithe sóisialta.

Dhíreodh gníomhaíocht an Aontais ar chosaintí AE atá ann cheana d’oibrithe ar fud na mBallstát uile a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach éifeachtach, ar shoiléireacht bhreise a sholáthar maidir leis na cosaintí sin agus, i gcás inar gá, machnamh a dhéanamh ar bhearta comhlántacha spriocdhírithe nach gcumhdaítear leis na rialacha atá ann faoi láthair. Chuige sin, ba ghá breisluach soiléir agus comhsheasmhacht leis an gcreat dlíthiúil a ráthú, dúbláil a sheachaint agus cothrom iomaíochta a chur chun cinn ar fud an Aontais. Smaoineamh eile a bheadh ann simpliú a dhéanamh, a mhéid a bhaineann leis an ualach riaracháin ar oibrithe agus ar chuideachtaí.

An chaoi a n‑oibrímid a chur in oiriúint don réaltacht dhigiteach - An ceart chun dícheangail agus an teilea-obair

Cuireann uirlisí digiteacha ag an obair solúbthacht ar fáil agus cuireann siad le sásamh poist ach is féidir leo cultúr ‘ar fáil i gcónaí’ a chothú freisin, ina spreagtar oibrithe nó ina mbraitheann siad go bhfuil brú orthu a bheith ar fáil i gcónaí tráth ar bith. Ar an iomlán, is féidir le diansaothrú oibre agus strus a bhaineann leis an obair difear a dhéanamh d’fholláine oibrithe, rud a laghdaíonn táirgiúlacht agus a mhéadaíonn caiteachas poiblí ar deireadh ( 14 ).

In 2024, bhí duine as gach cúigear Eorpach ag obair ón mbaile go páirteach ar a laghad. Tá méadú ag teacht freisin ar na roghanna maidir leis an teilea-obair, ós rud é gur léiríodh i suirbhé Eurofound 2024 go bhfuil níos mó ná 50 % de na freagróirí i bhfabhar a bheith ag obair ón mbaile roinnt uaireanta sa tseachtain, agus gur mian le 24 % díobh a bheith ag obair ón mbaile amháin. Mar sin féin, is minic a bhíonn easpa soiléireachta ag teilea-oibrithe maidir leis na rialacha is infheidhme agus a ndálaí oibre agus iad ag teilea-obair, lena n‑áirítear cásanna trasteorann, maidir le slándáil shóisialta agus cánachas. Bíonn fostóirí ag streachailt freisin le foirne scaipthe a bhainistiú.

I mí Eanáir 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa, faoi Airteagal 225 CFAE, rún maidir leis an gceart chun dícheangail agus an ceart chun teilea-oibre, agus gníomhaíocht reachtach ón Aontas á hiarraidh aici. Tar éis na caibidlíochta in aisce leis na comhpháirtithe sóisialta trasearnála Eorpacha in 2022-2023, maidir le comhaontú athbhreithnithe sna réimsí sin, rinne an Coimisiún comhairliúchán foirmiúil dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta in 2024-2025.

Le cur chun feidhme iomlán na Treorach maidir le Cothromaíocht Oibre agus Saoil ag na Ballstáit, áiritheofar dálaí oibre lena n‑éascófar comhréiteach idir saol príobháideach, saol teaghlaigh agus saol oibre tuismitheoirí agus cúramóirí.

4.CÓIR, SÁBHÁILTE AGUS COMHIONANN: Cnámh droma na bpost athléimneach san Eoraip

Le caighdeáin láidre an Aontais maidir le saothar agus sábháilteacht agus sláinte ceirde, cosnaítear oibrithe agus soghluaisteacht eagraithe an lucht saothair chun iontaoibh a chothú, tallann a shlógadh, an comhionannas a chur chun cinn agus an t‑idirdhealú agus mí-úsáidí a chosc. Ach tá athrú ag teacht ar shaol na hoibre, agus leis sin tá brú ar ár gcórais. 

An tsláinte coirp agus an mheabhairshláinte a chur chun cinn ag an obair

Cuid lárnach de cháilíocht post is ea oibrithe a chosaint ar ghortuithe, ar thinnis agus ar bhásanna. In ainneoin an dul chun cinn atá déanta, cailltear os cionn 170 000 duine gach bliain san Aontas mar gheall ar thinnis a bhaineann leis an obair, cailltear thart ar 3 300 mar gheall ar ghortú marfach, agus fulaingíonn os cionn 220 000 tionóisc thromchúiseach neamh-mharfach a mbíonn neamhláithreacht níos faide ná 3 mhí mar thoradh orthu nó éagumas buan chun oibre ( 15 ). Cuimsíonn cosaint na dea-shláinte gnéithe fisiciúla agus meabhracha araon, agus tá cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de i gceist léi.

Is riachtanas sóisialta agus eacnamaíoch iad beartais láidre sláinte agus sábháilteachta ag an obair (OSH). Laghdaíonn siad neamhláithreacht, cumasaíonn siad saol oibre níos faide agus bíonn táirgiúlacht níos airde mar thoradh orthu( 16 ). Is ionann an costas sochaíoch a bhaineann le gortuithe agus galair a bhaineann leis an obair agus thart ar 3,3 % de OTI an Aontais, agus faightear toradh níos mó ná dhá euro ar gach euro a infheistítear i gcosc ( 17 ) .

Tá sé tábhachtach go leanfaidh reachtaíocht an Aontais maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair de bheith ailínithe le réaltachtaí nua. Faoi lár 2026, tuairisceoidh an Coimisiún ar chur chun feidhme na Treorach Réime maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus na dtreoracha gaolmhara. Tá an séú hathbhreithniú á dhéanamh ar an Treoir maidir le Carcanaiginí, Só-ghineacha nó Substaintí atá Tocsaineach don Atáirgeadh. I gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú freisin ar an Treoir maidir leis an Áit Oibre agus ar an Treoir maidir le Trealamh Scáileán Taispeána ( 18 chun cosaintí OSH in áiteanna oibre nua-aimseartha a thabhairt cothrom le dáta – lena náirítear teilea-obair – agus ar uirlisí digiteacha, agus, go háirithe, chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar rioscaí síceasóisialta agus eirgeanamaíocha, agus chun na rioscaí a dhéanann difear d’oibrithe faoi mhíchumas a mheas.

D’fhulaing bean amháin as gach triúr san Aontas gnéaschiapadh ag an obair, figiúr a ardaíonn go 41,6 % i measc na mban idir 18-29 mbliana d’aois. Tá tionscnaimh leanúnacha ar siúl amhail an uirlis EU-OSHA um Measúnú Riosca Idirghníomhach ar Líne maidir le gnéaschiapadh agus foréigean tríú páirtí. Tá gníomhaíocht thábhachtach á déanamh ag na comhpháirtithe sóisialta freisin, lena n‑áirítear nuashonrú 2025 ar na Treoirlínte ilearnála sa réimse sin.

Mar thoradh ar fheabhas a chur ar fheasacht agus taighde ar rioscaí a bhaineann leis an obair, bíonn beartais níos eolaí ann lena gcuirtear feabhas ar cháilíocht poist. D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) an treoir ‘Heat at Workplaces – Guidance for Workplaces’[An teas ag áiteanna oibre – Treoraíocht d’Áiteanna Oibre]( 19 ) in 2023. In 2026-2028, déanfaidh sé feachtas maidir le hÁit Oibre Shláintiúil i ndáil le rioscaí meabhairshláinte agus síceasóisialta ag an obair.

Pá leordhóthanach chun oibrithe a chosaint, caipiteal daonna a fhorbairt agus ganntanais lucht saothair a laghdú

Téann pá leordhóthanach chun tairbhe d’oibrithe agus do ghnólachtaí araon. Tacaíonn siad leis an gcothroime shóisialta agus le geilleagar táirgiúil cuimsitheach. Cuidíonn siad le cumhacht ceannaigh oibrithe a chosaint, neamhionannas pá agus bochtaineacht lucht oibre a laghdú, tacú leis an éileamh intíre agus dreasachtaí chun oibre a neartú. Leis an Treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas, spreagadh socrú pá níos cothroime. Ó glacadh é, tá laghdú tagtha ar an mbearna idir pá íosta agus meánphá ar fud na mBallstát. Rud atá tábhachtach, chuidigh an Treoir freisin leis an mbearna idir an pá íosta is mó agus an pá íosta is lú idir na Ballstáit a laghdú, rud a chuirfidh le cóineasú pá níos fearr ar fud na hEorpa.

Is gá feabhas a chur ar an staid ina bhfuil daoine óga sa mhargadh saothair, go háirithe maidir le conarthaí forbhásacha, cineálacha neamhthipiciúla oibre agus an geilleagar neamhfhoirmiúil. Tá poist dea-cháilíochta fíor-riachtanach don chothroime idirghlúine. 

Mar sin féin, in 2024, rinne bochtaineacht lucht oibre difear fós do bheagnach duine as gach dáréag oibrí, agus go díréireach do na hoibrithe ar bheagán oiliúna, páirtaimseartha, sealadacha, agus do thuismitheoirí aonair. Ina theannta sin, tá sé fíor-riachtanach i gcónaí dul i ngleic le tearcluacháil na bpost a dhéanann mná den chuid is mó agus an trédhearcacht pá a chur chun cinn chun an bhearna phá idir na hinscní a dhúnadh, tríd an Treoir maidir le Trédhearcacht Pá a chur chun feidhme go tráthúil.

Chun a áirithiú go mbeidh feabhsuithe ar leordhóthanacht pá fite fuaite leis an iomaíochas, tá sé fíor-riachtanach borradh a chur faoin táirgiúlacht. Mar sin féin, le 10 mbliana anuas, níl ach fás leanúnach lag tagtha ar tháirgiúlacht saothair i roinnt mhaith tíortha san Aontas, rud a chuireann teorainn leis an bhféidearthacht pá níos mó a fháil, agus níor tháinig ach méadú thart ar 0,5 % in aghaidh na bliana ar an meán ar fhíorchúiteamh d’fhostaithe. Ag féachaint chun cinn, is deis é an claochlú eacnamaíoch, go háirithe an t‑aistriú digiteach, chun borradh a chur faoin nuálaíocht agus faoin táirgiúlacht, ionas go mbeidh níos mó spáis ann d’fhás pá agus do chaighdeáin mhaireachtála chuibhiúla ar fud na nglún.

Áirithítear le cómhargáil dhea-fheidhmiúil go mbainfidh gach oibrí tairbhe as pá leordhóthanach agus gur féidir léi glacadh scéimeanna pinsin fhorlíontaigh a spreagadh. Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do leordhóthanacht pá agus don idirphlé sóisialta ar fud an Aontais. Áirítear leis sin faireachán a dhéanamh ar thrasuí ceart na Treorach, lena n‑áirítear an ceanglas atá uirthi go mbunódh na Ballstáit a bhfuil cumhdach faoi bhun 80 % acu creat cumasúcháin don chómhargáil mar aon le plean gníomhaíochta chun í a neartú.

Dul i ngleic leis an dúshaothrú saothair

Mar a cuireadh i dtábhacht i dtuarascáil Letta, ba cheart don Aontas dul i ngleic leis na cleachtais fochonraitheoireachta nó idirghabhála saothair sin a bhféadfadh dúshaothrú agus mí-úsáid oibrithe a bheith mar thoradh orthu( 20 ). Is samhail ghnó dhlisteanach í an fhochonraitheoireacht. Trí fhochonraitheoireacht, tá rochtain ag cuideachtaí ar shaineolas speisialaithe agus is féidir leo iad féin a oiriúnú go tapa chun freastal ar riachtanais ghnó atá ag athrú agus chun leanúint de bheith iomaíoch. Mar sin féin, in ainneoin chreat cosanta láidir an Aontais, baintear mí-úsáid as roinnt oibrithe go fóill. Tá earnálacha amhail an fhoirgníocht, an tiompar, an talmhaíocht agus seirbhísí tí níos neamhchosanta.

Tá iarrachtaí níos fearr agus níos comhordaithe fíor-riachtanach i gcónaí. Is gá iarrachtaí forfheidhmiúcháin na reachtaíochta ábhartha a neartú, feabhas a chur ar thrédhearcacht i gcórais náisiúnta a fheabhsú (córas réamhcháiliúcháin, cláir náisiúnta nó córas deimhniúcháin) gan ualach breise nach bhfuil gá leis a fhorchur, agus measúnú a dhéanamh ar chórais dliteanais fostóirí as mainneachtain cearta oibrithe a chomhlíonadh, chun dul i ngleic go héifeachtach le mí-úsáidí. Ina theannta sin, is féidir leis an Údarás Eorpach Saothair (ELA) tuilleadh tacaíochta a thabhairt do mhalartuithe cleachtas náisiúnta, staidéar agus gníomhaíochta forfheidhmiúcháin.

Féadfar iontaofacht fochonraitheoirí a sheiceáil i gcomhthéacs an tsoláthair phoiblí. Tá forálacha i dTreoracha Soláthair Phoiblí 2014 chun drochthionchair shóisialta a chosc nó a mhaolú le linn fheidhmiú an chonartha. D’fhógair an Coimisiún athbhreithniú ar na treoracha in 2026 agus, mar ullmhúchán, d’fhoilsigh sé meastóireacht i mí Dheireadh Fómhair 2025. Breithneofar leis sin, i measc gnéithe eile, saincheist na fochonraitheoireachta, lena n‑áirítear freagrachtaí agus cáilíochtaí conraitheoirí, agus trédhearcacht i slabhraí soláthair. Is gá freisin feabhas a chur ar bhrath agus ar chosc an dúshaothraithe saothair go háirithe i ndáil le hoibrithe neamh-AE, lena n‑áirítear gáinneáil ar dhaoine. Leis na Smachtbhannaí ar Fhostóirí agus leis na Treoracha maidir le hOibrithe Séasúracha, tugadh isteach rialacha soiléire maidir le dliteanas agus smachtbhannaí, lena n‑áirítear conas dlús a chur le forfheidhmiú agus cosaint níos fearr a thabhairt do chearta náisiúnach tríú tír a d’fhéadfadh a bheith neamhchosanta go háirithe ar dhálaí oibre mí-úsáideacha go minic mar gheall ar a stádas neamhdhleathach, go háirithe in earnálacha amhail tógáil, iompar, seirbhísí baile agus talmhaíocht.

Leis an athbhreithniú a dhéanfar go luath ar shainordú an Údaráis Eorpaigh Saothair, d’fhéadfaí cabhrú trí aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar na dúshláin a bhaineann le mí-úsáid dálaí oibre náisiúnach tríú tír. D’fhéadfadh an tÚdarás Eorpach Saothair agus cigireachtaí náisiúnta iarrachtaí in aghaidh obair neamhdhearbhaithe a neartú freisin, rud a chuirfeadh borradh faoin gcomhar le forfheidhmiú an dlí.

Soghluaisteacht chothrom an lucht saothair a chothú

Tá dúshláin ar leith roimh roinnt earnálacha ansoghluaiste. Tá sé sin ábhartha, mar shampla, d’oibrithe iompair. Trí Phacáiste Soghluaisteachta an Aontais maidir le hIompar de Bhóthar a chur chun feidhme, áiritheofar cosaint shóisialta na dtiománaithe agus saoirse na noibreoirí seirbhísí iompair trasteorann a sholáthar. Sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir le saoráidí oiriúnacha scíthe agus limistéir pháirceála shábháilte shlána do thiománaithe, féachfar ar conas a ninfhaighteacht a mhéadú( 21 ). Tá an Coimisiún ag féachaint ar bhealaí chun na rialacha a bhaineann le cáiliú agus oiliúint tiománaithe bus agus leoraí a nuachóiriú d’fhonn an oiliúint a dhéanamh níos ábhartha agus níos tarraingtí.

Díreoidh an t‑athbhreithniú ar an Rialachán maidir le hAersheirbhísí ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí eitlíochta, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar na dúshláin a bhaineann le dlíthe saothair a fhorfheidhmiú d’aerchriúnna soghluaiste.

In earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, is minic a bhíonn dálaí oibre agus sóisialta forbhásacha roimh ealaíontóirí agus gairmithe ansoghluaiste eile a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí sin. D’fhoilsigh an Coimisiún Compás Cultúir don Aontas Eorpach ( 22 ) inar fógraíodh Cairt Ealaíontóirí an Aontais a bheidh ann amach anseo chun bunphrionsabail, treoir agus gealltanais a leagan amach maidir le dálaí córa oibre san earnáil.

Chun infheistíocht T&F a neartú agus cúrsaíocht eolais agus tallainne a chothú, tíolacfaidh an Coimisiún Gníomh um an Limistéar Eorpach Taighde, chun cúigiú saoirse an Aontais maidir le taighde agus nuálaíocht a chomhdhlúthú, chun gairmeacha agus dálaí oibre taighdeoirí a fheabhsú, agus chun borradh a chur faoin Aontas mar thimpeallacht tharraingteach.

Thairis sin, foilseoidh an Coimisiún Pacáiste um Shoghluaisteacht Chothrom an Lucht Saothair in 2026. Leis an bpacáiste, déanfar rialacha agus nósanna imeachta an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta a nuachóiriú agus a shimpliú, agus leas á bhaint as acmhainneacht an digitithe, lena n‑áirítear é a dhéanamh níos éasca seirbhísí trasteorann a sholáthar go sealadach, agus cearta oibrithe á gcosaint ag an am céanna. Neartóidh sé an tÚdarás Eorpach Saothair agus déanfaidh sé nósanna imeachta a dhigitiú faoi chomhordú na slándála sóisialta leis an bPas Eorpach Slándála Sóisialta. Féachfaidh an Coimisiún freisin ar bhealaí chun aitheantas cáilíochtaí don Aontas agus do náisiúnaigh tríú tír a éascú agus dlús a chur leis chun tarraingteacht an Aontais do thallann dhomhanda a mhéadú.

I gcomhthéacs shoghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas, eascraíonn dúshláin forfheidhmiúcháin as postú méadaitheach náisiúnach tríú tír agus as soláthar trasteorann seirbhísí ag gníomhaireachtaí oibre sealadaí agus ag idirghabhálaithe earcaíochta, lena náirítear slabhraí fochonraitheoireachta fada casta. Chomh maith leis sin, mar obair leantach ar thuarascáil 2024 maidir le hoibrithe a phostú ( 23 ), tá an tÚdarás Eorpach Saothair agus an Coimisiún ag féachaint ar na dúshláin sin chun feabhas a chur ar chomhar trasteorann agus chun tacú le bearta náisiúnta.

Cothroime agus solúbthacht a chinntiú do dhaoine féinfhostaithe

Tá poist dea-cháilíochta i measc daoine féinfhostaithe ríthábhachtach don fhás eacnamaíoch cuimsitheach. Ba cheart rochtain a bheith ag oibrithe féinfhostaithe agus neamhchaighdeánacha ar shochair shóisialta leordhóthanacha, ar fhaisnéis, ar oiliúint agus ar chúram sláinte faoi choinníollacha atá inchomparáide le coinníollacha fostaithe. Is féidir é sin a bhaint amach tríd an treoir a tugadh do na Ballstáit le Moltaí 2019 agus 2003 ón gComhairle maidir le cosaint shóisialta agus maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair do dhaoine féinfhostaithe a chur chun feidhme go cuí. Thairis sin, mar a mhol an Coimisiún( 24 ), ba cheart deiseanna agus sochair a thabhairt d’oibrithe féinfhostaithe agus neamhchaighdeánacha atá coibhéiseach lena dtugtar d’fhostaithe chun a bheith páirteach i scéimeanna pinsin fhorlíontaigh i gcomhthéacs an uathchláraithe.

Is féidir le cómhargáil d’oibrithe féinfhostaithe cabhrú le feabhas a chur ar a ndálaí oibre agus ar a slándáil eacnamaíoch. Leis na Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe comhchoiteanna i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair, a glacadh in 2022, soiléirítear na coinníollacha faoinar féidir leo dul i mbun cómhargála gan rialacha an Aontais in aghaidh trustaí a shárú.

5.TOSCA CUMASÚCHÁIN: Poist Dea-cháilíochta a choinneáil ar bun agus a chur chun cinn

Trí mhargadh saothair iomaíoch a chothú, margadh saothair lena gcaomhnaítear cearta saothair agus lena gcuirtear an t‑idirphlé sóisialta agus an chómhargáil chun cinn, is féidir leis an Aontas tallann a mhealladh agus a choinneáil, deiseanna nua a chur ar fáil, agus a áirithiú go dtairbheoidh oibrithe agus cuideachtaí go hiomlán den mhargadh aonair. Tá cistiú leordhóthanach agus seirbhísí poiblí dea-cháilíochta fíor-riachtanach freisin chun poist dea-cháilíochta a chruthú agus a chothú.

Forfheidhmiú éifeachtach reachtaíocht an Aontais

Is gné lárnach de mhargaí saothair córa iomaíocha agus cuid de acquis an Aontais é cearta oibrithe a chaomhnú. Tá an forfheidhmiú fós éagothrom ar fud na mBallstát. Chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú chearta na n‑oibrithe, ní mór faireachán a dhéanamh ar thrasuí ceart, aghaidh a thabhairt ar ghearáin go héifeachtach, agus idirphlé leanúnach a choinneáil ar bun leis na húdaráis náisiúnta agus leis na comhpháirtithe sóisialta.

Tá gá le tionscnaimh chun a áirithiú go bhfíorófar cearta sóisialta an Aontais ar an láthair. Trí uirlisí agus treoir a fhorbairt maidir le cearta saothair an Aontais, is féidir forfheidhmiú a neartú, feasacht a mhúscailt agus acmhainneacht riaracháin a fhorbairt ionas go n‑oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar le gníomhaireachtaí an Aontais, lena n‑áirítear an tÚdarás Eorpach Saothair agus EU-OSHA, chun iad a fhorbairt, ag tógáil ar dhea-shamplaí, amhail uirlisí Measúnaithe Riosca Idirghníomhaigh ar Líne EU-OSHA. Cuidíonn cigireachtaí saothair le cleachtais neamhdhleathacha a dhíspreagadh, agus fiosrófar teicneolaíochtaí nua amhail an intleacht shaorga chun iad a dhéanamh níos spriocdhírithe agus níos éifeachtaí.

Tá sé ríthábhachtach freisin faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na bpost ar fud an Aontais. Iarracht chomhpháirteach idir an Coimisiún, na Ballstáit agus comhpháirtithe sóisialta an Aontais is ea dul chun cinn a rianú. Tugann na huirlisí agus na sonraí a chuireann Gníomhaireachtaí an Aontais ar fáil léargais luachmhara. Ag an am céanna, trí Chreat Measúnaithe Comhpháirteach EMCO agus tríd an Seimeastar Eorpach, beidh faireachán ar threochtaí, lena n‑áirítear sonraí láidre déimeagrafacha agus críochacha, ina threoir do cheapadh beartas fianaisebhunaithe.

Tiomantas an Aontais don idirphlé sóisialta, dár neart comhchoiteann agus dár mbuntáiste iomaíoch

Tá an t‑idirphlé sóisialta, lena n‑áirítear an chómhargáil, fíor-riachtanach do cháilíocht post. Cinntíonn siad gur féidir beartais san ionad oibre a chur in oiriúint do réaltachtaí athraitheacha eacnamaíocha, teicneolaíocha agus sóisialta agus cuidíonn siad le cuideachtaí Eorpacha a choinneáil iomaíoch.

I roinnt mhaith Ballstát, tá an tidirphlé sóisialta agus an chómhargáil faoi bhrú. Tá laghdú tagtha ar chumhdach cómhargála in 19 as 27 mBallstát, ag titim ó thart ar 77 % in 2005 go 66 % in 2024( 25 ). Cé go bhfuil rochtain ag 80 % d’fhostaithe an Aontais ar chineál éigin ionadaíochta comhchoitinne chun a dtuairimí a chur in iúl, níl bealaí rannpháirtíochta foirmiúla ag go leor acu. Tá éagothromaíochtaí móra earnála fós ann, gan ionadaíocht ag 56 % d’oibrithe talmhaíochta, i gcomparáid le 11 % nó níos lú in údarás poiblí, san oideachas agus i seirbhísí airgeadais ( 26 ). Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt don idirphlé sóisialta agus don chómhargáil trí reachtaíocht, beartas, acmhainní riaracháin agus airgeadais an Aontais. Tá sé ag tacú leis an gCoiste Fostaíochta ina chuid oibre chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir leis an idirphlé sóisialta agus chun dea-chleachtas a chomhroinnt chun foghlaim fhrithpháirteach a spreagadh, rud a rannchuidíonn le cur chun feidhme Mholadh 2023 ón gComhairle maidir leis an Idirphlé Sóisialta a Neartú san Aontas Eorpach. Leis an gcómhargáil, nuair a chuirtear chun cinn í trí choinníollachtaí sóisialta i gcistiú poiblí, is féidir le hoibrithe tairbhe a bhaint as an tacaíocht a chuirtear ar fáil don earnáil tionsclaíochta.

Tá sé ríthábhachtach neamhspleáchas agus saoirse chonarthach na gcomhpháirtithe sóisialta a ráthú. Beidh acmhainní airgeadais an Aontais fós ar fáil do chomhpháirtithe sóisialta Eorpacha, náisiúnta agus tíortha is iarrthóirí chun a n‑acmhainneacht maidir le rannpháirtíocht agus comhaontuithe fóinteacha a neartú, go háirithe trí bhuiséad an Aontais.

Ó bheartas go cleachtas: Cistí ón Aontas le haghaidh cáilíocht

Tá ról ríthábhachtach ag maoiniú ón Aontas maidir le torthaí nithiúla a bhaint amach sna beartais. Le buiséad EUR 141,3 billiún do 2021-2027, is é CSE+ príomhionstraim chistiúcháin an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine. Tacaíonn Ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna an chláir InvestEU le hinfheistíochtaí sóisialta, go háirithe i micrifhiontair, san oideachas agus sa bhonneagar sóisialta trí ráthaíochtaí buiséid. Le NextGenerationEU tacaítear le hinfheistíochtaí díreacha i scileanna, in éineacht le hathchóirithe struchtúracha ar an margadh saothair lena bhfeabhsaítear rochtain ar phoist dea-cháilíochta, agus leithdháilfidh na Ballstáit EUR 40,6 billiún ar na hiarrachtaí sin. Tacaíonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Sásra chun cur leis an Tallann le hoibrithe leochaileacha i limistéir faoi mhíbhuntáiste, leis an digitiú agus le haistriú cóir tríd an gCiste um Aistriú Cóir.

Tá na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí atá beartaithe sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile ceaptha chun infheistíocht mhór a thacaíonn le fostaíocht ardcháilíochta a stiúradh, mar shampla forbairt scileanna, cosaint sláinte agus cumasóirí digiteacha. Molann an Coimisiún go ndéanfar, ar a laghad, 14 % de chistí aon Phlean Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí (gan méideanna imfhálaithe don talmhaíocht agus don Chiste Aeráide Sóisialta a áireamh) a thiomnú do chuspóirí sóisialta, d’fhonn ardleibhéal uaillmhéine a choinneáil maidir le cineálacha gníomhaíochtaí CSE a mhaoiniú. Ina theannta sin, tacóidh an Ciste Eorpach um Iomaíochas le hinfheistíocht i bhforbairt scileanna go háirithe in earnálacha straitéiseacha.

Is cumasóirí do phoist dea-cháilíochta iad na hionstraimí earnáilsonracha freisin. Tá dúshláin roimh an lucht saothair sna hearnálacha talmhaíochta agus iascaigh amhail feirmeoirí óga agus iascairí óga a mhealladh, dálaí oibre córa a áirithiú, agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí inscne. Ghlac an Coimisiún Fís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia agus mhol sé CBT níos simplí agus níos spriocdhírithe tar éis 2027 ina mbeadh bearta lena n‑áirítear coinníollacht shóisialta chun tacú le dálaí maithe oibre agus tacaíocht do sheirbhísí faoisimh feirme. Le Fís 2040 an Chomhshocraithe um an Aigéan don Iascach agus don Dobharshaothrú agus leis an Straitéis um Athnuachan Gorm ó Ghlúin go Glúin, cuirtear geilleagar gorm rathúil chun cinn agus tacaítear le folláine na ndaoine atá ina gcónaí i limistéir chósta.

Seirbhísí ardcháilíochta do chách agus ar fud na réigiún

Is príomhchumasóir iad seirbhísí ardcháilíochta don fhostaíocht agus d’aistrithe sa mhargadh saothair. Trí oideachas agus cúram luath-óige inrochtana, cúram fadtéarmach agus cúram sláinte a chur ar fáil, cumhachtaítear na milliúin oibrithe leis na seirbhísí sin – go háirithe mná – dul i mbun obair ar íocaíocht agus dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm. Tá ról ríthábhachtach ag córais sláinte láidre ina bhfuil foireann leordhóthanach d’oibrithe sláinte chun sláinte agus folláine pobal a áirithiú.

Cuireann an earnáil sláinte agus cúraim ar a gcumas do na milliúin daoine, tuismitheoirí, cúramóirí agus oibrithe ar fud na dtionscal uile páirt iomlán a ghlacadh sa mhargadh saothair. Tá an Coimisiún ag obair i dtreo creat níos comhleanúnaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an lucht saothair cúraim fhadtéarmaigh agus tá sé d’aidhm aige Margadh Cúraim Eorpach a chur i láthair in 2027. Thairis sin, trí EU4Health, neartaíonn an tAontas athléimneacht an chórais sláinte trí thacú le pleanáil an lucht saothair, le coinneáil altraí, leis an gclaochlú digiteach.

Tá ról lárnach ag na réigiúin agus ag na pobail áitiúla i dtaca le poist dea-cháilíochta. As na 26-27 milliún duine atá ag obair san earnáil phoiblí, tá thart ar 17-19 milliún duine fostaithe ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach ( 27 ). Cuimsíonn na róil sin riarachán, oideachas agus gairmoiliúint, seirbhísí poiblí, cúram sláinte, cúram sóisialta, iompar agus seirbhísí éigeandála. Trí phoist dea-cháilíochta a chur chun cinn sna réimsí sin, tacaítear le tarraingteacht réigiúnach agus forbairt réigiúnach.

6.Na chéad chéimeanna eile

Le poist dea-cháilíochta cuirtear leis an iliomad gníomhaíochtaí beartais. Is bunchloch láidir den Mhúnla Sóisialta Eorpach agus de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta iad, agus tá siad ríthábhachtach chun tallann a mhealladh agus a choinneáil ar bun san Eoraip. Mar a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen san aitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2025, molfaidh an Coimisiún Gníomh um Poist Dea-cháilíochta chun na gníomhaíochtaí sa Treochlár a chomhlánú agus chun a dtionchar a neartú.

I gcomhréir le hAirteagal 154(2) CFAE, tá comhairliúchán céadchéime leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha á sheoladh ag an gCoimisiún chun a dtuairimí a fháil maidir leis an treo ina bhféadfadh gníomhaíocht an Aontais tuilleadh feabhais a chur ar phoist dea-cháilíochta. Comhlánóidh sé sin an comhairliúchán dhá chéim maidir leis an gceart chun dícheangail agus maidir le teilea-obair, a tugadh chun críche i mí Dheireadh Fómhair 2025. Féadfaidh tionscnaimh neamhreachtacha a bheith ag gabháil leis an nGníomh um Poist Dea-cháilíochta agus cuirfear éagsúlacht na gcóras náisiúnta san áireamh leis. Fágfaidh sé sin go mbeidh spás leordhóthanach ann do na comhpháirtithe sóisialta é a chur chun feidhme agus urramóidh sé a neamhspleáchas agus a saoirse chonarthach, rud a íoslaghdóidh an t‑ualach riaracháin ar chuideachtaí ar mhaithe leis an gcomhdhlúthú agus an simpliú.

Leis an nGníomh um Poist Dea-cháilíochta, in éineacht leis an gcuid eile d’acquis sóisialta an Aontais, áiritheofar go gcoinneoidh saol na hoibre suas leis an ngeilleagar nua-aimseartha. Chun geilleagar an Aontais a fhás, tá gá le margadh saothair nua-aimseartha lena n‑áiritheofar ag an am céanna tallann, soghluaisteacht, bunús scileanna atá solúbtha ach láidir, agus timpeallacht iontaofa ina mothaíonn oibrithe go bhfuil siad faoi chosaint agus ina mbaineann siad a n‑acmhainneacht is fearr is féidir amach, rud a chuirfidh le hathléimneacht agus iomaíochas an Aontais ar an mbealach sin.

(1) ()     Draghi M. Tuarascáil maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa , Meán Fómhair 2024
(2) ()     An Coimisiún Eorpach agus comhpháirtithe sóisialta trastionscail Eorpacha, an Comhshocrú maidir le hIdirphlé Sóisialta Eorpach , an 5 Márta 2025.
(3) ()     EMPL - Leabharlann an stóir ionchur.
(4) ()     Comhairle an Aontais Eorpaigh, nóta ón gCoiste Fostaíochta, Tuairim ón gCoiste Fostaíochta maidir leis na gnéithe a bhaineann le cáilíocht poist .
(5) ()    An Coimisiún Eorpach, Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú , an 28 Deireadh Fómhair 2025
(6) ()     An Coimisiún Eorpach, Moladh ón gComhairle maidir le Caipiteal Daonna san Aontas , an 25 Samhain 2025.
(7) ()     Treoir 2002/14/CE lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo, an 11 Márta 2002; Treoir 98/59/CE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna, an 20 Iúil 1998; Treoir 2001/23/CE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cosaint chearta na bhfostaithe i gcás aistriú gnóthas, gnóthaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnóthaí, an 12 Márta 2001; Treoir 2009/38/CE, arna leasú le Treoir 2025/[ag feitheamh ar fhoilsiú] maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach.
(8) ()      Féach Moladh 2022/C 243/04 ón gComhairle maidir le ‘Aistriú cóir i dtreo na hAeráidneodrachta a áirithiú’, 16 Meitheamh 2022
(9) ()      Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle COM/2025/723 final , Straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga, an 8 Deireadh Fómhair 2025.
(10) ()     An Coimisiún Eorpach, Eorabharaiméadar Speisialta SP554: An Intleacht Shaorga agus todhchaí na hoibre .
(11) ()     Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga.
(12) ()     Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).
(13) ()     Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo.
(14) ()    Fernandez Macias, E., Gonzalez Vazquez, I., Torrejon Perez, S. and Nurski, L., Work in the Digital Era:  How Technology is Transforming Work and Occupations , [Obair sa Ré Dhigiteach: Conas atá an Teicneolaíocht ag Claochlú na hOibre agus na nGairmeacha], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2025.
(15) ()    EU-OSHA (2023), Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair san Aontas: staid agus treochtaí 2023,  sonraí Eurostat , agus sonraí Eurostat .
(16) ()     EU-OSHA, Más maith don sláinte agus don sábháilteacht ag an obair é; tá sé go maith don ghnó
(17) ()    ISSA, An toradh idirnáisiúnta ar chosc a ríomh do chuideachtaí: Costais agus tairbhí a bhaineann le hinfheistíochtaí i sláinte agus sábháilteacht ag an obair, Tuarascáil deiridh 2013 .
(18) ()     Treoir 89/654/CEE maidir leis na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta don láthair oibre, an 30 Samhain 1989; Treoir 90/270/CEE maidir leis na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta i gcás obair lena mbaineann trealamh scáileán taispeána, an 29 Bealtaine 1990.
(19) ()     OSH-Wiki, Teas ag an obair – treoraíocht d’áiteanna oibre , an 1 Meitheamh 2023.
(20) ()     Letta E., Much more than a market report , [I bhfad níos mó ná tuarascáil mhargaidh] 2024.
(21) ()     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=celex%3A52025DC0703
(22) ()     An Coimisiún Eorpach, Compás Cultúir don Aontas Eorpach .
(23) ()     Treoir (AE) 2018/957 an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar
(24) ()    https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=PI_COM:C(2025)9300
(25) ()    Bunachar sonraí ICTWSS ECFE/AIAS, Achoimre bheartais, iarscríbhinn staidrimh (Meán Fómhair 2025)
(26) ()     Eurofound , Féinfhostaíocht in AE: Cáilíocht poist agus forbairtí sa chosaint shóisialta , an 30 Eanáir 2024.
(27) ()     ECFE, Fostaíocht Phoiblí Fhonáisiúnta in ECFE agus i dTíortha an Aontais (Mí na Samhna 2024) .